Page 1

Eagrán 3.9.

Glac Leis an nGaeilge! Chuir Conradh na Gaeilge tús seirbhísí Gaeilge a fháil. Cuirleis an bhfeachtas Glac Leis fidh an Conradh comhairle ar an mhí seo chun pobal na fáil chomh maith do dhaoine Gaeilge, go háirithe daoine chun iad a chumasú chun óga, a spreagadh agus a chu- aighneachtaí agus moltaí dá masú le seirbhís Ghaeilge i gcuid féin a scríobh chuig na gcónaí a iarraidh ó chomh- comhlachtaí poilblí. Níl le déanamh ach lachtaí poiblí ríomhphost a chur agus ranna stáit. c h u i g Tá an Conradh glacleis@cnag.ie ag tabhairt faoi nó glaoch ar an cheardlanna Ard-Oifig ag 01 s p r a í ú l a 4757401 chun spreagúla a tacaíocht an reáchtáil le cinChonartha a fháil. nirí ó choláistí Glac Leis i gColáiste Chamuis Cuirfear sraith de samhraidh tim- (Mícheál Ó Máirtín, Brenda Ní peall na tíre Ghairbhí, Seán Ó hAdhmaill & chártaí poist Glac chun iad a chur scoláirí Choláiste Chamuis) Leis ar fáil fud fad ar an eolas faoi na seirbhísí na tíre go luath ionas gur atá siad i dteideal a fháil trí féidir le daoine iad a líonadh Ghaeilge ó chomhlachtaí le heolas mar gheall ar na poiblí faoi Acht na dTean- fadhbanna a bhí acu ag lorg seirbhísí Gaeilge agus iad a gacha Oifigiúla, 2003, agus sheoladh chuig an Ard-Oifig go chun a chur ina luí orthu go héasca. Éirí gafa le Gaeilge bhfuil tacaíocht ann dóibh leis agus Glac Leis go bhfuil seirbna seirbhísí sin a éileamh. hís Gaeilge ar fáil duit! Chomh maith le daoine a spreagadh chun glacadh leis Rúin na hArd-Fheise 2008 go bhfuil gach seirbhís ar fáil Beidh Ard-Fheis Chonradh trí Ghaeilge, agus éileamh a na Gaeilge 2008 ar siúl in thaispeáint do sheirbhísí Óstán Meadowlands, Trá Lí, Gaeilge mura bhfuil siad ar Co Chiarraí ón 26 – 28 Meán fáil fós, tá Conradh na Fómhair. Déanaigí cinnte go Gaeilge ag cur seirbhís tha- seolann sibh bhur rúin don caíochta ar fáil do dhaoine go Ard-Fheis ar ais chuig an mbíonn fadhbanna acu le Ard-Oifig roimh 31/07/08.

14 Iúil 2008 SAN EAGRAN SEO: 1. Glac Leis 1. Sprioc Rúin Ard-Fheise 2. Fógraíocht sna Rialacháin 2008 2. Aire agus Údaras Ag Aontú leis an gConradh 3. Drámaíocht i mBaile Locha Riach 3. Gradam Gaeilge do Clare FM 3. Scéim SÍOL do Scríbhneoirí Gaeilge 4. Tionól Gaeltachta ’08 5. Cúrsaí Gaelscolaíochta 5. Scéim Chónaithe ITBÁC 5. Giotaí Gaeilge 6. RaidióRíRá.ie 6. Comórtas Mana 7. Feachtas TÁ 7. Féile an Phobail 8. Crosfhocal

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Fógraíocht sna Rialacháin 2008 D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh phlépháipéar an Aire Éamon Ó Cuív maidir le cúrsaí fógraíochta a chur sna Rialacháin 2008 um Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Alt 9) a tháinig os comhair chruinniú den Chomhchoiste um Gnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dTeach Laighin ag tús na míosa. Buíochas le brú leanúnach ón gConradh agus ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tá an tAire Ó Cuív ag obair ar chúrsaí fógraíochta a chur san áireamh sna Rialacháin. Is céim iad na rialacháin seo i dtreo timpeallacht dhátheangach fheiceálach spreagúil a

chothú ach tá an Conradh ag éileamh ar an Aire leasuithe cuí eile maidir le gnó lasmuigh den Stát, lógónna dátheangacha, comharthaí sealadacha (ar nós cláracha fógraí móra lasmuigh agus in áiteanna ar nós Aerfort na Sionainne) agus sprioc infheidhmithe níos réasúnta a chur san áireamh sna rialacháin freisin. Más spéis libh éirí gafa leis an bhfeachtas seo, ní gá ach breathnú ar shuíomh an Chonartha ag www.cnag.ie agus ríomhphost a chur chuig an Aire Ó Cuív ag cur ina luí tábhacht na leasuithe seo a chur san áireamh sna Rialacháin 2008 agus iad a shíniú ina ndlí mar ábhar práinne.

