Issuu on Google+

E ag r án 7 .1 3

15 Nol l ai g 2012

Bliain na Gaeilge 2013

éile ollmhór ar son na FBliain teanga atá i gceist le na Gaeilge 2013! Beidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud na 32 chontae agus an domhain chun an pobal a spreagadh lena gcuid

caite. Cuireadh tús le hathbheochan na teanga le bunú Chonradh na Gaeilge in 1893, agus tá Gaeilge ar leibhéil éagsúla ag nach mór 2,000,000 duine ar oileán na hÉireann sa lá atá inniu ann. Tá Bliain na Gaeilge á heagrú i gcomhar

Gaeilge a úsáid go rialta an bhliain seo chugainn. Sheol an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí an suíomh ar www.gaeilge2013.ie ag Oireachtas na Samhna le déanaí, agus scaoileadh 120 balún i mBaile Átha Cliath; Béal an Mhuirthead, Gaeltacht Iorrais; Béal Feirste; Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo; Doire; Gaillimh; agus Inis, Co. an Chláir mar chuid den lá teaghlaigh Spraoi Sa Phobal leis an bhféile a sheoladh agus le 120 bliain d’athbheochan na Gaeilge a cheiliúradh an mhí seo

le breis agus 50 eagraíocht teanga agus chultúir eile chun na mílte deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil do na daoine seo, chomh maith le daoine nua a mhealladh leis an nGaeilge a fhoghlaim le linn 2013. Cuirfear tús spleodrach le ceiliúradh na Gaeilge ar an Daingean, Co. Chiarraí ar Oíche Chinn Bhliana, áit a bheidh tinte ealaíne, ceol beo agus aíonna speisialta go leor i láthair leis an mbliain a sheoladh. Bígí Linn! Tuilleadh eolais: www.gaeilge2013.ie

SAN EAGRÁN SEO: 1. Bliain na Gaeilge 2013 2. Cúrsa Rith 2014 2. Nuala Mhaigh Eo 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Leabhair Oireachtais 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gaeilge san Eoraip 6. Cumas sa Ghaeilge 7. Fóram Díospóireachta 7. Imbolc 2013 8. Gradam na nGael 8. Aisteoirí Charn Tóchair 9. Féilte Feirste 9. Seanfhocal Nua Le Cumadh! 10. Moltóireacht na Glóire 10. Aighneachtaí 11. Oireachtas Eile Dínn! 11. Comóradh Mhaolra Seoighe 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

1


Cúrsa Rith 2014

T

á an bealach do Rith 2014 á chur in ord anois: tá ionchur an phobail agus do chontae á lorg don phlean! Is féile náisiúnta é Rith 2014 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann, agus chun airgead a bhailiú d’fhorbairt na teanga ag an am céanna. Beidh Rith 2014 ar siúl i mí an Mhárta 2014 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge,

D

Nuala Mhaigh Eo

’eagraigh Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge Oíche Mhór Cheiliúrtha in onóir Nuala Ní Dhomhnaill, file mór na Gaeilge, in Óstan an Welcome Inn i gCaisleán an Bharraigh le déanaí. Cuireadh sólaistí ar fáil don oíche shiamsaíochta speisialta seo agus thug an file clúiteach léacht faoina saol agus a saothar. Tá clú agus cáil ar Nuala i saol litríochta na Gaeilge le fada an lá; rugadh i Lancashire, Sasana í sa bhliain 1952 agus Éireannaigh ab ea a tuismitheoirí. Nuair nach raibh ach 5 bliana slánaithe aici, bhog sí go Ceann Trá i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí, agus chónaigh lena haintín sular lean a tuismitheoirí anall í. Chaith sí tréimhsí i Luimneach agus in Aonach Urmhumhan, Co. Thiobraid

2

ag cur le rath Rith 2010 agus Rith 2012 nuair a ghlac 35,000 duine páirt sa rith sealaíochta timpeall na hÉireann. Beidh cúrsa nua leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh agus más spéis leatsa nó le grúpa i do cheantar páirt a ghlacadh ann, bí i dteagmháil leo! Teagmháil: Marcas Mac Ruairí +353 (0)86 1719755 / marcas@glornagael.ie

