Dréimire 2 2024/20245

Page 1


Dréimire

2024-2025

Caibidil2

Clár na Caibidle

Léamhthuiscint – Kneecap agus Néalta Dubha

Léamhthuiscint – Athruithe móra in ndán dúinn

Aiste - Tábhacht an spóirt i saol an duine

Aiste - An Intleacht Shaorga

Scéal - Níl saoi gan locht!

Cluastuiscint

Crosfhocal

Leathnú foclóra don chluastuiscint

Alt - Méadú ar Chiníochas in Éirinn

Alt - Oíche Shamhna - ó Éirinn go SAM agus ar ais arís

Lean ort ag caint - Foclóir Ginearálta

Lean ort ag caint - Sraith 2,5,9,15, 16

Lean ort ag caint - Ceisteanna Samplacha

Bígí ag caint - An Bhéaltriail

Prós - Hurlamaboc

Béaloideas

Léamhthuiscint - Fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth agus…

Filíocht - Géibheann

Freagraí - Crosfhocail

ISBN: 978-1-904174-77-6

1 Is grúpa hip hap iad Kneecap a d’fhás aníos in iarthar Bhéal Feirste – i gcultúr líon lán de réabháil, cheol tradisiúnta agus Ghaeilge. Tá triúr sa ghrúpa: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí. Tá a n-ealaíon bunaithe ar rógaireacht agus ar dhiabhlaíocht. Ní chaitheann siad mórán ama ar líne ná ar na meáin shóisialta. Tá an grúpa an-dáiríre faoin seasamh láidir a léiríonn siad ar son na Gaeilge agus ar son an fhochultúir i measc an aosa óig sa tír. Cónaíonn Kneecap san fhíorshaol –agus tá an triúr fear óga seo sáite ina gcuid ceoil agus san ealaín leis.

4 Nuair a thoiligh Rich Peppiatt a bheith ina stiúrthóir ar an scannán, bhí sé ag dul sa seans – mar ní raibh taithí aisteoireachta dá laghad ag Móglaí Bab, ag Mo Chara ná ag DJ Próvaí. Bhí Peppiatt thar a bheith neirbhíseach maidir le radhairc áirithe, ach chabhraigh aisteoirí gairmiúla leis – mar shampla, Michael Fassbender. Taispeánadh an scannán den chéad uair ag Féile Sundance agus, ina dhiaidh sin, bhuaigh Kneecap trí ghradam ag Fleá Scannán na Gaillimhe – an Scannán Éireannach Is Fearr, an Scannán Is Fearr i nGaeilge agus duais speisialta ón lucht féachana leis.

2 Bhuail an léiritheoir, Toddla T, leis an ngrúpa anuraidh agus é ar saoire in iarthar Chorcaí. Dá thoradh sin, tháinig Kneecap go stiúideo Toddla T i Londain agus chuir siad albam ceoil le chéile. Ghlac siad páirt san fhéile chailiúil, Glastonbury, agus tháinig 8,000 amach ar leathuair tar éis a haon déag ar maidin – rud nach dtarlaíonn rómhinic ag féilte mar sin! Thaitin an ceol go mór leis an slua. Mar sin, socraíodh go mbeadh gig an oíche sin in Óstán Shangri La – agus bhí an áit dubh le daoine ag baint taitnimh as ceol agus diabhlaíocht Kneecap! Ar ndóigh, níl sé éasca don ghrúpa taisteal ó áit go háit chun gigeanna a dhéanamh agus bíonn siad spíonta go minic. Tá obair na gcapall á déanamh acu faoi láthair agus is beag sos a bhíonn acu, dáiríre.

3 Níl aon dabht faoi ach go mbíonn an-tionchar go deo ag Kneecap ar a lucht leanúna – ó dhaoine a spreagadh chun tacú le muintir na Palaistíne go teangacha dúchasacha a fhoghlaim – go háirithe an Ghaeilge, a dteanga dhúchais féin. Deirtear go bhfuil daoine ag clárú do ranganna oíche chun Gaeilge a fhoghlaim agus, nuair a chuireann an múinteoir ceist orthu faoin bhfáth a bhfuil siad ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, luann siad teachtaireacht Kneecap. Taobh amuigh den cheol agus den obair ar an dara halbam faoi stiúir Toddla T, caithfear an scannán Kneecap a lua. Tá an obair a ghabhann le scannán a dhéanamh i bhfad níos casta ná an obair a bhaineann le halbam ceoil a chur le chéile.

5 Ní beag an fómhar é sin do scannán ar bith. Anuas air sin, ainmníodh an scannán Kneecap do na hOscair sna Stáit Aontaithe an bhliain seo chugainn. Níl aon dabht faoi ach go bhfuil an triúr ógfhear seo ar mhullach an tsaoil faoi láthair. Mar fhocal scoir, níor cheart do dhuine ar bith géilleadh don éadóchas ná d’amadántacht an tsaoil timpeall orainn. Is féidir le daoine cúrsaí an tsaoil a athrú le misneach is le cur chuige ceart. Is féidir le daoine cróga de gach aois saol nua dearfach sláintiúil a thógáil agus na néalta dubha a scaipeadh. Bímis dóchasach faoin saol san am atá le teacht!

(b) Scríobh dhá abairt, ag cur síos ar fhadhb amháin a bhíonn ag Kneecap.

rógaireacht achar

spíonta

pleidhcíocht, amadántacht

tréimhse ama

tuirseach traochta

1. (a) Cén cúlra a bhaineann leis an ngrúpa, Kneecap? (Alt 1)

3 (a) (i) Dhá phíosa eolais uait faoin tionchar a bhíonn ag an ngrúpa, Kneecap, ar a lucht leanúna. (Alt 3)

(ii) Cén fáth a mbíonn daoine ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, dar leo féin?

(b) Céard faoi a bhfuil an grúpa an-dáiríre? Bíodh dhá phointe eolais i do fhreagra agat.

(b) Cad deirtear faoin difríocht idir albam ceoil a chur le chéile agus scannán a dhéanamh?

2 (a) (i) ‘Dá thoradh sin, tháinig Kneecap go stiúideo Toddla T i Londain.’ Mínigh a bhfuil i gceist leis an abairt sin. (Alt 2)

4 (a) (i) Cén chaoi a raibh Rich Peppiatt ag dul sa seans? (Alt 4)

(b) Conas a d’éirigh leis an scannán Kneecap ag Fleá Scannán na Gaillimhe?

(ii) Luaigh rud amháin nach dtarlaíonn rómhinic ag féilte mar Glastonbury.

5 (a) (i) Cad deirtear faoi Oscair na Stát Aontaithe? (Alt 5)

(ii) An aontaíonn tú go bhfuil ‘an triúr ógfhear seo ar mhullach an tsaoil’ anois?

Tabhair dhá chúis le do fhreagra.

(b) Cén chomhairle a thugann an t-údar do na léitheoirí?

6(a) Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach ag leanúint ainm briathartha, in alt a dó agus aimsigh sampla de shaorbhriathar san aimsir chaite in alt a cúig,

(b) Cad é do thuairim, de réir a bhfuil sa sliocht, faoin scannán Kneecap– fiú mura bhfuil an scannán feicthe agat? (Is leor 60 focal.)

Athruithe móra i ndán dúinn!

1 Nach deacair a chreidiúint gur thit líon na bhféileacán sa tír seo 82% ón mbliain

2008 anuas! I Mí Lúnasa na bliana seo chuaigh an Dochtúir Liam Lysaght isteach i gcoill i gContae Chill Chainnigh agus eangach aige chun breith ar fhéileacáin. Ní raibh le feiceáil ach dornán beag féileacán, áfach. Tar éis tamaill, thit an teocht agus thosaigh scamaill dhubha ag bailiú sa spéir – agus sár i bhfad ní raibh féileacán ar bith le feiceáil! Is é Liam Príomhfheidhmeannach an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta. Is í an teachtaireacht ghruama atá aige dúinn ná go bhfuil cuid de na speicis fhéileacán in Éirinn i mbaol.

4 Cad faoi na héisc? Tá staidéar déanta ag Louise Overy ar ‘na bráithre’ – siorcanna beaga a bhíodh le feiceáil go minic i mBá Thrá Lí. Tá líon na mbráithre tite 95% ar chósta na hÉireann – agus tá siad imithe glan ón Muir Thuaidh anois. Nach brónach an scéal é sin? Ach, ar a laghad, tá comharthaí dóchais ann do na héin! Roinnt míonna ó shin, sheol an tSeirbhís

2 Is é an t-athrú is mó a chuireann imní ar Liam ná an titim thubaisteach i líon na bhféileacán coiteann, mar an bhánóg uaine. Creideann Liam go bhfuil athrú chun donais ag tarlú faoin tuath ó cheann ceann na tíre. Is í an fhírinne lom ná go bhfuil meath mór ag teacht ar an mbithmhais i ngach cúinne den tír. Tá Alan Mee ag obair mar bhitheolaí agus mar chaomhantóir in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe le dhá scór bliain agus creideann seisean go bhfuil na héin sa tír seo go mór i gcontúirt.

3. Tráth dá raibh d’fheictí an lon creige i mbeagnach gach contae sa tír, ach ní fheictear ach go hannamh anois é. Cuireann Alan an milleán ar ró-innilt an fhraoich ag fianna is ag caoirigh ar thalamh ard. Níl ach 11% de thalamh na hÉireann clúdaithe ag crainn – i gcomparáid le 20% i dtíortha na hEorpa. Agus, dáiríre, tá géarghá le tuilleadh crann chun an scéal a chur ina cheart ó thaobh na n-éan de.

Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra tionscnamh. a chosnóidh 25 milliun euro, chun líon na n-éan ar fud

na tíre a mhéadú – go háirithe éin mar an crotach, an ghlúineach dhearg, an pilibín, an fheadóg bhuí, an naoscach – agus a lán lán eile.