Aire agus Údaras Ag Aontú leis an gConradh Tá an tAire Ó Cuív agus Údarás na Gaeltachta ar aonintinn leis an gConradh go mba chóir go mbeadh an Ghaeltacht ina aonad a riarfaí trí Ghaeilge ag foireann ar suim leo amhlaidh a dhéanamh. Agus Bille na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2007 os comhair an tSeanaid ag deireadh na míosa seo caite, thacaigh an tAire Gaeltachta le moltaí an Chonartha go mbeadh an Ghaeilge mar theanga na gcúirteanna Gaeltachta amach anseo. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh: • Go n-eagrófaí ceantair Ghaeltachta ina ndúichí den Chúirt Dúiche a mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre agus imeachtaí iontu; • Go n-eagrófaí ceantair Ghaeltachta ina gcuaird den Chúirt Chuarda a mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre agus imeachtaí inti; agus

2

• Go mbeadh na breithiúna agus an fhoireann ar na dúichí agus ar na cuarda ina bhfuil limistéir Ghaeltachta iontu tar éis pas a fháil in ardchúrsa Chomhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí, agus cumas léirithe acu go bhfuileadar inniúil agus toilteanach go leor gnó na cúirte a reáchtáil trí Ghaeilge. Dheimhnigh Liam Ó Cuinneagáin, Príomhfeidhmeannach an Údaráis go raibh cás maith leagtha amach ag Conradh na Gaeilge i leith úsáid na Gaeilge sna cúirteanna Gaeltachta ag cruinniú den bhord le déanaí, agus dúirt go raibh sé tráthúil mianta an Chonartha agus an Údaráis a chur ina luí ar an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannas agus Athchóirithe Dlí ó tá na cúirteanna dúiche á athleagan faoi láthair. Léirígí bhur dtacaíocht don bhfeachtas ag www.cnag.ie inniu!