Árann le linn a hóige agus bhain BA amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Phós sí Dogan Leflef, geolaí Turcach, agus chaith 7 mbliana thar lear. D’fhilleadar ar Éirinn in 1980 agus tá cónaí ar Nuala agus ar a fear céile gar do Bhaile Átha Cliath anois; tá ceathrar clainne acu. Tá go leor leabhar filíochta foilsithe aici, An Dealg Draighin, Féar Suaithinseach agus Cead Aighnis ina measc. Léiríonn a cuid filíochta go bhfuil sí go mór faoi thionchar an bhéaloidis agus b’iontach an léacht a thug sí ar an oíche. Lean ceol agus damhsa a cuid cainte agus ba dheis iontach í do mhuintir na háite bualadh le duine de cheannródaithe liteartha na teanga.

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 10 E an ái r 2013


Nuacht Áitiúil

An Mhí hí slua iontach ag Féile na Mí 2012 agus imeachtaí éagsúla á reáchtáil ar fud an chontae ón 14 - 24 Samhain 2012. Osclaíodh an fhéile go hoifigiúil i mBaile Átha Buí agus bhí ciorcal comhrá agus seisiún ceoil ar siúl i gCeanannas Mór. Bhí neart siamsaíochta, sheisiúin cheoil agus damhsa ar an sean-nós i Ráth Chairn agus comórtais éagsúla ar siúl sa Chlub i gcaitheamh na seachtaine. Reáchtáladh dinnéar na féile oíche Aoine agus bronnadh Gradam Uí Ghramhnaigh agus Gradam Cultúrtha na Gaeltachta le linn na hócáide. Comhghairdeas le Pádraig Ó Dubháin agus le Jimmy Ceannabháin a bhuaigh na príomhchomórtais agus le gach duine a ghlac páirt san fhéile! Tuilleadh eolais: www.rathcairn.com

Ceatharlach eoladh an comórtas náisiúnta chun Amhrán na hÉireann a roghnú le dul san iomaíocht ar son na tíre ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2013 le déanaí. Beidh an fhéile ar siúl i gCeatharlach um Cháisc na bliana seo chugainn. Ní foláir go mbeadh an t-amhrán i nGaeilge, agus na focail agus an ceol nuachumtha. Glacfar le hamhrán traidisiúnta, pop-amhrán, amhrán tíre nó amhrán rac-cheilteach chuig pancelticcompetitions@ gmail.comnóardhlúthdhiosca chuig An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach roimh 8 Eanáir 2013. Reáchtálfar An Comórtas Náisiúnta i gCeatharlach Déardaoin, 7 Feabhra 2013, áit a chuirfidh Daithí Ó Sé na hamhráin ar an ngearrliosta i láthair. Bronnfar €1,000 ar an mbuaiteoir. Gach eolas: www.panceltic.ie

B

S

Baile Uí Bheacháin abharfaidh an scríbhneoir aitheanta Ré Ó Laighléis cúrsa eisiach lae sa Litearthacht agus Scríobh an Ghearrscéil ins An Scríobhlann, áras traenála an chomhlachta MÓINÍN, i mBaile Uí Bheacháin, Co. an Chláir Dé Sathairn, 26 Eanáir 2013. Is iad aidhmeanna an chúrsa seo ná tuiscint na rannpháirtithe a mhéadú ar leibhéil litearthachta na léitheoireachta agus a scileanna maidir le scríobh agus múineadh scríobh an ghearrscéil sa seomra ranga a threisiú. Tá an cúrsa eisiach seo á eagrú do mhúinteoirí bunscoile agus dara leibhéal i gcomhar le Gaeilge Locha Riach agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Gach eolas: oifig@lochariach.com tbreathnach@cogalvec.ie

Port Láirge eidh dara Comhdháil na nDéise ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar 27 Aibreán 2013. Tá fáilte romhat páipéar ar aon ghné de Ghaeilge na nDéise a thairiscint don chomhdháil lae seo: litríocht, teangeolaíocht, lámhscríbhinní, an chanúint, ceol, amhránaíocht, stair nó eile. Beidh seisiún ar leith do mhic léinn iarchéime agus tabharfar deis dóibh páipéar a thabhairt ar an taighde atá ar siúl acu. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu páipéar a thabhairt ag an gcomhdháil seo teideal an pháipéir agus achoimre (c. 250 focal) a chur chuig deise@wit.ie roimh 1 Feabhra 2013. Tuilleadh Eolais: deise@wit.ie

