Issuu on Google+

Crosfhocal Mhí an Mheithimh Trasna 2 6 7 10 11 12 13 15 17 18 Síos 1 2 3 4 5 8 9 11 14 16

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Bealtaine: Feargus Ó Snodaigh, An Chrannóg, Sraith na Corcra, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2.

Campaí Samhraidh Ó gras Beidh campaí samhraidh Ógras ar siúl arís i mbliana le linn mhí Iúil. Seo a leanas roinnt eolais faoi na campaí a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird: Dún Laoghaire - Beidh campa samhraidh Dhún Laoghaire ar siúl i Halla na nGasóg, 52 Sráid Phádraig ó 17 - 21 Iúil 2006. Maigh Nuad - Beidh campa samhraidh Mhaigh Nuad ar siúl i Halla an Pharóiste, Bóthar Moyglare ó 10 - 14 Iúil. Ráth Maonais - Beidh campa samhraidh Ráth Maonais ar siúl in Eaglais na hÉireann, Coláiste an Oideachais, 96 Bóthar Ráth Maonais Íocht., ó 31 Iúil go dtí 4 Lúnasa. Droim Conrach - Beidh campa samhraidh Dhroim Conrach ar siúl i Halla an Pharóiste, Br. na Buaile ó 31 Iúil go dtí 4 Lúnasa. Crois Araild - Beidh campa samhraidh Chrois Araild ar siúl in Ionad Shearlais Naofa ó 24-28 Iúil. Ta na campaí seo dírithe ar pháistí idir 7 agus 11 bliana d’aois. Is é an táille atá ar na cúrsaí seo ná €50 do pháiste amháin ó theaghlach amháin, €90 do bheirt as teaghlach amháin, €120 do thriúr as teaghlach amháin agus €150 do cheathrar nó níos mó as teaghlach amháin. Tá na himeachtaí uile, cúrsaí iompair, na turais agus múineadh san áireamh sa phraghas sin. Ta €25 mar éarlais ar na campaí seo agus caitear íoc as na cúrsaí roimh 9 Meitheamh 2006.

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

1 Meitheamh 2006

Caith Vóta ar Pháirtithe atá ar son na Gaeilge

anamúil; beoga (8) lapa éin nó cait; ordóg portáin (4) cén áit? (2) áit a mbaintear clocha nó gairbhéal (7) céad bliain (4) leabhar ina dtugtar cuntas laethúil ar chúrsaí (7) ciall (8) seabhac buí (7) múchadh (4) asmas; múisc (7) mo mhairg! (3) gáir mhaíte (3) sleá bheag (2) rud nach bhfuil beo (2) iarratas; impí (7) lóistín do shaighdiúirí (7) peann luaidhe (8) tuirse mhór (7) ionsaí; aimsiú ar mharc (4) cine; pór (3)

Eagrán 8

I measc na n-imeachtaí éagsúla a eagrófar beidh cispheil, eitpheil, peil, cluiche corr, tóraíocht taisce, turas lae, rince agus ceol, ealaíon agus cluichí spraoi. Molfar do na paistí leabhar nótaí, peann luaidhe, éadaigh spóirt, bróga reatha agus lón le tabhairt leo. Is iad seo a leanas rialacha na gcúrsaí: 1. Is campa Gaeilge iad na campaí seo agus, mar sin, caitear iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt i gcónaí.

2. Níl aon chead ag éinne imeacht ón gcampa ag am ar bith gan chead ón múinteoir. 3. Caitear cloí le rialacha an Choiste Stiúrtha i gcónaí. Má tá tuilleadh eolais uait faoi na cúrsaí seo is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann Ógras ag 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C. 2, nó, ar an bhfón ag 01 4757401.