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Clann, Ceamara, Craoladh! naíochta ar stáitse. D’éirigh go hiontach leis SÍOL Nua Curtha na drámadóirí óga agus iad faoi stiúir fhoiredo Dhrámaíocht Theilifíse Ghaeilge Tá sé beartaithe faoin scéim nua forbartha ann ghairmiúil LYT. Ní amháin sin ach bhronn do scríbhneoirí Gaeilge, SÍOL, go roghnóidh Paula agus Philip Short, bainisteoirí LYT, táillí Gréasán na Meán seisear Gaeilgeoirí, ón na gceardlanna ar fad do Naíonra Bhaile nGaeltacht nó atá líofa i nGaeilge, chun Locha Riach. Bhí Breda Uí Chonachán, script teilifíse a scríobh agus a chóiriú le Stiúrthóir an Naíonra, thar a bheith buíoch do haghaidh léiriúcháin teilifíse a bheas le crao- LYT. Tuigeadh di go raibh na páistí uilig ionladh ar TG4. Tá an scéim oscailte do scríbh- tach tógtha go raibh deis iontach tugtha neoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre bíodh dóibh am a chaitheamh i gcuideachta fhoiretaithí acu ag scríobh don scáileán nó ná bíodh ann LYT agus dúirt sí go gcuideodh an tairgead go mór leo áiseanna agus do stiúrthóirí ar nua-aimseartha a fháil don mian leo taithí a Naíonra don scoilbhliain seo fháil ar dhrámaíocht chugainn. Má tá éinne ag teilifíse. Is gá script iarraidh a thuilleadh eolais i iomlán 25 nóiméad dtaobh an Naíonra i mBaile ar fad a scríobh, Locha Riach, tá gach fáilte chomh maith le teagmháil a dhéanamh le leathanach amháin Breda ag 087 2702383. achoimre agus nótaí ar charachtair a chur Gradam Gaeilge an Chláir Gradam Gaeilge an Chláir isteach le haon iar2008 Buaite ag Clare FM ratas. Bainfidh 6 iarTá Gradam Gaeilge an Chláir 2008 buaite ag rathóir áit amach ar mháistir-ranganna ceirde an stáisiún raidió áitiúil Clare FM as an méid chun sraith de 6 dhráma teilifíse a fhorbairt oibre atá déanta le bliain anuas chun an faoin téama An Chlann. Forbróidh na scríbh- Ghaeilge a chur chun cinn ina sceideal craoneoirí a script féin faoi stiúir eagarthóir lacháin. Is gradam bliantúil é seo a bhronntar scripte agus réiteofar na tograí mar chuid de ar an gcomhlacht a dhéanann an méid is mó dhá cheardlann (scríbhneoireachta agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol stiúrthóireachta) a bheas ar bun i mí tráchtála. Bhronn Seán Ó Ceallaigh, CathaoirDheireadh Fómhair 2008 agus Feabhra 2009. leach nua An Clár as Gaeilge Teoranta, a Is é 13 Lúnasa spriocdáta iontrála don reáchtálann an comórtas, plaic speisialta ar chomórtas agus is féidir foirm iarratais, son- Liam Ó Sé, Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin raí na scéime agus tuilleadh eolais a Clare FM ag ócáid i nGlór an mhí seo caite. íoschóipeáil ó www.siol.ie nó dul i dteagmháil Dúirt an tUasal Ó Ceallaigh go raibh an le Christine Ní Chonchubhair ar 091 558400. gradam seo tuilte go maith ag an stáisiún raidió áitiúil as a bhí déanta i rith na bliana LYT ar son na Gaeilge D’eagraigh Loughrea Youth Threatre ceard- chun an Ghaeilge a fhí isteach sna cláracha lanna drámaíochta go speisialta i nGaelscoil éagsúla. Rinne sé tagairt ar leith don obair a Riabhach le deireannas do pháistí idir 4 agus rinne na léirtheoirí tráth Sheachtain na 12 d’aois. Ghlac suas le trí scór páistí páirt Gaeilge, áit gur chlúdaigh Clare FM an-chuid sna ceardlanna seo agus iad uilig thar a imeachtaí áitiúla Gaeilge agus go raibh an bheith sásta nodanna éagsúla a fhoghlaim i Ghaeilge le cloisteáil tríd an sceideal dtaobh aisteoireachta, damhsa agus amhrá- craolacháin go léir. Cuir na scéalta chugainn roimh 13 Lúnasa 2008

3


Tionól Gaeltachta 2008 ar Inis Oírr D’éirigh thar cionn le Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2008 a reáchtáladh ar Inis Oírr ón 3 – 6 Iúil. Ba léir go raibh cion ag lucht freastalaithe an Tionóil ar an deireadh seachtaine spraoi a chaitheamh ar oileán arís i mbliana agus mheasc idir óg agus aosta le muintir na n-oileán thar an 3 lá. D’oscail Tomás Mac Ruairí an Tionól oíche Déardaoin agus lean sóláistí agus seisiún ceoil san óstán ina dhiaidh sin. Cuireadh dhá bhéile álainn ar fáil in Óstán Inis Oírr freisin trathnóna Aoine agus trathnóna Shathairn. Thug bean fheasa áitiúil Kathleen Ní Chonghaile lucht an Tionóil ar shiúlóid treoraithe den scoth fud fad an oileáinín maidin Aoine, troideadh Tráth na gCeist fíochmhar um thráthnóna agus bhí seiminéar Gaeltachta iontach spéisiúil ar siúl in Áras Éanna istoíche mar gheall ar na hoileáin Ghaeltachta agus Ghallachta araon faoi bhráid Chomhdháil Oileáin na hÉireann, curtha i láthair ag Majella Ní Chríocháin ón gComhdháil. Cuireadh rogha ceardlann ar fáil in Áras Éanna Dé Sathairn sa bhreis ar oscailt an taispeántais ghrianghrafadóireachta ag Bill Doyle ag a 7.00in agus lean An Campa, dráma

