Issuu on Google+

E ag r án 8 .6

B

18 S am h ai n 2013

Comharthaí Bóthair

hí cruinniú ag toscaireacht Chonradh na Gaeilge leis an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Leo Varadkar TD le déanaí, áit ar pléadh stádas na Gaeilge ar na comharthaí bóthair ó dheas, ceann de mhórfheachtas na heagraíochta le tamall de bhlianta anuas. Mar thoradh ar an gcruinniú seo, tá cuma ar an scéal go mbeidh an tAire Varadkar ag cur moltaí an Chonartha i dtaca le comharthaí bóthair nua ina mbeadh an Ghaeilge chomh mór agus chomh soiléir céanna leis an mBéarla - i bhfeidhm ar bhonn trialach. Ní bheadh aon chostas breise ag baint leis na comharthaí seo ós rud é nach mbeadh na comharthaí nua á gcrochadh go dtí go mbíonn cinn nua ag teastáil. Ach tá aineolas sna meáin agus ar na fóraim dhíospóireachta ar-líne mar gheall air seo agus tá go leor tuairimí diúltacha tagtha chun cinn mar fhreagra

ar an bpostáil a rinne an tAire Varadkar ar an ábhar ar Twitter. Ba mhór againn é dá bhféadfadh gach ball den Chonradh litir a sheoladh chuig

an Aire Varakar agus chuig eagarthóirí na nuachtán ag moladh na gcomharthaí nua, agus go deimhin ag moladh an Aire féin as an tiomantas atá léirithe aige chun cothromaíocht a thabhairt don Ghaeilge ar na comharthaí nua amach anseo. Rinne Garrett Reil ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD) taighde ar an ábhar, coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge, agus tá torthaí na hoibre s’aige ar fáil ar-líne: www.cnag.ie nó www.garrettreil.ie

SAN EAGRÁN SEO: 1. Comharthaí Bóthair 2. Gaeilge 24 2. Cabhraigh leis an gCiste! 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na dTuistí 5. Imeachtaí Oireachtais 5. Barrliosta na Leabhar 6. Litreacha ó Dhaidí na Nollag! 6. Pobail Tuaithe Inbhuanaithe 7. Gearrliosta na nGael 7. LaraeDó Ar Lasadh! 8. Aithris Amhránaíochta 8. Lárionad Chiarraí 9. Cúrsa Rith 2014 Seolta! 9. Cearta na Cairte 10. Critéir Teanga 10. Faillí Teanga na hEorpa 11. Dlítheangeolaithe De Dhíth 11. Seó Bóthair Spreagúil 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

1


G

Gaeilge 24

hlac níos mó ná 6,000 dalta scoile ó gach cearn den tír páirt i ndúshlán teanga darb teideal Gaeilge 24 agus iad ag labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair a’ chloig Dé Céadaoin, 13 Samhain 2013. Is tionscadal de chuid Bhliain na Gaeilge é an dúshlán náisiúnta seo, á riaradh ag Seachtain na Gaeilge, agus táthar ag tnúth gur féidir ócáid bhliantúil a dhéanamh de. Chláraigh níos mó ná 70 scoil breis agus 6,300 dalta

le Gaeilge 24 agus lorg siad urraíocht as tabhairt faoin dúshlán. Beidh gach brabús ag dul do Chiste na Teanga de chuid Chonradh na Gaeilge, a chuireann airgead ar fáil do thionscadail Ghaeilge cosúil le Seó Bóthair na meánscoileanna, Raidió Rí-Rá agus tionscadail éagsúla eile chun an Ghaeilge a spreagadh. Gach eolas: www.facebook.com/Gaeilge24 eolas@snag.ie

Cabhraigh leis an gCiste!

