Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meán Fómhair 2012

Page 1

E ag r án 7 .1 1

15 Me án Fóm h ai r 2012

Rí-Rá Ar FM Átha Cliath!

N

í hamháin go mbeidh Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar an gcóras Craoladh Fuaime Digití (DAB) i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge, ar-líne ag www.rrr.ie agus ar ghutháin ghlice ar fud na tíre an fómhar seo, ach tá an t-aon chairtstáisiún Gaeilge ar domhan ag craoladh beo ar an gcóras FM sa phríomhchathair ó 24 Meán Fómhair - 07 Deireadh Fómhair 2012 freisin! Beidh an t-ógstáisiún le cloisteáil ar 94.3 FM i mBaile Átha Cliath ar feadh coicíse buíochas le deontas flaithiúil a cheadaigh an tAire Stáit Dinny McGinley TD don chairtstáisiún Gaeilge le déanaí. Chomh maith leis an gcraoladh sealadach FM, cuirfidh an deontas €27,000 ar chumas Raidió Rí-Rá stiúideo dá chuid féin a fhorbairt in Uimhir 6 Sráid Fhearchair agus seirbhís níos fearr

a sholáthar do dhaoine óga ar fud an oileáin. Spreagann Raidió Rí-Rá daoine óga leis an teanga a úsáid ar bhealach spraíúil, nuálaíoch lasmuigh den seomra ranga, agus beidh sé d’acmhainn ag an stáisiún níos mó cláracha beo agus tuilleadh míreanna spreagúla nua a chraoladh ar Raidió Rí-Rá anois, mar aon le háiseanna agus podchraoltaí breise a sholáthar ar-líne ag www.rrr.ie agus tríd an bhfeidhmchlár iPhone. Tá súil ag an ógstáisiún an tseirbhís DAB a leathnú go Corcaigh agus Luimneach i mbliana, agus ansin ar fud na tíre, chomh maith le seirbhís raidió lánaimseartha FM agus ar an gcóras teilifíse digití a sholáthar go náisiúnta amach anseo freisin. Minicíocht Átha Cliath: 94.3 FM

SAN EAGRÁN SEO: 1. Rí-Rá Ar FM Átha Cliath! 2. Drámaíocht Fringe 2. Ceiliúradh an Bhlascaoid 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Logainmneacha Ceilteacha 5. Barrliosta na Leabhar 6. App an Chultúir 6. Naíonraí Nua! 7. Cearta sa Phobal 7. Athruithe i Marcáil na nGael 8. Coláiste Bhríde Ó Meith 8. Ceiliúradh na Líofachta 9. Blaiseadh Gaeltachta 9. Fómhar sna Clubanna 10. Suíomh Gaeilge RTÉ 10. Córas um Achainíocha 11. Dlítheangeolaíocht AE 11. Cúrsaí an Fhómhair 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

1


Drámaíocht Fringe

T

á Tromluí Phinicchio agus Saint ar dhá dhráma Gaeilge a bheidh le feiceáil ar an stáitse mar chuid den Fhéile Absolut Fringe i mBaile Átha Cliath an mhí seo. Léiriúchán dátheangach is ea Tromluí Phinocchio; freagraítear na habairtí Gaeilge trí Bhéarla, nó aistrítear iad trí mheon spraíúil na hamharclannaíochta. Tuigtear gach rud atá ag tarlú ar an dóigh seo, ach ní ghá

go dtuigfí na focail go hiomlán. Tá an dráma beoga seo in oiriúint do ranganna scoile go háirithe agus é le feiceáil san Amharclann Scabhat Smock ó 8 - 16 Meán Fómhair 2012. Sna sála air sin, léireoidh Fibín an dráma Saint ag Cube | Project Arts Centre ó 18 - 22 Meán Fómhair 2012 mar chuid den fhéile chéanna. Gach eolas: www.fringefest.com

