Issuu on Google+

Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH

Ag Déileáil Le FrithGhaelachas Caint le Colm

Ó Broin

OÍCHE OSCAILTE | 08 MÁRTA 2013

Uimhir SRÁID FHEARCHAIR LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH

Is iriseoir clúiteach é Colm Ó Broin i saol na Gaeilge agus tá sé tar éis dul i mbun iriseoireachta leis na nuachtáin Gaelscéal, Foinse agus The Irish Times i gcaitheamh na mblianta. Sa bhreis ar agallaimh a dhéanamh le BBC, TG4, Newstalk, Raidió na Gaeltachta agus eile, is iomaí alt agus cinn lae atá foilsithe aige ar-líne chomh maith. Tá caint Choilm anocht bunaithe ar shraith alt a scríobh sé don suíomh dátheangach Insideireland.ie sa bhliain 2009, suíomh ar a raibh sé ina eagarthóir, agus freagraíonn na hailt na hionsaithe is coitianta a dhéantar ar an teanga sna meáin Bhéarla. Foilsíodh ocht n-alt san iomlán (i mBéarla agus i nGaeilge); tá na hailt ar fáil i nGaeilge sa leabhrán seo san ord seo a leanas: 1. Irish is a dead language. 2. Irish is a joke language. 3. Irish is a peasant language. 4. Gaelscoileanna are elitist. 5. Republicans have hijacked the Irish language. 6. Too much money is spent on Irish. 7. Compulsory Irish has put people off the language. 8. You don't need Irish to be Irish.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH 1. Irish is a dead language Sea a chairde, tá an Ghaeilge marbh, nach bhfuil sí? Níor scríobh mise an t-alt seo agus níl tusa á léamh toisc nach bhfuil Gaeilge ag éinne, de réir dealraimh. Má léann tú an leagan Béarla den alt seo feicfidh tú nach focal ar fhocal leis an gceann seo atá sé. Is léir cén fáth ar ndoígh, má tá mise in ann é seo a scríobh agus má tá tusa in ann é a léamh cruthaíonn sé sin nach bhfuil an Ghaeilge marbh, agus sin an t-aon chruthúnas atá ag teastáil leis an ráiteas "Irish is a dead language" a bhréagnú. Is léir freisin gur mhaíomh thar a bheith aisteach é an maíomh go bhfuil an Ghaeilge marbh. Ach ní maíomh nua atá ann. Siar in 1612 dúirt an tArd Aighne, Sir John Davies, go raibh sé ag tnúth go mór go n-iompódh muintir na hÉireann ar an mBéarla laistigh de ghlúin nó dhó agus dúirt údair an daonáirimh in 1871 go raibh an Ghaeilge ar tí bás a fháil. Tá sé an-saothúil sa lá atá inniu ann go ndeireadh daoine go bhfuil an Ghaeilge marbh nuair atá a fhios acu go maith go bhfuil go leor daoine in Éirinn a labhraíonn í. Agus níl muid ag caint faoi dhaltaí scoile crosta ach an oiread, dúirt iarThaoiseach cúpla bliain ó shin go raibh an Ghaeilge marbh “go héifeachtúil” in 1921, am a bhí thart ar 250,000 cainteoir dúchais sa tír. Tá an méid céanna céile ag baint leis an maíomh go bhfuil an Ghaeilge marbh is atá le maíomh go bhfuil an tíogar nó an míol mór gorm díofa. Tá an dá ainmhí sin i mbaol, mar atá an Ghaeilge, ach tá siad ann go fóill. Go deimhin féin, dá ndeireadh duine go bhfuil an béar bán díofa bheadh amhras ort faoi inniúlacht meabhrach an duine sin, agus is mar an gcéanna atá sé le duine a deir go bhfuil an Ghaeilge marbh. Má tá sí marbh an gciallaíonn sé seo gur siabhrán comhchoiteann é TG4, mar shampla? Argóint eile a dhéantar in aghaidh na Gaeilge ná go bhfuil sí marbh “go teicniúil” toisc go gcuireann an rialtas tacaíocht airgeadais ar fáil di. An gciallaíonn sé seo go bhfuil daoine atá beo de bharr tacaíocht bheatha shaorga, go bhfuil siad marbh? Tá níos mó ná 6,000 teanga ar domhan agus tá formhór acu níos laige ná an Ghaeilge. Is é 7,560 an t-áirmheán cainteoirí atá ag teangacha na cruinne agus tá níos lú ná deich gcainteoir ag roinnt acu. Léiríonn cás na hEabhraise freisin gur féidir teangacha a thabhairt ar ais ón mbás, fiú má tá sé marbh mar theanga phobail le níos mó ná 2,000 bliain. Níl ach dhá shaghas duine a deir go bhfuil an Ghaeilge marbh, daoine ar mhaith leo go mbeadh sí marbh agus daoine eile, roinnt acu a labhraíonn an teanga “mharbh” seo, atá chomh duairc sin faoi thodhchaí na Gaeilge gur ionann a ndearcadh agus dúlagar cliniciúil.