Page 1

Lá Eolais – 21 Samhain 2012 – Óstán Buswells Eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta 1.

2.

Éileamh:

An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóir i gcur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr riachtanach a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobal Gaeilge agus Gaeltachta.

Réiteach:

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mbeidh Aonad Pleanála curtha ar bun láithreach, le hionadaíocht ó na húdaráis agus ó na heagraíochtaí pobail, le cinntiú go mbeidh sealbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach agus éifeachtúil i gceist ón mbun aníos.

Tacaíocht ag teastáil:

An t-éileamh seo a chur os comhair Aire Stáit na Gaeltachta atá freagrach as an nGaeilge agus an nGaeltacht agus an Taoiseach atá mar chathaoirleach ar Choiste Comhaireachta na Gaeilge.

Éileamh:

Cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa cuíchóiriú atá ag dul ar aghaidh san earnáil phoiblí agus ar obair an Rialtais trí chéile agus aon deis gur féidir a thapú le cur le stádas na teanga.

Réiteach:

An Ghaeilge a bheith mar cheist beo nuair atá cinntí á nglacadh ar chuíchóiriú nó nuair a bheidh seirbhísí poiblí nua forbartha, i. (a) go mbeidh sé mar chuid den struchtúr go mbeidh tionchar ar an seirbhís Ghaeilge oibrithe amach in aon chuíchóiriú déanta agus céimeanna beartaithe le laghdú seirbhíse a sheachaint. Is gá go mbeidh daoine le tuiscint ar an nGaeilge agus an nGaeltacht ag déanamh an mheasúnaithe seo; (b) aon deis a thapú le cur le stádas agus úsáid na Gaeilge nuair atá an Rialtas ag beartú aon seirbhís phoiblí nua.

3.

Tacaíocht ag teastáil:

An t-éileamh seo a chur os comhair an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe agus éileamh air bualadh linn go práinneach leis an gceist a phlé.

Éileamh:

An Ghaeilge agus an Ghaeltacht a thógáil san áireamh sa Bhille um Boird Oideachais agus Oiliúna 2012.

Réiteach:

An Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur san áireamh sna hailt a leanas: (a) in alt 10 den Bhille a dhéanann cur síos ar fheidhmeanna na mBord Oideachais agus Traenála nua; (b) in alt 18 a dhéanann cur síos ar fhoireann na mBord Oideachais agus Traenála nua; (c) in alt 28 a dhéanann cur síos ar chomhdhéanamh na mBord Oideachais agus Traenála nua.

Tacaíocht ag teastáil:

a. an t-éileamh seo a chur os comhair an Aire Oideachais agus Scileanna agus an Comhchoiste Dála um Oideachas agus Coimirce Sóisialaí


1. An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóir i gcur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr riachtanach a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobal Gaeilge agus Gaeltachta. Cén cúlra a bhí ag an bpobal leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030? Bhí dlúthpháirt ag an bpobal leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 (Straitéis ó anois ar aghaidh) a chur le chéile ó 2007 ar aghaidh sna bealaí seo a leanas: trína n-ionadaithe sna heagraíochtaí a bheith gníomhach ar Fhóram na Gaeilge; trí thacaíocht ón gComhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i mí Iúil 2010; tríd an gcomhairliúchán poiblí a cuireadh ar bun le teacht ar mholtaí don straitéis; trí na cruinnithe leis na heagraíochtaí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin; agus trí stocaireacht leanúnach ar pholaiteoirí agus ar an Roinn go deireadh 2010. Bhí sealbh ag an bpobal, mar sin, ar an Straitéis nuair a foilsíodh í mar gheall go raibh ionchur acu inti agus go bhfuil cuid mhaith de mholtaí an phobail san áireamh sa Straitéis. Céard atá tar éis titim amach ó shin? Bronnadh an fhreagracht ar Roinn na Gaeltachta ceannasaíocht a ghlacadh leis an Straitéis a chur i bhfeidhm. Bunaíodh coistí idir-rannach agus leanadh le Coiste na n-Airí faoi chathaoirleacht an Taoisigh chun cabhrú le comhordú na Roinne Gaeltachta. Tá cinntí glactha ag an Roinn ó shin míreanna éagsúla den Straitéis a chur i bhfeidhm, ar nós an chórais nua pleanála sa Ghaeltacht. Tá dlúthról le bheith ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí sin ar an talamh. Cén fhadhb atá tar éis teacht chun cinn? Tá ról ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí a thagann ón Roinn ach níl aon ról nó ionadaíocht ag an bpobal ar na cinntí iad féin atá á nglacadh ag an Roinn de réir an struchtúir atá curtha ar bun leis an Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá tábhacht na ranna rialtais eile, ar nós an Roinn Oideachais agus Scileanna, aitheanta agus tá fochoistí curtha ar bun le ligean dóibh a beith mar gheallsealbhóirí sna cinntí atá á nglacadh. Níl aon chuid sa struchtúr, áfach, a aithníonn ríthábhacht ionchur an phobail agus a chinnteoidh go mbeidh an Straitéis curtha i bhfeidhm ón mbun aníos. Léiríodh an díscoir le déanaí idir na húdaráis agus an pobal go soiléir sna cinntí thíos a rinne na húdaráis cinntí orthu:  Tá deireadh le Scéim labhartha na Gaeilge agus easpa muiníne sa Scéim Tacaíochta Teaghlaigh curtha ina áit  Mholamar 63 leasú ar Acht na Gaeltachta leis an Acht a láidriú agus níor glacadh le oiread is leasú amháin  Tá easpa daonlathais i mBord nua Údarás na Gaeltachta, i. níl aon chuid den Bhord nua le bheith tofa go díreach ag an bpobal agus níl cuma ar an scéal go leanfar le próiseas oscailte leis na folúntais ar an mbord a fógraíodh go poiblí a líonadh. Ní bheidh comhairle lorgtha ón gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ar na hiarrthóirí chomh maith Tá sealbh na Straitéise á chailliúint ag an bpobal faoi mar atá an struchtúr faoi láthair.