Ceiliúradh an Bhlascaoid

I

s mór an ócáid a bheidh ar siúl i nDún Chaoin in iarthar Chiarraí nuair a dhéanfar ceiliúradh ar an mBlascaoid ó 28 – 30 Meán Fómhair 2012. Tiarnaí Talún agus Tionóntaí a bheidh faoi chaibidil ag ceiliúradh Bhlascaoid Mhóir na bliana seo, a thionólfar in Ionad an Bhlascaoid. Is deireadh seachtaine d’imeachtaí éagsúla atá i gceist leis an gceiliúradh, ina measc léachtaí stairiúla, seoladh leabhar, taispeántas scannánaíochta, ceol, amhráin agus filíocht. Déanfaidh an craoltóir agus staraí Cathal Póirtéir an ceiliúradh a oscailt go hoifigiúil ag 7.30in tráthnóna Aoine agus beidh Siobhán Ní Chorcara ó Ollscoil Luimnigh ag cur síos ar thiarnaí talún Bhaile an Ghóilin ina dhiaidh. Leanfar le léachtaí ar an Satharn agus beidh turas bus ar

2

láithreacha a bhaineann le lucht cinsil in ionad stairiúil Choláiste Íde, Baile an Ghóilín ag 3.00in, faoi stiúir Mhíchíl Uí Choileáin, staraí agus seandálaí. Seolfar leabhar a bhaineann le ceiliúradh an Bhlascaoid 2009 níos déanaí san oíche nuair a dhéanfar ceiliúradh ar shaothar John Millington Synge, scríbhneoir, file agus bailitheoir. Déanfaidh an múinteoir agus staraí Pat Nelligan cur i láthair dar teideal Lá Maraithe na bhFear sa Daingean ar an Domhnach agus ina dhiaidh sin pléifidh an Ciarraíoch Joe Higgins TD agus an Feisire Eorpach Seán Kelly An Bhfuilimid Díolta Arís le Gallaibh? Beidh Lorcán Ó Cinnéide sa chathaoir don seisiún áirithe seo agus cuirfidh sé clabhsúr le ceiliúradh na bliana seo. Tuilleadh eolais: www.ceiliuradh.com

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 D ei re ad h Fóm h ai r 2012


Ard Mhacha

Nuacht Áitiúil

R

achaidh bus ó Dhún Geanainn agus ó Ard Mhacha chun rannpháirtithe a thógáil ag siúil in Ó Méith maidin Domhnaigh, 16 Meán Fómhair 2012. Cuirfear tús leis na ranganna Gaeilge i gColáiste Chaitríona an Chéadaoin ina dhiaidh sin freisin, agus tosóidh siúlóid chultúir i nGaeilge ag Óstán Ard Mhacha ar an mbaile an tráthnóna Aoine dar gcionn. Reáchtálfar ceolchoirm in aisce le Bernadette Morris in Amharclann Ard Mhacha ag 6.00in an lá céanna agus beidh siúl ag An Sabhall agus An Dairt sna Spéiríní ar 29 Meán Fómhair 2012. Tuilleadh eolais: +44 (0)28 37515229 sean@cairdeteo.com Áth Cliath

T

á Comhdháil Faoin Léitheoireacht arna eagrú ag Foras na Gaeilge ar siúl in Ionad Comhdhála Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ó 21 - 22 Meán Fómhair 2012. Is í cuspóir na comhdhála teacht ar bhealaí le cur leis an líon daoine a léann leabhair Ghaeilge. I measc na n-ábhar a phléifear ag an gcomhdháil beidh staid reatha na litríochta, cleachtais idirnáisiúnta leis an léitheoireacht a chothú i measc an phobail, an léirmheastóireacht, agus dáileachán agus margaíocht na leabhar. Is féidir clárú don chomhdháil ar-líne ag www.gaeilge. ie/register/irish.asp.

Tuilleadh eolais: comhdhail2012@gmail.com +353 (0)46 9430419

Ceatharlach uirfear tús le ranganna rince ar an sean-nós i gCeatharlach go luath agus beidh fáilte roimh chách! Reáchtálfar an cúrsa i nGaelcholáiste Cheatharlach, Easca oícheanta Mháirt ó 2 Deireadh Fómhair 2012 ar aghaidh agus is í an rinceoir aitheanta Irene Cunningham as Caiseal, Conamara a bheidh i mbun teagaisc. Cuirfear tús le ranganna i nGàidhlig na hAlban do lomthosaitheoirí an fómhar seo freisin. Gearrchúrsa 6 seachtaine i gcomhrá, filíocht agus amhráin Gàidhlig a bheidh i gceist leis oícheanta Luan. Gach eolas: www.glorCheatharlach.ie

