Guthanna beannaithe 2

Page 1

Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page i

Guthanna Beannaithe an Domhain Imleabhar 2

Gabriel Rosenstock a thiomsaigh

CoiscĂŠim


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page ii

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh, a choimsiúnaigh an t-aistriúchán ar The King’s Threshold le W. B. Yeats Foilsíodh cuid den ábhar seo ar Comhar. An Chéad Chló 2009 © Leaganacha Gaeilge: Gabriel Rosenstock, 2009 Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála nó a tharchur in aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Clúdach: Cliodna Cussen Dearadh agus leagan amach: Valerie Seery Clódóirí: Johnswood Press Ltd Tá Coiscéim buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil. Tá Coiscéim buíoch den Chomhairle Ealaíon as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil. The publisher acknowledges the financial assistance of Ireland Literature Exchange (Translation Fund), Dublin, Ireland. Tá an foilsitheoir buíoch de Idirmhalartán Litríocht Éireann (An Ciste Aistriúcháin) as a gcabhair. www. irelandliterature.com/info@irelandliterature.com

Le fáil ó na siopaí seo: An Siopa Leabhar 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 Guthán: (01) 4783814 Faics: (01) 4785428 ansiopaleabhar@eircom.net

An Ceathrú Póilí 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH Guthán: (028) 90964181 Faics: (028) 90964189 leabhair@an4poili.com

An Café Liteartha Daingean Uí Chúise Condae Chiarraí Guthán: +353 (0)66 9152204 Faics: +353 (0)66 9152205 comdhineoil@fiachdubh.com

Orduithe ó dhíoltóirí leabhar: ÁIS 31 Sráid na bhFíníní, B.Á.C 2 Guthán: (01) 6626259 Faics: (01) 6612378 eolas@forasnagaeilge.ie

Coiscéim Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13 www.coisceim.ie


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page iii

Faoi Imleabhar 1: Guth ó óige an domhain iad guthanna fileata seo Rosenstock, ach guth síoraí, leis. Is cuma nó liricí na Sean-Ghaeilge iad ar a loime, ar a gcruas, ar a nglaineacht ach liricí idirnáisiúnta a aithnímid mar gur cuid dínn iad soir is siar. Titeann ciúnas millteanach ort tar éis duit iad seo a léamh. Alan Titley

Seinneann Guthanna Beannaithe an Domhain an ceol aduain álainn úd dúinn a ghineann friotal a chuimlíonn leis an ní doráite. Tomás Mac Síomóin

Oidis áthais ó phoitigéirí na gaoise. Derry O’ Sullivan

Fiosraíonn na téacsanna seo, atá tugtha chun dúchais agus curtha i dtiúin le hoidhreacht na Gaeilge go snasta agus go nádúrtha ag an bhfile, spioradáltacht an tsaoil agus filíocht na diagachta. Tumadh na dánta seo, ó gach cúinne den domhan mór leathan ilchreidmheach, i dtobar na Gaeilge agus is é an toradh ná leabhar gleoite a thugann léargas uilíoch ar cheisteanna móra. Is féidir an leabhar seo a oscailt ar leathanach ar bith, agus aimseofar ábhar machnaimh ó shaoithe agus ó thraidisiúin éagsúla. Ritheann téamaí áirithe tríd an leabhar ar fad: an teannas idir gleo is caint, idir focail agus ciúnas, idir radharc is fís, idir eolas agus tuiscint. Leabhar don té a chreideann, don té nach gcreideann agus don té nach bhfeadar. Brian Ó Conchubhair

iii


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page iv

Cad deir na guthanna seo ach go bhfuil réaltacht eile ann seachas an saol seo agus gurb í scoth seo na filíochta an eochair a osclaíonn dúinn í. Seán Mac Mathúna

Seo é anois é – anois díreach. Tosnaigh ag smaoineamh air agus caillfidh tú é. Huang Po

iv


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page v

Guthanna Beannaithe an Domhain Imleabhar 2


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page vi


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 1

Sneachta Oíche Bai Juyi Baineadh preab asam mo chuilt is mo philiúr bheith chomh fuar is feicim anois go bhfuil an fhuinneog geal arís, i gcoim na hoíche tá’s agam go bhfuil an sneachta dlúth is uaireanta cloisim scoilt ó chorrbhambú!

1


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 2

Meandar amháin Wu Men Meandar amháin is ea an tsíoraíocht; is é seo an tsíoraíocht. Nuair a fhéachann tú tríd an meandar seo féachann tú tríd an té atá ag féachaint

2


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 3

Breacadh an lae san earrach Meng Haoran Chodlaíos an mhaidin earraigh seo is chailleas breacadh an lae, As gach aon áit sea chuala mé guth geal na n-éan. An oíche sin bhí glór ón bhfearthainn is bhéic an ghaoth: Cá bhfios na piotail uile is faoin am sin iad sa chré!

3


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 4

Ifreann Bodhidharma Nuair a bhíonn an aigne ag síorghluaiseacht bíonn tú ag taisteal ó ifreann amháin go hifreann eile

4


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 5

Gafa ag an áilleacht Fikirchand Glaonn m’anam amach, gafa ag áilleacht an Té atá éagruthach. Is mé ag caoineadh liom féin de ló is d’oíche: an áilleacht atá os comhair mo shúl is mó ná grianta ná gealacha gan áireamh í. Má fhéachaim ar na scamaill sa spéir a áilleacht siúd ar snámh is ea a chím; is feicim é ag siúl ar na réaltaí is loisctear an croí im chliabh.

5


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 6

Cosán Chrann an Teampaill Wang Wei Cosán cúng gruama go dtí crann an teampaill, Domhain dorcha, caonach glas go flúirseach ann. Fan ag an ngeata nuair a bheidh an clós scuabtha agat, B’fhéidir go dtiocfaidh manach an cnoc anuas.

6


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 7

Cruthú na Cruinne Duine den treibh Pima (Arizona)

Draoi an Domhain cruthaíonn an chruinne. Féach cad atá ar a chumas! Cruinn mín a mhúnlaíonn sé í.

Féach cad atá ar a chumas! Draoi an Domhain cruthaíonn na beanna. Éist lena bhfuil aige á rá! Eisean a cruthaíonn na mesas. Éist lena bhfuil aige á rá. Draoi an Domhain cruthaíonn an chruinne; Draoi an Domhain cruthaíonn na sléibhte; Déanann gach aon ní níos mó agus níos mó. Féachann an Draoi isteach sa Domhan, Féachann isteach sna sléibhte

7


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 8

Gróigthe faoin spéir Rumi An brón ar aghaidh ar bith mar gheall ar fhocal fánach uaim a bhuail í pian ar bith a chuireas ort cad is féidir dom a dhéanamh ina héiric? Íocfad an comhar faoi chéad – éiligh! I gcaitheamh an lae bíonn mo dhá chos freagrach as feithidí iontacha is a gcompánaigh. Cén fáth a gcuirfinn sceimhle orthu, ar a ndomhan atá ag cur thar maoil le hiontais? Meallann réimsí maignéadacha chun an tSolais sinn: corraíd ár ngéaga is ár smaointe Tá sé fós dorcha, ámh; mura mbíonn laindéar crochta dár gcroí is ag baint tuisle as a chéile a bheimid, gróigthe faoin spéir mar atáimid

8


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 9

Féach mar a Mhúnlaigh Foirfeacht na Slí Mé Shakbar Féach mar a mhúnlaigh foirfeacht na Slí mé! Siúlaim anois gan stró I dtreo nádúr an Bhúda Ag damhsa, ag canadh is ag súgradh.

9


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 10

Ní bháitear an t-iasc san uisce Mechthild de Mhagdeburg Ní bháitear an t-iasc san uisce, Ní thiteann an t-éan as an aer. Ní imíonn Dia as I dtine na cruthaíochta: Níos gile a éiríonn an tine. Ní mór do gach neach a chruthaigh Dia Maireachtaint de réir a dhúchais: Conas a chuirfinn in aghaidh mo nádúir féin Nuair is nádúr Dé é?

10


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 11

Ní heol don cheolaire Ivan M. Granger Ní heol don cheolaire ach maide gréine an mhaidneachain ar a brollach. Dearúdann sí na bréag-ghrianta a thiocfaidh, ní chanann i nguth ar bith ach ina guth féin.

11


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 12

Seamaide d’fhéar an tsamhraidh Walt Whitman Ceiliúraim mé féinig, Agus an rud a ngabhaimse orm féin, gabhfaidh tusa ort féin, Mar an uile adamh a bhaineann liomsa baineann leatsa chomh maith céanna. Bím ag fálróid thart is tugaim cuireadh do m’anam, Bím ag síneadh ar leathuillinn is ag fálróid ar mo shuaimhneas … tugaim seamaide d’fhéar an tsamhraidh faoi deara. (2) Lán de bholaithe cumhra a bhíonn tithe is seomraí... seilfeanna ag cur thar maoil le bolaithe cumhra, Análaimse féin an chumhracht sin is is eol dom í is is maith liom í, Chuirfeadh an driogadh sin meisce ormsa chomh maith ach ní ligfidh mé dó. Ní cumhracht é an t-aer... níl blas an driogtha uaidh ... gan bholadh atá sé, Dom bhéalsa go deo atá sé... táim i ngrá leis, Raghad go dtí an móta cois coille is bainfear an bréagriocht díom féin is beidh mé lomnocht, Táim ar mire is mé ag tnúth lena theagmháil.

12


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 13

Sneachta san Abhainn Liu Zongyuan Míle cnoc, ach níl éan ar bith ag eitilt, Deich míle cosán is gan rian éinne orthu. Bád uaigneach, seanduine is hata tuí air Ag iascach leis féin is an sneachta ag titim san abhainn.

13


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 14

Is ann don domhan ba dhóigh leat Fakhruddin Iraqi Is ann don domhan ba dhóigh leat níl ann ach líne, áfach, Líne a tarraingíodh idir an solas is an scáil. Nocht an teachtaireacht atá laistiar den scríbhinn cheoch seo Agus tuig an difear idir am agus an tSíoraíocht

14


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 15

Comhrá Iqbal Labhair éan tí le héan fiáin lá: “Má tá sciatháin ortsa, nach bhfuil siad ormsa chomh maith? Más ar eite atá tú, nach bhfuilimse leis ar eite? Má tá tusa saor, ní cime mise, ab ea? Nach bhfuil gach éan faoin spéir in ann eitilt? Cén fáth a mbíonn an t-éan fiáin chomh sotalach sin?” Goineadh féinmheas an éin fhiáin Agus é ag éisteacht leis an gcaint chráite sin: “Níl aon amhras ná go bhfuil tusa in ann eitilt Ach ní théann tú riamh níos airde ná an falla sin Nach eol duit misneach na n-éan fiáin? Tá do choisíní sa dusta, cónaíonn siadsan san fhirmimint Éan tí atá ionatsa, lorgaíonn tú do chuid bia sa dusta Buailimidne an réalta lenár ngob sa tóir ar ghrán.”

15


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 16

Mar Scáthán im Lámh Vidyapati Mar scáthán im lámh, bláthanna i mo chuid gruaige antamón ar mo shúile, tambúl ar mo bhéal, musc ar mo bhrollach, muince ar mo bhráid, eacstais ar mo cholainn, mo chroí sa bhaile – Sciathán ar éan, iasc i linn, an bheatha ionam, mise ionat. Ach abair liom, a Thaisce, cé thú? Cé thú dáirire? Sé deir Vidyapati gurb iad a chéile iad.

16


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 17

Manach Ko Un Bhí an manach Jang Ku-Song an-ghnóthach is a chac á dhéanamh aige nuair a chuala sé grágaíl na bhfroganna is siúd ag aithris é: ‘Grágaíl na bhfroganna istoíche go luath san earrach tollann an chruinne soir siar is deintear aon teaghlach amháin dínn.’

17


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 18

Mo Bhothán Ceann Tuí Dú Fú Tá’s agam gur suarach é mo bhothán ceann tuí, Is mar gheall air sin a thagann na fáinleoga ón sruth anall. An láib a bhíonn ina mbéal acu téann sí isteach im shiotar agus sna leabhair, Agus iad sa tóir ar fheithidí eitilte, is minic a bhuaileann siad i m’aghaidh.

18


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 19

Granum Sinapis Deisceabal de chuid Meister Eckhart I dtosach, go hard os cionn na tuisceana, is ea an briathar, go deo. A thaisce as cuimse, ina bhfuil an tús de shíor i mbroinn an túis! A ucht athartha as a eascraíonn an briathar go háthasach is go deo. Is fós chloígh an bhroinn go dlúth leis an mbriathar, gan aon agó. As an dís an t-aon ina thuile ina sméaróid bheo á gceangal araon, is mar sin an spiorad is milse ina shruth siméadrach go hiomlán, doscartha óna chéile. Is Aon í an Tríonóid: an eol duit cad é? Ní heol, ní heol d’éinne é ach é féin amháin go hiomlán. Sceimhle gan teorainn a dtriúr in aon líon. Níor chuimsigh an réasún riamh é mar chiorcal: ag seo an duibheagán gan ghrinneall. Am, cruthanna, spás i sáinn! Foinse an uile ní ciorcal na mistéirí; ann féin a bhunús dochlaochlaithe.

19


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Fág seo, dreap go hiomasach, sliabh na rinne seo! Tabharfaidh an tslí seo amach sa díseart iontach thú iontach fairsing agus fada. Am ná spás níl sa díseart seo. Tá a nádúr féin aige. Níl cos ann a shiúil an díseart seo, ná réasún a chuaigh fad leis. Is ann dó is n’fheadair éinne cad é féin. Anso atá sé, thall, cóngarach, i gcéin, thíos, thuas, sa tslí nach rud amháin ná rud eile é. Éadrom, glé, chomh dubh le pic, gan ainm, thar eolas, gan tús, níl deireadh leis go deo, soiprithe ann féin, nocht, gan cheileatram. Cá bhfios cá bhfuil cónaí air? Tagadh sé is abradh sé cén cruth atá air.

20

Page 20


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 21

Bí mar leanbh, bí bodhar, bí dall! Bíse id shubstaint féin id neamhní; cuir uait gach substaint, gach neamhní, cuir uait iad! Tréig idir spás is am, tabhair cúl le do chló. Imigh gan conair romhat ar feadh an chosáin chaoil, is éireoidh leat teacht ar an díseart. Ó, a anam liom, amach leat, isteach le Dia! Síos liom síos i neamhní Dé síos sa tuile dhothomhaiste. Má theithim uait, tagann tú chugam, má chaillim mé féin, aimsím thú: A shuáilce is tú ag leathnú leat ar fud na bhfud.

21


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 22

Ag breathnú ar an ngealaigh Izumi Shikibu Ag breathnú ar an ngealaigh um meán oíche go haonaránach, i lár na spéire, bhí eolas iomlán agam orm féin gan aon chuid díom ar lár

22


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 23

A Dhé an Róid (Paidir thraidisiúnta ó Ghána) A Dhé an róid do phuball suigh lem phuballsa i dtreo is nach gcuirfidh an anachain, an aduaine ná an t-amhras aon mhoill orm. Léirigh dom an casadh is gá a ghlacadh i dtreo an tsaibhris sin nach bhfuil a bhrath ar mhaoin i dtreo na gaoise sin nach bhfuil a brath ar léann i dtreo na daingne sin nach dtreiseodh an lámh láidir go deo í i dtreo na diagachta sin nach bhfuil teanntaithe ag neamh. Cabhraigh liom teacht orm féin is mé ag siúl i mbróga an duine eile

23


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 24

Aer an Fhómhair Lí Bai Is glé é aer an fhómhair, Is lonrach í an ghealach mhór. Duilleoga tite ag cruinniú is ag scaipeadh. Tuirlingíonn an cág is tosnaíonn as an nua. Smaoinímid ar a chéile – cathain a bhuailfidh mé leat? Mo bhraistintí cruaite an uair seo, an oíche seo.

24


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 25

AN SPÉIRBHEAN agus scéiliní eile ón dtraidisiún Zen Folús Duine ab ea Subhuti a thuig cad is folús ann. Bhí sé lá is a aigne folamh agus é ina shuí faoi chrann. Bhí an crann faoi bhláth. An chéad rud eile nár thosnaigh cúpla bláth ag titim air. Labhair na déithe leis i gcogar: ‘Thaitin do sheanmóir ar an bhfolús go mór linn!’ ‘Níor thugas-sa seanmóir ar bith ar an bhfolús,’ arsa Subhuti. ‘Níor labhair tú ar an bhfolús, níor chualamar an folús,’ arsa na déithe leis. ‘Sin is fíorfholús ann!’ Thit na bláthanna ina gcith air.