Cén réiteach atá ar an bhfadhb? Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mbeidh Aonad Pleanála curtha ar bun le cinntiú go mbeidh sealbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach agus éifeachtúil i gceist ón mbun aníos. Moltar ionadaíocht ó na grúpaí seo a leanas:  An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta  Foras na Gaeilge  Údarás na Gaeltachta  Saineolaí aitheanta pleanála teanga  Na heagraíochtaí pobal Gaeilge agus Gaeltachta An bhfuil a leithéid de chóras ann in Éirinn faoi láthair? Bheadh an córas nua seo ag teacht le dea-chleachtas na gcóras atá curtha ar bun idir an Stát agus an pobal le gaol níos éifeachtaí agus níos láidre a chur ar bun eatarthu. Mar shampla:  Na cainteanna Náisiúnta - bhíodh ionadaíocht ag na geallsealbhóirí (na ceardchumainn, na fostóirí, an earnáil dheonach, srl.. san áireamh) in Éirinn sna cainteanna Náisiúnta agus mar gheall go mbíodh an ionadaíocht sin ann d'éirigh leis an Stát cinntí móra a ghlacadh i gcomhpháirtíocht leo agus gan mórán cur i gcoinne. Bhí sealbh, mar sin, ag na geallsealbhóirí ar fad sa phróiseas agus sna torthaí a aontaíodh.  An tÚdarás um Ard-Oideachas (agus go leor leor gníomhairí stáit eile) - Aithnítear an tábhacht arís le hionadaíocht ó na geallsealbhóirí ar fad agus bíonn ionadaíocht ó na mic léinn, ó na coláistí, ón earnáil ghnó, srl.. Arís bíonn sealbh, mar sin, ag na geallsealbhóirí ar fad sa phróiseas agus sna torthaí a aontaítear.


2. Cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa cuíchóiriú atá ag dul ar aghaidh san earnáil phoiblí agus ar obair an Rialtais trí chéile agus aon deis gur féidir a thapú le cur le stádas na teanga. Glactar leis gur gá a bheith airdeallach ar chúrsaí míchumais, míbhuntáiste, timpeallachta agus eile nuair a bhíonn an athchóiriú ag dul ar aghaidh san earnáil phoiblí. Tá sé riachtanach go mbeidh an Ghaeilge curtha san áireamh chomh maith. Cén léiriú atá ann nach bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht á thógáil san áireamh? Tá neart samplaí den neamhaird atá tugtha agus an easpa tuisceana atá ag an stáit chóras don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa chuíchóiriú agus san atheagar atá ag dul ar aghaidh ar an earnáil phoiblí, mar shampla:  Tá impleachtaí tromchúiseach tar éis a bheith ag polasaí iomarcaíochta an Rialtais ar chumas an Stáit le seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta agus Gaeilge. Mar shampla, tá an líon daoine sa Roinn Oideachais agus Scileanna gur féidir leo seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge tar éis laghdú go 1.5% den fhoireann. Ní raibh seo tógtha san áireamh agus iomarcaíocht curtha ar fáil do stáit seirbhísigh sa Roinn le cúpla bliain anuas nó ní raibh aon phlean earcaíochta agus oiliúna curtha ar bun mar chuid den chuíchóiriú le tabhairt faoin bhfadhb ollmhór atá sa Roinn le freastail ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta  Tá foireann saineolach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an bpleanáil teanga (tá an t-Acadamh le bheith freagrach as oiliúint na gcoistí pobail sa Ghaeltacht agus foireann Údarás na Gaeltachta sa phleanáil teanga le hAcht na Gaeltachta a chur i bhfeidhm) tar éis aistriú go postanna eile san ollscoil agus gan cead na folúntais a líonadh  Tá 4 ball foirne ó RTÉ Raidió na Gaeltachta le bheith aistrithe go Seomra Nuachta TG4 de RTÉ chun go mbeidh siad in ann tuairisciú ar scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta don dá stáisiún. Tuairiscíodh le déanaí go n-úsáidfear an deis seo len iad a chur ag obair go dátheangach do RTÉ agus níl aon chinnteacht ann nach ndéanfaidh an dualgas breise seo dochair do chaighdeán agus réimse na nuachta Gaeilge  D’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseach a bheith ann do thodhchaí Ghaeltachtaí Árann má shocraíonn an Roinn Ealaíon, Oidhreacht agus Gaeltachta deireadh a chuir leis an bhfóirdheontas a íocann siad d’Aer Árann chun seirbhís aer a chur ar fáil dona trí oileán Árann. Cheana féin tá sé curtha in iúl ag an Dochtúir Marion Broderick go gcuireadh a leithead de chinneadh beatha daoine i mbaol. Dar le Tarlach de Blacam, úinéir na monarchana Cniotáil Inis Meáin go bhfuil an tseirbhís aer riachtanach do thodhchaí a ghnó agus go gcuirfear poist agus an gnó féin i mbaol ceal seirbhís aerthaistil. Más amhlaidh go ngearrfar an tseirbhís seo ar phobal an oileáin níl ann ach ceist ama ina dhiaidh sin go dtosófar ar thréigeann na hoileáin agus go gcuirfear deireadh le Gaeltacht bhisiúil Céard atáimid ag éileamh mar sin? (a) Táimid ag éileamh, mar sin, go mbeidh an Ghaeilge mar cheist beo nuair atá cinntí á nglacadh ar chuíchóiriú, i.  go mbeidh sé mar chuid den struchtúr go mbeidh tionchar ar an seirbhís Ghaeilge oibrithe amach in aon chuíchóiriú déanta agus céimeanna beartaithe le laghdú seirbhíse a sheachaint. Is gá go mbeidh daoine le tuiscint ar an nGaeilge agus an nGaeltacht ag déanamh an mheasúnaithe seo (b) Táimid ag éileamh, chomh maith go mbeidh an Ghaeilge tógtha san áireamh in aon fhorbairt san earnáil phoiblí, i. 1  go dtapófar aon deis le cur le stádas agus úsáid na Gaeilge nuair atá an Rialtas ag beartú aon seirbhís phoiblí nua nó aon fhorbairt ar seirbhís reatha, ar nós: o an deis atá ann leis an bhfocal 'Tacsaí' a úsáid ar na comharthaí atá le dul ar tacsaithe na hÉireann go luath. Ar nós an 'Luas' nó 'Bus Éireann' nó eile ní bheadh aon deacracht ag muintir na hÉireann nó turasóirí a thuiscint céard is brí leis an bhfocal 'tacsaí'. Chomh maith leis sin, ní bheadh aon idirdhealú déanta idir tiománaithe éagsúla dá mbeidís ar fad ag baint úsáid as an gcomórtha céanna o go mbeidh coinníollacha mar chuid d'aon díolachán ar sócmhainní den stát go dtí an earnáil príobháideach. Mar shampla i gcás an Chrannchuir Náisiúnta ba chóir go leanfar ag cur seirbhíse Gaeilge ar fáil. Thóg sé tamall fada suíomh gréasán Gaeilge a fháil, agus tá moladh ag dul dóibh as é a dhéanamh, ach ní chóir sin agus eile a chailliúint mar chuid den aistriú den chúram go dtí comhlacht príobháideach. 1

ar nós a dúirt an t-Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha nuair a d'fhreagair sé cheist 53 ar an 29 Samhain 2011 agus dúirt sé 'If, however, there are good reasons to establish a new State agency or commercial entity, I am happy to agree with the Deputy that we should select a suitable name as Gaeilge which would be the brand under which the new company would trade’