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH Maidir leis na cúiseanna go mbeadh duine, Éireannach ach go háirithe, ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge marbh, breathnófar ar an gceist seo sna hailt atá le teacht sa tsraith. Tuigim go hiomlán an chúis go mbeadh daoine ann ar mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim, ach atá drogallach é sin a dhéanamh, nuair atá teachtaireachtaí éagsúla á fháil acu faoi thodhchaí na teanga. Deirtear leo go bhfuil sí marbh nó ag fáil bháis agus ansin deirtear leo go bhfuil an teanga faoi bhláth. Baineann an chuid is mó den ísle brí faoin teanga le staid na Gaeltachta. Le blianta fada tá sé cloiste agam go bhfuil an Ghaeltacht ag fáil bháis, go bhfuil an Béarla i réim mar theanga an aos óig toisc nach bhfuil suim acu sa Ghaeilge a thuilleadh. Foilsíodh tuairisc in 2008 a thuar nach mbeadh an Ghaeilge mar theanga an phobail sna ceantair Ghaeltachta is láidre i gceann 20 bliain. Dúirt na húdair gurbh é an príomhchúis leis an meath ná athruithe déimeagrafacha, sé sin, daoine gan Ghaeilge ag bogadh isteach sa Ghaeltacht. Tagann an measúnú seo leis an méid atá cloiste agam go príobháideach le blianta beaga anuas ó dhaoine i gceantracha Gaeltachta éagsúla ó na Dúnaibh i dtuaisceart Dhún na nGall go Rinn Ó gCuanach i bPort Láirge. Nuair a bhogann líon mór Béarlóirí isteach i gceantar Gaeltachta ní bhíonn ach méid beag acu sásta an Ghaeilge a fhoghlaim nó í a labhairt lena bpáistí. Nuair a théann a bpáistí ar scoil athraíonn siad teanga an chlóis agus an tseomra ranga go Béarla agus nuair a bhíonn siad ag fás aníos athraíonn siad teanga shóisialta laethúil a gcomhghleacaithe go Béarla freisin. Nuair atá mais chriticiúil de Bhéarlóirí i bpobal tosaíonn na cainteoirí dúchais ag athrú ón mionteanga go dtí an mórtheanga, próiseas a tharlaíonn le mionteangacha ar fud na cruinne. An príomhfhoinse brú atá ar an nGaeltacht ná cainteoirí Béarla, níl sí ag meath de bharr go bhfuil cinneadh déanta as a stuaim féin ag cainteoirí dúchais athrú go Béarla. Dá mbeadh an Ghaeltacht ag meath de bharr cúiseanna inmheánacha bheadh sé cruinn le rá go raibh sí ag fáil bháis, ach de bharr gur ón taobh amuigh atá an brú ag teacht, tá sé níos cruinne a rá go bhfuil an Ghaeltacht á marú. Aisteach go leor ach is fíorbheag díospóireachta a spreag conclúid na tuairisce faoin gcúis le meath na Gaeltachta. Is cosúil gurb é an fáth le sin ná go bhfuil drogall ar lucht an Bhéarla aithint gur daoine díreach cosúil leosan atá ag baint an bhoinn ón nGaeltacht, ní an teilifís, an tidirlíon nó, níos aistí fós, go bhfuil an Ghaeilge éigeantach i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht. Tá drogall ar dhaoine sa Ghaeltacht an t-ábhar seo a phléigh go hoscailte chomh maith, is dócha de bharr gurb iad a gcol ceathracha, neachtanna agus nianna, a tháinig a dteaghlaigh ar ais ó tharr lear, atá ag tabhairt an Bhéarla isteach sa phobal, nó fiú a mná céile nó a bhfir chéile a bhuail siad leo lasmuigh