I

s eagras pobail deonach agus carthanacht cláraithe é Conradh na Gaeilge (CHY 3094). Is ann do Chiste na Teanga chun airgead a thiomsú d’obair na heagraíochta chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann. Táimid ag díriú go háirithe ar airgead a bhailiú i dtreo Chlár Imeachtaí 2014 – 2016 agus obair na gcraobhacha faoi láthair, agus tá Crannchur Mór na Nollag á reáchtáil againn chuige sin. Tá lóistín do dheireadh seachtaine na hArd-Fheise sa Heights Hotel, Cill Airne; ticéid cheolchoirme san INEC; dearbhán €100 don Siopa Leabhar; agus dearbhán €50 do Shiopa Bréagán Uí Ghairbhí, Ráth Caola, le buachan. Beidh an tarraingt ar siúl ar 13 Nollaig 2013 agus ba mhór againn dá mbeadh gach

2

ball den Chonradh sásta an-iarracht a dhéanamh 30 ticéad a dhíol idir seo agus 10 Nollaig 2013 (€2 an ceann / 3 cinn ar €5). Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar an mBailiúchán Náisiúnta freisin; beidh cabhair na gcraobhacha agus na mball aonair araon de dhíth uainn chun an leas is fearr a bhaint as an gceadúnas bailiúchán atá ag an gConradh ó dheas chun an méid is mó airgid a bhailiú um dheireadh seachtaine Fhéile Pádraig i mí an Mhárta 2014. Más féidir leatsa cabhrú, nó más féidir leat scoil nó club CLG áitiúil a eagrú chun an Bailiúchán a reáchtáil i gcomhar leis an gConradh, déan teagmháil leis an Ard-Oifig inniu! Teagmháil: mairead@cnag.ie +353 (0)1 4757401

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 12 Nol l ai g 2013


Nuacht Áitiúil

Áth Cliath omhlacht a reáchtálann turasanna siúlóide thart ar Fhaiche Stiabhna sa phríomhchathair is ea Siúl Tours. Bíonn turasanna ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus go dátheangach ó 2.15 – 3.30in Dé Sathairn. Kevin Hickey, aistritheoir cáilithe agus teagascóir Gaeilge, agus David Smith, iarthreoraí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, atá ina dtreoraithe le Siúl Tours agus is as Baile na nGabhar dóibh beirt. Teagmháil: siultours@gmail.com

C

Baile Locha Riach hí an-bhród ar phobal Gaeilge Oirthear na Gaillimhe nuair a bhain múinteoir ó Ghaelscoil Riabhach agus iardhalta dá chuid duais an duine ag Comórtais Liteartha an Oireachtais le déanaí. Bhuaigh Brian Ó Meacháin an chéad duais i gComórtas Cuimhneachán Aoidh Uí Ruairc leis an dráma An Dialann agus bhuaigh Muireann Ní Bhaoill an comórtas iriseoireachta do scríbhneoirí óga leis an alt nuachtáin Adele.

B

Béal Átha na Slua á comórtas scríbhneoireachta gearrscéil nua seolta ag Craobh Ghrealláin de Chonradh na Gaeilge. Beidh luach saothar €300 ag an mbuaiteoir agus is é Mícheál Ó Ruairc, scríbhneoir aitheanta, a bheidh i mbun moltóireachta. Is féidir iontrálacha a sheoladh chuig gearrsceal@eircom.net / Gearrscéal, 2 Radharc na Coille, Béal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe. Spriocdháta: 1 Feabhra 2014. Tuilleadh eolais: www.gearrsceal.com

T

Caisleán an Bharraigh á oíche mhór chainte, scléipe agus cheoil le Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha á eagrú ag Conradh na Gaeilge Chaisleán an Bharraigh le cabhair Thogra Mhaigh Eo san Welcome Inn ar an Máirt, 26 Samhain 2013. Tosóidh an oíche shiamsaíochta ar 8.00in agus

T

beidh sólaistí ar fáil. Saorchead isteach agus fáilte roimh chách! Teagmháil: +353 (0)94 9022444 / +353 (0)87 9781166 Corcaigh huir Gael-Taca tús le cruinnithe seachtainiúla dar teideal Tuistí i mí Mheán Fómhair chun freastal ar thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoileanna. Táthar ag súil go bhfaighidh tuismitheoirí an deis bualadh le chéile agus tuiscint a fháil ar na slite inar féidir leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile. Fáilte roimh chách! Teagmháil: www.gael-taca.com +353 (0)21 4310841

C

Port Láirge eirt dheartháireacha ón tSráidbhaile, a ghlac páirt sa stair pholaitiúil agus i stair litríocht na Gaeilge sa chontae, a bheidh faoi chaibidil ag an Ollamh Pádraig Ó Macháin ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ina chaint Tomás agus Micheál Ó hAthairne agus a gcuid Filíochta i Halla an Bharúnaigh sa tSráidbhaile, Co. Phort Láirge ar 8.00in oíche Aoine, 29 Samhain 2013 mar chuid de Thionól na nDéise. Tuilleadh eolais: www.waterfordcoco.ie