5 Go bunúsach, creideann eolaithe áirithe go bhfuil sainré úr cruthaithe ag an gcine daonna. Sa tsainré sin, tá lánsuim na n-earraí atá déanta ag daoine – nithe mar stroighin, mhiotal, bhrící agus asphalt. Tá meáchan an phlaistigh go léir ar domhan níos mó ná meáchan na n-ainmhithe agus na n-iasc, curtha le chéile. Tá fad curtha ag daoine le fad an lae le tríocha bliain anuas, creid é nó ná creid! Athróidh cúrsaí an tsaoil fós sna blianta atá romhainn amach. Ach an ndéanfaidh sé sin maitheas nó dochar dúinn ar an bpláinéad seo? Beidh le feiceáil!

príomhfheidhmeannach bánóg uaine uaine

Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta caomhantóir ró-innilt fiadhúlra

National Biodiversity Data Centre conservationist overgrazing wildlife

lon creige – éan beag dubh agus brollach bán air pilibín

G L U A I S ring ouzel lawping golden plover snipe redshank biomass heather curlew

feadóg bhuí naoscach

glúineach dhearg bithmhais fraoch crotach

(b) “Is é Liam príomhfheidhmeannach an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta.”

A bhfuil i gceist leis sin, dar leat, a mhíniú.

Leid: Gheobhaidh tú cabhair sa Ghluais!

2 (a) Cad é an t-athrú is mó a chuireann imní ar Liam? (Alt 2)

(b) Mínigh an ‘fhírinne lom’ a ndéanann an t-údar tagairt di.

1 (a) (i) Céard a tharla ón mbliain 2008 ar aghaidh? (Alt 1)

3 (a) (i) Céard a deirtear faoin lon creige? (Alt 3)

(ii) Cad air a gcuireann Alan Mee an locht?

(ii) Cén athrú a tharla istigh sa choill?

(b) Mínigh an tagairt a dhéanann an t-údar do chrainn.

4 (a) “Nach bocht an scéal é sin?” Cén scéal atá i gceist? (Alt 4)

(b) Dhá phointe eolais uait faoina bhfuil á dhéanamh ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

6 Aimsigh sampla amháin de lagiolra sa ghinideach iolra in alt a haon agus sampla amháin de shaorbhriathar san aimsir ghnáthchaite in alt a trí.

5 (a) (i) Tabhair píosa amháin eolais faoin tsainré úr. (Alt 5)

(ii) Cad deirtear faoi mheáchan an phlaistigh go léir ar domhan?

(b) Luaigh rud dearfach amháin atá déanta ag an gcine daonna le tríocha bliain anuas.

Tábhacht an spóirt i saol an duine

B’ócáid spleodrach í na Cluichí Oilimpeacha i bPáras sa Samhradh, a tharraing an domhan ar fad le chéile. Cuireadh féasta spóirt ar fáil agus chonaiceamar gach mothúchán a mhothaigh na lúthchleasaithe – bród, gliondar, díomá agus briseadh croí. Chuir na cluichí mé ag smaoineamh ar an tábhacht a bhaineann leis an spórt i saol an duine inniu.

Ní gá duit a bheith spórtúil le sult agus pléisiúr a bhaint as an spórt. Insíonn an spórt, aon spórt, scéal an duine. Cuireann sé ar ár súile dúinn an tábhacht a bhaineann le creideamh a bheith agat ionat féin, an gá le cleachtadh agus comhoibriú. Múineann sé dúinn conas déileáil leis an teip. Músclaíonn sé bród ionainn agus tugann sé siamsaíocht agus spraoi dúinn freisin.

Chonaiceamar na rudaí sin ar fad sna Cluichí Oilimpeacha, in Euro 2024 agus, ar ndóigh, sa bhaile ag na craobhchomórtais pheile agus iomána. D’ardaigh na comórtais sin meanma na ndaoine, bhí siad ina n-ábhar comhrá i dtithe ar fud na tíre. Thug siad spreagadh do dhaoine, idir óg agus aosta, dul amach agus triail a bhaint as liathróid a chiceáil, dul isteach i mbáid nó miotóga dornálaíochta a chur orthu.

D’éirigh thar barr le lúthchleasaithe na hÉireann i bPáras i mbliana, áit ar ghnóthaigh siad ceithre bhonn óir agus trí bhonn cré-umha. Mhothaíomar bródúil mar náisiún agus thug Kellie Harrington, Rhys McClenaghan, Daniel Wiffen agus na lúthchleasaithe eile insprioráid dúinn ar fad. Bhíomar ag ceiliúradh leo inár seomraí suí ag screadaíl ar an scáileán, á ngríosú chun bua. Níl aon dabht ach gur thug siad le chéile sinn mar phobal. Tá an scéal amhlaidh i gcás na gcluichí gaelacha. Aon uair a mbíonn ár bhfoireann áitiúil féin nó foireann an chontae ag déanamh go maith, músclaítear spiorad an phobail.

Ar ndóigh, an tábhacht is mó a bhaineann leis an spórt ná an deis a chuireann sé ar fáil do dhaoine a bheith aclaí. Tá an tsláinte choirp agus an mheabhairshláinte an-tábhachtach sa lá atá inniu ann. Spreagann na comórtais mhóra daoine óga le dul amach ag rith, le cluichí a imirt agus le bualadh le cairde agus daoine nua. Níl insint béil ar an maith a dhéanann a leithéidí do shláinte an duine.

Uaireanta, déantar cáineadh ar an spórt proifisiúnta as an mbéim a chuirtear ar airgead. Tá an fhadhb sin le feiceáil go speisialta sa sacar agus sa dornálaíocht. Deirtear go mbaineann na suimeanna uafásacha airgid a chaitear ar na cluichí proifisiúnta acmhainní ar shiúl ó na cluichí amaitéaracha. Is dócha go bhfuil cuid mhaith den fhírinne ansin, ach ná déanaimis dearmad den tsiamsaíocht a chuireann na clubanna móra agus na trodaithe proifisiúnta ar fáil do na milliúin ar fud an domhain. Tá luach leo sin freisin!

I bhfianaise na maitheasa a dhéanann an spórt don duine agus don tsochaí, creidimse go láidir gur cheart don rialtas i bhfad ní ba mhó airgid a infheistiú ann. Ba cheart go mbeadh áiseanna spóirt den chéad scoth ar fáil i ngach baile in Éirinn. Chuirfeadh a leithéid go mór le caighdeán saoil na ndaoine, bíodh siad óg nó aosta.

Obair duit!

Scríobh aiste ar cheann de na topaicí seo a leanas.

Daoine inspioráideacha

Tá an iomarca béime ar an airgead sa spórt inniu.

An Intleacht Shaorga

Níl aon éalú uaithi na laethanta seo. I ngan fhios dúinn, tá an intleacht shaorga thart orainn. Is rud í a chuireann imní ar roinnt daoine, ach creideann go leor eile gur uirlis í a dhéanfaidh an saol níos fearr dúinn ar fad. Pé tuairim atá agat, is cinnte go mbeidh sí mar chuid lárnach dár saol ar feadh na mblianta amach romhainn.

Aon duine a dhéanann teagmháil le comhlacht ar bith ar líne anois, tagann sé trasna ar bhotaí comhrá. Is féidir leat ceisteanna a chur ar na botaí seo agus, go minic, tabharfaidh siad freagra láithreach ar do cheist. Is cuimhin liom m’athair ag rá liom go mbíodh sé ag fanacht idir 20 agus 40 nóiméad ar líne theileafóin ag iarraidh freagra a fháil ar cheist shimplí. Inniu is féidir freagra a fháil go tapa, a bhuí leis an intleacht shaorga.

Ar ndóigh, tá go leor daoine arbh fhearr leo labhairt le duine agus iad ag plé le comhlachtaí agus uaireanta ní bhíonn freagra ar cheist chasta ag na botaí comhrá. Cuireann an easpa daonnachta isteach ar roinnt daoine agus deirtear go bhfuil na botaí seo ag líonadh poist a d’fhéadfadh duine a dhéanamh, nach bhfuil bainc ná comhlachtaí á n-úsáid ach mar bhealach chun airgead a shaothrú.

Tá an intleacht shaorga le feiceáil inár seomraí ranga freisin. Níl dalta in Éirinn nár chuala faoi ChatGPT agus a leithéid. Is uirlis chumhachtach í a ligeann do dhaoine cuid mhór eolais faoi thopaic áirithe a aimsiú go gasta. Scríobhfaidh ChatGPT alt nó aiste duit ar aon topaic láithreach. Tá sé sin an-áisiúil do dhaoine atá ag iarraidh taighde a dhéanamh, ach tá contúirt ann freisin. Tá roinnt daltaí ann, nuair a bhíonn obair bhaile le déanamh acu, a thógann an aiste díreach ón idirlíon. Is beag maith a dhéanann sé sin don dalta, mar ní fhoghlaimíonn sé/sí aon rud agus, ar ndóigh, ní bheidh ChatGPT acu sa scrúdú!

Níl aon dabht ach gur féidir leis an intleacht shaorga a bheith ina rud andearfach i saol an lae inniu. Déanann córais IS scrúdú ar na billiúin píosaí eolais chun teacht ar an réiteach is fearr. Is féidir leis sin a bheith an-úsáideach i réimse an leighis, mar shampla. Ní bhímid ag brath ar thuairim dhochtúra amháin agus diagnóis á déanamh agus is féidir leis an earráid dhaonna a laghdú nuair a bhíonn obráid á dhéanamh. Úsáidtear córais IS i saol an ghnó agus tá sé an-úsáideach i nithe mar bhainistiú tráchta, in aerfoirt agus i saol na tionsclaíochta.