den Ghaeltacht. Fiú má leanann meath na Gaeltachta ar aghaidh áfach ní athróidh sé an fhíric nach mbeidh an AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH Ghaeilge marbh go dtí nach bhfuil duine ar bith in Éirinn nó thar lear in ann í a labhairt. De bharr go bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile faoi láthair, agus gurb é 79 bliain an meán ionchas saoil in Éirinn, tá sé nach mór cinnte go mbeidh an Ghaeilge fós beo sa bhliain 2089, gan na daoine a fhoghlaimeoidh an teanga ar scoil agus i ranganna idir an dá linn a chur san áireamh. De réir suirbhé a rinne Ipsos MORI in 2004, tá Gaeilge “an-mhaith” ag 6% de mhuintir na Poblachta, thart ar 250,000 duine in iomlán, agus má tá ceathrú milliún cainteoir Gaeilge ann, níl bealach faoin spéir go bhfuil sí marbh. Fiú mura bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge líofa chomh hard le sin áfach is féidir linn a rá le neart muiníne go bhfuil na deicheanna mílte Gaeilgeoirí líofa beo inniu, agus fad is atá duine amháin le Gaeilge beo beidh an Ghaeilge beo.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH 2. Irish is a joke language Téama a chloistear go minic sa díospóireacht faoin nGaeilge ná an tuairim go bhfuil sí seanchaite agus nach féidir í a úsáid sa domhan nua-aimseartha, gur "joke language" í. Déantar an-chuid cáinte faoi fhocail Ghaeilge a tháinig ón mBéarla, nó a shíltear a tháinig ón mBéarla. Rinneadh ceap magaidh d'fhocail ar nós carr, teileafón, tacsaí, fisiteiripe, drugaí, lána bus agus club rugbaí le blianta beaga anuas. Tá dhá chúis fhéideartha leis an gcáineadh seo. An chéad cheann ná go bhfuil staidéar déanta ag na daoine a ionsaíonn an Ghaeilge ar an mbonn seo ar an mbealach a bhogann focail ó theanga amháin go teanga eile, agus gurb é an chonclúid a bhí acu ná go bhfuil an Ghaeilge níos measa ag an nós seo ná aon teanga eile a bhfuil cur amach acu ar.

É sin nó níl clú dá laghad cad atá siad ag caint faoi agus, go hiondúil, tá siad ag iarraidh an Ghaeilge a mhaslú, agus trí sin, na daoine a labhraíonn Gaeilge. Sa chéad dul síos tagann an chuid is mó de na samplaí thuasluaite ón bhFraincis, Gréigis nó ón Laidin, ní ón mBéarla. Is fíor go dtagann "club rugbaí" ón mBéarla, ach má sheiceálann tú an leagan atá ag teangacha Eorpacha eile ar an téarma sin feicfidh tú "rugby club", "club rugby" nó rud thar a bheith cosúil leis. Tá an cáineadh a dhéanann Béarlóirí ar an nGaeilge níos áiféisí fós toisc gurb é an Béarla ceann de na teangacha is mó ar domhan a thógann focail ó theangacha eile. Mar shampla, céard é an Béarla ar na focail "pobal", "eolas" nó "éagsúil"? Seo nod, an Fhraincis ar na focail sin ná "communité," "information" agus "different," agus d'fhéadfá na mílte samplaí den rud céanna a luath, (an focal "example" mar shampla). Seo abairt atá sa leagan Béarla den alt seo a léiríonn an méid fhocail ón iasacht atá sa Bhéarla. "In fact numerous Irish speakers will experience a sense of deja vu regarding the discussion of the alleged over-abundance of English words in Irish, but some people will absolutely relish the opportunity to expose the severe lack of intelligence behind this ridiculous and bizarre attack on the Irish language, an accusation so ludicrous, idiotic and risible that it is extremely strange that it exists at all." Is féidir leatsa píosa spraoi a bheith agat agus an rud céanna a dhéanamh le focail a sciob an Béarla ó theangacha eile, má thagann tú ar dhuine éigin ag magadh faoin nGaeilge de bharr a téarmaíochta. Thóg an Béarla na focail thuasluaite ón bhFraincis agus teangacha eile agus rinne sé athraithe beaga orthu, mar atá déanta aige leis na mílte mílte focal ón nGréigis, Laidin, Gearmáinis agus teangacha eile ar fud an domhain, an Ghaeilge ina measc, tréith atá ag an mBéarla a théann i bhfeidhm orm. AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH

An t-aon rud a léiríonn sé seo ná go bhfaigheann teangacha focail ó theangacha eile, agus níl aon chúis go ndíreofaí isteach ar an nGaeilge thar aon teanga eile. Tá an chuid is mó de théarmaíocht eolaíochta agus teicniúil bunaithe ar an nGréigis agus an Laidin, agus más féidir leis an mBéarla iad seo a úsáid is féidir leis an nGaeilge freisin. Ó thaobh a úsáide sa lá atá inniu ann, úsáideann an Ghaeilge, murab ionann is roinnt mórtheangacha, a leagan féin de "internet" agus "email" agus tá coiste téarmaíochta aici leis na téarmaí is nua a chur ar fáil don phobal labhartha. Meastar gur ó theangacha eile a thagann 10-30% de na focail sa Ghaeilge, ach go dtagann 60% de na focail sa Bhéarla ó theangacha eile. Toisc gurb é an Béarla príomhtheanga pholaitiúil, eacnamaíochta, shóisialta, dhlíthiúil agus eolaíochta na hÉireann le 400 bliain anuas, gur cainteoirí dúchais Bhéarla iad 99% den daonra agus go bhfuil Béarla ag nach mór gach cainteoir Gaeilge, is mór an t-iontas é nach raibh níos mó tionchar ag an mBéarla ar an nGaeilge ná mar a bhí. Is cinnte mar shampla, go raibh níos lú tionchar ag an mBéarla ar an nGaeilge ná mar a bhí ag an bhFraincis ar an mBéarla féin i ndiaidh ionradh na Normannach in 1066. Bogann focail ó theangacha go teangacha an t-am ar fad agus ní bhíonn fadhb ag baint le sin ach amháin sa chás go dtógann na focail nua áit na bhfocal atá ann cheana féin, rud a tharlaíonn in amanna i nGaeilge, agus rud atá mar ábhar díospóireacht ag lucht na teanga. Tá sé níos áiféisí fós nuair is Éireannaigh a bhíonn ag déanamh an mhasla amaideach seo ar an nGaeilge, rud atá cosúil, go teangeolaíoch, le bheith ag déanamh ceap magaidh ded' mháthair fhéin os comhar an domhain mhóir. Ní shílfeadh saineolaí gur ábhar díospóireachta é an líon focal atá tagtha ó theangacha eile go dtí an Ghaeilge. Ach nuair is an Ghaeilge atáthar ag plé áfach, cuirtear fíricí, fianaise agus gnáth rialacha na díospóireachta ar leataobh, agus is féidir aon saghas líomhain a dhéanamh in aghaidh na teanga, is cuma cé chomh háiféiseach is atá sé, mar shampla, an líomhain nár cumadh focal Gaeilge nua le 100 bliain, nach raibh Gaeilge i mBaile Átha Cliath riamh nó nach labhraíonn lánúin i nGaeltacht na Gaillimhe Gaeilge lena chéile a thuilleadh. An cheist a eascraíonn as seo ná cén fáth go bhfuil dearcadh chomh neamhréasúnach agus anbhách ag daoine in Éirinn i leith na Gaeilge? An freagra atá ar an gceist seo ná go bhfuil daoine sa tír atá bá acu don teanga ar bhoinn chultúrtha, pholaitiúil agus fhealsúnach, agus tá daoine a chuireann in éadan na Gaeilge ar na boinn chéanna, ní de bharr naimhdeas a d'eascair ón gcóras oideachais. Níl sa mhagadh a dhéantar faoi stór focail na Gaeilge ach bealach eile chun an teanga a dhiúltú, agus bealach fíorlag go deimhin. Mura bhfuil spéis ag daoine sa Ghaeilge is a rogha atá ann agus AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH níl aon mhian agamsa an teanga a bhrú ar éinne, ar scoil nó áit ar bith eile, ach i ndáiríre, tá mo shá agam den chuid seo den ghnáthamh faoin "101 things that put me off Irish".