B

Ráth Chairn huir Comórtas Amhránaíochta do Dhaoine Óga tús le Féile na Mí oíche Aoine, 15 Samhain 2013, áit a raibh Comórtas Bodhráin agus seisiún ceoil agus amhránaíochta sa bheár i nGaeltacht Ráth Chairn. Reáchtáladh Comórtas Damhsa do Dhaoine Óga agus do Dhaoine Fásta De Sathairn, mar aon le Comórtas Amhránaíochta do Dhaoine Fásta. Chríochnaigh an tsiamsaíocht le ceol sa halla mór agus craic go maidin! Tuilleadh eolais: +353 (0)46 9432381 rathcairn@eircom.net

C

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

3


T

Gaeilge na Cruinne

á tionscadal nua seolta ag scoláirí ón gcúrsa Stair Dhomhanda na Gaeilge de chuid Áras Glucksman na hÉireann, Ollscoil Nua Eabhrac. Tá sí mar aidhm acu stair cheilte na nGaeilgeoirí i gcathair Nua Eabhrac san 20ú haois a nochtadh. Meastar go ndearna idir 54, 000 agus 75,000 Éireannach i Nua-Eabhrac cur síos orthu féin mar Ghaeilgeoirí i nDaonáireamh 1910 sna Stáit Aontaithe, an chéad daonáireamh inar bailíodh an t-eolas teanga seo.

Déanfar mionscrúdú ar an gcomhphobal labhartha seo sa tionscadal Irish Speakers & the Empire City, chun íomhá níos soiléire a sholáthar ar shuíomh na Gaeilge i Nua Eabhrac na linne sin. Díreofar an cuardach ar cheantar Chelsea sula leathnaítear ar cheantair eile na cathrach é, agus is féidir páirt a ghlacadh mar oibrí deonach ag www.nyuirish.net/irishlanguagehistory. Tuilleadh eolais: nicholas.wolf@nyu.edu

Teicneolaíocht na dTuistí @tuismitheoiri, ach is áis iontach é an heol Tuismitheoirí na Gaeltachta, suíomh gréasáin nua do na 110 teaghlach Spleanála Conamara feachtas eolais, togra ó chuile chearn de Chonamara atá teanga, agus suíomh idirlíon nua na heagraíochta ar www.tuismitheoiri.ie ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna 2013. Bunaíodh an grúpa sa bhliain 2011 le cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge i gConamara na Gaillimhe ó chonacthas do lucht a bhunaithe go bhfuil tuilleadh tacaíochta ag teastáil ón gcainteoir óg dúchais sa phobal Gaeltachta. Bíonn Siamsán na nÓg ar siúl acu uair sa mhí, d’eagraigh siad Campa Samhraidh Cumarsáide do Dhéagóirí i mí Iúil, agus tá súil acu Togra Cumadóireachta do Dhéagóirí a reáchtáil ag tús 2014. Tá an grúpa cheana féin ar na meáin shóisialta ar Facebook agus ar Twitter faoin ainm

4

cláraithe leo cheana féin. Ní hamháin sin ach tá acmhainní do thuismitheoirí á soláthar ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gCo. Chiarraí ar an suíomh Tús Maith ar www.tusmaithocd.ie freisin. Eagraíonn Tús Maith Grúpaí Súgartha, Cuairteanna Baile agus Scléip an tSathairn chun tacú le tuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus dóibh siúd ar mian leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Agus murab leor sin, tá an suíomh Is Féidir Liom ar www.isfeidirliom.ie dírithe ar Ghaeilge a mhúineadh do thuismitheoirí, agus Comhluadar ag tacú le tuismitheoirí ag tógáil clainne le Gaeilge ar fud an oileáin ar www.comhluadar.ie.