C

Ráth Chairn eáchtálfar Féile Peile Seachtar an Taobh Ráth Chairn ar 22 Meán Fómhair 2012, comórtas do dhaoine os cionn 30 nach bhfuil ag imirt le club a thuilleadh. Beidh comórtais le cic fhada, poc fada, tóg do phointe agus ciceanna pionóis ann do dhaoine fásta agus do dhaoine óga freisin. Tá Gael-Linn ag eagrú deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúir do dhaoine fásta i nGaeltacht na Mí ó 5 - 7 Deireadh Fómhair 2012 fosta. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí fásta a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmaisféar taitneamhach spraíúil arís i mbliana, an cúigiú bliain as a chéile don eagras an ócáid seo a eagrú i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn. Is le linn Éigse Dharach Uí Chatháin a reáchtálfar saoire na bliana seo agus beidh ranganna comhrá Gaeilge (meánleibhéal), ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, tráth na gceist agus seisiúin ceoil ar siúl. Teagmháil: rathcairn@eircom.net

R

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

3


Gaeilge na Cruinne

Tum tú féin sa Ghaeilge i Madison, Wisconsin ag tús na míosa seo chugainn! Beidh béim ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach nuair a thionólfaidh rannpháirtithe le chéile san Ionad Lowell ar champas na hOllscoile Wisconsin–Madison i Meiriceá ó 5 - 7 Deireadh Fómhair 2012. Eagraíonn Ionad an Chultúir Cheiltigh an deireadh seachtaine seo gach bliain chun deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa

- sult a bhaint as an teanga i dteannta a chéile. Chomh maith le ranganna teanga, beidh ceol, rince agus comhluadar den chéad scoth ar fáil duit! Tá costas $50 ar ranganna don deireadh seachtaine, ach clúdaíonn íocaíocht $120.00 na ranganna, dinnéar Dé Sathairn, lón Dé Domhnaigh agus imeachtaí sóisialta istoíche (níl lóistín san áireamh). Teagmháil: dgrow@library.wisc.edu

Teicneolaíocht na Teanga

T

á fáilte roimh lucht na Gaeilge ar-líne freastal ar an Gtuít, an chéad chruinniú Twitter nó tweetup as Gaeilge sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Déardaoin 27 Meán Fómhair 2012 ó 6.00 - 7.15in. Is é Gaelport.com, príomhshuíomh eolais na Gaeilge, atá i mbun na hócáide a eagrú, áit a bpléifear na forbairtí is úire atá ag titim amach ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha. Tá an Ghaeilge ar cheann de na 100 teanga is mó úsáidte ar-líne, mar sin is tráthúil an t-am é le hócáid dá leithéid #Gtuít a reáchtáil. Tá an ócáid bunaithe ar mhúnla an tweetup agus is minic a bhuaileann leantóirí Twitter lena chéile ag na hócáidí seo ar fud na cruinne. Meascán idir tweetup agus seisiún eolais atá i

4

gceist agus beidh Gtuít oscailte do gach aon duine a bhíonn ag úsáid Twitter, Instagram, Pinterest, LinkedIn, Facebook, Google+ agus AbairLeat, an láithreán líonraithe shóisialta Ghaeilge. Beidh Mícheál Ó Foighil, duine de bhunaitheoirí AbairLeat, i láthair le cur síos a dhéanamh ar fheachtas Choláiste Lurgan atá tar éis dul i bhfeidhm ar an aos óg ar-líne ar YouTube agus ar na meáin shóisialta eile. Beidh Fiachra Ó Marcaigh, stiúrthóir an chomhlachta comhairleoireachta idirlín Amas, i láthair le tuar a thabhairt ar na forbairtí atá le titim amach i gcúrsaí teicneolaíochta sa bhliain atá amach romhainn. Tuilleadh eolais: niamh@gaelport.com www.gaelport.com/guit

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 D ei re ad h Fóm h ai r 2012


