FIOS
FEASA
COLÁISTE
AN
PHIARSAIGH
EAGRÁN
NA
NOLLAG
2002
Ar chlé: Jessica Ní Dhubhaill, Tomás Ó Drisceoil agus Laura Ní Dhálaigh, foireann díospóireachta shinsir na scoile a ghlac páirt i gComórtas Díospóireachta Ghael-Linn i nGleann Maghair le déanaí. D’éirigh leo an freasúra a chloí agus anois raghaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.
Thall, ar chlé: Conall Ó Riain agus Laura Ní Dhálaigh a bhuaigh an dara babhta i gComórtas Díospóireachta an ‘Philosoph’ a bhí eagraithe ag Roinn na Fealsúnachta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. An rún ba ea: “That This House Would Abolish The Monarchy”. Bhíodar i gcoinne foirne ó Phobal Scoil Charraig Uí Laighin, St. Angela’s agus Coláiste Bhréanainn, Cill Áirne. Ghlac cainteoirí aonair páirt sa chomórtas chomh maith.
Thall ar chlé: Gillian Ní Fhiannacht-Laoghóg, Marguerite Bhreathnach agus Máille Ní Bhrádaigh a ghlac páirt i gComórtas Díospóireachta Shóisir Ghael-Linn le deanaí ar son Choláiste an Phiarsaigh. Thugadar an sway leo i gcoinne na Mainistreach Thuaidh agus raghaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile anois mar thoradh ar a gcuid oibre. Beidh siad I gcomórtas le Coláiste Choilm, Baile an Chollaigh amach anseo.
Lch. 13
Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.