3. An Ghaeilge agus an Ghaeltacht a thógáil san áireamh sa Bhille um Boird Oideachais agus Oiliúna 2012. An Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur san áireamh sna hailt a leanas: (a) in alt 10 den Bhille a dhéanann cur síos ar fheidhmeanna na mBord Oideachais agus Traenála nua; (b) in alt 18 a dhéanann cur síos ar fhoireann na mBord Oideachais agus Traenála nua; (c) in alt 28 a dhéanann cur síos ar chomhdhéanamh na mBord Oideachais agus Traenála nua. (a)

Alt 10: Feidhmeanna Breise do na Boird Oideachais agus Traenála

I ndiaidh: 1. (j) assess whether the manner in which it performs its functions is economical, efficient and effective. Cuir isteach: (k) seirbhís as Gaeilge a sholáthar d'aon ionad traenála nó ionad oideachais nó scoil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge i gceantar an Bhoird Oideachais agus Traenála, agus an tseirbhís sin a sholáthar ar an gcaighdeán céanna leis an tseirbhís a sholáthrófar as Béarla d'aon scoil nó ionad oideachais nó ionad traenála eile faoi chúram an Bhoird. (l) Plean don oideachas trí mheán na Gaeilge a chur le chéile don Bhord Oideachais agus Traenála a thógfaidh riachtanais phobal na Gaeilge agus Gaeltachta (má tá Gaeltacht lonnaithe i gceantar an Bhoird) san áireamh agus an plean sin a chur i bhfeidhm.

Article 10: Additional functions for the Education and Training Boards

After: 1. (j) assess whether the manner in which it performs its functions is economical, efficient and effective. Insert: (k) provide an Irish language service to any training centre or educational centre or school that operates through Irish in the area of the Education and Training Board, and provide this service to the same standard that the service will be provided to any other education centre or training centre or school under the auspices of the Board. (l) prepare and implement a plan for the Education and Training Board that caters for education through the medium of Irish and that takes the needs of the Irish language community and the Gaeltacht (if there is a Gaeltacht situated in the area of the Board) into account.

(b)

Alt 18: Foireann

Article 18: Staff

After: (4) In this section “member of staff” does not include a Principal,teacher or other member of staff of a recognised school. Insert: (k) It will be ensured that there will be adequate staffing in the Education and Training Board that have fluency in Irish and that they will be competent to carry out the duties of their positions in Irish or in English.

(c)

Alt 28:

I ndiaidh: (4) In this section “member of staff” does not include a Principal,teacher or other member of staff of a recognised school. Cuir isteach: (5) Déanfar cinnte de go mbeidh líon leordhóthanach foirne a mbeidh líofacht Ghaeilge acu agus a bheidh inniúil ar chúraimí a bpost a chomhlíonadh i nGaeilge agus i mBéarla ag an mBord Oideachais agus Traenála. I ndiaidh: 8. (b) The members referred to in paragraphs (a), (b) and (c) of subsection (1) shall appoint 4 members to the education and training board from among the persons nominated 40 under paragraph (a), 2 of whom shall be men and 2 of whom shall be women. Cuir isteach: 8(c) Áireoidh an tAire Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ar liosta sonraithe na gcomhlachtaí le spéis ar leith i, nó eolas ar leith ar, oideachas agus oiliúint agus ceapfaidh Foras na Gaeilge ar a laghad ball amháin. Ceapfaidh Údarás na Gaeltachta, áfach, an ball sin má tá Gaeltacht lonnaithe i gceantar an Bhoird.

Article 28: Composition of education and training boards

After: 8. (b) The members referred to in paragraphs (a), (b) and (c) of subsection (1) shall appoint 4 members to the education and training board from among the persons nominated 40 under paragraph (a), 2 of whom shall be men and 2 of whom shall be women. Insert: 8(c) The Minister shall include Foras na Gaeilge and Údarás na Gaeltachta on the specified list of bodies which have a special interest in, or knowledge of, education and training and at least one member shall be appointed by Foras na Gaeilge. Údarás na Gaeltachta will, however, appoint that member if there is a Gaeltacht situated in the area of the Board.

Comhdhéanam h na mBord

Oideachais agus Traenála

Lá Eolais Chonradh na Gaeilge & Ghuth na Gaeltachta 2012  

Tá Conradh na Gaeilge & Guth na Gaeltachta ag eagrú lá eolais do Theachtaí Dála & do Sheanadóirí in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath 2, Dé...

Read more
Read more
Similar to
Popular now
Just for you