25


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 26

Léargas ar Lánleargas Lá amháin chuir dalta ceist ar a mháistir: ‘A Mháistir,’ ar sé, ‘ cén rud é seo a mbítear ag caint air an t-am ar fad, lánléargas?’ ‘Lánléargas, ab ea? Soilsiú na haigne? Má bhíonn ocras ort, ith, má bhíonn tuirse ort, codail. Sin is lánléargas ann!’

26


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 27

Tae Thug ollamh ollscoile cuairt ar mháistir Zen. Réitigh an máistir pota tae dó. Ag caint ar chúrsaí Zen a bhí an t-ollamh. Caint, caint, caint! Bhí an máistir bodhar aige. Líon an máistir cupán an ollaimh go dtí an barr agus lean air go dtí go raibh an cupán ag cur thar maoil. ‘Stop! Tá sé lán. Ní raghaidh a thuilleadh ann!” arsa an t-ollamh. D’fhéach an máistir air. ‘Do dhála féin. Rólán! Nuair a bheidh tú folamh tuigfidh tú Zen!’

27


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 28

An Aigne Bhí beirt dheisceabal ag féachaint ar bhratach a bhí ag foluain le gaoth. ‘Ní hí an bhratach atá ag bogadh ach an ghaoth, ar ndóigh,’ arsa deisceabal acu. ‘Ní hea ambaiste,’ arsa an dara deisceabal. ‘Is í an ghaoth atá ag bogadh.’ Ghabh an máistir thar bráid agus cheartaigh iad: ‘An aigne atá ag bogadh!’ar sé

28


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 29

Imeoidh Sé Chuaigh dalta chuig a mháistir rinnfheithimh agus ar seisean: ‘Faighimse an rinnfheitheamh seo an-deacair. Bíonn pianta ag cur as do mo chosa. Bíonn smaointe ag rith trí m’aigne an tam ar fad; nuair nach cráite ag smaointe is ag mianta a bhím, is amhlaidh a thiteann mo chodlaldh orm.’ ‘Imeoidh sé,’ arsa an máistir, go neafaiseach. Seachtain ina dhiaidh sin, chuaigh an dalta ar ais go dtí an máistir. ‘Tá gach rud go breá anois. Bainim an-taitneamh as an rinnfheitheamh. Níl pianta ag cur as do mo chosa ná mianta ag cur as dom chroí. Níl smaointe ag rith trí m’aigne níos mó. Tá gach aon rud go haoibhinn!’ ‘Imeoidh sé,’ arsa an máistir.

29


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 30

N’fheadar Chuir an t-impire fios ar mháistir Zen. ‘Cad is brí leis an Zen-Bhúdachas seo? Cén fhírinne atá laistiar de?’ ‘Folús ollfhairsing, a Impire,’ arsa an máistir, ‘agus gan aon rian den naofacht ann.’ ‘Mura bhfuil aon naofacht ann,’ arsa an t-impire, ‘cé thusa nó cad atá ionat?’ ‘N’fheadar,’ arsa an máistir.

30


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 31

An Mar Sin É? Bhí cailín ann uair amháin a luigh le fear – cén mhaith é a shéanadh, luigh sí leis, luigh seisean léi, nach cuma – agus nuair a fuair a tuismitheoirí amach go raibh sí ag iompar, bhí siad i bhfeirg léi. ‘Cé hé an t-athair?’ ar siad. Ní dúirt an cailín faic. Ach bhíodar á crá agus á ceistiú an t-am go léir. Sa deireadh dúirt an cailín gurbh é Hakuin, an máistir Zen, é. ‘Hakuin?’ Bhí alltacht ar na tuismitheoirí. Ní fheadfadh siad é a chreidiúint. Thar éinne eile. Hakuin! Ach má b’eisean an tathair, ar ndóigh chaithfeadh sé bheith freagrach as an leanbh a thógaint. Nuair a rugadh an leanbh chuadar caol díreach chuig bothán Hakuin. ‘Seo,’ ar siad. ‘Tóg é, tóg an leanbh seo, ós leatsa é.’ ‘An mar sin é?’ arsa Hakuin. Thug sé togha na haire don leanbh. Ar ndóigh, níorbh é an tathair é in aon chor ach ba chuma leis aire a thabhairt don leanbh. Thabharfadh sé rud éigin le déanamh dó seachas a bheith ag scríobh dánta nó é ina shuí moch déanach i mbun rinnfheithimh an t-am go léir. Bhí sé breá sásta leis féin. I gceann na haimsire ghoil sé chomh mór sin ar an gcailín bocht go raibh éagóir déanta aici ar Hakuin, gur inis sí an fhírinne dá tuismitheoirí. Iascaire bocht ó bhun an bhaile, b’eisean an t-athair. Bhí náire an domhain ar na tuismitheoirí. Dheifríodar go dtí bothán Hakuin. Bhí sé ansin rompu agus an leanbh ar a ghlúin aige, suantraí séimh á chanadh aige. ‘Tógfaimid an leanbh uait, a Hakuin. Gabhaimid leithscéal agus míle leat. Ní tú an t-athair chuige.’ ‘An mar sin é?’ arsa Hakuin.

31


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 32

Briseann an Dúchas Bhí a mbabhlaí á ní san abhainn ag beirt mhanach. An chéad rud eile thugadar faoi ndeara go raibh scairp á bá san uisce. D’ardaigh duine de na manaigh an scairp agus leag ar an mbruach é. Má dhein, chuir an scairp cealg ann. Leanadar orthu ag ní a gcuid babhlaí ansin. An chéad rud eile nár thit an scairp isteach san abhainn arís. D’ardaigh an manach é agus leag ar an mbruach. Cealg eile! D’fhéach an manach eile air. ‘Cén fáth sa diabhal buí a mbacann tú leis?! Nach é a dhúchas é cealg a chur ionat.’ ‘Agus nach é mo dhúchas-sa é an scairp a shábháil,’ arsa an fear eile leis.

32


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 33

Tigh Ósta Nuair a chonaic na gardaí gur manach Zen a bhí ann, ligeadar Shinku isteach sa phálás. Isteach leis ach go háirithe agus b’íud roimhe ina shuí sa ríchathaoir – an rí, sea, cé eile. ‘Cad atá uait, a mhanaigh?’ arsa an rí. ‘Ba mhaith liom oíche a chaitheamh sa tigh ósta seo,’ arsa Shinku leis. ‘Tigh ósta ab ea? Pálás a theastaigh uait a rá.’ ‘Ó, an leatsa an pálás seo?’ ‘Is liom go deimhin,’ arsa an t-impire. ‘Agus cér leis é romhatsa?’ ‘M’athair. Ba le m’athair é, ar ndóigh. Ar shlí na firinne atá sé anois.’ ‘Agus roimhe sin?’ Ba lem sheanathair é. Eisean ar shlí na fírinne leis, ar ndóigh.’ ‘Tuigim,’ arsa Shinku. ‘Agus an áit seo ina bhfanann daoine tamall sula mbogann siad ar aghaidh – deir tú nach tigh ósta é?’

33


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 34

Éisc Chuaigh Chuang Tzú agus a chara ag siúl cois abhann. Lá breá gréine a bhí ann. ‘Féach ar na héisc,’ arsa Chuang Tzú. ‘Féach orthu ag snámh! Tá siad ag baint an-taitnimh ar fad as an lá, nach bhfuil?’ ‘Ní iasc tusa, a Chuang Tzú,’ arsa a chara leis. ‘Cá bhfios duitse go bhfuil siad ag baint taitnimh as?’ ‘Ní tusa mise,’ arsa Chuang Tzú. ‘Cá bhfios duitse nach bhfuil a fhios agamsa go bhfuil siad ag baint taitnimh as?’

34


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 35

An tSlí Thug Ikkyu, máistir Zen, thug sé cuairt ar Ninakawa sular cailleadh é. ‘An dtabharfaidh mé treoir duit?’ arsa Ikkyu. D’fhreagair Ninakawa é. ‘I m’aonar a tháinig mé anseo. I m’aonar a imeoidh mé.’ Arsa Ikkyu ansin: ‘Tá breall ort, a mhic-ó, más dóigh leat gur tháinig tú nó go n-imeoidh tú. Lig domsa slí a thaispeáint duit nach mbaineann teacht ná imeacht léi.’ Mhaígh a ghean gáire ar Ninakawa ansin agus fuar bás.

35


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 36

Feoil den scoth Bhí Banzan lá sa mhargadh nuair a chuala sé búistéir agus custaiméir ag caint lena chéile. ‘T’rom píosa feola ansin maith an fear, an píosa is fearr atá agat.’ ‘Ó,’ arsa an búistéir, ‘níl aon phíosa níos fearr ná a chéile.’ Nuair a chuala Banzan an méid sin soilsíodh a aigne.

36


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 37

Briseadh Tríd Bhí an bhean rialta Chiyo-ní ag déanamh staidéir ar Zen faoin máistir Bukko ach is beag dul chun cinn a bhí á dhéanamh aici. Sa deireadh, bhí buicéad uisce á iompar aici oíche ghealaí agus an seanbhuicéad á choimeád le chéile ag píosa bambú; bhris an bambú is thit an tóin as an mbuicéad. Saoradh Chiyo-ní ar an bpointe. Chun an ócáid a chomóradh chum sí an dán seo: Thugas faoin seanbhuicéad a shábháil mar seo is mar siúd Ach toisc an banda bambú air a bheith lag Scoilt sé is thit an tóin as an mbuicéad. Ní raibh uisce sa bhuicéad níos mó! Ní raibh gealach san uisce níos mó!

37


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 38

An Spéirbhean Chuaigh beirt mhanach ar oilithreacht uair amháin. Bhí móid gheanmnaíochta tugtha acu gan labhairt le mná ná féachaint orthu – gan trácht ar chaidreamh d’aon saghas eile nach luafaimid! Bhí go maith is ní raibh go holc. Tar éis lá fada siúlóide bhaineadar bruach abhann amach. Bhí tuile san abhainn agus bhí bean ina seasamh ar an mbruach. Bhí eagla uirthi dul anonn. Gan focal a rá, rug duine de na manaigh uirthi agus chuir in airde ar a ghuaillí í agus trasna leo. D’fhágadar slán ag a chéile ansin. Ar aghaidh leis na manaigh is gan focal eatarthu. Leathuair an chloig ina dhiaidh sin ach go háirithe, labhair duine de na manaigh: ‘Bhris tú móid na geanmnaíochta!’ ar sé. ‘Leag tú lámh ar bhean!’ ‘Féach,’ arsa an dara manach, ‘d’iompraíos-sa an spéirbhean trasna na habhann is leagas síos í – chím go bhfuil tusa fos á hiompar!’

38


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 39

Saibhreas, sonas agus séan Bhí fear saibhir ann uair amháin agus d’iarr sé ar mháistir Zen rud éigin a bhreacadh síos a dhéanfadh maitheas dá chlann agus a spreagfadh na glúine nár rugadh fós. Rud éigin a thabharfadh dóchas dóibh, neart, inspioráid. Fuair an máistir bileog mhór agus is iad seo na focail a bhreac sé go soiléir uirthi: ‘Cailltear an t-athair, cailltear an mac, cailltear an garmhac.’ Bhí an fear saibhir ar buile. ‘Is é bhí uaim rud éigin a spreagfadh saibhreas, sonas is séan i measc mo mhuintire. Agus cad atá tugtha agat dom? Scéal duairc, dar fia!’ ‘Scéal duairc a deir tú? Ní scéal duairc chuige é,’ arsa an máistir. ‘Scéal duairc a bheadh ann dá gcaillfí do mhac romhatsa. Scéal duairc a bheadh ann dá gcaillfi do gharmhac roimh do mhacsa. Ach má imíonn siad go léir san ord atá leagtha síos agamsa, sin mar ba mhaith leat é a bheith, nach ea? Sin é an saol. Sin é nádúr an tsaoil. Saibhreas, sonas is séan a leanann.’

39


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 40

Nathanna Zen de chuid Shunryu Suzuki Níl i nádúr an Bhúda ach ainm eile ar an nádúr daonna, ár bhfíornádúr daonna. * An aidhm atá le staidéar a dhéanamh ar an mBúdachas ná staidéar a dhéanamh orainn féin agus dearmad a dhéanamh orainn féin. * Tú féin a chur in iúl gan bhac, faoi mar atá tú, sin an rud is tábhachtaí. Tú féin a dhéanamh sona agus daoine eile a dhéanamh sona. * Ní mór do gach duine againn ár slí féin a dhéanamh agus nuair a dheinimid amhlaidh, cuirfidh an tslí sin an tslí uilíoch in iúl. Mistéir is ea é. * Níl smaoineamh ar bith in aigne an tosaitheora, smaoineamh ar nós ‘Tá rud éigin bainte amach agam.’ Deineann gach smaoineamh leithleasach fairsinge na haigne a theorannú. * Má thuigeann tú cúlra na beatha, tuigfidh tú gur ar an bhfulaingt a mhairimid agus is leis an bhfulaingt a chuirfimid lenár saol. * Más léir duit gur anseo atá tú, díreach anois, sin í an fhíric bhunaidh. Tuigfidh tú an méid sin nuair a chleachtfaidh tú Zen. * Cuimsítear gach aon ní i d’aigne, sin is eisint na haigne ann.

40


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 41

Dúisigh tamall Hafiz Ní gá gur go deo é, dúisigh anois. Siúil go séimh ar sciorta sámh na Spéire, ba leor san. Hafiz, dúisigh tamall. Fíorneomat amháin den Ghrá leanfaidh ar feadh laethanta. Cuir ar ceal na pleananna cliste atá agat chun aithne a chur Air mar nach bhfuil iontu ach bachlóga reoite, i bhfad i bhfad ó Órdhia an tSamhraidh. Dúisigh, a thaisce, bí cneasta led chroí codlatach. Tabhair amach sna machairí Solais é is lig dó análú. Abair, “A Théagair, is mian liom mo sciatháin a fháil ar ais. Ardaigh, ardaigh níos cóngaraí Duit mé.” Abair leis an ngrian is leis an ngealach, abair lenár gCara dil, “A Stór mo chléibh cad faoin rince úd a gheallais dom?”

41


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 42

Nuair a nochtann mo Shearc Muhyiddin Ibn ‘Arabi Nuair a nochtann mo Shearc Cen tsúil a dhearcann Air? A shúilsean ní hí mo shúilse, Mar nach bhfeiceann éinne É ach É féin amháin.

42


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Is aon sinn Sarmad Is aon sinn mise is Eisean ar nós an fhocail is a bhrí. Féach an aontacht scartha – an tsúil is an fhís. Scartha uaim ní bhíonn Sé riamh féach: le chéile sinn de shíor an bláth is a chumhracht tríd

43

Page 43


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 44

Inscríofa ar fhalla an bhotháin, cois locha Chiaou Jan Más mian leat cónaí ar shliabh ní gá dhuit dul chun na hIndia chun teacht ar bhinn, tá na mílte beanna anso agam i gceartlár an locha seo. Féara cumhra, néalta bána a choinníonn anso mé. Cad a choinníonn tusa sa domhan?

44


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 45

An Rud Nach Raibh Riamh Ann Najmoddin Kobra An rud nach raibh riamh ann ní fhágann ina dhiaidh id ghlac ach puth Is an rud atá ann níl faic ann ach smál, teip Sa chás sin, ní thig linn ach an rud nach raibh riamh ann a shamhlú Agus an rud atá ann, mar dhea, cuimhnigh nach ann dó

45


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 46

Nuair a bheidh an ghealach go hard Lu Tung Pin Nuair a bheidh an ghealach go hard sa spéir raghadsa is mo chána ag siúl Nuair a éireoidh an ghaoth fuar cuirfead roinnt éadaigh umam Tá mo chroí i bhfolach i ngarrán dlúth bambúnna Abhaile liom i m’aonar néalta bána agam á dtreorú

46


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 47

Rian ar bith níl fágtha anois Niyazi Misri Shíleas nach raibh leannán fágtha domsa sa saol mór Ansin is ea a thréigeas mé féin. Níl stróinséir fágtha anois ar domhan Chínn an dealg i ngach aon ní ní fhaca riamh an rós Den chruinne deineadh gairdín rósanna dealg ar bith níl fágtha De ló is d’oíche bhíodh mo chroí ag éamh N’fheadar conas a tharla sé Níl uch ná ach in aon chor uaim níos mó. D’imigh an déachas, thainig an Aontacht, bhuaileas ar an gcúlráid leis an gCara D’imigh an slua, d’fhan an tAon, níor fhan ach an tAon. Reiligiún, cráifeacht, nósanna, dea-cháil, bhínn an-tógtha ar fad leo. A Niyazi - cad d’imigh ort? Rian den reiligiún níl fágtha!