Logainmneacha Barrliosta na Leabhar Ceilteacha

B

eidh ócáid speisialta ar siúl ins An Siopa Leabhar sa phríomhchathair ar 7.30in Déardaoin, 20 Meán Fómhair 2012 nuair a sheolfaidh An Siopa Leabhar agus Craobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach Logainmneacha | Place-Names. Eagraíocht idirnáisiúnta is ea an Chomhdháil ina bhfuil Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas: Déagóirí agus Daoine Óga 1. An Hobad - JRR Tolkien - Evertype - €39.95 2. Amach - Alan Titley - An Gúm - €7.95 3. Harry Potter - Bloomsbury - JK Rowling - €13 4. Timpeall an Tí - An Gúm - Treasa Ní Ailpín - €4.50 5. Micí Moncaí - Mairéad Ní Ghráda - An Gúm - €5.50 6 chraobh náisiúnta: Alba, Breizh, Cymru, Éire, Kernow agus Mannin. Is éard atá i gceist leis an saothar is déanaí dá cuid ná cnuasach aistí i mBéarla le Simon Taylor, Jean-Yves Le Moing, Hywel Wyn Owen, Art Ó Maolfabhail, Craig Weatherhill, agus George Broderick, curtha in eagar ag Marion Gunn. Is é an tOllamh Liam Mac Mathúna a sheolfaidh an leabhar seo a bheidh mar threoirleabhar tagartha taistil agus mar uirlis taighde do chuairteoirí le spéis sna logainmneacha, agus do mhuintir na dtíortha féin. Gach eolas: www.cnag.ie/siopa

Daoine Fásta 1. Gearrscéalta an Chéid - Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnchadha - CIC - €15 2. Duanaire an Chéid - Gearóid Denvir - CIC - €15 3. Scéal agus Dán Oileán - Mícheál de Mórdha - Coiscéim - €25 4. Our Fada - Coiscéim - Rossa Ó Snodaigh - €10 5. Gearrscéalta an Phiarsaigh - Cló Thalbóid - €12.65 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

5


App an Chultúir

Agus Oíche Chultúir 2012 ag teannadh orainn go gasta, beidh imeachtaí cultúir ar siúl in ionaid ar fud na tíre ar 21 Meán Fómhair 2012 agus tá feidhmchlár nua seolta ag lucht a heagraithe sa phríomhchathair don oíche mhór! Féadfar spléachadh ar chlár na n-imeachtaí, rogha na n-imeachtaí is fearr leat freastal orthu a shábháil, conair chultúir de do chuid féin a dhearadh, an nuacht is déanaí

D

Naíonraí Nua!

’fhógair Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) le déanaí gur cruthaíodh 40 post nua i mbliana buíochas le fás leanúnach na naíonraí Gaelacha, áit gur oscail 23 naíonra nua a gcuid doirse don chéad uair i Meán Fómhair 2012. Tá an fhigiúr an-ghearr d’fhigiúr na bliana seo caite, áit gur oscail 25 naíonra nua i Meán Fómhair 2011, agus is dul chun cinn ón 17 naíonra nua a d’oscail don chéad uair an bhliain roimhe sin. Léiríonn seo go maireann an t-éileamh do luath-thumadh iomlán sna naíonraí in ainneoin na titime i líon na leanaí réamhscoile i gcoitinne i mbliana. Tá naíonraí nua oscailte ar an Muileann gCearr agus i Rochfort Bridge, Co. na hIarmhí; i gCill Dhéagláin, Co. na Mí; i mBearna, Co. na Gaillimhe; i gCionn tSáile, i mBaile an Chollaigh

6

a fháil ó Facebook nó grianghraif ón oíche a roinnt ar Twitter. Tá an feidhmchlár d’Oíche Chultúir Átha Cliath ar fáil in aisce don iPhone ón iTunes App Store nó do ghutháin ghlice Android ó Google Play. Is féidir teacht air ó www.culturenight.ie/2012/08/7512 chomh maith ach brostaigh: níl ach seachtain fágtha agat leis an Oíche Chultúir is fearr a eagrú duit féin anois!

agus ar an mBlarna, Co. Chorcaí; i dTrá Lí agus i gCill Airne, Co. Chiarraí; in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman; i mBré agus ar an Inbhear Mór, Co. Chill Mhantáin; agus in áiteanna ar fud chathair agus chontae Átha Cliath. Dúirt Máire Uí Bhriain, Cathaoirleach Forbairt Naíonraí Teoranta: “Tá fás as cuimse feicthe againn sna 3 bliana deireanacha san earnáil luathóige Gaeilge ar dhá phríomhchúis: d’ofráil an bhliain réamhscoile in aisce deis nua do thuismitheoirí rochtain a fháil ar sheirbhísí naíonra agus chomh maith, tá tuiscint níos fearr i measc na dtuismitheoirí ar bhuntáistí breise an luath-thumtha iomláin do pháistí a fhreastalaíonn ar an naíonra.” Breis eolais: eolas@naionrai.ie