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Ag preasócáid taobh amuigh de Dháil Éireann Dé Luain, an 22 Bealtaine, 2006, ag 11.00 r.n. chuir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, in iúl don phobal go raibh fíordhíomá ar Chonradh na Gaeilge faoin gcinneadh a glacadh ag ArdFheis Fhine Gael chun deireadh a chur leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste. Is cinneadh é seo atá in aghaidh luachanna an pháirtí agus atá frith-Ghaelach, frithacadúil, agus frith-Eorpach. Chuir sé in iúl, freisin, go mbeidh Conradh na Gaeilge ag déanamh cinnte go mbeidh na mílte daoine ag an gcéad olltoghchán eile ag vótáil uimhir a 1 agus ag aistriú vótaí do pháirtithe agus comhghuaillíochtaí a bheidh ar son an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar a mbeidh gach mac léinn meánscoile ag tabhairt fúithi ag leibhéal na hArdteiste. Déanfaidh na vótaí seo difríocht mhór ach go háirithe sna Dáilcheantair a bhfuil páirtithe ar nós Fine Gael ag iarraidh suíochán nua a bhaint amach. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Ghlac Conradh na Gaeilge go fonnmhar leis an gcuireadh a thug Fine Gael chun an Ghaeilge sa chóras oideachais a phlé le bliain anuas. Is cúis díomá agus iontais dom mar sin go bhfuil an chuma ar an scéal nár éist siad le focal ar bith a bhí le rá ag lucht an Chonartha, ag múinteoirí scoile, ag daltaí scoile, agus ag saineolaithe aitheanta teanga. Ní gá ach breathnú ar an tubaiste atá ag titim amach i Sasana le cúig bliana anuas maidir le teangacha i gcoitinne tar éis don Roinn Oideachais thall ligint do scoileanna ábhair roghnacha a dhéanamh díobh ag EochairChéim 4 (is ionann Eochair-Chéim 4 agus bliain an teastais shóisearaigh i gcóras oideachais na Éireann). Tháinig laghdú drámatúil i líon na scoláirí a roghnaíonn teangacha sa chúig bliana sin. Dá gcuirfí moladh Fhine Gael i bhfeidhm is cinnte go mbeadh an toradh céanna le feiceáil anseo in Éirinn ó thaobh na Gaeilge de. Is cinnte gur gá dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ach níl ciall ná réasún ag baint le moladh Fhine Gael. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go gcuirfí na moltaí seo a leanas i bhfeidhm:

Maoinithe ag:

SAN EAGRÁN SEO: 1. CAITH VÓTA AR PHÁIRTITHE ATÁ AR SON NA GAEILGE 2. IONAD SAORCHOMHAIRLE DLÍ Dáithí Mac Cártaigh le scoláirí óga taobh amuigh den Dáil

1. Go dtabharfadh gach ábhar oide bunscoile tréimhse bliana acadúla dá c(h)úrsa traenála ar thumoideachas i mioncholáiste lán-Ghaeilge ag foghlaim faoin tumoideachas agus tríd an tumoideachas. Cinnteoidh sé seo cumas sásúil sa Ghaeilge do gach múinteoir bunscoile as seo amach. Molaimid deis a bheith ag ábhair oide a gcúrsa oiliúna iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo. 2. Go múinfí ábhar, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile. Dheimhnigh an Dr. John Harris, Coláiste na Tríonóide, go bhfaigheann c.30,000 dalta bunscoile oideachas lánGhaeilge faoi láthair agus, anuas air sin, go múintear ábhar breise trí Ghaeilge do c.116,000 dalta eile. Molann an Dr. Harris modh seo an pháirt-tumoideachais mar mhodh éifeachtach sna scoileanna Béarla agus dheimhnigh sé go n-éiríonn leis i gcóras atá, tríd is tríd, ag teip daltaí a chumasú sa Ghaeilge. 3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal: 'Teanga na Gaeilge' agus 'Litríocht na Gaeilge'. Scrúdaítear cumas an iarratasóra maidir le labhairt, tuiscint, léamh agus scríobh na teanga bunaithe ar an bhFráma Coiteann Eorpach i scrúduithe "Teanga na Gaeilge" agus cead ag gach mac léinn an scrúdú sin a shuí. "Múintear 'Litríocht na Gaeilge' sna Gaelcholástí agus mar 'ábhar breise' do mhic léinn a bhfuil spéis ar leith nó cumas ar leith acu sa Ghaeilge faoi mar a mhúintear matamaitic fheidhmeannach do mhic léinn a bhfuil spéis ar leith nó cumas ar leith acu sa mhata."

3. OÍCHE MHÓR GHAELACH I MBÉAL ÁTHA NA SLUA 4. BUANCHOISTE NUA AN CHONARTHA 5. COMHFHREAGRAS AGUS EILE 6. CROSFHOCAL MHÍ AN MHEITHIMH 7. CAMPAÍ SAMHRAIDH ÓGRAS

Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Ar cheart go mbeadh cead ag foirneacha peile ó thaobh amuigh den Ghaeltacht Ghaeltacht pairt pairt a ghlacadh i gComórtas gComórtas Peile na Gaeltacht a? Gaeltachta? • Ba cheart • Níor cheart Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Ionad Saor-Chomhairle Dlí an Chonartha An T ionól Gaeltachta Mar a fógraíodh i Nuachtlitir mhí na Bealtaine beidh an

Beidh an Tionól

chéad seisiún eile den Ionad Saor-Choimhairle Dlí ar

Gaeltachta ar siúl

siúl ar an Luan 12 Meitheamh idir 7-8. Is seo a leanas

i

an t-eolas cuí maidir leis an ionad sin:

nOileán i mbliana

Ta comhairle at fáil ar na réimsí dlí seo a leanas:

idir 6-9 Iúil. Beidh

• Cúrsaí Cearta

an Tionól ar siúl

• Dlí Fostaíochta

ón Déardaoin go

• Leas Sóisialta

dtí an Domhnach

• Dlí Creidmheasa agus

agus tá táille €170

Dochair

gCeantar

na

ar an bpacáiste

Bíonn fáilte roimh chách

iomlán.