47


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 48

Aistear Anama Rahman Baba Is suaite atá m’anam is é sa tóir ar an áilleacht Mar dhúil na leoithne i gcumhracht bláthanna Mar ghrian a ólann an drúcht is ea do scéimhse Iompaíonn mo ghol ina gháire um breacadh an lae ghil Ag smaoineamh ar do ghile dhom Líontar mo chroí Íomhá do chuntanóis ghlé A chuireann m’anam ag canadh mar éan Sa cholainn tréith seo atá m’anam ina luí Gléigeal, mar fhíon i ngloine Nuair a thug mo chuardach chun do scéimhe mé Dhamhsaigh m’anam mar ghrian de ló is d’oíche Sa tóir ar do dhá leiceann deineadh fánaí díom Gabhann m’anam i gcéin chun na hIndia is fiú go Khorasan

48


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 49

Adhradh gan Stró Rasakhan Éist le gach éinne, ach ná labhair siolla. Sa tslí sin, fan sa chruinne Cleacht nósanna deabhóide le croí mór maith is béarfar sall thú thar bhóchna na haigne Beannaigh do chách gan searbhas fan go glé i gcomhluadar na naomh Deir Rasakhan, “Adhair Govinda mar a iompraíonn bean an tsráidbhaile crúsca uisce ar a baithis is a meabhair aici cruinnithe gan stró!”

49


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Nuair a gheal an lá Qushayri Nuair a gheal an lá tar éis oíche fíona b’ionann ciall is ciall amuigh is sin í an fhírinne

50

Page 50


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Labhrann sé liom Lalan Labhrann sé liom ach ní ligeann dom spléachadh a fháil air. Bogann sé gar dom lámha ach as raon mo thadhaill. Cuardaím spéir is talamh á lorg timpeall is timpeall na hearráide sin: ní heol dom cé mé féin. Cé mise? Cé eisean?

51

Page 51


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 52

Tar go Ciúin ar nós na Ré Nazrul Islam A Ansacht Tar go ciúin i lár na hoíche Mar sholas na gealaí ar snámh Tabhair dom shúile do chuid aislingí Led mhéara tláith’ A Ghile, go deo deo arís Ní osclód an doras: Siúil go ciúin tairseach mo chroíse isteach Fan ann go deo id chuimhne mhilis Tar mar chumhracht na mbláthanna nár oscail fós Is iad ag luascadh sa leoithne iarnóna Can m’ainmse arís is arís, a Shearc Mar éan lena leathéan i ndíseart ómra Tar mar dheora chun mo shúl Labhair im chluais mar chogarnaíl na fliúite Tar chugam, a Rún a chailleas, A chailleas go deo deo deo Bí ann im chroí mar chrá síoraí

52


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

An tÍol Ahmad Jami Fad is atá oiread is ribe amháin díot ann i gcónaí is eagal liom go mbeidh Seict an Fhéin-Adhartha slán. “Bhriseas Íol an tSeachmaill táim saor!” a deir tú. Ach is baol liom gur Íol ann féin é an Forógra úd.

53

Page 53


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 54

Leag t’intinn os comhair scáthán na síoraíochta Naomh Clár Leag t’intinn os comhair scáthán na síoraíochta! Leag t’anam ina glóirloinnir! Leag do chroí i bhfíor na substainte diaga! Agus claochlaigh do bheatha iomlán i gcló Dé É féin trí rinnfheitheamh! Ionas go mbraithfeá a mbraitheann A chairde san agus an rúnmhilseacht acu á blaiseadh is a chuir Dia féin i leataobh ón tús dóibh siúd a thugann Dó a ngrá.

54


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 55

Croí an Bhúda Hsu Yun Ní gá bheith soir is siar ar nós na dtonn. Sé an sáile céanna é, tuileadh nó trá. Cad is fiú casadh ar ais chun uisce a fháil Nuair is ag rith i ngach treo atá sé id ghaor. Croí an Bhúda nó muintir an domhain seo... ‘Bhfuil difear eatarthu?

55


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 56

Sa chiúnas Thomas Merton Bí ciúin. Éist le clocha an fhalla. Bí ciúin, táid ag iarraidh d’ainmse a rá. Éist leis na fallaí beo. Cé thú féin? Cé thú? Cé leis an tost atá ionat? Cé (bí ciúin) thú (faoi mar atá na clocha seo ciúin). Ná smaoinigh ar an tusa atá ná go deimhin ar an tusa a bheidh lá éigin. Seachas sin bí mar atá tú (cé, n’fheadar?) bíse eisean, an té gan smaoineamh nach eol duit. Uch, bí ciúin fad is beo duit, is an uile ní beo id thimpeall is tú ag caint (ní chloisim) le do bheith féin, ag caint tríd an ní thar eolas atá ionat is iontu go léir.

56


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 57

“Déanfadsa iarracht a bheith mar atáid is a bheith im chiúnassa féin: agus is deacair: Tá an domhan go léir ar bharr lasrach faoi rún. Dónn na clocha na clocha féin, dónn siad mé. Conas is féidir do dhuine bheith ciúin nó éisteacht le loisceadh an uile ní? Conas suí leo is a gciúnas go léir ar bharr lasrach?”

57


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 58

An Réasún Mahmud Shabistari Abair slán leis an réasún. Loisceann an Solas an réasún ó bhonn go baithis. Más mian leat an Cuntanós sin a fheiscint lorg súil eile. Feiceann an fealsamh dhá ní lena dhá shúil is ní léir dó aontacht na Fírinne. Faoi mar a dhónn an Solas na haingil féin, loisctear an réasún. Solas na súile nó solas na gréine, solas an réasúin nó Solas na Soilse.

58


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 59

Impigh ar son an Ghrá Abu-Said Abil-Kheir Impigh ar son an Ghrá. Machnaigh ar an loisceadh seo, is iad siúd atá á loscadh, mar thíolacthaí an Charad. Níl faic le foghlaim. Tá an iomarca ráite cheana féin. Léigh aon leathanach amháin as leabhar séimh do chroí agus déanfaidh tú gáire faoin gcabaireacht seo, an bhréagfhoghlaim seo go léir.

59


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Paidir Yakut Anon. Tá mo bhriathra istigh sna sléibhte, sna mórcharraigeacha, ansiúd i measc na gcrann, im cholainn féin agus im chroí. Cabhraígí liom le cumhacht osnádúrtha, agus tusa, an Lá, tusa, an Oíche, féachaigí orm go léir is mé aontaithe leis an domhan!

60

Page 60


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 61

Creidim Muhyiddin Ibn ‘Arabi Creidimse i reiligiún an Ghrá Pé treo ina raghadh a chuid carbhán, Mar is é an Grá mo chreideamhsa is mo reiligiún

61


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 62

Éanna Árann Anon. A Éanna uasail, le fuath don saol seo Do thréigh a mhórtas is a ghlóire bhréige, Is chuaigh tú go hÁrainn, tráth, thar tréanmhuir, Mar ar bhuaigh tú don áit sin cáil sa naofacht. Ba ghnáth leat a iarraidh ar Dhia gan éinne A dhiúltú um ní dá nguífeadh tríot féin é: Go mairimid i síth le chéile Is ár dtoil go mín le fíorthoil Dé a chur.

62


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Ar an Slí Lalla Ar an slí chun Dé Is geall le meilt bró iad na deacrachtaí, An oíche i lár an lae, Scamaill réabtha ag tintreach. Ach ná bíodh imní ort! Pé rud a thiocfaidh, tiocfaidh, Tabhair aghaidh ar gach aon ní le grá Is d’aigne á leá i nDia.

63

Page 63


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 64

E ho mai File gan ainm as Háváí E ho mai Ka ike mai luna mai e O na mea huna no eau O na mele e E ho mai E ho mai E ho mai Deonaigh dúinn eolas chugainn anuas, Gaois lán na n-amhrán. Deonaigh Deonaigh, deonaigh na nithe sin dúinn.

64


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 65

Teanga an Ghrá Darshan Singh Conas a tuigeadh dom gurb é an tost teanga an ghrá? Bhí an rud folaigh os mo chomhair an t-am ar fad. I ngach lána cloisim caint ar mo thost; Cnead péine é cnead a chosc. Maidhm sholais amháin ab ea catsúil an leannáin; Nach saonta a bhíos gur shamhlaíos ríméad suthain lena leithéid. Ba leis an ngarraíodar iad sa deireadh: an tintreach is an ghaoth Is an cúpla sop a shamhlaíos mar nead. Darshan, ba sna sracfhéachaintí a d’aimsigh mo ghrá a ghuth — Ach níor chuadar in aon ghar do mo thnúth ná dá chúis.

65


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 66

Féile an Ghrá Rumi Damhsóir ag féile an ghrá í an ghealach. Damhsa seo an tsolais ... an tíolacadh beannaithe seo Meallann an grá diaga seo sall sinn Chuig domhan eile nach bhfeiceann éinne ach leannáin Gona súile lán de phaisean. Is iad an dream tofa iad A ghéill. Ba bhloghanna solais tráth iad Is iad an ghrian shoilseach anois iad D’fhágadar domhan na gcleas Ina ndiaidh Leannáin shéanmhara iad A chruthaigh domhain nua Gona súile lán de phaisean.

66


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 67

Cúis gháire ó Dhia chugainn Hafiz Tá na mílte bréaga iontacha agam Mar fhreagra ar an gceist Conas tánn tú Cén chaoi a bhfuil tú Cad é mar atá tú? Na mílte bréaga iontacha Mar fhreagra ar an gceist Cad is Dia ann? Más dóigh leat Go bhfuil teacht ar an bhfírinne i bhfocail Nó go ngabhann an ghrian is an t-aigéan Tríd an oscailt bheag sin ar an dtugtar an béal Cúis gháire ó Dhia chugainn!

67


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 68

Abair gur Tusa mé Rumi Dúradán deannaigh i solas na gréine mé. Is mé an ghrian chruinn. Leis na dúradáin sea deirim, Fanaíg’! Leis an ngrian, Coinnigh ort. Ceobhrán maidine mé, Análú an tráthnóna. Is mé an ghaoth i mbarr an gharráin, Bruth ar aill. Crann seoil, stiúir, fear stiúrach, cíle Agus an sceir choiréil a chuireann go tóin poill iad. Is crann mé agus pearóid oilte i measc na ngéag. Ciúnas, machnamh, agus guth. An t-aer ceolmhar a thagann trí fhliúit, Splanc ó chloch, léas Ó mhiotal. An choinneal Is an féileacán mire ina timpeall araon. An rós agus an filiméala Ar strae sa chumhracht.

68


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 69

Is mé an uile ord beo, fáinneáil an réaltra, An éirim éabhlóideach, an t-éirí Is an meath. A bhfuil ann Is nach bhfuil. Tusa agus eolas agat Ar Jelaluddin, Tusa an t-aon San iomlán, abairse Cé mé. Abair Gur Tusa mé.

69


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 70

Comhthionól an Tinfidh Rumi Is ann do chomhthionól an tinfidh Bí id bhall de agus braith an ríméad A bhaineann le sráid challánach a shiúl Nuair is tusa an callán. Ól do phaisean go léir Agus bí id sheó bóthair! Dún do dhá shúil Agus breathnaigh leis an tsúil eile. Oscail do dhá lámh Go mbéarfar ort. Buail fút sa chiorcal seo. Éirigh as a bheith i do mhac tíre, agus mothaigh Grá an aoire do do líonadh. Istoíche téann do leannán ar bóiléagar. Ná glac le sólás. Dún do bhéal in aghaidh do chothaithe. Blais béal an leannáin id bhéalsa. Deir tú go truacánta, ‘D’fhág sí mé! D’fhág sí mé!’ Tiocfaifdh scór eile. Glan díot féin an imní. Smaoinigh ar an té a chruthaigh smaointe.

70


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 71

Cén fáth a bhfanfá i bpríosún Agus an doras ar oscailt? Bog lasmuigh de thranglam na heagla. Mair i dtost. Síos leat go sámh i gcuilithíní Na beatha is iad ag síorleathadh uait amach.

71


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 72

Freagra ar Chara Ryokan Go dúr ciotrúnta is ea a mhairim liom féin Is gan de chairde agam ach crainn is luibheanna. Táim róleisciúil chun an rud ceart a fhoghlaim, Is ag gáirí fúm féin a bhím, beag beann ar chách. Ardaím an dá spág chnámhacha seo más mian liom an abhainn a chur díom, Mála im ghlac agam, dea-shíon an earraigh do mo bheannachadh. Sin é mo scéal anois ambaic. Níl faic de dhíth orm. Mé i dtiúin leis an saol. Tá méar leat dírithe ar an ngealaigh Ach is caoch í do mhéar go nochtann an ré. Cén gaol atá idir an mhéar is an ghealach? An nithe iad atá scartha óna chéile nó an bhfuil ceangal eatarthu? Is ceist í seo do thosnaitheoirí is iad ag iomlasc I bhfarraigí an aineolais. Ach an té a fhéachann thar an meafar Tuigeann sé nach bhfuil méar ann ná gealach.

72


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 73

An Dia nach bhfuil Aige ach Trí Fhocal Hafiz Chuir gach páiste aithne ar Dhia, Ní hé Dia na n-ainmneacha É Ná Dia na Ná Déananna Ná an Dia a dhéanann rudaí aite, Ach an Dia sin nach bhfuil Aige ach trí fhocal Is bíonn Sé á rá de shíor: “Déan damhsa Liom!” Déan damhsa.

73


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 74

Draíocht na bhFocal File Ionúiteach I bhfad siar, Nuair a bhí daoine is ainmhithe ar an saol, D’fhéadfadh duine iompú ina ainmhí dá mba mhian leis Agus an t-ainmhí ina dhuine. Bhídís tamall ina n-ainmhithe Tamall ina ndaoine Is ní raibh puinn difríochta eatarthu. An teanga chéanna a labhair siad. B’in an uair a raibh draíocht i bhfocail. Bhí cumhachtaí mistéireacha ag an aigne dhaonna. An focal fánach Ní bheadh a fhios agat cén toradh aisteach a bheadh air. D’fhéadfadh beocht a theacht sa bhfocal gan choinne Agus an rud a theastaigh ó dhaoine thitfeadh sé amach. Ba leor an focal a rá. Ní raibh míniú ag éinne air: Is mar sin a bhí an uair úd.

74


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 75

Haiku Issa a ghé, a ghé fhiáin cén tús a bhí le d’aistear?

glacann colainn an Bhúda léi – báisteach an gheimhridh

anoir, aniar, aneas, aduaidh ... caidhleadh sneachta

dúnann an doras is titeann dá chodladh ... slimide

croí éadrom ag eitilt tríd an saol seo... féileacán bánghorm

stánann sí idir an dá shúil ar an bhfear gé ag imeacht

75


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 76

creid sa Bhúda, creid! taoise, leis, bliain níos sine, a ghadhair

oíche shamhraidh – tá na réaltaí fiú ag cogarnaíl lena chéile

gearroíche shamhraidh – scléip na dturtar sa ghort

leánn uaim ina chearnóg fhoirfe sneachta an gheata beag beann ar fhuacht na maidine péacáin ríse

ón mbéal a chreim an dreancaid: “Moladh go deo leis an mBúda!”