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 D ei re ad h Fóm h ai r 2012


D

Cearta sa Phobal

éanfar ceiliúradh ar chearta teanga agus ilchultúrthacht mar chuid den ócáid Ghaeilge Cearta & Ceiliúradh arna eagrú ag POBAL i mBéal Feirste ó 5 - 6 Deireadh Fómhair 2012. Beidh turas bus dátheangach ar siúl tráthnóna Aoine dar teideal An Ghaeilge i mBéal Feirste sula rachaidh Scáth-Pharáid ó Halla na Cathrach ag meánlae Dé Sathairn chun Acht Gaeilge don Tuaisceart a éileamh. Mar shiombail ar an reachtaíocht atá de dhíth chun

scáth a thabhairt don teanga, tá lucht a eagraithe ag impí ar dhaoine scáth fearthainne maisithe a ghlacadh leo! Leanfaidh an spraoi i Halla Uladh ansin, áit go mbeidh ceol Gàidhlig, seónna, céilí, damhsa, ealaíon, taispeántais ilchultúrtha agus go leor eile ar siúl. Saorchead isteach agus feartar fáilte roimh chách! Tuilleadh eolais: POBAL +44 (0)28 9043 8132 / eolas@pobal.org

Athruithe i Marcáil na nGael

A

gus athbhreithniú déanta ag Glór na nGael ar mhíreanna an chomórtais le déanaí, socraíodh go mbeidh béim faoi leith ar an obair a dhéantar leis an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile i gcomórtas na bliana seo trí líon na marcanna sa rannóg seo a dhúbailt. Ta b h a r f a i d h an t-athrú seo aitheantas do choistí ar fud na tíre atá ag cur an ghné seo - atá mar bhunchloch na pleanála teanga - i bhfeidhm. “Aithnítear córas marcála agus struchtúr chomórtas Ghlór na nGael mar uirlis phraiticiúil pleanáil teanga,”’ arsa Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael. “Ní mór dúinn a chinntiú ní hamháin go léiríonn an córas marcála cá bhfuil an obair is éifeachtaí maidir le forbairt na teanga ar siúl, ach gur féidir

leis an gcóras féin spreagadh a thabhairt do choistí gnéithe éagsúla den phleanáil teanga a dhaingniú ina bpleananna oibre don chéad tréimhse eile.” Beidh moltóireacht Ghlór na nGael 2012 ar siúl ó 15 - 26 Deireadh Fómhair 2012 agus tá Oifigigh Fhorbartha i mbun cruinnithe ullmhúcháin leis na coistí i ngach cearn den tír i láthair na huaire. Faoi gcóras athbhreithnithe, rachaidh 17.5% de na marcanna don choiste agus a bplean; 15% ar oideachas; 15 % ar an óige taobh amuigh den scoil; 15% ar dheiseanna labhartha; 7.5% ar phoiblíocht; 10% ar sheirbhísí gnó agus stáit; 15% ar aistriú teanga ó ghlúin go glúin; agus 5% ar chúrsaí eaglasta. Tuilleadh eolais: fiosru@glornangael.ie

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

7


Coláiste Bhríde Ó Meith S a bhliain 1912, bhí Ó Méith ina limistéar Gaeltachta saibhir le cainteoirí dúchais Gaeilge, a chanúint áitiúil féin, amhráin, fhilíocht agus chustaim traidisiúnta. Bunaíodh Coláiste Bhríde mar choláiste samhraidh Gaeilge ann i 1912 agus mhair an coláiste in Ó Meith go dtí gur athraíodh láthair an choláiste go Rann na Feirste i dTír Chonaill i 1926. Chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain a bhunaithe, tá Ceiliúradh Ó Meith 2012 faoi lánseol faoi láthair. Imeachtaí

dátheangacha atá i gceist leis an gceiliúradh: léachtaí agus taispeántais a léiríonn gnéithe de scéal Choláiste Bhríde, ceolchoirmeacha, siúlóidí stairiúla, cluiche peile agus tuilleadh. Ar na haíonna mór le rá beidh an t-amhránaí Pádraigín Ní Ullacháin; Liam Ó Neill, Uachtarán CLG; Seán Óg Ó hAlpín; an Seanadóir Marie Louise O’Donnell; agus eile i láthair. Gach eolas: www.omeath.ie/cb100/