Más Siri nó Alexa a úsáideann tú, Instagram, Facebook nó TikTok, tá an intleacht shaorga ag obair. Cabhraíonn sí linn ar go leor bealaí. Tá contúirtí ag baint léi, ar ndóigh. Ceann amháin acu sin ná an fhreagracht. Nuair a théann rud éigin mícheart nó nuair a dhéanann an intleacht shaorga cinneadh mícheart, cé atá freagrach? Bíonn daoine eile buartha faoi phríobháideachas, míchompordach go mbíonn na feidhmchláir seo ábalta eolas a bhailiú fúinn bunaithe ar na roghanna a dhéanaimid ar líne. Ach, i ndeireadh na dála, tá contúirtí ag baint le gach aon teicneolaíocht nua. Ní imeoidh an intleacht shaorga go luath agus caithfimid ar fad dul i ngleic léi go ciallmhar.

Scríobh aiste ar cheann de na topaicí seo a leanas.

Buntáistí na teicneolaíochta sa lá atá inniu ann

Contúirtí i saol an lae inniu

Obair duit!

Bhí Dónall ina pheileadóir fíormhaith. Ó bhí sé ina ghasúr beag, bhí scil dhochreidte aige leis an liathróid. Thuig a chuid traenálaithe an tallann ar leith a bhí ann nuair a bhí sé an-óg agus rinne siad tindeáil chúramach air, bhíothas ag maíomh go bhféadfadh sé imirt le club mór le rá i Sasana nó d’fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann!

Sin an bhrionglóid a bhí aige. Bhí sé cúig bliana déag d’aois agus ní raibh de mhian aige ach a bheith ina pheileadóir proifisiúnta. Bhí póstaeir de Messi, Ronaldo agus Mbappé ar bhallaí a sheomra agus bhí súil aige go dtiocfadh an lá nuair a bheadh póstaeir de féin á gcrochadh ag buachaillí eile ina seomraí. Thuig sé go mbíonn an bhrionglóid chéanna ag go leor buachaillí agus go mbeadh obair chrua ag teastáil chun a bheith ina réalta sacair, ach bhí sé sásta an obair a chur isteach.

Thosaigh an cluiche go maith d’fhoireann Dhónaill, bhí smacht maith acu ar an bpáirc agus choinnigh siad seilbh mhaith ar an liathróid. Bhí an fhoireann eile láidir, ach bhí an chuid ab fhearr den imirt ag foireann Dhónaill. Rinne Dónall é féin dhá ionradh ar chúl an fhreasúra, ach níor éirigh leis an liathróid a chur san eangach. De réir mar a bhí an cluiche ag dul ar aghaidh, thosaigh frustrachas ag éirí i nDónall. Ní raibh aon chúl faighte aige agus bhí a sheans le taispeáint do na scabhtaí go raibh sé ina shárimreoir, a raibh áit tuillte aige ar fhoirne móra Shasana, ag sleamhnú uaidh.

D’éirigh sé ní ba dhásachtaí ina imirt, bhí am an chúraim thart. Rinne sé ionsaí fíochmhar eile ar an gcúl, ach ní raibh de thoradh air ach cárta buí mar gheall ar imirt gharbh. Ghlac an fhoireann eile cic saor go gasta agus scóráil siad. Chuir sé sin isteach go mór ar Dhónall agus don chuid eile den chluiche, bhí sé amscaí, gan fócas.

Chríochnaigh an cluiche, an bua ag an bhfoireann eile agus bhí díomá an domhain ar Dhónall. Ní bhfuair sé seans a chuid scileanna a thaispeáint ná dul i gcion ar na scabhtaí. Labhair a bhainisteoir leis i ndiaidh an chluiche.

“A Dhónaill, chaill tú disciplín sa dara leath. Ní raibh d’intinn san áit cheart.”

“Lig mé gach duine síos. Tá brón orm,” ar sé go díomách.

“Níor lig, a stócaigh. Níl saoi gan locht. Beidh cluichí eile ann agus deiseanna eile. Ardaigh do chroí agus foghlaim ó na botúin a rinne tú inniu.”

Bhí cluiche mór le himirt ag a chlub áitiúil. Bhí siad le páirt a ghlacadh i gCraobh Laighean agus bhí an scéal amuigh go raibh scabhtaí ó chuid de na clubanna móra le bheith ag an gcluiche. Bhí sé neirbhíseach, ach ar bís freisin. Seans mór a bhí ann a chuid scileanna a thaispeáint don domhan mór agus dul chun cinn a dhéanamh i saol an tsacair. Eisean an captaen agus thug sé caint inspioráideach dá chomhimreoirí roimh an gcluiche – á ngríosú agus á spreagadh.

Ba cheacht tábhachtach é sin do Dhónall. Smaoinigh sé siar ar an gcluiche agus ar na rudaí ba chúis leis an easpa disciplín. D’aithin sé na lochtanna a bhí air féin agus rinne sé a sheacht ndícheall iad a leigheas sna cluichí a d’imir sé ina dhiaidh sin.

Tá sé anois ag traenáil le foireann faoi 17 Chelsea!

ionradh dásachtach

amscaí

stócach

Obair duit!

ruathar invasion daring awkward fear óg

Scríobh scéal duit féin!

Nuair a bhíonn scéal á scríobh agat, ba cheart duit smaoineamh ar na rudaí

seo a leanas:

Is gá FICSEAN a scríobh.

Bíodh ceangal soiléir agat idir an teideal agus ábhar an scéil.

Bain úsáid as réimse leathan focail agus nathanna cainte. Ná húsáid an focal ná an frása céanna go rómhinic.

Scríobh abairtí gearra chun teannas a chur sa scéal.

Bain úsáid as dialóg (caint dhíreach idir na carachtair), nuair is féidir.

Bíodh oscailt shuimiúil agat. Ullmhaigh cúpla oscailt roimh an scrúdú!

Is leor beirt nó triúr carachtar sa scéal. Is féidir cur síos ar charachtair, ar aimsir agus ar shuíomh a bheith ullmhaithe agat roimh ré.

Bíodh cúpla plota oibrithe amach agat roimh an scrúdú. Ná bíodh siad róchasta. Is fearr scéal simplí dea-scríofa ná scéal casta.

Scríobh aiste ar cheann de na topaicí seo a leanas.

Ní bhíonn in aon rud ach seal.

Díomá

Rudaí a chuireann áthas orm – Giota Leanúnach

Is iomaí rud a chuireann áthas ormsa. An rud is mó a ardaíonn mo chroí ná mo dheartháir beag, Rónán. Tá Rónán seacht mbliana d’aois agus is buachaill anghreannmhar é. Is breá liom a bheith ag súgradh leis! Tá a fhios agam go síleann sé a mhór díom féin mar dheartháir mór agus gur mhaith leis a bheith cosúil liom nuair a bheidh sé fásta suas – agus cuireann sé sin áthas an domhain orm.

Rud eile a chuireann áthas orm ná píotsa. Tá a fhios agam nach bhfuil sé róshláintiúil mar bhia, ach is breá liom é. Gach deireadh seachtaine, chun briseadh a thabhairt do Mham, ordaímid píotsa. Níl aon rud níos fearr ná píotsa deas a ithe, deoch fhuar in aice liom agus scannán nó clár a choimhéad ar mo thaibléad. Is breá liom é sin.

Cuireann mo chairde áthas orm freisin. Is breá liom a bheith amuigh leo. Uaireanta imrímid peil nó téimid chuig an halla spóirt, ach go minic, ní dhéanaimid níos mó ná a bheith ag crochadh thart agus ag comhrá lena chéile. Bíonn scéalta grinn go leor againn agus bíonn an chraic go maith. Is breá liom comhluadar. An tseachtain seo caite, chuamar chuig club oíche. Níl mise 18 go fóill, ach bhí cárta aitheantais bréagach agam agus d’oibrigh sé! Ligeadh isteach mé agus bhí oíche ar dóigh againn.

Tá go leor rudaí eile a chuireann áthas orm, ach ní cheapaim go mbeinn sona ar chor ar bith gan mo dheartháir, bia deas agus mo chairde a bheith liom.

Cloisfidh tú dhá cheann d’fhógraí raidió sa chuid seo. Cloisfidh tú gach

fógra díobh faoi dhó. Beidh sos leis na freagraí a scríobh tar éis na chéad

éisteachta agus tar éis an dara héisteacht.

Fógra a hAon

1. Cén eagraíocht a d’eisigh an fógra seo?

2. Scríobh abairt amháin faoin obair atá pleanáilte ag an eagraíocht sin.

3. Cad a deirtear faoi Chicago agus faoin gCósta Thiar?

4. Céard a chuirfear ar fáil do scoileanna?

Fógra a Dó

1. Ainmnigh an scoil a luaitear san fhógra seo.

2. Dhá áit ina mbeidh ceardlanna ar siúl: (i) (ii)

3. Cé a bheidh ag teagasc ag na ceardlanna?

4. Luaigh dhá rud is féidir a fhoghlaim le linn an deireadh seachtaine. (i) (ii)

CUID B

Cloisfidh tú dhá cheann de chomhráite sa chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá

díobh faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin

cloisfidh tú ina dhá mhír é. Beidh sos leis na freagraí a scríobh tar éis gach míre díobh.

An Dara Mír

1. Luaigh (i) rud amháin a deir Séamas faoi Mona Mc Sharry agus (ii) rud amháin a deir sé faoi Daniel Wiffen.

Comhrá a hAon

An Chéad Mhír

1. Cad as ar bhain Séamas taitneamh ag tús an tsamhraidh?

2. Cár bhuaigh Ciara Mageean a céad bhonn óir?

2. Cén t-éacht a rinne Foireann Oilimpeach na hÉireann? Bíodh dhá phointe agat i do fhreagra. (i)

Comhrá a Dó

An Chéad Mhír

1.“Nílim ach measartha,” arsa Liam? Cén fáth, dar leis féin?