T

B

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

3


Teicneolaíocht na Teanga

T

á 4 fheidhmchlár de chuid Cúla4 saor le híoschóipeáil ó iTunes ach Cúla4 nó TG4 a lorg air! Tá stór beag fhocail spraíúla Ghaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil ar na feidhmchláir CúlaCaint 1 agus 2, ag cuimsiú raon leathan ábhar. Tá na focail le feiceáil scríofa agus le cloisteáil; tá fáil ar leathanach le dathú chun do phictiúr féin a chruthú nó le d’fhocal féin a scríobh freisin. Craoltar Olly an Veain Bheag Bhán agus

Ag Spraoi Le Claude ar Cúla4 ar TG4, agus is féidir leat cuidiú le Olly a chuid cairde a dheisiú agus beartáin thábhachtacha á dtabhairt amach acu san fheidhmchlár spraíúil a bhaineann leis an gclár céanna. Is féidir cluiche péinteála, tomhas fuaimeanna, cluiche péirí agus cuardach a imirt le ceann Claude. Tuilleadh eolais: www.tg4.ie

Gaeilge na Cruinne

á muintir Chicago á spreagadh le leas T a bhaint as a gcuid

Gaeilge! Eagraíodh oíche speisialta le hAidan Cronin, ArdChonsal na hÉireann, agus a bhean chéile Maedhbh sa teach tábhairne Fifth Province le déanaí. Rinne siad beirt freastal trí Ghaeilge ar na daoine a bhí i láthair ar 8 Nollaig 2012, áit a bhí bileoga téarmaí agus múinteoirí Gaeilge ón Ionad Oidhreachta Gael-Meiriceánach (IAHC) ar fáil le cabhrú le daoine chun a gcuid deochanna a ordú trí Ghaeilge. Agus ar an taobh eile den domhan, tá an-obair ar siúl ag Conradh na Gaeilge Páras chun an teanga a spreagadh i gcroílár na cathrach. Sa bhreis ar an gcéilí Grand Bal Traditionnel Irlandais a reáchtáil an chraobh i gcomhar leis

4

an gclub Paris Gaels GAA an mhí seo caite, thug an chraobh faoi Nollaig Ghaelach a cheiliúradh le hAifreann agus carúil Nollag i nGaeilge i Séipéal Naomh Pádraig i gColáiste na nGael Dé Domhnaigh, 9 Nollaig 2012. Ansin bhí oíche deiridh na bliana seo ag an nGaeltacht-surSeine ar an Máirt le cóisir na Nollag agus tráth na gceist. Leanfaidh An Ghaeltacht-sur-Seine ag cruinniú na nGaeilgeoirí agus na nÉireannach i bPáras le chéile sa bhuncar thíos staighre i dteach tábhairne The Quiet Man, 5 rue des Haudriettes, 75003 Paris ar an Máirt dheireanach den mhí sa Bhliain Úr freisin (29 Eanáir, 26 Feabhra, 26 Márta agus 30 Aibreán 2013). Teagmháil: cngparas@hotmail.fr +33 (0)6 82 87 07 10 www.paris-gaelique.com

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 10 E an ái r 2013


Leabhair Oireachtais

Is comórtas liteartha ar leith é Leabhar na Bliana, arna riaradh ag Oireachtas na Gaeilge agus arna mhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Tugann na gradaim aitheantas ar leith don tsár-obair atá ar siúl ag foilsitheoirí na Gaeilge, agus ag an am céanna aithníonn ról tábhachtach na scríbhneoirí agus na n-ealaíontóirí sa phróiseas. Léiríonn sé an Ghaeilge mar acmhainn uileoileánda, a bhfuil daoine le tallannacha nua ag plé