76


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 77

géanna ag eitilt leo faoi choim ... rosamh na maidine

an chéad bhrat sneachta ina scifle ... préacháin

clocha an phaidrín lem chúl, trím mhéara fionnuaire an tráthnóna

tráthnóna glé ina líne bhánghorm sléibhte an fhómhair

ag imeacht san áit ar gann iad na sealgairí éan an sionnach

bí id Bhúda díreach mar atá tú a nathair id pholl

77


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 78

faoi sholas na laindéar reilige ag ithe ríse lomnocht

an t-adhartán céanna á roinnt aige lena mháthair fia gonta

imithe le gealaigh ag na clocha sneachta sionnach

braon ar bhraon ó na scáthanna báistí páipéir ... Kyoto an cheobhráin

ó rinn ghob an fhiliméala taoide thuile

ná himigh, ná himigh, a chara, a chuaichín an tsléibhe

78


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

gaoth an fhómhair séidtear soir an préachán fáin

14:22

siar

deireadh na bliana baothchaint ón gclogra gaoithe

ag ligint air nach bhfeiceann sé aghaidh a mhná iomrascálaí cloíte

an crann plumaí ainnis seo agamsa faoi bhláth!

síolphlandaí ríse cuntanós caite an tsean-Bhúda

a leanaí, ná ciapaigí an dreancaid sin! tá clann uirthi

79

Page 79


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

fad a bhíos tamaillín gearr as baile .. bambú breá óg!

Sé an Búda é fiú is é ina luí! bláthanna ina gcith

na capaill fiú faoina líon muiscítí bánuaine, ina gcodladh

mo bhaile dúchais – ionsaíonn bailc gheimhridh an Búda ina sheasamh

a philibíní an cógas gutha daoibh é an sneachta ag titim?

ag socrú síos arís sa chiúnas séimh géanna na ngort ríse

a mhuinín aige i mBúda féileacán beag ... gaoth an fhómhair

80

Page 80


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 81

D’éag na gaotha Ryokan D’éag na gaotha ach leanann na blátha dá dtitim; glaonn an éanlaith ach tollann an tost gach binnghiolc. An Mhistéir nach eol d’éinne, dofhoghlamtha. Suáilce Bhandia na Trócaire.

81


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

A thaitneamh Rabia (Rabi’a Al-’Adawiyya) A thaitneamh A airc A dhídean A chara Mo lón aistir A dheireadh aistir Is Tú m’anáil Mo dhóchas Mo chompánach Mo mhian M’ollsaibhreas. Murach Tú, a bheatha liom, a ghrá Ní bheinn ar fán I dtíortha gan áireamh. Dhoirtis an oiread sin grásta Ar mo shon, A liacht sin gar a dheinis dom A liacht sin bronntanas Lorgaím Do ghrá gach áit Is líontar leis i dtobainne mé A Chaptaein mo Chroí A Shúile Ghlé an Tnútháin i m’ucht Ní bheidh mé saor Uait go deo Deo na ndeor. Bí sásta liom, a Shearc, Is beadsa sásta.

82

Page 82


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 83

Saor Shankara Uaireanta ina gcraiceann, uaireanta as a meabhair, Uaireanta ina scoláirí, uaireanta ina n-amadáin, Is mar sin a nochtann siad – iad siúd atá saor.

83


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Tusa Hadewijch Tusa a bhfuil eolas uait lorg an Aontacht istigh ionat Is ann a gheobhair an ghloine ghlé is í ag feitheamh cheana leat

84

Page 84


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 85

Dúiseacht Kalidasa Fiú an té ata sona faigheann sé leid éigin nó teagmhaíonn ribe fuaime leis Agus pléascann a chroí le tnúthán nach n-aithníonn sé Ní foláir nó go gcuimhníonn sé ar chruthanna ar thug sé grá dóibh in áit nach bhfuil teacht air I saol roimhe seo Is a gcló ina chroí i gcónaí is iad ag feitheamh

85


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 86

Gáire Hafiz Cad is gáire ann? Cad is gáire ann? Dia ina dhúiseacht is ea é! Ó, sé Dia ina dhúiseacht é! Sé an ghrian é is a chloigeann ceansa á bhogadh amach aige as scamall a bhí á iompar rófhada agat, is a cheil do shúile is do chroí. Is Solas é a bhriseann an talamh le haghaidh an Ollstruchtúir is d’Fhíorcholainnse ann agus an Fhírinne a thugtar air. Sé an Sonas é a thugann bualadh bos dó féin agus a imíonn ansin ar eite chun barróg a bhreith ar gach neach is ar gach aon ní sa tsaol seo. An réalta thuaidh is ea an gáire is é ina ghlac ag ár Leannán agus is é a deir Sé de shíor: “Sea, a stóiríní, tagaigí liom sa tslí, tagaigí chugamsa agus gráigí! Tagaigí chugam is bhur mbéal tláith ag bogadh agus bhur dteangacha áille a chanann amhráin is bhur gcuid gluaiseachtaí, gluaiseachtaí draíochta na gcos is na lámh, na bhfaireog is na gceall is iad ag damhsa!! Tuigigí i súile Dé, gur teanga éachtach is ea an uile Ghluaiseacht, agus gach píosa ceoil, Ceol binn fiáin!!”

86


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 87

A Hafiz, cad is gáire ann? Cén rud é seo an grá, an gáire sárluachmhar seo atá ag borradh inár gcroí? Fuaim ghlórmhar an anama é is é ina dhúiseacht!

87


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 88

Teas na nDeor um Meán Oíche Mirabai Éist, a chara, sé an bóthar seo ná an croí á oscailt, A chosa á bpogadh, an doicheall sáraithe, deora i gcaitheamh na hoíche. Dá mb’fhéidir an Tiarna a aimsiú trí thumadh san uisce D’iarrfainn Air go saolófaí sa tsaol seo i m’iasc mé. Dá mbeadh Sé le haimsiú trí chaora is trí chnónna fiáine, faic eile, Is deimhneach gur ina moncaithe a bheadh na naoimh ina dteacht as an mbroinn dóibh! Dá mbeadh Sé le haimsiú trí leitís is duilleoga seasca a chogaint Bheadh na gabhair imithe romhainn go dtí an Té atá Beannaithe. Dá dtabharfadh adhradh na ndealbh cloiche an tslí ar fad sinn Bheinn tar éis ómós a thabhairt do shliabh eibhir fadó ó shin. Sé a deir Mirabai: Tabharfaidh teas na ndeor um meán oíche chun Dé thú.

88


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 89

Tairseach an Rí William Butler Yeats 1904 In Memoriam Frank Fay agus a urlabhra aoibhinn i bpáirt Sheancháin

DRAMATIS PERSONAE Rí Guaire Seanchán A Dhaltaí Méara Chinn Mhara Beirt Bhacach Brian, searbhónta críonna

An tArd-Seomairlín Saighdiúir Manach Mná Cúirte Beirt Bhanphrionsaí Fedelm

Céimeanna os comhair Phálás an Rí Guaire, An Gort. Bord nó leaba iompair os comhair na gcéimeanna ar thaobh amháin agus bia air, agus binse. Seanchán ina luí ar an mbinse. Daltaí os comhair na gcéimeanna. An Rí ar an gcéim uachtarach, doras laistiar de agus cuirtín air. RÍ Fearaim fáilte romhaibh, sibhse atá in bhur máistrí Ar an dá shaghas Ceoil: saghas amháin ar geall Le bean é, an saghas eile mar fhear. Sibhse atá eolach ar théaduirlisí, Is conas briathra is nótaí a nascadh Chomh healaíonta sin nach bhfuil san Ealaín Ach Urlabhra is a ceol féin ag cur sceitimíní uirthi:

89


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 90

Is sibhse is an corn cam agaibh a thuigeann na nótaí sin Nach ngabhann siollaí leo is a éalaíonn ó charbad an Ama; Mar ní mó an fháilte a chuirfeadh an té a ghránn an domhan Ar mhaithe le hainnir fhionn roimh na hardaingil úd A thiománann each an Ama, an t-each órga isló, An t-each airgid istoíche. Tá glaoite agam oraibh Chun bhur máistir mór, Seanchán, a shábháil, Is an dé ann an lá ar fad ina lasair nach fada uaithi An tinteán atá ag dul i bhfuaire. DALTA IS SINE Cathain a buaileadh tinn é? An é an fiabhras atá á chnaí? RÍ Ní fiabhras ná tinneas é. Tá an bás roghnaithe aige: Diúltaíonn sé do bhia is do dheoch, i dtreo is Go náireofaí mé; mar tá nós ann, Nós seanbhunaithe, nós gan chiall, má dhéantar éagóir Ar fhear, nó más dóigh leis go ndearnadh, is má fhaigheann bás Den ocras ar thairseach duine eile, Liúfaidh an ghnáthmhuintir go tréan in aghaidh na tairsí sin Go deo deo na ndeor, Más í tairseach an Rí féin í. DALTA IS SINE Tá mo cheann ina bhulla báisín; Níl a fhios agam cad is ceart dom a cheapadh nó cad is féidir a rá. Is dual dom bheith umhal duit, ach conas a bheith umhal duit Nuair is dóigh leis an duine ar thugas grá thar chách dó

90


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 91

Gur deineadh deargéagóir air is go mb’fhearr leis bás a fháil Ná an éagóir sin a fhulaingt? Cá bhfuil an té A chaithfeadh a shaol uaidh ar mhaithe le neafais? RÍ Is ceart agus is cuí go seasfá leis Go dtí go dtuigfidh tú an neafais Is bonn leis an achrann. Trí lá ó shin Ghéilleas d’achainí mo chuid cúirteoirí – Easpaig, Saighdiúirí, Ollúna le Dlí – A bhí le tamall den tuairim mheáite gur mhasla dá ndínit é Fear na bhfocal a bheith suite ina measc Ag ardchomhairle an Stáit agus a n-údarás san Á roinnt aige. Thugas bata is bóthar dó, Le briathra milse séimhe ar dtús, Ach nuair a d’agair sé a cheart mar fhile liom, An ceart a bunaíodh le bunú an domhain, Sé dúrtsa leis ná go mba mise an Rí Agus gur rí éigin ab fhoinse bhunaidh do gach ceart, Agus nach iad cantairí an domhain Ach lucht riartha an domhain is cóir a chur ina suí San áit is mó onóir. D’aon liú amháin D’aontaigh mo chuid cúirteoirí liom – Easpaig, Saighdiúirí, Ollúna le Dlí – Agus i lár an challáin Amach le Seanchán agus ó shin i leith Bíodh is go bhfuil nua gach bia agus sean gach dí Láimh leis, níor bhlais sé greim. DALTA IS SINE Tig liom análú arís. Tá ualach mór bainte agat dem chroí, Mar nach fiú bás a fháil ar mhaithe leis an nós úd.

91


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 92

RÍ Áitigh air greim a ithe nó braon a ól. Go dtí inné Mheasas go mba leor iad an t-ocras is an laige; Ach ní leor iad in aon chor chun a dhúil San uaigh a mhaolú. Sin an fáth ar ghlaoigh mé oraibh, oraibhse atá mo bhrath Agus ar roinnt comharsan agus cairde móra leis A bhfuil fios curtha agam orthu. Fad is atá sé ina luí ansin, Is é ag éag, tá mo chlú os comhair an domhain Ag éag ina theannta. Ní thig liom géilleadh Mar is mé an Rí; mar dá ngéillfinn Thabharfadh na huaisle meatachán orm is tharlódh sé Go mbainfí croitheadh as an ríchathaoir. DALTA IS SINE Lig dom dul i bhfeidhm air. Ba leor do bhriathra, a Rí; Ach ós ar strae i dtámhnéal atá sé Ní chloiseann sé iad. RÍ Cuir iachall air ithe nó ól. Agus ní ar mhaithe le mo chlú ar fad é Gur mhaith liom go ngéillfeadh sé, mar is duine é A thuillfeadh gean an rí go maith Dá mbeadh sé ruaigthe as an tír, nó gean mná Nó éinne eile atá in ann fíorchló an duine A léamh. Ach ós ríchathaoir a bhíonn fúmsa Is mo bhreith ag brath ar riachtanais an Stáit, Sháródh a aigne fhiáin an bhreith sin, Chuirfeadh sé briathra in áit na ngníomhartha, Mar sin tugaimse mioscais ar a uabhar A shuaithfeadh an ríocht trí chéile Is tugaim duine mioscaiseach air féin. [Casann sé chun imeachta is ansin filleann arís]

92


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 93

Geall tigh is féar dó is talamh curadóireachta, Cnuas in aghaidh na bliana, seodra is síoda, Nó rud ar bith ach seancheart na bhfilí. [Isteach leis sa phálás] Níor chóir don rí ár gceart a aisghairm. Ach Seanchán, baois ar fad an chaint aige, Is gheobhadh sé bás ar son na baoise. Féach orainn, a Sheancháin; Múscail as do thámhnéal is féach orainn, Sinne a chuaigh ag marcaíocht faoin ré is fós ar feadh an lae, Go dtí gur nocht an ré athuair nach mór, Le bheith le do thaobh. SEANCHÁN [leathchasta timpeall, a uilleann á fhulaingt, agus ag labhairt mar a bheadh i mbrionglóid]. In Almhain a bhíos ó chianaibhín, in áras mór is na fraitheacha ann go hard, Fionn is Oscar faram. Bolaithe ón bhfeoil rósta Ag éirí san aer is chonac lem dhá shúil féin an fulacht fia. Réabadh an aisling ansin is chonac Gráinne Is bradán aici á roinnt cois abhann. DALTA IS SINE An t-ocras a chuir ag brionglóideach Faoi fheoil rósta thú Is bíodh go bhfuil na deora liom ag cuimhneamh air Ní aeraí é ná d’aislingse Ocras na coirre nach mbeathaíonn í féin Nuair a nochtann an ré lán toisc eagla bheith uirthi Roimh a scáil féin san uisce lonrach SEANCHÁN Tá an fhírinne ansin agat, dar Duach.

93


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 94

Tá sé faoi mar a d’athraigh an ré an uile ní – Mé fein is gach a dtagann faoi raon mo chluas is mo shúl; Mar nuair a éiríonn an cholainn throm lag, Níl bac ar an aigne fhiáin Is í faoi anáil na ré is na baoise Imeacht le fán. Mheasas fiú gur aithníos Do ghuth is do chuntanós, ach is neamhdhóchúil iad na briathra Is ní mór dom fiafraí díot Cé atá ag tathant orm an céalacan seo a chur ar ceal? DALTA IS SINE Is mé an dalta is sine agat, a Sheancháin; An té atá farat le blianta fada – A liacht sin bliain go ndúraís féin liom Lá Fhéile Muire na gCoinneal Go raibh deireadh agam nach mór le scolaíocht, is gur beag eile Faoin bhfilíocht a bhí le foghlaim agam. SEANCHÁN An dalta is sine agam? Ní hea, ní fhéadfadh, Ach duine de na cúirteoirí a bhí Ag crochadh asam ó éirí gréine, Is tá bob buailte ag brionglóidí orm; ach bréagnóidh mise iad. Lá Fhéile Muire na gCoinneal d’iarras ar an dalta úd A insint dom cén fáth a bhfuil an fhilíocht faoi mheas; Mar ba mhian liom a fháil amach an raibh argóint mhór aige Le haghaidh tíortha i gcéin is ríthe aite tútacha. Is cad dúirt sé? DALTA IS SINE Sé dúrtsa ná go gcrochann filí Íomhánna den saol a bhí in Éidin ann Os cionn luí seoil an domhain, is é sin,

94


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 95

Dá bhféachfaí ar na híomhánna sin go saolófaí Leanaí caithréimeacha. Ach cén fáth a bhfuilim im sheasamh anseo Ag dul siar ar sheancheacht agus tusa ag diúltú do bhia? SEANCHÁN Aithris leat mar aithním, is dóigh liom, an guth. Cén t-ainriocht a thiocfaidh ar an saol Má chailltear na hEalaíona? DALTA IS SINE Má chailltear na healaíona Beidh an domhan a bheidh ina ngátar mar a bheadh bean ann A d’fhéachfadh ar bheola scoilte an ghiorria Is a shaolódh páiste a raibh bearna mhíl ann. SEANCHÁN Ní hin é ar fad é: Mar nuair a d’fhiafraíos díot conas is ceart na híomhánna sin A chosaint, bhí freagra agat chomh maith, Más tú an dalta is sine agam go deimhin, Is chuiris iad i gcomparáid le nithe ársa A thug Dia don duine sular thug Sé dias chruithneachta dhó. DALTA IS SINE Mar fhreagra dúrt – agus uait féin ab ea a leath – Gur chóir dó iad a chosaint mar a chosnaíonn Tuatha Dé Danann Na ceithre taisce acu, mar a chosnaíonn Rí an tSoithigh Naofa A chorn beannaithe, nó each caol an chirt a chosnaíonn An tseoid úd faoina bheann Is an bheatha ag sileadh aisti Mar a shileann an fíon milis meisciúil… Ach tuigim anois an scéal; Bhréagnófá as mo bhéal féin mé;

95


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 96

Ach ní fiú gal soip é ionad sa chomhairle, Taobh leis an Rí, a Sheancháin. Cén bhaint atá ag ní chomh neafaiseach leis sin leis an bhfilíocht? [Seanchán suite aniar faoin am seo. É ag féachaint roimhe go haislingeach i gcónaí] SEANCHÁN Lá Fhéile Muire na gCoinneal thugais ní de nithe Leochaileacha mórchumhachta Dé ar an bhfilíocht seo, A maródh masla í. DALTA IS SINE [leis na Daltaí eile]. Tugtar freagra fíor dom. An lá úd labhair sé i dtaobh na Cúirte, Is thug an chéad pháiste dóighiúil ar domhan uirthi, Agus aon ní a bheadh maslaithe ansin Is maslaithe ag an domhan a bheadh sé, mar is eiseamláir Don domhan é saol na Cúirte. Cén freagra a thabharfaidh mé? Nach bhfuil argóint cheart ag éinne agaibh? Ní leomhfainn bréagargóint a chur faoina bhráid. DALTA IS ÓIGE Ó, abair leis iad siúd a bhfuil grá acu dá shians Tá gá acu leis. SEANCHÁN Ach is ag saothrú atáimse Dóibh siúd a shaolófar díreach in am, Is a aimseoidh cothú milis, chun go mbeadh guth acu, I bhfeirg fiú, ar nós téada cláirsí; Is conas a bheadh an dínit acu ó dhúchas Munar ghaibhníos riamh an cliabhán órga?