2. Cá mbeidh Sorcha agus a cairde ag dul ag an deireadh seachtaine?

3. Cén gearán a dhéanann Sorcha faoi dhaoine fásta?

CUID B (ar lean)

An Dara Mír

1.Luaigh dhá fhadhb a bhíonn ag daoine óga, dar le Sorcha. (I) (ii)

2. Céard a dhéanann daoine óga leis na carranna a cheannaíonn siad?

3. Céard a chreideann daoine áirithe faoi na Gardaí?

2. Breac síos dhá cheann de na constaicí a luann Sorcha.

Píosa a Dó

1. Cá bhfuarthas na drugaí?

CUID C

Cloisfidh tú dhá cheann de phíosaí nuachta raidió/teilifíse sa chuid seo.

Cloisfidh tú gach píosa díobh faoi dhó. Beidh sos leis na freagraí a scríobh tar éis na chéad éisteachta agus tar éis an dara héisteacht.

2. Conas a tugadh na drugaí go hÉirinn, de réir dealraimh?

3. Cad chuige a mbíonn sé deacair súil a choinneáil ar chósta na hÉireann?

Píosa a hAon

1. Luaigh rud amháin a bhíonn á dhéanamh ag daoine óga ‘i lár na hoíche’.

CROSFHOCAL

abair nach bhfuil sé fíor, fiú má tá (4)

gluaisteán (4)

(ag) tiomáint go fiáin don chraic (15) calafort (4)

tapa (5)

seomra faoi dhíon an tí (6) eagla thobann (10)

eaglach, faiteach (10)

ar na le déanaí (8) teach aonair, leis féin; teach (6)

freisin, leis (5)

cluas a thabhairt nó gan éisteacht (7)

Cathair i ndeisceart na tíre, Port (6)

Cum abairtí de do chuid féin agus bíodh nathanna cainte ón liosta ar chlé thuas agat iontu.

Sampla – Bhí a lán de na scoláirí inár scoil ag iarraidh fáil réidh leis an éide scoile, ach nuair a eagraíodh vótáil chun an cheist a réiteach, theip ar an iarracht sin, mar ní raibh ach mionlach 45% i bhfabhar aon athrú a dhéanamh. Trasna

Leathnú foclóra don chluastuiscint

Chuala tú na téarmaí seo thíos ar chlé ar an dlúthdhiosca. An féidir leat iad a mheaitseáil leis na cinn ar dheis?

Cum abairtí de do chuid féin agus bíodh nathanna cainte ón liosta ar chlé thuas agat iontu.

Sampla – Bhí a lán de na scoláirí inár scoil ag iarraidh fáil réidh leis an éide scoile, ach nuair a eagraíodh vótáil chun an cheist a réiteach, theip ar an iarracht sin, mar ní raibh ach mionlach 45% i bhfabhar aon athrú a dhéanamh.

Méadú ar Chiníochas in Éirinn?

Le bliain nó mar sin anuas, chonacthas ardú imníoch sa chiníochas in Éirinn. Cé go ndeirtear go bhfuil fáthanna leis an gciníochas seo, níl leithscéal ag éinne leatrom a dhéanamh ar dhuine eile mar gheall ar dhath craicinn ná ar aon chúis eile.

Creidtear, mar shampla, go mbaineann éiginnteacht eacnamaíoch leis an ardú sa chiníochas. Is minic a chuirtear an milleán go héagórach ar inimircigh agus ar mhionlaigh as glacadh le poist nó le hacmhainní, fiú nuair nach mbíonn aon fhírinne sna scéalta sin. Tarlaíonn naimhdeas agus, faraor, ionsaithe ciníocha mar thoradh ar an bhfearg a bhaineann leis an éiginnteacht eacnamaíoch seo.

Baineann an t-ardú sa chiníochas le hathruithe cultúrtha freisin. Tá méadú tagtha ar an inimirce in Éirinn le blianta beaga anuas. Cé go gcuireann an éagsúlacht le cultúr agus le geilleagar na tíre, cothaíonn sí eagla agus míthuiscint in amanna freisin i measc na ndaoine sin nach bhfuil cleachtadh acu ar mhaireachtáil i dtimpeallacht ilchultúrtha. Ar an drochuair, léirítear an eagla seo go minic mar chiníochas – agus mar ionsaithe ciníocha.

Mar fhocal scoir, is ceist chasta í an méadú ar an gciníochas agus ar ionsaithe ciníochais. Teastaíonn oideachas chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo, chun go dtuigfidh daoine an dochar a dhéanann fuath agus coireanna fuatha. Ní mór dúinne, Éireannaigh, cuimhneamh gur caitheadh linne mar inimircigh ar feadh

na gcéadta bliain. Tá sé in am againn foghlaim go bhfuil an chumhacht againne deireadh a chur le héagóir an chiníochais agus an fhuatha – agus grá, tuiscint agus caoinfhulaingt a chur ina n-áit.

Cothaíonn bréagnuacht eagla agus fuath chomh maith. Nuair a mharaigh fear óg leanaí scoile i Sasana i mbliana, scaipeadh bréagnuacht faoi ainm an dúnmharfóra agus tharla ionsaithe ciníocha agus círéibeacha de dheasca na mífhaisnéise sin. Mar is eol dúinn, ní náisiúnaigh choigríche amháin is ciontaí le coireanna in Éirinn ná sa Bhreatain.

Teastaíonn cur chuige ilghnéitheach chun dul i ngleic leis an ardú sa chiníochas. Caithfidh scoileanna, pobail agus rialtais oibriú le chéile chun caoinfhulaingt agus tuiscint a chur chun cinn. Ina theannta sin, ní mór freagairt láidir dhlíthiúil a bheith ann do choireanna fuatha.

ciníochas mionlach leatrom go héagórach naimhdeas pobalach antoisceach deighilteach earcú tromchúiseach ilghnéitheach caoinfhulaingt

fuath, bunaithe ar chúrsaí cine minority míchairdeas gan chúis cheart hostility populist extremist destructive recruit(ing) serious multi-faceted tolerance

Obair duit!

Lig ort gur chuir tú agallamh ar inimirceach. An gceapann an duine sin go bhfuil méadú tagtha ar an gciníochas in Éirinn? Conas a mhothaíonn an duine féin faoi? Scríobh alt bunaithe ar an agallamh.

Oíche Shamhna -

Éirinn go SAM agus ar ais arís

Téann stair Oíche Shamhna i bhfad siar agus, ar ndóigh, tá a fhios againn sa tír seo go bhfuil a fréamhacha in Éirinn. Féachtar ar an bhféile anois mar cheiliúradh Meiriceánach, áfach! D’imigh an fhéile trasna an Atlantaigh ó Éirinn – go SAM agus tháinig sí ar ais arís.

Ba mar fhéile ársa Cheilteach, ar a dtugtar an tSamhain, a thosaigh Oíche

Shamhna ar dtús. Ceiliúradh é os cionn 2,000 bliain ó shin in Éirinn, agus is é a bhí sa tSamhain ná deireadh an fhómhair agus tús an gheimhridh. Chreid na Ceiltigh gur éirigh an teorainn idir na beo agus na mairbh doiléir Oíche

Shamhna, rud a lig do spioraid ón taobh eile an domhan a shiúl. Chun iad féin a chosaint ar na spioraid seo, las daoine tinte cnámh agus chaith siad cultacha déanta as craicne ainmhithe.

De réir mar a scaipeadh an Chríostaíocht ar fud na hÉireann, thosaigh féile na Samhna ag meascadh le traidisiúin Chríostaí. Faoin naoú haois, bhí an fhéile mar chuid d’Oíche Fhéile na Naomh Uile, an oíche roimh Lá na Naomh Uile.

Tar éis an Ghorta Mhóir, chuaigh na milliúin Éireannach ar imirce go dtí na Stáit

Aontaithe ar thóir saol ní b’fhearr, go háirithe idir 1845 agus 1852. Thug siad leo go leor dá gcuid traidisiún, lena n-áirítear ceiliúradh Oíche Shamhna. Tháinig athrú ar Oíche Shamhna nuair a shroich sí Meiriceá.

Dhírigh sí ní ba mhó ar imeachtaí pobail, ar nós cóisirí comharsanachta.

Thosaigh leanaí ag gléasadh suas i mbréagriocht agus ag dul ó dhoras go

doras ag imirt bob nó bia agus iad ag iarraidh milseáin. Mar gheall go raibh puimcíní coitianta sna Stáit Aontaithe úsáideadh iad chun lóchrainn a shnoí mar a rinneadh le tornapaí in Éirinn.

Le fada an lá, bhí Oíche Shamhna in Éirinn ní ba chiúine ná mar a bhí i SAM.

Mar sin féin, agus cultúr Mheiriceá ag scaipeadh ar fud an domhain trí scannáin, teilifís, agus na meáin, rinne an leagan Meiriceánach d’Oíche Shamhna a bealach ar ais go hÉirinn. Thosaigh muintir na hÉireann ag glacadh le nósanna Mheiriceá, cosúil le bheith ag imirt bob nó bia agus mheasc siad lena dtraidisiúin féin iad.

Sa lá atá inniu ann, is ceiliúradh bríomhar í Oíche Shamhna in Éirinn cosúil lena lán tíortha eile in iarthar an domhain. Reáchtálann cathracha agus bailte na hÉireann féilte, paráidí agus imeachtaí eile a chuimsíonn gnéithe stairiúla agus nua-aimseartha na Féile.

