Dréimire_Caibidil 1_2024/2025

Page 1


Dréimire

2024-2025

Caibidil1

Clár na Caibidle

Léamhthuiscint – Fadhb na Tithíochta

Léamhthuiscint – Ár Scáileán scoilte!

Ceapadóireacht – Dhá Aiste, Díospóireacht, Blag + Aiste le Scríobh

Cluastuiscint

Lean ort ag caint! Comhrá agus Obair scríofa, bunaithe ar na Sraitheanna Pictiúr

Dhá alt – (i) Kamala Harris; (ii) Éide Scoile

Gramadach

Filíocht – An tEarrach Thiar

Prós – An Gháthrud

Prós – A Thig Ná Tit Orm!

Crosfhocal + Leathnú Foclóra

Bígí ag Caint! (Béaltriail)

Léamhthuiscint: Síciatraí Ildánach!

Freagraí Crosfhocail

1. Mí na Bealtaine seo caite d’fhoilsigh an Coimisiún Tithíochta tuairisc a chuir an lasair sa bharrach i measc polaiteoirí. Rinne an Coimisiún 83 mholadh – agus ní raibh na baill féin ar aon fhocal maidir le cuid de na moltaí sin! Dar le lucht an fhreasúra sa Dáil, níl ag éirí leis an bpolasaí, Tithíocht Do Chách, ná le haon pholasaí eile ach oiread. Níor chuir an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, na fáiltí geala roimh an tuairisc ach oiread!

2. Creideann an Coimisiún anois go bhfuil géarghá le gníomh fónta ón rialtas ar an bpointe boise. Tá easnamh tithíochta idir 212,500 agus 256,000 in Éirinn i láthair na huaire. Faoin mbliain 2050 beidh daonra na Poblachta chomh hard le 7.25 milliún. Anuraidh tógadh thart ar 33,000 teach sa stát faoin scéim, Tithíocht Do Chách, ach deir saineolaithe áirithe go mbeidh idir 55,000 agus 60,000 teach nó árasán de dhíth gach bliain chun an t-éileamh ar thithe a shásamh. Tá an phraiseach ar fud na mias, gan dabht!

3. Fadhb eile a bhaineann leis an gceist seo ná an córas pleanála. Sa lá atá inniu ann tógann sé na blianta plean a chur isteach, cead pleanála a fháil agus an tionad a thógáil is a chríochnú áit ar bith sa tír. Molann an Coimisiún gur cheart athruithe a dhéanamh sa chóras pleanála tríd an bpróiseas ar fad a shimpliú agus an píopa pleanála a ghlanadh amach ar bhealach ciallmhar éifeachtach. Moladh eile a bhí ag an gCoimisiún ná deireadh a chur leis an scéim a thugann cead do thionóntaithe i dtithíocht údaráis áitiúil an teach ina bhfuil siad ina gcónaí a cheannach.

3 Tá tithe á ndíol le tionóntaithe ar phraghsanna réasúnta leis na blianta fada agus tá Fianna Fáil ach go háirithe go mór i bhfabhar an nóis seo. Creideann siad sa scéim seo, mar cuireann sé le soghluaiseacht shóisialta agus athraíonn sé stádas an eastáit ó eastát sóisialta amháin go heastát measctha. Creideann an Coimisiún, áfach, go saobhaíonn an nós seo an margadh tithíochta agus go mbaineann sé tithe as an stoc tithíochta sóisialta. Tá bearna mhór idir an rialtas agus an Coimisiún gan dabht ar bith!

4 Creideann iriseoirí mar Cliff Taylor (Irish Times) nach bhfuil sa tuairisc ón gCoimisiún ach cleas chun an mhoill ar thógail tithe a chosaint agus nach bhfuil ann ach aisling nach bhfíorófar go deo. Tuigtear go dtugtar an chluas bhodhar do leas an phobail i gcoitinne níos minice ná a mhalairt. Tá a fhios ag madraí an bhaile gur cheart go mbeadh an tithíocht ar an gcloch is mó ar phaidrín gach rialtais, ach tá an tuairisc seo chomh fada agus chomh tur sin nach gcuirfear gach moladh i bhfeidhm go deo!

5 Caithfidh mé a rá go bhfuil mé an-bhuartha faoi fhadhb na tithíochta in Éirinn inniu. Ní fadhb shóisialta í níos mó, ach ceist eiseach. Feictear don ghlúin óg nach mbeidh réiteach ar an gceist seo luath go leor dóibh agus nach mbeidh siad in ann a dtithe féin a cheannach go deo in Éirinn. Cheana féin tá an-chuid daoine óga ag smaoineamh ar imeacht go tíortha i bhfad i gcéin. Tá an scéal seo thar a bheith brónach agus déanfar dochar nach beag do shochaí na hÉireann mura féidir teacht ar réiteach go luath.

easnamh

cnámh spairne

lasóg a chur sa bharrach

saobhraigh

athbhreithniú breithiúnach eiseach

ganntanas

ábhar conspóide

trioblóid a thosú distort judicial review

existential

1.(a) (i) Dhá phointe eolais uait faoin tuairisc a d’eisigh an Coimisiún Tithíochta. (Alt 1)

(b)Scríobh dhá abairt faoi na deacrachtaí a bheidh ag Éireannaigh idir seo agus an bhliain 2050.

(ii)Céard a cheap lucht an fhreasúra faoin scéal?

(b)Cé hé Darragh O’Brien? An dóigh leat go raibh sé sásta leis an tuairisc? Tabhair fáth amháin le do thuairim.

3.(a) (i) Mínigh an ‘fhadhb eile’ a luaitear ag tús alt a trí.

(ii)Luaigh réiteach amháin a mholann an Coimisiún don ‘fhadhb’ sin.

(b)Cén nós a thaitníonn le páirtí Fhianna Fáil?

4.(a) Céard a cheapann iriseoirí mar Cliff Taylor faoi thuairisc an Choimisiúin? (Alt 4)

(b)Cad a tharlaíonn ‘níos minice ná a mhalairt’?

2.(a) (i) Cad a cheapann an Coimisiún anois? (Alt 1)

Ceisteanna

5. (a) (i) Conas a mhothaíonn údar an tsleachta faoi fhadhb na tithíochta in Éirinn? (Alt 5)

(ii) A bhfuil i gceist ag an údar le ceist ‘eisiach’, dar leat.

(b) Cad air a bhfuil an-chuid daoine óga ag smaoineamh anois?

6. (a) Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt a haon agus sampla de chomhfhocal in alt a dó.

(b) Agus an t-alt thuas léite agat, scríobh cuntas gairid de do chuid féin ar fhadhb na tithíochta in Éirinn.

7. Bunaithe ar an eolas sa sliocht, cén polasaí ar cheart a bheith ag Rialtas na hÉireann maidir le cúrsaí tithíochta? Bíodh alt gairid agat mar fhreagra. (Is leor 60 focal.)

1. Taobh amháin dár scáileán scoilte ná an frith-Ghiúdachas. Tháinig Tomi Reichental slán ó champa géibhinn na Naitsithe, Bergin Belsen, sa bhliain 1945.

na nGiúdach. Ach é sin ráite, tá Giúdaigh áirithe míshásta le feachtas míleata rialtas Netanyahu. Creideann siad i sos cogaidh, i bhfuascailt na ngiall agus i gcainteanna síochána chun deireadh a chur leis an dúnmharú agus leis an ár. Ach de réir dealraimh, is cuma le daoine frith-Ghiúdacha faoi nithe mar sin. Más

Giúdach thú is Giúdach thú agus sin sin!

3. Is fiú féachaint ar shaol na nGiúdach in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tógaimis

scéal Caryna Camerino mar shampla. Duine den sé Ghiúdach déag a tháinig slán ó chos ar bolg na Naitsithe sa Róimh ab ea Enzo, seanathair Caryna. Seoladh na Giúdaigh ar fad, Enzo san áireamh, go hAuschwitz sa bhliain 1943.

Bogadh Enzo agus a dheartháir, Luciano, go Buchenwald, campa eile, ach d’éirigh leo éalú sular tháinig Arm Mheiriceá go dtí an áit sa bhliain 1945. Chreid Enzo – agus creideann Caryna freisin – gur den riachtanas é daoine a chur ar an eolas faoinar tharla do na Giúdaigh ag an am sin.

4. Taobh eile dár scáileán scoilte is ea cás na bPailistíneach. Tá pobal Gaza á marú lá i ndiaidh lae, mná agus páistí ach go háirithe; ach, dá thoradh sin, is mór an tacaíocht atá ag muintir Gaza ar fud an domhain anois. Ní nach ionadh, bhí mic léinn in ollscoileanna na hÉireann le ceangal faoin ábhar seo freisin. Rinne siad agóid lá i ndiaidh lae agus d’iarr siad ar cheannairí na n-ollscoileana a gcuid nascanna le gnónna Giúdacha a bhriseadh go deo.

5. Ar ndóigh, tá ról nach beag ag na meáin shóisialta san ábhar seo. Sin an áit ar aimsigh mé féin meafar an scáileáin scoilte. Ní gá dúinn ach cnaipe a bhrú ar an bhfón cliste chun uafás Gaza a fheiceáil. Tharla eachtraí uafásacha sa Chéad agus sa Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh teacht ag daoine ar na híomhánna gránna ar an bpointe boise. Cé go mbíonn an t-ábhar ar na hardáin shóisialta míchruinn uaireanta, minic go leor is í an fhírinne a bhíonn i gceist. Gach lá dá dtéann thart, bíonn an t-ár in Gaza le feiceáil againn ar ár ngléasanna teicneolaíochta. Ach chun an fhírinne a rá, éiríonn daoine dubh dóite d’fhulaingt dhaonna de réir a chéile agus sin í an fhírinne mas olc maith linn í!

