Ko Un

Page 1

ROGHA DÁN KO UN

Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge In eagar ag Mícheál Ó hAodha

An Sagart 2012 a d’fhoilsigh na leaganacha Gaeilge faoin teideal Scairt Feithide © Ko Un, na bunleaganacha © An leagan méadaithe seo Gabriel Rosenstock, 2015

Níorbh fhéidir na leaganacha seo a dhéanamh gan an Béarla a bheith mar dhroichead, go háirithe na haistriúcháin a dhein Brother Anthony of Taizé agus Lee Sang-Wha.

1


CLÁR Réamhscairteadh CUID a hAON: Meascra Dánta Caillteanas……………………………………….00 Sna Seanlaethanta, dúirt file uair ………………………00 An tUlchabhán ………………………………………………00 An Ghealach……………………………………………….00 An Tobairín ………………………………………….00 Riamh Anall …………………………………………….00 Aistear Geimhridh ……………………………………..00 Báibín …………………………………………00 Ag Siúl Síos an Sliabh…………………………………….00 Mairteoil……………………………………………….00 Mothúcháin Dhoimhne……………………………………..00 An Manach Kyŏngho……………………………………….00 Druncaeir …………………………………………………………….00 Sutra na Loiteoige …………………………………………00 Bealach ……………………………………………………00 An Ghealach um Nóin ......................................................00 Bogha Síne…………………………………………………00 Seomra Machnaimh……………………………….00 Amach sa Samhradh ………………………………….00 Sprais Thobann…………………………………00 Cara.....................................................................00 Cuil Lae .......................................................................00 Mua …………………………………………………..00 Paidrín …………………………………………00 Gealach (1) ………………………………………….00 Zenmháistir Pojo …………………………………….00 Sliabh is ea Sliabh ……………………………………00 Cuilithíní (I) ……………………………………………..00 Snaga Breaca Beaga ………………………………………00 Treo a Lorg ………………………………………………….00 An Chonair ……………………………………………00 Éan Éigin ………………………………………………….00 Sliabh P’algong ………………………………………………00 An Ghaoth ……………………………………………………….00 Lá Éigin ………………………………………………00 Go Simplí ……………………………………………..00 Stéig …………………………………………………………….00 Faoi Sholas an Lae ……………………………………….00 Sráid Chongno ……………………………………………..00 2


Sean-Bhúda ………………………………………………….00 Cloch Idir Dhá Ghort ……………………………………….00 Giolcach ar Oileán Cheju ………………………………………..00 Gealach (II) ……………………………………………………..00 Brionglóidí Earraigh ………………………………………00 Cuilithíní (II) …………………………………………………….00 Báisteach Throm ………………………………………………………00 Lagracháin …………………………………………………………00 Gaoth ……………………………………………………..00 Ag Fágáil an Bhaile …………………………………………..00 Díthreabhach …………………………………………………..00 Focail a Thaitníonn Liom ………………………………………..00 Muiscít ………………………………………………………..00 Han Shan agus Shih Te ………………………………………..00 Mná Mhajŏng ……………………………………………………..00 Bealach Nua ……………………………………………………….00 Samhradh ………………………………………………………..00 Réalta Reatha ……………………………………………………00 Oíche Fhómhair …………………………………………………00 Inniu ……………………………………………………………….00 Péist Talún ………………………………………………………00 Páiste Beag Amháin …………….00 Plabadh an Dorais ……………………………………………….00 Déanach Istoíche ..........................................................................00 Cén fáth marú a dhéanamh? …………………………………00 Oíche Ghealaí ……………………………………………………00 Oíche Rédhorcha …………………………………………………….00 Cuileog Amháin ?…………………………………………………..00 Tripitaka Koreana ………………………………………………..00 Ananda …………………………………………………………00 Taifeadtaí ar Sheachadadh an Lampa ………………………..00 Yeh Fú ……………………………………………………………..00

CUID a DÓ: Theas is Thuaidh……………………00 Hadan ........................................................................................00 P’yŏngyang ……………………………………………………..00 Faoi Bhun Bhinn Taech’ong ........................................................00 Giúiseanna Chinp’a-ri ......................................................................00 Abhainn Yalu ........................................................................................00 3


Dílleachtaí ...........................................................................................00 Mná Pioctha na mBláthanna Úll ........................................................00 Kwangju ..................................................................................................00 DMZ ................................................................................................................00

CUID A TRÍ: Dánta ó Dhíon an Domhain …………00 D’Oilithreacht .............................................................................00 An tAinm Sin ..............................................................................00 Ar Fhánáin na Himáilithe ................................................................00 Sráidbhaile, 4,300 Méadar Os Cionn Leibhéal na Mara ................00 An Bhinn Taobh le Dhaulagiri .........................................................00 Scéal mar gheall ar Lása ..................................................................... Leanbh ................................................................................................00 Faoileáin .....................................................................................00 Cúig Ghlúin ....................................................................................00 Scéalta ...................................................................................................00 Canna Folamh ........................................................................................00 Tobar i bPluais .....................................................................................00 An Anáil á Ceansú .................................................................................00 Dall Shliabh Sumeru …………………………………………….00 Dóchas ...................................................................................00 Sruthán .................................................................................................00 Solas …………………………………………………….00 An Tríú Dalaí Láma .................................................................00 Deartháir Óg an Dalaí Láma ................................................00 Phowa .........................................................................................00 Leanbh mar Oide .....................................................................00 Dealbh de Siddhartha Dhá Bhliain Déag D’Aois .............................00 Adhlacadh Spéire ............................................................................00

CUID A CEATHAIR: Dánta Eile………………………00 Amárach ...................................................................00 Ríméad Éigin ..................................................................00 An Chéad Phearsa Bhuartha .................................................00 Seal le Filí Marbha ...................................................................00 Ceist Rúnda ..............................................................................00 Spórt is Spraoi le Sféar …………………………………………….00 Lón sna Goirt ……………………………………………………..00

4


Cuairt ar Gharrán Beitheanna …………………………………..00 Mapa Glantacháin …………………………………………………..00 Taoide Aife an Lae Inniu ……………………………………………..00 Bóthar ……………………………………………………………..00 Ga Gréine ……………………………………………………………..00 Tá Toibreacha Beo Fós ag an Tír Seo ……………………………….00 Toradh ………………………………………………………..00 Bláth an Phuimcín ……………………………………………..00 Kim Shin-muk ……………………………………………………….00 CUID A CÚIG: Deich Míle Beatha ………………………..00 To-gil ar Bhain Gadhar Plaic As .....................................00 Daideo ..............................................................00 Chae-suk ………………………………………00 Taistealaí ………………………………………….00 Coileach na Maidine ………………………………..00 Mná Sunjeri .............................................................00 Byong’ogi ………………………………………..00 Litreacha …………………………………………..00 Uncail Jaemoon …………………………………….00 Siopa Ilrannach Mitsukoshi ................................................00 Réileán Salainn Kasame ........................................................00 Ch’ilyongi .....................................................................................00 Máthair Chungdu .................................................................00 Mangaire na gCliathbhoscaí Bambú ................................................00 Ár Sean-Aintín in Taegi …………………………………………..00 Ré Lán na hAthbhliana .....................................................................00 Mamó ..............................................................................................00 Chŏng Yong-gi ón Arm Fíréanta ……………………………….00

5


An Bhean Chéile as Suregi ………………………………………..00 An Bhean Chéile as Kaesari …………………………………………00 Uncail Maeng-sik ………………………………………………..00 An Tobar …………………………………………………………..00 Man-Sun …………………………………………………..00 Máthair an Chúpla ……………………………………..00 An Bhaintreach Paek as Hamdŏk-ri ………………………00 Tuama na nUirlisí …………………………………………00 Cníopairí Cearta …………………………………………….00 Bláthanna na bPlumaí ………………………………………00 Sealgaire Ardáin Kaema ……………………………………..00 Taibhse ……………………………………………………….00 Baintreacha Chaetjŏngii ……………………………………00 Ki-Cha’ng, an Dara Deirfiúr a bhí ag m’Athair ………….00 Su-Dong agus na Fáinleoga ……………………………………00 Pul-lye Chaoch ………………………………………………….00 An Gadaí as Sonjei-ri …………………………………………..00 Uaigh Linbh in Kalmoe ………………………………………….00 Manach gan Ainm .............................................................00

CUID A SÉ: Dánta nár foilsíodh san eagrán clóite de Scairt Feithide .......................00 An Chonair Úd san Fhoraois ………………………………….. Amhrán an Bhuachalla ............................................................... Áiteanna a Theastaigh Uaim a Fheiscint .....................................00 An Chéad Saol Eile Agam ...............................................................oo Amhráiníní .......................................................................00

6


Amhrán Bán .......................................................................00 Mise Mé Féin ........................................................................00 Síobadh Sneachta ................................................................00 Lá Amháin ...................................................................00 An Rud Atá Ann ................................................................00 An bhFuil Dán Tar Éis Teacht Chugat? ....................................00 Mála Plaisteach .......................................................................00 Cluas ...........................................................................................00 Anáil ..............................................................................................00 Titim Sneachta .............................................................................00 Féileacán Bán ........................................................................00 Duitse................................................................................00 Maitreya, Búda na Todhchaí, Inniu ………………………00 Gan Teideal …………………………………………………..00 Sa Spéir Fholamh A Scríobhaimse .....................00 Smaointe a Bhíonn Agam na Laethanta Seo ...........................00 Oíche Ghealaí Arís ......................................................................00 An Cogar ...........................................................................................00 Ealaín na Scamall ..........................................................................00 Roinnt Comhairle ......................................................................... Amhrán agus Ceithre Líne Ann ......................................................00 Athchuimhne ..................................................................................00 Blianta ina Dhiaidh Sin ............................................................00 Gaineamhlach Taklamakan ....................................................00 Conas Eitilt .............................................................................00 Monalóg ...........................................................................................00 Freagra .............................................................................................00 Glór an Easa .......................................................................................00 Ko Un and his worlds .........................................................00 Scaradh ..................................................................................00

Réamhscairteadh Rugadh Ko Un sa bhliain 1933 in Gunsan sa Chóiré. Is cuid de chathair Kunsan anois an sráidbhaile sin. D’fhulaing sé céasadh sa Chogadh Cóiréach (1950-53). Seasann an bhliain 1953 don sos comhraic: níl an cogadh sin thart go hoifigiúil.

7


I lár an chogaidh (1952) deineadh manach Zen-Bhúdaíoch de agus chaith sé blianta fada ina fhánaí, ag brath ar an déirc. Foilsíodh dánta leis sa bhliain 1958 agus d’fhill sé ar an saol sa bhliain 1962. Throid sé ar son na saoirse, in aghaidh dheachtóirí an Deiscirt. Cuireadh faoi ghlas go minic é. Cuireadh tréas ina leith agus gearradh 20 bliain air sa bhliain 1980. Léigh an dán Ga Gréine anseo chun léargas a fháil ar a shaol mar chime. Ag deireadh an chogaidh chaith sé seal ina reiligire, corpáin á n-iompar ar a dhroim aige. Dearbhú na beatha an toradh a bhí ar a theagmháil leis an mbás. Breis is 150 leabhar uaidh, filíocht, aistí, aistriúcháin, drámaí, ficsean. Ainmníodh go minic don Duais Nobel é. Tá lucht leanúna mór aige agus níl de naimhde liteartha aige ach naimhde na spontáineachta; gheofá criticeoirí den saghas sin i ngach tír arb é an ‘srianadh’ seachas an ‘scaoileadh’ an bonn do-athraithe atá lena n-aeistéitic, ainneoin fianaise go leor a bheith ann a chuirfeadh ar mhalairt aigne iad. Mórshaothar leanúnach Ko Un is ea Deich Míle Beatha, dánta a chuireann síos ar gach duine (beo nó marbh) a thug cuairt air agus é i gcillín dorcha. Thug sé cur síos ar an gcillín sin in agallamh a cuireadh air sa bhliain 1999: ‘Ní raibh fuinneog ar bith ann. Bhí sé chomh dorcha sin nuair a múchadh na soilse nach raibh tú in ann an buicéad fuail a fheiceáil sa chúinne. Ba gheall le brionglóid é an dorchadas agus sa dorchadas sin, sa stoiteacht sin, tháinig daoine ar cuairt chugam – mo thuismitheoirí, mo sheantuismitheoirí, cairde, daoine a casadh orm is iad ag gabháil an bealach, daoine nár casadh riamh orm, pearsana staire… Labhair mé leis na haghaidheanna sin a tháinig chugam. Theastaigh uaim iad go léir a thaifeadadh i bhfilíocht. Mheasas ag an am go gcaillfí mé ach thugas móid dá mairfinn go scríobhfainn dán do gach duine acu. An misean sin a thug an neart dom leanúint ar aghaidh…’ 30 imleabhar atá sa tionscadal sin, 4,001 dán a cumadh laistigh de 25 bliana! Iad go léir lámhscríofa. Luaitear 5,600 duine iontu. (Go dtí seo). Feictear domsa go bhfuil sé ar cheann de na tionscadail litríochta is neamhchoitianta agus is uaillmhianaí ar tugadh riamh faoi. Fógraíonn sé d’fhilí an domhain nach ceart dearmad a dhéanamh ar an gcuimhne chultúrtha! An t-aon dán ann a d’fháisc na deora as féin ná an dán a chum sé dá mhamó. D’imigh sise gan tásc ná tuairisc agus í ag teitheadh ón sléacht agus níl a fhios ag a muintir cá luíonn a cnámha. Níl aithne agamsa ná agatsa ar na daoine a gcuireann Ko Un síos orthu ach tar éis duit na dánta seo a léamh braithfidh tú go bhfuil sáraithne agat orthu. Braithimse, ar aon nós, gur fearr an aithne atá agam anois ar fhear díolta na mbord anseo ná go leor daoine a bhfuil saghas aithne agam orthu nó a mhaíonn go bhfuil saghas aithne acu ormsa: Uair nó dhó in aghaidh na bliana, gach aon bhliain, tugann fear díolta na mbord cuairt ar an mbaile seo againne. Bean is ea díoltóir na gciseán cáithe ach ní mór do dhíoltóir na mbord deich gcinn de bhoird nó dosaen a iompar thart leis mar sin fear is ea é, gan dabht, fear a bhfuil aghaidh an tsladaí air

8


is féasóg sconribeach Canann sé a mhuintir féin ina dteanga féin, teanga atá saor ó thionchar allúrach. Éinne a chuala é ag aithris a chuid filíochta san Eoraip, i Meiriceá, sa tSín, ag baile sa Chóiré nó, go deimhin, ar YouTube, déarfaidh sé leat nach bhfuil éinne eile mar é, an grá atá aige dá theanga dhúchais le brath ar gach siolla uaidh, an teanga sin nach raibh cead aige staidéar a dhéanamh uirthi agus é ag éirí aníos faoi shúiste na Seapánach. D’fhoghlaim sé a theanga dhúchais faoi rún ó bhuachaill feirme. Aintín An aintín sin linn a phós mo dhuine ag Eathar Sorae ár nAintín Ye-bok is a gáire gáire mar anraith fuar péacán pónairí ár nAintin Ye-bok aintín fhuar a chaoin a dóthain, mhuis. Chaithfeá bá a bheith agat léi agus le gach éinne eile a chuireann Ko Un inár láthair go grámhar is fós go neafaiseach. Tagraítear dó sa Chóiré san iolra toisc a liacht sin guth aige; déarfadh an fear Zen gur aon ghuth amháin é ag péacadh thall is abhus ar fud na síoraíochta. Leasainm atá ag a chomhfhilí air ná keobong, binn ard sléibhe agus is binn ard é go deimhin ar léarscáil na filíochta domhanda bíodh is gur fearín beag é le féachaint air. Breis is 150 leabhar tagtha uaidh, mar a dúramar, 70 díobh sin i bhfoirm filíochta. Agus níl a mhaidí á ligean le sruth aige – nó b’fhéidir gur cheart a rá gur leis an sruth atá sé ag imeacht! Duine de mhórfhilí an domhain é Ko Un, mar sin, fear ar casadh gach aon saghas duine air; gach aon saghas duine ab ea é féin, easaontach, oide, druncaeir, manach Zen, foclóirí, fear céile, athair, cime – cime a chuir aithne ar chimí eile, gach saghas cime ó Kim Dae Jung (a bheadh ina uachtarán ar an tír sna nóchaidí) go dtí an trodaí úd a thug leanbh ar an saol sa phríosún roimh dhul chun a crochta di. Is ionann iad go léir, uasal is íseal, is canann Ko Un iad mar a chanfadh feithid. Deir an file gur thosaigh sé ag cumadh dánta agus iad mar a bheadh toim fhéir ann ag fás i measc na bhfothrach a d’fhág an Cogadh Cóiréach ina dhiaidh, cogadh inar cailleadh ceithre mhilliún duine, slán mar a n-instear! +é I réamhrá le leabhar leis (1991) scríobh sé: ‘Má osclaítear m’uaigh roinnt blianta i ndiaidh mo bháis, ní lán dem chnámha a bheidh sí ach de dhánta a scríobhadh i ndorchadas an tuama sin …’ Tabhair gealtachas ar an saghas sin cainte más maith leat. Níl dóthain gealt againn. Dá mba Ghael é Ko Un déarfaí go raibh Suibhne Geilt tagtha ar ais inár measc. Conas a ghlacfadh an Roinn Oideachais leis? Cén tuairim a bheadh ag na hollscoileanna agus na coláistí oiliúna ina leith? An mbeadh sé ar chúrsa ar bith? Ba chuma sa riach leis, a déarfainn. Feithid is ea é. Ní bhaineann bród, cathú, tuairimíocht ná uaillmhian lena leithéid. Ligeann sé scód leis féin mar fhile, mar is ceart, agus má táimid in ann coimeád suas leis – go breá. Mura bhfuil ... Ní raibh sé ach sé bliana déag d’aois nuair a phioc sé suas leabhar filíochta ar thaobh an bhóthair, rogha dánta le Han Ha-Un, lobhar. D’fhan sé ina shuí ar feadh na hoíche á léamh, na deora leis go fras. Oíche chinniúnach ní foláir. Dán le Han Ha-Un is ea Éan Gorm: ‘Nuair a chaillfear mé, déanfar éan gorm díom/ ag eitilt thart sa spéir

9


ghorm, os cionn na ngort gorm/amhráin ghorma agam á gcanadh is deora gorma agam á gcaoineadh’. Is dóigh liom gur gineadh rud éigin sárluachmhar ann an oíche sin, dúil phaiseanta sa tsaoirse, an tsaoirse pholaitiúil agus an tsaoirse spioradálta araon. Is ríspéisiúil, domsa ar aon nós, an teagasc a fuair sé óna mháistir Zen, an Sruith Hyobong Sonsa. Bhí Hyobong tar éis an siolla ‘Mú’ a thabhairt don fhile. ‘Folús’ nó ‘Faic’ is brí le ‘Mú’.Thuig a Mháistir go raibh Ko Un an-mheabhrach agus go raibh claonadh ann gan a thréithe éirimiúla agus eile a cheilt. Ná bí eolach! Chomhairligh a Mháistir dó a bheith aineolach! Scaoil le gach aon ní agus machnaigh ar ‘Mú’ agus ar ‘Mú’ amháin. ‘Mú is ea d’anáil,’ ar sé, ‘Mú is ea do bhromanna, Mú is ea d’athair. Scaoil leis an bhFolús fiú!’ Bhí sé saor ansin ó fhocail; thosaigh sé ag eitilt agus sa tsaoirse sin bhuail sé arís le friotal, lena theanga mar fhile. Cad is dhyana na hIndia, chan na Síne, thien Vítneam, zen na Seapáine, sŏn na Cóiré ann? Tá scoileanna difriúla ann, ar ndóigh, agus níorbh fhiú tabhairt faoi shainmhíniú ginearálta anseo ach b’fhéidir gur ábhar machnaimh dúinn an méid seo: ‘What matters in Zen is the way our brain expresses – in simple awareness and in everyday behaviour – those instinctual depths of self-knowledge that lie beyond the shallow fictions of the egocentric self …’ (Zen and the Brain: toward an understanding of meditation and consciousness, MIT Press, 1999) Ní maith le Ko Un féachaint ar dhán mar théacs istigh i ndíolaim ná ar scáileán Idirlín os ár gomhair mar is dóigh leis go mbaineann an dán le fairsinge na cruinne is le fairsinge an ama. Baineann sé féin leis an bhfairsinge chéanna sin. Baineann gach duine againn. An Búdaíochas a mhúin é sin dó, an Búdaíochas a shlánaigh é. Bheadh lámh curtha ina bhás féin aige murach é. Is mó mé ná mé féin. Is mó sibhse ná sibh féin. Canaimid i gcanúint na cruinne … (Seal le Filí Marbha, istigh) Deir Gary Gach faoina chuid dánta gur geall le bheith ag snámh é is tú á léamh, ag snámh mar iasc atá aineolach ar uisce – agus go tobann, an phreab a bhaintear asat nuair a bhlaiseann tú an t-aigéan ar fad in aon deoir amháin. Sa chuntas croineolaíoch a fhaighimid uaidh deir sé gur saolaíodh ina láir é i gceantar Mhuir Chaisp sa bhliain 1125 R.Ch. Níor saolaíodh ina dhuine é go dtí 17 R.Ch, an uair úd ina sheaman sa tSibéir. Tábhairneoir ab ea é sa bhliain 1302 – ní cuimhin leis cén tír. Agus mar sin de go dtí a shaol reatha nuair a saolaíodh é sa bhliain 1933 agus an Chóiré faoi smacht na Seapánach. Nuair a d’fhiafraigh múinteoir scoile de cad ba mhaith leis a dhéanamh amach anseo ar seisean: ‘Ba mhaith liom a bheith im Impire ar an tSeapáin.’ (Vide an dán Litreacha istigh). Bheadh sé i dtrioblóid ón lá sin ar aghaidh. Fear ann féin é Ko Un. Le linn dó a bheith ina mhanach tháinig sé ar bhlaosc agus thug ar ais go dtí a sheomra í. Oíche i ndiaidh oíche, labhair sé leis an mblaosc sin. Murab ionann agus Hamlet, ní raibh a fhios ag Ko Un cérbh é an Yorick a bhí aige ach go gcaithfidh gur máistir Zen ab ea é! Ar chleacht tú go dian? Níor chleacht, chuireas an lá ar fad amú.

10


Á, sin í an fhadhb. Cén fhadhb í sin? Ligeann tú ort a bheith ag cleachtadh. Ó, a bhlaosc, a mháistir Zen! Ó, a bhlaosc, a mháistir Zen amach anseo! Mhair Ko Un ar feadh ceithre bliana ar Oileán Cheju, an Chóiréis agus an ealaín á múineadh aige do dhaltaí bochta an oileáin. An cur síos is fearr ar an oileán sin atá léite agam is i nGaeilge a scríobhadh é. Táim ag caint ar shárleabhar a scríobh sagart paróiste an oileáin, Pádraig Ó Murchú (Idir Dha Shaol, Coiscéim, 1989, 1990, 2002): ‘Talamh bocht le mórchuid cloch agus gannchuid cré. Títhe ísle fada ar ghualainn cnoic, claitheacha cloch ag tabhairt fascaidh dóibh ó nimhghaoth aduaidh, snáthaidí géara na fearthainne ag stracadh tríothu, garraithe beaga eorna ar chúl an tí agus cúpla leaba phrátaí cois claí sa bhfothain chun an ainnise a choimeád ó imeall an dorais. Ach a mbíonn an scaob dheireanach tugtha acu sa ghort tugtar faoin bhfarraige …’ Chuala Ko Un trácht ar an Duibhneach, deir sé liom, ach níor casadh ar a chéile riamh iad. ~ Tá rudaí aite ráite ag Ko Un faoin bhfilíocht agus faoin bpróiseas cumadóireachta i gcoitinne. Tagann dánta áirithe chuige ina bhrionglóidí. Nuair a dhúisíonn sé, is dóigh leis gur duine eile a chum an dán atá aige, nó é féin i bhfoirm eile sular rugadh é. Cén míniú atá ar a thorthúlacht? Dúirt sé féin uair amháin, ‘Bím de shíor dom shaoradh féin ó na dánta atá scríofa agam.’ An file Sŏn (mar a thugtar ar Zen sa Chóiré) bíonn sé á athnuachan féin de shíor i dtobar glan na comhfhiosachta. Gheobhaidh tú dánta dodhearmadta i ngach cuid den leabhar seo, ábhar goil, ábhar gáire, ábhar machnaimh, ábhar a fhágfaidh an intinn lán, ábhar a fhágfaidh an intinn folamh. Tá Éire deighilte, thuaidh/theas; tá an Chóiré deighilte, thuaidh/theas. (Féach, mar shampla, an dán Bóthar istigh). Tá an méid sin comónta idir an dá thír agus go leor eile mar is léir d’éinne a léigh tuairisc an Duibhnigh thuasluaite. Bolcán fuinnimh é Ko Un a dúirt go n-éireodh sé as an scríbhneoireacht dá gceapfadh sé go raibh a thorthúlacht ag cur isteach ar cháilíocht agus ar fhiúntas a shaothair. Beag an baol: Lá amháin thógas cloch dhuirlinge ó thrá na Mara Thoir is chuireas im phóca í ach léim sí amach is í ag béicíl. Agus í ag imeacht san imigéin ní raibh gíocs aisti. Níl aon eolas aici faoi na mothúcháin láidre a shantaím. Tá scata faoileán amuigh ar an teiscinn a phiocfadh amach is a shlogfadh focail gan bhrí.

11


Tá ráite agam in áit éigin eile gur geall le caimileon é an t-aistritheoir, athraíonn sé a dhath chun a bheith ag baile (nó a bheith ceilte) sa timpeallacht ina bhfaigheann sé é féin. Is ag brath ar leaganacha Béarla a bhíos-sa, admhaím, ach braithim im chroí istigh gur thugas eisint na ndánta liom formhór an ama, dath na ndánta, mar a déarfá, agus gur dhathaíodar mise de réir mar ba thoil leo féin é; faoin léitheoir atá sé a rá ar thugas a cheart don mhórfhile seo a bhfuil dáimh an-láidir agam leis. File eile a bhfuil dáimh agam leis is ea fear Kerala, K. Satchidanandan a bhfuil leaganacha Gaeilge dá shaothar ar fáil ó fhoinsí leictreonacha ar nós Kobo (Rogha Dánta 2012). Agus cad deir seisean faoi phróiseas seo an aistriúcháin? Anamimirce is ea an fhilíocht a aistriú ... Cuimhnigh air! I measc na dtréithe éagsúla a bhaineann le filíocht Ko Un, tréithe a bhfuil ardmheas agam orthu, tá an chomhbhá aige lena mhuintir féin, le cruachás an duine i gcoitinne. Braithfidh tú an atrua láidir sin i ndánta móra anseo ar nós Mná Pioctha na mBláthanna Úll, dán corraitheach ach gan a bheith maoithneach mar gheall ar spailpíní mná. Tréith uasal ina chuid filíochta is ea an bhá mhór atá aige leis an mbantracht, lena gcrógacht, lena bhfulaingt, lena mbrón. Ceiliúrann sé a n-áthas chomh maith. Mná Mhajŏng anseo, An Dáma Mhór Choi Kumja, Lón sna Goirt, Mná Sunjeri. Máthair Chungdu, Labhrann Seanbhean, Ár Sean-Aintín in Taegi, Mamó, An Bhean Chéile as Suregi – gan trácht in aon chor ar An Bhean Chéile as Kaesari a ndéarfadh daoine áirithe sa lá inniu fúithi nach suáilce ar bith é an neamhleithleachas a léirigh sí go dtí an deireadh – agus a lán eile, an bhaintreach óg sa dán An Tobar nach bhfuil aon ainm eile uirthi seachas gurb í máthair a céadghine í; is deacair é a shamhlú inniu, ach bhí an t-am ann nuair nach raibh ainm fiú amháin ar mhná úd na Cóiré a bhain leis an ísealaicme; Man-Sun, (vide dán den teideal céanna), maighdean a bhí ina ‘bean sóláis’ ag arm na Seapáine: d’fhéadfadh go raibh tarraingt ar 200,000 bean as na tíortha faoi fhorghabháil ag an am sa chás céanna léi; mná na tíre, cnámh droma na Cóiré, máithreacha, seanmháithreacha, aintíní, sean-aintíní, iníonacha, mná céile, máthair Shunchol, máthair Wol-nam, máthair Chaedon, máthair Mun Ik-hwan, sclábhaithe, trodairí, leannáin, bean an ghadaí as Sonjei-ri, iad go léir anseo agus dínit go smior iontu. An bhean sa dán Máthair an Chúpla, abair, an cailín caoch Pul-lye, an bhean sa dán An Bhaintreach Paek as Hamdŏk-ri, an bheirt bhaintreach sa dán Baintreacha Chaetjŏngii nó an bhean seo gan ainm sa dán Dílleachtaí:

In Songdowon díreach lasmuigh de Wonsan sa Chóiré Thuaidh bhí bean ann a chaill a cuid páistí féin agus a thug dhá chéad caoga dílleachta cogaidh le chéile is thóg iad faoi mar b’iad a clann féin iad ... Scólfaidis do chroí, cuid de na dánta sa leabhar seo. Labhrann Seanbhean, cuir i gcás. Mná tréigthe ar nós Ki-cha’ng (istigh), i gceann de na dánta is gairide sa leabhar seo. 12


Ní hiad mná a thíre féin amháin a chomórann sé, áfach. Léigh an dán Leanbh (istigh) ar cur síos ar mháthair Thibéadach é. Go deimhin, ní hí máthair an duine amháin is cás leis ach máthair an ainmhí chomh maith: féach an dán coscrach Buairt (istigh). Leabhar tathagach é seo, i ngach slí, tá súil agam. Cén fáth tabhairt faoina leithéid sa chéad áit? Dúirt Judith Sollosy agus í ag scríobh in eagrán Ungárach den fhoilseachán nótáilte ar líne Words Without Borders (Iúil, 2010) má thagann sí ar phíosa iontach litríochta is amhlaidh nach ligeann a coinsias di siúl thairis, mar dhea nach bhfaca sí in aon chor é. ‘Bíonn orm freagairt don dúshlán, é a inmheánú, é a shlogadh siar, mo chuid féin a dhéanamh de.’ Is é a dhála sin agamsa é. Ní fhéadfainn gan saibhreas mór Ko Un a roinnt le mo chomhthírigh. Ní fhéadfainn gan é a shlogadh siar, dom féin. Is trua nach bhfuil dosaen aistritheoir sa tír againn agus iad ag aistriú ‘isteach’ is ‘amach’ go lánaimseartha. Fairsingiú ar chanbhás na hintleachta, na teanga, na litríochta agus na daonnachta a bheadh againn dá thairbhe san. An rud is iontaí faoi na dánta sa leabhar seo ná an tsaoirse a thugann an file dó féin chun gach aon ní a thabhairt faoi deara (mar ní rud amháin ná rud eile é Ko Un) agus is í an tsaoirse sin a thugann lánchead do ghadhar tríchosach siúl isteach i ndán leis, gan choinne! (Dán dar teideal Lá Breithe istigh). Níl na mairbh i bhfad óna chuid dánta, ní nach ionadh agus an sléacht a chonaic sé i rith a shaoil. Reilig ollmhór is ea an domhan, a dúirt sé uair amháin. Ní cuimhin liom cé a dúirt é ach dúirt blagadóir éigin ina thaobh go raibh gné éigeantach ag baint le filíocht Ko Un, i bhfocail eile b’éigean dó na dánta seo a scríobh agus braithimse, leis, go mb’éigean domsa Gaeilge a chur orthu: ní heol dom slí níos fearr chun iad a shealbhú. Sealbhaigh iad! Is scata é Ko Un agus chuaigh scata roimhe, ainmhithe ina measc. Ná deinimis iontas rómhór de sin. Mar a deir an tAthair Ó Murchú: ‘Tá daoine ar m’aithint sa bhaile gur de shíol ainmhí éigin iad. Tá gaol acu le cat, madra, rón, eascú nó éan éigin a bhí ann fadó. Ní mharóidh siad an t-ainmhí a thug sinsearacht agus sliocht dóibh. Flathartaigh, Ó Catháin, Ó Séagha, Ó Súilleabháin agus Ó Conghaola, tháinig siad go léir ó rón éigin a tháinig i dtír na cianta ó shin…’ (Idir Dhá Shaol) Na dánta a bhaineann lena chuairt ar an Tibéid – Dánta ó Dhíon an Domhain anseo – chuirfeadh cuid acu an ghruaig ina colgsheasamh ar do cheann, tá siad chomh fírinneach sin, chomh dílis, chomh hálainn, chomh fiáin agus chomh scanrúil sin. Lonraíonn an file féin tríothu, solas na réaltaí á chriathrú. Dánta spioradálta, dánta beannaithe iad – sea, fiú amháin na dánta sin ina ndéantar ionsaí ar an reiligiún; i lár na sollúntachta go léir agus an chaint ar mhainistreacha, ar lámaí agus ar shaoithe, ar naoimh agus ar dhíthreabhaigh, chuala mé mé féin ag gáirí os ard. Mar is seaman é an file, dar le Ko Un, seaman a chuireann cumarsáid ar fáil idir anamacha, a roinneann buairt is greann an tsaoil linn. Gaois. Baois. Smaois. Gabriel Rosenstock

13


Cuid a hAon: Meascra Dรกnta

14


Caillteanas Tá conair in aghaidh an aird nach bhfuil ag dul in aon áit. Tar éis dom cúpla líne i seanteanga mharbh a léamh ní mór dom triall ar an gcnoc sin, bróga canbháis orm a deineadh as tiachóg liath. Tá earra éigin a cailleadh ag súil go dtiocfaí air. Tá conair in aghaidh an aird nach bhfuil ag dul in aon áit. An téacs ar an gcéad leathanach eile de leabhar ag feitheamh is duine éigin ag éisteacht, tar éis dó teanga mharbh a athbheochan. Cnagarnach na nduilleog marbh faoim bhróga, moillíonn solas na gréine ar mo bhalcaisí, braithim go bhfuil mo chroí ag fairsingiú an t-am go léir. Caithfidh gur istigh atá an t-earra sin. Preabann dreoilín teaspaigh coimhthíoch, sraoth a bhain geit as, boladh spíosrach ón bhféar tirim nó ón bhfodar. An chéad lá níos fuaire ná an t-aonú lá is tríocha, fós níl teacht ar an earra a cailleadh in áit ar bith. Tá conair in aghaidh an aird nach bhfuil ag dul aon áit. Ag baile, is gá comóradh a dhéanamh ar sheanóir a cailleadh anuraidh. Laistiar díom tá neach éigin ag cur isteach ar mo chroí, á rá, ansiúd, ansiúd, nó ansiúd ach níl ann ach sólás, níl faic ansiúd. I ndeireadh na dála, is dócha go n-ainmneofar an t-earra a cailleadh i dteanga mharbh.