Arna reáchtáil ag Conradh na Gaeilge

duit spás a chur in

i gcomhar le FLAC (Free Legal Advice Centres)

áirithe don Tionól

i gCeannáras Chonradh na Gaeilge,6 Sráid Fhearchair,

a luaithe agus is féidir. Níl ach méid áirithe spásanna

Baile Átha Cliath 2.

fágtha dó.

Moltar

Oíche Mhór Ghaelach i mBéal Atha na Slua Bhí Oíche Ghaelach in Óstán Gullane's i mBéal Átha na Slua, Déardaoin 11 Bealtaine seo caite. D'eagraigh an chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge an ócáid speisialta seo ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar nithe éagsúla atá curtha i gcrích acu go háitiúil le deireanas. Bhí comhoibriú ar siúl idir Chonradh na Gaeilge, Scoil Uí Cheithearnaigh, Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Goal agus lucht gnó an bhaile ar mhaithe le siamsaíocht a chur ar fáil don oíche. Cuireadh smailceanna bia agus deochanna ar fáil agus bhí neart amhránaíochta, ceoil, seanchais agus eile le cloisteáil mar chuid den oíche. Mar a tharla, bhí cur i láthair ag amhránaithe áitiúla agus ag baill de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar dhlúthdhiosca traidisiúnta úrnua 'Ceol ár Sinsear'

Sinéad Nic Ghiolla Chionnaigh agus cairde

a d'eisigh ceoltóirí Oirthear na Gaillimhe ar

ar an siopa poitigéara, Brodericks as an méid a

mhaithe le hairgead a bhailiú do 'Goal'. Seolfar é

d'éirigh leo a chur i gcrích le linn Sheachtain na

mar chuid de Fhleá Cheoil na Gaillimhe i dTigh

Gaeilge.

Kinsella, Baile Locha Riach.

Ag labhairt di ar an oíche, dúirt Sinéad Nic Ghiolla

Lena chois sin, bronnadh teastais tinrimh ar na

Choinnigh, Cathaoirleach Chraobh Bhéal Átha na

daoine fásta ar éirigh leo cúrsaí oíche Gaeilge

Slua de Chonradh na Gaeilge, go raibh an

ocht seachtaine a chríochnú. Tugadh aitheantas

chraobh thar a bheith sásta as an dul chun cinn a

ar leith do lucht gnó Bhéal Átha na Slua ar éirigh

bhí déanta ag Gaeil Bhéal Átha na Slua maidir le

leo Gaeilge a dhéanamh feiceálach agus a chur os

cur chun cinn na Gaeilge de agus ba cheart go

comhair an phobail le bliain anuas. Mar chuid den

bhfaigheadh siad spreagadh is misneach astu

aitheantas sin, bronnadh Corn Uí Cheithearnaigh

agus díriú ar spriocanna nua don bhliain seo

2.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Buanchoiste Nua an Chonartha Tháinig Buanchoiste Chonradh na Gaeilge le chéile don chéad uair ó bhí an Ard-Fheis ann ar an Satharn 13 Bealtaine. Is mar seo a leanas a toghadh an Buanchoiste i mbliana: An tUachtarán, Daithí Mac Cárthaigh; An Tánaiste, Eoghan Mac Cormaic; Ceathrar a toghadh ag an Ard-Fheis - Tomas Mac Ruairí, Jacqueline Uí Mhuirí, Helen Ó Murchú, Félim Borland; Triúr a toghadh ag céad chruinniú den Choiste Gnó - Proinsias Ó Maolchalain, Seán Ó hAdhmaill, Pádraig Mac Fhearghusa; Dail na Mumhan - Donnchadh Ó hAodha; Comhaltas Uladh Cathal Ó Diolúin; Aontas na Mac Léinn in Éirinn: Ciaran Mac Fhearghusa.