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 12 Nol l ai g 2013


Imeachtaí Oireachtais

S

na sála ar bhronnadh Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2013 i bPáirc an Chrócaigh sa phríomhchathair, thug saol na Gaeilge faoi Chill Airne, Co. Chiarraí chun Oireachtas na Samhna a cheiliúradh ó 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2013. Chuir Scléip na hÓige tús le clár na féile Dé Céadaoin agus lean na comórtais ardáin do dhaoine óga, seimineár agus siompóisiam foclóireachta, ócáid ómóis do Mhaidhc Dainín Ó Sé, comórtais cháilithe, agus seoladh oifigiúil na féile leis an

tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD Déardaoin. Bhí an tsiamsaíocht faoi lánseol Dé hAoine agus comórtais, seoltaí leabhar, seimineár léitheoireachta agus tionól bailitheoirí focal ar siúl. Roghnaigh an slua An Gaeilgeoir is Greannmhaire ag babhta ceannais chlár nua TG4 agus thug mic léinn faoi chóisir bhréagéide sular chuir Kíla agus aíonna speisialta críoch leis an oíche ag an gCabaret Craiceáilte. Bhí craobh dhíospóireachta, seirbhís mhachnaimh, Steip, Seimineár Chonradh na Gaeilge, comórtas Scrabble, cúirt fhilíochta agus Corn Uí Riada ar siúl Dé Sathairn, agus idir scéalaíocht, agallamh beirte, cheol, aithriseoireacht, dhreas cainte, lúibíní, amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós ar siúl ar feadh an ama. Go dtí Cill Airne 2014!

Barrliosta na Leabhar

Tá na cártaí Nollag dátheangacha landáilte, tá na béiríní Gaeilge tagtha ón Mol Thuaidh agus tá An Siopa Leabhar ullamh don Nollaig! Seo a leanas na hearraí is mó díolta atá déanta ag an bhfear leis an bhféasóg bhán é féin: Páistí agus Daoine Óga 1. Sraith Elie’s Books - Ciara Ní Dhuinn - Cló Mhaigh Eo - €7 2. Cúil Bheag Óg – aistrithe ag Gabriel Rosenstock - Walker Éireann - €8.50 3. Vroom Town - Emer Conlon - €10.50 4. Leanbh Nua - Olivia Golden - Cló Mhaigh Eo - €9 5. Cosa Beaga (sraith) - aistrithe ag Darach Ó Scolaí - Leabhar Breac - €5.97 Daoine Fásta 1. Leabhar Mór na nAmhrán Mícheál Ó Conghaile - CIC - €25 2. Splancanna ó Shaol Eile (le Féilire 2014) - Alex Hijmans - Cois Life - €14 3. Fuíoll Feá - Liam Ó Muirthile - Cois Life - €20 4. Leabhar Laethanta - Donla Uí Bhraonáin - Cois Life - €12 5. 1916 Seachtar Dearmadta - Aindrias Ó Cathasaigh - Coiscéim - €10 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie +353 (0)1 4783814 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

5


Litreacha ó Dhaidí na Nollag!

T

á an Nollaig ag teannadh orainn agus bhí glaoch speisialta ag foireann Chomhluadar ón Mol Thuaidh le déanaí! D’iarr an fear mór orthu cabhrú leis chun Scéim Ghaeilge na Nollag a chur i gcrích arís i mbliana, agus beidh Comhluadar ag cuidiú le Daidí na Nollag trí litreacha i nGaeilge a bhailiú agus a sheachadadh ar a shon. Más mian le do pháiste litir a scríobh

chuig Santaí, is féidir í a chur faoi chúram Chomhluadar ag Daidí na Nollag, f/ch Comhluadar Teo., 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 roimh 11 Nollaig 2013 agus cinnteoidh siad go bhfaigheann sé í in am. Ní hamháin sin, ach gheobhaidh gach páiste a scríobhann chuig Daidí na Nollag i nGaeilge freagra ar ais – mar sin bí gasta agus seol do litir go luath! Teagmháil: www.comhluadar.ie

Pobail Tuaithe Inbhuanaithe T á réimse leathan fadhbanna infreastruchtúir ag pobail tuaithe in Éirinn; áirítear ar na fadhbanna seo soláthar uisce, cóireáil fuíolluisce, soláthar fuinnimh agus iompar. Tá réiteach na bhfadhbanna seo ar cheann de na príomhdhúshláin a bheidh le sárú ag saol tuaithe inbhuanaithe na tíre amach anseo. Fiosróidh léacht arna eagrú ag An Roth agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) na teicneolaíochtaí atá ar fáil chun dul i ngleic leis na dúshláin seo. Déanfar é seo trí shraith cás-staidéar a rinneadh ar phobail tuaithe a mb’éigean dóibh a infreastruchtúr féin a fhorbairt agus a bhainistiú a chur i láthair. Beidh pobail as Éirinn, Albain, an Ríocht Aontaithe, Meiriceá Theas agus an Afraic san áireamh sna cás-staidéir, agus tabharfar cuntas ar an teicneolaíocht agus ar na struchtúir