96


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 97

DALTA IS ÓIGE [á chaitheamh féin ag cosa Sheancháin] Cén fáth ar thug tú ó ghoirt m’athar mé? Má fhágann tú anois mé, cad dó a thabharfaidh mé grá? Cá raghad? Cén tasc a thógfaidh mé orm féin? Agus cén fáth ar chuiris ceol im chluasaibh – Chun go n-éistfinn i dtithibh le turlabhairt? Caithfidh mé uaim an troimpéad is an chláirseach, Mar conas véarsaí a chanadh nó ceol a dhéanamh Is gan éinne ann a mholfadh mé is an croí scoilte im chléibh? SEANCHÁN Cad a gheall na filí duit Ach a mbuairt? Ná labhair. Nár osclaíos scoil ar na céimeanna loma seo, Agus nach tusa an scoláire is óige agam? Agus bíodh a fhios ag an saol Fódlach nuair a thiteann An uile ní as a chéile, go scairteann an fhilíocht le teann ríméid Mar sí lamh an tsíoladóra í, an fhaighneog phléascach, Lúcháir an íobartaigh sa lasair bheannaithe, Gáire Dé agus an domhan ina smidiríní. Agus gáireann an lúcháir sin anois go sultmhar, ag caoineadh Go loiscneach ar na céimeanna loma seo. DALTA IS ÓIGE A mháistir, ná héag! DALTA IS SINE Ná buair a cheann le hargóint éadairbheach. Bí ciúin! Níl faic is féidir a dhéanamh Ach teacht ar an Rí agus dul ar ár nglúine roimhe, Is ár gceart le sinsearacht a éileamh. Mar táid ann A déarfadh an rud céanna is a thuilleadh Agus táid thíos leis. Seo, a ghiolla, ní haon mhaith é. [Ardaíonn an Dalta is Óige]

97


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 98

Más fiú dúinn tathant ar an Rí, Leagaigí síos bhur dtroimpéid is bhur gcláirseacha go ciúin Ar na clocha, is tagaigí liomsa faoi thost. Tagaigí de choiscéimeanna malla, is cromaigí bhur gceann, Mar is fearr a oireann an ceann cromtha don chaoineadh. [Ina nduine is ina nduine, leagann siad síos a dtroimpéid is a gcláirseacha agus amach leo go mall sollúnta, duine i ndiaidh a chéile. Isteach leis an Méara, beirt Bhacach agus Brian, searbhónta críonna. Sular tháinig sé ar an stáitse chualathas monabhar ón Méara, ‘Ollamh’, ‘Éire’, etc. agus siúlann sé os comhair Sheancháin go dtí an taobh eile de na céimeanna. Tógann Brian bia amach as ciseán. Tá na Bacaigh ag faire ar an gciseán. Tá maide Oghaim ina ghlac ag an Méara.] MÉARA [agus é ag trasnú]. ‘Ollamh, Éire, cathróir, talamh féaraigh’, sin iad na focail Is gá dhom a mheabhrú, ‘Ollamh, Éire, cathróir, talamh féaraigh’. Tá siad agam i gceart anois, iad go léir greanta ar an maide Oghaim, ‘Ollamh, Éire, cathróir, talamh féaraigh’, agus iad san ord ceart. [A chaint á cleachtadh i monabhar aige an t-am ar fad] AN CHÉAD BHACACH A chonách san ar an Rí má chuireann Seanchán mí-ádh air. Cad a bhaineann le rí a chuireann a shaol isteach ó bhreith go bás ar an domhan seo dála aon neach eile go gcaithfidh sé seanghnásanna a athrú, gnásanna a bhain leis an domhan ó tugadh an domhan air? AN DARA BACACH Dá mbeinnse in áit an Rí ní chuirfinn isteach air; tá rud éigin

98


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 99

ait faoi dhuine a bhíonn ag cumadh rann. Bhí aithne agamsa ar dhuine a bhíodh ag cumadh rann bliain i ndiaidh a chéile agus é suite faoi sceach gheal ag cros na dtrí mbóthar agus ní túisce marbh é ná d’fheoigh gach sceach ó Inis Ghuaire go Cill Tartain agus ní raibh ann ach straoilleachán, ár ndála féin. AN CHÉAD BHACACH Tá cumhacht ón alltar ag lucht ceaptha véarsaí. MÉARA Táim ag ullmhú. AN CHÉAD BHACACH Arbh eisean a d’inis duit faoin dtobar beannaithe? Agus an tiasc beag beannaithe ann? MÉARA Fuist! Fuist! AN DARA BACACH B’é go deimhin. AN CHÉAD BHACACH Agus é ag éirí aníos sa tobar beannaithe chun na craplacháin a leigheas. AN DARA BACACH Ag éirí aníos gach seachtú bliain. MÉARA Táim nach mór ullamh BRIAN Níl aon mhioscais ann nach maithfinn don Rí, murach éinne eile a bheith ann seachas mo mháistir –

99


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 100

ÉARA Fuist, táim ullamh. BRIAN A cailleadh dá dheasca san. Anois, tá an bia leagtha amach agam, agus mura n-íosfaidh mo mháistir é, raghaidh mé abhaile agus soláthróidh mé dá thórramh, mar nach fada uainn é. MÉARA Is é mo sheans-sa é. BRIAN Abair leat is ná dein paidir chapaill de. MÉARA [ag druidim gar do Sheanchán] A Ollaimh Éireann, mise Méara do bhailese, Cinn Mhara. Tháinig mé chugat chun a rá leat go bhfuilimid ar fad anbhuartha i dtaobh an aighnis idir tú agus Rí an Ghoirt, buartha fútsa atáimid, a chathróir oirirc agus buartha faoinár mbaile beag féin. [Baintear stad dó agus déanann a cheann a thochas]. Cad a thagann ina dhiaidh sin? Rud éigin faoin Rí. BRIAN Lean ort, tá an bia leagtha amach dó, agus b’fhéidir nuair a bheidh deireadh ráite agat go n-íosfadh sé greim de. MÉARA Bog breá, a dhuine. AN CHÉAD BHACACH T’rom blaiseadh de, ní mhaífeadh sé orm é.

100


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 101

AN DARA BACACH Iad siúd a bhfuil a ngéaga acu lig dóibh bás a fháil den ocras más maith leo, ní mór dúinne cuimhneamh ar an mbolg a thug Dia dhúinn. MÉARA Fuist! Tá agam. Dúradh go raibh an Rí thar a bheith cairdiúil, agus bhí cúis mhaith againn a shamhlú go mbronnfadh sé na tailte féaraigh sin orainn a bhfuil géarghá againn leo, go deimhin tá an féar chomh tearc sin go mbíonn na lomairí amuigh le sceana is iad ag lomadh leo idir na clocha. Níor iarramar aon ní nach raibh réasúnta. Iarraimid ort ar mhaithe leis an mbaile gar a dhéanamh don Rí agus ansin b’fhéidir go ndéanfadh seisean gar dúinne; níl aon ní á iarraidh again nach bhfuil réasúnta. SEANCHÁN Réasún, Ó níl aon easpa réasúin ort. Ach tá d’fholt buí bán agus níl mórán fiacla id cheann. Conas go bhfuil an fhaid sin caite agat ar an saol seo is gan dul amach agat ar an réasún? BRIAN [ag iarraidh an Méara a tharraingt i leataobh] Cad is fiú an méid sin go léir a rá leis; nach rabhthas ag réasúnaíocht leis an lá ar fad? Ní hionadh go bhfuil sé bréan de. Tá bia ullamh agam dó. MÉARA [Brúnn Brian uaidh]. Breá bog a deirim. Is beag do mheas ar an mbaile, is léir. Druid amach uaim. [Le Seanchán]. Níor mhaith linn go gceapfá dá thromchúisí iad na cúraimí seo ní tromchúisí iad dar linne ná beatha agus sláinte an té a

101


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 102

bhfuilimid chomh bródúil sin as agus a thuilleann cáil dár mbaile. Impímid ort dá réir sin géilleadh ós rud é nach fiú sifín cocháin é mar scéal, scéal maoithneach, sin uile, i dtreo is go mbeimid bródúil asat go brách. [Cuireann clabhsúr ar an óráid sin go poimpéiseach, sméideann chuig Brian chun an bia a thabhairt anall, agus suíonn ar an suíochán]. BRIAN A Mháistir, ith é seo, ní bia rí é a réitíodh do mhadraí an bhaile. Seo dhuit arán eornan as oigheann d’athar aguis duileasc as Dúras. Seo an duileasc, a mhórgacht, tá sé folláin agus dea-bhlas an tsáile air. [Tógann an duileasc i lámh amháin agus an t-arán sa lámh eile agus cuireann i lámha Sheancháin iad. Léiríonn gluaiseachtaí Sheancháin an meas atá aige ar Bhrian.] AN CHÉAD BHACACH Tá sé tógtha aige is ní bheidh pioc fágtha. AN DARA BACACH A shaghas féin a bhí uaidh. Cad is mil ann don chat, arbhar don ghadhar, nó úll glas do thaibhse na cille? SEANCHÁN [an bia á bhrú ar ais i lámha Bhriain aige]. Ithse féin é, a sheanduine; chuiris aistear fada díot agus tharlódh sé nár ithis puinn ar an slí. BRIAN Conas d’íosfainn, a dhuine uasail, is tusa stiúgtha? Is ó d’athair é. Chaoin sé mar nár fhéad sé teacht toisc a chnámha a bheith righnithe agus d’iarr sé orm a rá leat go bhfuil an aois tagtha air agus gá aige leat, go mbeidh daoine

102


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 103

ag síneadh méire ina threo agus nach mbeidh sé in ann a chloigeann a ardú má dhiúltaíonn tú don Rí, gur thug sé togha na haire dhuit le linn d’óige agus is cuí go dtabharfá aire dhósan anois. SEANCHÁN Cad dúirt mo mháthair? BRIAN Ní raibh teachtaireacht ar bith ó do mháthair mar nuair a dúradh léi go rabhais-se chun bia a shéanadh ar mhaithe le ceart ársa na bhfilí, is é dúirt sí, ‘Ní dhéanfaidh teachtaireacht ar bith aon mhaitheas. Ní thig linn é a athrú,’ agus isteach léi ansin gur luigh siar ar an leaba agus gur iompaigh a haghaidh ón solas. [Sos.] Seo dhuit uibheacha colúir ó Dhúras agus is iad do chearca féin a rug na huibheacha seo. SEANCHÁN Teachtaireacht ar bith uaithi. Tá aithne ag ár máithreacha orainn, bhí aithne acu orainn sular rugadh sinn, agus sin an fáth gur fearr an aithne atá acu orainn ná na leannáin sin ar luíomar ina n-ucht. Abair leo go raibh an ceart ag mo mháthair, abair leo an méid sin, abair leo go raibh aithne aici orm. MÉARA Cad atá á rá aige? Bá bá caorach nó bladar baird, sé an dá mhar a chéile iad. [Tagann anall ón suíochán. Iompaíonn Seanchán uaidh] Níor chualaís, is dócha, agus tú chomh minic sin as láthair, i dtaobh líon na mbeithíoch a cailleadh an geimhreadh seo d’imigh tharainn cheal féir agus faoi mar a leath tinneas go

103


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 104

forleathan toisc gan aon ní eile le cur ina mbéal ag na boicht i gcaitheamh na dúluachra ach iasc leasaithe. BRIAN Bailigh leat agus fag fúmsa an áit, mar tá do shac folamh. MÉARA Bailiú liom ab ea? An mar sin is ceart labhairt liom? Nach mise an Méara? Nach bhfuil údarás agam? Nach fear ionaid an Rí mé? Freagair mé. BRIAN Taispeáin don phobal cad is rí ann; seanghnásanna, seannósanna, seanchearta a scrios. MÉARA Dar Naomh Colmán Beannaithe. AN CHÉAD BHACACH Sin obair an Rí duit, agus sin an rud ar mhaith leatsa a dhéanamh. AN DARA BACACH Cac-i-dtobar. AN CHÉAD BHACACH Iasc an áidh a róstadh. AN DARA BACACH Do bholg féin a líonadh leis, nuair is le haghaidh leigheas na gcraplachán é. MÉARA Nach dána an mhaise dhuit a ainm a lua, nach dána an mhaise dhuit labhairt amach in aghaidh an Rí!

104


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 105

BRIAN Nach dána an mhaise dhuitse é a mholadh! Ní ligfidh mé d’éinne é a mholadh ná aon rí eile a robálfadh mo mháistir. MÉARA Agus nach raibh gach ceart aige? Agus nach bhfuil gach ceart aige cloigeann do mháistir a theascadh, ós é an Rí é? Nó do chloigeannsa, nó mo chloigeannsa! Go maire an Rí! a deirimse, mar nár bhain sé an cloigeann dínn. Guigh fad saoil dó. BRIAN Fad saoil ab ea? [Is mar chantaireacht rithimeach is cóir na cúig óráidi a leanas a rá, nó iad ag ardú ina n-amhrán.] Ní ghuífidh éinne ar a shon, Casfaidh na gaibhne a gcuid inneonacha, Casfaidh na muilleoirí a gcuid rothaí, Casfaidh na feirmeoirí a gcuid cuigne, Casfaidh na cailleacha a n-ordóga, Go dtí go mbeidh sé briste basctha ina bhloghanna acu. MÉARA Dá mba thoil leis é Stracfadh sé an teanga asainn, Tharraingeodh sé an ghruaig amach asainn, Thuarfadh sé sinn mar ghamhna, Scoithfeadh sé sinn mar uain, Murach chomh lách caoin is atá sé. AN CHÉAD BHACACH Mallacht na mbocht air, Mallacht na mbaintreach, Mallacht na leanaí air,

105


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 106

Mallacht na n-easpag, Go dtí nach mbeidh ann ach seanmhuisiriún lofa! AN DARA BACACH Mallacht na roc air! Roic san áit a bhfuil na súile aige, Roic san áit a bhfuil an tsrón, Roic san áit a bhfuil an béal, Agus seandiabhal beag bídeach ag gliúcaíocht amach as gach roc díobh! BRIAN Is ní chanfaidh éinne ar a shon, Seilg ní dhéanfar ar a shon, Iascach ní dhéanfar ar a shon, Guí ní dhéanfar ar a shon, Is beidh na seacht mallacht air go brách na breithe. MÉARA Go maire an Rí, a deirimse. [Beireann Brian ar an Méara] Fóir orm! Fóir! BRIAN Sin mar a chanaimse don Rí. MÉARA Fóir orm! Fóir! Nach mé fear ionaid an Rí, nach mise atá i gceannas? BRIAN Is tú – is tú atá i gceannas. Sin an fáth a bhfuil greim agam ort.