Ceiliúradh na Líofachta

á Líofa 2015 bliain ar an bhfód an T mhí seo! Tá ócáid iontach speisialta beartaithe i mBéal

Feirste ar 22 Meán Fómhair 2012 chun rath an fheachtais a cheiliúradh agus chun tacaíocht, treoir agus spreagadh a thabhairt don 3,000+ duine a thabharfaidh faoin dúshlán a bheith ag feabhsú nó ag cur lena líofacht sa Ghaeilge faoi 2015. Beidh Lynette Fay, láithreoir raidió agus teilifíse, ina hóstach ar Lá Líofa, áit a bheidh seónna ardáin, aghaidhphéinteáil, caisleán preabach, ceardaíocht agus siamsaíocht teaghlaigh go leor ann. Is buíon cheoil de chúigear ardtallainne é Goitse a chasann ceol traidisiúnta Gaelach i nGaeilge agus i mBéarla araon, agus beidh siad ag Cearnóg Theach an Chustaim le Lá Líofa a oscailt agus a sheoladh i dteannta Lynette lena seinm ghasta

8

fhuinniúil. Beidh Nodlaig Ní Bhrolcháin ar an ardán chomh maith chun traidisiún ársa amhránaíocht bailéad le tionlacan Chláirseach Dhún Bó a chur os comhair an tsaoil mhóir. Rachaidh na Deartháireacha Fanzini i mbun a dtaispeántais c h r a i c e á i l t e chleasaíochta, tabharfaidh Cór Loch Lao, cór amhránaíochta na Cultúrlainne, taispeántas le linn Lá Líofa faoi stiúir Dhoiminic Mhic Giolla Bhríde agus beidh popcheol le JJ Ó Dochartaigh le cloisteáil leis. Beidh stainnín eolais Líofa agus eagraíochtaí eile Gaeilge ann i rith an lae le deis a thabhairt don ghnáthphobal fáil amach faoi ranganna Gaeilge, imeachtaí Gaeilge agus tacaíocht a chur ar fáil daoibh chun cuidiú leo páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge. Teagmháil: Liofa@dcalni.eu

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 D ei re ad h Fóm h ai r 2012


T

Blaiseadh Gaeltachta

á Údarás na Gaeltachta ag obair i gcomhar le Fáilte Éireann ag iarraidh soláthraithe lóistín atá lonnaithe sa Ghaeltacht a chur ar an eolas faoi fheachtas nua margaíochta dar teideal Blaiseadh Gaeltachta atá ar bun i mbliana. Is rannóg í seo atá forbartha ag Fáilte Éireann le tacú le soláthraithe lóistín sa Ghaeltacht chun a ngnólachtaí a chur chun cinn agus chun margaíocht a dhéanamh ar eispéireas Gaeltachta ar leith. Tá formhór na soláthraithe ag comhlíonadh riachtanais

na rannóige Blaiseadh Gaeltachta cheana féin, mar sin is deis iontach í seo chun poiblíocht agus margaíocht níos mó agus níos fearr a fháil ar tháirge agus ar sheirbhís atá éagsúil, uathúil do thurasóirí ó Éirinn agus thar lear.

Breis eolais & foirmeacha iarratais: Sonya Nic Lochlainn +353 (0)91 503100 www.failteireland.ie

Fómhar sna Clubanna

Beidh ranganna damhsa ar an sean-nós ar siúl i gClub Áras na nGael i nGaillimh gach oíche Luain ó 17 Meán Fómhair 2012. Is é Pádraig Ó hOibicín á bheidh ag múineadh na ranganna arís i mbliana agus fáilteofar roimh chách, idir óg agus aosta. Is deis iontach iad na ranganna céimeanna snasta a fhoghlaim agus go leor spraoi a bheith agat! Tá costas €90 ar an gcúrsa 10 seachtaine agus tá 3 leibhéal ar fáil: Tosaitheoirí ag 7.00in; Feabhsaitheoirí 8.00in; agus Ardrang 9.00in. Tá ceangal láidir ag Club Áras na nGael le coláistí tríú leibhéal na cathrach freisin agus tá tús curtha le hOíche na Mac Léinn arís gach oíche Déardaoin. Is amhlaidh an scéal i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath chomh maith, áit go mbíonn

craic, ceol agus ól trí Ghaeilge ar fáil do mhic léinn na cathrach gach oíche Mháirt i rith an téarma acadúil. Beidh Gaeil Óga na príomhchathrach ag freastal ar an gClub ina sluaite arís oíche Shathairn, 22 Meán Fómhair 2012, agus An Stail Ghaelach á reáchtáil ag an gclub CLG Gaeilge. Reáchtáladh Comórtas an Chailín Ghaelaigh níos luaithe i mbliana le cailín Gaelach a roghnú le hionadaíocht a dhéanamh ar Na Gaeil Óga CLG ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mí an Mheithimh, ach seo anois deis do fhir an chlub tallann ar leith a léiriú don saol mór! Tuilleadh eolais: www.arasnangael.ie www.anclub.ie