15


Sna Seanlaethanta, dúirt file uair Sna seanlaethanta, dúirt file uair, tá ár náisiún scriosta ach is ann do na sléibhte is na haibhneacha Deir file an lae inniu tá na sléibhte is na haibhneacha scriosta ach is ann dár náisiún Déarfaidh file an lae amárach tá na sléibhte is na haibhneacha scriosta tá ár náisiún scriosta agus faraor! tá tusa is mise scriosta go hiomlán.

An tUlchabhán Ulchabhán i lár an lae drochfhéachaint uait ní fheiceann tú faic. Bog breá. Tiocfaidh d’oíche, cinnte.

16


An Ghealach Gach aon uair a d’éirigh an ghealach, ghuigh sí. Sa deireadh agus í daichead bliain d’aois saolaíodh mac do mháthair Wol-nam. Sular iompair sí é shlogadh sí an ghealach i dtaibhrimh. Nuair a saolaíodh a mac, ba ghnách le máthair Wol-nam dul as a meabhair gan teip aon uair a d’éirigh an ghealach. Déanach istoíche, soithí á ní aici, bhriseadh sí babhla théadh an ghealach i bhfolach laistiar de scamall is thagadh daille ar an domhan

An Tobairín Murach an tobairín cad a bheadh ag sráidbhaile Yongtun? Calóga sneachta ag titim de shíor in uiscí dorcha an tobairín is ag leá. An ciúnas ciúin ciúin sin agus bean chéile Yang-sul ag triall ar uisce, í clúdaithe le sneachta, cuireann a crúsca beag síos is ardaíonn an tumadóir ach dearúdann uisce a tharrac, í ag breathnú ar bhás na gcalóg sneachta: an ciúnas ciúin ciúin sin

17


Báibín Sular rugadh thú sularbh ann dod dhaid sularbh ann dod mham bhí do sclogaíl ann.

Ag Siúl Síos an Sliabh Féachaim siar Hé! Níl rian den sliabh im dhiaidh. Cá bhfuilim? Leoithne an fhómhair ag únfairt go leamh mar a bheadh craiceann nathrach sceite ann.

Mairteoil Gach aon ní ag iompú i rud éigin eile. An uair is éadóchasaí amuigh. Gearr amach í. Gach aon ní ag iompú i rud éigin eile agus ba ag iompú ina mairteoil.

18


Mothúcháin Dhoimhne Ag fanacht ar feadh na mblianta le calóg shneachta amháin luisne im cholainn mar a bheadh fioghual ann is mhúch ansin. Leis sin, bhí na ciocádaí ag canadh, ansin ní raibh.

19


An Manach Kyŏngho Ní tusa a bheadh ann mura mbeadh cur amach agat ar an bhfíon is ar an mbantracht. Ach ní raibh aon eolas thairis sin agat mar sin tá cúpla sean-snag breac tar éis nead a dhéanamh id cheann.

Druncaeir Níorbh aonán ar leith riamh mé. Seasca trilliún cill! Comharchumann beo mé. Na cosa ag imeacht uaim ar fud na háite, seasca trilliún cill, is iad go léir ar meisce!

20


Sutra na Loiteoige Sutra na Loiteoige. An réadúlacht bhunaidh. Go dtí seo táim basctha go maith agat. Táim chun smíste a dhéanamh díot anois, a bhastaird. Ó! Abhaits! Ó! Abhaits! Bhailigh Sutra na Loiteoige leis. Osclaíonn na goirt amach nuair a imíonn na feirmeoirí.

Bealach Caochbhealach. Casaim ar ais. Ar fheabhas. Soilse geala thall is abhus Ar mo bhealach dom in Chŏngnŭng na gcnoc.

21


An Ghealach um Nóin Míle ocht gcéad bliain d’aois é Búda Aghaidh na Gréine. Aon oíche amháin Búda Aghaidh na Gealaí. Deirtear nach dís iad an dá Aghaidh ach aonad. Más fíor sin, a ghealach, éirigh tar éis luí na gréine. Féach ar an ngealach thuas ansin i lár an lae. Aineolas amach is amach!

Bogha Síne Tá a leithéid de rud ann. Dírím mé féin.

Seomra Machnaimh Dein iarracht suí ní ar feadh míle bliain ach ar feadh na mílte. Ní thiocfaidh lánléargas chugat. Bí ag spraoi ar feadh seal le crá croí, seachmall, seas ansin.

22


Amach sa Samhradh Isteach san uisce. Splais! Isteach i lasracha. Ú, te! An samhradh ag preabadh ar aghaidh, aibíonn torthaí lastall.

Sprais Thobann Búdaí ina mbilliúin ag teacht anuas. An sruthán gnóthach i mbun monabhair. Anuas ar chorpáin ina mbúdaí corpáin eile ag teacht anuas chomh maith. Fionnuaire.

Cara Hé! Leis an gcré a thochail tú dheineas búda. Thosaigh sé ag cur báistí. D’iompaigh an búda ar ais ina chré. Gan éifeacht, ar nos spéartha glana i ndiaidh na fearthainne.

23


Cuil Lae Trí chéad milliúnú cuid de shoicind. Más é sin saol an phairteagail féach cé chomh síoraí is atá lá amháin. Deir tú go bhfuil an lá róghearr? Nach santach atá tú.

Mua Tagann adharca fada ar na fianna! Tá an ghaoth dhiomhaoin i bhfostú sna hadharca agus níl sí in ann bogadh orlach. Hóra, tusa atá ag siúl ar thaobh an chnoic!

24


Paidrín Dúnmharfóir millteanach ab ea Angulimala. An rógaire dubh ghearradh sé na méara dá chuid íobartach is chaitheadh iad mar mhuince timpeall a mhuiníl, méara a athar san áireamh. Paidrín ceart céad is a hocht gcloch. Gach cloch díobh ina beatha.

Gealach (I) An bogha teann. Streancán! Buaileann an tsaighead do shúil. Trí phian do dhorchachta is ea d’éirigh an ghealach.

25


Zenmháistir Pojo Sheas duine acu ar a chloigeann agus dhein ióga gur cailleadh é. Duine eile charn sé connadh is chuir lasair faoi ansin chuaigh in airde air is deineadh Loiteog Lasracha de. Ghlac an Zenmháistir Pojo a áit ar an bpóidiam thug céad freagra ar chéad ceist tháinig anuas den phóidiam ansin is shuigh ar an urlár … Iompaíonn duilleoga glasa dearg is faigheann bás ansin. Ná habair, éirigh as sin.

Sliabh is ea Sliabh ‘Sliabh is ea sliabh uisce is ea uisce,’ a chan Tai Neng. ‘Ní sliabh é an sliabh ní uisce é an t-uisce,’ a chan Tai Neng. Ith do chuid bia. Nuair a bheidh sé ite agat, dein do chac.

26


Cuilithíní (I) Féach! An mbogann na cuilithíní go léir toisc go mbogann cuilithín amháin? Ní hea. Is amhlaidh a bhogann siad go léir le chéile. Tá gach aon ní ar sceabhadh ar fad ón tús.

Snaga Breaca Beaga A amadáin. Nach raibh a fhios agat? Ba é daid Shakyamuní agus ní hé an Rí Suddhodana a bhí ina dheamhan. Cabaireacht neamheolach na snag breac beag ar maidin. Gleoite.

Treo a Lorg A amadána is sibh ag iarraidh a fháil amach cén rud is búda ann. Fiafraíg’ i dtaobh gach neach beo. Fiafraíg’ i dtaobh an uile ní beo. Má bhíonn ocras oraibh fiafraíg’ mar gheall ar bhia. Fiafraíg’ den ghealach cén treo é. Aimsíg’ calafort ina mbláthaíonn an crann líomóidí ina mbláthaíonn an crann líomóidí. Fiafraíg’ i dtaobh áiteanna ólacháin. Fiafraíg’ fiafraíg’; go dtí nach mbeidh aon ní fágtha le fiafraí ina thaobh.

27


28


An Chonair Siúil an chonair seo. Tabharfaidh sí go Nirbheána thú. Gabh mo leithscéal. Leanfaidh mé mo chonair féin. Thar chreaga garbha nó faoin uisce. Sin í conair na seanmháistrí, conair na marbhán agat.

Éan Éigin Tá éan ann a itheann a mháthair. An mháthair a ghorann is a chothaíonn an scalltán a bás féin á chothú aici. An mháthair is an scalltán. An mháthair a ithe rud nádúrtha don mháthair is don scalltán araon.

29


Sliabh P’algong Príosúin ag cur thar maoil le máistrí móra. Marfóir is gadaí, gadaí is marfóir, ábhar marfóra is ábhar gadaí is an chuid eile acu. Le cinntiú go mbeidh príosún Daegu lán níl máistir mór ar bith i dteampaill Shliabh P’algong, fiú daoine a dhéanann aithris ar mháistrí móra, clingeann na cloig ghaoithe.

An Ghaoth Ná hiarr trócaire go deo ar an ngaoth. Lilí arda agus mar sin de an lile bhán chumhra agus mar sin de an lile lae agus mar sin de nuair a bheidh gach aon ghas briste tiocfaidh bachlóga nua. Níl sé ródhéanach.

30


Lá Éigin Tintreach thar an gcnoc úd thall toirneach thar an gcnoc úd thiar eatarthu aon phúróg bhalbh amháin

Go Simplí Tá ár gconair féin á leanúint againn go léir ach deirimid go ndúirt duine eile linn í a leanúint. Go simplí, tagann an t-uisce an cnoc anuas ach deirimidne go ndúradh leis é a dhéanamh. Gaois an duine, rud ainnis ar fad.

Stéig Agus mé ag ól i ngnócheantar Taejŏn bhí mo bhéal lán – meall mór de stéig ghríosctha agus go tobann ní rabhas in ann é a shlogadh ná é a chaitheamh amach… bhí an bháisteach ina díle amuigh is í ag scairteadh: Brostaigh! Abair rud éigin! Cén rud?

31


Faoi Sholas an Lae Tar éis na báistí, d’ardaigh na huiscí gach áit. Dhá cheann déag ní hea tríceithrecúigsécinndéag d’fháinleoga go hard sa spéir.

Sráid Chongno Nuair a chuas ag spaisteoireacht síos Sráid Chongno in Taegu Cheannaíos is d’ólas buidéal schnapps.

Sean-Bhúda Hé, cad a bhí á rá agat i dtaobh an tSean-Bhúda? Arú, ní haon Bhúda é an Sean-Bhúda. An fíor-Bhúda is iasc é díreach anois sa líon ag léim as a chraiceann.

32


Cloch Idir Dhá Ghort Há! Há! Amuigh faoin aer atá an fíor-Bhúda. Ba cheart go mbeadh an domhan atá le teacht ag oscailt amach mar seo: gan aon deighilt idir istigh is amuigh. Is ar feadh an lae go léir a gcuid paidreacha á gcanadh ag na cuacha.

Giolcach ar Oileán Cheju Tús na Samhna. Páirceanna Cheju bán le giolcach dhosach. Fear bréige ina lár. Eisean ag breathnú ar an muir. An mhuir ag breathnú airsean.

Gealach (II) Abair é sin arís? Is ceart dúinn féachaint ar an ngealach agus dearmad a dhéanamh ar an méar atá ag díriú uirthi? A stumpa amadáin! Dein do rogha rud. Dein dearúd orthu araon, nó ná dein.

33


Brionglóidí Earraigh An oíche cheana thugas bascadh do Han Shan i dtaibhreamh. Aréir thugas barróg do Ch’unhyang i dtaibhreamh. Inné fuaireas fiche glaoch gutháin. Cheannaíos deich dtairne inniu tar éis féachaint ar scannán Síneach i bPictiúrlann Kwangshin in Ansŏng. Ar ais sa bhaile chroch mé suas grianghraif. Grianghraif de Han Shan agus Ch’unhyang! Tá gliondar orm.

Cuilithíní (II) Crom níos ísle is níos ísle go dtí go dteagmhaíonn tú leis na cuilithíní nach mór. Siúd romhat é, an bodhisattva, Manjushri.

Báisteach Throm Báisteach throm an lá ar fad gan aon neach beo aon áit. Tá go maith! Sibhse! Amach libh! Amach libh is bígí ag spraoi faoin mbáisteach. Tiocfaidh an spéir amach amárach agus amanathar.

34


Lagracháin Má tá daoine móra ann spéisiúil go leor tá lagracháin leis ann. Cé hiad na diúlaigh sin a bhfuil gnáthchroí in easnamh orthu? Bhíodh sé á rá de shíor ag an manach Nai Ch’uan gurb é an gnáthchroí an Tao dáiríre.

Gaoth Corraí na gaoithe. Á, an domhan seo, an domhan eile.

35


Ag Fágáil an Bhaile Má chaithfidh manach an baile a fhágáil, teacht abhaile mar sin sin dáiríre dáiríre cúram an bhúda. Ach go deimhin ní féidir dul abhaile i gceart gan an baile a fhágáil ar dtús, nach fíor?

Díthreabhach Bhí a chac á dhéanamh ag an díthreabhach Chang Ku-Sŏng nuair a chuala sé froganna ag grágaíl. B’iúd i mbun cantaireachta é: Grágaíl na bhfroganna istoíche faoin ngealach i dtús an earraigh an domhan go léir á tholladh, aon teaghlach amháin an cine daonna. Nuair a bheidh do chac déanta agat, glan tú féin agus bailigh leat as seo.

Focail a Thaitníonn Liom B’fhearr liom bheith ar ghrinneall na mara go Lá Philib an Chleite ná a bheith saor ó na saoithe. Ar fheabhas! Tá fíon im ghloine agus an nath seo leis ón Máistir Cloigeann Cloiche*.

*Leasainm ar scata manach Síneach, sa chás seo Shih T’ou (700-790). Sa tSeapáin atá a sheargán.

36


Muiscít Bhain muiscít plaic asam. GRMA. Táim beo, is léir. Scríob scríob.

Han Shan agus Shih Te Ná bí ag friotháil ar na hamadáin sin Han Shan agus Shih Te mar a dheineann cách. Tá fúm sciuird a thabhairt ar Shliabh T’ien T’ai agus an rud ar fad a tharraingt anuas agus codlaidíní a chur san áit inar sheas sé. Sea, codlaidíní dearga, bláthanna.

37


Mná Mhajŏng Mná shráidbhaile Mhajŏng na seanchailleacha a luaithe is a bheadh na cailíní óga go léir imithe as an áit chabhraíodh na seanmhná sin lena chéile i bpáirceanna treafa faoin ngrian loiscneach. Agus iad amuigh ag gortghlanadh, stadaidís chun rince meidhreach a dhéanamh agus Fill ar Chuan Phusan á chanadh acu rince meidhreach á dhéanamh acu.

Bealach Nua Téigh go grinneall na farraige. Chuig na míolta móra, na siorcanna is na ribí róibéis, síos an bealach ar fad go dtí an duibheagán. Beidh scata compánach ansin agat! Ná lean coiscéimeanna an Bhúda ná faic mar sin síos go grinneall na farraige leat.

38


Samhradh Lus na gréine, gan radharc, leanann an ghrian. Lus na gealaí, gan radharc, bláthaíonn faoi sholas na ré. Díth céille. Sin a bhfuil ar eolas acu. Eitlíonn snáthaidí móra isló ciaróga istoíche.

Réalta Reatha Hé! Aithníonn tú mé.

Oíche Fhómhair A dhaidí a dhaidí Criogar ag canadh

39


Inniu Hath há! Inniu an lá is fearr. An lá is fearr chun bás a fháil nó chun teacht ar an saol, scairt thús na beatha a ligean, amhráin a chanadh i dtábhairne. Tá an spéir iata.

Péist Talún An phéist talún ag lúbarnaíl ar aghaidh. Lúbarnaíl is scíth ansin. Cara maith leis an spéir.

Páiste Beag Amháin Diúltaím mo shaol a thabhairt do na Trí Seoda. Agus mé ag siúl liom casadh páiste beag orm agus bhíos an-tógtha lena shaontacht. Cén mhaith atá le coinnle, túis is nithe den sórt sin. A mhuiricín! Chailleas an tsnáthaid mhór sin.

40


Plabadh an Dorais Imigh. Nílim istigh. Cuardaigh mé ar ghrinneall na mara. Níl ach madra strae anseo a dheineann a chac is a líonn a shalachar. Uch!

Déanach Istoíche Déanach istoíche athraíonn sionnach a chruth agus sleamhnaíonn isteach id sheomra mar chailín gleoite: Cad a dhéanfá? Ná bí amaideach. Bhéarfainn greim uirthi. Hath há, a chéile an tsionnaigh. Is mó an spraoi a bhaineann le sionnach ná leis an mBúda, ar ndóigh. Siúráilte.

41


Cén fáth marú a dhéanamh? Lig dó. Led thoil, lig dó. An Búda a mharú má bhuaileann tú leis? Máthair is athair a mharú má bhuailean tú leo? Cén fáth marú a dhéanamh? Nithe atá déanta as cré titfidh as a chéile faoi bháisteach an mhonsúin.

Oíche Ghealaí Gach aon ní amuigh anseo ag lonrú. Tá an moirtéal geal agus folamh. Ní haon ionadh na dreoilíní teaspaigh a bheith ina dtost!

42


Oíche Rédhorcha Níl gealach le feiceáil ach lonraíonn an dá chéad chiliméadar idir tusa is mise an oíche go léir. An gadhar sin a chaillfear amárach ní heol dó go gcaillfear é. Tá sé ag tafann go fíochmhar.

Cuileog Shocraigh cuileog síos. Dheineas pleist di lem dhearna. Deireadh leis an gcuileog. Cad atá ar siúl anseo? Caithfidh gur dúr atá tú. Cad atá ar siúl anseo?

Tripitaka Koreana* Bhí bac gibrise ar an mbealach chasas ar ais is chonaic mé nathair. Tuigeann na nathracha a chéile.

* Na scrioptúir Bhúdaíocha a greanadh ar bhreis is 80,000 bloc adhmaid.

43


44


Ananda Shakyamuni féin ní fhéadfadh sé Ananda a cheansú ach chiceáil Kashyapa amach é is cheansaigh é. Caith uait gach a bhfuil ar eolas agat is nach bhfuil ar eolas agat. Ní go dtí sin a shoilseoidh aon réalta amháin go glé.

Taifeadtaí ar Sheachadadh an Lampa* Cén fáth ar coinníodh an seachadadh ina rún? Na cunúis! Babha-bhabha-bhabha! Ar oícheanta gealaí bíonn gach aon ní follasach don saol.

*Tráchtas Síneach ar mhachnamh, 景德傳燈錄

45


Yeh Fú Thóg Sean-Yeh Fú a chuid caca is smear ar fhallaí a chillín é. Dhóigh na manaigh Amhrán Yeh Fú sa Sutra Diamantach á rá go raibh sé siabhránach. Seo cuid d’Amhrán Yeh Fú … féach go géar air, féach.

46


Cuid a Dรณ as Theas is Thuaidh (2000)

47


Hadan Táim díreach tar éis teacht ó d’adhlacadh, tusa ar thugas gean duit, agus anois táim anseo im sheasamh go ciúin i ngiolcarnach Hadan ar réimse íochtarach Abhainn Nakdong. Critheann giolcach thirim thús an gheimhridh ábhairín. Is ann a théann an abhainn fhada ar a slí go mall, cuma spíonta uirthi, cuma neamhspíonta agus anseo, dearóil, seoda na ndeor a shil tú im shúilese táid, is do gháire géar, nuair ba bheo dhuit, fós im chluasa. Leis an méid sin, cén gá a bheadh le haon ní eile? Níl faic le n-ól fiú amháin.

48


P’yŏngyang Tá dínit coinnithe ag an áit seo nach mbeadh ag duine agus an fichiú haois ag éag. Croí náisiúin ar feadh leathchéad bliain. Tar éis caoga bliain ba cheart don áit seo a bheith níos éadroime. Crom ná raibh sé faoi charraigeacha troma ná faoi aer trom. Ná raibh sé gafa rómhór ag tascanna troma. Anseo, ná láimhseáladh dia trom an iliomad déithe. Ar a laghad ar bith, agus an dínit ársa á tarchéimniú, saoirse na laethanta neoiliteacha faoi spéartha neoiliteacha is a gcuid néalta cadáis, anseo i ndomhan an lae inniu go raibh tú mar chathair a raibh na sinsir is áille aici. Tar éis leathchéad bliain go raibh tú id chathair ina n-eitlíonn féileacáin.

49


Faoi Bhun Bhinn Taech’ong Tagaim anuas gan chathú ó Dhíseart Phongjong faoi bhun Bhinn Taech’ong. Bhíodh mo mhamó de shíor ag guí. Bhíodh mo mhamó ar thaobh mo mháthar ag guí. Bhíodh mo mháthairse ag guí leis. Santaím anois go saolófaí mé i ndomhan nach nguíonn riamh. An lá fuar seo is cúpla bláth edelweiss thall is abhus.

50


Giúiseanna Chinp’a-ri Bhíos ann le linn bhrionglóidí na n-oícheanta fada: Yongsan-ri, i gceantar Yokp’o ar imeall P’yŏngyang. Roimhe sin, Mujin-ri agus roimhe sin arís, Chinp’a-ri. Sin an fáth fiú anois, i mbéalaibh daoine in áit an ainm nua Yongsan-ri chloisfeá fós Chinp’a-ri á thabhairt air, Chinp’a-ri. Is ann a bhí tuamaí cnuasaithe Chinp’a-ri. Scéal ait. Dá seasfá ansin go ciúin d’iompódh an cnuasach tuamaí sin ina long mhór agus í ar snámh ba dhóigh leat ar fharraige is gan faic le feiscint ach fíor na spéire. Tá an domhan mar a bhí roimhe sin ach tá an chuma ar an gcnuasach tuamaí go gcrochfaidh siad a gcuid seolta. Tá sé faoi mar a bheadh áiteanna áirithe á n-iompú ina longa ag draíocht an ama. Sa bhliain R.Ch. 277 nuair a aistríodh tuama Ko Chu-mong anseo, é an-óg, ní raibh ach dhá bhliain is fiche slánaithe aige, tháinig fiche tuama eile i dteannta a thuama siúd chun an sráidbhaile alltair seo a chruthú. Ba é Koguryo an náisiún ba mhó, níos mó ná Sou ná Tang sa tslí nuair a dhein Sou ionradh air gur cloíodh é. Dhein Tang ionradh air is dalladh a n-impire. Tá sé an-chiúin anois. Dhealródh sé gur adhlacadh i bhfuaim na gaoithe sna giúiseanna iad agus a gcuid seolta á gcrochadh acu an lá ar fad. Ar fhalla thuama 1 agus 4 péinteáladh péire giúiseanna ar áilleacht asus lasmuigh de na tuamaí macasamhail ghlan na bpictiúr sin – giúiseanna i ngarrán. Le linn Ré Choson chuaigh an garrán trí thine. Ar an riarthóir áitiúil a bhí an locht.

51


Nuair a chuala an cigire ó P’yŏngyang cad a tharla chaith sé go trócaireach leis; mar phionós, d’ordaigh sé don fheidhmeannach dul trasna na mara go dtí Oileán Cheju i gcéin, giúiseanna a thabhairt ar ais leis agus iad a chur anseo. Pionós uafásach ab ea é. Bhí an feidhmeannach sean go maith faoin am ar thug sé na giúiseanna ar ais leis ó Cheju lena gcur. Deich mbliana ina dhiaidh sin bhí sé marbh is na giúiseanna ag fás go rábach. Bhí sé i bhfad ón gcósta ach bhí glór na dtonn ar chladaí Cheju le clos anois sa gharrán. Sin an fáth ar tuamaí oileáin iad ar snámh i muir tuamaí cnuasaithe Chinp’a-ri, oileáin na gcrann giúise ar snámh i muir. Oileáin a bhfuil glór na gaoithe sna giúiseanna is glór na mbristeacha, glórtha ó shean-Koguryo is ríocht Cheju, Tamra. Fós inniu an pointe is faide ó thuaidh is an pointe is faide ó dheas le chéile nuair nach mbíonn puth ghaoithe ann nochtann na giúiseanna a mhaisíonn na tuamaí.

52


Abhainn Yalu Fadó nuair a bhíos óg is gan faic agam, tháinig is d’imigh an t-am i gcaitheamh an lae saor in aisce. Lá amháin, nuair nach rabhas in ann siúl, cos liom leonta, an lá ar fad á chaitheamh agam le coincleach i dteach tréigthe theastaigh uaim go géar eipic a scríobh ar nós Abhainn Yalu. Fiú nuair a bhí Choson treascartha ag an tSeapáin lean an Abhainn Yalu dá cúrsa. Fiú nuair a d’fhágadar Choson ina ndiaidh chun an Mhanchúir a threascairt lean an Abhainn Yalu dá cúrsa. Ag leanúint uirthi de shíor, ag casadh isteach san fharraige, ag imeacht is gan cathú uirthi, theastaigh uaim bheith i m’abhainn, theastaigh uaim bheith mar eipic ag an abhainn sin. D’fhéadfadh áiteanna áille a bheith ar bhruacha na habhann sin, is cuma. Modartha anois, dearóil anois, an tírdhreach leamh anois, ach leanann dá cúrsa Gach aon ní á fhulaingt aici agus oícheanta ag iompú ina laethanta, ag leanúint uirthi, gach saghas smaoinimh aici á iompar… B’fhéidir nach mar sin atá? Samhlaigh domhan a chruthódh daoine áille amháin – Ifreann beo a bheadh ann. Ní hin atá uainn. Ní hin é ... Bruacha Abhainn Yalu, feadh a cúrsa an-fhada, is tuirsiúil an saol a bhíonn acu agus ní bhíonn an bás tuillte acu. Theastaigh uaim go géar a bheith mar eipic ag an saghas sin abhann. Ní mise amháin. Chan duine éigin romham: Á, sníonn an Yalu. Ag leanúint dá réamhrá siúd theastaigh uaim go géar eipic mar an Abhainn Yalu a scríobh.

53


54


Dílleachtaí Bhí go leor dílleachtaí ann le linn ionraí na Seapánach sa séú haois déag. Na haithreacha marbh, nuair a gabhadh na máithreacha mharaíodar iad féin. Fágadh na páistí ina n-aonar, ag gol is ag caoineadh gur dhearúdar conas caoineadh. Cailleadh cuid acu, cuid acu thánadar slán. Ba leis na marathnóirí ansin gach rud sa saol. Bunaithe ar an stór dílleachtaí sin sa lá atá inniu ann deinimid athscríobh earráideach ar ár ngéaga ginealaigh chun na mílte againn a áireamh mar oidhrí orthu. Le linn trí bliana de chogaíocht fhraochmhar a thosaigh i mí an Mheithimh 1950 ní fios líon na ndílleachtaí a bhí sa Chóiré Theas is Thuaidh. Bhí breis is dhá mhíle dílleachtlann againn sa Chóiré Theas. Earraí fóirithinte ag teacht ó na Meiriceánaigh is á gcúigleáil go tiubh ag na stiúrthóirí. Dílleachtaí is ocras orthu gach oíche, drochíde á tabhairt dóibh. N’fheadar an raibh an líon céanna dílleachtaí sa Chóiré Thuaidh? Níor tháinig earraí fóirithinte chucusan ó thír ar bith. Chaitheadar cur suas le huisce, sin uile, bás a fháil nó teacht slán. In Songdowon díreach lasmuigh de Wonsan sa Chóiré Thuaidh bhí bean ann a chaill a cuid páistí féin agus a thug dhá chéad caoga dílleachta cogaidh le chéile is thóg iad faoi mar b’iad a clann féin iad. Campa Gasóg Idirnáisiúnta é an áit sin anois ach ní thagann buachaill ar bith ó thír ar bith ann ná ón dtír seo againne ach an oiread, mar sin is folamh díomhaoin le fada é. Níl domhan an lae inniu gan dílleachtaí. Níos mó ná riamh, áit is ea an domhan ina suíonn uaigneas loiscneach na ndílleachtaí, na mbaintreacha, na bhfánaithe is na seandaoine a champa.