6

phobail a forbraíodh chun na tionscadail seo a mhaoirsiú agus a riaradh. Déanfar trácht ar infheidhmeacht na dteicneolaíochtaí seo d’Éirinn, ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann leo araon, agus ar na baic atá ann le glacadh leis na teicneolaíochtaí seo in Éirinn. Beidh An Cuardach ar Infreastruchtúr Pobail-Bhainistithe Athléimneach in Éirinn ar siúl i Léachtlann 2046 de Scoil na hInnealtóireachta Sibhialta agus Seirbhísí Foirgníochta ITBÁC ar Shráid Aungier na príomhchathrach Déardaoin, 5 Nollaig 2013. Beidh fáiltiú i gcaifelann an choláiste Java City ar 6.30in agus cuirfear tús leis an léacht le Seán Ó hÓgáin agus Liam Mc Carton ar 7.00in. Fáilte roimh chách ach freagra a chur chuig gaeilge@ dit.ie. Tuilleadh eolais: fmurtagh@gmail.com

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 12 Nol l ai g 2013


T

Gearrliosta na nGael

á níos mó ná 120 coistí agus grúpaí pobail ceangailte le Glór na nGael i mbliana, cuid acu ag plé le gnéithe ar leith d’fhorbairt na Gaeilge, cuid eile atá rannpháirteach i ngach gné den phleanáil agus den bhuanú teanga. Tá Áislann Rann na Feirste; Comharchumann Mhic Dara; Ionad Naomh Pádraig; Coiste Forbartha Charn Tóchair; Gaeilge Locha Riach; Glór na nGael, Uachtar Tíre; An Clár as Gaeilge; Cairde Teoranta; agus Glór Cheatharlach san iomaíocht don Phríomhdhuais Náisiúnta de €20,000, urraithe ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus na duaiseanna náisiúnta eile atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus Foras na

T

Gaeilge. Cuirfear moltóireacht ar na coistí seo idir 20 - 23 Samhain 2013 agus fógrófar na buaiteoirí go luath san athbhliain. Gach rath orthu ar fad! Tuilleadh eolais: www.glornangael.ie

LaraeDó Ar Lasadh!

á Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus tá na céadta drámaí léirithe acu ó bunaíodh an grúpa 40 bliain ó shin. Is é an dráma LaraeDó an saothar is déanaí atá idir lámha acu. Ceoldráma buachaill bó suite san Iarthar Fiáin sna 1880idí atá ann, nua-scríofa ag Aodh Ó Domhnaill agus léirithe ag Barry Barnes. Tá cliar mhór ag obair air - foireann de 12 aisteoirí maraon le ceoltóirí agus foireann léiriúcháin. Is é Aodán Ó Ceallaigh ón Rinn, Co. Phort Láirge atá sa phríomhról - Buddy, an buachaill bó ceolmhar - a thagann ar cuairt chuig LaraeDó! Is as Baile Átha Cliath, Conamara, Corca Dhuibhne, Ráth Chairn, Béal Feirste agus Luimneach don

chuid eile den chliar agus tá 9 n-amhrán nua chumtha mar chuid den seó. Beidh LaraeDó ar an stáitse san Amharclann Nua, 43 Sráid Essex Thoir, Barra Temple, Baile Átha Cliath 2 gach oíche ó 3 - 7 Nollaig 2013 ar 7.30in, agus ins An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh ar 8.00in oíche Shathairn, 14 Nollaig 2013. Díoladh iomlán na dticéad don seó Nollag deireanach a léirigh Aisteoirí Bulfin, mar sin moltar duit ticéad a chur in áirithe go luath! Glaoigh ar New Theatre ar +353 (0)1 670 3361 nó An Taibhdhearc ar +353 (0)91 562024. Ticéad: €15 / €12 do mhic léinn agus do dhaoine cnagaosta. Tuilleadh eolais: sinead.niuallachain@gmail.com +353 (0)87 9512831