106


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 107

AN CHÉAD BHACACH Táimid ag múineadh don Rí conas a bheith cineálta leis na boicht. MÉARA Fóir orm! Fóir! Fan go mbeimid i gCinn Mhara! AN CHÉAD BHACACH [Cosa an Mhéara á mbualadh aige lena mhaide croise] Buailfidh mise an rí rá as a chosa! [Síos na céimeanna leis an Seomairlín agus gach aon liú aige, ‘Ciúnas! Ciúnas! Ciúnas!’] SEOMAIRLÍN Cén callán é seo go léir ag na doirse, Tá móruaisle na tíre bodhar agaibh, An é gur glanadh amach gach clós feirme is gach fáir préachán Sa tír? AN CHÉAD BHACACH Sé an Seomairlín é. [Amach leis na bacaigh] SEOMAIRLÍN Pioctar suas an leaba iompair sin, is bailígí libh! Go beo! Nach bhfuil aon mheas agaibh Ar na céimeanna creimthe seo, an doras nach mór beannaithe seo, Trínar ghaibh achainígh is ríthe lena gcíos, Agus glóir an domhain ar a glúine i dtost? Nach bhfuil urraim agaibh don onóir is léir Do chách?

107


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 108

BRIAN Más ceadmhach dom an rud atá ar m’intinn a rá, Déarfainnse go mbeidh rath athuair ar an Rí Má ligeann sé dom mháistir a chearta a bheith aige. SEOMAIRLÍN Tóg do leaba iompair! Amach leat agus le do challán! Déan deifir, agus faightear teanga an chloig! BRIAN [An chuid deireanach den bhia á cur sa chiseán aige] Cén meas Atá ag na maithe is na móruaisle ar chearta Nach bhfuil airm laistiar díobh? [Treoraíonn an Seomairlín amach iad lena bhachall] MÉARA A thiarna, ní orm an locht. Is mé fear ionaid an Rí, agus is mar gheall air sin a d’ionsaíodar mé. BRIAN Tá ár bpaidreacha againn, ár mallachtaí is ár bpaidreacha, Agus tig linn dea-cháil nó droch-cháil a scaipeadh. [Brian á bhrú amach lena lámh ag an Méara. A aghaidh leis an Seomairlín an t-am ar fad, agus é ag cromadh a chinn. Brúnn an Seomairlín lena bhachall é.] MÉARA Níor éirigh linn iachall a chur ar an bhfile greim a ithe, a thiarna. [Brúnn an Seomairlín é lena bhachall] Is mór an onóir [brúitear arís é] – mór an onóir labhairt leat, a thiarna;

108


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 109

Ach aimseoidh mé an cailín atá sé chun a phósadh. Tá sí ar a slí, ach brostóidh mé í, a thiarna. Eadrainn féin, a thiarna [brúitear tuilleadh é], is cluanaí cliste í. Mór an onóir, a thiarna. Ó, ise an duine a dhéanfaidh é; Mar nuair a bhíonn an chiall amuigh, a thiarna, Déan dearmad ar éinne eile ach bean. [Brúitear arís é.] Mór an onóir, a thiarna [brúitear arís é] mór an onóir, mór an onóir! [Brúitear amach é, Brian á shá roimhe aige. Tríd an radharc seo ar fad, ó thús an achrainn, tá a aghaidh iompaithe ag Seanchán, nó i bhfolach ina chlóca. Le linn don Seomairlín a bheith ag caint, tháinig an Saighdiúir agus an Manach amach as an bpálás. Seasann an Manach ar bharr na gcéimeanna ar thaobh amháin, an Saighdiúir beagán níos ísle ar an taobh eile. Feictear na Mná Cúirte san oscailt i gcuirtín an pháláis laistiar den Saighdiúir. Seomairlín sa lár.] SEOMAIRLÍN [le Seanchán]. Bhuel, caithfidh go bhfuil tú sásta mar tá do chuid oibre Tar éis an ghramaisc a ghríosú in aghaidh an Rí, Agus a údarás a ghoid uaidh. Is geall le tigh Dea-riartha deabhóideach é an Stát Inar cailleadh go tobann máistir an tí Agus na searbhóntaí i ngleic lena chéile nuair a bhuaileann an spreang iad, Is mionghadaíocht ar siúl acu abhus is thall. [Sos. Ní fhreagraíonn Seanchán]. An mó lá eile A bheidh tú in adharca leis an Rí,

109


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 110

Is le huaisle an Rí, is liom féin, is le cách, Nuair b’fhearr leo bheith mór leat dá ligfeá dóibh. [Ag dul níos cóngaraí don Mhanach] An ndéanfá iarracht ar dhul i bhdfeidhm air, a Athair. Ní thig liom freagra a fháil uaidh, fós féin, Dá ndéanfadh an lámh chuí beatha a thairscint dó, Cá bhfios ná go nglacfadh sé léi. MANACH Go deimhin muise ní dhéanfaidh. Tá an iomarca seanmóirí tugtha agamsa Inar damnaíodh samhlaíocht mhacnasach na bhfili Chun a bheith ag cuimilt meala anois leis. Má théann an t-uabhar is an t-easaontas saor ó phionós Cé a bheidh umhal? SEOMAIRLÍN [ag dul go dtí an taobh eile den Saighdiúir]. Dá labharfása leis, Ní bheadh sé ródheacair dul i gcion air, Is a bhfuil de dheamhain ocrais ag cuidiú leat. SAIGHDIÚIR Ní bheidh aon bhaint agam leis an scéal, agus más trúig bháis dó A cheanndánacht agus a dholúbthacht, Bliain mhaith ina dhiaidh! SEOMAIRLÍN Caithfidh duine againn é a dhéanamh. Tharlódh sé, a mhná, dá raghadh sibh chun réasúin leis, Go n-íosfadh sé greim, mar táim den tuairim Má tharraingíonn sé anachain ar an Rí,

110


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 111

Nó ar theaghlach an Rí, go mbeimidne mar a bheadh línéadach An tsamhraidh ann ar theacht an gheimhridh. AN CHÉAD CHAILÍN Ba mhó an t-ionracas a dhéanfaí leis Dá ndéanfadh Peadar é. AN DARA CAILIN Téigh chun cainte leis, a Pheadair. Áitigh air greim a chur ina bhéal; níl ann ach an scáil. AN CHÉAD CHAILÍN Ní thig linn damhsa a dhéanamh. Níl cláirseoir ann a chorródh téad dúinn. AN DARA CAILÍN Néal ní fhaighim ach ag smaoineamh ar a aghaidh. AN CHÉAD CHAILÍN Agus is deise liom damhsa thar aon ní eile. AN DARA CAILÍN Ná bí dian orainn; inné Bhí bean ag gabháil an bhóthair is nár chaith sí clocha liom. Níor mhaith leat go n-imreofaí bás orm le clocha? AN CHÉAD CHAILÍN Nach bhfuil cead agam damhsa a dhéanamh? SAIGHDIÚIR Ní dhéanfaidh mise faic. Tá sé curtha amach agaibh, Agus ós amhlaidh atá, bíodh sé amhlaidh. AN CHÉAD CHAILÍN Déan ar mo shonsa é, a Pheadair.

111


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 112

AN DARA CAILÍN Is ar mo shonsa. [Nuair a labhrann na cailíní faoi seach tógann duine acu lámh Pheadair ina lámh dheas agus cuimlíonn a ghéag lena lámh chlé. Fad is atá géag leis á cuimilt ag an Dara Cailín, scaoileann an Chéad Chailín dá greim agus tugann an mhias dó.] SAIGHDIÚIR Bhuel, bhuel; ach ní sa tslí agaibhse é. [Le Seanchán] Seo cothú dhuit. Iompraíodh ó bhord atá rómhaith Do do leithéidse é agus táim á thairiscint duit Mar gur dhein na mná seo pleota dhíom. [Sos] Is mian leat diúltú dhó? Níl sé uait? Fágfaidh mé ann é, féadann tú an blas a bholú. Bí á smúradh, a sheanghráinneog, oscail tú féin amach! Dá mba mise an Rí, chuirfinn iachall ort Le sifíní lasta. SEANCHÁN Is maith mar atáim baiste agat. Im luí atáim cuachta suas faoi na sceacha gioblacha sin Atá ar imeall na n-uiscí móra Ina n-imíonn an uile ní as, agus tá monabhair Cloiste agamsa ar deireadh gach fuaime iad. Lasmuigh den bheatha atáim; cuachta suas, fós féin, Más gráinneog atá ionam, ní osclóidh mé duitse A mhadra an Rí! Téigh go dtí an Rí, go dtí do mháistir. Crom síos agus croith d’eireaball, mar is dócha Nach bhfuil faic aige id choinne a thuilleadh, agus sílim

112


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 113

Gur cneasaíodh na leadhbanna sin ort ón mbascadh deireanach. [A chlaíomh tarraingthe ag an Saighdiúir] SEOMAIRLÍN [á chosc] Cuir do chlaíomh i dtruaill, a dhuine; i dtruaill, a deirim! Dá leagfá méar air Stróicfeadh an ghramaisc as a chéile thú. SAIGHDIÚIR Má táimid chun bladar Is peataireacht a dhéanamh leis is é a luascadh chun gáire, Bhí sé de cheart againn é a fhágaint ag an mbord. [Ag dul i leataobh is a chlaíomh á chur i dtruaill aige] SEANCHÁN Foighid ort go fóill, Mar tá cúpla bolgam den aer milis Le slogadh fós agam sula mbím chomh múinte Le dusta ar bith eile. SEOMAIRLÍN Tá éagóir déanta agat orainn, a Sheancháin. Níl éinne anseo nach bhfuil meas aige ort; Agus dá n-íosfá as an mias seo Léireodh an Rí duit méid a urraime duit. [Ag cromadh is ag miongháire] Cé a shamhlódh go ngoillfeadh sé chomh mór sin ort Bheith díbeartha ón gcomhairle? Táim suite dhe Dá ndéanfá do mhachnamh air Go dtuigfeá gurb iad lucht an dlí, Ceannairí airm an Rí, agus a leithéidí sin, Is ceart a bheith ann.

113


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 114

SEANCHÁN Tá duine éigin tar éis dallamullóg a chur ort. Nó b’fhéidir gurb iad do shúile féin a chuir breall ort, I dtreo is go raibh an chuma ar an scéal Gur díbríodh ón ardchomhairle mé. Sibhse a dhíbir Na híomhánna úd a mhúnlaíonn damhsa Ar bhruach na gceithre abhainn sa gharraí sléibhe. SEOMAIRLÍN Tá an fhilíocht ruaigthe againn a theastaigh uait a rá. Ach ní fíor sin go hiomlán, mar – faoi mar is eol duit – Tá filíocht cumtha agamsa. Agus is minic nuair a bhíonn an bord glanta, Agus na coinnle lasta, go nglaonn an Rí orm, Agus deinim í a aithris dó. Ní chuirfinn mo rannta Taobh le do dhántasa; ina dhiaidh sin is uile Nuair a thugtar ómós domsa, tugtar ómós áirithe chomh maith Don éigse. SEANCHÁN Bhuel, más file thú, Scairt amach nach gceannódh maoin an Rí An t-ór go léir a mhaisíonn is a bheannaíonn a chloigeann Murach gur thug filí ór air, is fiú Iníon bhocht na gealaí, an miotal is mílíthí amuigh Níorbh fhiú biorán é; scairt amach nach bhfuil aon neach beo A ghabhadh i measc na saighead go meanmnach Nó a shínfeadh lámh na féile, murach gur mhol Ár gceird mheisciúil suáilcí na caifeachta. Is nuair a bheidh deireadh leis an scéal, croith do chasóg Is na mionseoda uirthi ag lonrú, is abair, Gur chum tréadaí is é ina shuí san áit ar shatail na muca Gur chum amhrán faoi ríthe an aoibhnis Is iad chomh dea-ghléasta sin ba dhóigh leat Go mba lasracha iad, is mná i mbun na cuiginne

114


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 115

Is páistí cois tinteáin gur chanadar an curfá Is iad ag crónán leo gur chuala na táilliúirí é. SEOMAIRLÍN Dá n-íosfá rud éigin, gheofá amach Gur easpa bia is cúis leis na smaointe seo, Mar cuireann an t-ocras fiabhras orainn. SEANCHAN Scairt amach Nuair a ruaigtear sinn go dtagaimid arís Mar ghaoth mhór ón bhfásach Chun na boird a leagan; is luí ansin Ar thairseach an Rí Go mbeidh ár gcearta ársa arís mar fhilí againn. MANACH Níl sé le bogadh. Raghadsa go dtí an Rí, Agus tabharfaidh mé sólás dó ina chuid trioblóidí, Mar an fear úd thall tá a aghaidh go dúr ar an mbás. Fear is ea é a bhfuil an ghráin aige ar an umhlaíocht, Ar smacht agus ar dhea-iompar an tsaoil; Ní fhéadfainn é a chaoineadh. AN CHÉAD CHAILÍN Tusa is cúis leis an rírá. Tusa is cúis leis chun stop a chur lenár ndamhsa. Cén fáth nach mbeadh damhsa againn? Ní hé an Carghas é. Ach níl teacht ar phíobaire ná ar chláirseoir; Is ní bheidh go deo arís má chailltear é. Agus sin fáth d’imeachta. MANACH Cén saghas amaidí é seo?

115


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 116

AN CHÉAD CHAILÍN Bhuel, munar dhein tú é, labhair leis – Úsáid d’údarás; cuir iachall air a bheith umhal duit. Cén dochar atá sa damhsa? MANACH Fuist! Gread leat! Téigh go dtí na goirt is bí ag breathnú ar na báireoirí, Nó áit ar bith eile is mian leat. Ní cúram mná é seo. AN CHÉAD CHAILÍN Seo! Téanam ort! Níl faic anseo dúinn. MANACH Uabhar na bhfilí! Damhsa, iománaíocht, an tír lan de challán, An Rí is an Eaglais gan aird. A Sheancháin, Fágfaidh mé slán agat, mar is ag feo atá tú Dála gach n-aon a ligeann don tsamhlaíocht bhuile Iad a iompar mar is toil léi féin, agus ní dócha Go bhfeicfead d’aghaidh arís lem bheo. SEANCHÁN Druid i leith, druid i leith! MANACH Mian deiridh agat, an bhfuil? SEANCHÁN Crom síos, is mian liom é a rá id chluais. An Dia fiáin sin agat, a bhí chomh fiáin sin Nuair a ghlac tú le pá an Rí le déanaí, An bhfuil sé puinn níos ceansaithe? Chuir sé go leor trioblóide oraibh go léir.

116


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 117

MANACH Scaoil de m’aibíd! SEANCHÁN Ar áitís air Giolc a ligean idir dhá chúrsa Nuair a shuíonn an Rí chun boird? MANACH Scaoil de m’aibíd, a dhuine! [Trasna leis go lár an stáitse.] SEANCHÁN Is b’fhéidir gur fhoghlaim sé conas canadh go séimh Mar go gcuirfeadh canadh os ard cantal ar an Rí, Atá ina shuí go codlatach i bhfochair a chompánach Agus an bord glanta. Ní go fóill! [Tarraingíodh Seanchán cúpla troigh agus greim aige ar aibíd an Mhanaigh.] Níor thuigis go bhféadfadh lámha a bhí chomh lán sin d’ocras In ann greim docht a choinneáil. Nílid múinte fós. Bheadh a fhios agam é dá mbeifeá tar éis múineadh dó arán a ithe Ó lámh an Rí, agus tuirlingt ar a mhéar. Measaim gur ar lámh láidir an Rí a thuirlingíonn sé, Ach d’fhéadfadh go bhfuil sé fós rófhiáin. Ná traochadh do chuid oibre thú; is minic rí Traochta, agus bíonn gá aige le Dia Mar shólás dó. [Baineann an Manach a aibíd dá ghreim agus isteach sa phálás leis. Ardaíonn Seanchán a lámh faoi mar a bheadh éan tar éis tuirlingt uirthi. Ligeann sé air go bhfuil an t-éinín á chuimilt aige.]