U A I S scáileán roinnte frith-Ghiúdachas campa géibhinn giall cos ar bholg le ceangal dubh dóite de split screen anti-Judaism concentration camp hostage oppression ar buile tinn tuirseach de

1. (a) (i) Mínigh a bhfuil i gceist le frith-Ghiúdachas, dar leat. (Alt 1).

3. (a) (i) Cérbh é Enzo? (Alt 3)

(ii) Céard a tharla sa bhliain 1945?

(b) Cén chaoi ar mhothaigh na Naitsithe faoi na Giúdaigh agus conas a chaith siad leo?

(ii) Luaigh rud amháin a rinne Enzo agus Luciana le linn dóibh a bheith in Buchenwald.

(b) Breac síos rud amháin a chreid Enzo – agus a chreideann Caryna anois freisin.

4. (a) Cén drochíde atá á tabhairt do phobal Gaza? (Alt 4)

2. (a) (i) Cad chuige a ndéantar ionsaí ar Ghiúdaigh, dar leis an údar? (Alt 2)

(b) Scríobh dhá abairt faoina ndearna mic léinn in Éirinn.

(ii) Mínigh an tionchar atá ag ‘fulaingt na bPailistíneach’ ar an scéal.

(b) Cén tuairim atá ag ‘Giúdaigh áirithe’, dar leis an údar?

5. (a) (i) Cén chaoi ar aimsigh an t-údar an meafar, scáileán scoilte. (Alt 5)

(ii) Luaigh buntáiste amháin atá ag na meáin shóisialta.

(b) Mínigh an fhírinne atá i gceist ag an údar.

6. (a) Aimsigh sampla den tuiseal ginideach iolra in alt a trí agus sampla den tuiseal ginideach i ndiaidh réamhfhocail chomhshuite in alt a ceathair.

(b) Scríobh cuntas gairid – 60 focal nó mar sin – ar an úsáid a bhaineann údar an tsleachta as an meafar, scáileán scoilte.

Easaontas i Meiriceá

Toghadh Donald Trump ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá i Mí na Samhna 2016. Ba bheag duine a bhí ag súil lena leithéid de thoradh! Faoin am a chaill sé toghchán Uachtaránachta 2020 i gcoinne Joe Biden, ba iad na cuimhní ba mhó a bhí ag daoine ar a thréimhse i gcumhacht ná scannail, imscrúduithe agus easaontas!

Ag seachtó bliain d’aois, ba é Donald an duine ba shine riamh a toghadh ina

Rinne Teach na nIonadaithe táinseamh ar an Uachtarán Trump arís i Mí Eanáir 2021. Ag dul glan i gcoinne gach fasaigh a bhí ann riamh, dhiúltaigh Trump glacadh le toradh Thoghchán Uacharánachta 2020 – cé go raibh Biden tuairim is 7 milliún vóta chun tosaigh air! Mheall Trump a lán dá lucht leanúna chun ionsaí foréigneach a dhéanamh ar an gCaipeatól ar 6 Eanáir 2021. Gearradh an dara táinseamh air de thoradh an drochiompair sin! Chomh maith leis sin, ba é Donald an chéad Uachtarán sna Stáit Aontaithe a ciontaíodh de bharr feileonachta.

Uachtarán ar Mheiriceá. Ach toghadh Joseph Biden ceithre bliana ina dhiaidh sin ag aois a seachtó is a hocht!

Ba é Donald an chéad Uachtarán Meiriceánach a ndearnadh táinseamh air faoi dhó. I Mí na Nollag 2019, rinne Teach na nIonadaithe, a bhí faoi stiúir na nDaonlathaithe ag an am, táinseamh ar Trump i dtaca le mí-úsáid cumhachta, nuair a rinne sé iarracht brú a chur ar Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, a shrón a shá isteach sa toghchán Uachtaránachta a bhí ag druidim leo. Cuireadh Trump faoi thriail é sa Seanad agus fuarthas neamchiontach é i Mí Feabhra 2020!

Focal scoir daoibh! Is minic a deirtear gur beag ceangal a bhí ag Donald le hÉirinn ná le cultúr na nGael – taobh amuigh den ghalfchúrsa atá aige i gContae an

Chláir. Ní fíor sin in aon chor! Is de chúlra Gaelach é Donald Trump. B’as Oileán Leòdhais i nGaeltacht na hAlban dá mháthair, Màiri Anna Nic Leòid. D’fhoghlaim

sí a cuid Béarla nuair a bhí sí ar an scoil ar an oileán; agus nuair a bhí sí ocht mbliana déag d’aois chuaigh sí ar imirce go Meiriceá, áit a bhfuair sí jab mar chailín aimsire. I Nua-Eabhrac a bhí sí nuair a pósadh í le Fred Trump agus rugadh

Dòmhnall Iain – nó Donald Trump, mar is fearr aithne air – sa bhliain 1946. Ina dhiaidh sin, thug sí cuairt go minic ar a baile dúchais in Albain agus labhair sí Gaeilge aon uair a bhí sí ann.

imscrúdú easaontóir táinseamh fasach Teach na nIonadaithe investigation dissentor impeachment precedent House of Representatives

Obair duit

Scríobh alt gairid de do chuid féin, dar teideal Donald Trump agus cuir eolas de do chuid féin san alt sin.

Scríobh an chaint a dhéanfá i ndíospóireacht scoile ar son nó i gcoinne an rúin seo a leanas: “Is beag rian den Ghaelachas atá fágtha in Éirinn inniu.”

‘Níl an creideamh chomh tábhachtach don óige is a bhí do na glúine a d’imigh romhainn.’

A chathaoirligh, a mholtóirí agus a dhaoine uaisle, cé gur scoil Chaitliceach í seo, is beag tionchar atá aige sin orainne mar dhaltaí. Ar an ábhar sin, beidh mise agus m’fhoireann ag labhairt ar son an rúin inniu.

Ar ndóigh, is deacair labhairt go deifnídeach faoin gceist seo. Is cinnte go bhfuil an creideamh tábhachtach do roinnt daoine óga, ach is léir nach bhfuil sé chomh tábhachtach don óige inniu is a bhí do na glúine a d’imigh romhainn.

Is iomaí cúis atá le heaspa suime daoine sa chreideamh, a dhaoine uaisle. Ar ndóigh, bhí na scannail a bhuail an Eaglais le caoga bliain anuas ina gcúis mhór le fearg agus neamhshuim na n-óg. Chuir fimíneacht na cléire a bhain mí-úsáid as páistí agus as máithreacha singile isteach ar chuid mhór daoine freisin.

Tuigimid ar fad go raibh an tsochaí an-difriúil an t-am úd agus fiú ansin, go raibh mórchuid na cléire ina ndaoine maithe. Ach, a chairde, tá athrú mór tagtha ar shochaí na hÉireann ó shin. Ní raibh sa tír seo fadó ach Caitlicigh den chuid ba mhó. Ní raibh na mórmheáin chumarsáide ann agus ba bheag tionchar a bhí ag an saol mór lasmuigh d’Éirinn ar an tír.

Ní hamhlaidh atá an scéal inniu, a chairde. Tá daoine den uile chineál ina gcónaí anseo anois – agus bíonn tuairimí agus tionchar go leor acu ar an óige. Tá athrú agus forbairt tagtha ar mhoráltacht na n-óg. An rud a d’airigh ár seantuismitheoirí a bheith ina pheaca, breathnaímidne air le súile eile. Creidimid go láidir sa cheart agus sa chothromaíocht, ní maith linn an éagóir. Ach go minic, ní bhíonn an tuairim chéanna ag na sagairt is a bhíonn againne.

Luaigh Leah ó lucht an fhreasúra an spioradáltacht ar ball. Creidim go bhfuil an ceart aici nuair a deir sí go bhfuil an spioradáltacht fós láidir i measc na n-óg. Bímid i gcónaí ag iarraidh ciall a bhaint as an saol, sólás éigin a aimsiú, ceangail a chruthú. Leoga, tá go leor daoine óga a théann ar an Aifreann agus ar na sacraimintí go fóill, ach an nglacann siad, gan cheist, lena mbíonn á rá ag an sagart, mar a tharlaíodh fad ó shin? Ní ghlacann. Tá an lá sin thart!

A dhaoine uaisle, déanann an Eaglais go leor rudaí dearfacha agus creidimse go bhfuil luach mór leis an teachtaireacht atá aici. Ceann de na deacrachtaí is mó a fheicimse ná struchtúr na hEaglaise. Cén fáth nach dtugtar ról mar is ceart ann do mhná, mar shampla? Cén fáth nach nglactar go cothrom leis an bpobal LADT+? Cén fáth a gcuirtear an oiread sin béime ar rialacha agus ar shearmanais agus nach ndéantar ceiliúradh ar luachanna éagsúla an duine. Dar linne, tá cleachtais agus struchtúr na hEaglaise as dáta, baineann siad le saol atá imithe agus is é sin an fáth, a chairde, nach bhfuil an creideamh traidisiúnta beo.

deifnídeach fimíneacht sochaí cothromaíocht éagóir searmanas definitive hypocrisy pobal comhionannas éagothroime ceremony

Obair duit!

Roghnaigh ceann den dá rún seo thíos agus scríobh amach an chaint a thabharfá

féin ar son nó in éadan an rúin sin.

1.

Tá an saol níos fearr inniu ná mar a bhí fadó.