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

7


Aithris Amhránaíochta T á deis ag daltaí i scoileanna ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh i gcomórtas deireanach Bhliain na Gaeilge 2013 an geimhreadh seo! Ní gá don rang ach ceann amháin de na hamhráin ón albam RíRá Le Hector 2013 a roghnú agus a thaifead le páirt a ghlacadh. Buíochas le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) agus ó Fhoras na Gaeilge, tá duaiseanna iontacha le baint amach le

cochall Bhliain na Gaeilge ag dul do gach duine sa rang i 3 chatagóir éagsúla. Roghnaigh amhrán ó albam Raidió RíRá na bliain seo agus cabhraigh leis na daltaí na focail a fhoghlaim. Déan taifeadadh ar an amhrán le fón póca, innill taifid fuaime, físcheamara nó eile agus seol an t-amhrán chuig comortas@ cnag.ie. Spriocdháta: 6 Nollaig 2013. Foirmeacha iontrála: www.gaeilge2013.ie/cms

Lárionad Chiarraí

T

á sé beartaithe Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta a fhorbairt i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Údarás na Gaeltachta, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. atá ag obair i gcomhpháirtíocht lena chéile agus ag maoiniú an togra nua seo, a chosnóidh €3.4 milliún. Tá achar de c.1,400 méadar cearnach i gceist leis an suíomh atá suite ar imeall shráidbhaile an Bhuailtín, agus beidh oifigí agus áiseanna nua do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.; Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ina mbeidh áiseanna nua don naíonra agus seirbhísí réamhscoile; spás oiliúna; clós súgartha poiblí do leanaí; agus 3 aonad fiontraíochta de chuid an Údaráis sa lárionad úr. Is togra tábhachtach, ceannródaíoch é do

8

Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus do phobal na háite, áit a dhéanfar freastal ar riachtanais thacaíochta teanga agus luathoideachais agus cuirfear áiseanna nua-aimseartha oiliúna, fiontraíochta agus cruthú fostaíochta ar fáil ar mhaithe le neartú agus buanú an phobail agus na Gaeilge sa cheantar. Tá ról lárnach ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo agus a chuid fochomhlachtaí i bhforbairt agus i mbuanú na Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne - tá láimhdeachas bliantúil de thart ar €3 mhilliún ag an gComharchumann agus íoctar pá le 220 duine in aghaidh na bliana (47 bpost comhionann lánaimseartha). Tá tionchar eacnamaíochta de thart ar €6.9 milliún á ghiniúint go bliantúil ag an gComharchumann i gceantar Chorca Dhuibhne agus cuirfidh na háiseanna nua ar a chumas breis forbartha a dhéanamh.

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 12 Nol l ai g 2013


Cúrsa Rith 2014 Seolta!

G

hlac suas go 20,000 agus 30,000 duine páirt san fhéile Rith i 2010 agus i 2012 faoi seach, agus seoladh cúrsa nua Rith 2014 le linn Oireachtas na Samhna le déanaí. Arsa Cormac Ó Feinneadha, Bainisteoir Imeachta Rith 2014: “Tá éagsúlacht ann in 2014 toisc go mbeimid ag rith thar oíche i mBaile Átha Cliath den chéad uair riamh.” Mairfidh Rith 2014 9 lá, ag tosú i mBaile Bhuirne, Co.

S

Chorcaí, ar 7 Márta 2014 agus ag críochnú le féile ollmhór phobail i gcroílár Bhéal Feirste. Beidh deis ag scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail, clubanna spóirt agus daoine aonair ciliméadar a cheannach do Rith 2014 ar www.rith.ie agus rachaidh an t-airgead go Ciste nua Gaeilge a chuirfidh maoiniú ar fáil do ghrúpaí pobail Gaeilge ar fud na tíre amach anseo. Gach eolas: www.rith.ie