117


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 118

Dia beag, Agus cleití compordacha aige, agus súile geala. AN CHÉAD CHAILÍN Ní bheidh damhsa ann níos mó lenár linn. Cé a sheinnfidh cláirseach nó fidil? Seo linn, níl aon leigheas againn air, Is breathnaímis ar an iománaíocht. AN DARA CAILÍN Fuist! Tá sé ag féachaint orainn. SEANCHÁN Sea, sea, chun na hiománaíochta, chun na hiománaíochta, Chun na hiománaíochta libh! Cruinnígí bhur sciortaí – Rithigí go mear! Is cuimhin libh scata amhrán grá; Aithním ar loinnir bhur súl é – Ach déanfaidh sibh dearmad orthu. Is cuid súl sibh. Is geal le bhur gcosa an rince, is geal le bhur mbéal An miongháire mall a dhúisíonn an tsearc. Is maith an chúpláil a dhein na máithreacha a thug ar an saol sibh. Is acu a bhí na cluasa beaga mar atá agaibhse Chun éisteacht le laoithe cumainn go leor. Chun na bhfear óg libh. Nach inmhianaithe iad an fheoil luisniúil, Na cliatháin chaola is na guaillí leathana? Imígí uaim! Níl faic le feiscint anseo agaibhse. Ach is mise a chanann i gcéin sibh – Bhur gcanadh chun na n-ógánach. [Tagann na Banphrionsaí óga amach as an bpálás. Fad a bhí sé ag caint bhí na Cailíní ag cúbadh siar agus greim láimhe acu ar a chéile].

118


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 119

AN CHÉAD CHAILÍN Bí ciúin! Féach cé a tháinig amach as an dtigh. A Bhanphrionsaí, táimid ag dul go gort na hiománaíochta. An dtiocfaidh sibh? AN CHÉAD BHANPHRIONSA Raghaimid leat, a Eibhlín. Ach ní mór dúinn cúpla focal a bheith againn le Seanchán, Mar thánamar chun tathant air ithe agus ól. SEOMAIRLÍN Sínfead chuige an mhias is an corn Fad is atá sibh ag caint leis faoina bhaois, Más mian leat, a Bhanphrionsa. [An mhias is an corn aige] AN CHÉAD BHANPHRIONSA Ní hea, Iompróidh Fionnuala an mhias is mise an corn. Déanfaimid féin é. [Tógann siad an corn is an mhias] AN CHÉAD CHAILÍN Nach modhúil iad. Tá na Banphrionsaí beaga chomh mánla modhúil sin. [Síneann an Banphrionsa a lámh amach chun go bpógfadh Seanchán í. Ní chorraíonn sé.] Bíodh is go bhfuil a lámh á síneadh aici chuige, Ní phógfaidh sé í. AN CHÉAD BHANPHRIONSA D’iarr m’athair orainn a rá leat

119


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 120

Bíodh is nach gceadófaí ag a bhord thú, Iarr aon ní eile is mian leat Agus tabharfar duit é. Lenár lámha féin Iompraímid chugat mias agus corn fíona. AN CHÉAD CHAILÍN Ó, féach! Tá sé tógtha aige! Tá sé tógtha aige! Mo ghraidhn iad na Banphrionsaí. Tá ráite riamh agam Nach dtig le héinne diúltú dóibh. [Tógann Seanchán an corn i lámh amháin. Lámh an Bhanphrionsa sa lámh eile aige ar feadh meandair]. SEANCHÁN A mhéara fada míne, a chrobh cailce Is fiú go maith do lámh rí neadú ann! Ó, a Bhanphrionsa na mbos geal, is cinnte Gur neamhchoitianta bán iad do dhá lámh. Ach ritheann smaoineamh liom, A Bhanphrionsa. Tamaillín sular rugadh thú Chonac do mháthair is í ina suí ar thaobh an róid I gcathaoir ard; is nuair a ghabh lobhar thar bráid, Threoraigh sí i dtreo an bhaile é. D’ardaigh seisean a lámh is bheannaigh lámh do mháthar – Chonac lem dhá shúil féin é. Sín amach do lámha; Gheobhadsa amach an bhfuil smál orthu, Mar ritheann sé liom anois go mb’fhéidir gur chuir an Rí bia chugam Is lámha truaillithe á iompar. Is mian liom gach lámh anseo a iniúchadh. Súile damhsóirí atá in bhur gcloigeann; ach sínigí amach bhur lámha, Mar tharlódh nach bhfuil éinne in bhur measc atá gan teimheal. [Na Banphrionsaí cúbtha siar le teann sceimhle]

120


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 121

AN CHÉAD BHANPHRIONSA Lobhair a thug sé orainn. [Tarraingíonn an Saighdiúir a chlaíomh] SEOMAIRLÍN Glan as a mheabhair atá sé, Ní thuigeann sé cad tá ráite aige. SEANCHÁN [Seasann sé]. Níl lámh slán in bhur measc – oiread is lámh Amháin slán. Imígí libh! Imígí libh go léir! Lobhair is ea sibh! Tá an lobhra Sna plátaí agus sna miasa atá á n-iompar agaibh. Is cad chuige fíon an lobhair a thabhairt dom? [Doirteann a bhfuil sa chorn ina n-aghaidh] Anois daoibh! Seo ar ais daoibh é. Imígí Anois nó fágfad mo mhallacht oraibh. Tá beannacht an lobhair agaibh ach is dóigh libh Nach mbeidh blas ceart ar an arán Go dtí go meascfar mo mhallachtsa sa taos. [Scaipeadh na mionéan orthu. Seanchán ag gúngáil i lár an stáitse.] Cad as a dtáinig an lobhra? As lámh lobhair a dúrt, Isteach leis na Bacaigh Agus gur ag siúl an bhóthair mhóir a bhí. Amaidí, Ag siúl in airde sa spéir a bhí sé. Agus is ann dó i gcónaí, is a lámh bhán Sínte amach as an aer gorm aige, á mbeannú go léir Leis an lobhra.

121


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 122

AN CHÉAD BHACACH Ag díriú ar an ngealaigh atá sé Agus í ag éirí sa spéir thall, agus deir sé gur lobhrach Atá sí mar go mbánaíonn solas an lae í. SEANCHÁN Tá a lámh ardaithe os cionn cách aige – An Rí, na huaisle, na banphrionsaí – á mbeannú go léir. Cé a shamhlódh an méid sin foighne leis? AN CHÉAD BHACACH [greim ar an mBacach eile aige]. Seo linn as seo! AN DARA BACACH [ag díriú ar an mbia] Mura bhfuil sé uait, a dhuine chóir, An dtig linn cuid de a ardú linn? [Trasna leo i dtreo an bhia agus os comhair Sheancháin] SEANCHÁN Cé atá ag labhairt? Cé sibhse? AN CHÉAD BHACACH Seo linn as seo! AN DARA BACACH Glac trua dhúinn, bacaigh a chaithfidh déirc a lorg Ó bhord go bord ar fud na cruinne go léir, Is fós atá ocrach. SEANCHÁN Ach conas a rugadh cam sibh? Cén drochfhile ar thug bhur máthair cluas dó Gur rugadh cam sibh?

122


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 123

AN CHÉAD BHACACH Seo linn! B’fhéidir go bhfuil an bia mallaithe aige, agus go bhfuil ár mbás ann. AN DARA BACACH Sea, b’fhearr dúinn bóthar a bhualadh. [Imíonn siad] SEANCHÁN [ag gúngáil agus ag labhairt go traochta] Nach aige atá an neart Is an mhórfhoighne chun a lámh a choinneáil mar sin, In airde, is gan crith uirthi. Is treise go mór é ná mé, i bhfad Éireann níos treise. [Síos leis ar an céimeanna. Tagann an Méara agus Fedelm isteach] MÉARA Tá spearabail anois air. FEDELM Sula luafaidh mé bia Nó deoch leis, tógfaidh mé as seo é. Mar ós ar an tairseach seo atá sé Agus é ag éisteacht, seans, leis na guthanna a dheineann ceap magaidh de, Ní éisteodh sé liomsa. MÉARA Ní hea, labhair láithreach leis. Brúigh an bia air fad is atá speabhraídí air Agus b’fhéidir go n-íosfadh sé i ngan fhios dó féin. [Amach leis an Méara]

123


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 124

FEDELM A Sheancháin! A Sheancháin! [É ag stánadh ar an spéir i gcónaí] Nach gcloiseann tú mé, a Sheancháin? Mise atá ann. [Féachann sé uirthi, go haislingeach ar dtús, ansin tógann sé a lámh] SEANCHÁN An í do lámhsa í, a Fhedelm? Ag féachaint ar lámh eile a bhíos, An lámh úd in airde. FEDELM Tháinig mé faoi do choinne. SEANCHÁN A Fhedelm, ní raibh a fhios agam tú a bheith ann. FEDELM Agus nach cuimhin leat gur gheallas Go dtiocfainn is tú a thabhairt abhaile liom Nuair a bheadh an fómhar istigh agam? Agus táim tagtha anois, Is caithfidh tusa teacht liom, ar an bpointe boise. SEANCHÁN Tiocfad, sea. Ach an bhfuil an fómhar istigh? Tá blas an tsamhraidh ar an aer seo. FEDELM Ach nach am níos fearr chun pósta é Corplár an tsamhraidh allta? Tar liom anois!

124


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 125

SEANCHÁN [Beireann greim ar a dhá rosta] Cé a mhúin sin duit? Mar is cinnte, Cé nach raibh a fhios agam go dtí aréir é, Nach féidir an pósadh, ardchéim na beatha, A dhéanamh i gceart is go hiomlán Ach in ardlaethanta na bliana. Bhíos im luí im dhúiseacht: Bhí mire tagtha ar sholas na réaltaí, Is bhíodar ag druidim níos cóngaraí, agus bhí a fhios agam Go rabhadar ar tí clabhtaí amuigh ar an mbán A phósadh, chun cine a shíolrú, Cine ba thréine ná cine ar bith go dtí seo. Ach tharla callán éigin istigh Is cuireadh an ruaig orthu. FEDELM Tar liom anois! Tá aistear fada romhainn, is tá sé ag dul ó sholas. SEANCHÁN Bhí na réaltaí tagtha chomh cóngarach sin dom Gur chuala a gcantaireacht. An cine mór a bhí acu á mholadh, Cine mórtasach, meidhreach, mínchneasach, An cloigeann go hard, an lámh is í ar oscailt agus lena ngáire Go mbeadh máistreacht ar an domhan acu. FEDELM Abair liom i dtaobh a gcuid amhrán Nuair a bheimid sa bhaile. Tá gá agat le scíth is cúram, Is gheobhaidh tú sin sa bhaile. Mar sin, brostaímis, abhaile linn.

125


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 126

SEANCHÁN Is cinnte go bhfuil trioblóid éigin anseo, Ach pé rud é nílim in ann cuimhneamh air. Agus níor mhiste fáil réidh leis. Cabhraigh liom. [Ag iarraidh éirí] Ach conas nach bhfuil mo dhaltaí anseo chun cuidiú liom? Téigh is glaoigh ar mo chuid daltaí, mar go bhfuil a gcúnamh uaim. FEDELM Tar liom anois, agus cuirfidh mé fios orthu, Mar tá seomra mór fairsing agam atá lán de leapacha Is féidir a chóiriú dóibh; is tá faiche mhín ann Dá gcluichí iománaíochta nó más mian leo duanta a chanadh Faoin gcrann úll. SEANCHÁN Is eol dom an ball úd: Crann úll, agus faiche mhín leibhéalta Don ógánach ar mhaith leis a chamán a luascadh. [Ag canadh] Is ann a ritheann ceithre abhainn Trí thalamh mhín réidh As tobar beannaithe a rith Tríd an machaire go séimh Is ann a sheasann crann úll Nach casta iad gach préamh! Is canann ann an t-am go léir Éanlaith gheal ón spéir. [Fedelm, suaite, clúdaíonn a súile lena lámha]

126


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 127

FEDELM Ní hea, níl ceithre abhainn ann, Parthas Ádhaimh ata á mholadh agat sna rannta sin. SEANCHÁN Is cuimhin liom anois, As dán a dheineas fadó fadó Faoin nGairdín atá sa Domhan Toir Is sprideanna i riocht éan ag plódú na ngéag Ar chrann fia-úll Ádhaimh. Tagann siad os mo chomhair anois, is tochlaíonn na torthaí Go craosach, agus iad chomh mór sin ar meisce Ag an mblas géar folláin sin, go bhfuil a gcleití Greamaithe dá chéile ag an sú. Ach tabharfaidh tusa chuig áit fháilteach mé, Is is mian liom dul ann gan mhoill. FEDELM [ag cabhrú leis éirí] Tar liomsa. [Siúlann sé go mall, le tacaíocht uaithi, go dtagann sé go dtí an bord] SEANCHÁN Ach cén lagachar é seo orm? An rabhas tinn? Cén fáth a bhfuilim chomh lag sin, a théagair? [Síos leis ar shuíochán] FEDELM [ag dul go dtí an bord]. Tumfaidh mé an píosa aráin seo sa bhfíon, Is tabharfaidh sé sin neart duit i gcomhair an aistir. SEANCHÁN Sea, tabhair roinnt fíona is aráin dom; sin atá uaim, Mar tá an t-ocras dom chnaí. 127


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 128

[Tógann sé an t-arán ó Fhedelm, moillíonn, ansin sánn ar ais ina lámh é]. Ní hea; ní ceart dom é a ithe. FEDELM Ith, a Sheancháin, Mar mura n-itheann tú é gheobhaidh tú bás. SEANCHÁN Cén fáth ar thug tú bia dhom? Cad a thug anseo thú? Nach raibh mo dhóthain trioblóidí agam Gan tusa a bheith sa mhullach orm? FEDELM Cogain an crústa seo, A Sheancháin, má tá grá agat dom. SEANCHÁN Ní fhéadfainn é a ithe – ach tá an méid sin thar d’eolas. A leanbh! A leanbh! Ní fhéadfainn é a ithe, fiú is an bás im ghaobhar. FEDELM [go paiseanta]. Níl a fhios agatsa cad is grá ann; mar dá mbeadh Bheadh gach aon smaoineamh eile ruaigthe as do cheann agat. Ach ní raibh grá riamh agat dom. SEANCHÁN [Beireann greim ar a rosta] Tusa, leanbh, Nach bhfaca fear ach tríd an bhfuinneog, Deir tú liom nach eol dom cad is grá ann, Is nach bhfuil grá agam duit? Nach ndúirt mé

128


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 129

Go raibh mire i solas na réaltaí I gcaitheamh na hoíche go léir, agus go raibh an oíche Lán de phóstaí? Ach tá an choimhlint sin thart Is tá deireadh ar fad leis sin, agus ní mór dom bás a fháil. FEDELM [a lámha aici á gcaitheamh timpeall air]. Ní scarfar sinn, cé go measaim Nach maífinn ort é dá mbeadh bean uasal éigin, Dá mbeadh iníon an Rí tar éis do leaba a chóiriú. Ní thógfaidh an bás uaim thú; ní thógfaidh! Agus nach fearr iad na géaga geala seo is an muineál mín seo Ná an chré dhonn? SEANCHÁN [ag streachailt chun é féin a shaoradh]. Imigh uaim! Tá feall sna géaga sin, sa ghuth sin. Táid uile im choinne. Cad é fáth do mhoilleadóireachta? Cén fhaid eile a chaithfidh mé féachaint ort? FEDELM Ó, a Sheancháin! A Sheancháin! SEANCHÁN [ag éirí]. Imigh leat pé áit is mian leat, Fad is go seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann. Caithim uaim thú mar sheanchaipín stróicthe, Mar bhróg bhriste, lámhainn gan mhéar, Pingin cham; pé acu is éadairbhí.

129


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 130

FEDELM [briseann a gol uirthi] Ó, ná tiomáin uait mé! SEANCHÁN [á breith chuige] Cad atá ráite agam, A cholúir na coille? Bhíos chun tú a mhallachtú. Buile ab ea é. Tarraingím siar é. Ach ní mór duitse imeacht. FEDELM Lig dom a bheith le do thaobh. Beidh mé umhal duit mar chéile eile ar bith. Lig dom luí ag do chosa. SEANCHÁN Tar níos cóngaraí dom. [Pógann í]. Dá mbeinn tar éis ithe an uair sin, a ansacht, Ba bhoichte amach anseo Póg na slóite. [Tagann an Rí isteach ón bpálás, an dá Bhanphrionsa á leanúint] RÍ [le Fedelm] An bhfuil ite aige fós? FEDELM Níl, a Rí, agus ní íosfaidh go mbeidh ceart na bhfilí Tugtha ar ais agat dóibh.