55


Mná Pioctha na mBláthanna Úll Nach sneachtúil an geimhreadh a bhí ann. Tháinig an t-earrach ansin, mar a bheadh doras á oscailt. Leath an rosamh i bhfad i gcéin thar Shliabh Kuwol. Mar sin féin áit uaigneach is ea an domhan is tháinig an t-earrach. Tháinig bláthanna ar na crainn úll ag bun Shliabh Kuwol. Thosnaigh mná as Unyul mná as Changton sa dúthaigh thall, cailíní as Songhwa, thosnaíodar ag tabhairt faoin mbóthar. Tuáillí fáiscthe ar a gcloigeann acu, bhíodar ag imeacht, ina ndeichniúr nó scór duine acu, bhíodar ag imeacht go dtí na húlloird in Hwangju agus Sariwon chun na bláthanna úll a theascadh. Bhí an iomarca bláthanna ann, bhíodar chun iad a thanú is gan ach beagán a fhágaint ar na crainn. Agus iad ag siúl rompu ghabhadar trína a leithéid seo is a leithéid siúd de shráidbhaile, cuid de na hamhráin a chanadar bhíodar corraitheach go maith is uaireanta ábhairín caointeach. Nuair a chuireann siad an mullach díobh téann fuaim na hamhránaíochta i léig agus cronaíonn baitsiléirí an bhaile iad, caitheann clocha leis na gadhair atá ag leanúint na meithle is sa deireadh cuireann an ruaig orthu. Mná agus cailíní pioctha na mbláthanna úll tógann sé trí nó ceithre lá orthu an t-úllord a bhaint amach. Tagann grúpa eile roinnt laethanta ina dhiaidh sin.

56


Caitheann siad an oíche i gceathrú na mban sna sráidbhailte a ngabhann siad tríothu, Is fágann leathán d’fheamainn thriomaithe as Changyon ina ndiaidh mar chúiteamh ar an mbia, agus iasc leasaithe as Songhwa. Sa deireadh, úllord Sariwon, úllord Hwangju, i measc dhuilleoga bánghlasa na gcrann úll raidhse bláthanna bána. Ar fud an úlloird go léir mná as Unyul, mná as Changyon, cailíní as Songhwa agus iad ag teascadh na mbláthanna, duine acu ag canadh, an duine eile ag éisteacht. Gan scíth a ghlacadh i gcaitheamh an ama, géaga á síneadh, súile á síneadh, ag teascadh na mbláthanna is airde le scil. Tá deireadh pioctha anois acu, tar éis roinnt laethanta, agus iad ar an mbóthar abhaile, plé ar siúl acu, an ceart cuairt a thabhairt ar Theampall Songbul ar Shliabh Chongbang. Lig don bhanchliamhain bheith ag obair faoi ghrian an earraigh is d’iníonacha féin faoi ghrian an fhómhair, nach in a deirtear, aghaidh na mban seo griandóite ag grian an earraigh. B’éigean dóibh dul abhaile, gan amhras, gan amhras, b’éigean dóibh dul abhaile. Pléann siad an ceart dóibh dul chuig Aonach Bongsan ach b’éigean dóibh dul díreach abhaile, ar ndóigh. Bhí báibíní sa bhaile acu ar nós coiníní, fir chéile ar nós cuaillí, b’éigean dóibh dul abhaile. B’éigean dóibh, agus an ghaoth ag séideadh ina n-aghaidh, barróg á tabhairt acu don ghaoth, B’éigean dóibh agus an ghaoth ar a gcúl, an ghaoth á hiompar acu ar a nguaillí.

57


Kwangju Dá saolófaí ann thú is cathair í a dtabharfá an oiread sin grá di go n-éireofá bréan di. Tar éis do bháisteach leadránach an tsamhraidh a bheith thart pé áit ina bhféachfá cathair is ea í ina leánn boghanna síne. Nó cathair na dtuar ba chóir a rá. B’fhearr le páistí ann an lá amárach ná an lá inniu. Cathair a bhfuil an oiread sin féidearthachtaí maraithe aici. Daoine fásta ar mó na laethanta inné a bhí acu ná na laethanta inniu. Cathair ina bhfuil an lá inniu gan éifeacht. Téir ann agus bainfidh tú leis an lá inné leis an lá amárach i gcéin. Mar sin féin ba é an lá inniu é an lá a dtáinig na tancanna. Cathair an bháis.

58


DMZ Buíochas as an 55 bliain a d’imigh. An líne a rianaíonn sos cogaidh na Cóiré, sé chéad ri ar fad. Talamh atá á chaoineadh ag úinéirí, tráth dá raibh, an chreasa dhímhíleataithe, ina gcodladh dóibh, ina ndúiseacht, a gcosa acu á ngreadadh. Fiaile nár smachtaigh éinne, feithidí ar fhiaile crainn, crainn, míolta, míolta beaga, miocróib. Ar mhaithe libhse, go maire an DMZ go brách. Borr i ngach treo, DMZ. A thaibhse de dhóchas na hÁise Thoir Thuaidh, gabh i leith. Borr. Borr.

59


Cuid a Trí Dánta ó Dhíon an Domhain

Nóta: Sa bhliain 1997 chaith Ko Un agus cúpla compánach leis 40 lá ag taisteal sa Tibéid. Bhí dochar déanta do scamhóg leis le linn a óige agus is beag nár mharaigh tinneas airde é sa Tibéid. Cailleadh a mháthair agus é sa Tibéid. Bhí sé chomh buailte sin ag easpa ocsaigine nach raibh sé in ann scríobh go ceann bliana. Nuair a tháinig sé chuige féin scríobh sé taifead ar a aistear sa Tibéid a foilsíodh sa bhliain 2000.

60


D’Oilithreacht Luas níos moille, déanfaidh luas beagán níos moille an chúis. Má thosaíonn sé ag cur fearthainne gan choinne lig duit féin a bheith báite. Seanchara í an bháisteach. Rud amháin atá go hálainn: bóthar a bhualadh. Tá an domhan rófhairsing le bheith lonnaithe in áit amháin, nó dhá áit nó trí. Siúil siúil go fuineadh gréine is do chomhchoirí, do scáil, déanach mar is gnáth. Má dhorchaíonn an spéir lean ort is cuma.

61


An tAinm Sin Tar éis 1052 ar fud gharbhchríocha an tuaiscirt sna haltáin, ar na fánáin is ar na haillte guaiseacha, faoin mblár sneachta buan ní raibh ann ach a ainm siúd, Milarepa. Ar feadh míle bliain nach mór, ní raibh ann ach an t-ainm sin tar éis a bháis agus é trí bliana is ceithre scór. Le linn dó a bheith beo, arú, ní raibh ann lastall den sráidbhaile sin is den sráidbhaile eile úd thall is lastall den sliabh úd ach amhráin an té a fuair léargas, céad míle amhrán. Tar éis a bháis, d’eitil an t-am mar ghlór na fliúite is b’eisean an t-aon ní a mhair i bhfad is i gcéin thar ardchlár na Tibéide. Go huile is go hiomlán.

62


Ar Fhánáin na Himáilithe Aird á tabhairt don am ar bís sliabh á leá an buansneachta ársa agus cuilt an tsneachta úir á leá arís is arís eile mar bhean a thabharfadh a colainn duit. Thart ar a trí a chlog san iarnóin. Timpeall a cúig tagann an leá-uisce anuas de ruathar, i dtobainne. Muna dtabharfaidh tú na cosa leat in am ón scaoileadh buile sin fan socair is abair leat féin nárbh aon dochar é bheith scuabtha chun siúil. Cuir abhainn amháin díot is beidh abhainn eile romhat. Caith cloch inti, cad a mhúineann uisce ach doimhneas. Aoire marbh agus dhá chaora ar snámh san abhainn. Riamh anall níorbh aon rud mór é an bás anseo. Fad ba bheo dóibh bhíodar préachta, sin sin. Iolraítear mé, is deichniúr, is scór mé ach níl éinne againn in ann bogadh. Ní bhíonn sochraid anseo nuair a chailltear duine. Cuireann an spéir ghlé oscailte alltacht orm. Buaileann braon aonair báistí mé idir an dá shúil.

63


Sráidbhaile, 4,300 Méadar Os Cionn Leibhéal na Mara Bailc gan choinne. Éinne atá ag siúl leanann ar aghaidh. Báibín á iompar ar dhroim a mháthar, á fhliuchadh go craiceann. Gach éinne báite. Níl a leithéid de rud ann agus réamhaisnéis na haimsire san áit seo. Níl éinne ag fiafraí de bhean feasa faoin aimsir. Éiríonn na feithidí, fiú, fliuch nuair a bhíonn báisteach ann; nuair a stopann an bháisteach bogann siad ar aghaidh go mall ar an talamh fliuch. Tá sé tamall maith ó d’éiríodar as an aimsir a léamh. Is breá liom nach bhfuil feidhm leis an ngaois. Darchen sa Tibéid – b’éigean dó iompú ina shráid. Míle bliain gan scáth fearthainne. Bíonn daoine ag siúl faoin mbáisteach is ag éirí fliuch. Nuair a stopann an bháisteach, trimeoidh a gcuid éadaigh. Go mall. Fiafraím: An bhfuil cur amach agat ar Lása? An raibh tú riamh i Lása? Ar seisean: Níl fhios agam. Sonas an neamheolais, nirbheána an neamheolais, saol an neamheolais, lá i ndiaidh lae.

64


An Bhinn Taobh le Dhaulagiri A thaisce! Tá tú tagtha mar spiorad, do cholainn fholamh fágtha id dhiaidh agat. Cúig nó sé lá déag i ndiaidh do bháis tá an ball iargúlta seo sroiste agat. Ní raibh sa bhóthar a thug go baile Ali thú ach sléibhte folmha, fánáin fholmha, faic – chomh folamh sin dáiríre nach bhféadfadh aon ní teacht i dtír ann ná cur faoi in aon áit. Áit atá teorantach leis an India, le Neipeal, an Chaismír, domhan íochtarach ar an taobh thiar den Tibéid. Áit ina bhfilleann áirse fhada na Himáilithe a cuid sciathán is buaileann le droim Shliabhraon Gangdis, droim Karakoram, áit ina dtéann na Sléibhte Kunlun ar a ngogaide. An áit sin a nglaoitear go minic díon an domhain uirthi, go hiomlán folamh. Tá cónaí ar dhaoine anseo. Ní hé an domhan eile é, is é an domhan seo é, agus táimse beo ann, lán briogúin de chaoireoil a réitigh Uigiúrach óg dom á alpadh siar agam.

65


Scéal mar gheall ar Lása Fadó fadó agus é ag machnamh faoi thodhchaí na ríochta, chuir an Rí Songchen Gompo, tiarna na Tibéide aontaithe, chuir sé scór de na strapairí ab éirimiúla aige i gceantar na Himáilithe ó dheas chun na hIndia, go dtí Ollscoil Naranda. I gcaitheamh na mblianta, dheineadar staidéar ar an bhfealsúnacht, an mhatamaitic, an réalteolaíocht. Cailleadh seachtar déag den scór sin de ghalair ainsealacha. An triúr a tháinig slán d’fhilleadar ar an Tibéid. Ach cailleadh beirt go gairid ina dhiaidh sin; mhair duine acu beo, ina shimpleoir, néaltraithe. I súile mhuintir Lása os cionn 3000 méadar in airde bhí an domhan thíos fúthu ar nós dhomhan na marbh. Ar an taobh eile den scéal ógánaigh ó Sichuan a thug aghaidh go ráscánta ar an Tibéid níor éirigh leo bheith beo 3700 méadar os cionn leibhéal na mara. Cailleadh iadsan, leis, duine i ndiaidh a chéile. Ach anois is iad muintir Sichuan scothaicme cheannasach na mbruachbhailte nua i Lása, an saol ar a dtoil acu. Tá piachán ar na Tibéadaigh, is bacaigh iad, beo bocht, ní áirím an biotáille láidir Síneach agus striapacha na ngalar.

66


Leanbh Dhein duine éigin Binn Namjagbarwa a thomhas; baineann sí le Sliabhraon Nyainqentanglha in oirthear na Tibéide. 7756 méadar ar airde atá sí. Ar an taobh eile den bhinn sin, lastall de na sléibhte, tá tuilleadh sléibhte agus sráidbhaile bothán, Jinuk, dhá theaghlach déag ann. Ar na fánáin rua a fhéachann anuas ar Jinuk tá puball gioblach. Tá bean ina cónaí ann a raibh Tsringanmo mar ainm uirthi tráth, ach níl aon ghá aici le hainm níos mó. Fuineann sí taos lasmuigh dá puball. Bhí a hionú tagtha. Tinneas clainne uirthi. ‘Tiocfaidh mé ar ais nuair a bheidh an leanbh saolaithe,’ ar sise. Stop sí den fhuineadh agus chuaigh isteach sa chúinne, á ceilt féin ábhairín le ceirt. Is gearr gur saolaíodh leanbh di. Agus greim aici ar an bpuball thug sí leanbh ar an saol agus í ina seasamh, gan dua dá laghad. Cuireadh an báibín i gciseán agus cheana féin bhí cúpla lóg lag uaidh. Amach leis an mbean ansin agus í ag gearán go raibh an taos cruaite beagán. Chuir sí a thuilleadh uisce leis. Mar a bheadh cearc a rug ubh nó capall ar baineadh a ualach de. Bhí an spéir an-ghorm agus í ag caochadh súl. Bliain dár gcionn tugadh ainm don leanbh, an t-ainm is coitianta amuigh, Tensing. Tensing a bhí ar a sheanathair leis.

67


Faoileáin Os cionn Ardchlár Changtang bhí faoileáin na Tibéide ag eitilt ar airde 5000 méadar gar d’aghaidh thuaidh na Himáilithe. Tamall an-fhada siar, milliún bliain ó shin, farraige ab ea an réigiún seo. Ansin de bhúireach is de thormán bhrúcht díon suaite an domhain aníos. Níor éirigh leo filleadh ar an sáile. Tá na faoileáin ar an ardchlár seo glúin i ndiaidh glúine. Níl a fhios acu níos mó cá bhfuil an tAigéan Indiach. Níl a fhios acu cá bhfuil teacht ar fharraige ar bith. Iad ag turlingt ar Bhinn Kanchenjunga faoi ghrian órga na maidine agus iad ag stánadh lena súile geala ar lomáin atá ina ngaobhar, seachas ar aon ní atá lasmuigh dá raon.

68


Cúig Ghlúin Sliabh de charraig dhubh, dubh amach is amach, agus ag bun na bhfánán tá móinéar i bhfolach. Is ann, gan dabht, atá puball an fhánaí ceangailte síos. Agus tá tréad caorach ar iníor ann. An sin-sin-seanathair an sin-seanathair an seanathair, an tseanmháthair, athair máthair an mac is óige, Tensing, sé bliana d’aois. Tháinig Tensing is é ag rith: ‘A Dhaideo, rugadh uan.’ Ansin deir an sin-seanathair is an seanathair as béal a chéile: ‘Á, dáiríre?’ ‘Á, dáiríre?’ ‘Daideo’ is ea an sin-sin-seanathair an sin-seanathair agus an seanathair. Ach bhí an sin-sin-seanathair bodhar agus níor thuig seisean gur saolaíodh uan: mheas sé go raibh Tensing tar éis a rá go raibh sé tagtha abhaile: ‘Á, dáiríre?’ Tá an sin-seanathair 72 an seanathair 53 an t-athair 32 Tensing 6 níl fhios ag éinne cén aois é an sin-sin-seanathair 89 seans, nó 90; níl tuairim aige féin.

69


Tháinig na caoirigh abhaile as a stuaim féin, céad seachtó acu. Dhá lá ó shin cailleadh caora, inniu saolaíodh uan. Ar an taobh eile den sliabh bhí deartháireacha Tensing, cúpla dhá bhliain déag d’aois, ag tabhairt aire do thréad de chuid aoire eile. D’fhéach na deartháireacha in airde lena súile nochta ar naoi míle réalta i spéir na hoíche. Bhí solas na réaltaí (a bhí tar éis titim isteach i súile codlatacha na nglún go léir) faoi shuan. Ní mór dóibh féaraigh nua a lorg amárach, móinéar réidh, deacair le haimsiú. Aisteach go leor is é an sin-sin-seanathair agus na caoirigh is túisce a aimsíonn an móinéar. Méar á díriú aige: ‘An bealach sin …’

70


Scéalta Tá scéalta ann. Daoine ag insint scéalta agus daoine ag éisteacht leo. Tá an seomra lán d’anáil na scéalta. Is leor sin. Ocht mí gheimhriúla, míneas 40. Leanbh a baineadh den chíoch cailleadh leis an bhfuacht é. Níor mhair an caoineadh i bhfad. Is gearr go raibh scéalta ann idir urnaithe is tuilleadh urnaithe idir dhá bhéile scéalta arís. Staid na foirfeachta an staid seo.

71


Canna Folamh Culaith spártha, paistí uirthi, agus pluid, uch an bréantas. Mála plúir eorna blúire salainn tae torthaí triomaithe pota le haghaidh uisce canna folamh a fuarthas le déanaí. Is leor sin chun cúpla mí a chaitheamh ar fhánán sléibhe. Na pubaill sin deich nó cúig chiliméadar déag uathu sin iad na comharsana. Lasann siad buarán gorann a n-aghaidh agus téann a luí thart ar 10 p.m. Ní théann an ghrian a luí go dtí sin. Lasann coinnle na réaltaí le chéile agus bíonn an doircheacht ag taitneamh, thall is abhus. Ní thuigeann siad gur bochtaineacht is ea é seo. Má bhíonn an lá fliuch is deacair tine a mhealladh as breochloch.

72


An Anáil á Ceansú Mar a bheadh béar ag dul in aois is crann á dhreapadh aige, greim docht aige air, cnuasaím m’anáil. Mar a bheadh éan is a mhuineál aige á shíneadh, ag piocadh ar bhia, cnuasaím m’anáil. Tá neamh agus talamh lán d’anáil. Nuair a chanann dragan, éiríonn scamall. Nuair a dhéanann tíogar feadaíl mar fhreagairt sí an ghaoth í. Agus an anáil ag gluaiseacht isteach is amach sa tslí sin, éiríonn an anáil ceansa éiríonn an anáil ceansa. Ó bhun Shliabh Kunlun ar aghaidh d’éiríos tíosach le m’anáil, asanálaigh, ion-análaigh, an anáil á ceansú.

73


Dall Shliabh Sumeru Thógfadh sé dhá lá ort no trí cuairt iomlán Shliabh Sumeru a dhéanamh. Dá ndéanfá sléachtadh iomlán le gach céim, thógfadh sé mí ort nó níos mó chun cuairt iomlán a dhéanamh. Ar an dtaobh thiar de Shliabh Sumeru ag bun aille míle léig ar airde bhí dall feosaí ina shuí. Níor labhair mé leis, labhair mé leis an gcarraig ar a raibh sé ina shuí. Ag stánadh in airde ar Shliabh Sumeru ag stánadh in airde ar an sliabh beannaithe sin bliain i ndiaidh bliana dalladh de réir a chéile é ag a ghile dhrilseach agus anois, a deir sé, ní fheiceann sé faic. Anois, a deir sé, feiceann sé lena chroí, feiceann sé le súile an chroí. Gháir sé sa lándorchadas sin. An gáire sin – is cúpla fiacail bhuí a bhí fágtha ina cheann – sonas thar gach sonas ab ea é sin. Leanamar orainn, mé féin is mo chompánach, i gcéin.

74


Dóchas Ba le linn na gceithre míonna sin é nuair a fhásanna na féara ísle. B’é an uair úd é, nuair a bhíodar fásta, gur aibigh síolta mar shúile ag caoineadh. Thiteas, arís is arís eile. Na flóis a bhláthaigh im shúile d’fhás is chríon go gasta. Foirmíodh síolta ansin is d’aibigh. Tar éis dom glac plúir eorna a ithe d’ólas braon uisce is shiúlas liom tamaillín eile den ród. Arsa duine éigin romham: Tá dóchas ann. Duine eile ar sé: Cad is dóchas ann? Chroitheas mo cheann. Ní raibh éinne tar éis labhairt liom. Mua a bhí ann. Ní raibh aon rud dom leanúint ach gadhar a bhí chomh sean sin nár fhéad sé tafann a dhéanamh. Chaitheas chuige canta aráin a bhí fágtha agam. Níor chroith sé a eireaball fiú.

75


Sruthán Ní rabhas ag súil leis in aon chor. Ag bun Iomaire Tangkura, ard cam atá sé, bhí sráidbhaile ansin leis. Is cuma más parthas é dar le daoine áirithe nó más ainmhithe iad na daoine ann dar leis an gcuid eile. Is suarach é an sruthán a shníonn os comhair na n-áitreabh ann. Uaireanta téann sé i ndísc ar fad; uaireanta eile, tar éis na báistí, gluaiseann i dtiúin leis féin. Lá mar sin is beirt bhan i mbun níocháin, an chéad uair leis na cianta; ní ligeann siad don uisce salach dul ar ais sa sruthán ach caitheann amach sna goirt úd thall é chun go mbeadh uisce glan ag an bpobal thíos fúthu. Sa Tibéid, ní nítear éadach ach go hannamh. Gach cúig bliana, seacht mbliana b’fhéidir. Ní bhíonn clúidín ar bháibíní ann, agus a luaithe is a thriomaíonn an cheirt atá lán de chac úsáidtear arís í go dtí go n-éiríonn ceirt mhór an-bheag. I ndeireadh na dála, tar éis scairt gáirí, tá saol eile ann.

76


Solas Bhí an domhan ina dhrithle. Ní fhéadfadh bean grá a bheith aici d’aon fhear amháin go deo; ní fhéadfadh fear grá a thabhairt d’aon bhean amháin is fuath ansin. Gach aon ní ina dhrithle. Dianscaoileadh an eolais, caillte san ainbhios. Na sléibhte i gcéin láimh liom. Bhíos ansin im sheasamh, ag ceann Ardchlár Thiar Changtang. Scáil níor chaitheas. Scáileanna fiú, solas iomlán ab ea na scáileanna féin. Go domhain isteach san oíche, bhí rabharta solais ag teacht ó na réaltaí, is gach aon ní ina dhrithle. Bhí m’ionathar le feiscint fiú, ag lúbarnaíl. An spéir os cionn na Himáilithe Láir an síobadh sneachta is na scamaill – iad go léir ina ndrithle. Agus í chomh grástúil le spiaire shleamhnaigh drithle sholais in aice liom.

77


An Tríú Dalaí Láma Há! Hath Há! Sa bhliain 1587 mainistir niamhrach ab ea Drepung lasmuigh de Lása. Bhí clós cúirte na mainistreach ag cur thar maoil le lámaí faoina hataí buí. Is ansin fuair an Sruith Sonam Gyatso an teideal Dalaí Láma ó Altan Cán, Rí na Mongóile. Líon an t-aer le glór na ndrumaí is macalla na bhfliúiteanna. Ba é an chéad Dalaí Láma é. Ach chreid sisean go raibh beirt eile ann roimhe agus gur comharba orthu siúd ab ea é. Ní hé amháin agus é ina dhúiseacht ach ina bhrionglóidí chomh maith chonaic sé mar a bhí sé féin tráth: mar chéad Dalaí Láma is mar uimhir a dó. Mar sin thug sé an tríú Dalaí Láma air féin seachas uimhir a haon. Bhíos-sa roimhe. Is mise an mise roimhe agus an mise ina dhiaidh. Is mé a gcodanna go léir ó inné is a gcodanna go léir amárach. Cúpla bliain ó shin casadh an 14ú Dalaí Láma orm. D’fhiafraíos de: ‘Cé thú?’ Bhí crith ar a ghlúine, is gháir sé: ‘Níl a fhios agam. Is tamall an-fhada é …’

78


Deartháir Óg an Dalaí Láma Cailleadh é agus é dhá bhliain d’aois. Caoineadh é ar nós cuma liom. D’fhógair astralaí gan é a adhlacadh: Fág ann é. Tiocfaidh anáil ann arís ... mar sin fág ann é. D’fhágadar smál ime ar an gcorp. Fuarthas an smál céanna ar cholainn linbh a rugadh an bhliain dár gcionn. Mar sin d’fhás deartháirín an 14ú Dalaí Láma aníos mar mhac le lánúin eile. Tháinig méadú faoi thrí ar an tréad caorach acu. Bhí an t-aoire óg ar fheabhas i mbun a chúraim. An-chrúiteoir ab ea é. Tá cáil ar a dheartháir ón saol eile in Daramsala agus i Nua-Eabhrac agus eisean gan ainm i measc na dTibéadach in Changtu na Síne. 62 nó 63 atá sé i mbliana. Níl a fhios aige.

79


Phowa* Ba mhaith liom an domhan a fhágáil anois, go luath. Níl cúis agam leanúint ar aghaidh. Phowa. Slí chun deireadh a chur le do shaol. Phowa. Caillfear amárach mé. An lá dár gcionn stop sé ag análú agus fuair bás mar a thuar sé. Ní raibh aon streachailt ann a bheith beo go dtí an deireadh, an chríoch, rud nach bhfuil ann ar aon nós: choisc sé a anáil thug cuireadh don bhás. Tá dínit ag baint leis sin, dínit sórt daonna.

*Teicníc chun an comhfhios a chur amach trí bhaithis do chinn.

80


Leanbh mar Oide Leanbh chomh beag le hubh gheirge á chur sa ríchathaoir is uaisle, Friotháil ar leanbh simplí nach eol dó faic ach caoineadh gan stró Ag cromadh síos ar a nglúine roimh leanbh mar mháistir os cionn máistrí Sin is áilleacht thar na bearta an Bhúdaíochais Thibéadaigh ann Á, scaoiligí leis an ealaín ársa cúig mhíle bliain d’aois sin ar a dtugtar an áilleacht.

81


Dealbh de Siddhartha Dhá Bhliain Déag D’Aois Teampall Jokhang i Lása lán de dhathanna geala, deatach túise go tiubh ann. D’fhéadfadh duine folláin a bheith bacach ann nó titim síos, nó titim i ndiaidh a chos, cúr lena bhéal, nó dradgháire á dhéanamh aige gan fhios don saol. Trí dhorchlaí dorcha lampaí ime ag preabarnach go marbhánta. Dealbha ina suí le míle bliain. I bhfad istigh siúd é Rinpoje, a bhéal druidte go daingean aige, fear a tháinig slán as an réabhlóid chultúrtha. Téir ar mire! Téir ar mire! Tá lucha ann a mhaireann ar an im sna lampaí, lucha gan eireaball. Tá lámaí ann a bheireann ar na lucha, a leasaíonn agus a dhíolann iad. Tá Siddhartha cloiche ann, in aois a dhá bhliain déag, ina shuí i measc dhealbha na mbúdaí is na mboddhisattvacha ón anallód. Ní rabhas in ann m’anáil a tharraingt. Amach liom agus thugas do na cosa é. Lean na bacaigh mé, d’éiríodar as ar ball. Tháinig beocht ionam arís a bhuíochas do ghaotha Abhainn Yarlung Tsangpo. Is tapa an chuisle a bhí inti. Anseo, san abhainn, páistí dhá bhliain nó trí bliana déag d’aois is iad ag slaparnach.

82


Adhlacadh Spéire An suíomh, leath slí suas an sliabh, carn púróg. I measc na bpúróg roinnt crann feosaí ag fás. Corp ina luí, righin, ar leac. Deineadh an gearradh go cruinn. Tarraingíodh amach an t-ionathar. An mac óg, ansin, máinlia, ghearr sé an croí agus scrúdaigh a chodanna. Scrúdaíodh an máilín domlais is na duáin chomh maith. Baineadh an cloigeann de. Tógadh amach an dromlach. Nochtadh na heasnacha, cuireadh ar charn ar leith iad. Chuaigh an feidhmeannach síos an cnoc ag seinm ar fhliúit chnáimhe. Ní túisce imithe é ná gur thuirling bultúr mór anuas, dhún a chuid sciathán agus d’ith thar a shá. Tamaillín ina dhiaidh sin tháinig fiach dubh mór is d’ith a dhóthain. Ina gceann is ina gceann tháinig éin eile. Ní fhanfadh an ghaoth socair; d’éirigh is scuab léi go fraochmhar thar lorg an tsléibhe.

83


Kochi! Kochi! Kochi! Kochi! ‘Níl aon teorainn leat!’ Sin a deir na bacaigh sa tSráid Octagánach i Sean-Lása. Kochi! Kochi! Nach uaisle i bhfad é ná ‘An mbeadh pingin agat?’ Níl aon teorainn leat! Dáiríre, níl aon teorainn leat! Ordóg shalach amháin san aer: Kochi! Kochi! Nuair a chuala an méid sin bhraitheas go hiontach ionam féin Mar sin thugas nóta bainc Síneach do dhuine acu. Timpeallaíonn a thuilleadh bacach mé, Nílim in ann bogadh, tosnaím ag cur allais. Kochi! Kochi! Kochi! Kochi!

84


Seanfhear Tréigthe Fánán 5000 méadar ar airde. Fásach is gan faic ann, faic na fríde. Puball bídeach gioblach ar an bhfánán, puball a tháinig anuas ó ghlúin go glúin. Seanfhear istigh ann. Ní raibh a fhios aige an raibh radharc ag a shúile leamha nó nach raibh. An lá roimhe sin bhí a mhac is bean a mhic agus an garmhac ocht mbliana d’aois – ag titim ar a nglúine dóibh – tar éis sléachtadh dó den uair dheireanach. Bhí bia sa phuball, athrú éadaigh, carn connaidh chun an fuacht a cheansú. Bhí biseach beag air ón daille shneachta a bhí air roinnt blianta roimhe sin ach bhí sé ag éirí níos bodhaire an t-am ar fad. Is beag a bhí sé in ann a fheiscint nó a chlos dáiríre. Mar sin gheobhadh sé bás gan mhoill. Tiocfaidh na préacháin faoina chomhair. Eitleoidh na fiolair isteach chomh maith. Na cairde cleiteacha go léir ar mhair sé leo ar feadh a shaoil, féachfaidh siad i ndiaidh a dheasghnátha adhlactha. Bhí taibhreamh aige an oíche cheana: agus é ina leaid óg, bhuail sé a dhá lámh le chéile nuair a chonaic sé rith na gcuilithíní i ndiaidh na fearthainne.