Barrliosta na Leabhar

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas: Páistí agus Daoine Óga 1. An Tornapa Mór Millteach - An Gúm - €4.50 2. Cleasaí an Choinín - Móinín - €7.50 3. An Sionnach Glic agus an Chircín Rua - An Gúm - €4.50 4. Seachain do Bhrístín! - An Gúm - €7.50 5. An Daid is cliste ar fad - An Gúm - €7

léi agus ag cur brí úr inti. Fógraíodh buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin agus Ghradam Réics Carló ag ócáid faoi leith sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, 21 Samhain 2012. Bronnadh Gradam Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta (Gradam Uí Shúilleabháin) ar an bhfoilsitheoir Cois Life as an saothar Dúlra Oileáin Árann le Con Ó Ruairc, léargas tuisceanach ar uathúlacht oidhreacht na n-oileán seo. Bhuaigh an teach folisitheoireachta An tSnáthaid Mhór atá lonnaithe i mBéal Feirste an gradam do Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga (Gradam Réics Carló) don leabhar Ó Chrann go Crann, scríofa ag Caitríona Hastings agus maisithe ag Andrew Whitson. Tuilleadh eolais: www.antoireachtas.ie

Daoine Fásta 1. The Islander - aistrithe ag Gary Bannister - G&M - €24.99 2. Our Fada - Rossa Ó Snodaigh & Mícheál Ó Domhnaill - Coiscéim - €10 3. Cuaifeach Mo Londubh Buí - Séamas Mac Annaidh - Coiscéim - €10 4. Dúil - Liam Ó Flatharta - CIC - €12 5. Gealach - Seán Mac Mathúna - Leabhar Breac - €9 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

5


C

Gaeilge san Eoraip

huir Conradh na Gaeilge fáilte roimh thoscaireacht Shinn Féin le Martina Anderson FPE ar Miguel Angel Martínez, Leasuachtarán an Aontais Eorpaigh, níos luaithe sa mhí. Tacaíonn an Conradh go mór leis an éileamh a rinne sí le suíomh idirlín Pharlaimint na hEorpa a chur ar fáil as Gaeilge go práinneach, ar nós gach teanga oifigiúil eile san Aontas Eorpach. Ní chóir dearmad a dhéanamh

go mbaineann maolú na Gaeilge (Rialachán Comhairle 920/2005) le foilsiú reachtaíochta amháin; ní bhaineann sé le suímh idirlín, suíomh idirlín na Parlaiminte san áireamh, agus ba chóir, dá bhrí sin, géilleadh do stádas comhionann na Gaeilge ina thaobh sin. Tá nach mór 6 bliana caite ó bhain an Ghaeilge stádas oifigiúil san Aontas Eorpach amach áfach, agus níl suíomh na Parlaiminte ar fáil trí Ghaeilge fós.

Cumas sa Ghaeilge

T

á cumas éigin sa Ghaeilge ag 184,898 duine sna 6 Chontae, dar le réamhthorthaí Dhaonáireamh 2011 ó thuaidh. Is ionann sin agus 10.65% den daonra, ardú ó 167,490 duine i 2001. Is é Béal Feirste an áit is líonmhaire do chainteoirí Gaeilge le 36,837 duine sa chathair ag rá go bhfuil cumas acu sa teanga. Is amhlaidh an scéal sa phríomhchathair ó dheas freisin: tá an líon is mó cainteoirí Gaeilge laethúla ag cathair Bhaile Átha Cliath agus a bruachbhailte le 14,229 duine, ar ionann sin agus 18.4% de chainteoirí Gaeilge laethúla uile sna 26 Chontae. I ndiaidh na gcathracha, bhí an líon absalóideach is airde cainteoirí Gaeilge laethúla sna bailte beaga ar chósta thiar Dhún na nGall, na

6

Gaillimhe agus Chiarraí. Is é ceantar an Iúir agus Mhúrn i gCo. an Dúin an áit is mó Gaeilgeoirí ó thaobh céatadáin i dTuaisceart Éireann de le 19.8%. D’fhreagair 4,164 duine os cionn 3 bliana d’aois go raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu ó thuaidh, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge an ceathrú teanga is coitianta sna 6 Chontae tar éis an Bhéarla, na Polainnise agus Liotuáinise. Thug 77,185 duine le fios go mbíonn siad ag labhairt na Gaeilge ó dheas ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais agus dúirt 1,774,437 go raibh sé de chumas acu Gaeilge éigin a labhairt; sin méad 7.1% ar líon na ndaoine a labhair Gaeilge de réir Dhaonáireamh na hÉireann in Aibreán 2006.