Níl aon áit ag eaglaisí i scoileanna na tíre seo. 2.

éagsúlacht inscne

Bhí am ann nuair nach raibh aon cheist ann faoin inscne ná faoi cé acu an raibh duine ina bhuachaill nó ina chailín. Níl cúrsaí chomh simplí sin inniu! Tuigtear anois go bhfuil daoine ann nach luíonn isteach i gceachtar den dá ghrúpa sin, nach bhfuil cúrsaí inscne chomh dubh agus bán agus a ceapadh riamh anall.

Bhí an tuiscint sin ag go leor cultúr timpeall an domhain leis na cianta cairbreacha. I dtíortha ar leith, ghlac buachaillí áirithe róil bhaineanna agus

cailíní róil, a measadh anseo san Eoraip, a d’oirfeadh ní b’fhearr do bhuachaillí. Go minic, bhíodh stádas ar leith ag na daoine sin i dtíortha amhail an Téalainn, an India, an Afraic, an tSín agus an tSeapáin – agus meas mór orthu. Go deimhin, tá an

stair breac le samplaí de dhaoine nár luigh isteach

leis an múnla traidisiúnta a ceapadh do bhuachaillí agus do chailíní.

Tá go leor faoin ábhar seo nach dtuigimid go fóill. Tá eolaithe ag foghlaim de réir a chéile nach ionann i gcónaí an chuma fhisiciúil a bhíonn ar dhuine agus staid mheabhrach an duine sin. Go hádhúil, tá glacadh níos forleithne sa tír seo le daoine a bhfuil éagsúlachtaí inscne acu ná mar a bhíodh. Ach ina ainneoin sin, ní bhíonn sé i gcónaí éasca do dhuine a bhíonn ag iarraidh inscne nach bhfuil ag teacht lena chorp a léiriú os comhair an tsaoil.

Caitheadh solas ar an bhfadhb seo arú anuraidh nuair a dhiúltaigh múinteoir scoile i gContae na hIarmhí forainmneacha neodracha a thabhairt ar dhalta ar mheas sé

féin a bheith ina bhuachaill. Beidh daoine ann i gcónaí a bheidh in aghaidh cearta a dheonú do dhaoine nach gcloíonn leis na hinscní traidisiúnta. Bíonn na dúshláin chéanna le sárú ag daoine trasinscneacha i go leor tíortha eile ar fud an domhain.

Ar ndóigh, tá daoine ann nach dtuigeann na héagsúlachtaí a bhaineann le cúrsaí inscne. Cloíonn an chuid is mó de na mórreiligiúin leis an múnla traidisiúnta de dhá inscne agus is dócha nach dtiocfaidh athrú air sin go luath.

Go deimhin, tá dóchas ann. Nuair a léirigh J. K. Rowling tuairimí a measadh a bheith maslach do dhaoine trasinscneacha, tháinig an chuid is mó de na haisteoirí óga a bhí páirteach sna scannáin Harry Potter amach chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine trasinscneacha agus chun uisce glan a chur idir iad agus tuairimí an údair. Léiríonn sé sin go bhfuil an óige i bhfad níos oscailte don éagsúlacht ná mar atá an tseanghlúin. Tuigeann siad gur rud maith é éagsúlachtaí a bheith eadrainn.

An rud is tábhachtaí, i mo bharúil féin, ná a bheith cineálta. B’fhéidir go gcreideann tú nach bhfuil ann ach an dá inscne agus tá an ceart sin agat. An rud nach bhfuil ceart ag aon duine a dhéanamh ná leatrom a dhéanamh ar dhaoine leochaileacha ar an ábhar go bhfuil siad difriúil. Dá mbeadh gach duine ábalta a bheith ní ba chineálta lena chéile, ba shonasaí i bhfad a bheadh an saol.

na cianta cairbreacha ó shin

go hádhúil sonasach leochaileach

Obair duit!

Scríobh aiste ar cheann de na topaicí seo.

i bhfad ó shin

luckily séanmhar, sona íogair

Na dúshláin a bhíonn le sárú ag daoine aeracha 1.

An tábhacht a bhaineann le cineáltas 2.

Féile a thaitníonn liom

Taitníonn an Nollaig go mór liomsa, go háirithe na laethanta díreach roimh an Nollaig. Tagann teaghlaigh agus cairde abhaile agus bíonn craic agus spraoi acu. I mo chás féin, is é mo dheartháir mór, Rónán, a thagann abhaile – ó Londain.

Gach bliain tagann sé abhaile don Nollaig. Bímid ar fad ar bís ag fanacht air agus bíonn sé féin ag súil go mór le muidne a fheiceáil freisin.

Is breá liom dul isteach sa bhaile mór roimh an Nollaig. Bíonn daoine ag deifriú ó shiopa go siopa, carúil Nollag á gcanadh ag ceoltóirí sráide, na sráideanna féin maisithe le soilse agus cuma ghleoite an gheimhridh i bhfuinneoga na siopaí.

Atmaisféar draíochtach a bhíonn ann agus spion maith ar chuile dhuine.

Ní thagann San Nioclás chuig an teach s’againne níos mó, ach tá traidisiúin eile againn anois. Fágaimid bronntanais faoin gcrann Nollag agus cuirimid coinnle ar lasadh sna fuinneoga. Ullmhaíonn mo mháthair dinnéar mór blasta, bíonn cúpla deoch againn agus canaimid amhráin. Ar uair an mheán oíche, bíonn cead againn ar fad bronntanas amháin a oscailt.

Deir daoine áirithe gur séasúr uaigneach í an Nollaig agus, b’fhéidir, go mbíonn uaigneas ar roinnt daoine, ach domsa is é an t-am is fearr den bhliain í.

Scríobh aiste duit féin!

Bain úsáid as na ceisteanna thíos chun aiste a ullmhú.

Teideal: An teicneolaíocht i mo shaol

Cad iad na gléasanna teicneolaíochta a úsáideann tú i do ghnáthshaol? Fón póca, táibléad, ríomhaire, uaireadóir cliste, consól cluichí?

An úsáideann tú na meáin shóisialta? Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leo?

An gcabhraíonn an teicneolaíocht leat le d’obair scoile nó le d’obair bhaile?

Conas is féidir leis an teicneolaíocht cabhrú le do shláinte? Smaoinigh ar nithe mar an t-uaireadóir cliste agus aipeanna sláinte.

An úsáideann tú an teicneolaíocht chun teagmháil a dhéanamh le cairde agus gaolta atá thar lear nó in áiteanna difriúla sa tír?

An féidir muinín a bheith agat i gcónaí as rudaí a bhíonn ar an idirlíon?

Cúpla seanfhocal duit:

Múineann gá seift.

Eochair feasa foghlaim.

Cleachtadh a dhéanann máistreacht.

Cloisfidh tú dhá cheann d’fhógraí raidió sa chuid seo. Cloisfidh tú gach

fógra díobh faoi dhó. Beidh sos leis na freagraí a scríobh tar éis na chéad

éisteachta agus tar éis an dara héisteacht.

Fógra a hAon

1. Ainmnigh an tslí bheatha atá ag Séamas Ó Murchú.

Fógra a Dó

1.Ainmnigh an stáisiún raidió a luaitear anseo.

2. Dhá phíosa eolais uait faoin stáisiún raidió sin.

(i)

(ii)

2.Cén dea-scéal atá ag Séamas faoi Nua-Eabhrac agus Bhostún?

3. Ainmnigh an tír ina raibh comórtas an ghradaim ar siúl?

3. Cad a deirtear faoi Chicago agus faoin gCósta Thiar?

4. Cathain a chaithfidh daoine áirithe a bheith ar ais in Éirinn?

4.Cén mhinicíocht raidió a luaitear?

CUID B

Cloisfidh tú de chomhráite sa chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá

díobh . Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin

cloisfidh tú ina é. Beidh sos leis na freagraí a scríobh tar éis gach míre

díobh.

Comhrá a hAon

An Chéad Mhír

An Dara Mír

1.Cá ndeachaigh Lorcán agus a mhuintir ar saoire?

2.Céard a rinne siad gach uile lá?

1.Céard a thaitin le Niamh?

2.Cathain a bhíonn sé an-chostasach do dhaoine a fhanann i mBaile Átha Cliath?

2.Cad iad na ráflaí atá cloiste ag Daithí?

3.Luaigh rud amháin a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Lorcán.

3.Cén fhadhb a bhí á plé ag an gcruinniú?

CUID B (ar lean)

An Dara Mír

1.Cén réiteach a bhí ag cuid de na daoine ar an bhfadhb sin?

3.Céard a chaithfear a dhéanamh i mbailte beaga agus i mbailte móra?

Píosa a Dó

1.Ainmnigh an baile mór inar tharla an timpiste.

2.Cad é an míbhuntáiste is mó atá ag muintir na háite? de phíosaí nuachta raidió/teilifíse sa chuid seo. Cloisfidh . Beidh sos leis na freagraí a scríobh tar éis na chéad

1.Cén cáineadh a rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar Uisce

2.Cad a bhí á dhéanamh ag an mbean mheánaosta nuair a tharla an timpiste?

2.Cad tá á scaoileadh isteach i gcórais uisce áirithe?

3.Cad tá á dhéanamh ag na Gardaí anois?

Ar shraitheanna pictiúr 1, 4, 12, 13 agus 18 atá an obair seo bunaithe. An Scoil an téama atá sna sraitheanna sin – agus cuirfear foclóir cuí ar fáil duit chun tabhairt faoi obair a dhéanamh ar an téama sin.