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH 3. Irish is a peasant language I measc na dtéarmaí a úsáidtear chun droim láimhe a thabhairt don Ghaeilge, is é an argóint gur "peasant language" atá inti ceann de na cinn is láidre agus is seasta. Deirtear linn go bhfuil baint ag an nGaeilge leis an tuath, leis an sean-am neamhshofaisticiúil, neamhléanta agus gur comhartha den bhochtanas í. Stop daoine ag labhairt na Gaeilge toisc go raibh náire ag baint léi. Fiú sa lá atá inniu ann deir daoine go bhfuil "stigma" ag baint leis an nGaeilge, go bhfuil sí neamhghnéasúil agus gur "bog language" í. Go dtí le déanaí iarradh go minic cén chaoi go bhféadfaí an Ghaeilge a dhéanamh "cool". Léiríonn an cheist seo áfach gur ghlac muintir na hÉireann leis gan cheist go raibh an teanga "uncool". Ní raibh aon ghá cruthú go raibh an Ghaeilge "uncool". Ní raibh ort smaoineamh faoi fiú, bhí sé intuigthe. Tá a téarma ag an nGaeilge fhéin le cur síos a dhéanamh uirthi mar "peasant language", Teanga na mBocht. Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an ábhar seo ní gá ach an guth céasta a bhaint ó na ráitis thuasluaite. Is iad muintir na hÉireann a dhéanann nasc idir an Ghaeilge agus bochtanas, Éireannaigh a cheanglaíonn "stigma" agus náire leis an teanga, ní dream ar bith eile. Ceapann daoine in Éirinn go bhfuil an Ghaeilge "uncool", go bhfuil rud éigin cearr léi, nach bhfuil sí chomh maith le teangacha eile. Nuair a sheasann tú siar ón ábhar seo, nuair a éalaíonn tú ón bpriosma atá cruthaithe againn faoin teanga, feiceann tú cé chomh haisteach is atá sé. Mar shampla an ráiteas coiteann gur suaitheantas den bhochtanas í an Ghaeilge. Níor thuig mé an ráiteas seo riamh óir tugann sé le fios go bhfuil tú bocht má labhraíonn tú Gaeilge. Bhuel rinne mé seiceáil ar an sainmhíniú ar bhochtanas atá ag na Náisiúin Aontaithe agus tháinig mé ar thagairtí do chritéir ar nós teacht isteach, oideachais agus sláinte, ach diabhal tagairt don líofacht sa Ghaeilge a bhí ann. Labhraíonn i bhfad níos mó daoine bochta Béarla, Fraincis agus Spáinnis ná mar a labhraíonn nó mar a labhair an Ghaeilge riamh, ach ní shíltear gur suaitheantais den bhochtanas iad. Is amhlaidh atá sé le teangacha eile san Eoraip a labhraíonn líon beag daoine, ar nós na hEastóinise, na Máltaise agus na hÍoslainnise mar shampla. Gan amhras ní raibh “náire” ag baint leis an nGaeilge i gcónaí, siar sna Meán Aoiseanna ní raibh aon fhadhb ag na hAngla-Normannaigh leis an nGaeilge, is léir nach raibh orthu a bheith buartha go gceapadh daoine eile go raibh sí "uncool". Mar sin, cad a tharla idir an dá linn chun go ndéanfadh daoine ceangal idir an Ghaeilge agus an bochtanas agus an easpa léinn? Tharla rud fíorshimplí; maraíodh, díbríodh nó baineadh a rachmais ó na Gaeilgeoirí saibhre nó thug siad droim láimhe don teanga. An t-aon dream a bhí fágtha ag labhairt na Gaeilge ná daoine AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH bochta agus rinne na húdaráis ag an am cinnte de gur fhan cúrsaí mar sin. Go han-tapaigh d'athraigh an Ghaeilge ó theanga a bhí á labhairt ag daoine bochta go “Teanga na mBocht”, próiseas síceolaíoch a tharlaíonn i neart tíortha nuair atá teanga dhifriúil ag an uasal aicme agus an chuid eile den tsochaí. De bharr líon na ndaoine timpeall na cruinne, mionlaigh de gnáth, i dtíortha ar nós Meiriceá, Meicsiceo, an Fhrainc, an Rúis, an India agus an Astráil, a deir