4

mearaí grinn léirithe ag Craobh Aisteoirí an Chonartha, mar shiamsa na hoíche sin leis. Tá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath i láthair na huaire agus is cinnte gur thugadar beocht agus greann chuig Áras Éanna an oíche úd! Craoladh Aifreann Domhnaigh ón oileán beo ar Raidió na Gaeltachta roimh cluiche corraitheach peile na noileánaigh i g c o i n n e muintir Ros a’Mhíl agus cuireadh clabhsúr leis an Tionól go hoifigiúil ag 12.30 in Óstán Inis Oírr. Thug an Tionól seo deis iontach do dhaoine eolas a chur ar Inis Oírr, ar stair an oileáin agus an tslí bheatha a bhíodh ann, agus ar shaol agus tionscal an oileáin sa lá atá inniu ann araon. Ba mhaith linn uile sa Chonradh buíochas ó chroí a ghabháil le pobal caoinfháilteach an oileáin, libhse a fhreastal ar an ócáid agus a chuir an oiread sin leis, agus le Máiread Seoighe agus Peadar Mac Fhlannchadha as an deireadh seachtaine a eagrú dúinn. Go raibh míle maith agaibh!

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Gaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath Tá Gaelscoileanna Teoranta ag iarraidh ar Ghaeilgeoirí agus Béarlóirí araon tacú le Coiste Bunaithe i nDeisceart Bhaile Átha Cliath agus iarrachtaí á ndéanamh acu meánscoil Ghaeilge a bhunú sa cheantar. Tá an Coiste Bunaithe comhdhéanta de chúig gaelscoileanna fad-bhunaithe agus é ag obair ar scolaíocht dara léibhéal go hiomlán trí Ghaeilge a ofráil do pháistí na scoileanna sin le ceithre bliana anuas. Tá an achainí ar fáil ag: www.gaelcholaiste.com/Achanai_email.php Coláiste Spéirnín, Tír Eoghain Is fiú go mór tacú le Coláiste Spéirín i dTír Eoghain freisin, gaelcholáiste nua neamhaitheanta ó thuaidh a bunaíodh i Meán Fómhair 2007. Is í an t-aon scoil amháin sna Sé Chontae atá gan aitheantas gan deontas faoi láthair ach tá lucht na scoile ag múineadh leo ainneoin sin ar bheagán acmhainní. Tá Gaeil Bhéal Feirste ag iarraidh teacht i gcabhair ar Choláiste na Speirín agus chuige sin, tá an teacht isteach ón gCeilí Mór atá le bheith ann san Óstán Hilton i mBéal Feirste ar 26 Iúil le bronnadh ar an nGaelcholáiste. Cuirfidh an ceilí clabhsúr le Scoil Samhraidh Mhic Reachtainn agus d’aontaigh Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, lucht eagraithe na scoile samhraidh, agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta gur chóir brabús na hoíche a thabhairt le tacú le Coláiste Spéirín. Fiú mura féidir leat freastal air, is féidir tacú leis an scoil trí litir a scríobh ag iarraidh ar Chaitríona Ruane, Aire Oideachais an Tuaiscirt, an scoil a mhaoiniú agus í a sheoladh chuig caitriona.ruane@niassembly.gov.uk agus colaiste.speirin@gmail.com