Foghlaimígí na focail seo thíos ar dtús!

príomhoide

caint an phríomhoide príomhoide tánaisteach

múinteoir ranga/eolaíochta/corpoideachais/gairmthreorach

córas idirchumarsáide/idirchum

torthaí na hArdteistiméireachta

tionól sa halla

ceaintín

scuaine sa cheaintín

tacaíocht do gach dalta

Scolaire na Bliana

Sraith 1: Rialacha na Scoile

Léigí na habairtí seo thíos agus abraigí an bhfuil siad fíor nó bréagach. Abraigí amach an leagan fírinneach d’aon cheann atá bréagach,

4. Bhuail an príomhoide leis na tuismitheoirí, ach ní raibh cead ag na daltaí a bheith san oifig leo.

5. Léirigh an príomhoide an mhíshástacht a bhí uirthi maidir leis na daltaí.

Bhí an príomhoide sa dorchla nuair a labhair sé leis na daltaí. 1.

Leag sí béim faoi leith ar an tábhacht a bhaineann le hatmaisféar sona.

Líonaigí na bearnaí sna habairtí thíos le focail oiriúnacha ón liosta atá faoi chló iodálach anseo.

ngleic - bhaint - de réir a chéile - Chúige - ar fud - ceiliúradh - hÉireann páirt - fógra - bonn

1. Ag tús na scoilbhliana crochadh ar an mballa i gColáiste Phádraig.

2. Bheartaigh roinnt de na daltaí triail a as páirt a ghlacadh sa ghrúpa.

3. Ba léir go raibh duine de na ceoltóirí ag iarraidh dul i le píosa nua ceoil a bhí le foghlaim aici.

4. Theastaigh ón múinteoir go nglacfaidís i gcomórtas.

5. tháinig feabhas mór ar na ceoltóirí agus ghlac siad páirt i bhFleádh Cheoil an Chontae.

6. Ar aghaidh leo an mhí ina dhiaidh sin go Fleádh Cheoil an .

7. Bhí Fleádh Cheoil na ar siúl i Leitir Ceanainn.

8. Bhí atmaisféar iontach an bhaile mhóir.

9. Bronnadh an óir orthu mar an grúpa traidisiúnta is fearr sa tír.

10. Reáchtáladh mór i halla na scoile an tseachtain dár gcionn.

Meaitseálaigí na leaganacha ar chlé ón tsraith pictiúr le leaganacha ar aon bhrí leo ar dheis.

an córas idichumarsáide gairmthreoraí

comhairleoir i leith slite beatha bialann scoile/oifige/ospidéil

cuireadh na ranganna ar ceal an dá shaghas sláinte in éineacht

an lámh in uachtar an ceann is fearr

idir shláinte choirp agus intinne

ceaintín fógraíodh nach mbeadh aon rang ar siúl an t-idirchum

Sraith 13

Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméireacht

Sa ghreille thíos tá tús abairte ar an taobh chlé agus deireadh na habairte ar thaobh na láimhe deise. An féidir leat iad a chur le chéile?

1. Thaitin na ranganna eolaíochta A) de mhothúcháin an bhuachalla

E) leis an ngairmthreoraí

2. Rinne sí coinne
B) ó dhubh go dubh
3. Rinne an cailín neamhshuim C) ag teastáil go géar uaithi
4. Bhí sos agus aer úr D) go mór léi
5. Lean sí uirthi ag obair

Sraith 18

Ag toghadh scoláire na bliana

Líon an spás i ngach abairt thíos le réamhfhocal/forainm réamhfhoclach oiriúnach

ón liosta atá faoi chló iodálach. léi; de; acu; do; le; faoi; ar; di; idir; uirthi

1.Sheas duine na múinteoirí os comhair daltaí bhliain na hArdteiste.

2.Mhínigh an múinteoir na daltaí go mbeadh vóta ag gach duine.

3.D'fhág na daltaí an halla agus bhí sos na maidine .

4.Ar uair an mheán lae, bailíodh na daltaí ar fad chéile sa halla.

5.Bhí na daltaí ar fad bís chun an toradh a chloisteáil.

6.Labhair an príomhoide dhea-thréithe an bhuaiteora.

7.Dúirt sé go raibh sé cinnte go mbeadh gach duine, mhúinteoirí is daltaí, sásta leis an toradh.

8.Ba léir ón mbualadh bos mór a tugadh don chailín go raibh meas mór ag muintir na scoile .

9.Ar theacht in airde ar an stáitse dúirt an príomhoide go raibh an duais tuillte go maith ag an dalta sin.

10.Rinne an príomhoide comhghairdeas ó chroí

An líonfaidh Kamala an bhearna?

Agus deireadh ag teacht le 2024, tá Meiriceá ag ullmhú d’ócáid ríthábhachtach –toghchán an Uachtaráin. Go dtí lár an tSamhraidh, bhí an rás le bheith idir Joe Biden

agus Donald Trump. Bhí an bheirt iarrthóirí seo ina nUachtaráin roimhe seo – agus iad le bheith san iomaíocht don phost arís.

Tá Joe Biden 81 bhliain d’aois. Tá sé

ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe

faoi láthair agus bhí sé mar LeasUachtarán ag Barack Obama. Cheap go leor daoine go raibh se ró-aosta le seasamh don Uachtaránacht arís agus tharraing sé amach as an rás faoi dheireadh ar 21 Iúil. Mhol sé a leasUachtarán Kamala Harris le bheith ina hainmní Daonlathach ina áit.

Bhí Donald Trump ina Uachtarán roimh Biden, ó 2017 go 2021, agus níl seisean ach trí bliana níos óige ná an tUachtarán. Is Poblachtach agus fear gnó aitheanta é Trump. Tá cáil air mar gheall ar a stíl dhíreach chonspóideach. Ar 13 Iúil, scaoil fear óg darbh ainm Thomas Crooks gunna le Donald Trump. Ghortaigh piléar Trump sa chluas agus mharaigh an tseirbhís rúnda Crooks tamall gairid ina dhiaidh sin.

Chaith Kamala Harris ceithre bliana mar leas-Uachtarán ag Joe Biden, áfach, agus thacaigh sí go hiomlán leis na polasaithe ar dhírigh Biden orthu – mar shampla, athrú aeráide, cúram sláinte, agus atógáil an gheilleagair. Ar an lámh eile, dhírigh Trump ar inimirce, ciorruithe cánach, agus an geilleagar a threisiú lena chur chuige Déan Meiriceá Mór Arís.

Ní bhaineann an toghchán seo le polasaithe agus díospóireachtaí amháin,

áfach. Bhí baint ag Donald Trump le go leor cásanna cúirte le tamall anuas, lena n-áirítear imscrúduithe ar a chleachtais ghnó agus a ghníomhartha le linn a Uachtaránachta. I mí na Bealtaine, ciontaíodh é as taifid ghnó a fhalsú.

Is bealach pobalbhreitheanna chun tuairim an phobail a mheas roimh an toghchán féin. Tugann an chuid is mó de na pobalbhreitheanna le fios go bhfuil Trump chun tosaigh ar Harris. I bpobalbhreith eile a rinneadh, dúradh gurbh í Michelle Obama, bean chéile an iar-Uachtaráin Barack Obama an t-aon duine a d’fhéadfadh an bua a fháil ar Donald Trump. Deir Bean Obama nach suim léi a bheith ina hUachtarán, áfach.

Cé gur as an India agus Iamáice iad tuismitheoirí Kamala Harris, maíonn sí gur as Baile Aontroma cuid dá sinsir i bhfad siar. Ní de shliocht Éireannach é

Donald Trump, ach tá ionad gailf aige sa Dún Beag, Contae an Chláir.

Tá tábhacht ag baint leis na toghcháin seo toisc go socróodh siad cé a

dhéanfaidh cinntí a théann i bhfeidhm ar shaol gach duine – sna Stáit

Aontaithe agus ar fud an domhain.

Mar sin, agus lá an toghcháin ag druidim linn ar 5 Samhain, coinnigh súil ar an nuacht agus féach conas tá an rás spreagúil seo ag forbairt. An mbeidh

Kamala Harris mar an chéad bhean le bheith ina hUachtarán ar Mheiriceá nó an éireoidh le Donald Trump teacht ar ais? Beidh le feiceáil!

Obair duit

Cuir agallamh ar Mheiriceánach. An gceapann an duine sin go bhfuil mórán

de dhifear idir Harris agus Trump? An bhfuil Trump ró-aosta? Scríobh alt bunaithe ar an agallamh.

G L U A I S

daonlathach

ainmní piléar

scaoil

seirbhís rúnda

ciorruithe democratic hypocrisy bullet shoot secret service cutbacks

geilleagar a threisliú imscrúdú cúrsaí eacnamaíochta a fheabhsú fiosrú

Is ábhar conspóideach iad éidí scoile le fada an lá. Is breá le roinnt daoine iad, cé nach bhfuil daoine eile chomh cinnte sin fúthu. Cé gur cuid den ghnáthshaol in Éirinn daltaí scoile a fheiceáil agus éidí scoile á gcaitheamh acu, ní chaitear iad i ngach tír ar domhan.

Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann le héidí scoile ná go gcothaíonn siad comhionannas. Nuair a bhíonn na daltaí go léir gléasta mar an gcéanna, is beag seans go dtabharfar breithiúnas orthu mar gheall ar a gcuid éadaigh!