Tomás Mac Ruairí, ball den Bhuanchoiste

Comhfhreagras agus Eile Tá na Gaeil Óga ag iarraidh ar Ghaeilgeoirí óga agus ar dhaoine atá báúil don Ghaeilge gan vóta a thabhairt do pháirtí ar bith a d’ísleodh stádas na Gaeilge i gcóras oideachais dheisceart na hÉireann. Is iad na Gaeil Óga an ógeagraíocht Ghaeilge a d’eagraigh agóid lasmuigh de phríomhoifigí Fhine Gael i ndiaidh do Enda Kenny an t-ísliú stádais seo a mholadh anuraidh. Chuir Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach, Na Gaeil Óga, (agus atá ina bhall de Choiste Gnó agus de Bhuanchoiste an Chonartha), in iúl nach bhfuil na páirtithe rialtais gan locht ina bpolasaithe ar an Ghaeilge. Tá go leor béalghrá léirithe acu don teanga. Tá géarghá chomh maith le brú a choinneáil ar na páirtithe eile a thugann béalghrá don teanga. Ach tá polasaí Fhine Gael seo ag teacht salach ar thaighde agus ar dhearcadh saineolaithe teanga agus oideachais, agus ar mheon óige na tíre, (rud atá léirithe i dhá phobalbhreith, ceann coimisiúnaithe ag Fine Gael iad féin) ar dhearcadh eagras Gaeilge agus gach uile pháirtí atá ar son na Gaeilge. Is léir nach bhfuil an polasaí seo dírithe ar dhaoine óga, ar Ghaeilgeoirí nó ar dhaoine atá báúil don Ghaeilge. Iarrann muid ar chuile dhuine óg atá báúil don Ghaeilge a míshástacht a léiriú trí gan vóta a thabhairt do Fhine Gael sa chéad olltoghchán eile. Cuirfidh muid faire ar na páirtithe polaitiúla eile nach leor béalghrá don teanga a thuilleadh agus go bhfuil go leor fós le déamamh, ach go háirithe ag páirtithe an rialtais, chun go nglacaimis dáiríre iad ar mhórcheist na Gaeilge. Éilimid, chomh maith, ar Ghaeilgeoirí agus ar dhaoine atá báúil don Ghaeilge príomhábhar toghchána a dhéanamh den Ghaeilge chun go bhfeicfí na páirtithe go bhfuil líon suntasach vótaí le cailliúint agus le fáil as a gcuid polasaithe i leith na Gaeilge. Molaimid Conradh na Gaeilge as an seasamh seo a thógaint agus iarraimid ar phobal na Gaeilge tacú lenár seasamh agus dul i dteagmháil lena n-ionadaithe áitiúla

d’olltoghchán na bliana seo chugainn. Sínithe Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach, Na Gaeil Óga, agus ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge Ciaran Ó Brolcháin, Leas-Chathaoirleach, Na Gaeil Óga Ciarán Mac Fhearghusa, Oifigeach Forbartha, Na Gaeil Óga, Ball de Choiste Gnó an Chonartha agus Oifigeach Gaeilge USI Breandán Ó hÉamaigh, Oifigeach na Gaeilge, ULSU agus iarbhall Young Fine Gael

Dianchúrsaí an tSamhraidh Beidh dianchúrsaí an tsamhraidh ar siúl in Ard-Oifig an Chonartha mBaile Átha Cliath ag tú mhí an Mheithimh. Beidh an chéad chúrsa ar siúl idir 6-22 Meitheamh, an dara cúrsa ar siúl idir 11-27 Iúil agus an tríú cúrsa ar siúl idir 1-17 Lúnasa. Is é €160 an táille a bheidh ar na cúrsaí seo agus beidh ceithre leibhéal ar fad ann: Tosaitheoirí, Bunrang, Meanrang agus Ardrang. Má ta aithne agat ar dhuine ar bith a mbeadh spéis acu freastal ar na ranganna seo is féidir iad a chur chugainn anseo in Ard-Oifig an Chonartha iad.

Picnic Chúil Tháinig 65 teaghlach le chéile le déanaí i gcomhar le Comhluadar agus Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach agus iad ar turas go Páirc Cúil, Gort Inse Guaire i gCo. na Gaillimhe. Ní hamháin go raibh neart le foghlaim ag na daltaí is ag tuismitheoirí fá stair na páirce is fá na scríbhneoirí éagsúla a raibh baint acu leis an áit; Lady Gregory, W.B. Yeats, Seán O'Casey, Dúghlas De hÍde agus eile ach cuireadh an-suim i ndúlra na háite chomh maith. Gan amhras, fágadh go leor ama le cluichí éagsúla a imirt agus picnic bhreá a bheith ag cách fosta. Bhí moladh ag cuid de na páistí gur chóir a leithéid a dhéanamh gach lá ...nach milis an rud an t-anam!

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2006