go bhfuil “náire” orthu faoina dteanga dhúchais, is dócha gur freagra daonna uilechoiteann é seo ar mhaslaí ó ghrúpaí atá níos cumhachtaí sa phobal ar leith. Ní rud a bhaineann le hÉirinn nó leis an nGaeilge amháin atá ann. Ní “suaitheantas” den bhochtanas a bhí sa Ghaeilge de bharr gur labhair daoine bochta í, ach de bharr nár labhair daoine saibhre í. Sin an difríocht bhunúsach idir an Ghaeilge agus na teangacha nach bhfuil “náire” ag baint leo a luadh níos luaithe. Déantar magadh faoi iarrachtaí a dhéanann daoine a bheith “ardnósach”, ach is cosúil go bhfuil riachtanas daingean ag daoine le haghaidh eiseamláirí eacnamaíochta, daoine ar mhaith leo aithris a dhéanamh orthu, agus má labhraíonn na daoine sin teanga dhifriúil uaireanta ceapann siad go bhfuil rud éigin “náireach” faoina dteanga féin, tuairim atá go hiomlán gan bhunús. Nuair a deir daoine in Éirinn go bhfuil náire orthu Gaeilge a labhairt, go bhfuil "stigma" ag baint léi, nach maith leo í de bharr go bhfuil sí "uncool", an rud atá á rá acu ná go bhfuil eagla orthu Gaeilge a labhairt, ar fhaitíos go ndéanfaidh duine éigin magadh fúthu. Fadó is dócha gur shaighdiúirí agus oifigigh Bhriotanacha a thosaigh an nós seo, agus ní raibh Éireannaigh in ann aon rud a dhéanamh faoi. Ansin thosaigh roinnt Éireannach ag magadh faoina dteanga féin agus a gcomhthírigh a labhair í, mar bhealach cosanta ionas go seachnódh siad maslaí a n-ardchéimithe coilíneachta, nós amaideach atá fós beo inniu. Nuair a dhéantar plé ar mheath na teanga san 18ú agus 19ú hAois deirtear gur teanga na tráchtála a bhí sa Bhéarla agus go raibh sé ag teastáil le déileáil leis an rialtas nó leis na cúirteanna srl. Úsáideann muid an guth céasta nuair a dhéanann muid cuir síos ar an scéal seo, ach ní raibh aon rud céasta faoin mbealach a tharla sé. Bhí Béarla ag teastáil le déileáil leis na húdaráis de bharr go ndearna na húdaráis cinneadh d'aon ghnó go mbeadh sé mar sin. Cuireadh iachall ar dhaoine an teanga a fhoghlaim de bharr go mbeidís faoi mhíbhuntáiste mór gan é. Tar éis dóibh an teanga a fhoghlaim bhí rogha acu leanúint ar aghaidh ag labhairt a dteanga dhúchais nó gan leanúint. Seo rogha atá ag daoine sa lá atá inniu ann i dtíortha ar nós na hOllainne, na hIorua agus na Fionlainne, áiteanna atá Béarla foghlamtha ag formhór an phobail. Tá rogha chomhchoiteann déanta ag daoine sna tíortha sin leanúint ar aghaidh ag caint a dteanga dhúchais áfach, ainneoin nach bhfuil buntáiste fóntaíoch follasach ag baint leis. Ach de bharr go bhfuil an cinneadh sin déanta acu tá sé úsáideach na teangacha sin a bheith agat má tá tú i do chónaí sna tíortha sin, díreach mar a bheadh úsáid ag baint leis an nGaeilge dá mba rud é gur roghnaigh daoine in Éirinn fanacht leis an teanga. AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH

Deirtear linn in Éirinn gur thug daoine droim láimhe don Ghaeilge toisc nach raibh maitheas eacnamaíochta ag baint léi, ach an fíor-rud a tharla ná nach raibh maitheas eacnamaíochta ag baint léi toisc gur thug daoine droim láimhe di. Nuair a thit líon na daoine a labhair Gaeilge thit an fheidhm gheilleagrach a bhí ag an teanga dá réir. Ach tá a mhalairt fíor chomh maith, rud atá suntasach sa lá atá inniu ann, má mhéadaíonn líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge méadóidh úsáid eacnamaíochta na teanga. Níl maitheas nó easpa maithis mar thréith intreach ag an nGaeilge. Macasamhail