Cearta na Cairte

heol POBAL a gceathrú tuairisc mhonatóireachta ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i mBéal Feirste ag tús na míosa seo. Reachtaíocht Eorpach ríthábhachtach atá dírithe ar chosaint na Gaeilge atá sa Chairt, agus choimhéad POBAL cur i gcrích na Cairte ó shínigh rialtas na Breataine í i 2001. Sa tuairisc is déanaí atá foilsithe acu, sonraítear taithí na nGaeilgeoirí ó 2009 – 2013 agus iad ag iarraidh an teanga a úsáid le comhlachtaí stáit agus poiblí sna 6 Chontae. Cé go bhfuil roinnt deascéala ann, is léir go mbíonn constaicí de chuile chineál go fóill á gcur roimh phobal na Gaeilge ó thuaidh. Is í tuairisc POBAL an t-aon taifead atá le cur roimh an phobal ar cad é mar a d’éirigh le comhlachtaí stáit agus poiblí i dtaca leis

an Chairt agus an Ghaeilge le 4 bliana anuas. Cé go bhfuil dualgas ar rialtas na Breataine tuairisc iomlán a chur ar fáil do Chomhairle na hEorpa gach 3 bliana, theip orthu eolas a bhailiú faoin Ghaeilge faoina hinstitiúidí cineachta ó thuaidh don dara huair i ndiaidh a chéile. Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL: “Níor aontaigh lucht an Tionóil ar a raibh sa thuairisc. Ciallaíonn se seo nach raibh tuairisc cheart ó rialtas na Breataine ann ó 2005. Uirlis ríthábhachtach atá sa Chairt, ach cruthaíonn teipeanna leanúnacha maidir le hathtuairisciú agus maidir le cur i gcrích na Cairte, go bhfuil géarghá le reachtaíocht cheartbhunaithe don Ghaeilge.” Tuairisc: www.pobal.org

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

9


D

Critéir Teanga

’fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta na critéir pleanála teanga faoi Alt 12 d’Acht na Gaeltachta 2012 ag tús Mheán Fómhair na bliana seo. Bainfear leas as na critéir seo chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna teanga a ullmhófar do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus do na Líonraí Gaeilge. Roinneadh an Ghaeltacht i 19 gceantar pleanála teanga

faoi leith faoi Acht na Gaeltachta 2012, ach fógraíodh i mí na Bealtaine 2013 go ndéanfaí athdhréachtú ar na ceantair a roghnaíodh, ionas go mbeadh 26 cheantar ann in áit 19. Tá sé i gceist go mbeadh plean teanga uathúil le dréachtú do gach ceantar agus aontaíodh go roghnófaí príomheagraíocht chinnireachta amháin i ngach ceantar pleanála teanga chun an próiseas a stiúradh ar an talamh.

Faillí Teanga na hEorpa

F

áiltíonn Conradh na Gaeilge go croíúil roimh thacaíocht Martin Schulz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, do leagan Gaeilge de shuíomh idirlín Pharlaimint na hEorpa agus molann go háirithe an toscaireacht thraspháirtí d’Fheisirí Eorpacha na hÉireann a bhuail leis an Uachtarán Schulz i Strasbourg ag tús an tsamhraidh chun leagan Gaeilge de shuíomh na Parlaiminte a lorg. Tá suíomh idirlín na Parlaiminte ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla agus oibre an Aontais Eorpaigh seachas an Ghaeilge faoi láthair. Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil ríthábhacht ann d’institiúidí uile an AE cumarsáid a dhéanamh le gach saoránach dá chuid ina dteanga féin, an Ghaeilge ina measc, agus tá P. Nikiforos Diamandouros, an

10

tOmbudsman Eorpach, ar aon intinn. Cháin an tOmbudsman Parlaimint na hEorpa as an “drochriarachán” a bhí i gceist le teip na Parlaiminte a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge go dtí seo, agus níor ghlac sé le míniú na Parlaiminte gur easpa foirne ba chúis leis seo. Thug an tOmbudsman le fios gur chuir an Pharlaimint “teorainn dhochosanta agus dhíréireach le húsáid na Gaeilge” ar a suíomh www.europarl.europa. eu agus é ag freagairt an ghearáin a rinne Dr Pádraig Ó Laighin faoi fhaillí na Parlaiminte sa Ghaeilge in Aibreán 2012. Tá an tOmbudsman den tuairim go mba cheart don Pharlaimint, “de réir a chéile agus de réir amchláir atá ar fáil go poiblí, úsáid leordhóthanach agus chomhréireach na Gaeilge ar a láithreán gréasáin a áirithiú.”