Scéim Chónaithe ITBÁC Tá Inistitúid Teicneoleolaíochta Bhaile Átha Cliath ag lorg cúigear mac léinn le Gaeilge chun árasán a roinnt lena chéile i Sráid Líosain, áit go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáth theanga cumarsáide an tí. Bronnfar scoláireachtaí €850 an duine ar rannpháirtithe na scéime agus beidh orthu páirt ghníomhach a ghlacadh in eagrú imeachtaí agus cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hInstitiúide. Gach eolas ó www.dit.ie/gaeilge ach is gá iarratas a chur isteach roimh 1 Lúnasa 2008! Físeain Phopcheoil na Gaeilge Tá leagan Gaeilge na n-amhrán is mó tóir orthu ó albaim éagsúla Sheachtain na Gaeilge curtha leis na físeáin chearta ceoil. Tá breis agus 28,000 duine i ndiaidh breathnú ar leagan Gaeilge den amhrán Cailín na Gaillimhe ag Mundy curtha thar réamhbhlaiseadh an scannáin PS I Love You cheana féin. Caithigí súil orthu ag www.youtube.com/user/96cambridge Féile Iorrais Beidh Cultúr agus Ealaíona na nOileán á gceiliúradh idir 24 – 26 Iúil i mBéal a’ Mhuirthead, Co Mhaigh Eo in Áras álainn Inis Gluaire. Is féidir breis eolais agus clár na n-imeachtaí uile a fháil ach glach ar +353 (0)99 75096 nó rphost a scríobh chuig marion@oileain.ie. Ríogacht an Phoist Tá íomhá ón scannán dátheangach Kings, a bhain clú agus cáil amach dá stiúrthóir ó Dhoire Tom Collins, le bheith ina stampa de chuid An Phoist mar chuid de bhailiúchán nua in ónóir tionscadal scannánaíochta na hÉireann. Beidh aghaidh Bríd Ní Neachtáin le feiceáil ar an stampa 55c buíochas dá páirt sa saothar scannánaíochta den dráma Cré na Cille de chuid Mháirtín Uí Chadhain leis. Firefox na Gaeilge Is léir go bhfuil lucht na Gaeilge ag dul i bhfeidhm ar lucht na nua-theiceolaíochta ó tá leagan Gaeilge den chuardóir idirlín Mozilla Firefox le fáil ó http://www.mozilla.com/en-US/firefox/all-rc.html

Cuir na scéalta chugainn roimh 13 Lúnasa 2008

5


RaidióRíRá.ie

Is é Raidió Rí-Rá an t-ainm nua ar an stáisiún raidió a seoladh i mí an Mhárta seo caite mar stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos óg. Bunaíodh grúpa oibre an raidió mar thoradh ar sheimineár a d'eagraigh Conradh na Gaeilge ag an Oireachtas i gCathair na Mart anuraidh agus i measc iad siúd a bhfuil an-chuid tacaíochta léirithe cheana féin, tá leithéidí Hector Ó hEochagáin agus Des Bishop. Thosaigh an stáisiún ag craoladh faoin ainm sealadach Raidió X agus roghnaíodh an t-ainm nua mar thoradh ar chomórtas oscailte don phobal uile a d’éirigh thar cionn leis. Tá Raidió Rí-Rá ar fáil ar bhonn 24 uair a chloig, 7 lá sa tseachtain, d'éisteoirí fud fad na tíre ó shuíomh idirlín an stáisiúin ag www.raidiorira.ie. Tá sé ag díriú ar an aoisghrúpa 15 go 35 bliana d'aois agus seinntear na cnaga ar fad, an t-am ar fad! Mar

6

a bhí beartaithe ag grúpa oibre an Raidió, tá an stáisiún ag craoladh ar líne go dtí seo le míreanna réamhthaifeada. Agus an samhradh buailte linn, tá tús á dhéanamh anois chun cláir raidió beo á bhforbairt agus tá lucht Raidió Rí-Rá ag dul ar camchuairt chuig na coláistí samhraidh leis an suíomh nua a fhógairt. Tá na scoláirí á gcur ar an eolas mar gheall ar chomórtas nua spreagúil de chuid an raidió chun mana nua a chumadh don stáisiún freisin. Más suim libh tacú leis an stáisiún nua nó más mian libh cur isteach ar an gcomórtas nua, is féidir eolas a fháil ar www.raidiorira.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le RaidioRiRa@gmail.com leis na sonraí seo a leanas: Ainm; Seoladh Ríomhphoist; agus Mana nua don stáisiún. Beidh mórchruinniú den ghrúpa oibre á ghairm go luath agus cuirfidh siad fáilte roimh mholtaí ó éisteoirí.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