an Ollainnis, an Ioruais nó an Fhionlainnis, eascraíonn luach eacnamaíochta na teanga ón rogha a dhéanann daoine í a labhairt. Mar aon leis na billiúin daoine timpeall na cruinne, feicim na buntáistí ollmhóra airgeadais a bhaineann leis an mBéarla. Léiríonn tíortha ar nós na hOllainne, na hIorua agus na Fionlainne nach gcuireann líofacht i do theanga dhúchais mar aon le Béarla bac ort saibhreas a bhaint amach, agus tá tíortha ann, ar nós na Fraince agus na Seapáine, a d'éirigh saibhir ar bhealach éigin ainneoin nach bhfuil mórán Béarla ag daoine sna tíortha sin. Cuireadh córas polaitíochta agus eacnamaíochta i bhfeidhm in Éirinn leis na céadta bliain chun lucht na Gaeilge a imeallú. De bharr an chiaptha agus na drochíde a d'fhulaing Gaeilgeoirí bhí eagla ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt agus bhí eagla orthu faoin teanga é féin. An aidhm a bhí ag na húdaráis Bhriotanacha a chur an polasaí seo i bhfeidhm ná stop a chur le labhairt na Gaeilge, agus ar deireadh thiar thall bhris siad ár spiorad, rud nár mhaith linn admháil, in ionad sin ligeann muid orainn go ndearna muid cinneadh praiticiúil as ár stuaim féin droim láimhe a thabhairt don Ghaeilge. Bhí neart cúiseanna ag daoine Béarla a fhoghlaim, ach is de bharr bulaíochta go príomha a stop daoine ag labhairt na Gaeilge, agus is bulaíocht ceann de na cúiseanna is mó a dhiúltaíonn daoine an Ghaeilge go fóill. Maidir leis an ngaol idir muintir na hÉireann agus an Ghaeilge, ba cheart go mbeadh daoine saor le glacadh léi nó í a dhiúltú, ach pé cinneadh a dhéanann siad níor cheart go mbeadh aon bhaint ag eagla leis. Seans go bhfuil tú ag déanamh machnamh ar an gcúis go nglacann muid, lucht na Gaeilge, leis na maslaí suaracha a chaitear inár dtreo sa lá atá inniu ann. Chun an cheist seo a fhreagairt luafaidh mé sampla foirfe amháin. Bhí mé i bParlaimint na hEorpa in 2007 nuair a labhair feisirí Éireannacha i nGaeilge don chéad uair tar éis gur bronnadh stádas oifigiúil ar an teanga san Aontas Eorpach. Bhí mé ag labhairt faoi seo níos déanaí le duine ón nGaeltacht, cainteoir dúchais muiníneach a thacaíonn go hiomlán leis an teanga, agus an rud a dúirt sé ná go raibh iontas air gur éist na feisirí ó thíortha eile leis an méid a bhí le rá ag Seán Ó Neachtain agus feisirí Éireannacha eile i nGaeilge leis na cluasáin ateangaireachta a bhí ar fáil dóibh.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH An fáth go raibh iontas air ná toisc nach mbíonn comhairleoirí chontae i nGaillimh sásta an rud céanna a dhéanamh i gcónaí nuair a bhíonn ionadaithe tofa ón nGaeltacht ag labhairt i seomra na comhairle. Ba rud fíor aisteach agus neamhghnách dó an gnáth leibhéal measa agus béasa a bhí ag feisirí ó cheann ceann na hEorpa ar Ghaeilgeoirí, agus bhí an drochmheas iomlán a léirigh comhairleoirí i nGaillimh do chainteoirí Gaeilge chomh normálta sin go raibh glacadh aige leis go smior. Bhí sé normálta toisc go raibh cúrsaí mar sin don mhéid sin ama nach n-aithníonn Gaeilgeoirí é go minic nuair a mhaslaítear muid, nó má aithníonn, deir muid rudaí ar nós “cén dochar” nó “nach bhfuil sé sin cloiste againn leis na blianta.” Cén dochar? Bhuel ní aon ionadh nach bhfuil daoine áirithe sásta an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt má cheapann siad go ndéanfar ceap magaidh dóibh dá bharr, faitíos a chuirtear in iúl sa chaint nach bhfuil an teanga “cool”, chun sampla amháin a lua. Glacann muid le maslaí agus drochíde uafásach don chúis chéanna gur ghlac grúpaí eile sa tsochaí san am atá caite leis an iompar céanna, toisc go raibh cúrsaí mar sin i gcónaí. Ach ní gá go mbeadh cúrsaí mar sin amach anseo.