Is sampla iontach é turas Oíche Shamhna ó Éirinn go SAM agus ar ais arís ar an gcaoi ar féidir le traidisiúin chultúrtha forbairt agus scaipeadh ar fud an domhain. Is féidir breathnú ar an bhféile mar cheiliúradh ar na naoimh agus ar anamacha na ndaoine a chuaigh romhainn – nó go díreach mar cheiliúradh agus mar chóisir anseo ar domhan.

Bíonn daoine ag gearán go minic faoi thionchar chultúr Mheiriceá ar an gcuid eile den domhan. Cuireann Oíche Shamhna i gcuimhne dúinn, áfach, gur as tíortha beaga amhail Éire a tháinig go leor den chultúr agus de na traidisiúin sin an chéad lá riamh.

ársa bréagriocht

bob nó bia lóchrann

ón tseanaimsir ancient disguise trick or treat laindéar lantern

Cuireann tú agallamh ar sheantuismitheoir. An gceapann an seantuismitheoir sin go bhfuil Oíche Shamhna athraithe sa tír seo? Cad iad na traidisiúin is cuimhin leis/léi óna (h)óige? Scríobh alt bunaithe ar an agallamh sin.

Obair duit!

Tá cúnamh ar fáil thíos do na sraitheanna pictiúr seo a leanas agus tá dea-scéal i gceist le gach sraith sa ghrúpa seo!

Sraith 2 (Samhradh Iontach); Sraith 5 (Lá Spraoi san Ardchathair);

Sraith 9 (Filleann an Fón); Sraith 15 (Bua sa Seó Tallainne);

Sraith 16 (Agallamh do Nuacht TG4 @ 7).

Foclóir ginearálta do na sraitheanna sa ghrúpa seo

lasmuigh den séipéal post bainisteoir an Iodáil an chraobh

Cumann Naomh Uinseann de Pól an t-aerfort an t-ionad teachta ticéad lae

Coláiste na Tríonóide

Staid Aviva ar Bhóthar Lansdún bialann de Búrca ceathrar cairde; bialann Iodálach

biachlár

cuma imníoch thug sé faoi deara tráidire

triúr ceoltóirí amhránaí aonair uirlis; sceitimíní stáitse caighdeán ard comhghairdeas ionad siopadóireachta micreafón

brú

mír nuachta ar TG4

Líonaigí na bearnaí sna habairtí seo a leanas le focal/frása oiriúnach ón liosta thíos, atá faoi chló iodálach:

Bhuail an bheirt chairde le chéile tráthnóna Dé Sathairn. 1.

2.

Bhí sé acu tamall a chaitheamh san Iodáil ag tús Mhí Lúnasa.

3. Thaitin na radhairc, na daoine agus an aimsir san Iodáil .

Ag tús Mhí Lúnasa bhí curtha i dtaisce acu chun aghaidh a thabhairt ar an Iodáil.

4. d’imir siad peil leis an bhfoireann áitiúil.

5.

6.

Lig siad liú áthais nuair a bronnadh an corn ar an gcaptaen.

7.

Mar cheiliúradh ar an ócáid bheartaigh an bainisteoir ticéid don

phictiúrlann a cheannach .

Iarradh orthu bia a thabhairt do roinnt . 8. go raibh siad in ann cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí faoi

9.

mhíbhuntáiste sa saol.

Bhí saoire agus tréimhse oibre acu.

10. de rún; go mór leo; ar a ceathrú chun a trí; astu; den scoth; daoine gan dídean; ar fhilleadh ar Éirinn dóibh; do chách; ba ardú mór meanman dóibh; dóthain airgid

Sraith 5 – Lá Spraoi san Ardchathair

Léigí na habairtí thíos agus abraigí i gcás gach ceann an bhfuil sé fíor nó bréagach.

Abraigí amach an leagan fírinneach d’aon cheann atá bréagach:

Tháinig an cailín Spáinneach trí na doirse móra ag an aerfort.

Ní mó ná sásta a bhí na hÉireannaigh an cailín Spáinneach a fheiceáil.

An lá dár gcionn isteach leo go lár na cathrach.

Ní raibh fonn dá laghad ar an gcailín Spáinneach cuairt a thabhairt ar Choláiste na Tríonóide.

Chonaic siad Leabhar Cheanannais agus an Leabharlann Fhada, cé go raibh

orthu fanacht i scuaine ar feadh leathuair an chloig.

Leath na súile ar an gcailín Spáinneach nuair a chonaic sí Staid Aviva.

Ní raibh an t-am acu cuairt a thabhairt ar Ghairdín na nAinmhithe ná ar Ard-

Eaglais Naomh Pádraig.

Ní raibh aon bhord curtha in áirithe acu don bhéile tráthnóna.

Chonaic siad an dráma, The Field, in Amharclann na Mainistreach.

Bhain an bheirt chairde an spraoi as an lá sin san Ardchathair.

Sraith 9 – Filleann an Fón

Meaitseálaigí na leaganacha ar chlé ón tsraith pictiúr le leaganacha ar aon bhrí leo ar dheis.

1 deis A teacht/dul ar ais

2 stiúgtha le hocras B fón

3 crá croí C go tobann

4 filleadh D an-ocrach go deo

5 guthán E speisialta

6 costasach F briseadh croí

7 i bhfaiteadh na súl G trasna / go dtí an taobh thall

8 anonn H lúcháir / áthas an-mhór

9 ríméad J daor

10 faoi leith K seans

Sraith 15 – Bua sa Seó Tallaine

1 Am lóin a bhí ann A iad

2 Bhí an halla B ligeadh liú ard sa halla

3 Ba iad An Criú Craiceáilte C fáilte rompu

4 Nuair a fógraíodh an toradh D ag cur thar maoil

5 Bhí bród le sonrú ar a naghaidheanna

E iad ar an toirt

6 An lá dár gcionn bhuail

F agus bhí ceathrar cairde ag siúl síos an pasáiste sa scoil.

7 Mheall an duais mhór G an dream deireanach ar an stáitse.

8 Chuir fear an tsiopa H agus iad ag glacadh leis an duais

9 D'aithin an siopadóir J chun an seic a lóisteáil sa chuntas

10 Chuaigh buachaill amháin go dtí an banc

K na cairde isteach sa siopa ceoil

Sraith 16 Agallamh do Nuacht TG4@7

Líon an spás i ngach abairt thíos le réamhfhocal nó le forainm réamhfhoclach oiriúnach ón liosta faoi chló iodálach thíos: Shocraigh an príomhoide go mbeadh leathlá ón scoil na daltaí.

1. Bheartaigh na buachaillí bualadh isteach an ionad siopadóireachta.

2. Criú TG4 a bhí ann. Theastaigh tuairimí daoine óga a fháil faoin saol.

4.

3. Chuir siad ceisteanna na buachaillí faoi shaol na scoile.

Dúirt na buachaillí go raibh siad bhrú cuid den am.

5. Thagair buachaill amháin chostas a bhaineann le cúrsa tríú leibhéal.

6. Bhí iontas agus imní ar na buachaillí nuair a dúradh go mbeadh siad ar an teilifís an oíche sin.

7. Bhí na teaghlaigh an-bhródúil as an gcaoi ar labhair na buachaillí go líofa Gaeilge.

8. Cheap siad gur éirigh pointí maithe a dhéanamh.

9. B’ábhar iontais Dhaid go raibh a mhac faoi bhrú ar scoil!

10. leo; faoi; leo; ar; as; don; uathu; chuig; do; ag; idir

Ceisteanna Samplacha

Sraith 2: Samhradh Iontach

Cén t-am é ar an gclog i bpictiúr a haon?

Cá bhfuil na cailíní sa dara pictiúr?

Céard atá ina lámha ag na cailíní i bpictiúr a trí?

Cén fáth a bhfuil áthas ar na cailíní i bpictiúr a ceathair?

Cén charthanacht atá i gceist i bpictiúr a cúig?

Sraith 5: Lá Spraoi san Ardchathair

Cá bhfuil na daoine sa chéad phictiúr?

Cén chathair atá i gceist i bpictiúr a dó?

Céard atá le feiceáil ag na cailíní sa choláiste i bpictiúr a trí?

Cén chuma atá ar na cailíní i bpictiúr a cúig?

Cén t-am é ar an gclog sa phictiúr deireanach?

Sraith 9: Filleann an Fón

Cad is ainm don bhialann sa chéad phictiúr?

An mó duine atá i bpictiúr a dó?

Cén bia atá le feiceáil i bpictiúr a ceathair?

Cad tá ina láimh ag an bhfear i bpictiúr a cúig?

Céard atá ar an tráidire i bpictiúr a sé?

Sraith 15: Bua sa Seó Tallainne

Cén fógra atá ar an mballa i bpictiúr a haon?

Cé mhéad duine atá i bpictiúr a dó?

Cá bhfuil an grúpa ceoil i bpictiúr a ceathair?

Cén chuma atá ar na buachaillí i bpictiúr a cúig?

Cá bhfuil an buachaill ag dul sa phictiúr deireanach?

Sraith 16: Agallamh do Nuacht TG4@7

Cén t-am é ar an gclog i bpictiúr a haon?

Céard atá ar a ghualainn ag an bhfear sa dara pictiúr?

Céard atá ina láimh ag an bhfear i bpictiúr a trí?

Cé mhéad daoine atá i bpictiúr a ceathair?

Cén stáisiún teilifíse atá i gceist i bpictiúr a cúig?

Is minic a chuirtear ceist sa bhéaltriail faoi chúrsaí spóirt. – leithéidí: An maith leat spórt? nó Cén caitheamh aimsire atá agat? Is ceisteanna iontacha iad seo

do dhaltaí a ghlacann páirt i gcúrsaí spóirt, ach cad faoi na daltaí nach dtaitníonn spórt leo in aon chor? É sin ráite, is beag duine nach maith leis féachaint ar chláir spóirt ar an teilifís, freastal ar imeachtaí spóirt agus, thar aon ní eile, labhairt faoi chúrsaí spóirt. Léiríonn na staitisticí gur bhreathnaigh formhór mór na ndaoine in Éirinn ar na Cluichí Oilimpeacha i bPáras, mar shampla!