85


Shigatse

Is ann a bhí cónaí ar an Panchen Láma, macasamhail an Dalaí Lama. Cailleadh é, agus an t-amhras ina thimpeall, i Mainistir Tashilhunpo sa dara cathair sa Tibéid, Shigatse. Sa chlós folamh os comhair na mainistreach féach: gadhair ina luí ar a mbolg. Ní cás leo sléachtadh leadránach na mban is iad ag titim ar a nglúine, na gadhair sínte ar a mbolg. Lasmuigh den mhainistir, dúisíonn an ghaoth an dusta codlatach. Seanmhanaigh is manaigh ar leanaí iad ag maireachtáil le chéile gan aird ar a chéile, is breá an monabhar a dheineann siad.

86


Neantóga Nagarjuna san India. Wonhyo sa Chóiré. Milarepa sa Tibéid. Fad is a bhí sé ag aithrí níor ith Milarepa ach neantóga bruite lá i ndiaidh lae. D’iompaigh sé bánghlas ó bhaithis go bonn. Faoi dheireadh is glas a bhí a bhabhla cré chomh maith. Is é an babhla sin anois m’oide, arsa Milarepa. Má bhriseann an babhla admhóidh mé go bhfuil athrú i ndán don uile ní. Agus na focail sin á rá aige os íseal bhris an babhla agus chuaigh Milarepa as radharc. Na bochtáin a lean é d’itheadar neantóga is d’iompaíodar san, leis, glas.

87


Oíche Amháin i Lása Ar an 20 Meitheamh, 1997, cuireadh seisear lamaí chun báis i bpríosún i Lása. In Dharamsala na hIndia dhún rialtas ar deoraíocht an Dalaí Láma a dhoirse an lá sin, cuireadh na himeachtaí go léir ar ceal. D’fhan na daoine ann ina dtost, ní dúradar faic, níor itheadar faic. Lá breithe an Dalaí Láma ab ea an 5 Iúil. Ar shráideanna Lása baisteadh mise, leis, le plúr, bán ó bhaithis go bonn. An oíche sin d’fhéachas in airde ar na réaltaí. Laethanta breithe na réaltaí, laethanta cuimhneacháin. Solas na réaltaí im cholainn ó bhun go barr.

Lá Breithe In Darchen a bhíomar, ag bun Shliabh Kailas. An-chuid caca ann. Cac triomaithe is cac neamhthriomaithe. Iúil 14, a deich a chlog ar maidin, mo lá breithe. Ní sna fichidí a bhíos ach sna seascaidí. Cheannaigh duine éigin biotáille. Cheannaigh duine éigin feoil. Chroch Tibéadaigh óga scaifeanna timpeall mo mhuiníl: Lá breithe sona duit. Gadhar tríchosach, cos tosaigh leis in easnamh, shiúil sé isteach as a stuaim féin as áit éigin.

88


Grúis Himáileacha Ar ardchlár lastuaidh de na Himáilithe maireann grúis neamhthoirtiúla. Ní eitlíonn siad mórán ní itheann siad mórán. Bhí an t-am tagtha. Bhí a fhios acu go maith é. Staon siad ó bhia ar feadh roinnt laethanta, d’éiríodar níos éadroime fós, mhoillíodar ar a n-análú, mall, mall, níos moille. Ansin, as go brách sna spéartha leo ar nós taibhsí isteach sna feachtanna aeir os cionn na mbeann. Éadrom, éadrom a n-eitilt. Is mar sin a chuireadar na Himáilithe díobh gur thuirling ar mhachairí thuaidh na hIndia, in Bihar. Sa saol roimhe seo b’in ba bhaile dóibh, is é is baile dóibh faoi láthair.

89


Cuid a Ceathair:

Dรกnta Eile

90


Amárach I gcaitheamh laethanta na péine ba é an lá amárach an t-aon fhoinse onóra dom, an t-aon neart a bhí fágtha, agus slán á rá agam go deo le gach lá a d’imigh. Ar tharla sé? É seo? É sin? É sin arís? Mura bhfuil sa ghrá, sa bhfuath i dtír ár sinsear romhainn ach nithe an lae inniu faoi sholas na réaltaí nithe á seoladh ar oícheanta gan áireamh san am atá caite go bhfana ár ngloiní folamh mar sin, ná raibh a thuilleadh deor ann. Amárach. Nach ainm éachtach é! Ó, an chinniúint chifleogach – bíodh is gurb aon anois iad an fheoil ghlioscarnach is an deachtóireacht, féach thar imeachtaí an lae inniu is é ar foluain cheana sa ghaoth, gan scol trumpaí ná faic, mar pháiste aonair: An lá amárach!

91


Ríméad Éigin An ní atá ar aigne anois agam smaoinigh duine eile air cheana féin áit éigin ar dhroim an domhain. Ná caoin. An ní atá ar aigne agam tá duine eile ag smaoineamh air faoi láthair áit éigin ar dhroim an domhain. Ná caoin. An ní atá ar aigne anois agam tá duine eile ar tí smaoineamh air áit éigin ar dhroim an domhain. Ná caoin. Cúis ríméid is ea é gur slua de mhiseanna mé sa saol seo, áit éigin ar dhroim an domhain. Cúis ríméid gur slua de dhaoine eile mé. Ná caoin.

92


An Chéad Phearsa Bhuartha

Tá mé uaigneach. Ní fada go n-éiríonn an eagnaíocht neamhsheasmhach. Go luath i dtús an chéid seo caite tar éis na Réabhlóide, chinn filí Sóivéadacha ar sinne amháin a rá. Chinn filí nach dtagróidís dóibh féin ach mar sinne. Bhíodar ag léim as a gcraiceann. Toisc síobadh sneachta a bheith ann níor shrois an cinneadh sin na sráideanna. Ach ba bhailí é, ag crochadh thart istigh. Ghlac sé móideanna, á rá ‘Sinne…’ leis féin. Bhí mise i bhfolach áit éigin lastall den scáthán. Lá geal gréine ab ea é, amach le Mayakovsky de sciuird is é ag béicíl os ard: Sinne. File na sráideanna ab ea é. Ní raibh mise ceadaithe in aon áit. Bhí mise go dona. sinne sinne ag sin amháin a bhí an chumhacht draíochta. Thit an brú atmaisféarach níos ísle is níos ísle fós. Leanadh de bheith ag satailt ar bhláthanna an tsamhraidh. Réabhlóid alptha ag réabhlóid. D’éalaigh an ghaoth as liathróidí na bpáistí. Mar an gcéanna leis an ngaoth in atmaisféar teann sinne. Scríobh duine éigin go dána ‘Tá mé i ngrá’ ach leanadh den ghnás ‘Táimid i ngrá’ a léamh Ní raibh sneachta an gheimhridh leáite. Bíonn neamhchinnteacht i gcónaí ag baint leis an earrach. Go déanach sa chéad seo caite d’éag an tAontas Sóivéadach. D’éirigh tíortha Chomhaontú Vársá as de réir a chéile. Ó shin i leith

93


níl faic ach mise i mbéal na bhfilí. Ag tosú le mise cuirtear clabhsúr ar an lá le mise. Níl aon ní eile ann ach mise níl i nDia ach ainm eile ar mise. Sa lá inniu tá Imeall an Aigéin Chiúin ag adhlacadh thaisí sinne agus mise sa duibheagán. Cén bhreith nua atá ag teacht? Cén bhreith nua? Ní sinne ná mise atá ag teacht. Tuama toinne í gach tonn, broinn toinne í gach tonn.

94


Seal le Filí Marbha I réigiún éigin den chruinne atáimid, uaireanta is díseart allta é, uaireanta is broinn é. San áit seo ní díreach filí beo aonair is ea sinn. San áit seo athraíodh sinne, filí beo, go rud eile, cúlchríoch aineoil, atá déanta d’fhilí beo agus rud éigin eile. Ní ghabhann fuaim ar bith thar theorainn an díobhaidh. Uaireanta mothaíonn ár gcolainn trom, uaireanta níos éadroime ná ár gcroí. Ghabh anam na bhfilí marbha isteach inár gcolainn, d’fhill a gcuid sciathán tnáite, chónaigh ionainn. Éirímid trom. Is mó ná mé féin mé. Is mó ná sibh féin sibhse. Canaimid i gcanúint na cruinne, i dteanga dhúchais nua na bhfilí marbha. Thosnaíomar inár n-aonar is thánamar le chéile ansin. Ní trom ár n-eire. Faoi mar a phléasc tonnta ina n-ollcholúin in airde, ina gcuaifeach mire, is ansin, an mhaidin dár gcionn, gur shíothlaigh arís, faoileáin á nochtadh as a mball folaigh, deireadh le sceimhle, gan ballchrith níos mó orthu, as go brách leo in airde, i bhfáinní sárfhíneáilte, cailleadh ceann acu. File, arsa duine éigin i gcogar. Uaireanta bhí an lá chomh fada le héabhlóid stéige; uaireanta bhí an lá gairid, mar sciatháin an fhaoileáin nuabheirthe. Mar bhí an chuid eile de shaol an fhile mhairbh tar éis neadú i gcroí an uile dhuine againn a tháinig as miotas na huibhe. San fholús os cionn an Ardchláir, 5000 méadar in airde tá faoileán tur tanaí Tibéadach ag eitilt. Fadó fadó fadó bhrostaigh ilchríoch chun na Tibéide gur imbhuail faoin áit. San áit a raibh muir ghlioscarnach bhí na Himáilithe. Chaill na faoileáin a n-aigéan. Thosnaíodar ag éamh os ard. Caithfidh go mbaineann na faoileáin sin leis an dara glúin, an dara glúin déag, an 130ú glúin. Bíonn an chéad uair eile ann. An chéad uair eile.

95


Déantar amhráin dá n-éamh i ndeireadh na dála, dánta. Mar sin is file beo gach duine againn. Agus ní filí beo aonair amháin ach triúr, seachtar, aon duine dhéag, sa saol seo is sa saol eile. Is sinn céadfacht an ama ina dtagaimid is ina n-imímid. An leac chuimhneacháin a dheinimid d’anamacha eile is ionann í is an leac a dhéanfaidh duine eile dúinne. Ár mbualadh le chéile anseo, is cinnte go bhfágfaimid inár ndiaidh radhairc d’ilscarúintí is d’ilbhásanna in an-chuid áiteanna, ní anseo amháin. Seo é! Sa chúlchríoch seo againne tá loch. Dochreidte. Ar dhromchla an uisce, roimh agus i ndiaidh dúinn ár súile a dhúnadh, tá lile bhán ar snámh. Nach dealbh an file é nár chum riamh marbhna. Caithfimid an ainnise sin a iompar uaireanta Agus marbhna nua a scríobh. Ainm eile é sin ar amhrán grá. Bláth. Sea! Tá gá againn le buairt. Cuimhníonn an loch ar a fharraige ársa.

96


Ceist Rúnda Abair liom, a chriogair, cad atá ar siúl agat dar leat oíche i ndiaidh oíche, ag gearradh tríd an dorchadas? Cén fáth nach ngearrann tú chomh maith trí shuan daoine, fuil scarlóideach a dhoirteadh? Á, ní dhoirteann éinne fuil na laethanta seo. Níl uathu ach saol bog. Fós féin níl orlach den talamh, níl oiread is cnoc amháin, nach bhfuil báite i bhfuil bhrónach. A chriogair, a sheanchriogair, chuir an drúcht oighreata ar meisce thú, a chriogair, a chara: gach aon bhraon de dhrúcht na tíre seo, gach aon deoir a shil éinne dár bpáistí fuil is ea iad, fuil ar fad agus an t-am ar fad tá an codladh ina chodladh go sámh: codladh sámh, an bhfuil aon ní eile ann? Nach bhfuil aon ní seachas codladh ann, codladh gan mhothú nach dtabharfadh faoi deara é dá ngearrfá amach a ae áiféiseasch nó a mháilín domlais? A chriogair, a seanchriogair, lean ort! Gearr tríd an dorchadas, gearr tríd an suan, is dúisigh gach aigne mar a dhéanfadh sioc an fhómhair, sioc luath feannaideach.

97


Spórt is Spraoi le Sféar Ghearras géag díom féin aréir is thug do bhean bhocht í. Ghearras an ghéag eile díom ansin – is thugas di chomh maith í. Níl géag ar bith anois orm. Há há há. Go luath ar maidin bhaineas mo dhá chos díom féin is thugas do scraiste in aice liom iad. Níl cos ar bith fúm anois. Há há há. N’fheadar áfach: Cad sa diabhal atá ar siúl agam? Há há há. Thugas mo chabhail ar maidin do leon sa zú. Mar sin níl slinneáin ar bith orm. Ná imleacán ach an oiread. ná scamhóga. Ná liathán ná ae ach an oiread. Há há há. Níl aon leigheas air. Ní faic anois mé ach cloigeann, cloigeann sin uile, cloigeann sin an méid. Há há há. Tagann manach maol ó Theampall Chogye is ciceálann mo chloigeann chun siúil. As go brách liom, ag casadh go meidhreach. Manach maol eile tugann priocadh dom lena chloigeann. Suas san aer liom is síos arís, planc! Cluichí domhanda! Cluichí na cruinne! Há há há. Féach air seo! Le sonc amháin cuirfidh mé an domhan, an domhan bocht seo ar strae, cuirfidh mé dá chúrsa é, tabharfaidh mé bata is bóthar dó le go n-imeodh sé as radharc go deo i bhfolús éigin sa spás amuigh.

98


Lón sna Goirt Bá í máthair Chaedon í. Dúirt sí go mbeidís ag cur ríse amuigh sa ghort mór in Pangadal, gur cheart dom lón a chaitheamh leo. Tháinig am lóin agus shuíos ina dteannta le fonn. Ghlaoigh sí ar na hoibrithe is ar pháistí na n-oibrithe agus fiú amháin na mná a bhí ag obair i ngort eile: ‘Seo libh! Tagaigí!’ D’itheamar go léir le chéile, ar bhruach an ghoirt ríse, is bhí na cnoic i gcéin is an spéir os ár gcionn páirteach ann, babhlaí lán go béal de rís á n-alpadh siar againn.

99


Cuairt ar Gharrán Beitheanna Tar éis dom Sráidbhaile Iwŏl in Kwanghye-wŏn a fhágáil, ar mo shlí chuig Sliabh Ch’ilhyŏn, ar chúis éigin chasas is chuas isteach i ngleann fairsing a bhí lán de bheitheanna geala. Bhraitheas go raibh neach éigin tar éis mé a bhrú ann. Chasas, d’fhéachas. Ní raibh éinne ann. Ach amháin, agus iad beag beann ar na cnoic i gcéin a raibh seantaithí ar an sneachta acu, bhí an domhan á dhéanamh macánta ag cabhlacha nochta na mbeitheanna. Go deimhin, níl eolas ar bith ag crainn an gheimhridh ar chaimiléireacht. Níl bréag ar bith i mbuairt. Conas d’éireodh le duine gan an saol a chaoineadh? I gcaitheamh na gcianta, chaoin mná na tíre. Thug an gol sólás dóibh. Coinníonn na beitheanna chucu féin ach táimse, im chuairteoir, neamhdheighilte uathu. Níl gach éinne in ann teacht anseo, ach is cosúil go dtagann. Tá na crainn go hálainn, neamhdheighilte ón uile ní. Stánas ar na crainn, ar a ngéaga, ar a mbarr ar crith sa spéir, D’éiríos lúcháireach os mo chomhair féin is os comhair an domhain, Shantaíos a bheith faoi ualach adhmaid. Ní hea, shantaíos a bheith múinte ar nós péacáin nua a tháinig ar an saol san uaigneas fuar seo, bheith chomh maoth leis an bhfeoil a dháiltear i dtábhairne ar thaobh an bhóthair. Mar bhí mo shaol go dtí seo ró-dhogmach; bhíos dorrga, fiú leis an ngaoth. Cén fhaid anois é? Tréine na háite seo ní fhaightear í ach uair i ndeich mbliana. An urraim thréan sin! Tá mo chroí ag cur thar maoil agus is eol dó cheana féin nach domsa amháin an tréine seo ach don domhan go léir. Tá an t-am ag teacht nuair a thuigfidh daoine gur cuid den iomlán iad go léir. Bhíos críonna cheana le linn m’óige. Caithfidh mé teacht ar an saol arís anseo. Is anois, aontaithe le geimhreadh nádúrtha na mbeitheanna, lúcháir orm ag smaoineamh ar áilleacht an té a dtugaim grá di, tosnaím ag fás aníos im pháiste aonair. Thugas mo chúl leis an mbóthar go Kwanghyewŏn is thugas m’aghaidh ar an gconair gharbh i dtreo Shliabh Ch’ilhyŏn na gaoithe.

100


Mapa Glantacháin Ar laethanta gaofara, agus éadaí ag clupaideach sa ghaoth, is mian liom iompú im mhapa, sea, is gan a bheith lúitéiseach, is mian liom iompú im mhapa. Ní chuirfidh mé an cheist cé chomh mór is atá an tír seo truaillithe teimhlithe. Ní mian liom ach iompú im mhapa agus ball amháin ar a laghad a ghlanadh go humhal. Ní ceart dom dearmad a dhéanamh ar na laethanta nuair ba mhapa mé is gur mhapálas mo chillín féin. Sea, is mian liom iompú im mhapa. Nuair a bheidh mé im mhapa teastaíonn uaim mo shaol salach ar fad a mhapáil. Nuair a bheidh deireadh mapáilte agam, is mian liom go bhfáiscfi an mapa bréan seo arís is arís eile arís, arís, go dtí nach mbeidh sé in ann é a sheasamh níos mó. Is mian liom teacht ar an saol athuair im mhapa nua i dtír nua.

101


Taoide Aife an Lae Inniu Cuimhnímis. Bíonn am ann nuair a bhíonn an domhan batráilte ag stoirmeacha. Bíonn am ann nuair a bhíonn an domhan clúdaithe le tonnta fraochta, bíodh is go bhfuilimid ag cúlú anois le cúr na dtonn, ná deinimis beag den lá toisc gur lá na taoide aife é. Is cinnte gurb é an lá inniu é mórfhírinne an lae inné is an lae amárach. Tugaimis chun cuimhne, tugaimis chun cuimhne agus insímis dár bpáistí é. Á, náisiún seo na dtonnta síoraí! Bíonn am ann nuair is gá an domhan seo, páiste ag caoineadh istoíche, a shuaimhniú. Bíonn am ann nuair nach aithreacha í an stair ach clann mhac. Suaimhním an lá mar a shuaimhneoinn mo pháiste féin, is tonnta na taoide aife ag imeacht i gcéin. Ach ní hin é ar fad é, mar bíonn am ann chun aithrí iomlán a dhéanamh i bpeacaí an domhain. Ní hé is aithrí ann an talamh a bhualadh agus aiféala a bheith orainn faoinar tharla, ach an rud nár éirigh linn a dhéanamh cheana a chur i gcrích i ndeireadh na dála. Tá obair le déanamh. Tiocfaimid go léir ar ais i dteannta na mbristeacha óga sa taoide thuile. De roinnt mílte bliain dár saol déanfar an lá inniu, déanfar an t-aigéan ar fad, an domhan ar fad, is cuimhneoimid ar gach oíche a chaitheamar, réalta in airde ansin, ag glioscarnach.

102


Bóthar Aon uair a fheicimse bóthar, ciallaíonn sé sin go bhfuil ball aimsithe agam chun brostú faoina dhéin. Má fheicimse gráig ar nós Shinyŏng-ri nó Nae-ri, insíonn sí dom go bhfuil ball lastall de chun dul ann. Sin mar a bhíonn. Is leor cúlbhealach in Majŏng-ri, mórbhealach simplí in Jangho-won, agus caillfidh mé codladh na hoíche, ní gá dom ach bóthar a fheiceáil agus brúchtann fuinneamh aníos gan teip. Ní mór dom dul ann. Caithfidh mé dul ann. Ná fiafraigh díom cén áit! Ag ceann eile an bhóthair tá tír. Caithfidh mé an tír sin a bhaint amach. Is cuid den náisiún seo mé, an dtuigeann tú, náisiún a bhfuil a shaol ar fad caite ar bhóthar garbh aige – Scoiltghleann Ch’ugaryŏng a thabharfadh ó Shúl thú fad leis an gcósta thoir thuaidh – caithfidh mé an uile bhóthar a thaisteal thuaidh is theas, ó cheann ceann na tíre. Mar, pé ní eile a tharlóidh, tá bóthar ann a thabharfaidh sinn go dtí aon tír aontaithe amháin. Ní mór dom dul ann. Caithfidh mé, caithfidh mé dul ann.

103


Ga Gréine Táim i ndeireadh na feide. Beidh orm mo sheile a shlogadh agus an mí-ádh ina teannta. Ach féach! Deonaíonn cuairteoir oirirc teacht go dtí mo chillínse a bhfuil a aghaidh ó thuaidh. Ní hé an ceannfort é ar a chuid cuairteanna, ní hé, ga gréine is an tráthnóna chugainn. Loinnir chomh beag le stampa poist craptha. Táim craiceáilte ina diaidh. Mo chéad ghrá go deimhin! Deinim iarracht í a shocrú ar mo dhearna, teas a chur im chos a nochtas di go scáfar, ansin nuair a théim ar mo ghlúine is mo ghnúis thanaí neamhdheabhóideach á hofráil agam di, imíonn an loinnir faoi mar a shlogfadh an talamh í. Tar éis don chuairteoir éalú trí na barraí braitheann an seomra i bhfad níos fuaire agus níos dorcha. An cillín speisialta seo i bpríosún míleata is geall le seomra dorcha grianghrafadóra é. Gan solas gréine ar bith gháireas im stumpa amadáin. Cónra ab ea é lá ina raibh corpán. Lá eile ba é an mhuir é. Nach iontach! Tá cúpla duine anseo a thagann slán. Muir gan oiread is seol amháin ar fhíor na spéire, sin é an saol.

104


Tá Toibreacha Beo Fós ag an Tír Seo Thall is abhus ar feadh chladaí Oileán Cheju tá toibreacha fíoruisce. Clúdaíonn an fharrage iad nuair a bhíonn an taoide istigh, ach um thráthnóna, nuair a théann an taoide amach, nochtann na toibreacha. Faoi thalamh, uisce ag sní an t-am go léir is amach leis ansin ina chaise. I ngleanntán faoi bhun Shliabh Munsu, thiar ansin thart ar Ansŏng, tá eolas agam ar thobar beag atá chomh saonta le leanbh; tobar a shníonn as an talamh reoite aníos, an stair ina mílaoiseanna! Tá toibreacha beo fós ag an tír seo. Tír roinnte, tír loiscthe, tír bhasctha: cé gur dearg iad na spéartha le toitcheo tionsclaíoch, cé go maireann triomaigh an earraigh dhá mhí fhada, cé go bhfuil an réabhlóid ar bun le tríocha bliain anuas agus gan deireadh tagtha léi go fóill, cé go dtruaillíonn miotail throma an chré, is míle go leith mac léinn is oibrí i bpríosún faoi láthair, tá toibreacha beo fós ag an tír seo. Cén lobhadh a thiocfadh ar uisce ina chaise? Cén bás atá i ndán d’uisce a bheadh ag sní? Sea, tá daoine sa tír seo atá in ann troid, trodairí iad uile! Is síornua iad bhur mbriathra agus is teanntásach. Dochreidte, níl fímínteacht ar bith ag roinnt leo, an fhímínteacht sin a bhaineann le neamhthrodairí, nó an dream a ligeann orthu go bhfuil siad ag troid. Is ait le rá é ach iad siúd a throideann go bás ní chailltear iad. Sa tír seo níl athbheochan i ndán dúinn gan troid a dhéanamh. Uaireanta na trodaireachta uaireanta na beatha is na hóige. Stair ár linne. Stair streachailt na mac léinn, stair ghluaiseacht na n-oibrithe. Toibreacha úra ina gcaise! Ag sní is ag sní míle i ndiaidh míle faoi thalamh, ag sní is ag sní is ansin á ndoirteadh féin i bhfarraige. Toibreacha ina gcaise ó thaobh an chnoic is ón ngleann, ar fud na tíre seo is aoibhinn linn, ag sní is ag sní, is ansin, cois farraige: Saoirse! Cothromaíocht do chách, tonnta ag éirí! Cairde óga! Tá toibreacha beo fós ag an tír seo. Tá trodairí aici fad is atá trodairí ann ag teacht de shíor i ndiaidh a chéile, déanfar domhan nua den tír seo is cinnte! Náisiún nua, agus mar náisiún nua,

105


le náisiúin eile, domhan nua é an tír seo go deimhin!

Toradh Ag spraoi leis an ngrian niamhrach i gcaitheamh an tsamhraidh go léir, ag spraoi leis an oíche dhorcha, thug tú ar an saol cúpla mogóir chraorag ar an bhfeirdhris. Díreach é! Fuaim an chriogair i gcaitheamh na hoíche a d’aibigh iad, amhrán feannaideach.

106


Bláth an Phuimcín Ar feadh trí bliana is tríocha mar fhile is an áilleacht á sainmhíniú agam gan stró. Gach aon uair ag fógairt gan leisce dá laghad, ‘Is mar seo atá an áilleacht.’ Nó ‘Feall ar an áilleacht a leithéid seo.’ Chuir teoiricí éagsúla na haeistéitice glan as mo mheabhair mé. Ach ní raibh an áilleacht in aon cheann de na teoiricí sin. Bhíos ag titim im chodladh is na soilse ar siúl. Scanraíonn na laethanta a chuaigh thart mé! Ná sainmhínigh an áilleacht go deo! Go deo deo. Conas a shainmhíneofá an áilleacht? Toisc séasúr fada báistí a bheith ann níor tháinig bláth ar bith ar na puimcíní. Tá an bháisteach stoptha anois, agus sa deireadh tháinig bláth – istigh ann, beach ar crith – lasmuigh de, mise ar crith. Bláth an phuimcín ag cur thar maoil le beocht. Áille na háille.

Kim Shin-muk* Nuair a bhí sí nócha is a sé, arsa Kim Shin-muk, ‘Nuair a chaillfear mé cuirigí chun bealaigh le bualadh bos mé!’ Fuair sí bás ansin. Lá na sochraide agus a cónra á hiompar amach thugamar go léir bualadh bos di, gach aon diabhal duine againn. Ag teacht anuas ó na cnoic tar éis dúinn í a adhlacadh ann chuimhníomar ar an méid a dúirt sí: ‘Bígí ag bualadh bos ar an mbealach síos.’ Mar sin thosaigh roinnte daoine ag bualadh bos. Bhí an bóthar idir Tongduchon agus Ŭijŏngbu ag síneadh uainn go haoibhinn, gan radharc ar oiread is GI amháin! * Máthair Mun Ik-hwan, gníomhach, file, fear eaglaise.

107


Riamh Anall I ndomhan mar seo tá go leor le déanamh, fiú ag na lugaigh. Chun íoc as fear beannaithe caithfidh fir neamhbheannaithe a bheith ann ina mílte. Canathaobh ar tháinig an Búda in aon chor?

Aistear Geimhridh Conas a chuirfeá díot an geimhreadh gan cumhracht ghaoth an gheimhridh? Taibhrimh faoin gcumhracht sin rud nach eol in aon chor don fhrog ná don nathair faoi thalamh. Tuairim faoin spéir! Agus sin an áit ar a bhfuil do thriall. Tuairim ar bith faoin spéir!

108


Ar Dhroichead Crochta Namhae Cén fáth a mbacfainn dul fad le Namhae chun cuairt a thabhairt ar Kŭmsan nó Díseart Bori? Stopaim is stánaim síos ar an uisce faoin droichead. Samhlaím ainmhí ag éirí ina seasamh tar éis di ainmhí eile a thabhairt ar an saol. Samhlaím tuilleadh dá sliocht. Caithim cloch san uisce. Ní thagann fuaim ar bith aníos. Plap-splais! Faic mar sin. Ba bhreá liom fiafraí de shliocht an ainmhí sin: cén fáth ar rugadh sibh?

10 Is fearr comhaireamh go dtí 10. Má théann tú ar aghaidh go dtí 11,12, tubaiste amach is amach. Á, páiste aonair cois farraige ar maidin.

Scríbhneoireacht Cad is scríbhneoireacht ann, dáiríre? Dúrtsa uair amháin go bhfuil an scríbhneoireacht mallaithe. Tagann páistí na bPigmithe amach as botháin atá déanta de dhuilleoga is gan léamh ná scríobh acu. Dúrtsa uair amháin go raibh Pigmithe mallaithe. Tá siadsan mallaithe ag an neamhlitearthacht is táimse mallaithe ag deich míle leabhar. Cuireadh míchomhairle ar an té a cheapann gur nirbheána é an saol seo.

109


Cúpla Focal Gasta Tuigim fá dheoidh cad is imeall bán ann. Ní neamhiomláine iad imill, ní neamhiomláine iad na spásanna aithnidiúla nár theagmhaigh scuab leo i seanphictiúir dúigh na Cóiré. Éiríonn siad i ngleanntáin inar leáigh an dúil le bheith iomlán sea, san áit sin, san áit sin – sular ghealaigh an lá amárach. Á, faillí gheanmnaí i ngníomh. Buirgéiseach? Ní hea, go deo. Níl aon ní buirgéiseach ag baint le himill. Ná ní sosanna cladhartha i gcath iad imill. Os cionn an chatha is cuid den ghnúis iad nach cara ná namhaid í is nár casadh fós ort. Is sciortaí iad, ag leathnú amach go tonnach, míle i ndiaidh míle, cé nach gá go raghaidís an-fhada; agus is cumhra iad, sárchumhra! A dheartháir, ní hé Meiriceá an chumhacht is mó, ach na himill i mílaoiseanna stair an duine. Ó, an arraing chaolchúiseach im chroí! Sa deireadh, tá cuid den chosmas á hathshaolú. Ní hé an cosmas ar fad é. Ní bheadh sé ceart an t-iomlán a shantú, a dheartháir.

110


Clog Agus mé ag taisteal go mear an mórbhealach síos taobh leis an Muir Thoir go tobann shrois clingeadh cloig mo chluasa. Idir na tonnta ag síorbhúireach um breacadh an lae, fuaim chlog eaglaise im chluasa. Clog Kwŏn Chŏng-saeng* i ngleanntán cois Andong. Ó, taibhreamh ina dhúiseacht! Ní taibhreamh ná neamhthaibhreamh é. Ó, taibhreamh ina dhúiseacht! Clingeann clog i gcéin im chluas … inniu seans gurb é is parthas ann ná an bhochtaineacht. Ó, clog a bhuail Kwŏn Chŏng-saeng.

*Kwŏn Chŏng-saeng (1937-2007), scríbhneoir do pháistí, bochtán. Ar feadh tamaill ní raibh de jab aige ach an clog in eaglais bheag faoin tuath a bhualadh.