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 10 E an ái r 2013


T

Fóram Díospóireachta

ionólfar an chéad Fhóram Díospóireachta eile ó 1 2 Márta 2013, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, GaelLinn, Coiscéim agus Teacht Aniar (An Mheitheal Straitéise Taighde agus Tionscnamh). Is é teideal an tseimineáir ná “Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine” - Éire sa 21ú Aois - Idir Indibhidiúlacht agus Phobal. I measc na gcainteoirí, labhróidh John Waters ó The Irish Times; Tom Healy ó Institiúid Nevin, Baile Átha

B

Cliath; An tOllamh Micheál Ó Cróinín ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus eile ar ábhair éagsúla. Chomh maith leis sin, tá sé i gceist scoil samhraidh eile a reáchtáil dara bliain as a chéile i mí an Mheithimh 2013. Beidh An Chruthaitheacht agus An Ghaeilge ina téama don scoil samhraidh. Tuilleadh eolais: +353 (0)87 2444593 eolas@fnag.ie

Imbolc 2013

eidh Imbolc 2013, comhdháil Ghaeilge inspioráide, ar siúl san Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí Dé Sathairn, 16 Feabhra 2013. Tionól lae atá ann agus beidh Gaeilgeoirí spreagúla ó gach aon earnáil den saol ag caint ann, daoine a bhfuil obair agus taighde cheannródaíoch ar bun acu sa ghnó, sna healaíona, sna heolaíochtaí agus eile. Áirítear ina measc: Colm Mac Con Iomaire, ceoltóir cumasach cáiliúil; Bernard Dunne, iardornálaí gairmiúil agus láithreoir an chláir RTÉ Bernard Dunne’s Bród Club; Annraoi de Paor, Ollamh Emeritus agus ball d’Acadamh Ríoga Éireann; Audrey Lynch, mac léinn dlí a bhuaigh Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael-Linn 2012; Trevor Sargent, iar-Cheannaire ar an gComhaontas Glas agus scríbhneoir garraíodóireachta reatha; Kevin

Scannell, ollamh le matamaitic agus ríomheolaíocht in Ollscoil San Louis, Missouri, a bhfuil litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach Gaeilge forbartha aige agus baint aige le bogearraí mór-le-rá a chur ar fáil trí Ghaeilge. Oiriúnach go leor, beidh Kevin ag labhairt leis an gcomhdháil beo ar an idirlíon! Tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid ar an lá agus beidh deis ag an lucht freastail réimse leathan d’ábhair a bhlaiseadh sula dtugtar faoin díospóireacht ina ndiaidh. Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh chách ag Imbolc! Ní chosnaíonn gnáth-thicéad ach €25 (€15 do mhic léinn, seanóirí, agus daoine atá dífhostaithe) agus beidh Colm Mac Con Iomaire ag ceol san Ionad Cultúrtha an oíche roimh ré chomh maith (15 Feabhra 2013). Tuilleadh eolais: Tomás Ó hAodha +353 (0)87 7372523 / www.imbolc.ie

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

7


T

Gradam na nGael

á Gael-Taca ag ceiliúradh 25 bliana ar an bhfód i mbliana agus mar chuid den chomóradh s’acu, thugadar cuireadh do chlubanna Chumann Lúthchleas Gael i roinn an tSeandúin dul san iomaíocht do ghradam úr. Seoladh Gradam na nGael i bPáirc Uí Rinn le déanaí, urraithe ag Gael-Taca i gcomhpháirtíocht le Coiste Chontae Chorcaí. Tá sí mar aidhm ag an gcomórtas an Ghaeilge a chur chun cinn sna cumainn i gcathair Chorcaí agus

I

Aisteoirí Charn Tóchair

s cumann aisteoireachta é Aisteoirí Charn Tóchair atá lonnaithe ag Carn Tóchair, Machaire Rátha, Co. Dhoire. Tá an grúpa ar bun le cúpla bliain anuas agus ballraíocht an chumainn ag fás bliain i ndiaidh bliana. Tharraing an cumann aird orthu féin ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta sna Dúnaibh i mí Aibreáin, áit ar tugadh ardmholadh dóibh as dráma cuimsitheach, cumasach a léiriú agus ar bhain siad gradam aisteoireachta chomh maith. Mar aitheantas ar an dul chun cinn atá déanta ag an chumann, bhronn Catherine Elattar ó Chomhairle Mhachaire Fíolta deontas £200 orthu le déanaí freisin. Is de bhunadh na háite cuid mhaith de na baill ach is as Contaetha Thír Chonaill, Aontroma,