Ná déanaigí dearmad gur caitheamh aimsire é féachaint ar spórt ar an teilifís nó freastal ar imeachtaí spóirt!

1 Anseo thíos tá liosta de chineálacha spóirt a bhíonn ar fáil i scoileanna ar fud na tíre. Ag obair le dalta eile léigí amach gach ceann ar an liosta: peil ghaelach (caid), rugbaí, sacar, cispheil, eitpheil, haca, camógaíocht, cruicéad, póló, cluichí corr, lúthchleasaíocht, galf, iománaíocht / iomáint, liathróid láimhe oilimpeach, badmantan, ficheall, gleacaíocht, marcaíocht ar chapall, liathróid láimhe, scuais, snúcar, dornálaíocht, leadóg, rianadóireacht, leadóg bhoird, snámh, cearáité, júdó, tumadóireacht, treodóireacht, sléibhteoireacht, rópadóireacht anuas, seoltóireacht, friosbaí, tonnmharcaíocht, rámhaíocht.

An Bhéaltriail - Bígí ag caint

2 Críochnaígí an abairt thíos ag léamh amach ón liosta thuas os ard:

Sa scoil seo imrítear…

Bíonn idir fhearas agus feisteas ag teastáil do bheagnach gach spórt. Sa ghreille thíos tá foclóir a bhaineann le fearas agus le feisteas. Meaitseálaigí na focail agus

ansin féachaigí arís ar an liosta spórt thuas agus déanaigí cur síos ar a bhfuil ag teastáil do gach ceann díobh!

1 liathróid peile

cosaint do na lorga

camán B maide iománaíochta/ camógaíochta

clogad C liathróid iománaíochta/ camógaíochta

rópa

cosaint a chaitear ar na lámha

Daltaí ag cur síos ar chúrsaí spóirt ina scoileanna féin:

Seo thíos an cur síos a rinne beirt daltaí ar thábhacht an spóirt ina scoileanna féin agus ar na háiseanna spóirt atá ar fáíl acu. Léigí an dá chuntas agus ansin scríobhaigí cuntas faoi bhur scoileanna féin. Leagtar béim mhór ar spórt sa scoil seo. Tá rogha an-leathan ar fáil againn: peil ghaelach, sacar, iománaíocht, cispheil, camógaíocht, eitpheil, gleacaíocht, rith, lúthchleasaíocht, ficheall – agus, creid é nó ná creid, marcaíocht, rámhaíocht agus galf. Bíonn leathlá againn gach Céadaoin agus bíonn ar gach dalta páirt a ghlacadh i spórt éigin sa scoil nó sna himeachtaí eile a eagraítear sa cheantar. Fostaítear go leor múinteoirí a bhfuil suim acu i gcluichí agus i gcaitheamh aimsire éagsúla agus, dá bharr sin, bíonn beagnach gach múinteoir gnóthach tráthnóna Céadaoin ag obair le grúpa éigin. Ar ndóigh, tá go leor spáis timpeall

na scoile agus neart áiseanna againn. Tá páirceanna peile, iománaíochta, camógaíochta agus sacair againn, cúirteanna leadóige, cispheile agus eitpheile, halla mór gleacaíochta agus seomraí beaga do na cluichí boird. Baineann pobal an cheantair úsáid as na háiseanna sin nuair a bhíonn an scoil dúnta. Téann

daltaí áirithe ag rámhaíocht ar an abhainn atá in aice na scoile agus baineann daltaí eile úsáid as an machaire gailf atá thuas an bóthar ón scoil. Tá an-cháil ar an scoil mharcaíochta atá trí mhíle ón scoil agus is breá le cuid de na daltaí dul ann. Mar sin, chomh maith leis na gnáthfhoirne scoile, tá foirne gailf, marcaíochta agus rámhaíochta inár scoil agus is iomaí gradam atá bainte amach acu ar son na scoile.

An Bhéaltriail - Bígí ag caint

Ní leagtar mórán béime ar an spórt sa scoil seo. Is beag áis spóirt atá againn, mar

níl mórán talaimh timpeall na scoile agus níl againn ach halla beag. Ar aon nós, leagtar béim mhór, i mo scoilse, ar an saol acadúil. Ciallaíonn sé sin go mbíonn daltaí a dtaitníonn spórt leo, ina mbaill de chlubanna lasmuigh den scoil. Tá club an-mhaith ag Cumann Lúthchleas Gael gar don scoil – agus áiseanna iontacha acu ann. Chomh maith leis sin nílimid rófhada ón bhfarraige agus, mar sin, bíonn deis ag daoine dul ag snámh nuair is mian leo. Tá club tonnmharcaíochta ann agus is minic a bhíonn cúrsaí ar siúl acu. Mar sin, tá a lán de na daltaí cleachta go maith ag an tonnmharcaíocht. Is iontach an rud é sin. Ach ba bhreá liomsa dá mbeadh club leadóige sa cheantar. D’fhoghlaim mé conas leadóg a imirt nuair a bhí mé ní b’óige, mar chaithinn a lán ama le mo Mhamó i gContae Chill Dara agus bhí club leadóige in aice lena teach.

Dalta A
Dalta B

An Bhéaltriail - Bígí

Ceisteanna daoibh!

Cuirigí na ceisteanna seo ar a chéile agus freagraígí iad.

1.

Cé acu is fearr leat – páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt nó féachaint ar chluichí ar an teilifís?

2. An dóigh leat go mbíonn an iomarca béime ar chomórtais i gcúrsaí spóirt?

Ar fhéach tú ar aon cheann de na comórtais sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras?

3. An imríonn tú aon chluiche ar scoil? Cén cluiche?

4.

An bhfuil tú ar fhoireann na scoile? 5.

Cén áit ar an bpáirc/ar an gcúirt a mbíonn tú ag imirt? 6.

Céard a chaitheann tú agus tú ag imirt? 7.

An bhfuil caighdeán maith spóirt sa scoil seo? 8.

An bhfuil traidisiún láidir spóirt sa scoil? 9.

Ar fhreastail aon phearsa cháiliúil spóirt ar an scoil seo riamh? 10.

An mbíonn sé deacair ullmhú do scrúduithe agus traenáil cheart a dhéanamh ag an am céanna? 11.

Cé hé/hí an phearsa spóirt is mó a bhfuil meas agat air/uirthi? Cén fáth? 12.

“Tugtar noda ó thus an scéil go bhfuil dallamullóg á cur ag Lisín uirthi féin maidir lena

bhfuil ar siúl thart uirthi agus gur duine baoth amach is amach í, dáiríre.” Do thuairim uait faoi sin.

Aontaím go hiomlán leis an ráiteas seo – go bhfuil dallamullóg á cur ag Lisín uirthi féin

faoin saol atá thart uirthi. Is léir ó thús an scéil go bhfuil sí dall ar go leor rudaí, cé nach fios i gcónaí an é go bhfuil sí ag ligean uirthi nach bhfeiceann – nó an é nach bhfeiceann sí, dáiríre?

In aon abairt amháin ansin, léiríonn Lisín dúinn na rudaí atá tábhachtach di sa saol, na rudaí a bhfuil meas aici orthu, na rudaí a éilíonn sí ar a fear céile agus ar na páistí – go mbeidís saibhir, léannta agus dathúil. Ar ndóigh, ní ualach ar bith do dhuine iad an saibhreas, an léann ná an dathúlacht, ach ní luann sí sonas ná dea-thoil, béasa ná ionracas. Is léir don léitheoir gurb ionann na nithe atá infheicthe don phobal agus na nithe atá tábhachtach do Lisín.

Tugtar an chéad nod faoi dhaille Lisín nuair a deir Ruán go mbeidh an chóisir cool nuair a chreideann sé i ndáiríre go mbeidh sé crap, ach go bhfuil nós aige an rud a thaitneodh lena mháthair a rá os ard, agus a thuairim féin a choinneáil faoi cheilt uirthi.

Cuirtear leis an íomhá sin di nuair a thugtar cur síos ar Ascaill na Fuinseoige, áit a bhfuil na mná ar fad, beagnach, cosúil le Lisín – faiseanta, néata, dathúil agus fionn. Meafar don saibhreas atá i gceist leis an ngruaig fhionn, caighdeáin arda ag gach duine acu chun fanacht ‘istigh’ leis na comharsana. Deirtear go raibh Lisín foirfe.

Faighimid an chéad nod faoi bhaoithe Lisín nuair a thugtar léargas dúinn ar a cuid smaointe faoi Phól, a fear céile. Déanann sí cur síos air faoi mar a bhí sé nuair a chuir an lánúin aithne ar a chéile ar dtús, ‘ógánach anabaí, gan maoin ná uaillmhian’. Glacann sí an chreidiúint ar fad as an athrú a tháinig air idir an dá linn. Deirtear: anois fear saibhir, léannta a bhí ann, fear a raibh meas ag cách air, ardfhear. Teach breá aige, clann mhac, iad cliste agus dathúil.

Ní chuirtear Pól i láthair an léitheora sa chéad chaibidil, ach tugtar go leor eolais faoi, eolas a spreagann iontas b’fhéidir, alltacht b’fhéidir, agus go leor ceisteanna faoi chothromaíocht agus faoi cheartas sa saol. Insítear dúinn go raibh sé ciallmhar, gur infheistigh sé airgead i dtithe agus in árasáin ar fud na hEorpa – agus gur bhailigh sé cíos orthu sin uilig. Ba léir gurbh fhear saibhir é. Ansin luaitear gur infheistigh sé an tairgead ar bhealach nach mbeadh air an cháin cheart a íoc ar an ioncam. Is cinnte go bhfuil ceisteanna ag an léitheoir faoi ionracas Phóil.