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

9


Suíomh Gaeilge RTÉ T

á dearadh nua ag RTÉ ar an suíomh idirlín s’acu agus mar chuid den athnuachan ar théacs, tá leagan Gaeilge de na leathanaigh corparáideacha ar fáil ag www.rte.ie/ about anois. Dar le Máire Nic Fhinn, Oifigeach na Gaeilge RTÉ, bíonn spéis agus fiosracht i measc an phobail faoi obair RTÉ, mar eagraíocht poiblí agus mar chraoltóir náisiúnta. Chuige sin, tá an suíomh leagtha amach go

soiléir ag míniú mar a reáchtáiltear an eagraíocht le heolas faoin mBord, an Feidhmeannas, An Chomhaire Lucht Féachana agus mar a dhéantar RTÉ a mhaoiniú. Tá teacht ar na Tuarascálacha Bliantúla agus eile ar an suíomh anois freisin. Tá an obair seo curtha i gcrích mar chuid de Scéim Ghaeilge RTÉ a bheidh á aontú gan mhoill leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Cultúir.

Córas um Achainíocha

T

á bealach saincheaptha ag daoine den phobal anois, den chéad uair riamh, chun ábhar imní a bhíonn acu faoi bheartais a chur go díreach faoi bhráid an Oireachtais agus chun tionchar a bheith acu ar chlár oibre na parlaiminte, ó seoladh córas parlaiminteach um achainíocha in Ionad Axis Bhaile Munna, Baile Átha Cliath le déanaí. Is é an Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha a dhéanfaidh achainíocha poiblí a bheidh curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais a ghlacadh agus a phróiseáil, d’fhonn a aimsiú cén dóigh ar féidir seirbhísí poiblí níos fearr a sheachadadh ar shaoránaigh. Deir Peadar Tóibín TD, Cathaoirleach an Choiste: “Is áis thábhachtach nuálach í seo san Oireachtas ó thaobh an daonlathais de. Den chéad uair leis

10

na 93 bliana ó cuireadh an tOireachtas ar bun, beidh bealach ag saoránaigh chun tionchar a bheith acu caol díreach ar chlár oibre na parlaiminte; tá saoránaigh á dtabhairt go croílár an Oireachtais ag an gCóras nua Parlaiminteach um Achainíocha seo.” Is féidir le duine ar bith den phobal achainí a dhéanamh - tríd an leathanach achainíocha ar shuíomh gréasáin an Oireachtais nó tríd an bpost - faoi ábhar spéise nó imní don phobal i gcoitinne. Ní theastaíonn ach síniú amháin agus níl teorainn ar bith leis an líon daoine a fhéadfaidh tacú le hachainí. Tá leagan cuimsitheach Gaeilge den eolas Achainíocha agus de na foirmeacha cuí ar fáil freisin. Gach eolas: petitions.oireachtas.ie http://youtu.be/KHAmoOG5j6c

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 D ei re ad h Fóm h ai r 2012


Dlítheangeolaíocht AE

T

á ganntanas ar an Aontas Eorpach maidir le haistritheoirí dlíthiúla agus dlítheangeolaithe le Gaeilge líofa faoi láthair. Tairgfidh Óstaí an Rí cúrsaí páirtaimseartha ardleibhéil ó Dheireadh Fómhair 2012 - Bealtaine 2013 chun rannpháirtithe a chumasú le cur isteach ar na folúntais seo le hInstitiúidí an AE. Seasfaidh na cáilíochtaí dlítheangeolaíochta seo freisin don té ar suim leis fostaíocht taobh amuigh d’Institiúidí an AE. Tá maitheamh táillí ar

fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, agus ní gá cáilíocht sa dlí a bheith agat le tabhairt faoin gcúrsa san Aistriúchán Dlíthiúil. Reáchtálfar scrúdú iontrála in Óstaí an Rí ar Shráid Henrietta, Baile Átha Cliath ó 6.00 - 7.00in Dé Céadaoin, 19 Meán Fómhair 2012. Foirmeacha iarratais & tuilleadh eolais: dmaccarthaigh@kingsinns.ie +353 (0)87 2368364 www.kingsinns.ie/gaeilge.htm