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 12 Nol l ai g 2013


Dlítheangeolaithe De Dhíth

A

n bhfuil céim sa Dlí agat, nó an dlíodóir nó abhcóide thú? Tá An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag glacadh le hiarratais ar 10 bpost mar Dhlí‑theangeolaithe Gaeilge i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle Eorpach ó 7 Samhain – 10 Nollaig 2013, mar chuid de thréanfheachtas earcaíochta do ghairmithe dlí a bhfuil Gaeilge acu san Aontas Eorpach. Agus iad lonnaithe go príomha sa Bhruiséil, beidh deis ag

C

iarrthóirí a n-éireoidh leo ról ríthábhachtach a ghlacadh chucu i bpróisis reachtaíochta an AE. Tá tuarastal thar a bheith iomaíoch ag gabháil leis na poist seo: €5,500 in aghaidh na míosa, sochair bhreise fostaíochta den chéad scoth, agus deis bheith ag obair i dtimpeallacht uathúil dlí atá ilteangach agus dinimiciúil. Tapaigh an deis inniu! Foirmeacha iarratais: http://europa.eu/epso/

Seó Bóthair Spreagúil

eardlann chumasaithe atá sa Seó Bóthair, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) chun an Ghaeilge a spreagadh in iarbhunscoileanna agus i gcoláistí samhraidh, thuaidh agus theas. Is Aodhán Ó Deá, Comhordaitheoir na Mac Léinn, a bhíonn i mbun na ceardlainne de ghnáth agus tá sé tar éis cuairt a thabhairt ar bhreis agus 300 meánscoil, 25 choláiste tríú leibhéal agus nach mór gach coláiste samhraidh Gaeilge le cúpla bliain anuas. D’fhreastail an Seó Bóthair ar bhreis agus 150 scoil ar fud na hÉireann i gcaitheamh na bliana seo caite amháin, agus tá sé ag dul ó neart go neart. Is ceardlann spreagúil, idirghníomhach atá i gceist

leis an Seó Bóthair, agus bíonn cluichí, plé, díospóireacht agus rólimirt i gceist do na daltaí. Bíonn duaiseanna agus dlúthdhioscaí le dáileadh againn freisin! Maireann an cheardlann 80 nóiméad nó mar sin agus níl ag teastáil ach seomra mór a dhóthain do níos lú ná 50 dalta. Labhraíonn muid leis na mic léinn faoi cén áit gur féidir leo an Ghaeilge a úsáid agus na cearta teanga atá acu; is í Oifig an Choimisinéara Teanga a rinne urraíocht ar Sheó Bóthair an tSamhraidh i mbliana. Tá síntiús €100 á ghearradh as an Seó Bóthair Scoile agus téann an t-airgead i dtreo fhorbairt na ceardlainne agus chun na costais thaistil a chlúdach. Áirithintí: +353 (0)1 4789191 scoil@cnag.ie

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

11


N

Is Leor Beirt

íl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Oireachtas na Samhna: • • • • • • • • • • • • • • • • • • •

An raibh an bia san óstán go deas? Cé a bhuaigh comórtas na lúibíní? An raibh slua ag Scléip na hÓige? An raibh tú i do shuí go maidin? An seinneann tú féin ceol? An bhfuil damhsa agat? Cár fhoghlaim tú do chuid steipeanna? An bhfuil tú spíonta i ndiaidh Chlub na Féile? Ar ghléas tú do chóisir bhréagéide na mac léinn? An fearr leat cluas a chur le hamhrán nó le dán? Ar cheap tú go raibh an scéalaíocht go maith? Ar fhan tú le héisteacht le Corn Uí Riada ina iomláine? Cé hiad na rinceoirí faoi 18 is fearr i mbliana meas tú? An mbeidh tú ar ais i gCill Airne an bhliain seo chugainn? Ar fhreastail tú ar aon cheann de na seoltaí leabhar? Cén Ghaeltacht a bhain an líon is mó duaiseanna i mbliana? An rachaidh tú chuig Féile na Mí i ndiaidh an Oireachtais? Ar fhan tú sa phríomhóstán nó i leaba & bricfeasta áitiúil? An raibh tú i láthair ag Seimineár Chonradh na Gaeilge maidin Shathairn?

Na comórtais: rince aonair, amhránaíocht ar an sean-nós, amhrán nuachumtha, lúibíní, scéalaíocht, agallaimh bheirte, an phíb uilleann, veidhlín, dreas cainte, sceitse, ceol beirte, amhrán saothair

12

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 12 Nol l ai g 2013


Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Samhain 2013