Ar ndóigh, cabhraíonn éidí scoile le daltaí aird a dhíriú ar a gcuid staidéir, seachas ar chúrsaí faisin. Baineann strus le cinneadh a dhéanamh cad tá le caitheamh ag duine gach maidin. Le héide scoile, déantar an cinneadh seo duit, rud a fhágann go mbeidh na maidineacha níos suaimhní – agus níos lú struis ag baint leo. Ar ndóigh, cuireann éidí scoile le sábháilteacht agus le haitheantas fosta.

Ceann de na príomhargóintí i gcoinne éidí scoile ná go gcuireann siad srian ar chumas na ndaltaí iad féin a chur chun cinn mar dhaoine ar leith. Is bealach é éadaí do go leor daoine a bpearsantacht agus a stíl a thaispeáint; agus is féidir le héide bac a chur air seo.

Cé gur féidir le héidí scoile airgead a shábháil do theaghlaigh san fhadtréimhse, baineann costas mór le hiad a cheannach i dtosach báire. Teastaíonn brandaí faoi leith ó scoileanna áirithe a d’fhéadfadh a bheith an-chostasach.

Ní bhíonn gach éide compordach ach an oiread. Bíonn cuid acu róthe nó rófhuar in amanna, ag brath ar an ábhar agus ar an dearadh. D’fhéadfadh

sé sin cur isteach ar dhaltaí agus é a dhéanamh deacair dóibh díriú ar a gcuid oibre sa rang. Braitheann roinnt scoláirí go mbíonn éide scoile seanaimseartha agus nach mbíonn siad san fhaisean is déanaí.

Tá éidí scoile fós ag go leor tíortha ar fud an domhain. I measc cuid de na tíortha ina bhfuil éide scoile coitianta, tá an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, an Astráil agus an Afraic Theas. Ina lán tíortha san Áise agus san Afraic, is rud normálta é éidí scoile a fheiceáil ar dhaltaí.

Sna Stáit Aontaithe, ní chaitear éide scoile go forleathan. Tá roinnt scoileanna a ghlacann leo go fóill, ach sa chuid is mó de na scoileanna i Meiriceá caitheann na daltaí a rogha éadaigh féin. In Éirinn, ar an lámh eile, téann traidisiún na n-éidí scoile siar go dtí tús an fichiú haois –agus roghnaigh go leor scoileanna éide scoile mar bhealach chun smacht agus féiniúlacht na scoile a chothú.

Tá idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí ag baint le héidí scoile. Mar is amhlaidh le haon díospóireacht eile, tá sé riachtanach breathnú ar an dá thaobh den argóint agus na daltaí féin a choinneáil sásta.

G L U A I S conspóideach comhionannas fadtréimhse

dearadh

achrannach

equality fadtéarma design

Obair duit

Cuir agallamh ar mhúinteoir éigin i do scoil. An gceapann an múinteoir sin go bhfuil éidí scoile tábhachtach? An mbaineann siad leis an am a chuaigh thart?

Scríobh alt bunaithe ar an agallamh sin.

An tAinmfhocal agus an tAlt

Úsáidtear ainmfhocal chun ainm duine, áite nó ruda a chur in iúl.

Samplaí: Seán, Loch Garman, peann

Ag obair i mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga, déanaigí iarracht smaoineamh ar roinnt samplaí eile.

Bíonn ainmfhocail na Gaeilge firinscneach nó baininsceach.

Go minic críochnaíonn cinn fhirinscneacha ar chonsan

leathan* – agus cinn bhaininscneacha ar chonsan caol*. leid

Gutaí agus consain

Gutaí is ea a, e, i, o agus u. Bíonn a, o agus u leathan – agus e agus i caol.

Consain is ea litreacha eile na haibítre – b, c, d, f, g, etc.

Bíonn consan caol nuair a bhíonn guta caol díreach roimhe – leis, caibidil. Bíonn

consan leathan nuair a bhíonn guta leathan díreach roimhe – scadán, tor, bus.

Obair agus féinmheasúnú duit

Féach ar na hainmfhocail thíos. Cuir ‘f’ leis na cinn atá firinscneach agus ‘b’ leis

na cinn atá baininscneach, dar leat. Ansin malartaigh do chuid freagraí leis an duine in aice leat agus ceartaígí obair a chéile, de réir mar is gá.

óinseach doras fiacail fear pictiúir

stíl fuil dornán sráid cathair

earrach leabhar páipéar bád péint

sluasaid scriosán ceimic inis rang

Agus tú ag déanamh staidéir ar na leideanna sa ghreille thíos, ná déan dearmad go bhfuil cuid mhór eisceachtaí i dteanga na Gaeilge – díreach mar atá sa Bhéarla!

F i r i n s c n e a c h

ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan leathan – béar, margadh, solas, am, cnoc, carr, féar, aistriúchán

slite beatha – léachtóir, rúnaí, múinteoir, dochtúir, altra, ailtire, eolaí, siúinéir

ainmfhocail aonsiollacha a chríochnaíonn ar (e)acht – slacht, ceacht, racht, leacht, acht…

ainmfhocail ag críochnú ar ín – féirín, ispín, crúiscín, cailín, lúidín…

an-chuid de na hainmfhocail a chríochnaíonn ar ghuta – cófra, lampa, treo, stábla, balla, campa, banna, féilire

B a i n i n s c n e a c h

Ainmfhocail a chríochnaíonn ar óg, eog agus lann – póg, eitleog,

leabharlann, milseog, marbhlann, brádóg

Ainmfhocail ilsiollacha ag críochnú ar (a)íocht, (e)acht – teicneolaíocht,

miotalóireacht, ceapadóireacht

Tíortha, teangacha agus aibhneacha – an Ghearmáin, an Fhraincis, an tSionainn, Éire, an Ghaeilge, an tSeapáin, an tSeapáinis

Nóta: Sasana, Ceanada agus Meiriceá firinscneach!

I gcás na n-ainmfhocal ar an liosta thíos, cuir ‘f’ leis na cinn atá firinscneach agus ‘b’ leis na cinn atá baininscneach, dar leat. Ansin ceartaigí beirt bhur gcuid freagraí le chéile.

dlíodóir Béarla léine clós

mótár rinceoir gruaig sráid

sagart uachtarlann óinseach baile

leabharlann bainisteoir saotharlann eitleog príosún sconna iodáilis cainteoir

Alt(an) agus ainmfhocal le chéile an agus na

Déan staidéar ar na samplaí seo.

Firinscneach

Baininscneach

Ag tosú ar ghuta éisteoir an t-éisteoir áit an áit

Firinscneach

Baininscneach

Ag tosú ar chonsan bád an bád bainis an bhainis

Ag tosú ar d nó ar s doras siúinéir an doras an siúinéir doineann seachtain an doineann an tseachtain

Foghlaimímid an méid seo a leanas ón ngreille thuas.

Tar éis an ailt (an) –

Cuirtear t- roimh ainmfhocal firinscneach a thosaíonn ar ghuta.

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocal baininscneach a thosaíonn ar ghuta.

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocal firinscneach a thosaíonn ar chonsan, ach

cuirtear séimhiú ar ainmfhocal baininscneach sa chás céanna.

Ní dhéantar aon athrú ar d ná ar t – firinscneach ná baininscneach.

Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocal firinscneach a thosaíonn ar s, ach

cuirtear t roimh ainmfhocal baininscneach.

Tá an geimhreadh ag teacht.

Tá simléar ar bharr an tí.

Is maith liom na daoine sin.

Tá an aiste seo dúshlánach .

Rith sí ar nós na gaoithe.

Tá na doirse oscailte.

Seo mar a bhíonn, mar sin! an san uimhir uatha de ghnáth an sa ghinideach uatha firinscneach agus na sa ghinideach uatha baininsaceach

Gramadach

Úsáidtear aidiachtaí chun eolas breise a thabhairt faoin ainmfhocal.

Cuirtear séimhiú ar an aidiacht nuair a leanann sí ainmfhocal baininscneach.

Féach ar na samplaí seo den aidiacht leis an ainmfhocal.

Baininscneach Firinscneach

an áit mhór an teach mór

an bhean chliste an cailín ciallmhar

an scoil bheag an t-oileán glas

an tseachtain fhada an halla beag

Cuir an t-alt (an) agus an aidiacht maith le gach ceann de na hainmfhocail seo thíos.

scoil grúpa fuinneog fón buachaill leabhar scannán imeacht áit asal

an tearrach thiar

An File Rugadh Máirtín Ó Direáin i gCill Rónáin (ar Inis Mór) sa bhliain 1910. Ba é an duine ba shine sa chlann é, ach ní raibh sé ach seacht mbliana d’aois nuair a fuair a athair bás.

Sa bhliain 1928 fuair Máirtín post mar chléireach in Ard-Oifig an Phoist, Gaillimh.

Naoi mbliana ina dhiaidh sin fuair sé post buan mar státseirbhíseach sa Roinn

Oideachais. Mar sin, d’imigh sé go Baile Átha Cliath, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol. D’fhill sé ar Inis Mór go minic le linn a shaoil, ach níor éirigh leis dul chun cónaithe ann riamh ina dhiaidh sin. Bhraith sé go mór uaidh a oileán agus a mhuintir. Ba í an chumha sin a spreag é chun filíocht a chumadh den chéad uair –sa bhliain 1938.

Níl aon amhras ach gur chuir Máirtín tús le ré nua i bhfilíocht na Gaeilge – agus ba í íomhá an oileáin an téama ba mhó agus ba choitianta ina chuid scríbhneoireachta. File rathúil ab ea é agus, i measc na leabhar atá foilsithe aige, tá Coinnle Geala (1942), Ó Mórna, agus Dánta Eile (1957) agus Ár Ré Dhearóil (1962). Cailleadh é sa bhliain 1988.

