Uimhir
SRÁID FHEARCHAIR
OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH
Tabharfaidh mé buntáiste an amhrais dóibh siúd a dhéanann gearán faoin méid airgid a chaitear ar an nGaeilge nach dtuigeann siad an drochthionchar atá ag an easpa seirbhísí phoiblí i nGaeilge ar bheocht na teanga. Rinneadh go leor cáinte ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ón am a reachtaíodh é in 2003. Níl san ATO ach iarracht líon na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge a mhéadú, ní thagann sé i ngiorracht scread asail do chomhionannas do chainteoirí Gaeilge inár dtír fhéin. Tá go leor ráite faoin méid airgid a chaitear ag aistriú cáipéisí oifigiúla go Gaeilge, agus tá daoine le Gaeilge ann a shíleann go bhfuil bealaí níos fearr chun an t-airgead seo a chaitheamh. Is beag duine acu a cuireadh in éadan an phrionsabail go bhfuil ceart bunúsach ag Gaeilgeoirí rochtain a bheith acu ar cháipéisí i nGaeilge ina dtír féin, áfach. Tá an ceart atá ag saoránaigh in Éirinn déileáil leis an Stát trí mheán na Gaeilge deimhnithe ag an gCúirt Uachtarach agus tá an ceart seo bunaithe ar Bhunreacht na hÉireann. Go deimhin féin is é an t-aon slí chun cinntiú nach gcaitear airgead ar cháipéisí a aistriú go Gaeilge nó ar sheirbhísí i nGaeilge ná stádas na teanga mar theanga oifigiúil, náisiúnta na hÉireann a bhaint ón mBunreacht. Aisteach go leor ach níor chualathas mórán clamhsáin faoin easpa seirbhísí, go háirithe seirbhísí sláinte, a cuireadh ar fáil do na mílte daoine ó bhunú an stáit nach raibh Béarla acu. Rinneadh neamhaird iomlán de na daoine seo, is neamh-daoine a bhí iontu i súile Éire oifigiúil. Is teach fuar d'Éireannaigh gan Bhéarla í Éire leis na céadta bliain, agus tá sí fós sa lá atá inniu ann. In 2005 aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Tharraing an cinneadh seo cáineadh in Éirinn, ach is beag an méid a dúradh faoi sa chuid eile den Eoraip. Tá go leor cainteoirí agus tacadóirí Gaeilge atá in amhras faoin tairbhe a bhaineann leis an dul chun cinn seo freisin. Ach le tionchar easpa aitheantais Eorpaigh ar an nGaeilge a thuiscint ní gá ach samhlú céard a tharlódh dá mba rud é go mbainfí aitheantas oifigiúil ó theanga eile, Gearmáinis mar shampla. De bharr go dtagann sciar mór dlíthe sa lá atá inniu ann ón Eoraip, bheadh Béarla ag teastáil chun post a fháil sa Ghearmáin mar dhlíodóir, phóilín, státseirbhíseach nó in aon réimse eile de shaol na Gearmáine ina raibh tuiscint faoin dlí ag teastáil. Gan aistriúchán bheadh ar dhaoine na dlíthe agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a phlé i mBéarla. Bheadh ar nuachtáin, stáisiúin raidió agus cainéil teilifíse Béarla a úsáid chun tuairisciú a dhéanamh orthu. Agus ar deireadh, ní amháin go mbeadh ar bhaill rialtas agus parlaimint na Gearmáine Béarla a bheith acu chun na dlíthe a thuiscint, bheadh orthu iad a phlé i mBéarla i seomra na comhaireachta agus ar urlár an Bundestag. An t-aon bhealach chun é seo a sheachaint ná trí na dlíthe a aistriú go Gearmáinis, agus nach ndéanann sé i bhfad níos mó céille é seo a dhéanamh go lárnach sa Bhruiséil seachas iarradh ar gach dlíodóir, póilín, státseirbhísigh, iriseoir, baill pharlaiminte agus aire rialtais é a dhéanamh í AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)