111


Oileán Odong i gCuan Yŏsu Ní hé Pálás Versailles bun agus barr na háilleachta, tá’s agat. Ní hea ach an áilleacht dhorcha id chroí. Cá bhfaighfeá aon ní mar í ar domhan? Anseo, os comhair na gcaiméilianna ar Oileán Odong i gCuan Yŏsu, ar strae i ngarrán caiméilianna is ag féachaint amach ar an bhfarraige – sin is buairt ann dáiríre. An bhuairt, tús na háilleachta: fágaim im dhiaidh anois í.

Ar Bhinn Ch’ŏnwang Dhreapas Binn Ch’ŏnwang, agus tar éis lán súl a bhaint as a raibh leata fúm, i dtobainne, sciob an ghaoth mo hata uaim agus deineadh díom mac. Leath muir néalta i ngach treo. ‘A athair! A athair!’ ar mé, freagra ní bhfuaireas. Is beag nár bhain an ghaoth gach luid díom.

112


Lá Amháin D’fhágas mo theaghlach im dhiaidh is chuas ar aistear. I dtigh in Taejin, an calafort is faide ó thuaidh sa Chóiré Theas, a luaithe is a d’éiríos ar maidin scuabas an clós gainmheach is bhraitheas an-ghioblach os comhair mo chomhthíreach. An mhaidin go léir bhí solas na gréine ag tumadh go fraochta sa bhfarraige fhiáin amach ó Taejin, is suas leis ansin níos faide ná riamh. Ní rabhas in ann mo dhá shúil a choimeád ar oscailt. Chuir an frithchaitheamh fiáin forneartach sin iachall orm éirí as an bpolaitíocht pháirtí is as an aonaránachas go deo. Thit an tráthnóna. Nocht léaslíne i gcéin. Deineann léaslíne i gcéin an domhan seo níos luachmhaire, níl aon dabht faoi. Nuair a chuireas orm mo chóta is ea a thuigeas: an ní a bhí ag dul suas ansin, in airde sa dorchadas, níorbh é inniu é ach amárach. Labhair fear an tí: ‘Seo linn isteach is beidh cluiche cártaí againn.’

113


Inniu Táimid chomh beo leis na ceathanna sneachta. Anso is ansúd is ár mbóithre romhainn ag athrú. Is beo dúinn. Roinneamar tráth na sean-nathanna, nach iad atá úr i gcónaí inniu. Mhaireadar míle bliain, míle bliain a mhaireadar, is don lá inniu fá dheoidh iad. Táimid chomh beo leis na ceathanna sneachta. Tormán nua ó dhruma áit éigin. Is beo dúinn. Tosnaímis as an nua is buailimis an bóthar. Mallacht ar an ualach, péire bróg ar ár ngualainn, féachann ár n-aghaidh luisneach nua dá chéile. Ná titimis san uaigh go fóill. Nach bhfuil áit ann dúinn an áit a bhfuil an druma á bhualadh? Táimid chomh beo leis na ceathanna sneachta. Is beo dúinn.

114


An Dáma Mhór Choi Kumja An Dáma Mhór Choi Kumja ó shráidbhaile Myungpa, díreach laistíos de Líne an tSosa Lámhaigh, gabh mo leithscéal as an méid seo a rá ach tá tóin mhór ina pantalúin aici. Lonnaithe sa Chrios Dímhíleataithe dearóil, shiúil sí bóthar fada chun sáile a thabhairt ón muir d’fhonn a cabáiste kimchi a phicilt. Shaothraigh sí an talamh orlach i ndiaidh orlaigh agus inniu tugann an fheirm aici scata buiséal ríse. Ó am go chéile tagann corrstrainséir fánach is tugann sí béile breá de chirceoil úr dóibh. Tugann a fear céile is a clann mhac tús áite don ghaiscíoch mná seo. Umhlaíonn an spéir fiú don Dáma Mhór Choi.

115


Tír Aduain Imigh! Téir chuig tír aduain. Ní go Meiriceá, ní go dtí an Indinéis, imigh ód ghnáthamh laethúil. Imigh ón dtraidisiún nach maithfidh tú go deo dó, oiread is uair amháin, imigh leat! Go dtí an tír úd ina gcumann leanaí focail nua, focal nua ar Mhamó, alupa, is fiú tá Mamó féin úrnua. Imigh! Téir chuig tír aduain. Dein dearmad ar gach cuimhne, ar gach ócáid, ar (?) do lámha folmha fiú. Imigh! Breith nua atá san imeacht a léimeann thar d’athbhreitheanna. Imigh!

116


Sliabh Fuar Léigh mé cúpla dán de chuid Han San inniu. Han San, níorbh aon dóithín é ambaist. Thug sé cúl lena ainm ceart agus thug Han San air féin, in ómós don sliabh a shiúl sé, suas síos. Níorbh aon dóithín é! Bíodh is gur chan sé faoi na néalta, rudaí ar nós na gaoithe, níor dhuine de bhaicle neamhbhásmhar an tsléibhe é. Drabhlásaí gan náire ab ea é tráth é an-tugtha do striapacha. Ní fhéadfadh sé bheith saor, é ar strae i gcúrsaí den tsórt sin. D’éirigh sé astu sa deireadh agus thug aghaidh ar Han San, ga seá air. Teagasc an Mháistir Majo Doil a lean sé, agus d’éirigh as sin, leis, le bheith ina bhacach bóthair. Níorbh aon dóithín é. An máistir a bhí aige? An comhairleoir? An ceo a chlúdaíonn an sliabh ab ea? Níorbh aon dóithín é.

117


Máthair Sicín nua a bhrisfeadh as a blaosc is dóigh léi gurb í a mháthair í an chéad ní a fheiceann sí. D’fhéadfadh préachán a bheith ann nó grús. Ní gá gurb í a mháthair cheart í. An bhféadfadh ár gcéad seachmall a bheith mar mháthair duitse is domsa?

Oíche Chuimhneacháin Ní raibh aon chuimhne aige ar a dhaid a cailleadh nuair a bhí sé trí bliana d’aois, ach ba é a athair ar athbhreith é. D’athraigh a ghuth, aithris dhílis ar a dhaid. Nuair a thagann an fómhar bíonn sé thall is abhus, gan scíth a ligean, ar nós a athar roimhe. An oíche roimh sheirbhís chuimhneacháin a athar lonraíonn an lampa i bhfad i gcéin.

118


Cangarú Nuair a bhain na Briotanaigh an Astráil amach d’fhiafraíodar de Bhundúchasach, ‘Cén t-ainmhí preabach é sin?’ Arsa an Bundúchasach, ‘Níl a fhios agam, Cangarú – ní thuigim thú.’ D’fhan an t-ainm. Á, nach fearr míle uair an t-aineolas ná an t-eolas.

Bád Coinním ansin thú ar léaslíne mo chroí, an bád de shíor idir mé is tú. Imíonn an bád nach bhfillfidh. Nach bhfillfidh. Nach bhfillfidh.

119


Tá an Bhó ag Gáirí A Mháistir Lee Yong’ak le linn duit a bheith beo, an bhfaca tú riamh bó ag gáirí? Bó dhubh Lee Dukwan, feirmeoir, sa tsráidbhaile seo againne Hamajung, tháinig racht gáire uirthi. Gháireas-sa léi. Ní spórt lucht féachana é an gáire mar sin dheineas gáire mór ina teannta. Is fearr a réitíos leis an mbó sin ná le haon neach beo. Chuimhníos láithreach ansin ort, a Mháistir Lee. Ar dheinis-se gáire mór groí nuair a d’fhágais an saol?

Tusa is Mise Na blianta sin go léir, fiche, tríocha bliain. Cimí coinsiasacha i gcillíní cúnga, na céadta againn ag dul in aois i gcillíní. Cad is ea sinn, más ea? Cad is ea sinn in ainm Chroim, mise is tusa? Gan smaoineamh fiú ar stuif maith, fíon a ól. Cad is ea sinn?

120


Slis den Sean-Ghealach Im rí dhom d’éiríos tanaí, is d’éirigh an pobal ramhar. D’éiríos-sa ramhar nuair a d’éirigh an domhan tanaí. Is mé ag faire i gcónaí ar an ngealach ag dul ar gcúl.

Fear Aineolach Tá fear ann is tá gach aon eolas aige. Tá gach rud ar eolas aige agus deir sé linn é. ‘Go dearfa is go deimhin!’ Nach fada atá sé ó ghlór na dtonn. Tá fear ann agus aimsíonn sé an sprioc i gcónaí. Aimsíonn an sprioc is deir sé, ‘Go dearfa is go deimhin!’ Ach ina sheasamh thall ansin tá fear aineolach. Tá níos mó nithe ann a bhfuil sé dall orthu ná eolach ina dtaobh. Tá an aghaidh chéanna air ón lá a rugadh é, tá a iníon go hálainn ar fad, luíonn a shinsir go sámh san uaigh.

121


Mamó Sosan I gCúige Chungnam i gCeantar Sosan i mbailecheantar Sosan i sráidbhaile áirithe ann is ea a mhair Mamó. Seachtó bliain d’aois is beagán lena chois chomh maith. Tagtha abhaile a bhí sí as áit éigin, haighdeá tugtha aici dá garmhac. Thug ordú do bhean a mic, a raibh na géaráin tugtha aici: ‘Seo, tóg do leanbh, caithfeadsa imeacht.’ An focal deireanach sin á shíneadh amach aici, ‘im…ea…cht…’ Ar ball beag chuaigh sí isteach ina seomra, luigh siar ar feadh scaithimh is ar aghaidh léi go Nirbheána. Ó, a bhúdaí uile! Tagaigí is umhlaígí di. Ní do Wonhyo, ná do Taego ná Bojo ná éinne den chineál sin. Umhlaígí. Cuirigí an ruaig ar an mbuairt. Nach leisciúil í caint neamhaí Sosan. Do shúil gheamhchaoch shaol Mhamó Dóigí túis is umhlaígí.

122


Tar Éis Dom an Ghiúis Ghearrtha a Charnadh Bliain i ndiaidh an ghiúis a leagadh níor cailleadh fós í. An ndéarfadh sí go raibh sí ar an saol seo tráth? B’in í mo cheist tar éis dom catsúil a thabhairt ar an muir I measc shlua na dtonn is ghrágaíl na bhfaoileán is iad ag priocadh ar na tonnta seafóid a bheadh sa bhfreagra.

An Dán i dTaibhreamh na hOíche Aréir Féach ar an éan ar imeall na neide. Féach ar an éan a thuirlingíonn ar imeall na neide is a eitlíonn leis arís. Tar éis don éan imeacht féach ar an nead fholamh. An folús glan. Féach anois ar an spéir liath.

123


Sna Coillte Coillte sa chróntráth is an páiste a bhí im theannta d’fháisc mo lámh go teann. An bheirt againn le chéile, gan gíocs asainn, ag siúl isteach sna coillte. B’iúd ansin í mar a d’fhágas í – m’óige, ruabhoc aonair ag siúl roimhe go scóipiúil.

Comhairle Dhaideo Déan staidéar ar na sléibhte, foghlaim na haibhneacha, ná bac leis na leabhair ar an deasc. Seo seo. Amach leat ag spraoi is nuair a ghlaoitear ort am luí na gréine freagair os ard is tar isteach. Seo seo.

124


Dearmad Déanann gach éinne dearmad ar rud éigin. Nithe dearmadta ó laethanta a d’imigh á gcarnadh is ag líonadh an chroí ar nós dusta gan tairbhe ó shliabhraon.

Cois Fuinneoige Cad eile a bheadh uaim? Tá áit i gcéin is áit láimh liom.

125


Anapurna Ar Anapurna atá mo thriall. Duine díom a bhí ann cheana 15,000 bliain ó shin ag cur fáilte is fiche roimh an mise sin atá ar a shlí anois ann. Buaileann an bheirt againn le chéile i laomscrios. Éirím dubh ann le teann aineolais faoi Anapurna. Ní hann dom níos mó. Rófhada a bhíos im bhochtán, im bhréag.

I m’Aonar Lá Thosaigh sé ag cur sneachta inniu ansin stop sé. Gadhair ag ramsáil. An stopfaidh mé go deo de ghrá a thabhairt dom thír? Ní hí an tír a shantaím ach a bheith saor ón ngrá seo. Tá an sneachta ag titim arís. Níl fíon uaim níl leabhair uaim

126


Guth Mhainistir Baekdam

Tar éis dom cos a leagan ar chré Inje arbh é a ghuth siúd a chuala? Tar éis gabháil trí na sráidbhailte Inje is Wontong nuair a shiúlas fad le Yongdaeri arbh é a ghuth siúd a chuala?

Is mé ag teacht níos gaire an t-am ar fad Do Ghleann Baedom sna Sléibhte Surak arbh é a ghuth siúd a chuala ina chuaifeach san uisce suaite? In 1894 tháinig sé anseo ina shlataire sé bliana déag d'aois, arís sa bhliain 1904, fear óg 26 bliana, chun an tír threascartha a tharrtháil, is chun canadh. Theastaigh uaidh canadh theastaigh uaidh liú a ligean á rá nár leis féin a bhí sé. Ní chloistear a bhriathra níos mó. Toisc go bhfuil sé imithe? Conas a chloisfinn a ghuth ar an ngaoth trí na giúiseanna? Oíche shamhraidh sa bhliain 1996 bhí mise is tusa is daoine eile cruinnithe i ndorchadas Mhainistir Baekdam. Ar chualamar a ghuth, briathra Manhae, Han Yong-un*?

*Manach a shaothraigh ar son na saoirse ab ea Han Yong-un (ainm cleite Manhae). Foghlaimítear a dhán Ciúnas an Ghrá ar scoil.

127


Spéir an Gheimhridh An gorm arraingeach! Bíodh is go mbéiceann sé ní chloistear faic. An gorm arraingeach! Eitlíonn éin is iad as láthair ar feadh roinnt laethanta.

Leoithne Dearmadta le fada, dearmadta le fada. Ar ais go dtí an tnúthán sular éirigh lasair as fioghual. Ó, a leoithne!

128


Ar Ais sa Bhaile Thána ar ais go dtí an áit ina nochtann bruscar mar bhláthanna – b’in an domhan a shantaíos. Thána ar ais go dtí an áit ina bhfuil an fuath ina chual buaráin – b’in an domhan a shantaíos. Áit inar féidir seile a chaitheamh eascanaí a chur le spéir liath, driopás ar bhaiclí is ar scroblachóirí is iad ag liú ar feadh na hoíche. Thána ar ais go dtí an áit ina mbíonn cailíní ag scigireacht, a gcolainn lodartha á ndíol acu, chomh glas le tornapaí, is gan a fhios ag éinne conas bratach a chur ar foluain i mbarr cuaille – b’in an domhan a shantaíos.

.

129


Ach Tá sé tamall fada. Teastaíonn uaim aiste a scríobh a thosaíonn le ‘Ach’. An ríméad neamhchasta sciorr uaim ina shaighead, ní heol dom a sprioc. Cén áit sa diabhal buí inar thuirling an tsaighead sin? Sin í an áit ina scríobhfaidh mé aiste dar tús ‘Ach’.

Lámha Folmha Síobadh sneachta. Shiúlas thar chnocáinín, mo bhean is m'iníon taobh liom, Lá Caille, go moch ar maidin. Bhí an iomarca nithe uaim go dtí sin. Tuigim anois lúcháir na lámha folmha, mar éadaí úra a chuireann ag eitilt mé.

130


An Saol Eile Ní thiocfad ar ais im dhuine. Go deo. Déanfaidh ainmhí an chúis sa saol eile. Ní gá dó a bheith mór; déanfaidh ceann beag, chomh beag sin nach bhfeictear é ach ar éigean. Aiméibe abair. Ní hin a bhí uaim dornán de bhlianta ó shin. Bhíos sásta go n-athshaolófaí mé ní i m’fhear ach im bhean aineolach a chaill cuid dá muirear aon duine dhéag. Dhéanfadh sí sin an chúis. Ach ní thiocfad ar ais im dhuine arís go deo.

131


Go Tobann An bhfillfimid ar amhráin na seanlaethanta, ar scéalta na seanlaethanta? Oíche na gealaí báine, bhuel… Nach glé atá an ghealach! An bhfillfimid ar na laethanta sin? Claonamharc á thabhairt agam siar go tobann, b’fhéidir go bhfuilimid rófhada ar seachrán ag smúraíl thall is abhus is mearbhall orainn.

132


Faoistin Ní mian liom labhairt. Conas a d’inseoinn an scéal céanna? An t-ábhar céanna a chíoradh? Is eagal liom scríobh, seolta séidte lán de shotal. Conas a scríobhfainn scéalta eile faoi ábhair eile? Nach méanar dom go bhfuil an spéir fairsing. Faoin spéir sin nach méanar don bhfeithidín. Nílim rómhór is nílim róbheag. Ag fálróid thart, gan ach beagán den aon fhocal déag a úsáid.

133


Bláthanna Mustaird i Mí Aibreáin Amach i mí Aibreáin bhrostaíos go dtí an taobh thuaidh d’Oileán Cheju nó roimhe sin Goirt Haenam, Bosung, Gohung cois farraige i gCúige Cholla Theas na goirt mhustaird ansin, muir bláthanna ag análú Crochta ag titim adhlactha go domhain sa duibheagán Theastaigh uaim bheith im bhád béal faoi gan aithne ag éinne orm mé féin fiú.

134


Sa Tóir ar an mBó

Bhailíos liom chun an bhó a lorg Bhí gréasán d’amhráin na gciocáidí ar na géaga. Ní rabhas ag gearán, síos an chonair gharbh liom trí na moingeanna, trasna aibhneacha agus thar na bunchnoic, cé a bhí ag tóraíocht?

Cad a bhí á lorg aige? Cá gcloisfinn, ó cá gcloisfinn géimneach?

An lorg

Raghaidh glug glug an tsrutháin i léig nuair a bhainfidh an fharraige amach, an fhuaim ghlioscarnach sin. Nuair a chuireas an sruthán díom chonaic mé lorg na bó is ligeas liú áthais faoi mar ba í mo leanbh í.

Ar fheiceáil na bó dom

Chonaic mé é. Chonaic mé é. Mar a bheadh cantain an fhiliméala, nó leoithne earraigh ann, spléachadh ar phrumpa. Prumpa bó? Prumpa capaill?

135


Tusa, a bhó, a bhits! Tusa, a bhits, caithfear do shoc a tholladh, chun go dtarraingeoinn thú. Ach tá tú stobarnáilte, ú, ó, tá sí dom tharraingt chun siúil. Tá aon rud amháin cinnte, tá sí an-doicheallach romham.

An buachaill bó

Bíodh is go bhfuil sí ceansaithe ag an bhfáinne sróine is ag an bhfuip caithfidh sé gan ligean dí dul as radharc. Mar is dlúth na compánaigh chroí iad, ar aghaidh leat anois, ar aghaidh, is é á broideadh.

Filleadh Abhaile

Tá sé ar an tslí abhaile ag marcaíocht ar muin na bó. Yipí caidhe yé!

As Radharc

Tá sí imithe as radharc. Imithe as radharc. Tá an bhó imithe. An lasc is an fáinne sróine gan bhó. Tar éis siesta fhada osclaím is dúnaim mo lámha folmha.

136


Gach aon ní ar iarraidh

Níl bó ann nílimse ann níl faic ann ach calóg shneachta a leáigh ar chiseán tine.

Tar éis dom filleadh

Ag féachaint siar dom tá laethanta curtha amú gan toradh agam. Cén fáth nár chuireas an t-am isteach is mé dall, bodhar ag ligean do na bachlóga bláthú is titim.

Coiscéim amháin

Ní fhéadfainn é a fhágaint mar sin, shíneas cos amach sa láib. Dhein an oitir láibe sciotaíl is ar sí: ‘Hé, tusa, bheadh sé chomh maith agat a bheith id chnap ar lomán.’

137


Gáir

Solas na gréine ár gcara a thaistealaíonn a lán, sroicheann sé sinn tar éis achar nócha trí milliún míle i gcéin, (gan trácht in aon chor ar na céadta solasbhlianta de sholas na réaltaí, nó gáma-ghathanna mistéireacha atá na mílte solasbhlianta uainn) cara, ag teacht an tslí go léir chun ár mbeatha is ár mbrionglóidí a threorú. Cá bhfaighimis cara eile mar é?

Ach níl solas na gréine in ann an fharraige thart orainn a threá. Gearrann sé trí chúpla céad méadar is stopann sé, deireadh le haistear fada an tsolais sa dorchadas.

Sa dorchadas sin in áit sholas na gréine bíonn nithe fo thoinn is iad ag luascadh leo go fánach cruthaíonn siad a gcuid solais féin le fonn.

Níl aon tslí eile ann. Fiú ar thalamh tirim, sa dorchadas ní mór dúinn solas a chruthú lenár nguth féin.

Ag an neomat seo tá gáir éagruthach éigin ann a choinníonn mo chluasa ó chodladh, ar nós mo chompánach uile ar fud an domhain.

138


139


Péisteanna Talún

Ní hí an spéir an t-aon ní oirirc atá ann. Leis na céadta bliain tá daoine ag stánadh in airde ar an spéir, níl aon dealramh leis. Is iad na péisteanna talún sa chré mo roghasa.

Tá an oiread sin glóire faoin bhfód ar a bhfuilim im sheasamh go bhfuil áthas thar na beartaibh ar mo dhá chois!

Amárach um breacadh an lae ar an talamh reoite, sa dorchadas, bead im choileach is ligfead scairt. Réabfad an spéir.

140


Inné D’iarr Santach orm a bheith im thíogar, iompú im thíogar agus dul ag búiríl suas na gleanntáin sléibhe. D’iarr Sprionlaithe orm a bheith im mháthair shúigh, iompú im mháthair shúigh agus snámh trasna na Mara Thoir fad le hOileán Ullŭng. D’iarr Sugi orm a bheith im chriogar, iompú im chriogar agus canadh ar feadh na hoíche fiú i lár an lae ghil.

Deineadh tíogar díom ar dtús mar sin, máthair shúigh ina dhiaidh sin. Ansin criogar ceolmhar. Ansin, ar an mbealach abhaile, le Santach is Sprionlaithe is mo chara Sugi chomh maith, d’iompaíomar go léir inár ngamhna agus ligeamar géim mar a dhéanfadh gamhna: Mú … mú mú. Bhí seanbhó i stábla Ch’ŏl is í ag cogaint na círe, chas sí inár dtreo agus stán sí orainn.

141


Fíor na Spéire Thiar atá an Mhuir Bhuí gharbh. Tá cónaí ar dhaoine anseo leis, ar Oileán Ŏch’ŏng. An mhuir gan chríoch, radharc uirthi os cionn an chladáin bláth is ea í gan ghas. Bean i dtigh uaigneach agus bia á ullmhú sa chistin aici amach léi go tobann, scuabann suas a cuid gruaige agus féachann go héiginnte i dtreo fhíor na spéire. Tá corrbhád le feiscint ag éirí aníos as fíor na spéire: An bád sin! An bád sin! Níl dabht faoi, sin í an bád! Is eol di go dearfa gurb í bád a fir chéile í. Athraíonn a guth láithreach. Sangsŏp! Sangsŏp! Yongsŏp! Yongsun! Tá bhur ndaidí ag teacht! Guth tréan.

142


Uaigheanna Le linn m’óige bhí an dúspéis agam in uaigheanna, go háirithe an sé chéad uaigh is ochtó i Reilig Phoiblí Hwangdŭng. Ar mo shlí abhaile dhom istoíche thitinn i laige i Reilig Sarabong ar Oileán Cheju. Bhí sé mar nós agam codladh in aice le huaigh. Leath an focal. Glaodh Taibhse Sarabong orm. Dá gcaillfí duine éigin is dá mbeadh uaigh nua ann bheadh an-áthas orm. ‘Tá tú tagtha sa deireadh! Fáilte romhat, a chara! Seo an áit is fearr duit,’ a deirinn. An-áthas go deo orm. Le titim na hoíche ba nós liom cuid mhaith a ól agus a bheith go dona ar meisce; dá raghainn thar uaigh nua, thitfinn im phleist is dhéanfainn néal. Uair amháin, um breacadh an lae, bhain céadchosach plaic asam. Bhí leathleiceann liom ata agus i bpéin ar feadh seachtaine, chomh séidte le puimcín. Uair, i m’ábhar manaigh dom agus mé ar mo bhealach go dtí Teampall Mirae in T’ongyŏng chaitheas leath lae i reilig. Bhí glandearmad déanta agam ar an ngnó a bhí ar siúl agam. Fuaireas íde na muc is na madraí ón ab ar ball. Sheol na blianta tharam agus tuigim an scéal anois, sa deireadh: ní dhéanann ainmhithe uaigh. Mar sin is fearr ainmhithe ná daoine, mar nach bhfágann siad tuama ina ndiaidh. Is fearr iad ná Dia mar sin, céad uair níos fearr ná mise.

143


An é sin an chúis a rabhas chomh ceanúil sin ar uaigheanna? Chun go dtuigfinn an méid sin? An é sin an chúis a gcaoininn uisce mo chinn?

In aice le carn múirín Tiocfaidh deireadh leis an aois seo, cinnte. Daoine ag déanamh a mbealaigh abhaile faoin ngrian loiscneach, an craiceann á scamhadh dá ndroim, féar carntha ar an dtarracóir. Amárach caithfear an seancharn múirín a leathadh ar an ngort. Clann mhac is clann iníonacha ag obair i Súl in óstáin is i mbialanna is éadrom a siúl, a gceannaithe tuaithe caillte acu.

144


Labhrann Seanbhean Bhogas ó Sŭngdu-ri nuair a phósas agus cónaí anseo orm i sráidbhaile mo chéile le leathchéad bliain druidte. Ag obair sna goirt, ag glanadh chró na muc, ag cleatráil gréithe sa chistin, ba chuma cén cúram é, bhaineas sult astu go léir. Mo cholainn, ní raibh aon ní nár thaitin léi a dhéanamh. Bhí mo mháthair díreach mar an gcéanna. Bhí mo mháthair beag bídeach, is láidir nár pósadh le habhac an bhaile í – bhuail sí le rangartach fir ansin is rugadh mise. Lean naonúr eile mé, cailleadh seisear, mhair triúr. Tá an ceathrar againn scaipthe anois in áiteanna éagsúla in Ch’ŏnan, P’yŏngt’aek, Kongdo, táimid ar fad liath, tá agus mantach. Bhuel, féach air sin anois: eitleog i bhfostú i ngéaga an chrainn jujube. Rudaí mar sin a dhéanann sona anois mé.

145


Mapaí á dTarraingt Bhíos ag tarraingt mapaí arís inniu. Tharraingíos an Mhuir Thuaidh idir Sasana agus an Iorua agus bruacha Mhurascaill Pohai san Oirthear, ansin stracas na mapaí as a chéile. Níorbh in é, bhraitheas. Níorbh in é in aon chor. Díreach ansin labhair an ghaoth, chnag sí ar an bhfuinneog. ‘A chréatúirín. Ba cheart duit domhan nua a tharraingt, ná bac an gnáthmhapa nua-aimseartha.’ Níorbh í an ghaoth amháin a labhair ach an ghaoth is an bháisteach le chéile, ag cnagadh ar an bhfuinneog. Mé ag iarraidh neamhaird a dhéanamh den gheonaíl im bholg, thosnaíos ar mhapaí a tharraingt arís. Ní mar a bhí déanta cheana agam, ach mapaí an lae amárach, ní raibh Meiriceá ann … ná an Áise…

146


An Bóthar Nár Siúladh Fós Ná habair go deo go bhfuil ceann scríbe bainte amach agat. Bíodh is go bhfuil na mílte míle curtha díot agat tá bóthar níos faide fós romhat. Agus tú id chodladh i gcaitheamh na hoíche ar nós ainmhí tar éis don ghrian dul faoi, tá bóthar níos faide fós romhat. Ní uaigneas glan é do chompánach dlúth, an t-uaigneas: is é atá ann dáiríre ná an domhan, is an bóthar romhat, domhan nach eol d’éinne. Tá gaoth ag éirí.

147


Sliabh Sliabh ab ea mé a rugadh ar thaobh an tsléibhe, nuair b’ionann iad daoine agus sléibhte. Páiste ag gáirí, bhíos-sa leis im shliabh. Chuas suas i measc na sléibhte, d’fholcas mo chroí i gceathanna an tsléibhe. Nuair a tháinig an geimhreadh bhí gach aon ní úr. Bhíos-sa leis im shliabh. Sa dorchadas díreach roimh bhreacadh an lae agus dorchadas an tsléibhe sa chlapsholas bhí radharc agam ar gach a shantaíos, fiú nithe nach raibh i raon mo shúl. D’fhágas an sliabh ansin chun éisteacht leis na tonnta – cén mhuir ab ea í sin? Tar éis dom a bheith ar fán, thall is abhus, d’fhéachas gan choinne in airde: b’iúd romham an sliabh. D’iompaigh a shúil bhánghorm uaim is labhair an sliabh: ‘Tar uair ar bith is mian leat!’ Sliabh mo dhúchais a bhfillim i gcónaí air. Bhíos-sa leis im shliabh.

Eas Im sheasamh os comhair easa dhearúdas fuaim an easa. I bhfuaim an easa dhearúdas an t-eas.

Cathain a bhíos chomh mór sin i m’aonar? Im sheasamh os comhair easa inniu bhíos níos mó i m’aonar ná mar a bhíos le stáir.

148


Buairt Sa bhaile seo againne, cailleadh dhá oisín bheaga, ba iad saigheada na sealgairí a mharaigh le chéile iad. Tháinig an mháthair de shodar thimpeallaigh an ball inar thiteadar, í glan ar mire, is thit sí féin marbh ar an dtoirt. Níor theagmhaigh saighead ar bith léi, thit sí mar sin ina pleist. Nuair a osclaíodh amach í fuarthas go raibh an stéig mhór, fiche slat ar fhad, stróicthe ag an mbuairt a bhí uirthi nuair a fuair sí roimpi an dá oisín a maraíodh. Níl aon ní sa tsaol seo saor ón mbuairt, is fíor, ach an ceart buairt a thabhairt ar bhuairt na máthar? Fíorbhuairt briseann sí an croí i gcónaí. Anocht cuirfeadsa mo bhuairt bheag i dtalamh, i bpoll sa talamh go ciúin. An bhliain seo chugainn nó an bhliain dár gcionn d’fhéadfadh mongach meisce cumhra teacht aníos ón mbuairt a adhlacadh faoi rún, ach conas a bheadh sé sin inchurtha le bás na heilite? Chun go mbeadh breith ann is tús le domhan nua lena bhuairt shíoraí brostaíonn grian chraorag an mhaidneachain i gcéin.

149


Athchaidreamh Lá, tar éis dom teacht amach as an gceathrú tréimhse agam i bpríosún, ach fós i mbraighdeanas baile, tharraingíos éan ar nóta míle won mar a dhéanfadh páiste deich mbliana. Chaitheas uaim ansin é. Chuaigh sé bliana thart. Ar an 16 Feabhra, 1998, tháinig an nóta agus m’éinín air ar ais chugam. An nóta a chaitheas uaim in Ansŏng tháinig sé an fharraige anall chugam go dtí tigh tábhairne trasna an bhóthair ón óstán ina rabhas ar Oileán Cheju. ‘Cad atá ar siúl agatsa anseo?’ arsa mise leis. Arsa an nóta: ‘Ní fhaca le fada thú!’