Cuimhní an fhile ar a oileán dúchais

Sa dán An tEarrach Thiar, déanann Máirtín Ó Direáin plé ar nósanna an tsaoil ar

Inis Mór nuair a bhí sé óg. Insíonn sé dúinn faoina oileán dúchais san earrach agus

feicimid na cuimhní atá aige ar na nósanna a bhíodh ag muintir an oileáin le linn an tséasúir sin. Ba mhinic a smaoinigh Ó Direáin ar shaol an oileáin. Bhí cumha an tsaoil air i ndiaidh a bhaile agus i ndiaidh a mhuintire. Feictear sa dán seo na

cuimhní atá ag an bhfile ar na nósanna, na radhairc agus na fuaimeanna a bhain le saol an oileáin san Earrach.

Nós eile a bhí coitianta ar an oileán ag an am ná feamainn a bhailiú agus a úsáid mar leasú talún. Bhailítí an fheamainn san Earrach agus ansin chuirtí sa chré í. Sa dara véarsa feicimid íomhá den fheamainn ag lonrú i dtaitneamh na gréine. Téann an radharc seo i bhfeidhm orainn, mar léiríonn sé dúinn an áilleacht a bhain leis an oileán sanEarrach.

Is an fheamainn dhearg

Ag lonrú

I dtaitneamh gréine

Déanann Máirtín cur síos ar obair shimplí

thraidisiúnta na ndaoine i ngach véarsa den dán. Tá suaimhneas agus sonas le brath i ngach

véarsa. Sa chéad véarsa déanann Máirtín cur síos ar gharraíodóir ag obair ina gharraí.

Le linn dó a bheith ag glanadh na cré den spád, níl fuaim ar bith le cloisteáil seachas an fhuaim a dhéanann sé féin le linn dó a bheith ag glanadh na spáide. Is íomhá shuaimhneach, shíochánta í seo.

Fear ag glanadh cré

De ghimséan spáide

Sa gciúineas shéimh

I mbrothall lae…

Ar dhuirling bháin…

Ní dhéanann Máirtín dearmad ar an ról tábhachtach a bhíodh ag mná san Earrach. Sa tríú véarsa déanann sé cur síos orthu agus iad ag obair sna locháin cois cladaigh. Agus iad ag obair sna locháin, feicimid a scáthanna ar na locháin. Cosúil leis an radharc a bhí againn sa chéad véarsa, tá an radharc seo síochánta, ciúin agus suaimhneach.

Mná i locháin

In íochtar diaidh-thrá

A gcótaí craptha,

Scáilí thíos fúthu:

Támh-radharc síothach…

Ansin sa cheathrú véarsa tá an íomhá is síochánta ar fad atá ag an bhfile ar an saol ar a oileán dúchais. Agus ní hamháin go bhfuil íomhá láidir cruthaithe aige, ach tá fuaimeanna ann chomh maith. Déanann an file cur síos ar na hiascairí ag teacht abhaile i ndiaidh a bheith amuigh ag iascaireacht ar an bhfarraige. Tá siad i gcurach lán d’éisc tar éis lá iascaireachta – iad ag rámhaíocht abhaile ar bhfarraige órga chiúin. Deir an file go bhfuil na maidí rámha le cloisteáil ar an bhfarraige. Cuireann an fhuaim shuaimhneach shíochánta sin go mór le hatmaisféar draíochtach an dáin.

Ní dhéanann Máirtín dearmad ar an ról tábhachtach a bhíodh ag mná san Earrach. Sa tríú véarsa déanann sé cur síos orthu agus iad ag obair sna locháin cois cladaigh. Agus iad ag obair sna locháin, feicimid a scáthanna ar na locháin. Cosúil leis an radharc a bhí againn sa chéad véarsa, tá an radharc seo síochánta, ciúin, agus suaimhneach.

Ó thús go deireadh an dáin, déanann Máirtín Ó Direáin cur síos ar na cuimhní atá aige ar an saol a bhí aige ar a oileán dúcháis agus é óg.

Atmaisféar an Dáin

Déanann an file athrá ar theideal an dáin ag deireadh gach véarsa. Is tríd an teicníc seo a chruthaíonn sé atmaisféar an dáin. Tá atmaisféar suaimhneach, sona, síochánta le brath ar an dán seo agus Ó Direáin ag déanamh cur síos ar na cuimhní atá aige ar a oileán dúchais san Earrach. Tá fuaimeanna agus radhairc áille, cheolmhara i ngach véarsa. Cuireann an t-athrá seo in iúl dúinn go dtarlaíonn na nithe seo ar an oileán san Earrach. Chomh maith leis sin, cuireann an t-athrá béim ar chuimhní an fhile ar an saol a bhí aige ar Inis Mór agus é óg.

G L U A I S

athrá brath cumhach

rathúil

garraí

leasú talún rámhaíocht

Obair duit!

rud a rá arís agus arís eile

Baintear úsáid as aidiachtaí moltachta i ngach uile véarsa. Mar shampla, úsáideann

Máirtín na focail séimh, binn, niamhrach, támh agus síothach. Is turas cumhach siar ar bhóithrín na smaointe é an dán seo. Teicníc eile atá sa dán seo ná an leas a bhaineann Ó Direáin as gutaí fada. Léann an léitheoir an dán go réidh mall mar gheall ar na gutaí fada seo agus is cleas é seo a chuireann go mór le hatmaisféar an dáin. Tá ciúnas, suaimhneas agus síocháin le brath againn de réir mar a léimid gach véarsa.

rowing

Oscail do chuntas Spotify agus déan cuardach ar Mháirtín Ó Direáin. Éist leis an bhfile féin ag léamh An tEarrach Thiar.

“Ní raibh Máirtín Ó Direáin sásta i mBaile Átha Cliath. Bhraith sé uaidh a oileán i gcónaí.” Déan plé ar an gcodarsnacht idir saol na tuaithe agus saol na cathrach.

An raibh tú riamh as baile agus cumha ort i ndiaidh do mhuintire? Cén

sórt rudaí a bhraith tú uait?

Déirdre Ní Ghrianna

“Is bocht an cur síos a thugtar sa scéal seo ar thrioblóidí na Sé Chontae.” An ráiteas sin a phlé. Is scéal nua-aimseartha é seo, ach ní go dtí an deireadh a thuigeann an léitheoir gur tharla sé nuair a bhí na trioblóidí faoi lán seoil sa taobh ó thuaidh den oileán seo. Ní hionann sin is a rá gur bocht an cur síos a thugtar ar na trioblóidí, áfach.

Feictear, sa ghníomh mór marfach amháin ag deireadh an scéil, an deighilt atá idir an dá phobal sna Sé Chontae –pobal na Náisiúnaithe agus pobal na nAontachtaithe. Tá an nod is láidre le fáil in ainmneacha na gcarachtar sa scéal. Ní fios cén taobh den deighilt ar a luíonn duine den ainm Jimmy, Micí ná John, ach tá Sarah, Elizabeth, Margaret agus Billy an-soiléir ar fad. Agus faraor, mar gheall ar an stair achrannach a bhaineann le Tuaisceart Éireann, chiallaigh an pósadh ‘measctha’ idir Caitliceach agus Protastúnach, nó idir náisiúnaí agus dílseoir, go mbeadh daoine eile ar buile dá bharr. Is léir gur mar sin a tharla agus gurbh é sin an fáth ar maraíodh Jimmy, ainneoin go mba fhear maith, grámhar, díograiseach é.

Spreagtar an léitheoir chun machnamh a dhéanamh ar an saol i mBéal Feirste, ar an mbaol a bhí ann don ghnáthdhuine agus é i mbun an ghnáthshaoil, go marófaí é gan trua, gan trócaire. Cuirtear gnáthfhear inár láthair, é ag ól lena chairde i ndiaidh ghnáthlá oibre, i ngnáth-theach tábhairne. Luaitear gur shuigh na pótairí ann ar na stólta céanna gach seachtain fiú – an gnáthstól.

“D’aithin sé na haghaidheanna uilig agus thug sé fá dear go suíodh achan mhac máthar acu ar an stól chéanna gan teip.”

Tugtar ‘deasghnátha na hAoine’ ar na nósanna a bhíodh acu seachtain i ndiaidh seachtaine, mí i ndiaidh míosa. Oíche Aoine sa teach tábhairne lena chairde, bia Síneach ina dhiaidh, an béile céanna gach seachtain. “An gnáthrud,” a deir an bhean óg atá ag obair sa bhialann. Tá Sarah, bean chéile Jimmy, sa bhaile ag tabhairt aire do na páistí, mar is gnách. Is iomaí bealach atá ag an údar chun béim a chur ar an normáltacht a bhaineann leis an saol, ach tagann deireadh tobann leis an normáltacht agus le saol Jimmy dá bharr, nuair a phléascann splanc solais i lár na hoíche, ó ghunna gránna.

Is ag an bpointe sin amháin, is gá don léitheoir tosú ag smaoineamh siar ar na noda ar fad a bhí ar fáil tríd an scéal, ar ghnáthamh shaol Jimmy, ar an normáltacht a bhain le gach rud ann. Gan amhras, is trí bhéim a leagan ar an normáltacht i rith an scéil, a éiríonn leis an údar méid agus uafás an mharaithe a chur ina luí orainn. Is ansin a thosaíonn an léitheoir ag smaoineamh ar an gcaillteanas, ar an gcur amú, ar an ngráin, ar an éigiall a bhain le heachtraí na hoíche. Agus tá seans ann, má smaoiníonn go leor againn air sin uilig, gur féidir linn beart a dhéanamh chun deireadh a chur lena leithéidí ar ár n-oileán

Ceisteanna duit

Cur síos gairid uait ar dhá cheann ar bith de na tréithe a bhaineann le Jimmy agus le Sarah, dar leat.