8

níos forleithne amach anseo. Bronnfar Gradam na nGael ar an gcumann a dhéanann an iarracht is fearr an Ghaeilge a chur chun cinn; tá duais d’fhearais spóirt a bhfuil luach €2,000 uirthi don bhuaiteoir. Déanfar moltóireacht ar an gcomórtas i mí an Mhárta 2013 agus tabharfaidh Gael-Taca gach comhairle agus treoir do na cumainn idir seo agus sin. Gach eolas: www.gael-taca.com

Átha Cliath agus Tír Eoghain do bhaill eile. Is leathan an réimse aoise atá ag na baill chomh maith, leis an aisteoir is óige go fóill ar an bhunscoil. Tá cúpla drama léirithe ag Aisteoirí Charn Tóchair go dtí seo, ina measc An Dealg sa Tiomna a léiríodh an bhliain seo chuaigh thart agus An Teach Mór a cuireadh ar stáitse níos luaithe i mbliana os comhair scaifte breá i Halla Shléacht Néill. Agus ní hamháin gur chuir an cumann cumasach seo a chuid léirithe ar siúl go háitiúil, ach bhí an t-ádh dearg ar dhaoine níos faide ar shiúl na drámaí seo a fheiceáil - léiríodh An Teach Mór ar an Chorr Chríochach, in Anagaire agus i Rann na Feirste. Tuilleadh eolais: +44 (0)48 79 549978

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 10 E an ái r 2013


N

Féilte Feirste

í hamháin go ndearna Fleadh Feirste 2012 buanna, tallann agus spraoi Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste a cheiliúradh arís i mbliana, ach ba é Stair agus Oidhreacht Chlann Ac Grianna téama Éigse Loch Lao na bliana seo ar na mallaibh fosta. Ollscoil Uladh i gcomhar le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bhunaigh an Éigse chun léann agus litríocht na Gaeilge a cheiliúradh agus a bhuanú sa chathair trí imeachtaí léannta agus sóisialta a thionscnamh

ar bhonn bliantúil. An tOllamh Alan Titley a thug Léacht Chuimhneacháin Roibeaird Mhic Ádhaimh 2012, agus bhí duine muinteartha le Seosamh mac Grianna i measc na gcainteoirí eile. Reáchtáladh Oíche Airneáil le Cumann Chluain Ard mar aon le Lón na hÉigse agus an iliomad imeacht eile i gcaitheamh an dá lae. Tuilleadh eolais: www.mhicreachtain.com http://iurchinntra.ie

Seanfhocal Nua Le Cumadh!

T

á seanfhocal nua á lorg ag Bliain na Gaeilge 2013 agus tá go dtí 31 Márta 2013 agat ceann a chumadh! Táimid ag iarraidh ar scoileanna agus ar ógchlubanna páirt a ghlacadh sa chomórtas seo agus seanfhocal spraíúil, cliste, éagsúil a chumadh don cheiliúradh speisialta seo. Beidh daltaí in ann cur isteach ar an gcomórtas tríd an seanfhocal a léiriú le físeán YouTube, amhrán, dráma, ealaín nó modh cruthaitheach eile le brí an tseanfhocail nua a chur in iúl. Chomh maith leis sin, tá comórtas eile á reáchtáil tríd an bhliain le teacht ar an bhfocal Gaeilge is fearr le muintir na hÉireann. Céard é an focal is fearr leatsa? Beidh an pobal ar fad in ann páirt a ghlacadh sa chomórtas tríd an bpost, tríd na meáin sóisialta, ar

ríomhphost go eolas@gaeilge2013.ie nó ar an suíomh féin. Beidh cochall le buachan ag duine amháin a chuireann focal san áireamh sa chomórtas gach seachtain ó mhí Eanáir go dtí 31 Nollaig 2013, mar aon le mórbhuaiteoir na duaise ar luach breis agus €1,000 ag deireadh na bliana! Tá buaiteoir an chomórtais fógra teilifíse a dhearadh do Bhliain na Gaeilge le fógairt go luath, ach is iomaí comórtas iontacha eile a bheidh á rith le linn 2013 - comórtas amhránaíochta sna coláistí agus sna campaí samhraidh san áireamh - mar sin coinnigh súil ar an suíomh agus glac páirt gach bealach gur féidir. Bígí Linn! Tuilleadh eolais: www.gaeilge2013.ie