Cúrsaí an Fhómhair

C

uirfear tús le téarma nua ranganna oíche Gaeilge i gCúl an Tí, Ionad na Gaeilge, Baile Locha Riach in iarthar na Gaillimhe Déardaoin, 27 Meán Fómhair 2012. Beidh na ranganna ar siúl ó 8.00 9.30in gach Déardaoin scoile ar feadh 9 seachtaine agus beidh 3 leibhéal ann: Bunrang; Foghlaimeoirí/ Feabhsaitheoirí; agus Ardrang. Tá táille €75 le clárú don téarma (lamháltas €65 do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe agus do phinsinéir) ach teagmháil a dhéanamh le Gaeilge Locha Riach ag oifig@ lochariach.com / +353 (0)91 870718. I gcathair na Gaillimhe féin, cuirfear tús leis an téarma nua Dé Luain, 24 Meán Fómhair 2012 agus is féidir clárú do na leibhéil éagsúla tríd an suíomh ag www.arasnangael.ie nó ag www.cnag. ie. Reáchtálfar ranganna Gaeilge ar an

Iúr i gCo. an Dúin sa Chlub Gateway agus beidh oíche chlárúcháin ar siúl san ionad céanna ar 24 Meán Fómhair 2012 ó 7.00 - 8.00in. Cuirfear tús leis na cúrsaí féin ar 01 Deireadh Fómhair 2012 agus bogfaidh na ranganna chuig Gaeláras Mhic Ardghail ar an mbaile nuair a chríochaíonn an obair athchóirithe ar an bhfoirgneamh sna míonna amach romhainn. Tá táille £30 ar na ranganna don téarma agus beidh Bunrang 1 2; Meánrang 1 - 3; agus Ardrang á dtairiscint ar oícheanta éagsúla, Luan Céadaoin. Má tá an chraobh s’agat ag iarraidh leas a bhaint as córas áirithintí Chonradh na Gaeilge ar-líne ag www. cnag.ie/courses, déan teagmháil linn! Teagmháil: eolas@cnag.ie +353 (0)1 4757401

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

11


N

Is Leor Beirt

íl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Míchumas: • • • • • • • • • • • • • •

An bhfaca tú na Cluichí Parailimpeacha ar an teilifís? An bhfuil aithne agat ar aon duine le míchumas / máchail choirp /máchail intinne? An dóigh leat go dtuigeann an pobal trí chéile cad is míchumas ann? An gceapann tú go bhfuil a dhóthain áiseanna ar fáil do dhaoine le máchail fhisiceach? An raibh ort leas a bhaint as seirbhísí an stáit maidir le máchail chainte riamh? An bhfuil rochtain shásúil curtha ar fáil ar an gcóras iompair do dhaoine i gcathaoireacha rotha? Ar chóir go mbeadh treoir fuaime ar an tsráid chun cabhrú leis na daill? Ar chóir rampaí a chur ag doras gach institiúid poiblí? An bhfuil fáil ar sheirbhísí do dhaoine míchumasacha i do cheantar? Ar chaith tú mórán ama san ospidéal riamh? An féidir leis an teicneolaíocht cabhrú le daoine le míchumas? An bhfuil a dhóthain tacaíochta ann do thuismitheoirí le páistí le míchumas? An bhfuil níos mó seirbhísí tacaíochta de dhíth do pháistí le míchumas ar scoil? Ar chóir don rialtas níos mó a dhéanamh le tacú le maireachtáil neamhspleách?

Míchumas: míchumas (éadrom / trom), dian-mhíchumas, míchumas foghlama, míchumas luaile, míchumas coirp, máchail choirp, máchail fhisiceach, cathair rotha, daille, bodhaire, allaíre, míchumas meabhrach, míchumas intleachta, míchumas intinne, moilliú intinne, meabhairuireasa, meabhairshláinte, iompar fíordhúshlánach

12

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 D ei re ad h Fóm h ai r 2012


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.