Ar thaitin an scéal seo leat? Tabhair dhá chúis le do fhreagra.

Déan léiriú gairid ar théama an scéil seo.

Maidhc Dainín Ó Sé

Maidir leis an dírbheathaisnéis A Thig Ná Tit Orm, déan plé ar ghné amháin den scríbhneoireacht a thaitníonn leat.

Gné amháin den leabhar, A Thig Ná Tit Orm, a thaitníonn go mór

liomsa ná an chaoi a ndéanann Maidhc Dainín cur síos ar eachtraí a tharla dó. Cuireann sé an t-eolas os comhair an léitheora i stíl nádúrtha, ag tabhairt mionsonraí a dhéanann an cur síos anréalaíoch. Is é an toradh atá air sin ná go bhfaigheann an léitheoir tusicint an-mhaith ar na heachtraí go léir.

Tógaimis mar shampla an oíche a bhuail Maidhc le hEibhlín. Luann sé ar dtús a chuid ullmhúcháin sa bhaile: go raibh a chuid éadaigh Dhomhnaigh air agus hair oil ina chuid gruaige. Samhlaímid é ar rothar a Mham lena bhosca ceoil a bhí chun tosaigh agus é ar a shlí chun an chéilí. Mothaímid an t-atmaisféar a bhí taobh amuigh den halla de bharr an cur síos ar ‘an fothram agus an sciotaraíl agus an chaint’. Cloisimid fiú an bualadh bos a fuair sé nuair a shiúil sé isteach sa halla agus tuigimid an brú a bhí air go mbeadh air ligean air go raibh fios a ghnó aige!

Ón gcur síos a thugann Maidhc tuigimid go raibh sé i bponc maidir le bualadh le cailín an oíche sin de bharr go raibh sé ar an stáitse ag seinm a fhad is a bhí na buachaillí eile saor chun iarraidh ar chailín rince a dhéanamh leo. Baineann simplíocht álainn leis an tslí ar chuir Maidhc a shúil ar chailín áirithe: ‘aghaidh dheas chineálta uirthi, gúna gorm agus folt gruaige ag titim síos go bun a droma.’ B’éigean don mhúinteoir a rá leis a dhá shúil a chur ar ais ina cheann nuair a d’imigh sé ar strae ina chuid ceoil!

Tá úsáid an chomhrá a bhí eatarthu an-éifeachtach agus cloisimid Maidhc ag cur na ceiste, “An mbeadh aon seans ar date?” Tá an léitheoir ar bís ag fanacht leis an bhfreagra, díreach mar a bhí Maidhc féin, is dócha! Agus de bharr mhacántacht stíl

an údair tuigimid go raibh sé brodúil as a ghaisce date a shocrú le cailín gan bogadh den stáitse!

Coiméadann Maidhc an teannas sa scéal seo, mar in aineoinn go bhfaigheann sé freagra dearfach ar a cheist, tagann dúshlán chuige i bhfoirm Sheáin Mhóir Uí

Dhomhnaill. ‘Buachaill dathúil ab ea é seo, gruaig dhubh mhéiríneach air agus bua

na cainte aige’ – agus é ag caint le hEibhlín! Ach d’fhéach Eibhlín ar Mhaidhc, mhothaigh sé nach raibh suim dá laghad aici i Seán agus bhí faoiseamh air nuair a chas Seán chuige, smuta gáire ar a aghaidh agus a dhorn dírithe air! Bhí an bua ag

Maidhc! Ag fágáil an halla go gairid ina dhiaidh sin ceistíonn Seán Maidhc: “Inis dom conas a dheinis an bheart ar bhean Luimnigh gan corraí den stáitse.”

Trí úsáid an chomhrá a tharla ag an am agus le cabhair ó mhionsonraí, éiríonn le Maidhc eachtraí na hoíche sin a chur os comhair an léitheora. Insíonn sé an scéal i slí nádúrtha agus san ord inar tharla rudaí.

Ní chuireann sé ornáideachas leis an gcur síos, ach coimeádann sé na fíricí simplí agus beacht. D’imigh Maidhc ón halla lena láimh timpeall ar chailín agus tá an léitheoir chomh sona is a bhí Maidhc féin leis sin.

Crosfhocal daoibh!

Baineann na nodanna thíos le hábhar an taifeadta. An féidir libh iad

a oibriú amach agus a líonadh isteach sa chrosfhocal?

(Freagraí ag deireadh na caibidle seo!)

Trasna

2 - cathair mhór i Meiriceá (6)

5 - san _____ le; i gcomórtas le (9)

7 - ticéad _____ = ticéad a thabharfaidh go ceann scríbe agus ar ais abhaile thú (6)

8 - cuir amach ar an aer – e.g., ar an raidió (5)

10 - maoin, saibhreas (8)

11 - meallacach, mealltach (13)

Síos

1 - cáil, onóir (e.g., mar dhuais (6)

2 - den scoth, foirfe, an-mhaith ar fad (9)

4 - uile, go léir (5)

6 - toilteanach, de do dheoin féin (7)

9 togha, piocadh (5)

Leathnú foclóra don chluastuiscint

Chuala tú na téarmaí seo thíos ar chlé sna míreanna cluastuisceana.

An féidir leat iad a mheaitseáil leis na cinn ar dheis?

1 sult A an seachtú mí den bhliain

2 an Spáinn B daor 3 Iúil C chuile, gach

4 óstán D tír mhór san Eoraip

5 gar do E cuideachta

6 cibé ar bith F cén fáth? cad ina thaobh?

7 achan G sásamh, taitneamh

8 ceolchoirm H cuma fhíordheas

9 costasach J teach aíochta, óstlann 10 cad chuige? K ach go háirithe, ar aon nós 11 áilleacht L seisiún ceoil poiblí

12 comhluadar M cóngarach do

Cum abairtí de do chuid féin agus bíodh nathanna cainte ón liosta ar chlé thuas agat iontu.

Sampla – Chuaigh buachaillí ón séú bliain go scoil na gcailíní inné agus caithfidh mé a rá go raibh na buachaillí go léir an-tógtha le comhluadar deas na gcailíní.

Bígí ag caint! Is cuid an-tábhachtach den scrúdú Gaeilge í an bhéaltriail – 40% de na marcanna iomlána! Cleachtadh a dhéanann máistreacht, a deirtear; agus is fíor sin nuair a bhíonn duine ag foghlaim teanga ar bith. Mar sin, bígí ag caint Gaeilge go minic agus glacaigí leis na comhráite thíos mar bhealach maith chun deis a fháil an teanga a chleachtadh.

Obair daoibh! Is minic a chuirtear an cheist seo sa bhéaltriail: Céard ba mhaith leat a dhéanamh tar éis na hArdteiste? Ar ndóigh, tá dhá fhreagra ar féidir a thabhairt ar an gceist, mar is féidir smaoineamh ar (i) an tréimhse díreach i ndiaidh na hArdteiste nó (ii) ar an bplean ginearálta atá agat don todhchaí.

(i) Díreach i ndiaidh na hArdteiste

Glacaigí beirt páirt sa chomhrá thíos agus léigí bhur bpáirteanna amach os ard.

Anois cuireadh an té a ghlac páirt Eoin thuas na ceisteanna thíos ar an té a ghlac páirt Nóra. (Cumaigí freagraí áit ar bith nach bhfuil an freagra sa téacs!)

Eoin: Céard ba mhaith leat a dhéanamh nuair a bheidh an Ardteist déanta agat, a Nóra?

Nóra: Tá sé i gceist agam dul go dtí an Ghearmáin, a Eoin.

Eoin: Cén fáth an Ghearmáin?

Nóra: Tá an Ghearmáinis mar ábhar agam ar scoil agus taitníonn sí go mór liom.

Nuair a bhí mé san idirbhliain chaith mé mí iomlán in Bonn. Thaitin Bonn go mór liom. Bhí cailín ar aon aois liom sa teach agus bhí deis agam dul ar scoil léi gach lá.

Bhí sé sin an-suimiúil – agus tháinig feabhas mór ar mo chuid Gearmáinise.

Eoin: An rachaidh tú chuig Bonn an uair seo agus an bhfanfaidh tú ann an t-am ar fad?

Nóra: Rachaidh, cinnte, ach tar éis trí nó ceithre lá tá sé i gceist agam taisteal timpeall na tíre. Is féidir ticéad míosa a fháil ar na traenacha sa Ghearmáin agus taisteal aon áit is maith leat ar €49! Is iontach an margadh é sin.

Eoin: Wow! Feicfidh tú go leor áiteanna suimiúla mar sin!

Céard ba mhaith le Nóra a dhéanamh díreach i ndiaidh na hArdteiste?

An raibh sí sa Ghearmáin cheana?

Cén chathair a thaitin go mór léi?

An raibh an teaghlach ar fhan sí leo deas?

Cén t-ainm a bhí ar an gcailín Gearmánach?

An bhfuil sé i gceist ag Nóra fanacht leis an teaghlach a fhad is bheidh sí sa Ghearmáin?

Cén chaoi a mbeidh sé éasca di taisteal ar fud na Gearmáine?

Cén teanga a labhróidh Nóra?

(ii) Plean don todhchaí

Glacaigí beirt páirt sa chomhrá thíos agus léigí bhur bpáirteanna amach os ard.