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

9


Moltóireacht na Glóire D ’fhógair Glór na nGael gearrliostaí na gcoistí (idir choistí le cúnamh fostaíochta agus choistí gan cúnamh fostaíochta) sa chomórtas náisiúnta i ndiaidh an chéad bhabhta moltóireachta a tharla le linn mhí Dheireadh Fómhair 2012; d’imigh na coistí seo faoi mholtóireacht arís idir 22 agus 25 Samhain 2012. Ghabh Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, buíochas leis an 60 coiste a bhí páirteach sa réamh-mholtóireacht agus dúirt gur

T

Aighneachtaí

á treoir tugtha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do na comhlachtaí poiblí seo a leanas an chéad dhréachtscéim a ullmhú faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla roimh 14 Márta 2013: Grúpa Chóras Iompair Éireann lena n-áirítear Bus Éireann, Bus Átha Cliath agus Iarnród Éireann; Údarás Aerfort Chorcaí cpt; Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath; Aerfort na Sionainne; An Bord Bia; Bord na Móna; Bord Gáis Éireann; Bord Iascaigh Mhara; Fiontraíocht Éireann; G.F.T. Éireann; Coillte Teoranta; Fáilte Ireland - An tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta; agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá treoir tugtha do na comhlachtaí poiblí seo a leanas dara agus tríú dréachtscéim a ullmhú faoin 23 Eanáir 2013 freisin: Údaráis Áitiúla Chontae an Chabháin; Údaráis Áitiúla Chontae Laoise; Comhairle Chontae

10

dianchomórtas a bhí ann i mbliana. Bhí go leor coistí a rinne an-obair ar fhorbairt agus ar chaomhnú na Gaeilge ina bpobail féin le linn na bliana, agus d’fhógair Glór na nGael go mbeadh aitheantas eile ann do choistí a bhain marc an-ard amach sa réamh-mholtóireacht, ach nár éirigh leo áit a bhaint amach ar cheachtar den dá ghearrliosta. Gach eolas: www.glornangael.ie

Chill Chainnigh; Coiste Gairmoideachais Chontae an Chláir; Foras na Mara; Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Átha Cliath; Údaráis Áitiúla Loch Garman; agus Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí; Roinn an Taoisigh; An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil; Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall; Comhairle Cathrach na Gaillimhe; agus Ollscoil Luimnigh. I gcás dara scéim teanga Choláiste na Tríonóide, ba chóir do pháirtithe leasmhara aighneachtaí scríofa a sheoladh chuig gaeloifig@tcd. ie nó chuig Aighneachtaí Scéim 2, Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2 roimh 5.00in, 31 Nollaig 2012. Tá scéim teanga reatha an Choláiste, mar aon le heolas maidir lena ról agus na seirbhísí a chuireann sé ar fáil don phobal, ar-líne ar www.tcd.ie. Tuilleadh eolais: www.pobail.ie

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 10 E an ái r 2013


Oireachtas Eile Dínn!

Tá Oireachtas na Gaeilge ar an bhfód le 115 bliain i mbliana agus bhí féile na Samhna faoi lánseol i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar na mallaibh. Bhí flúirse amhrán, díospóireachtaí, seoltaí, scéalta agus steipeanna le cloisteáil agus le feiceáil i gcaitheamh an cheiliúrtha bhliantúil ar na healaíona traidisiúnta trí Ghaeilge ón 30 Deireadh Fómhair - 4 Samhain 2012. Thug Pól Ó Ceannabháin ó Charna, Co. na Gaillimhe Corn Uí Riada leis i mbliana, fad agus a bhain Breandán Ó hIarnáin, comharsa leis, an chéad áit amach sa chomórtas Rince Aonair ar an Sean-Nós. Ba iad Áine Ní Bhreisleáin agus Suzanne Ní Ghallchóir ó Ghaoth Dobhair a bhuaigh an

comórtas lúibíní, cé gur muintir Chiarraí a thug leo an chéad duais i gcomórtas na ndaoine óga. Tuilleadh eolais: www.antoireachtas.ie