150


Cuid a Cúig as Deich Míle Beatha

151


To-gil ar Bhain Gadhar Plaic As Bhí cailín óg ann, Im-sun as Gleann Okchŏng, agus slataire óg Pak To-gil ón dtaobh amuigh den Gheata Thiar, thiteadar i ngrá, iad an-dlúth lena chéile. Lá amháin thuas i log taobh leis na tuamaí, ionad adhlactha theaghlach Im-sun thuas ar an mbarr ar fad rug To-gil greim ar Im-sun agus níorbh fhada go rabhadar ag bualadh leathair go tréan. Bhí gadhar Im-sun tar éis í a leanúint agus shíl sé go raibh a mháistreás á hionsaí – nár bhain sé plaic as To-gil. Nuair a chneasaigh an chréacht ar a cheathrú thosaigh To-gil ag maíomh: ‘Féach air seo: féach air seo, a leithéid de ghreim seirce! Féach air sin.’ I ndeireadh na dála áfach, ghéill Im-sun dá hathair agus phós sí mac thaoiseach Chontae Hoihyŏn; deineadh cleamhnas idir To-gil agus plobaire mná as Kunsan. Is minic a thug To-gil bascadh ceart don phlobaire sin.

152


Daideo Ch’oi Hong-gwan, mo dhaideo ar thaobh mo mháthar de, rangartach fir ar theagmhaigh a hata ard leis na bunsoip, neadacha na bhfáinleog faoin díon á scríobadh aige. Bhíodh sé de shíor ag gáire. Dá dtabharfadh mamó greim bia do dhuine éigin b’eisean is túisce a dhéanfadh lúcháir faoi. Dá dtabharfadh mamó amach dó, gháirfeadh sé, ní thabharfadh sé aon aird uirthi. Uair agus mé beag bídeach ar seisean liom: ‘Féach, má scuabann tú an clós go maith gáirfidh an clós. Má gháireann an clós gáirfidh an fál. Glóir na maidine ar an bhfál is í faoi bhláth, gáirfidh sise leis.’

Chae-suk Chae-suk, an cailín a chónaíonn in aice leis an tobar, crúsca uisce ag cur thar maoil ar a ceann í ag stánadh san imigéin agus í ag siúl léi. Bóthar oscailte an luathfhómhair roimpi amach go glé. Beidh Chae-suk ag fágaint na háite seo an bhliain seo chugainn. Tá sí ag tnúth go mór leis, an gáire os cionn a croí. Chae-suk, ar nós na doircheachta nuair a théann an ghealach faoi.

153


Taistealaí Cad sa diabhal a thug ar an taistealaí seomraí na searbhóntaí a bhaint amach sa bhothán seo i sráidbhaile iargúlta? Chuir Jiman, Sé Mhéar, Fiarshúil agus Sona fáilte roimhe sa seomra, an lampa ola súicheach, fallaí smeartha le fuil na míolta leapa ar nós duilleoga bambú. Bhí ár bhfánaí chomh suairc le bláthanna ar thaobh an bhóthair. Mura bhfáilteofaí i gceart roimh aoi bhainfeadh Dia díoltas amach ar lucht an doichill. Más beo bocht féin iad, roinneann siad an kimchi leis agus deoch fuaruisce. Bhí an fánaí tar éis a bheith abhus is thall is ní raibh deireadh go deo lena chuid scéalta. Má ba thnáite féin é, gan suan gan srann, lean sé dá sheanchas go fáinne geal an lae. Sa deireadh, d’iompaigh na scéalta ina n-amhráin. Amach leis chun a shruthán a dhéanamh – faoiseamh, athmhúscailt. Liúnna áthais ón spéir réaltógach.

Coileach na Maidine Nuair a ghlaonn an coileach an dara huair, is ag smaoineamh ar a mac a d’fhág an baile dhá bhliain ó shin atá sí níos mó ná ar a fear céile a cailleadh anuraidh. Tá seisean curtha thiar ar an gcnoc, ní hé gur fhág sé an baile go deo. Nuair a ghlaoigh an coileach an mhaidin sin bhí Changok bailithe leis, tairne á bhualadh aige i gcroí a mháthar. Ag súil le Dia go bhfillfeadh sé bhí an mháthair ina suí go luath, gan braon uisce a bheith ólta aici fiú, ag smaoineamh air. D’fhill sí na pluideanna ar urlár fuar a seomra, scuab an gairdín, ghlan an chéad sneachta a bhí tite lasmuigh den gheata, is dhírigh a droim nuair a smaoinigh sí ar a mac.

154


Mná Sunjeri I log na hoíche tá gadhair an bhaile nua ag amhastrach os ard. Gadhar, gadhar eile ansin, is an gadhar i gcéin thar na cnoic dharacha á bhfreagairt. I lár na glafaireachta leathshiollaí ag preabadh anonn is anall. Na géanna fiáine i bhfirmimint na hoíche, ní aduain é a n-éamh a thiteann go talamh oighreata. Glaonna cairdiúla, chun tosaigh, ar gcúl, aithnidiúil. Nuair a bhí an cabáiste kimchi beagnach ídithe i ngoirt na bpónairí d’iompair mná Sunjeri ualaí gairleog ar a gceann go dtí seanmhargadh Kunsan. Táid ar a slí abhaile anois tar éis a raibh fágtha a dhíol ar shladmhargadh. Ceithre mhíle slí um meán oíche, trí mhíle eile le siúl. Tá na ciseáin fholmha éadrom, is éadroime a mbolg cheal béile. Ní fhulaingíonn siad an bhochtaineacht seo ina n-aonar, na daoine dealbha seo. Na mná seo gan chiall, tugann a gcuid is a gcomhroinn dá chéile. Nach aoibhinn dóibh. Stopann an sceamhaíl nuair a chloiseann na gadhair a nguthanna aithnidiúla. Lonraíonn súile na hoíche faoi mar a bheidís á rá ‘Mise an oíche.’

155


Byong’ogi Ina dhundarlán ó rugadh é, thosnaigh sé ag obair is gan ach cúig bliana slánaithe aige, b’éigean dó saothrú i dteannta a athar. I dtús an fhómhair théadh sé go dtí na goirt ríse chun breith ar sheilidí láibe, sna goirt fhairsinge, mar d’ordaigh a mham dó a dhéanamh. Bhain sé an-spraoi as leath lae a chaitheamh ag seilg na seilidí láibe, bhí sé go deas éalú ón sclábhaíocht. Byong’ogi, bhí sé go diail ag breith ar sheilidí láibe, cailleadh é nuair a d’ól sé hiodrascaíd sóidiam de thimpiste. Níl a fhios ag páistí an bhaile cá bhfuil a uaigh, ní bhíonn uaigh ag páistí, ná sochraid, saolaítear is cailltear iad.

156


Litreacha D’fhiafraigh an Príomhoide dá dhaltaí cad a theastaigh uathu a dhéanamh, theastaigh ó na buachaillí a bheith mar Ghinearál Yamamoto Isoroku. Theastaigh uathu a bheith mar Ghinearál Nogi. Theastaigh ó na cailíní a bheith ina mbanaltraí chun aire a thabhairt dóibh siúd a leonadh ag Cath Rabaol san Aigéan Ciúin Theas. Nuair a d’fhiafraigh sé díomsa dúrtsa leis gur theastaigh uaim a bheith im Impire. Th’anam ’on diabhal! ‘A rógaire, tusa id Impire? Nach dána an mhaise dhuit Impire an domhain a mhaslú! Chun bóthair leat láithreach bonn!’ D’impigh mo mhúinteoir ranga air, lean m’athair abhaile é is é ag impí air é a mhaitheamh dom agus sa deireadh in áit a bheith caite amach fuaireas trí mhí ar scor. Cheistigh an Príomhoide arís mé is dúrtsa leis gur mhaith liom a bheith im fhear poist. Theastaigh uaim teachtaireachtaí a sheoladh ó dhuine amháin go duine eile. Is aoibhinn liom fear an phoist agus an post. Nuair a nochtadh rothar an phoist, rithinn ina diaidh cé nach mbíodh post riamh domsa. Ní fhaigheann an sráidbhaile seo againne ach fiche mír sa phost in aghaidh na bliana. Ghlacadh Anttum Tamok leis an bpost ag an mbealach isteach go dtí an sráidbhaile, eisean a d’oscail na litreacha, d’úsáid sé cuid acu mar pháipéar leithris, d’fhill a thuilleadh acu ina gcártaí imeartha. Mura bhfaigheadh sé cáca ríse ó dhuine bheadh cloch sa mhuinchille aige dó. Léadh sé na litreacha dóibh agus gháireadh sé. Níor tháinig post ar bith, scéala ar bith chugainn le linn Fhorghabháil na Seapáine, gan scéal ar bith faoi bhás ná faoi bheatha na ndaoine a bhí i bhfad ó bhaile. Sa deireadh rugadh ar Tamok, tugadh bata is bóthar d’fhear an phoist, tarraingíodh Tamok chun na cúirte is scaoileadh saor tar éis deich lá é. Theastaigh uaimse a bheith im fhear an phoist ach tháinig fear nua; ní raibh aon bhraoithe air.

157


Uncail Jaemoon Na fiacla á bhfáscadh aige, leath ar mire tar éis a chéile a chailliúint sa chogadh, ar sé ‘Deargbhastaird, deargbhastaird.’ Leath as a mheabhair tar éis a bheirt mhac a chailliúint, na fiacla á bhfáscadh arís aige. Tháinig an t-earrach, bhí an geimhreadh feannaideach thart, bhláthaigh na plumaí, lig sé a scíth beagán is d’ól roinnt fíona. Tháinig bean éisc éigin chun cleamhnas a dhéanamh idir é is gearrchaile as sráidbhaile Jigongni, bhí sí gleoite, beo bocht, gheofá ar phraghas ghort ríse í. Níor bhac sé le culaith phósta, níor bhac sise le gúna pósta; thug sé isteach í agus an lá ag dul ó léas. Bhí a bhean marbh a bheirt mhac marbh, conas a bheadh an bhean óg seo in ann cúraimí an tí a dhéanamh? Bhí brídeach na súl mór róscáfar chun dul amach ach de réir a chéile fuair sí an misneach. Chuir an seanfhear na súile trína bhrídeach an lá ar fad. A mheigeall aige á mhéarú ní fhéadfadh sé gan sclogaíl a dhéanamh, straois air. Bhláthaigh na plumaí, d’oscail na duilleoga is bhí muintir an bhaile stiúgtha leis an ocras. Thathain sé ar a bhrídeach ghrámhar níos mó a ithe: ‘Ná bíodh ocras ort, sean-rís – ach ith leat,’ agus iad ag siúl thar uaigh a chéile is uaigh na mac.

158


Siopa Ilrannach Mitsukoshi An tríú hurlár, Siopa Ilrannach Mitsukoshi in Kunsan, thug mo dhaid ann mé. Bhí eagla orm, eagla roimh earraí só, eagla roimh Sheapánaigh, roimh Chóiréigh. Sa deireadh chuir an bhean díolacháin an ruaig orainn. Dúirt sí nach raibh faic ann dúinne. Téir go dtí an seanmhargadh, ar sí, téir go dtí an margadh nua. Inár seasamh dúinn lasmuigh den siopa, ag féachaint siar air, mhaígh a ghean gáire ar dhaid: ‘Ní raghainn isteach ann dá n-iarrfaí orm!’ Chas sé chugam, ‘Seo linn is íosfaimid stobhach áit éigin.’ Cathair scanrúil. Buachaill Seapánach ag gliúcaíocht orm ó fhuinneog ar an dara hurlár. Aghaidh bhán, culaith bhán ghalánta air. Bhí eagla orm roimhe. Tiúúú! Bonnán an chalafoirt. Scanrúil. Na nithe nár scanraigh mé, sceacha, giúiseanna, madraí an tsráidbhaile nár dhein tafann.

159


Réileán Salainn Kasame I mbéal Abhainn Lánradhairc, níl ach dhá bhád imithe chun farraige ó mhaidin. An fharraige cráite ag an ngaoth aniar, tonnta lagbhána i gcéin. Lá gan ghrian. Sean-Jun Jungbae, úinéir na réileán salainn, ina sheasamh ansin ag eascainí go tréan: Damnú air! Damnú air! Tá na réileáin go léir lán de sháile, cathain a thrimeoidh siad agus carraigeacha salainn a thabhairt dó? Féachann na spéaclaí níos cruinne ná riamh ar a aghaidh fheargach. Ní hea, ní hin é, ní hiad na réileáin salainn ná na carraigeacha salainn é: tá a mhac drabhlásach ag cur a chuid airgid amú, é go mór i ngrá le Croí Pluma sa teach striapachais. Damnú air! Maróidh mé é! Maróidh mé é!

160


Ch’ilyongi An strapaire óg Ch’ilyongi, fostaithe mar spailpín ag an seanfhear Jaekwon, abhaile leis agus fráma mór ar a dhroim ar a raibh ceithre cinn déag de chocaí féir Ifrinn is ceann eile ar an mbarr. É ag bárcadh allais. Dhá bhó an Mháistir ag feitheamh le foráiste. Níl tuairim ag Ch’ilyongi cé hiad a thuismitheoirí níl tuairim aige cad as dó. É chomh follasach le glór cloig, cloiseann sé gach aon ní, ach ní ligeann faic air.

Máthair Chungdu Lá treafa, lá chun treabhadóirí a fhostú is an fheirm a shaothrú, bean chéile iar-Thaoiseach an Cheantair, meas ag muintir an tsráidbhaile go léir uirthi, uasal is íseal, bíonn sí cairdiúil i gcónaí, ní bhíonn sí riamh ardnósach. Pacálann sí lón do na spailpíní is ní lorgaíonn cabhair ó éinne. Iompraíonn lón chun na spailpíní ar a ceann dea-chíortha is a phillín diosca, á ngríosú, led thoil, blais an colgán seo, led thoil, blais roinnt kimchi réamhdhéanta, lá breá, lán de réaltaí. Sna claiseanna faoin spéir tagann na péisteanna aníos is iad ar snámh timpeall, is breá leo an leoithne fhionnuar. A craiceann gleoite faoin mblús fíneálta línéadaigh ag análú go séimh.

161


Mangaire na gCliathbhoscaí Bambú Ba ghnách leis an mangaire seo cuairt a thabhairt ar sheomra an sclábhaí feirme Tae-gil. Bhíodh cliathbhoscaí bambú ar a dhroim aige, á n-iompar aneas go dtí an chuid ab fhaide ó thuaidh den Abhainn Yalu, agus chomh fada soir is a bhí soir ann, go dtí áiteanna atá chomh fuar sin go mbeifeá reoite agus tú ag siúl, reoite, ag siúl, ansin i dtús an earraigh thitfeadh do chosa díot. Chuaigh an mangaire seo gach aon áit. Sa deireadh, chaill sé gach aon phingin a bhí riamh aige is na cliathbhoscaí á ndíol aige. Nuair a chonaic Tae-gil go raibh mo dhuine beo bocht thug sé a thuarastal bliana dhó mar iasacht. ‘Bí anseo arís an bhliain seo chugainn is íoc ar ais mé.’ As go brách leis an mangaire, áthas an domhain air. Chuaigh bliain thart, bliain eile, is gan aon scéal uaidh. ‘Féach anois! Féach anois!’ arsa gach éinne, á rá leis gur robáladh é ach ba chuma sa sioc le Tae-gil, lean sé air ag casadh an tsúgáin, ag casadh an tsúgáin. Ansin, blianta ina dhiaidh sin, i dtús an gheimhridh, nocht an mangaire, an té a raibh an iasacht tugtha aige dó, agus thug sé leis buidéal biotáille agus deich gcinn de sciataí leasaithe. Thóg sé amach an t-airgead a bhí ag dul dó le trí bliana anuas nó níos mó, agus thug cur síos ar na haistir go léir a bhí déanta aige, ní raibh sé ach díreach tagtha ar ais agus an-chathú air faoin moill. Arsa Tae-gil leis: ‘Caithfidh go raibh sé dian ort.’ ‘Ólaimis sláinte a chéile!’ ‘Anois atá tú ag caint!’ Bhí lúcháir ar an mangaire, Pok-gil, chaith sé siar é agus súil aige le taoscán breá eile. ‘Bhí sé dian ambaist, bhí siúráilte.’

162


Ár Sean-Aintín in Taegi Aon uair dá dtagann sí tar éis di aistear cúig mhíle a dhéanamh ar chonairí na móinéar ó shráidbhaile Taegi, is gá scóip a thabhairt dár sean-aintín. An lá a cailleadh mamó ní túisce thar leac an dorais í ná thosnaigh sí ag liú, a colainn ollmhór á luascadh ó thaobh go taobh. ‘Cad sa diabhal é seo? Cad d’imigh ort? Nár casadh ar a chéile sinn ag Margadh Hoihyŏn is nár itheamar núdail thanaí a raibh an brat súite acu sa tslí go rabhadar chomh hata le frog san fhómhar? Uair eile cheannaíomar anraith agus rís agus braon maith fíon ríse – ní raibh ann ach inné ba dhóigh leat. Nach tapaidh mar a imíonn na blianta. An fómhar seo caite is é a bhí á rá agat: I gceann cúpla mí beidh an tinneas ainnis seo curtha díom agam agus is ag scipeáil thart ar fud na bhfud a bheidh mé. Cá bhfuil do chuid scipeála anois uait? Ababú, a dheirfiúirín, ababú! Má imíonn tú, cathain a fhillfidh tú orainn arís? Tá an saol go maith againn abhus, fiú má bhímid sáite ar uairibh i gcac bó nó i gcac gadhair, ach tá tú imithe anois go dtí an domhan eile agus sa domhan mór eile sin cá mbeidh cónaí ort, cé a thabharfaidh aire duit? Ababúna,’ ar sí de liú, ‘ababú, ababú!’ Lean sí uirthi ag caoineadh, ansin ghlan spideog dá srón agus pé féachaint a thug sí laistiar di chonaic sí bean chéile ár gcol ceathrair a bhí tagtha anall ón dtigh nua aici i sráidbhaile Songmal. Dhein sí dearmad glan ar an gcaoineachán. ‘Ababú! An bhrídeach nua ó Songmal! Féachann tú go maith! A leithéid d’aghaidh lonrach! Conas tá na páistí? Chuala mé gur cheannaigh sibh goirtín ríse nua daoibh féin. Tá an t-ádh dearg libh ó fuair sibh an tobar nua sin!’ An rud a dtugaimid buairt air níl sé chomh brónach sin dáiríre. Tá sé ar nós srutháin i ngleann nach bhfeictear, ar nós tiúin amhráin – imithe tar éis duit an chéad chnoc eile a chur díot. Bean mar í nuair a bhuaileann sí isteach i dteach tórraimh, cuireann sí blas ceart ar an bhfíon is ar an mbia, nach ndeineann?

163


Ré Lán na hAthbhliana Lá a d’fheannfadh gabhar, ré lán na hathbhliana, lá ar leith. Bean tí agus í gnóthach ó ghiolc an ghealbhain, a fhios aici go mbeidh ridirí an bhóthair chuici gan mhoill, pota ríse cúig ghrán curtha amach aici roimh ré ar an moirtéal cloiche a sheasann taobh leis an ngeata adhmaid, agus fomhias de phéacáin phlantáin. Is gearr go dtagann seanbhacach aerach agus é ullamh le haghaidh babhta eachtraíochta ach sa deireadh cuireann an rís ina mhála is bailíonn leis. Dá mbeadh 360 lá mar sin againn sa bhliain! Ní fada go n-atann a mhála. Tá deireadh anois lena chuairt, agus é ar tí an sráidbhaile a fhágáil buaileann sé le bacach eile: castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte! Ní gá dhuit dul níos faide, gach aon teach déanta agam! Seo, ceiliúraimisne an ré lán chomh maith! Tobghearann siad cipíní briosca, lasann tine chun iad féin a ghoradh, amach leis an rís ansin, an rís a tháinig ó na tithe go léir, agus cromann an bheirt ar a mbolg a líonadh, a mbéal lán, ag gáirí, á dtachtadh féin. Tá an scéal amuigh agus cruinníonn na snaga breaca iad ag cleitearnach abhus is thall.

Mamó Súile na bó na marbhshúile leamha sin súile mo mhamó. Mo mhamó! An té ba bheannaithe domsa ar domhan. Bó a stop de bheith ag cogaint an fhéir úir is í ina seasamh ansin. Ach ní hí mo mhamó í tar éis an tsaoil: ní hea ach síocháin an domhain seo, í marbh is séanadh tuama uirthi.

164


Chŏng Yong-gi ón Arm Fíréanta Aois bhlátha aige agus cailleadh mar bhláth é. Thit Chŏng Yong-gi óg ón Arm Fíréanta sa chath. Leis sin bhuail a athair scothaosta Chŏng Hwan-jik an bóthar agus bhrostaigh go dtí páirc an chatha inar cailleadh a mhac. Nuair a tháinig deireadh leis an gcath ghabh na Seapánaigh é. Is é seo an t-amhrán a d’fhág sé ina dhiaidh an mhaidin a daoradh chun báis é: ‘Cé go bhfuiltear chun mé a mharú, ní athróidh mo chroí, rud trom í an fhíréantacht, rud éadrom é an bás. Cé a fhéachfaidh i ndiaidh mo chuid gnóthaí? Dá mhéad a smaoiním air is ea is mó a fheicimse lá geal ag breacadh ar fhíor na spéire thoir.’

An Bhean Chéile as Suregi Ag Claífort na bhFroganna níl ann ach froganna, tá an chuid eile den domhan marbh. Is ann atá an bhean chéile as Suregi ag caoineadh. Deich mbliana ó shin go díreach a cailleadh a fear. D’éirigh léi teacht ar roinnt eorna le cócaráil, sánn sí spúnóg agus cipíní itheacháin sa bhabhla mar ofráil dheasghnách agus caoineann sí. Níl spúnóg mhiotail ná cipíní itheacháin miotail aici níos mó, thóg na Seapánaigh iad. Sánn sí an spúnóg adhmaid is na cipíní adhmaid sa bhabhla, agus caoineann uisce a cinn. Í ag caoineadh ag Claífort na bhFroganna ach ní chloistear í os cionn ghrágaíl na bhfroganna. Cén tairbhe an caoineadh sin anois do chluasa an fhir mhairbh?

165


An Bhean Chéile as Kaesari Bíodh is gur thóg sí triúr mac iad chomh breá beathaithe le buafa, oiread is aon uair amháin níor dhein an bhean chéile as Kaesari casacht os ard tar éis pósadh di. Ba chuma cad déarfadh éinne ní raibh de fhreagra aici ach mmm drogallach agus an méid sin féin níor éalaigh óna beola, mionghlór agus an-fhonn air teitheadh ar ais inti arís. I measc bhantracht na comharsanachta ní raibh éinne riamh a raibh mionghlór aici mar a bhí ag an mbean chéile as Kaesari. Nuair a phós an mac ba shine níor labhair sí riamh go garg le bean a mic í cruógach i mbun seaicéad cnáibe stróicthe a fhuáil. Bhí sí airdeallach nach gcloisfeadh éinne an fhuaim nuair a mhúchadh sí na lampaí ceirisín. An bhean chéile as Kaesari thosaigh sí ag meath i mbliain dheireanach a saoil. Níor thuig éinne cad a bhí cearr léi. Agus í ag saothrú an bháis, bhí an triúr mac sa seomra léi agus iad ag feitheamh leis an gcríoch. Ní raibh sí riamh deisbhéalach i gcaitheamh a saoil agus ní raibh ar a cumas focal scoir le dealramh a rá. Chualathas í ag rá rud éigin faoin gclaibín ar an anlann soighe thuas ar an ardán gur chóir é a bheith ar oscailt do sholas an lae agus rud eile, de réir dealraimh, ba cheart líneáil nua a chur i seaicéad fhear an tí. Agus bhí deireadh léi ansin i bhfaiteadh na súl.

166


Uncail Maeng-sik Tá sé mar a bheadh fíon agus uisce tríd, niúidí neáidí a shléachtann roimh pháistí fiú. Chomh leamh le níl fhios agam ach chomh léannta ar a shon san, tá gach aon eolas aige. Duine a thagann abhaile ó na goirt ríse sa chróntráth ar mhuin daimh ach tá cur amach aige ar nithe eile seachas daimh. Á, an folús! Á, sceimhle na laethanta seo is an sneachta á cháitheadh, gach cúinne den domhan á líonadh gach lá ag an sneachta, cad a dhéanann Uncail ach an geata tosaigh a bhrú roimhe de liú: ‘A há! Tabhair sneachta air! N’fheadar: cad a imeoidh ar na hainmhithe fiáine go léir?’

An Tobar Tá tobar i gclós an tí sin, tobar atá breis is deich bhfeá ar doimhneacht. I dteach cluthar Pullye, máthair Pullye, chomh geal le bláth guird, is Pullye bheag, lile, ina gcónaí le chéile, díreach an bheirt acu. An mháthair ina baintreach óg gach aon fhocal uaithi meáite go deas aici, ní chaitheann sí uisce riamh uirthi féin fiú i lár bhrothall an tsamhraidh. Nuair a théinnse ar theachtaireachtaí chucu, dá dtógfainn súimín amháin den uisce gorm dubh sin, dá mblaisfinn de chiúnas an uisce sin agus an sceimhle ann a thug máthair Pullye aníos sa bhuicéad trom sin as an tobar deich bhfeá ar doimhneacht crith cos is lámh a bheadh orm, mo chroí ag bualadh.

167


Man-Sun Bhí sí clúdaithe le breicneach, mheasfá gur smearadh go maith le síolta seasamain í, ach ba bhreá iad a braoithe agus na súile chomh gleoite sin go gcuirfidís leoithne ag éirí as cnoc is gleann. A scáil ag titim ar uisce – ní raibh ní ar bith níos áille ar domhan. I dtreo dheireadh svae na Seapánach, tar éis di na pónairí a phiocadh is a thabhairt isteach, d’imigh sí, banda cinn uirthi a raibh bratach na Seapáine stampáilte air, le bheith ina bean sóláis. Bean as Aontas na mBan Tírghrách Mijei a thug léi í, á rá go dtuillfeadh sí airgead maith i monarcha eitleán. Thug sí léi í agus bratach na Seapáine ar foluain. Ansin hó hó, seachadadh buidéal biotáille agus ticéad ciondála go dtí an teaghlach ó chaptaen an tsráidbhaile. ‘Hó hó, cad atá déanta againn chun gar mar sin a thuilleamh?’ Nuair a saoradh an tír is nuair a tháinig gach éinne ar ais siolla níor chualathas ó Mhan-sun … cé go raibh an scornlus faoi bhláth agus an chiocáid ag cantaireacht.

168


Máthair an Chúpla Máthair Pyŏng-hyŏn agus Pyŏng-jin? Féach uirthi is a cíocha nochta ar liobarna, í ag deifriú thall is abhus. Tar éis do na monsúin teach an asail a lot, is cuma léi má fheiceann na fir í nó nach bhfeiceann, nochtann a tóin sna goirt atá briosc le muiléad is déanann a mún gan stró. Sin an saghas duine í. Mura bhfuil faic le hithe sa bhaile aici baineann sí glasraí na comharsan le cócaráil. A leithéid de bhean! Má thagann leathchúpla ag rith abhaile is ag béicíl mar go bhfuair sé dorn sa phus agus é amuigh ag spraoi: “Fán fada ort! Go mbuaile tintreach ar do bhaithis thú! Ní bheadh a fhios ag éinne gur saolaíodh thú i lár an tsamhraidh is gan ach tuí úr fút! Conas go mbítear do do bhascadh an t-am go léir?” Is fiáin í máthair an chúpla gan aon agó. Mar sin féin bean mar í is cinnte go raibh sí cúthail tráth is í i mbláth a maighdeanais – na laethanta sárluachmhara úd fadó!

169


An Bhaintreach Paek as Hamdŏk-ri Bádóir, Kim Ki-ho, as Hamdok-ri ar Oileán Cheju, chuaigh sé féin agus uncail leis Chong-hŭng chun farraige i mbád iascaigh. D’ardaigh stoirm. Chuaigh an bád bun os cionn. Níor fhilleadar. Ghlaoigh a bhean, Paek ab ainm di, ghlaoigh sí ar a cairde na mná tumtha agus chuadar sa tóir ar chorp a fir, ag cuardach ar feadh ocht lá san fharraige mhór in aisce. Ghlaodar ar mhanach agus ofráladh paidreacha go dtí an Rí-Dhragan, in aisce. Dhein a bhean, ar deineadh baintreach di in aois a cúig bliana is fiche, í féin a íonghlanadh is thum san fharraige. Síos síos síos san fharraige léi gur tháinig ar chorp a céile, Kim Ki-ho é i bhfastó fo thoinn idir na carraigeacha, nó a raibh fágtha de tar éis do na héisc a bheith ag piocaireacht air. Rug sí ar a fear agus b’eo leo aníos. Ansin gan é a chaoineadh in aon chor, gan deora a shileadh, chuir taiséadach uime leag i gcónra ghiúise é agus i mbarr an ghoirt acu is ea a bhí an tsochraid aici. Sheasadh sí gach maidin os comhair a uaighe agus deireadh sí leis cad a bhí le déanamh i rith an lae. Um thráthnóna bhíodh miontuairisc aici dó faoin méid a deineadh nó faoin méid nár éirigh léi a dhéanamh an lá sin, abhaile léi ansin chun a haonmhac a bheathú, thugadh sí anraith sleabhaic dó chomh maith, í go héadromchroíoch ag friotháil air siúd seachas ar a céile. Nuair a bhíodh rabharta an earraigh ann um thráthnóna thugadh sí aghaidh ar cháitheadh dubh na mara is é ag éirí os cionn na talún, í ag éisteacht le guth a fir, glór na dtonn.