130


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 131

RÍ [ag teacht anuas agus é ina sheasamh os comhair Sheancháin] A Sheancháin, tá diúltaithe agat Do gach teachtaire atá curtha chugat agam, agus anois Seasaimse féin os do chomhair. FEDELM Tar níos gaire, a Rí, Tá sé chomh lag sin anois nach gcloiseann sé do ghlór. RÍ A Sheancháin, cuir uait an t-uabhar mar atá an t-uabhar Curtha uaim agamsa. Ní fada ó shin ó bhí grá Agat dom, agus anois tá beartaithe agat guth A lonnú cois tinteáin i ngach bothán sa tír, Agus i lár na hoíche nuair nach léir cad as don ghuth sin Screadfaidh sé i m’aghaidh go mbeidh mo ríocht ar lár. Is fós má ghéillim, maslóidh mé na cúirteoirí Is na huaisle go léir Is bainfear díom an choróin. Cad ba mhaith leat go ndéanfainn? SEANCHÁN Cathain a gheall na filí sábháilteacht, a Rí? RÍ A Sheancháin, tugaim arán chugat i mo lámha féin, Is iarraim ort é a ithe ar na cúiseanna sin go léir, Agus as siocair go bhfuil grá agam duit. [Cuireann Seanchán an t-arán uaidh le lámh Fhedelm]. Tá diúltaithe agat, a Sheancháin? SEANCHÁN Tá diúltaithe againn.

131


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 132

RÍ Bhíos foighneach, cé gur rí mé, Agus slite agam chun iachall a chur ort. Ach tá deireadh leis sin, Agus níl ionam ach rí, is tusa id ghéillsineach. A uaisle is a chúirteoirí, tugtar na filí i láthair; Isteach le Mná na Cúirte, an Manach, an Saighdiúir, an Seomairlín, agus Cúirteoirí le Daltaí agus adhastair timpeall a muiníl. Bíodh agat. Bhíos-sa im fhear, Agus croí fir ionam, ach is rí anois mé go hiomlán arís. Labhraigí le bhur máistir; impígí air bhur mbeatha a shábháil; Taispeáinigí dó an t-adhastar atá timpeall bhur muiníl. Más dúr docht daingean ina thaobh atá sé, gheobhaidh sé bás; Ach gheobhaidh sibhse bás ina theannta. [Suas na céimeanna leis] Impígí ar son bhur mbeatha! Tosaígí, níl mórán ama agaibh. Tosaíodh an dalta is sine. DALTA IS SINE Fógair led bhás, a Sheancháin, ceart na bhfilí. RÍ Ciúnas! Tá tú chomh mór ar mire le do mháistir. Ach an garsún óg, an té is óige oraibh, de réir dealraimh, Labhradh seisean. Téigh ar do ghlúine roimhe, a bhuachaill; Ardaigh do lámha chuige chun go stracfá Do mhuineál lachtbhán ón gcnáib. DALTA IS ÓIGE Fógair led bhás, a Sheancháin, ceart na bhfilí.

132


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 133

SEANCHÁN Gabh i leith chugam chun go n-aithneoinn aigthe Thar a chéile is chun go leagfainn mo lámh oraibh. Is mó ná daoine muinteartha liom sibh, is mó ná leanaí, Mar is ónár bhfuil a eascraíonn leanaí Is ár laigí go léir iontu. A ghearrcacha, a ghearrrcacha bhéal neide! A chothaigh mé faoim sciatháin Is a bheathaigh le m’anam. [Seasann sé is siúlann síos na céimeanna] Níl cúnamh uaim. Níl cúnamh ón té a bhfuil an ríméad tar éis é a ardú Mar a bheadh beithíoch míorúilteach as Eisícéil ann. Ag an bhfear a chailltear a bhíonn an chuid is fearr den scéal Is déanfaidh mise seacht magadh faoin íomhá úd thall, Pictiúr an oilc san fhirmimint – ní hea, ní hea! Tá mo neart go léir agam arís, sáród sa stánadh é. Ó breathnaígí an ghealach sin in airde Faoi sholas gorm an lae – tabhair faoi deara a lí, Mar sí báine na lobhra í Agus is ón ngealach a thiteann An galar a chránn an domhan. Nuair a bheadsa is iadsan imithe Ba chóir sinn a iompar go teamhair sceirdiúil éigin Is sinn a fhágaint inár luí tamall, aghaidh-nocht Chun go dtuigfidh cách is an lobhar thall ansin Go ngáireann an aghaidh mharbh. [Titeann sé agus leathéiríonn ansin] A Rí! A Rí! Gáireann an aghaidh mharbh. [Faigheann sé bás] DALTA IS SINE A Rí, tá sé marbh;

133


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 134

Líonadh a chroí le smaoineamh ait caithréimeach éigin Is phléasc le háthas, Ba ró-uasal don saol seo é Is sinne a stánann air éirímid dealraitheach leis agus is gráin linn Na soicindí a thagann idir sinn is an bás úd Atá geallta agat dúinn. RÍ Ardaítear a chorp. Téigí pé áit is mian libh, leagaigí síos in bhur rogha áit é, I dtreo is nach bhfeicfidh mé a chuntanós Ná éinne a chaoin chun a bháis é. DALTA IS ÓIGE Gáireann an aghaidh mharbh! Tá an ceart ársa ar ceal, maireann an ceart nua, Agus sé an bás é. [Siúlann i dtreo an Rí agus a n-adhastair sínte amach acu] Daoine mífhoighneacha is ea sinn, Mar sin tóg na hadhastair i do lámha. RÍ. Comáintear chun siúil iad. [Isteach sa phálás leis. Seasann na Saighdiúirí sa tslí ar na Daltaí]. SAIGHDIÚIR Ní háit daoibhse é seo, Mar tá deireadh leis siúd anois is lena mhóiréis. Imigí sula nglaoitear ar an ngarda armtha Chun sibh a scaipeadh. DALTA IS SINE Tógtar a chorp Is scairtigí amach: ó ruaigeadh ón doras plódaithe é,

134


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 135

Go bhfuil sé sa tóir anois ar uiscí is ar éanlaith an tsléibhe Chun cuid dá n-uaigneas san a éileamh. [Déanann siad leaba iompair le clóca agus bachalla nó úsáideann siad an ceann ar a raibh an bia i dtús an dráma]. DALTA IS ÓIGE Is scairtigí ó baineadh a cheart ársa de, Gur baineadh de a shuan; dá réir sin Éilíonn sé an sliabh mar thocht is mar philiúr. DALTA IS SINE Is gheobhaidh sé a shuan ansin beag beann Ar chlaochlú an domhain atá ag dul ó mhaith, Is gan aon athrú ar éamh an chuirliúin. [Ardaíonn siad an leaba iompair ar a nguaillí agus bogann cúpla coiscéim ar aghaidh] DALTA IS ÓIGE [comharthaí á dtabhairt aige dóibh éirí as] Bíodh ceol Caithréimeach ann; canaigí os ard, San am a thiocfaidh beannófar gach a mbeannaigh seisean Damnófar gach a ndamnaigh sé. DALTA IS SINE Ní hea, ní hea, bígí ciúin, Nó baintear ceol sollúnta as na sreanga. Níl i dtagairt don chaithréim ach éagóir ar a anam mór. DALTA IS ÓIGE A throimpéada airgid, in airde libh Is scairtigí chun an chine mhóir atá le teacht. A ealaí na bpíob fada ar thonntracha an ama Canaigí os ard, chun go gcloisfidh an cine sin Lastall de mhúr an domhain ár sians, is go ndúiseoidh siad.

135


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 136

DALTA IS SINE [comharthaí á dtabhairt aige do na ceoltóirí a dtroimpéid a ísliú] Ní hé an ní a fhágann sé ina dhiaidh sa solas Ach an ní a thugann sé leis chun na dorchachta A ardaíonn an t-anam; níl laoi ann ná blosc stoic A ghairmfeadh ciníocha ón domhan meata Chun éagóir a mhaitheamh ná chun smál a fhágaint Ar uaigneas an mhór-anama a leanaimid chun an tuama. [Amach le Fedelm agus na Daltaí, an leaba á hiompar acu. Goltra á seinm ag cuid acu]. A Chríoch

136


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 137

Ag lorg an Díthreabhaigh is gan teacht air Jia Dao Faoi bhun na ngiúiseanna Fiafraím den gharsún é. Ar seisean: ‘D’imigh mo Mháistir Chun luibheanna a bhailiú, Ní heol dom ach gur ar an sliabh seo atá sé Ach tá na scamaill ródhomhain chun a rá go beacht cén áit’.

137


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

10,000 Wu Men Deich míle bláth san earrach, gealach an fhómhair, leoithne fhionnuar an tsamhraidh, sneachta sa gheimhreadh Mura bhfuil ceo na nithe neamhriachtanacha ar d’aigne sé seo an séasúr is fearr de do shaol

138

Page 138


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 139

Trí Dhán Dogen 1 Meán oíche. Gan tonn ar bith, gaoth ar bith, líontar an bád folamh le solas na gealaí 2 Ag teacht is ag imeacht dóibh, ní fhágann na héin uisce rian ar bith, slí ar bith ní leanaid 3 Ní stopfad fiú cois abhainn an ghleanna ar eagla go raghadh mo scáil faoi dhéin an domhain

139


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 140

Caoineadh Mei Yaochen Tar éis duit teacht abhaile liom Níor ghearán tú riamh go rabhamar beo bocht. Inár suí go meán oíche is thairis Ní bhíodh bricfeasta againn go dtí am lóin. Picilí á n-ithe againn ar feadh naoi, deich lá, Is bheadh feoil thíortha ansin againn. Soir is siar le hocht mbliana déag, Roinneamar an mhilseacht is an domlas. Mheasas go mairfeadh ár ngrá céad bliain, Níor shamhlaíos riamh go dtiocfadh an tráthnóna go n-imeofá. Is cuimhin liom go glé do sheal deireanach abhus: Rug tú orm, ach níor tháinig na focail chugat. Cé go bhfuil an cholainn seo beo i gcónaí Ní fada go mbeimid inár ndusta le chéile.

140


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 141

Labhramar faoi choim Rumi Labhramar faoi choim Mise is an saoi. Nocht rún an tsaoil dom, ar mé, Fuist, ar sé. Lig don gciúnas Rúin an tsaoil a nochtadh dhuit.

141


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 142


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 143

Innéacs na gCéad Línte Baineadh preab asam mo chuilt is mo philiúr bheith chomh fuar . . . . . . . 1 Meandar amháin is ea an tsíoraíocht . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 2 Chodlaíos an mhaidin earraigh seo is chailleas breacadh an lae . . . . . . . . 3 Nuair a bhíonn an aigne ag síorghluaiseacht . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 4 Glaonn m’anam amach . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 5 Cosán cúng gruama go dtí crann an teampaill . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 6 Draoi an Domhain cruthaíonn an chruinne . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 7 An brón ar aghaidh ar bith . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 8 Féach mar a mhúnlaigh foirfeacht na Slí mé!. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 9 Ní bháitear an t-iasc san uisce . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 10 Ní heol don cheolaire . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 11 Ceiliúraim mé féinig. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 12 Míle cnoc, ach níl éan ar bith ag eitilt . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 13 Is ann don domhan ba dhóigh leat. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 14 Labhair éan tí le héan fiáin lá . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 15 Mar scáthán im lámh. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 16 Bhí an manach Jang Ku-Song. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 17 Tá’s agam gur suarach é mo bhothán ceann tuí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 18 I dtosach . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 19 Ag breathnú ar an ngealaigh. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 21 A Dhé an róid . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 23 Is glé é aer an fhómhair . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 24 Duine ab ea Subhuti a thuig cad is folús ann. Bhí sé lá is a aigne . . . . . . 25 Lá amháin chuir dalta ceist ar a mháistir . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 26 Thug ollamh ollscoile cuairt ar mháistir Zen. Réitigh an máistir . . . . . . 27 Bhí beirt dheisceabal ag féachaint ar bhratach a bhí ag foluain le gaoth. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 28 Chuaigh dalta chuig a mháistir rinnfheithimh agus ar seisean . . . . . . . . 29 Chuir an t-impire fios ar mháistir Zen.. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 30 Bhí cailín ann uair amháin a luigh le fear – cén mhaith é a shéanadh, luigh sí leis, luigh seisean léi, nach cuma – agus nuair a fuair a

143


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 144

tuismitheoirí amach go raibh sí ag iompar, bhí siad i bhfeirg léi. . . . . . . 31 Bhí a mbabhlaí á ní san abhainn ag beirt mhanach. . . . . . . . . . . . . . . . . . 32 Nuair a chonaic na gardaí gur manach Zen a bhí ann, ligeadar Shinku isteach sa phálás. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 33 Chuaigh Chuang Tzú agus a chara ag siúl cois abhann. . . . . . . . . . . . . . . 34 Thug Ikkyu, máistir Zen, thug sé cuairt ar Ninakawa sular cailleadh é. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 35 Bhí Banzan lá sa mhargadh nuair a chuala sé búistéir agus custaiméir ag caint lena chéile. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 36 Bhí an bhean rialta Chiyo-ní ag déanamh staidéir ar Zen faoin máistir Bukko ach is beag dul chun cinn a bhí á dhéanamh aici.. . . . . . . 37 Chuaigh beirt mhanach ar oilithreacht uair amháin. . . . . . . . . . . . . . . . . 38 Bhí fear saibhir ann uair amháin agus d’iarr sé ar mháistir Zen rud éigin a bhreacadh síos a dhéanfadh maitheas dá chlann agus a spreagfadh na glúine nár rugadh fós. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 39 Níl i nádúr an Bhúda ach ainm eile ar an nádúr daonna, ár bhfíornádúr daonna. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 40 Ní gá gur . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 41 Nuair a nochtann mo Shearc . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 42 Is aon sinn mise is Eisean. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 43 Más mian leat cónaí ar shliabh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 44 An rud nach raibh riamh ann. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 45 Nuair a bheidh an ghealach go hard sa spéir . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 46 Shíleas nach raibh leannán fágtha domsa. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 47 Is suaite atá m’anam is é sa tóir ar an áilleacht . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 48 Éist le gach éinne, ach ná labhair siolla. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 49 Nuair a gheal an lá. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 50 Labhrann sé liom . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 51 A Ansacht . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 52 Fad is atá. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 53 Leag t’intinn os comhair scáthán na síoraíochta! . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 54 Ní gá bheith soir is siar ar nós na dtonn . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 55 Bí ciúin. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 56

144


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 145

“Déanfadsa iarracht a bheith mar atáid is a bheith im chiúnas-sa féin. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 57 Abair slán leis an réasún. Loisceann an Solas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 58 Impigh ar son an Ghrá. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 59 Tá mo bhriathra. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 60 Creidimse i reiligiún . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 61 A Éanna uasail, le fuath don saol seo . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 62 Ar an slí chun Dé . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 63 E ho mai . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 64 Conas a tuigeadh dom gurb é an tost teanga an ghrá?. . . . . . . . . . . . . . . . . 65 Damhsóir ag féile an ghrá í an ghealach. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 66 Tá na mílte bréaga iontacha agam . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 67 Dúradán deannaigh i solas na gréine mé.. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 68 Is ann do chomhthionól an tinfidh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 70 Go dúr ciotrúnta is ea a mhairim liom féin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 72 Chuir gach páiste aithne ar Dhia . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 73 I bhfad siar . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 74 a ghé, a ghé fhiáin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 75 D’éag na gaotha ach leanann na blátha dá dtitim . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 81 A thaitneamh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 82 Uaireanta ina gcraiceann, uaireanta as a meabhair . . . . . . . . . . . . . . . . . 83 Tusa a bhfuil. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 84 Fiú an té ata sona. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 85 Cad is gáire ann? Cad is gáire ann? . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 86 Éist, a chara, sé an bóthar seo ná an croí á oscailt . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 88 Faoi bhun na ngiúiseanna . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 137 Deich míle bláth san earrach . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 138 Meán oíche. Gan tonn ar bith . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 139 Tar éis duit teacht abhaile liom . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 140 Labhramar faoi choim . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 141

145


Guthanna Beannaithe 2:Layout 1

20/10/2009

14:22

Page 146


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.