Comóradh Mhaolra Seoighe Ciontaíodh Maolra Seoighe - fear Gaeltachta gan Bhéarla - as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna, Co. na Gaillimhe i mí Lúnasa 1882, ach meastar go coitianta go raibh sé neamhchiontach sna dúnmharuithe agus go raibh iomrall ceartais i gceist ina thaobh nuair a crochadh é. Rinneadh neamhaird dá fhianaise i nGaeilge, coinníodh siar ón gcúirt fianaise a chabhródh lena chosaint, agus thug brathadóirí fianaise bhréige ina aghaidh. Ní raibh aon Ghaeilge ag an dlíodóir ná ag na habhcóidí a bhí á chosaint os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath, ag an mbreitheamh ná ag baill an ghiúiré. Beidh Comóradh Mhaolra Seoighe ar siúl i gcathair na Gaillimhe cothrom an lae 130 bliain ó shin ar a chrochadh an Satharn beag seo, 15 Nollaig 2012, arna

eagrú ag Músaem Cathrach na Gaillimhe, Oifig an Choimisinéara Teanga agus Conradh na Gaeilge i bpáirt lena chéile. Beidh Aifreann san ArdEaglais ag 1.00in agus cuirfear bláthfhleasc san áit inar crochadh agus inar cuireadh Maolra Seoighe. Reáchtálfar siompóisiam leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh, Lord Alton agus Johnny Joyce san iarsmalann ag 2.30in agus léireofar an scannán CSÍ Mám Trasna. Beidh filíocht agus ceol ag léamh ón leabhar Maamtrasna, the murders and the mystery! roimh sheisiún ceoil le sólaistí i gClub Áras na nGael ag 5.00in. Tá siúlóid i gceantair Mhám Trasna eagraithe don Domhnach, 16 Nollaig 2012, ag teacht le chéile sa charrchlós ag 2.00in. Eolas breise: http://anghaeltacht.net/Mam1882/

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

11


N

Is Leor Beirt

íl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Uachtaránacht Mheiriceá: • • • • • • • • • • • • • •

Ar lean tú toghchán an uachtaráin i Meiriceá? Ar fhan tú i do shuí déanach le hamharc ar thorthaí an toghcháin? Ar thug tú cuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá An bhfuil spéis agat i gcúrsaí polaitíochta? An bhfaca tú An Teach Bán i Washington DC? An bhfuil gaolta / cairde leat ina gcónaí i Meiriceá? Cad é do thuairim faoi bheartas eachtrach na Stát Aontaithe? Cad é do mheas ar an bPáirtí Poblachtach i SAM? Conas gur féidir críoch a chur leis an bpolaitíocht pháirtíneach, meas tú? An dóigh leat go bhfuil a dhóthain déanta ag na Daonlathaigh le cabhrú leis an geilleagar? Ar thacaigh tú le Barack Obama sa toghchán i 2008? An gceapann tú gur uachtarán maith a bhí ann go dtí seo? An mbeifeá tar éis vóta a chaitheamh d’Obama nó do Mitt Romney, dá mbeadh vóta agat? Ar chuala tú an tUachtarán Obama ag labhairt leis an slua i mBaile Átha Cliath i 2011? An gcreideann tú gur féidir le Meiriceá teacht slán ón gcúlú geilleagair reatha?

Toghchán: An Páirtí Daonlathach, An Páirtí Poblachtach, ainmniúchán, iarrthóir, iomaitheoir, toghchán, mangaireacht ó dhoras go doras, canbhasáil / stocaireacht, na meáin chumarsáide, díospóireacht, beartas eachtrach, caidrimh idirnáisiúnta, cúrsaí timpeallachta, an córas sláinte, cúrsaí slándála, cáin, infheistíocht, an geilleagar

12

Cu i r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 10 E an ái r 2013


Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Nollaig 2012