170


Tuama na nUirlisí Bháigh an mhuir na linnte salainn ar Abhainn Mankyŏng agus bhí Su-kil sárdhrumadóir ab ea é amuigh ag bailiú salainn is é i lár an ghuairneáin: an chéad rud eile nár scuabadh chun siúil é. Níor thángadar ar oiread is bróg leis gan trácht ar chorpán. Bhí a dheartháireacha agus a dheirfiúracha pósta ag cur is ag cúiteamh agus shocraíodar sa deireadh ar leacht cuimhneacháin a thógáil dó inar leagadar na huirlisí go léir a mbaineadh Su-kil leas astu: baineadh na hanlaí go léir díobh, grafóg, matóg, spád agus ráca. Is mar sin a cuireadh é i reilig a mhuintire. Tuama na n-uirlisí a tugadh air. Ar chúis éigin ní théadh buachaillí an tsráidbhaile ina ghaobhar. Chuir an tuama folamh eagla orthu. Ach trí bliana ina dhiaidh sin, dar fia is fiolar, nár tháinig Su-kil ar ais, beo beathach. Chúb a dheartháireacha siar uaidh á shamhlú gur taibhse ab ea é. Ní go dtí gur ghlaoigh sé amach cúpla uair: ‘Ní taibhse mé, ní taibhse chuige mé!’ a thugadar barróg dó agus na deora leo, ‘Is taibhreamh é, is beo dó!’ Scuabadh leis an tuile amach ar an teiscinn é gur tháinig sé ar chlár adhmaid, bhí seans aige mise á rá leat, agus comáineadh go dtí an mhuir amach ó Ch’ilsan é áit a raibh bád a tharrthála roimhe agus arsa na mairnéalaigh: ‘Mar chúiteamh ar do bheatha, beidh ort saothrú dúinne.’ Ar feadh trí bliana ina dhiaidh sin b’eisean cócaire an bháid agus d’éalaigh sé sa deireadh is tháinig i dtír in Popsang-po is shroich an baile slán. Thochail Su-kil an tuama, tháinig ar a chuid uirlisí arís, d’fheistigh le hanlaí nua iad, sháigh ceann acu sa talamh is ar sé: ‘Tá tusa beo agus táimse beo agus mar is gnách tá go leor oibre le déanamh.’

171


Cníopairí Cearta Le linn laethanta Rí Ch’ŏlchong sa Ré Chosŏn bhí fear ann darbh ainm Kim Cníopaire agus cónaí air i réigiún Changdan, taobh le Súl. Chuir sé a mhac, lá, chuig tigh Chang Cníopaire chun casúr a fháil ar iasacht. Tháinig an mac ar ais agus a dhá lámh chomh fada le chéile. ‘Ní thabharfaidís ar iasacht dom é. Deir siad go gcreimfí i mbun casúireachta é.’ Arna chlos sin dó, chuir Kim Cníopaire dranntán as: ‘Á, nach é an rógaire de sprionlóir é. Bhuel, níl faic eile le déanamh. Tabhair i leith an casúr. Gheobhair istigh sa chupard im sheomrasa é, istigh ar chlé. Casúr is ea é a tháinig anuas ó do shin-sin-seanathair.’ Anois, má théann tú tamall ar aghaidh ó Changdan is ann a gheobhair Cníopaire Kaesŏng agus tamall eile fós ar aghaidh uaidh sin Cníopaire Haeju. Is cosúil go mba nós le Cníopaire Kaesŏng a mhún a chaolú le huisce sula ndíolfadh sé mar leasú é, agus Cníopaire Haeju sula gceannódh sé mún uaidh chuireadh sé méar ann ar dtús chun é a bhlaiseadh d’fhonn is a dheimhniú nach é an stuif caolaithe a bhí aige. Daoine cnuaisciúnacha mar iad a chuir bonn faoin tráchtáil i ré Chosŏn. Cá bhfaighfeá cníopairí mar iad na laethanta seo, nílid ann agus is í an tír atá thíos leis. Ba dhóigh leat mar sin gur den riachtanas é bheith tíosach. Sin iad an mhuintir seo againne anois duit.

172


Bláthanna na bPlumaí Níl sa teach sin in Saet’ŏ, áit a bhfuil cónaí ar Omok, ach teachín beag ceann tuí ach nach sciobtha scuabtha atá sé, níl aon ní in easnamh air, pé acu an rís é, eorna, cruithneacht, pónairí soighe, pónairí dearga, grán buí, sorgum, muiléad, nó coirce, na cúig nó na seacht gcineálacha gráin, iad uile ann: an teach is tíosaí sa dúiche. Máthair Omok: bean mhaith tí agus a cuid gruaige go néata ina cocán, an naprún uirthi an t-am ar fad. Nuair a dheineann sí cáitheadh ar an rís, ar an seasaman nó ar an muiléad ní éalódh oiread is síol uaithi. Taobh leis an teach nuair a imeoidh an geimhreadh agus nuair a fhillfidh an t-earrach, beidh an dá chrann ann faoi bhláth mar sin bíodh is go mbíonn an teach folamh agus an bheirt amuigh ag obair sna goirt, tugann na crainn sin a ngile go léir don áit. Lá breá éigin tiocfaidh leaid i mbun suiríochta agus tabharfaidh sé Omok leis, Omok atá chomh dealraitheach lena máthair. Tabharfaidh sé leis ar a dhroim í, ar a dhroim. Tá súil agam go mbeidh a dhá chois tinn ina dhiaidh.

173


Sealgaire Ardáin Kaema Sna laethanta úd tar éis do Rí Sejong an imeallchríoch thuaidh a chloí, nuair a théadh P’an-gŏl, Sealgaire an Chlúimh, i mbun seilge thagadh sé abhaile agus aon ainmhí amháin aige i gcónaí. Diabhal ceart chun seilge ab ea é. Bholaíodh na toirc allta é agus thugadh do na cosa é. Ach bhí a fhios acu dá dteithfidís go léir go mbeadh fíoch ar Shealgaire an Chlúimh agus go mbéarfadh sé ar an gcuid is mó díobh, mar sin chuaigh na toirc chliste i ndáilchomhairle lena chéile agus d’fhan torc siar ina dhiaidh sin mar chreach ag an sealgaire. Ach féach air seo nár bhain an toradh sin le scil Shealgaire an Chlúimh i mbun seilge in aon chor ach le socrú na dtorc. Sa deireadh leagadh P’an-gŏl i ndúiche sheilge éigin agus amach le toirc allta Ardáin Kaema de rúid reatha: ‘Tá an lá tagtha! An lá a rabhamar ag súil leis! Faighse an cloigeann, Faighse géag, Faighse ceathrú, Faighse an chabhail Faighse a mhagairle!’ Roinneadar eatarthu é agus d’alpadar siar é is as go brách leo ansin ar fud na bhfánán geal. Sin é anois agat é.

174


Taibhse Bhí cos liom san uaigh go dtí go rabhas deich mbliana d’aois. D’éiríos feosaí críonna le linn na ndeich mbliana sin. A luaithe is a thiteadh mo chodaldh orm, um meán oíche, nochtadh taibhse, liginn liú asam is luínn ansin is mé ag bárcadh allais. Dhúisíodh m’athair agus gan luid air, amach leis chun an corrán a fháil is é a chrochadh ar an mballa, é ag lonrú ann go maidin. ‘Má thagann an taibhse sin ar ais buailfidh mé an cac as buailfidh mé an cac as!’ Bhí taibhse sa tóir orm go dtí go rabhas deich mbliana d’aois nó níos mó. Nach fada a bhí na hoícheanta sin nuair a bhí an taibhse amuigh ag siúl, nach fada. Solas an lae an lá dár gcionn, na crainn, na plandaí, na cnoic i gcéin faoi sholas geal an lae, níor leor é in aon chor chun an eagla a dhíbirt. An rud a chuir deireadh leis an taibhse ná nuair nach raibh ocras orm níos mó agus mé ag dul a chodladh, nuair d’itheas trí bhéile sa lá, nuair nach raibh tinneas boilg orm níos mó ag na péisteanna a bhí ag lúbarnaíl ann. Cad is taibhse ann? Maith is eol dom. Ocras. Maith is eol dom é.

175


Baintreacha Chaetjŏngii Má chuireann tú tuairisc bhaintreacha Chaetjŏngii tá a fhios ag gach éinne cá bhfuil an teach. I dteach sin na mbaintreach tá baintreach ceithre scór bliain d’aois agus an banchliamhain ceithre bliana is trí scór. Chuireadar beirt a gcéile fir go luath ina saol, ansin chuireadar crainn phlantáin agus giúiseanna balsaim feadh an fháil, agus mhaireadar go sítheach sóch mar a bheadh deirfiúracha ann. D’éirigh an tseanbhean an-tinn sa deireadh, an-tinn go deo. Ghlan an banchliamhain an cac. Bhí sé deacair an réama a ghlanadh dá scornach chomh maith agus níl aon chur síos ar bholadh an tseanmhúin a bhí ag teacht ón mata giolcaí! Chuaigh an banchliamhain in aois is tháinig drong uirthi ach fiú ar laethanta sneachta théadh sí ar fálróid thar na fánáin ghréine rútaí lus an sparáin á mbaint aici ag friotháil de shíor ar mháthair a céile. Nuair a chuir sí na rútaí sin á gcócaráil in anraith leafaos pónairí leath an dea-bholadh ar fud an tsráidbhaile.

Ki-Cha’ng, an Dara Deirfiúr a bhí ag m’Athair Phós sí. Tréigeadh í, tháinig sí abhaile. Bhasc sí bláthanna balsaim chun a cuid ingne a dhathú. Dhathaigh sí iad go léir, deich gcinn acu. Ní dúirt sí faic, sheachain sí na Flaithis in airde fiú amháin.

176


Su-Dong agus na Fáinleoga Níl ag Su-Dong ach a thuismitheoirí. Nuair a bhíonn siad amuigh ag obair agus eisean ag súgradh leis féin nó i bhfeighil an tí, bíonn sé leamh ann féin. Sa bhaile leis féin níl de spórt aige ach fiaile a tharraingt go dtí go dtagann na fáinleoga i dtús an earraigh. Líonann siad an teach folamh, is geall le clann iad. De réir mar a líonann siad an teach folamh titeann a gcac ar chloigeann Su-Dong. Ligtear amach an t-ál agus i bhfaiteadh na súl bíonn borradh faoi na scalltáin, as go brách leo, agus bíonn Su-Dong leamh ann féin arís. Go tobann, tá an clós i bhfad níos fairsinge. Amach san fhómhar bíonn na fáinleoga réidh chun eitilt go mear os cionn na gcnoc san imigéin thar lear, os cionn na bhfarraigí is na n-aigéan, fáinleoga ar a dtriall ar chríocha lastall den abhainn, ag déanamh ar fharraigí ó dheas i gcéin, ag cruinniú ar línte níocháin loma na gcomharsan, ina suí i sraitheanna, a mbroinne acu á bpriocadh lena ngob sula mbogann siad leo. Ag féachaint suas orthu go léir, braitheann Su-dong an-uaigneach. Is ionann a bheith uaigneach is a bheith ag fás. ‘Tá sibh ag imeacht anois, beidh sibh ar ais an bhliain seo chugainn. Slán go fóill.’ Tugann sé ainm do gach fáinleog díobh: Scalltáinín Giolc-giolc, Áinlín, Tsípí-tsíp.

177


Pul-lye Chaoch Thall in Chaetjŏngii, chaill iníon Mun Chong-an radharc na súl is gan í ach dhá bhliain d’aois. Sé bliana is fiche atá sí anois is níl fonn ar éinne í a phósadh. Ag glanadh na gcéimeanna a bhíonn sí an t-am go léir nó ag gardáil an tí, na tuismitheoirí aosta amuigh sna goirt, crom ar a gcuid oibre. Sea, ag gardáil an tí ach níl faic le gardáil. Sin an uair a mbeireann rógairí óga ar chiaróg, isteach leo agus iad ag fiafraí di, ‘Ar mhaith leat píosa cáca? Oscail do bhéal!’ Isteach leis an gciaróg ina béal is teitheann na leanaí. Sin an uair a sleamhnaíonn comharsana isteach agus Pul-lye chaoch á crúbáil acu, agus iad á rá, ‘Nach tú atá gleoite,’ is leagann siad lámh ar a cíocha, nó sánn lámh faoi fháithim a sciorta, agus í ar a bionda ag iarraidh iad a sheachaint. Ach ní ligeann sí béic riamh. Fulaingíonn sí gach aon ní is í ina tost. Nuair a thagann a gciall chucu, na daoine fásta seo, ní hea, na hainmhithe seo, agus nuair a théann siad abhaile ní go dtí sin a shileann sí deora, léi féin. Bíonn deora ag súile dalla leis. Deoir aonair a shileann sí: tuirlingíonn damhán alla agus é ar crochadh de bhun a lín, gan chorraí.

178


An Gadaí as Sonjei-ri Agus é ag dul amach chun gadaíocht a dhéanamh thugadh sé cuairt i dtosach ar uaigh a sheanathar chun cabhair a lorg: ‘A Dhaideo, táim ag dul ag gadaíocht anois. Coinnigh súil orm, a Dhaideo.’ Chun súil a choimeád air, ab ea? B’fhéidir é. Ar aon nós, d’éirigh leis gadaíocht a dhéanamh faoi dheich nó níos mó sular rugadh air. Rugadh ar a mhac ar scoil is é i mbun gadaíochta, faoi thrí nó faoi cheathair. Caitheadh amach as an scoil é sa deireadh. Sula raibh a athair scór bliain d’aois bhí geimhle air. Bean an ghadaí, máthair an ghadaí óig, thug sí cuairt ar a céile i bpríosún, chaoin sí is tháinig abhaile. Thug sí bascadh ansin do rítheacha a mic le smachtín i dtreo is nach mbeadh sé in ann a mhéara a úsáid arís go deo.

179


Uaigh Linbh in Kalmoe Ní raibh bliain slánaithe aige, ní raibh ainm air. Saolaíodh é, tharraing anáil cúpla uair agus d’imigh sé ansin sular cláraíodh a ainm in aon chor. Níor chaoin a mháthair é, ní raibh deora aici le sileadh. Ba é aimsir an drochshaoil é an dtuigeann tú. Tháinig gadhar ag smúrthacht thart ar an uaigh. Sa deireadh thochail sé sa chré agus d’ith a raibh san uaigh is chuaigh ar mire. Bhain an gadhar goimh sin plaic as beirt. An leanbh sin a saolaíodh is gan aon ainm air féach gur thug sé madra goimh ar an saol. Duine éigin as Mijei, mharaigh sé an gadhar goimh sin.

180


Manach gan Ainm Lá maith é an lá inniu de réir dealraimh chun eorna nó cruithneacht a chur amach le triomú. Bhíodh meangadh gáire de shíor air, ceann de na fiacla tosaigh aige ar iarraidh. Fiú agus é leis féin bhíodh meangadh gáire i gcónaí air. Ar aghaidh leis ag siúl. Staidéar ab ea é sin, siúl, siúl. Ba é an bóthar an staidéarlann a bhí aige. Chuaigh na héin ag eitilt leo in airde, lean seisean ag siúl. Fiche, tríocha míle sa ló, ag monabhar dó féin, b’in a raibh de phaidreacha is de chantaireacht uaidh, ag siúl is na beola fáiscthe aige, b’in an caidreamh a bhí aige leis féin. Ar aghaidh leis gan sos gan staonadh. Meangadh geal gáire, ag siúl leis i gcónaí. Mheas sé gur meangadh Kasyapa* a bhí air ní foláir. Ar aghaidh is ar aghaidh. Bheadh raidis bhán uaidh, thugadh feirmeoir dó é is d’alpadh sé é. Dá dtabharfaí práta milis dó scríobfadh sé an chré de is d’íosfadh amh é. Stopfadh sé i dteampall ar bith chun an oíche a chaitheamh ann. Dúradh leis uair nach raibh slí ann dó, bhí cúrsaí go dona ag an am, mar sin chaith sé an oíche ar urlár halla an teampaill. Ar a trí a chlog ar maidin shac sé Búda an teampaill ina mhála agus as go brách leis faoin mbrádán: ‘A Bhúda, ná fan i dteampall mar sin. Tabharfadsa chuig teampall ceart thú.’ Faoi mar a shamhlófá ní raibh cantaireacht mhaidine sa teampall sin an lá dár gcionn. Ar aghaidh leis ag siúl. Tar éis dó fiche míle a chur de d’fhág sé an dealbh i dteampall eile agus thug do na boinn arís é.

181


Straois air. Uaireanta cheistítí é, ‘Cad is ainm Búdaíoch duit?’ nó ‘Cén gnáthainm atá ort?’ Draidgháire an freagra. Tá an chuma ar an lá inniu gur lá maith chun pónairí a thriomú é. I ngach aon phónaire díobh sin tá planda agus faighneoga ar crochadh istigh ann ina gcrobhaing agus i ngach faighneog díobh tá pónairí is iad pacáilte go dlúth iontu. Beidh fómhar na bpónairí chomh maith céanna an bhliain seo chugainn gan dabht.

*Duine de dheisceabail luatha an Bhúda. Ba léir don Bhúda go raibh sé ullamh dá theagasc nuair a leath meangadh gáire ar Kasypa i ndiaidh dó cluas a thabhairt dá sheanmóin.

182


183


CUID A SÉ: Dánta nár foilsíodh san eagrán clóite de Scairt Feithide

184


An Chonair Úd san Fhoraois Ar an gconair úd tríd an bhforaois gheofá rian na dtreibheanna, mar sin is seascair í ar feadh i bhfad. Iad siúd a shiúlann ina dhiaidh sin í ní strainséirí riamh iad ná naimhde. Ainneoin an ghaoth a bheith ag séideadh go tréan lasmuigh bhí an fhoraois istigh gan phuth nach mór. Bhí sé ar nós cogarnaíl leabhair bheannaithe agus chomh suáilceach lem chéile, go dtuga Dia suaimhneas dá hanam. Isteach liom níos sia. Torthaí tite go dlúth lena chéile agus iad ag coipeadh go mall. Á, boladh an fhíona! Arbh é sin Óidin? Baineadh preab as eilit bhreac thall ansin is d’imigh sí as radharc. D’fhéachas im thimpeall idir dhá chomhairle faoi mar go raibh mo mháthairse a d’imigh uainn go hóg is mise fós im pháiste tar éis teacht thar n-ais. Bhí iontas orm is tnúthán ársa tríd. Cuirfear iontas arís is arís eile orm tá súil agam. Ní mór dom filleadh ó Aois na dTreibheanna ar Aois na gCarad. Sin an fáth a dtéann gach conair san fhoraois go dtí an domhan lasmuigh. Tháinig mé sa spás beag sin idir neamhláithreacht agus bheith ann ar fhuarán aonair i nduibheagán na foraoise. Is fada a bhí an t-uisce ann ag guí. Ní mór dom dul ar aghaidh chuig Aois na gCarad, i bhfad ó Aois na dTreibheanna. Sin an fáth a dtéann gach conair san fhoraois go dtí an domhan lasmuigh.

185


Amhrán an Bhuachalla An mhuir sin is gan aon sinsear aici an chúis go mbriseann tonnta léi, lá i ndiaidh lae, ná gur mian léi a bheith ina spéir. Ní fhéadfadh aon mhíniú eile a bheith air! An chúis go gcruthaíonn an spéir sin scamaill ó mhaidin go hoíche go háiféiseach agus go scriosann arís iad ná gur mian léi titim síos chun na farraige. Ní fhéadfadh aon mhíniú eile a bheith air! An chúis nach bhféadfainn maireachtáil liom féin mar bhuidéal folamh, ná maireachtáil le mo chairde is mo ghaolta amháin Ná go dteastaíonn uaim a bheith im dhuine eile, go géar, díreach uair amháin. Nó beidh orm a bheith aineolach ar na sluaite eile go léir atá faram sa saol seo. Sibhse! Déanaigí iontas den bhuachaill. Déanaigí iontas d’amhrán an bhuachalla!

186


Áiteanna a Theastaigh Uaim a Fheiscint Triocha bliain ó shin bhí áiteanna ann a theastaigh uaim a fheiscint. Bhíos gach aon áit ar mhapa a bhí ar scála 1,000,000 in aghaidh a haoin. Fiche bliain ó shin is bhí áiteanna a theastaigh uaim a fheiscint i gceart. An spéir ghorm a d’fhilleadh orm i gcónaí trí bharraí fuinneoige an chillín a bhí mar bhóthar agam. Go dtí seo d’éirigh liom mo spága a leagan thall is abhus. Ach tá cúpla áit curtha i leataobh agam. Nuair a thréigfeadsa an domhan seo beidh na háiteanna a theastaíonn uaim a fheiscint ag feitheamh le duine éigin eile a thiocfadh. Bhí áiteanna ann a theastaigh uaim a fheiscint. Nuair a thit bláthanna, nuair a thit bláthanna um thráthnóna, dhíríos mé féin, dhúnas mo shúile.

187


An Chéad Saol Eile Agam Isteach liom i bhforaoisí Shliabh Seo-un. Sa bhaile faoi dheoidh! D’éalaigh osna fhada uaim. Bhí scáileanna carntha ar scáileanna ann. Scaoileas leis an gcúpla ga solais a thugas liom is a bhí ar meisce. Thit an oíche. Bhí deireadh le saoirse i ngach aon tír, go deimhin. Scaoileas-sa, beagán ar bheagán, chomh maith leis an mbruscar a bhí bailithe le céad bliain anuas. An mhaidin dár gcionn bhí braonta drúchta ar crochadh de líontáin fholmha na ndamhán alla. Bhí an iomarca den am atá thart sa saol. An todhchaí craptha. Bhí eilimintí den ghaoth thall ag sróinínteacht isteach san fhoraois. Giolc na nduilleog darach mar éanlaith ag filleadh. Ag féachaint siar dom, thuigeas gur bhaineas le glúine a bhí neamhliteartha. Ar chuma éigin, ar chuma éigin, gabhadh mé i litreacha do-éalaithe a bhaineann le teanga ghleanaithe. Sa chéad saol eile agam cloch gan dé a bheidh ionam i bhfad thíos sa chré, faoi chreatlach bhalbh baintrí agus scata dílleachtaí, corpáin úra tostmhar sactha i málaí tuí.

188


189


Amhráiníní Ar imeall an réisc tá na mallaird ar tí imeacht, fós á bpiocadh féin ar feadh scaithimhín

* Nach sollúnta mar a tháinig an mhaidin! Níl aon áit domsa ann, isteach liom arís. A dhuilleoga, tá sibh fós glas ar an gcnoc úd thall, éagaigí chun bhur sástachta

* Chuaigh réalta eireabaill as radharc. Faoi sholas na gréine lastall den Domhan lonraigh an cóiméad, is ansin, is é ag lonrú, d’imigh as radharc

* Corraíonn gaoth fhuar cleití buí na sicíní óga. Fanann cosa na sicíní tanaí ar feadh i bhfad.

* Plimp! Mar a bheadh carraig ollmhór ann a thit. An fhuaim a dhein an sliabh, ab ea, agus an doircheacht á chlúdach? Ina dhiaidh sin d’éirigh súile an ulchabháin níos mó.

190


* Labhair daideo go mall: Tá slí fhada romhat. Ná déan deifir, ar aghaidh leat mar a bheadh damh ann agus lig do scíth anois is arís

* Damhsaíonn na duilleoga sa titim dóibh. Nuair a imeodsa damhsód chomh maith

191


Amhrán Bán Bíonn saol amháin ag taibhreamh faoi shaol eile. Amach san earrach, bláthanna bána na gcrann plumaí, a gcroí ag preabadh, is iad ag feitheamh leis an ngealach. Bíonn saol amháin cosúil le saol eile. Oíche shamhraidh agus gort lán de bhláthanna ruáin is é ag feitheamh leis an ngealach. Bíonn saol amháin adhlactha ag saol eile. Tá ina gheimhreadh. An sneachta a thit go trom inné tá sé ag feitheamh go dúthrachtach leis an ngealach. Caithim cloch. Thíos sa sneachta tá tús á chur aici le saol nua. Sa deireadh, éiríonn an ghealach.

192


Mise Mé Féin Ba mé an uile ní a bhí sa Dúlra. Bóín Dé a bhí ionam, bó, seangán dearg, deamhan yaksa, dair, agus feithid ar an dair. Ciaróg a bhí ionam, ansin, nuair a cailleadh mé, d’fhágas blaosc na ciaróige ar théadán damháin alla is mé ag luascadh sa ghaoth, beo’ liom. Bradán a bhí ionam nár tháinig ar ais, seilide locháin, nathair nimhe i mí Iúil. Bhí eagla ar chraiceann na nathrach. Theastaigh uaim a bheith im ghadhar ach ba shliocht de threibh an-bharbartha mé. Im mhangaire a bhíos d’alp tíogar mé. Cruimh a bhí ionam is bead im chruimh arís. Giorria a bhí ionam, agus im ghiorria dom rug torc allta orm is d’ith mé, is rugadh ansin im thorc mé féinig. Drochmheas agam ar ghaois. Nuair a rugadh im dhuine mé seaman amscaí a bhí ionam, ansin chailleas cló an duine. Ubh bhriste a bhí ionam sular deineadh sicín di, im chadhan aonair traochta ó bheith ag eitilt ó dhubh go dubh, seacht míle ciliméadar. Ilcheardaí a bhí ionam i dtábhairne ag crosbhóthar in Cheonan amach sa Ríora Goryeo agus bádóir in Buan i lár Ríora Yi Aiméibe a bheidh ionam. Cloisfear mo ghlam oícheanta gealaí.

193


Síobadh Sneachta Bhí síobadh sneachta ann. Mé i bhfad ó bhaile, is mé aineolach ar gach aon rud. Cá bhfaighinnse oide? Níor bhuaileas ach liom féin amháin, i m’aonar is ea a chaoineas, i m’aonar is ea stopas ag caoineadh. Cá bhfaighinnse cara? Liom féin a bhíos nuair a chuas amú. Liom féin a bhíos is mé ag siúl ar aghaidh is ar aghaidh. Bhí síobadh sneachta ann. Ainmhí sléibhe a bhí ionam agus dheineas mo bhealach síos go dtí an sráidbhaile. Im gharsún dom chaoineas an lá ar fad agus síobadh sneachta ann, agus inné is i m’ainmhí a bhíos nár chaoin.

194


Lá Amháin Scata eilifintí ar a dtriall laethúil ar Lumbini i Neipeal. Séasúr an triomaigh agus an fhoraois sách scáinte. Sa siúl dóibh tagann siad ar eilifint mharbh. Eatarthu iompraíonn siad í lena gcuid truncaí, adhlacann í i mball neamháitrithe i bhfad ó shúile fiosracha. Ar aghaidh leo. Tagann siad ar chnámha eilifinte. Scuabann siad chun siúil iad lena gcosa, á gciceáil. Eilifint ina measc agus í ag dul in aois ligeann scairt ar a compánach ar fhánáin na Himáilithe á rá nach bhfuil sí in ann siúl níos faide. Tagann freagra chuici ón imigéin: Tá go maith. Buailfimid le chéile arís sa chéad saol eile. Fanann an eilifint sin siar go fáilí agus tugann aghaidh ar bhall nach eol d’éinne. Fágann sí an domhan ar bhealach nach bhféadfadh éinne a rá an beo nó marbh atá sí. Tá a fhios ag an eilifint an saol a bhí cheana aici is an saol atá roimpi amach. Tuirlingíonn néal Ar lochán. An lá sin saolaítear leanbh ar thaobh an bhóthair is tabharfar Siddhartha air nó ainm éigin mar sin.

195


An Rud Atá Ann Croí is ea é is é ag preabadh, deora ag sileadh as béal gunna Dealú is ea é seachas suimiú roinnt seachas iolrú Éisteacht is ea é Is babhla ríse é

Is é atá ann fréamhacha faoi thalamh gan a bheith buartha faoi na duilleoga os a gcionn Fliúiteadóireacht leanbaí ag duine éigin is ea é Gach aon saghas saoil is ea é, gach saol ar leith nach ngéillfeadh d’aon saol eile

Radharc is ea é ar dhaimh faoi úim agus goirt acu á dtreabhadh fadó. Monuar! Cuingir na mílte bliain. Athair is ea é a chailltear roimh a mhac. Teanga dhúchais is ea é Fuil an duine is ea é agus fuil duine eile á téamh aici Máthair is ea é agus caoineadh a linbh an t-aon ní ag déanamh scime di

196


Oileánrach is ea é Duine is ea é agus é ina dhuine os comhair duine eile, duine ina nádúr os comhair an Nádúir. Is é mé féin é ar ceal sa deireadh Á! Síth!

197


An bhFuil Dán Tar Éis Teacht Chugat? D’osclaíos m’ucht. Nocht na scamhóga. Sa deireadh, ansin, an croí scólta. Todhchaí cheilte ó mhíle bliain ó shin agus an t-am a ceileadh míle bliain anonn, táid araon tagtha chun cinn anois chun an meall sin a dtugaimid inniu an aghaidh air a mhúnlú. Eochairóraidí, díospóireachtaí laga. An cuid den 20ú nó den 21ú haois é 2000? Go luath i samhradh na bliana 2000 i mbialann óstáin taobh leis an loch bréige in Gyeongju bhí an t-uisce idir na crainn silíní á ghrinndearcadh agam. Ciumhais an uisce ina bréag lofa. Ní mór dúinn aontú d’fhonn dul i ngleic leis an impiriúlachas Meiriceánach arsa Pierre Bourdieu liom. Bhí seisean trí bliana níos sine ná mé ach é an-óigeanta ann féin. Mar sin, d’iompaíos-sa, leis, im bhuachaill. Bhí an t-uisce ag ligean air a bheith aineolach ar na beathaí is ar na básanna ann. Nochtann aghaidh an lae inniu as dhá mheall a cuireadh le chéile, An Fhrainc an uair úd An Chóiré anois. Á, an seans, go dearbh! Díreach ansin lasmuigh den fhuinneog d’imigh meantán mór ar eitleog. (Meantán mór, ceapaim, seachas gealbhan). D’fhágas an t-impiriúlachas ag fiuchadh im dhiaidh is mé gafa go hiomlán ag an éan, 198


ag gluaiseacht an éin. Arsa Bourdieu liom, An bhfuil dán tar éis teacht chugat? Is ansin a tháinig mé amach as duibheagán an uisce lasmuigh den fhuinneog, ligeas uspóg agus scaoileas leis an anáil a bhí coinnithe istigh ar feadh i bhfad agam. D’fhreagraíos is mé im dhall, im líbín báite: Tá, tá dán tagtha. Scairteamar beirt amach ag gáire. Nuair a gháireamar bhí na roic chomh líonmhar sin ar aghaidh is ar mhuineál duine againn gur imigh súile an duine eile ar fad. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Bourdieu sall chun na Seapáine, thug léacht speisialta ansin á mhaoiniú ag na foilsitheoirí Fujiwara agus d’fhill ar Pháras. Go gairid ina dhiaidh sin, cailleadh é. Chuas trí 14 imleabhar dá shaothar san eagrán Fujiwara. Ansin léigh mé óráidí cuimhneacháin Derrida agus Said. Tháinig dán eile chugam, go ciúin.

199


Mála Plaisteach Mála dubh plaisteach inar iompraíos dhá dhornán síobhas, folamh anois ardaithe san aer go tobann ag gusta gaoithe ag damhsa leis féin. Chuaigh sé as amharc lastall den sceach is é ag damhsa, a mháithrín!

200


Cluas Tá duine éigin ag teacht ón domhan thall. Fuaim na báistí istoíche. Tá duine éigin ag dul sall. Casfaidh an bheirt acu ar a chéile cinnte.

201


Anáil Nach séimh í aghaidh an té nach bhfuil an dé ann níos mó. Rian na hanála fós ar fhánáin an chuntanóis sin is séimh. Iarrtar oraibh gan é a chaoineadh.

202


Titim Sneachta Míle bliain ó shin, ba mise thusa, Míle bliain eile, tusa a bheidh ionamsa. Eadrainn táimid beirt ag éisteacht go géar. Sneachta ag titim déananch istoíche. Gan ghlór. Gan ghlór. An bheirt againn ag éisteacht.