Nod eile nach bhfuil gach rud i gceart sa teaghlach ná na léargais a thugtar ar smaointe an mhic, Ruán. Sa chéad chaibidil den úrscéal, tá sé ina reacaire

uilefheasach – tugann sé eolas dúinn nach mbeadh againn gan é. Sa chás seo, léiríonn sé tuiscint níos doimhne ar a mháthair, Lisín, agus ciallaíonn sé sin go

bhfuil tionchar diúltach ag foirfeacht, daille agus cur i gcéill Lisín ar a clann. Deir

sé linn go gcuireann Lisín lagmhisneach air an t-am ar fad, ainneoin nach

dtugann sí dó ach spreagadh agus moladh. Is léir go bhfuil toradh diúltach ar an dearfacht seo, mar gur bréagdhearfacht í, i ndáiríre – cur i gcéill agus daille.

G L U A I S

daille

baoithe

reacaire

uilefheasach blindness simpleoireacht foolishness

tráchtaire speaker/commentator

know-all

Tá tábhacht ag baint le háiteanna faoi leith sa Tóraíocht. Déan cur síos ar ar tharla i do rogha cúig cinn de na háiteanna sin.

1 Almhain

Suite i gContae Chill Dara, ba í Almhain áit chónaithe Fhinn Mhic Cumhaill, ceannaire na bhFiann. Ba mhinic seirbhísigh agus laochra ag bailiú san áit sin. Tuigimid go raibh faiche mhór ann – agus ba ansin a thosaigh scéal na Tóraíochta. Labhair Fionn le hOisín agus Diorraing ar an bhfaiche go moch ar maidin – ag insint dóibh go raibh sé deacair dó codladh sámh a fháil ó fuair a bhean bás. Ba as an gcomhrá sin in Almhain a tháinig an plean go rachadh Oisín, ar son Fhinn, chun labhairt le Cormac Mac Airt, Ardrí Éireann, faoi chleamhnas a dhéanamh lena iníon, Gráinne. Ba ar an bhfaiche chéanna a bhailigh Fionn a chuid gaiscíoch le chéile coicís ina dhiaidh sin – le dul chun bualadh le Gráinne ar Chnoc na Teamhrach.

Ba cheanncheathrú Rí Éireann, Cormac Mac Airt an áit seo, suite i gContae na Mí. Ar ndóigh, ba í áit chónaithe Ghráinne í chomh maith! Díreach cosúil le hAlmhain, bhí faiche mhór ann ar a mbíodh aontaí agus oireachtais ar siúl. Ba í Teamhair ceann scríbe Oisín agus é ag lorg Ghráinne ar son Fhinn. Chuir Cormac an taonach ar athlá nuair a thuig sé go raibh Oisín agus Diorraing ann. Bhí leaba Ghráinne i ngrianán na bantrachta i dTeamhair agus ba ann a choiméad sí an corn cloch órga inar chuir sí an deoch shuain. Shuigh Cormac ar an leaba agus labhair sé le Gráinne faoin gcleamhnas. Rinne siad go léir ceiliúradh – le fleá agus féasta an oíche sin. Nuair a chuaigh Fionn go Teamhair coicís ina dhiaidh sin, chuir Cormac agus uaisle na hÉireann fáilte mhór roimhe, roimh a dhraoi agus roimh a chuid laochra ar an bhfaiche.

Ba i dTeamhair a chuir Gráinne a geis ar Dhiarmaid agus ba ann freisin a mhínigh sí dó conas a thit sí i ngrá leis nuair a chonaic sí é óna grianán roimhe sin ag buachan cluiche iománaíochta.

Ba trí dhoras éalaithe i ngrianán Ghráinne a d’éalaigh an lánúin. Gan aon agó is áit shuntasach í Teamhair sa Tóraíocht.

3 Doire Dá Bhaoth

Suite i gContae na Gaillimhe, ba é an doire seo an chéad áit inar stad Diarmaid agus Gráinne tar éis dóibh éalú ó Theamhair. Ghearr Diarmaid an doire ina thimpeall ag déanamh seacht ndoras. Ba sa choill sin a rinne sé leaba do Ghráinne – as luachra agus beith. Tháinig madra Fhinn, Bran, ar Dhiarmaid sa doire, chuir sé a cheann ina ucht a fhad is a bhí Diarmaid ina chodladh. Shéan Diarmaid glacadh leis na rabhaidh a chuir a chairde chuige sa doire. Bhí sé de dhánaíocht ann Gráinne a phógadh go hoscailte trí huaire ann os comhair Fhinn agus na bhFiann ag cur éada ar Fhionn. Ba sa doire sin a bheartaigh Fionn go gcaillfeadh Diarmaid a cheann. Tharrtháil Aonghus an Bhrogha Gráinne ón doire, á hiompar go sábhailte go Luimneach. B’éigean do Dhiarmaid gach doras a ionsaí go dtí gur aimsigh sé Fionn taobh thiar den seachtú ceann. Bhagair na Fianna Diarmaid a mharú ag an doras sin, ach le cabhair a dhá shleá, thug sé ardléim thar Fhionn ag éalú ón doire. Tá an áit an-tábhachtach, mar is ann a ghríosaítear Fionn sa Tóraíocht nuair a fhaigheann Diarmaid an lámh in uachtar air.

2 Teamhair

Chuaigh Diarmaid i dtreo Bhinne Gulban, Contae Shligigh, tar éis dó guth gadhair a chloisteáil trí huaire le linn na hoíche. D’fhág sé a áit chónaithe, Ráth Ghráinne, chun an scéal a fhiosrú. Faoin am sin bhí síocháin sé bliana déag i bhfeidhm idir Diarmaid agus Fionn, ach iontas na n-iontas, cé a bhí roimhe ar an mBeann ach Fionn! San áit sin d’inis Fionn do Dhiarmaid nár

éirigh leis na Fianna an torc a bhí ag rith timpeall a ghabháil riamh agus go raibh caoga óglach tar éis bás a fháil an mhaidin sin ag iarraidh é a bhaint amach.

Mhol Fionn gur cheart dóibh imeacht ón áit, mar go raibh an torc ag druidim leo, ach ghlac Diarmaid leis sin mar dúshlán agus dhiúltaigh sé imeacht. Chomhairligh Fionn dó imeacht arís, ag rá go raibh geis ar Dhiarmaid seilg mhuice a dhéanamh agus thug sé an scéal go léir do Dhiarmaid faoin gcaoi ar cuireadh an gheis sin air. D’fhógair Diarmaid arís nach bhfágfadh sé an áit, fiú dá mbeadh bás in ndán dó. Ghoin an torc

Diarmaid go dona agus nuair a d’impigh Diarmaid ar Fhionn deoch uisce a fháil ón tobar dó, scaoil sé an t-uisce óna lámha d’aon ghnó d’fhonn bás Dhiarmada a dheifriú.

Fuair Diarmaid bás ar Bheann Gulban i láthair a dheargnamhaid, Fionn. Chuir Oisín, Oscar, Caoilte agus Mac Lughach a gceithre bhrat anuas ar chorp Dhiarmada ar an mBeann. Sheol Gráinne trí chéad dá teaghlach go dtí an Bheann chéanna chun corp a fear céile a thabhairt abhaile chuici. Bhuaileadar le hAonghus an Bhrogha ann a d’aithris laoi os cionn chorp

Dhiarmada agus b’é a thug ar ais an corp go dí an Brugh os Bóinn.i gContae na Mí.

5 Ráth Ghráinne

Chónaigh Diarmaid agus Gráinne i Ráth Ghráinne tar éis síocháin a bhaint amach le Fionn. Ba ansin a rugadh a bpáistí: ceathrar mac, Donnchadh. Eochaidh, Connla agus Sealbhach agus iníon amháin, Druineach. Bhí go leor óir, airgid, tréada bó agus eallaí acu ann. Rith sé le Gráinne lá amháin go raibh sé náireach nár fhan Cormac Mac Airt

ná Fionn Mac Cumhaill leo agus theastaigh uaithi fleá a thabhairt dóibh ann d’fhonn go mbeidís ní ba cheanúla ar Dhiarmaid. Shocraigh siad go dtabharfadh a n-iníon fleá ag an am céanna agus chaith Gráinne agus Druineach bliain iomlán ag ullmhú don dá fhleá.

Beann Gulban, Co. Shligigh

Mar eolas: Tá closleabhar ceoil nua ar fáil ar na hardáin dhigiteacha ar fad ag Gael Linn, dárbh ainm Mise Gráinne a insíonn scéal Dhiarmada agus Ghráinne. Féach anseo.

Fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth agus…

1 Tráth dá raibh bhíodh na focail fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth agus fiche bliain ag meath fíor go minic, mar d’imíodh an-chuid daoine ar shlí na fírinne roimh aois a deich mbliana is trí scór. Ní fíor é sin anois, áfach. Bíonn saol níos faide ag a lán daoine anois. Dáiríre, léirigh an phaindéim, Covid-19, go raibh ganntanas mór sna seirbhísí a bhí ar fáil do dhaoine scothaosta. Agus, le bheith macánta faoin scéal, níl siadsan ag iarraidh blianta deireanacha a saoil a chaitheamh i dtithe altranais d’aon sórt. B’fhearr go mór leo fanacht ina dtithe féin go dtí go mbíonn orthu imeacht ar shlí na fírinne – seachas a bheith ina suí le grúpa seandaoine atá i bhfad níos laige ná iad féin.