Úna: Cén cúrsa atá mar chéad rogha agat ar an bhfoirm CAO, a Éanna?

Éanna: Chuir mé an cúrsa múinteoireachta trí Ghaeilge i Marino síos mar chéad rogha.

Úna: Cúrsa oiliúna as Gaeilge? Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid ann. Is dócha nach bhfuil mórán daoine ag cur isteach ar an gcúrsa sin.

Éanna: Ní fíor sin. Tá an-éileamh ar an gcúrsa agus, dá bharr sin, tá na pointí ard.

Úna: An dóigh leat go n-éireoidh leat áit a fháil?

Éanna: Tá súil agam go n-éireoidh liom. Tá mé ag obair go dian – agus, chomh maith leis sin, chaith mé dhá mhí sa Ghaeltacht anuraidh. mar tá uncail liom ina chónaí i nDún

Chaoin, Contae Chiarraí. Labhraíonn sé Gaeilge lena theaghlach agus, mar sin, bhí deis agam Gaeilge a labhairt leo gach lá.

Úna: Cá bhfanfaidh tú má éiríonn leat áit a fháil ar an gcúrsa sin?

Éanna: Sin ceist mhaith. Tá sé an-deacair lóistín a fháil i mBaile Átha Cliath, ach tá súil

agam go mbeidh mé in ann teach a fháil ar cíos i nGlas Naíon le triúr de mo chairde. Tá aithne mhaith agam ar cheantar Ghlas Naíon.

Úna: Nach mbeidh sé sin an-chostasach?

Éanna: Beidh. Agus is cinnte go mbeidh orm obair pháirtaimseartha a fháil. Beidh sé deacair a bheith ag staidéar agus ag obair ag an am céanna, deirtear.

Úna: An bhfuil sé i gceist agat a bheith i do chónaí le cairde scoile?

Éanna: Tá, cinnte. Beidh mé féin agus beirt de mo chairde ag dul go Marino le chéile, tá súil againn.

Úna: An mbeidh lá oscailte ag an gcoláiste?

Éanna: Is dócha go mbeidh, ach níor chuala mé faic faoi sin go fóill.

Anois cuireadh an té a ghlac páirt Nóra thuas na ceisteanna seo a leanas ar an té a ghlac páirt Éanna. (Cumaigí roinnt ceisteanna agus freagraí de bhur gcuid féin freisin.)

Ceisteanna

1.Cén cúrsa ar mhaith leat a dhéanamh sa choláiste?

2. Cén fáth ar mhaith leat a bheith i do mhúinteoir?

3. An dóigh leat gur maith an rud é cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh trí Ghaeilge?

4. Cén chaoi a gcabhraíonn tréimhse sa Ghaeltacht le líofacht sa teanga?

5. An mbeidh lá oscailte ag an gcoláiste?

6. An bhfuil sé éasca teach a fháil ar cíos in Éirinn?

7. An bhfuil sé i gceist agat teach a roinnt le cairde?

8. An mbeifeá sásta le teach nach mbeadh ach seomra folctha amháin ann?

9. An mbeidh sé costasach cónaí i mBaile Átha Cliath?

Sa ghreille thíos tá tús abairte ar an taobh chlé agus deireadh na habairte ar thaobh na láimhe deise. An féidir libh iad a mheaitseáil le chéile?

10. An mbeidh ort post páirtaimseartha a lorg?

gá obair go dian

ar siúl in go leor de na coláistí tríú leibhéal

tréimhse sa Ghaeltacht nó i dtír iasachta F dhéanann máistreacht

margadh maith é G dul ar scoil i dtír iasachta

Síciatraí Ildánach!

1 Rugadh an tOllamh Ivor Browne ar 18 Márta 1929. Chónaigh sé lena mhuintir i gCuas an Ghainimh i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh athair Ivor i mbanc i lár na cathrach agus

throid sé in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Ba Phrotastúnach í a bhean,

Gracie Darling. Níor bhraith Ivor go raibh baint aige leis an gcultúr Caitliceach, a bhí go

mór i réim in Éirinn ag an am. Chuaigh sé go Coláiste na Carraige Duibhe, áit ar chuir sé

suim mhór sa snagcheol. Bheartaigh sé céim a dhéanamh sa leigheas, ach chuir an eitinn deireadh leis an bplean sin agus chaith sé an-chuid ama ag teacht chuigé féin sa bhaile. Sa bhliain 1947, d’éirigh leis áit a fháil i gColáiste Ríoga na Lianna agus na Máinlianna i

mBaile Átha Cliath.

2 Bhain Ivor an chéim amach sa bhliain 1954 – agus bheartaigh sé a bheith ina shíciatraí. Mar sin, chláraigh sé in Ospidéal Síciatrach Naomh Breandán i nGráinseach Ghormáin, Baile Átha

Cliath. Bhí suas agus anuas le 2,000 othar san ospidéal sin –agus thart ar 100 duine i ngach barda. Thaitin a shlí bheatha nua

go mór le hIvor agus, sa bhliain 1956, chaith sé tréimhse mar thraenálaí in Ospidéal Warneford in Oxford.

Mhol duine de na dochtúirí dó gan a bheith rómhór faoi anáil na dtreoracha a bhí san fhaisean ag an am maidir le síciatracht, ach a bhealach féin a aimsiú ina shaol gairmiúil. Ní

dhearna Ivor dearmad riamh ar an gcomhairle sin agus lean sé a bhealach féin i gcónaí.

3 Ansin rinne Ivor comhaltacht i meabhairshláinte phoiblí agus phobail in Ollscoil Harvard. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé in Éirinn le St John of God’s. Bhí an-chuid drugaí nua in úsáid den chéad uair sna hospidéil ag an am sin. Tháinig daoine óga go John of God’s agus scitsifréine orthu.

Thugtaí drugaí dóibh agus bhí an chuma ar an scéal

gur tháinig biseach orthu. Ach d’fhill an-chuid acu ar an ospidéal taobh istigh de chúpla bliain agus iad i

bhfad ní ba mheasa ó thaobh a meabhairshláinte de.

Thuig Ivor gur chabhraigh na drugaí le daoine go

pointe áirithe; ach dar leis, bhíodh an síciteiripe ag teastáil go géar ó am go chéile chomh maith – chun an t-othar a thabhairt slán ó ifreann na fulaingthe.

4 Ón mbliain 1965 go 1995 bhí Ivor ina phríomhshíciatraí le Bord Sláinte an Oirthir. Anuas air sin d’oibrigh sé mar Ollamh Síciatrachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Le linn na tréimhse sin ba cheannródaí é Ivor maidir leis na hathruithe a tharla sa chóras meabhairshláinte in Éirinn. Dúnadh institiúidí móra Victeoiriacha mar Ospidéal Naomh Breandán i nGráinseach

Ghormain agus ospideil eile ar fud na tíre. Dá thoradh sin, thosaigh an earnáil sin ag fás agus ag forbairt bliain i ndiaidh bliana.

Ba cheannrodaí agus réabhlóidí é Browne sna cursaí seo gan dabt ar bith. Thug na hathruithe a rinne sé saoirse d’othair bualadh amach sa saol den chead uair le fada an lá. Agus ba é an grá a bhí ag Ivor don cheol traidisiunta a sheol i dtreo Orla Kiernan é. Pósadh iad agus bhí ceathrar páisti acu! Ina dhiaidh sin pósadh é le June Levine agus lean an pósadh sin ar feadh cúig bliana is tríocha!

Cailleadh June sa bhliain 2008. Mhol an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn Ivor go hard na spéire nuair a cailleadh é ar 24 Eanáir 2024.

G

L U A I S

ildánach

meánaicmeach

Cuas an Ghainimh

eitlinn

máinlia

comhaltacht

fulaingt

Ceisteanna

(ii) Mínigh an chomhairle a thug dochtúir amháin dó.

3 (a) (i) Cén chaoi ar chabhraigh táibléid le daoine óga? (Alt 3)

(ii) Ach céard a tharla taobh istigh de chúpla bliain?

1 (a) (i) Scríobh dhá abairt ghearra faoi thuismitheoirí Ivor. (Alt 1)

(ii) Céard a cheap sé féin faoin gcultúr Caitliceach?

(b) Luaigh rud amháin ar chuir sé suim ann le linn dó a bheith i gColáiste na Tríonóide.

(b) “Thuig Ivor gur chabhraigh na drugaí le daoine go pointe áirithe,” ach cén

chabhair bhreise a bhí de dhíth, dar leis?

4 (a) Dhá phointe uait i dtaca le hobair Ivan ina dhiaidh sin. (Alt 4)

2 (a) Tabhair dhá phointe eolais faoin ospidéal i nGráinseach Ghormáin. (Alt 2) (b)

(i) Céard a rinne Ivor sa bhliain 1956?

(b) Cad iad na hathruithe a tharla de thoradh thionchar Ivan ar an gcóras meabhairshláinte in Éirinn?

5 (a) (i) Cén tsaoirse a thug na hathruithe sin d’othair? (Alt 5)

Freagraí Crosfhocail

(ii) Mínigh an tionchar a bhí ag ceol traidisiúnta ar shaol Ivor Browne?

(b) Cá fhad a bhí June agus Ivor pósta le chéile agus cathain a cailleadh June?

6 (a) Aimsigh sampla de chomhfhocal in alt a trí agus sampla de shaorbhriathar san aimsir chaite in alt a ceathair.

(b) Bunaithe ar an eolas sa sliocht, cad iad an dá thréith ba mhó de chuid Ivor Browne a chuaigh i bhfeidhm ort? (Is leor 60 focal mar fhreagra.)

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.