TÁ Féile an Phobail i mBéal Feirste

Foilsíodh achainí poiblí ón ngrúpa POBAL sa Belfast Telegraph an mhí seo caite le breis agus seasca duine mór le rá ag tacú leis an nGaeilge agus le reachtaíocht teanga a thabhairt isteach ó Thuaidh mar chuid den bhfeachtas TÁ. I measc na sínitheoirí, bhí ceoltóirí, lucht an Chumainn Lúthchleas Gaeil, stiúrthóirí scannán, léiritheoirí teilifíse, drámadóirí, ollaimh, múinteoirí, ealaíontóirí, scríbhneoirí próis agus filí, dá leithéid Louis de Paor, Máire Ní Ghráham (Feidhmeannach CLG), Jeremy Irons, John Spillane, Colm Mac Con Iomaire (ceoltóir de chuid The Frames), Edna O’Brien, Daire Ó Breacáin (de cháil an bhanna thraidisiúnta Slide), Luka Bloom, Medbh McGuckian agus Gearóid Ó Ceallaigh (Príomhfheidhmeannach Rugbaí Chonnacht). Ní hamháin sin ach chuir an iar-pheileadóir iomráiteach Roy Keane agus Ken Loach, stiúrthóir an sárscannáin The Wind That Shakes the Barley, ainm leis an achainí freisin. Tá liosta iomlán na dtacadóirí ar fáil ó shuíomh idirlín POBAL ag www.pobal.org. Sna sála ar an dea-obair seo uile, tá muintir an Tuaiscirt ag eagrú spraoi ‘s siamsa trí mheán na Gaeilge i mBéal Feirste le linn Fhéile an Phobail ón 3 – 9 Lúnasa chomh maith. Is é Teanga agus Cultúr téama na Féile agus béim á cur ar an bhfeachtas TÁ don Mhórshiúl ag dul ó Curleys go Páirc Dunville Dé Domhnaigh 3 Lúnasa. Osclóidh an Dr Pádraig Ó Laighin, stiúrthóir STÁDAS, an Fhéile go hoifigiúil ag 7.00in Dé Luain 4

Lúnasa i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus beidh taispéantas ar oscailt go dtí deireadh na Féile dar teideal An bealach i dtreo Acht Gaeilge TÉ: Obair Ar Son Acht na Gaeilge sa Tuaisceart, ag léiriú na hoibre a rinne pobal na Gaeilge thar na blianta chun cearta a bhaint amach agus feachtas fada POBAL ar son Acht Gaeilge don Tuaisceart. Ar an oíche chéanna beidh díospóireacht ar Reachtaíocht na Gaeilge agus cuirfidh an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin agallamh agus ceisteanna an lucht féachana ar Sheán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ó Theas, ar cheachtanna foghlamtha agus ar thaithí a fuarthas i dtaca le cosaint na Gaeilge. Tiocfaidh spraoi na seachtaine chun crích i gClub an G-Spóta, Béal Feirste oíche Shathairn 9 Lúnasa ag 9.30in. Oíche speisialta a bheas ann le DJ agus ceol beo agus fearann Cumann Chluain Ard fáilte ‘s fiche roimh Ghaeilgeoirí uilig teacht le tacaíocht a thabhairt don bhfeachtas TÁ le cois craic agus damhsa bheith acu go maidin! Más spéis libh freastal ar aon ócáid de chuid Fhéile an Phobail, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le POBAL ag 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6AH; ar +44 (0)2890 90438132 / 90437072 nó trí rphost a chur chuig

Cuir na scéalta chugainn roimh 13 Lúnasa 2008

7


Crosfhocal Mhí Iúil

Trasna 1 ainmhí fiáin a bhfuil fionnadh fada tiubh air (4) 4 fear atá i gceannas ar mhainistir (2) 5 croí buí uibhe (7) 7 seachtar (11) 8 drochúsáid (4) 10 tuisceanach; ciallmhar; measartha (8) 12 áititheoir; áitritheoir (9) 13 bád; long (4) 14 breac farraige (8)

Síos 1 searrach leathfhásta (7) 2 seasc (6) 3 rud nach bhfuil beo (2) 4 an t-alt? (2) 6 reiligiún (9) 9 duine bodhar (7) 10 raic; callán (5) 11 iarratas; fabhar (5)

Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don Siopa Leabhar a bhuacaint, lion isteach an crosfhocal agus seol chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2. Buaiteoir Mhí an Mheithimh: Seosamh Mac Muirí, Co. Liatroma.

8

Cuir na scéalta chugainn roimh 13 Lúnasa 2008

Nuachtlitir an Chonartha, Iúil 08  

Aontú leis an gConradh 8. Crosfhocal Rialacháin 2008 7. Feachtas TÁ 2. Aire agus Údaras Ag 3. Drámaíocht i mBaile 1. Glac Leis 7. Féile an P...

Read more
Read more
Similar to
Popular now
Just for you