2 Go deimhin, baineann an dearcadh seo le ciall. B’fhearr lena lán daoine aosta a bheith ag obair agus ag glacadh páirte sa saol timpeall orthu. Tá an líon daoine a théann ar scor ag cúig bliana is trí scór d’aois ag titim gan stad anois. Deir saineolaithe go bhfuil an líon pinsinéirí a fhilleann ar shaol na hoibre ardaithe 50% le deich mbliana anuas.

3 Cén fáth nach mian le seandaoine fanacht ar scor anois? Tá freagra na ceiste sin thar a bheith simplí. Ní acmhainn do dhaoine saol réasúnta a bheith acu ar an airgead a fhaigheann siad ón bpinsean seanaoise ná ó phinsean príobháideach de shaghas amháin nó de shaghas eile. Is é an neamhspleáchas an aidhm is mó atá acu – agus gan a bheith ag brath ar dhuine ar bith ar bhealach ar bith agus iad buailte ag an tseanaois.

4 Tá muintir na hÉireann óg fós i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip, ach creideann daoine áirithe go dtarlóidh athrú nó claonadh déimeagrafach suntasach in Éirinn i gceann fiche nó tríocha bliain. Beidh i bhfad Éireann níos mó seandaoine ag cur fúthu anseo ná mar atá anois. De réir an daonáirimh is déanaí, tá 630,00 daoine os cionn 65 bliana d’aois sa tír seo. Sin 13% den daonra iomlán. Táthar á thuar go n-ardóidh an figiúr sin go millún amháin faoin mbliain 2031 agus go 1.6 milliún faoin mbliain 2051. Faoi láthair sroicheann 50,000 duine 65 gach bliain, ach sa chúig bliana déag atá romhainn amach sroichfidh thart ar 70,000 daoine in aghaidh na bliana aois a 65. Anuas air sin, tiocfaidh ardú ar an líon daoine atá 80 bliain d’aois ó 148,000 sa bhliain 2016 go idir 536,000 agus 549,000 faoin mbliain 2051. Sin ardú sa ghrúpa sin de thart ar 200% nó 270%!

5 Is é an scéal céanna é i dtíortha eile san Eoraip. Is í an fhadhb do gach stát ná conas aire a thabhairt don phobal scothaosta agus, níos tábhachtaí fós, conas íoc as na seirbhísí a bheidh ag teastáil. Is é plean an rialtais in Éirinn ná aire a thabhairt do sheandaoine ina dtithe féin chomh fada agus is féidir.

Tugtar an rogha, cúram baile, ar an bplean seo. Le blianta beaga anuas, tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra fós an plean seo a chur i bhfeidhm ar bhealach sásúil éifeachtach. Leag rialtas i ndiaidh rialtais an iomarca béime ar chúram chónaithe seachas ar chúram baile. B’shin botún, ach níl aon éalú ón gcostas mór, áfach.

scothaosta teach altranais ar scor acmhainn

déimeagrafach tuar fíricí daonáireamh

Ceisteanna

cuibheasach aosta, measartha aosta nursing home into retirement cumas/ábaltacht demographic predict facts census

1 (a) Cad is brí leis na focail, fiche bliain ag fás… etc, i do thuairimse? (Alt 1)

(ii) Luaigh athrú amháin atá tagtha ar aois daoine a théann ar scor.

(b) Scríobh abairt faoin athrú atá tagtha ar dhearcadh daoine ‘scothaosta’ in Éirinn.

2 (a) (i) Céard ab fhearr lena lán daoine a dhéanamh? (Alt 2)

(b) Cad deir saineolaithe faoin líon pinsinéirí a fhilleann ar shaol na hoibre?

3 (a) Cén fáth nach mian le seandaoine fanacht ar scor anois, dar leis an údar? (Alt 3)

(b) Céard é an rud is mó a shantaíonn na daoine sin?

4 (a) Cén chomparáid a dhéanann an t-údar idir Éireannaigh agus daoine i dtíortha eile san Eoraip? (Alt 4)

G L U A I S

(b) Scríobh achoimre (trí abairt nó mar sin) ar a bhfuil i ndán do mhuintir na hÉireann idir an lá inniu agus an bhliain 2051.

5 (a) (i) Cén fhadhb atá ag gach stát san Eoraip? (Alt 5)

(ii) Mínigh an plean atá ag rialtas na hÉireann.

(b) Cén botún a phléann an t-údar ag deireadh an tsleachta?

6 Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ginideach uatha in alt

3 agus de bhreischéim aidiachta in alt 5.

Géibheann

Caitlín Maude

An File

File, ceoltóir, aisteoir, drámadóir, gníomhaí teanga agus múinteoir ab ea Caitlín

Maude. Rugadh i gCasla, Conamara, í sa bhliain 1941. Bhain sí céim (Gaeilge agus

Fraincis) amach in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 1958 agus chaith sí tamall ina múinteoir meánscoile ar fud na tíre.

Bhain sí clú amach mar aisteoir cumasach sa Taibhdhearc i nGaillimh agus sa

Damer i mBaile Átha Cliath. Bhí an príomhról aici sa dráma An Triail nuair a léiríodh é den chéad uair sa Damer sa bhliain 1964. Chum sí féin agus Mícheál Ó

hAirtnéide an dráma, An Lasair Choille, atá ar chúrsa na hArdteiste faoi láthair.

D’oibrigh Caitlín go dian chun cearta teanga a bhaint amach do mhuintir na Gaeltachta, ach tháinig deireadh tobann lena saol ar 6 Meitheamh 1982, tar éis di a bheith tinn le hailse.

Foilsíodh dhá chnuasach léi tar éis a báis; Caitlín Maude: Dánta (1984) agus

Drámaíocht agus Prós (1988). Foilsíodh Caitlín Maude: Dánta, Drámaíocht agus

Prós sa bhliain 2005.

“Tugtar léiriú dúinn sa dán Géibheann ar an gcodarsnacht idir dhá thréimhse éagsúla i saol an ainmhí.” É sin a phlé.

Tugann Caitlín Maude léiriú éifeachtach dúinn sa dán Géibheann ar an gcodarsnacht idir dhá thréimhse éagsúla i saol an ainmhí. Tugann an chéad véarsa léargas dúinn ar an tréimhse i saol an ainmhí nuair a bhí sé saor. Tugann an dara véarsa léargas dúinn ar an tréimhse i saol an ainmhí nuair a bhí sé daor. Is teicníc filíochta í seo a théann go mór i bhfeidhm ar an léitheoir.

Tá dhá véarsa sa dán agus tá codarsnacht láidir idir an dá thréimhse i saol an ainmhí. Sa chéad véarsa déanann an t-ainmhí cur síos ar an saol a bhí aige nuair a bhí sé saor. Tá stádas ard aige i measc na n-ainmhithe eile agus deir sé féin go bhfuil clú agus cáil air. Feictear áilleacht, láidreacht, cumhacht agus beocht an ainmhí sa véarsa seo. Is é rí na teochreasa é agus, dá bharr sin.

Ainmhí mé… ainmhí allta as na teochreasa a bhfuil clú agus cáil ar mo scéimh…

Feictear cumhacht, stádas agus láidreacht an ainmhí nuair a deir sé go raibh a ghuth chomh láidir sin go gcuireadh sé na crainn ag crith nuair a ligeadh sé búir as.

choithinn crainnte na coille tráth le mo gháir…

Insíonn an focal tráth dúinn, áfach, nach bhfuil saol an ainmhí mar sin a thuilleadh agus go bhfuil athrú tagtha ar a shaol. Feictear an chodarsnacht idir dhá thréimhse éagsúla i saol an ainmhí ag tús an dara véarsa le líne bheag shimplí:

Ach anois…

Leis an dá fhocal sin tuigimid go bhfuil athrú mór tar éis teacht ar an saol a bhí ag an ainmhí. Athraíonn rithim an dáin agus ullmhaíonn sé an léitheoir don athrú atá ag teacht. De réir mar a théann an dara véarsa ar aghaidh, tuigtear dúinn go bhfuil an tainmhí i ndaoirse anois agus nach bhfuil sé saor a thuilleadh. Tá sé i ngéibheann i ngairdín ainmhithe. Tá an tsaoirse caillte aige anois agus tá sé faoi ghlas i ngairdín ainmhithe, gan aon rud le déanamh aige seachas a bheith ag féachaint ar an gcrann amháin atá sa bhanrach aige.

ach anois luím síos agus breathnaím trí leathshúil ar an gcrann aonraic sin thall…

Ní hé go bhfuil sé gan chomhluadar ach oiread. Insíonn sé dúinn go bhfeiceann sé na céadta daoine gach lá, daoine a thagann ar cuairt ag féachaint air. Daoine deasa is ea iad, de réir dealraimh, mar deir an t-ainmhí linn go ndéanfaidís rud ar bith dó:

tagann na céadta daoine chuile lá a dhéanfadh rud ar bith dom…

Ach tá rud amháin nach féidir leis na daoine seo a dhéanamh an t-ainmhí a ligean saor.

Ach mé a ligean amach…

Níl aon saoirse ag an ainmhí sa zú seo. Tá a dhínit agus a neamhspleáchas go hiomlán caillte aige. Is ainmhí marbhánta anois é, níl dúil aige in aon rud níos mó tá a chíocras chun na beatha imithe i ndísc. Bhí saoirse agus neamhspleáchas ag an ainmhí nuair a bhí sé saor. Bhí stádas ard aige i measc na n-ainmhithe eile. Sa dara véarsa áfach, tá saol an ainmhí ina chíor thuathail. Ní hé go gcaitear go holc leis sa zú, ach is príosúnach é i ngéibheann. Tríd is tríd, tugann an file léiriú dúinn sa dán Géibheann ar an gcodarsnacht idir dhá thréimhse éagsúla i saol an ainmhí.

Freagraí Crosfhocail

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Dréimire 2 2024/20245 by gael-linn - Issuu