203


Féileacán Bán Féach. Féileacán bán amháin, gósta na gaoise, ag eitilt thar an mhuir bhaoth. Leabhair uile an domhain seo dúnta.

204


Duitse Ná bí buartha. Tá an ghaoth ag séideadh; lomghéaga ag luascadh.

205


Maitreya, Búda na Todhchaí, Inniu Brionglóid: Maitreya, le bheith ann amach anseo i gceann 5,670,000,000 bliain anseo cheana, 5,670,000,000 bliain luath. Oíche ghealaí agus Maitreya i mbun rinnfheithimh. Conas a éiríonn leat a bheith chomh ciúin sin? Tá do chiúnas ar nós bláthanna ag titim. Tagaigí, a stoirmeacha, réabaigí an ciúnas seo. Tá do rinnfheitheamhsa ró-mheallacach. Conas is féidir duit a bheith chomh míorúilteach sin? Tar, a dhoircheacht, Clúdaigh an áilleacht seo a bhaineann an anáil díom. Inniu, 5,670,000,000 bliain níos déanaí mórtas mara atá i mo shaol.

206


Gan Teideal Páiste ag caoineadh is ocras air. Páiste ag caoineadh is tinneas air. Páiste a chaill a mháthair is é ag caoineadh. Chaoineas-sa leis, agus inniu, is mé trí bliana déag is trí scór tá mé fós ag caoineadh.

207


Sa Spéir Fholamh A Scríobhaimse Ligim do na leathanaigh bhána áiféiseacha eitilt leo. Lem cholainn amháin a scríobhaim, Le m’anam amháin. Sa spéir fholamh a scríobhaimse. Tréigim na litreacha anois Agus scairtim chun na spéire foilmhe. Mé ar mire is riastradh umam nach mór Os comhair na spéire foilmhe. Adhlacaim mo chuid bruscair go léir. Suas chun na spéire foilmhe mé is mé ag damhsa. Ó, an spás do-aimsithe sin lastall Den spéir fholamh! Athair mar dhea Máthair mar dhea Mór-Impire Séada mar dhea, Ní thig le héinne ainm na spéire foilmhe a thabhairt air féin. Déithe Nár cuireadh ar ceal leis na mílte bliain, Déithe fós ar foluain, Agus pé ní eile a bheadh ag crochadh thart orainn, Pé staid ina mbeidís, Ní thig le haon ní an t-ainm sin a thabhairt air féin. Anois is mé scuabtha chun siúil chuig machairí neamháitrithe, Deinim aithrí os comhair na spéire foilmhe Agus ní leor in aon chor é mar chaoineachán . . . Nach fada mé ar fán go dtí seo! Anseo, faoi dheoidh, Scríobhaimse líne, cromaim mo cheann roimh aoiseanna uile na spéire foilmhe. Scríobhaim, bhuel, rud éigin.

208


Smaointe a Bhíonn Agam na Laethanta Seo Tá meas agam arís ar an mbéaloideas ar nithe atá á seachadadh leis na mílte bliain, le milliún bliain, scéalta mhamó a fuair sí óna mamó siúd is fuair sise óna daideo iad, réise aithriseoireachta na scéalta sin. Ná brúigh suáilcí an tosta orm gan smaoineamh, etc. ná leathanach bán Mallarmé. Conas a mhairfeá beo inniu, amárach, amanathar, amainiris gan scéalta neafaiseacha na gcianta? Fuaireas amach faoi scéalta sa Mhongóil agus iad ag dul ó bhéal go béal ó chluas go cluas agus fós gan deireadh leo tar éis naoi lá is naoi n-oíche. Agus ní hin amháin é. Sa Mhongóil a luaithe is a thosaíonn daoine ag ól a luaithe is a líontar na coirn, tosaíonn siad ag canadh. Níor leor oíche iomlán chun deis amhránaíochta a thabhairt do chách. Na laethanta fada (go deimhin) a bhaineann leis an lá inné, inniu, amárach agus ar aghaidh mar sin, bhíodar – agus beidh siad – cothaithe ag scéal i ndiaidh scéil, amhrán i ndiaidh amhráin, agus nuair a d’osclaíodar an doras bhí ina lá craorag cheana féin. An mhaidin dár gcionn sa bhothán agus iad go léir ina gcnap codlata, ar éigean má bhí aibhleog bheo sa sorn aoileach capaill, bhí iar-amhráin ghleoite á malartú acu trína suan, trína gcuid brionglóidí. Cad faoi dhul ann agus cónaí ann, a chara mo chléibh?

209


Oíche Ghealaí Arís An oíche anocht míle cúig chéad bliain ó shin. An ghealach ar a conair, faoi dhraíocht ag fuaimeanna caointeacha éigin fliúite, í ag éisteacht leis an domhan thíos fúithi, ag éisteacht chun a sástachta, agus bogann ar aghaidh. Stadann an fhliúit sula mbíonn a fhios ag éinne go bhfuil an ghealach ina luí. Níl namhaid in áit ar bith.

210


An Cogar Titeann an bháisteach. Suím ag mo dheasc. Labhraíonn an deasc go caoin: Tráth den saol ba bhláth a bhí ionam, duilleog, gas. Préamh fhada faoin talamh ab ea mé a shín fad leis an ósais úd i gcéin. Labhraíonn píosa iarainn ar an deasc: Sine siain an tosta a bhí ionam ag liú liom féin ar oícheanta gealaí. Stopann an bháisteach. Amach liom. Labhraíonn an féar liom is é báite go hiomlán: Do bhuairtse agus do ríméadsa a bhí ionam. Ba mé do stair is do chuid laoithe. Labhraímse anois leis an deasc leis an iarann leis an talamh: Ba mise thusa uair, ba mise thusa, ba mise thusa. Is mise thusa anois, is mise thusa anois.

211


Ealaín na Scamall Nach cruógach atá sibh. Féach ar uisce na díge, Féach ar an sruthán, Féach thall ar an abhainn bheoga, an Seongcheon. Tá sibh an-chruógach go deimhin. Féach in airde ar na scamaill os do chionn. Éiríonn siad leo arís, éiríonn siad leo. Soir leo de rúid, siar leo de rúid an la dár gcionn, stadann seal chun breathnú ar an domhan thíos fúthu, is ansin, gan choinne, lá breá éigin as go brách leo agus spás folamh fágtha acu sa spéir ghorm. Go raibh an chuid eile de do shaol amhlaidh díreach ar nós na scamall, gan cur leis ná baint de. Go raibh an chéad saol eile agat ar nós chuar an domhain faoi bhun na scamall.

212


Roinnt Comhairle Seasann dánta sa tslí ar dhánta níos fearr ná iad. Seasann dánta sa tslí ar dhánta eile a thiocfaidh ina ndiaidh. Dánta, dánta, mo dhánta gorma! Éalaigh ar shlí éigin ó stair na filíochta, ó na faisin filíochta, ó údarás na filíochta le céad bliain anuas. Tar ar an saol is tú ar crith, fiáin, i d’aonar.

213


Amhrán agus Ceithre Líne Ann Nuair a osclaím mo shúile, bláthaíonn flóis. Nuair a dhúnaim mo shúile, titeann báisteach. Nuair is beo dom, canann éin. Nuair is marbh dom, titeann sneachta.

214


Athchuimhne Shéid an ghaoth ar feadh i bhfad. Bhris na tonnta ar feadh i bhfad. Bhí mic tíre ag uallfartach ar oícheanta gealaí ar feadh i bhfad. Ar feadh i bhfad bhí an spéir gorm chomh gorm chomh gorm sin gur scairt sí ar nós daimh, ar nós péiste.

215


Blianta ina Dhiaidh Sin Bhí an bheirt seo nach ngéillfeadh dá chéile: Is í an ghaoth a chorraíonn! Is iad na bratacha a chorraíonn. An bheirt sin nach ngéillfeadh dá chéile. Cúpla lá ina dhiaidh sin tháinig fear agus bhuaigh ar an mbeirt eile d’aon iarracht amháin: Is é an croí a chorraíonn. Míle cúig céad bliain ina dhiaidh sin nocht fear a raibh leamhas air agus nach ngéillfeadh: An ghaoth na bratacha agus an croí ag corraí le chéile. Drochrath air, a phaca amadán, cac asail! Seo linn ar an téar.

216


Gaineamhlach Taklamakan An chúis a bhfuil mo thriall ar Ghaineamhlach Taklamakan, an chúis a bhfuilim ag dul ann mar a bheadh i mbrionglóid ag buachaill sé bliana déag d’aois, an chúis a bhfuil mo thriall ar Ghaineamhlach Taklamakan: an folús ann. An chúis a bhfuil mo thriall ar Ghaineamhlach Taklamakan faoi sholas geal an lae agus mé cúig bliana déag is trí scór d’aois na hainmfhocail agus na briathra go léir á bhfágáil agam im dhiaidh: liú an fholúis ollmhóir ann. An chúis a bhfuil mo thriall ar Ghaineamhlach Taklamakan: nílim in ann saint an domhain ná mo shaint féin a sheasamh níos mó. Blaosc míle bliain d’aois mar chomhluadar agam ann.

217


Conas Eitilt

Éamh díoscánach na ngéanna ar a n-aistear oíche sheaca. Féach san eitilt iad: ag eitilt leo cuid acu chun tosaigh cuid acu chun deiridh. I bhfad tar éis an mheán oíche agus sioc ann, gé díobh, cortha tnáite, ar tí na sciatháin a fhilleadh agus titim ina pleist, dhá ghé eile á rá: Ná déan! Ná déan! coinníonn na sciatháin fhillte suas ar dhá thaobh di agus leanann dá n-imirce cuid acu chun tosaigh cuid acu chun deiridh agus ar aghaidh leo. An ghé a bhí lag leathann sí a dhá sciathán agus i chomh breabhsánta le héan nua-bheirthe agus as go brách leo san imigéin ag cogarnaíl eatarthu féin agus an lá ag briseadh i ndiaidh shioc na hoíche.

& féach anois na géanna ar a n-aistear is iad ag tuirlingt i dteannta a chéile ar pháirceanna loma Sincheolwon nó Gucheolwon, ar pháirceanna a bhí lom ó anuraidh agus titeann dá gcodladh láithreach iad ar uainíocht, ina ndúiseacht & ullamh & airdeallach, ina seasamh ansin mar gharda dá gcompánaigh atá fá shuan. Dochreidte: naoi n-uaire, deich n-uaire. An bhfuil a leithéid sin déanta ag éinne againne uair amháin fiú nó dhá uair?

218


Monalóg An Cumannaí uaigneach úd José Saramago dúirt sé uair amháin go ngabhann áthas is brón le chéile mar nach uisce is ola iad. Gan dabht. Sea. Ansin cuirim ina choinne:

Níl eolas ar an mbrón ag an áthas. Níl eolas ar an áthas ag an mbrón.

Diúltaímse do lánléargas ar an toirt. Dialóga uile an domhain, cór na bhfroganna ar feadh na hoíche, is monalóga iad i ndeireadh na dála. Bláthanna, agus sioc gan choinne ar bhláthanna an earraigh, is monalóga iad go heireaball siar. Rud iontach ar fad is ea é nach raibh dialóg riamh againn sa saol seo, saol na sainte is na drúise, riamh, oiread is uair amháin. Go dtí an deireadh, bíonn gach aon leithleachas chomh crua-bhlaoscach sin nach bhfuil aon tuiscint aige ar a bheith leis féin.

219


Freagra A leanbhán, ní bláth é sin. Ní féileacán é sin. Níl iontu ach scáileanna. Mise leis & ó anallód. Cad is ceart duit a dhéanamh? Cad is ceart domsa a dhéanamh?

220


Glór an Easa Ar bhalla sheomra leapa an Impire sa phálás ríoga bhí freascó ollásach. Laistigh den fhreascó bhí eas glórach. An oíche áirithe seo ní luífeadh Sé leis an mbanríon ná leis an mbean leapa aige. An mhaidin dár gcionn bhí goimh ar a Mhórgacht. Chuir sé fios ar an ealaíontóir. Bhí muc ar gach mala aige agus ar Sé: Le dhá oíche anuas níor chodlaíos néal. Cén fáth? Glór an easa an oíche go léir, mar le turlabhait! Glan amach ar fad é, láithreach.

Glanadh amach an t-eas láithreach. An mhaidin dár gcionn dhúisigh a Mhórgacht agus codladh breá déanta aige, bhain sé searradh maith as féin agus ar sé leis an Ard-Seomairlín: Á! Chodlaíos go maith aréir. Ní raibh gíocs ón eas damanta sin, bhí suaimhneas i réim. Iontach!

221


222


Ko Un and his worlds

Ko Un was born in Gunsan, Korea, in 1933. He and his family suffered greatly during the Korean War (1950-53). The year 1953 marks the year of a ceasefire, by the way: that cruel war never ended officially. During the war he became a Sŏn-Buddhist monk and spent years as a wanderer, dependent on alms. (Sŏn is the Korean equivalent of Zen). After publishing some poems in the year 1958 he returned to the secular world in 1962. He became a freedom fighter, fighting against the southern dictatorships. He was frequently imprisoned and given a 20-year sentence under Marshal Law in 1980. The poem Sunlight gives us a chilling insight into his life as a prisoner, a ray of sunshine visiting his cell, ‘a gleam no bigger than a crumpled postage stamp…’ The word ‘crumpled’ says a lot about this great poet’s insights into the sufferings of mankind: Ga Gréine Táim i ndeireadh na feide. Beidh orm mo sheile a shlogadh agus an mí-ádh ina teannta. Ach féach! Deonaíonn cuairteoir oirirc teacht go dtí mo chillínse a bhfuil a aghaidh ó thuaidh. Ní hé an ceannfort é ar a chuid cuairteanna, ní hea, ga gréine is an tráthnóna chugainn. Loinnir chomh beag le stampa poist craptha. Táim craiceáilte ina diaidh. Mo chéad ghrá go deimhin! Deinim iarracht í a shocrú ar mo dhearna, teas a chur im chos a nochtas di go scáfar, ansin nuair a théim ar mo ghlúine is mo ghnúis thanaí neamhdheabhóideach á hofráil agam di, imíonn an loinnir faoi mar a shlogfadh an talamh í. Tar éis don chuairteoir éalú trí na barraí braitheann an seomra i bhfad níos fuaire agus níos dorcha. An cillín speisialta seo i bpríosún míleata is geall le seomra dorcha grianghrafadóra é. Gan solas gréine ar bith gháireas im stumpa amadáin. Cónra ab ea é lá ina raibh corpán. Lá eile ba é an mhuir é. Nach iontach! Tá cúpla duine anseo a thagann slán. Muir gan oiread is seol amháin ar fhíor na spéire, sin é an saol. At the end of the war he spent some time as a gravedigger, carrying corpses on his back. Eventually, after many vicissitudes, his contact with death would bear fruit in a joyous exultation of life. More than 150 books have flowed from his pen, 70 of these are poetry. Other genres include essays, translations, plays, fiction. He has often been nominated for the Nobel Prize.

223


Ko Un has a large following and the only literary enemies he may have are enemies of spontaneity. A magnum opus of his is the magnificent Ten Thousand Lives, poems that describe everyone (alive or dead) who visited him in his dark prison cell. Interviewed in 1999, he described that cell: ‘It had no window. It was so dark when the lights went out that you couldn’t see the piss-bucket in the corner. That darkness was like a dream and in that darkness, that isolation, people came to visit me – my parents, my grandparents, friends, people whom I met going by on the road, people whom I’ve never met, historical personages… I spoke to the faces that visited me. I wanted to record them all in poetry. I thought for a while that I might die but I vowed that if I lived I would write a poem for all of them. That mission gave me the strength to continue …’ That mammoth project consists of 4,001 poems composed over a 30 year period, featuring 5,600 people. All written by hand. It seems to me to be one of the most unusual and ambitious literary projects ever undertaken. It is a reminder to the poets of the world of the great importance of cultural memory! The only poem in the project which brought tears to its composer’s eyes is the one he wrote for his grandmother. She went missing when fleeing the mayhem of war and no one knows where her bones lie. I don’t know the people in these poems, nor do you, but after reading them we feel we know them intimately. I feel I know the table seller in the following poem better than many people I may claim to know: Uair nó dhó in aghaidh na bliana, gach aon bhliain, tugann fear díolta na mbord cuairt ar an mbaile seo againne. Bean is ea díoltóir na gciseán cáithe ach ní mór do dhíoltóir na mbord deich gcinn de bhoird nó dosaen a iompar thart leis mar sin fear is ea é, gan dabht, fear a bhfuil aghaidh an tsladaí air is féasóg sconribeach Ko Un sings his own people, in his own language, their language, a language free of foreign influence. Anyone who has heard him reading his poetry in Europe, America, China, at home in Korea (or even on YouTube) will testify to the passion he has for his own tongue, a language that was forbidden during the Japanese occupation. If I feel, as I say above, that I know the people in his poems, a poem such as An Chonair Úd San Fhoraois reminds us of how little any of us (even the poet himself) can know about any poem, or any person, since we walk a path in and out of a forest that is older than anything we know. I circulated the poem to a number of poets after my first or second reading of it, wondering would others find a freshness in it and a mystery – a very strange type of mystery, strange in the sense that it is a mystery one feels at home in. ‘Unlike any other poem I have read before,’ one correspondent said. (Vishnu Khare from India). So, I am not imagining things after all. This poetry is an unusual vintage.

224


Ko Un is often referred to in Korea in the plural, he is so many-voiced; Zennists would say it is the one voice that blossoms here and there and everywhere throughout eternity. His fellow poets call him keobong, a high mountain peak and he certainly is a towering eminence on the map of world poetry today, small though he is in physical stature. Interviewed in list (Vol. 25, Autumn 2014) he spoke of writing up to ten poems a night, while in Venice: ‘The poetic meteor shower rained night and day’. This can only happen to someone who is Openess itself. A poem seems to give birth to another: Iarratas An mó craobh craobh a chaithfidh a bheith ann nár shuigh éan uirthi go fóill Ná habair go bhfuilim uaigneach, uaigneach. Cá bhfuil an chraobh an chraobh nár chroith an ghaoth riamh í? Ná habair go bhfuilim i bpéin i bpéin One of the world’s great poets, then, someone who has met every type of person, someone who himself has been every sort of person, dissident, teacher, drunkard, Zen monk, lexicographer, husband, father, prisoner – a prisoner who got to know other prisoners, every type, from Kim Dae Jung who would become president of the country in the nineties to a freedom fighter who gave birth in prison before being lead to the gallows. They are all the same, high and low, and Ko Un sings them all, utters them as an insect cries. After one of his failed suicide attempts he went to Cheju Island and taught Korean and art to the children there. Who better to give us a description of that island than its parish priest, Pádraig Ó Murchú, a native speaker from Kerry whose outstanding Korean memoirs Idir Dhá Shaol is in its third printing: ‘Talamh bocht le mórchuid cloch agus gannchuid cré. Títhe ísle fada ar ghualainn cnoic, claitheacha cloch ag tabhairt fascaidh dóibh ó nimhghaoth aduaidh, snáthaidí géara na fearthainne ag stracadh tríothu, garraithe beaga eorna ar chúl an tí agus cúpla leaba phrátaí cois claí sa bhfothain chun an ainnise a choimeád ó imeall an dorais. Ach a mbíonn an scaob dheireanach tugtha acu sa ghort tugtar faoin bhfarraige …’ (Coiscéim, 1989) ~ Ko Un says he wanted to write poems that would be as patches of grass among the ruins of war, a war in which four million people died. In his preface to a

225


book which appeared in 1991 he wrote: ‘If my grave is opened some years after my death, it will not be full of bones but of poems written in the darkness of that tomb…’ Call it crazy talk if you will. We don’t have enough lunatics, do we? Were Ko Un a Gael we would say that poet Mad Sweeney was among us again. How would our Department of Education deal with him? How would universities and teacher training colleges handle him? Would he be on any syllabus? Not that he’d be bothered. Poems aren’t texts. They are his breath and the breath of the universe. He was 16 when he picked up a book of poems from the side of the road, a selection of poems by Han Ha-Un, a leper. He stayed up all night reading it and weeping. A night of destiny, surely. Blue Bird is a poem by Han Ha-Un: ‘When I die I will become a blue bird/ flying in the blue sky/ above the blue fields/ singing blue songs, weeping blue tears.’ Something extremely valuable was born that night, I imagine, a renewed passion for poetry, a passionate desire for freedom, political and spiritual freedom. It is interesting to learn about something his Sŏn Master, the Venerable Hybong Sonsa, taught him. He gave him the syllable Mu which signifies ‘Nothingness’ or ‘Emptiness’. His Master knew that Ko Un had many intellectual gifts but also displayed a tendency to show off a little so he advised him not to be so knowledgeable, in fact to try to be ignorant! Let go of everything, let there be nothing. ‘Mu is your breath,’ he said, ‘Mu your farts, Mu your father. Let go of Emptiness even!’ And thus, free of words, he began to fly and in that freedom rediscovered the meaning of words, the language of poetry. What is this dhyana in India, chan in China, thien in Vietnam, zen in Japan, sŏn in Korea? Since there are so many different schools we won’t attempt a definition here except, maybe, to mull over this: ‘What matters in Zen is the way our brain expresses – in simple awareness and in everyday behaviour – those instinctual depths of self-knowledge that lie beyond the shallow fictions of the egocentric self …’ (Zen and the Brain: toward an understanding of meditation and consciousness, MIT Press, 1999) Ko Un doesn’t like to view a poem as a mere text in an anthology or on an Internet screen. For him, poetry is born in the immensity of space and time. He himself belongs to that immensity. Everyone does. Buddhism taught him this, Buddhism saved him, saved him from suicide: I am more than myself, You are more than yourselves, We sing the dialect of the universe… Gary Gach says of his poems that it’s like we are swimming when we read him, like a fish that doesn’t know what water is, and then suddenly, the shock of tasting the whole ocean in one single drop. In a chronological self-description we learn that he was born a mare by the Caspian Sea, in the year 1125 before the Christian Era. He wasn’t born as a human being until the year 17 B.C.E., as a shaman in Siberia, He was a tavern-keeper in the year 1302, in what country we are not told but what wouldn’t I give to have wet my

226


whistle there! And so on until he is born in Korea in 1933, a country annexed by Japan. When his school teacher asked him what he’d like to be when he grew up he said, ‘Emperor of Japan’. Insolent dog! He’d be in trouble from that day forward. Ko Un is his own man. When he was a monk he came across a skull and brought it back to his room. Night after night he would talk to this skull. Unlike Hamlet, Ko Un did not know who this Yorick might be but decided it had to be a Sŏn master. He can write about anything, and learn from anything and anybody, as though some vast inner energy enlivens everything he sees. Ko Un has said some unusual things about poetry and the process of creation. Some poems come to him in a dream. When he awakes he claims that someone else wrote the poem, or himself in another incarnation. How can we explain his great productivity? He said once, ‘I’m constantly redeeming myself from poems I’ve written.’ This would appear to be the secret. The Sŏn poet renews himself over and over again in the unpolluted well of consciousness, the unborn Self. You will find unforgettable poems in every section of his vast output, poems to make you weep, poems to make you laugh, poems to make you dance, poems to make you still, poems that fill the mind and empty it. Ireland is divided, north/south; Korea is divided, north/ south. Look at the poem Road, here Bóthar. Do we have many such poems, in Irish or English, which express longing for national unity? Bóthar Aon uair a fheicimse bóthar, ciallaíonn sé sin go bhfuil ball aimsithe agam chun brostú faoina dhéin. Má fheicimse gráig ar nós Shinyŏng-ri nó Nae-ri, insíonn sí dom go bhfuil ball lastall de chun dul ann. Sin mar a bhíonn. Is leor cúlbhealach in Majŏng-ri, mórbhealach simplí in Jangho-won, agus caillfidh mé codladh na hoíche, ní gá dom ach bóthar a fheiceáil agus brúchtann fuinneamh aníos gan teip. Ní mór dom dul ann. Caithfidh mé dul ann. Ná fiafraigh díom cén áit! Ag ceann eile an bhóthair tá tír. Caithfidh mé an tír sin a bhaint amach. Is cuid den náisiún seo mé, an dtuigeann tú, náisiún a bhfuil a shaol ar fad caite ar bhóthar garbh aige – Scoiltghleann Ch’ugaryŏng a thabharfadh ó Súl thú fad leis an gcósta thoir thuaidh – caithfidh mé an uile bhóthar a thaisteal thuaidh is theas, ó cheann ceann na tíre. Mar, pé ní eile a tharlóidh, tá bóthar ann a thabharfaidh sinn go dtí aon tír aontaithe amháin. Ní mór dom dul ann. Caithfidh mé, caithfidh mé dul ann.

227


I’ve said elsewhere that the translator is a chameleon, changing colour to be at home (or hidden) in the environment which he finds himself. I depended on Englishlanguage versions of these poems and will leave it to the judgement of others how my versions in Irish stand up as real, vital poems in themselves. It is enough for me to feel that I have captured something of the essence of the volcanic energy which is Ko Un, captured the colour of his poems; they have coloured me in turn. I share the sentiments of Judith Sellosy, writing in the excellent online journal Words Without Borders (July, 2010): ‘…when I come across a fine piece of literature, I can’t pretend I didn’t see it. I can’t walk past it, making like it never happened. I need to answer the challenge, interiorize it, gobble it up, make it mine. This is what translation means to me, this is why I do it, and if what I do should turn out to be a source of pleasure for others, all I can say is it was well worth the effort.’ What is wonderful about his work is the freedom he allows himself, a freedom to take note of everything (since Ko Un is not one thing or another himself) and in that freedom a three-legged dog is allowed to appear in a poem, unexpectedly. One could say that this requires a special kind of tuning into life itself, an innocence of the mind, a passionate, unsentimental, non-judgemental view of the world through the prism of our essential nature, cosmic consciousness. I showed a selection of his poems to Indian poet Dileep Jhaveri who remarked: “Here is a poet of sadness, simple joys, vast dimensions, unity with universe, continuity with time, rich with past and open for future.” So true. He writes poems of various length, sometimes no more than two-line koans, described by Allen Ginsberg as ‘hard nuts to crack – yet many seem immediately nutty and empty at the same time’; other poems have a narrative, a sweeping majesty, such as the following remarkable poem about female spalpeens. How full of life it is, of unflinching ardour and compassion: Mná Pioctha na mBláthanna Úll Nach sneachtúil an geimhreadh a bhí ann. Tháinig an t-earrach ansin, mar a bheadh doras á oscailt. Leath an rosamh i bhfad i gcéin thar Shliabh Kuwol. Mar sin féin áit uaigneach is ea an domhan is tháinig an t-earrach. Tháinig bláthanna ar na crainn úll ag bun Shliabh Kuwol. Thosnaigh mná as Unyul mná as Changton sa dúthaigh thall, cailíní as Songhwa, thosnaíodar ag tabhairt faoin mbóthar. Tuáillí fáiscthe ar a gcloigeann acu, bhíodar ag imeacht, ina ndeichniúr nó scór duine acu, bhíodar ag imeacht go dtí na húlloird in Hwangju agus Sariwon

228


chun na bláthanna úll a theascadh. Bhí an iomarca bláthanna ann, bhíodar chun iad a thanú is gan ach beagán a fhágaint ar na crainn. Agus iad ag siúl rompu ghabhadar tríd an sráidbhaile seo is an sráidbhaile siúd, cuid de na hamhráin a chanadar bhíodar corraitheach go maith is uaireanta ábhairín caointeach. Nuair a chuireann siad an mullach díobh téann fuaim na hamhránaíochta i léig agus cronaíonn baitsiléirí an bhaile iad, caitheann clocha leis na gadhair a bhí ag leanúint na meithle is sa deireadh cuireann an ruaig orthu. Mná agus cailíní pioctha na mbláthanna úll tógann sé trí nó ceithre lá orthu an t-úllord a bhaint amach. Tagann grúpa eile roinnt laethanta ina dhiaidh sin.

Caitheann siad an oíche i gceathrú na mban sna sráidbhailte a ngabhann siad tríothu, Is fágann leathán d’fheamainn thriomaithe as Changyon ina ndiaidh mar chúiteamh ar an mbia, agus iasc leasaithe as Songhwa. Sa deireadh, úllórd Sariwon, úllord Hwangju, i measc dhuilleoga bánghlasa na gcrann úll raidhse bláthanna bána. Ar fud an úlloird go léir mná as Unyul, mná as Changyon, cailíní as Songhwa agus iad ag teascadh na mbláthanna, duine acu ag canadh, an duine eile ag éisteacht. Gan scíth a ghlacadh i gcaitheamh an ama, géaga á síneadh, súile á síneadh, ag teascadh na mbláthanna is airde le scil.

Tá deireadh pioctha anois acu, tar éis roinnt laethanta, agus iad ar an mbóthar abhaile, plé ar siúl acu, an ceart cuairt a thabhairt ar Theampall Songbul ar Shliabh Chongbang. Lig don bhanchliamhain bheith ag obair faoi ghrian an earraigh

229


is d’iníonacha féin faoi ghrian an fhómhair, nach in a deirtear, aghaidh na mban seo griandóite ag grian an earraigh. B’éigean dóibh dul abhaile, gan amhras, gan amhras, b’éigean dóibh dul abhaile. Pléann siad an ceart dóibh dul chuig Aonach Bongsan ach b’éigean dóibh dul díreach abhaile, ar ndóigh. Bhí báibíní sa bhaile acu ar nós coiníní, fir chéile ar nós cuaillí, b’éigean dóibh dul abhaile. B’éigean dóibh, agus an ghaoth ag séideadh ina n-aghaidh, barróg á tabhairt acu don ghaoth, B’éigean dóibh agus an ghaoth ar a gcúl, an ghaoth á hiompar acu ar a nguaillí. I am hugely impressed by his poems for women – widows, mothers, daughters, grand old dames, aunts, grandmothers, servants, prostitutes, lovers, deserted women, heroines, traitors. One could bring out a hefty anthology of his poems about women (including his mythical sister) and it would be glorious. I love the way we are included in his poems and blessed by them as in Ealaín na Scamall, a contemplation on clouds in which he heaps blessings on us for the rest of our earthly life and for our next life. How easily he moves from one life to the next and it is as if he says, with supreme confidence, tempered by the puny insect voice which is the title of this collection, ‘What else should a poet be doing?’ Some of the poems that cover his visit to Tibet will put the hair standing on your head; they are brimming over with a devotion to truth, beauty, a fearsome witness of wildness. The poet shines through them, standing there, riddled with starlight on the roof of the world. Spiritual poems, sacred poems – yes, even when religion itself is mocked. In the midst of much solemnity – monastries, lamas, sages, saints, hermits – I heard myself laughing out loud. Because this poet is a shaman who creates vital communication between spirits, who shares life’s comedies and tragedies with us all. Gaois. Baois. Smaois. (Wisdom. Foolishness. Running nose). -----------------

230


Scaradh Slán. Go dté tú slán

231


232


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.