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH 4. Gaelscoileanna are elitist Tharla sé chomh tapaigh is ar éigin gur thug mé é faoi dheara. Seans nár thug tú é faoi dheara tú fhéin. In aon mhórléimt amháin chuaigh an Ghaeilge ó "peasant language", thar staid normálta, agus ar aghaidh go "elitist language." Dúradh linn leis na glúine nár cheart dúinn Gaeilge a labhairt toisc gur "badge of poverty" a bhí ann, mar sin bhí mé ag súil le ceiliúradh mór nuair thosaigh roinnt daoine meán aicmeacha ag léiriú suime sa Ghaeilge le blianta beaga anuas. Bhí an cuma ar chúrsaí go mbeadh sé ceart go leor an Ghaeilge a labhairt don chéad uair leis na céadta bliain toisc go raibh daoine saibhre á labhairt anois. Níor tharla sé sin, áfach. In ionad sin dúradh go raibh an Ghaeilge "elitist", an cruthúnas damanta a bhí ann don mhaíomh seo ná na Gaelscoileanna; ionaid fhaiseanta faoi phribhléid a sheol meán aicme nouveau riche an Tíogair Cheiltigh a bpáistí chuig de bharr iliomad cúiseanna suaracha; ardnósachas, faisean, ranganna níos lú de réir dealraimh, pointí breise don Ard Teist, ciníochas fiú. Nuair atá duine éigin chun cáineadh a dhéanamh ar ghrúpa, cáineadh faoi scothroghnachas nó cáineadh níos géire, bheifeá ag súil go mbeadh fianaise láidir acu chun tacú leis an líomhain, agus go mbeadh ualach na fianaise ar na daoine atá ag déanamh na líomhna, agus ní ar na daoine atá á gcáineadh. Ach mar aon le cásanna eile sa díospóireacht faoin nGaeilge, tá an tuairim go bhfuil Gaelscoileanna "scothroghnach" go hiomlán gan fhíric, an t-aon fáth go bhfuil sé ann ná de bharr an athrá síoraí a dhéantar air. An chéad cheist, agus an ceann is bunúsaí, ná an bhfuil an líomhain seo fíor in aon chor? Níl mórán cur amach agam faoi chomhdhéanamh socheacnamaíoch cathracha eile in Éirinn, mar sin bheartaigh mé breathnú ar láthair an 31 bunscoil lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath le fíricí an ábhair seo a thabhairt chun solais. As an 31 scoil sin, dealraíonn sé go bhfuil 16 acu i gceantracha den lucht oibre (dhá cheann araon i lárthuaisceart na cathrach, Baile Munna, Tamhlacht agus Cluain Dolcáin), tá ocht gcinn i gceantracha atá measctha go sóisialta (Leamhchán agus Sord mar shampla) agus tá seacht gcinn i gceantracha meán aicmeacha. As an seacht scoil seo bunaíodh trí chinn acu le linn blianta an Tíogair Cheiltigh, ceann amháin in 1995 agus an dá cheann eile in 1996. Tá an t-eolas seo ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie d'éinne ar spéis leo an t-ábhar, iad siúd a bhíonn ag béicigh faoi "elitism" san áireamh. Deirtear linn chomh maith go bhfuil líon na nGaelscoileanna ag fás de bharr go bhfuil siad "fashionable". AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH

Nuair atáthar ag caint faoi earnáil a mhéadaigh faoi ocht le 20 bliain anuas bheifeá ag ceapadh gur "popular" an téarma is cuí i mBéarla le cur síos a dhéanamh air. Ach tá "fashionable" difriúil ó "popular" toisc go gcuireann sé in iúl go bhfuil daoine ag cur a gcuid páistí go scoileanna lánGhaeilge de bharr go bhfuil daoine eile á dhéanamh, tá siad ag leanúint daoine eile gan smaoineamh a dhéanamh faoi ar chor ar bith. (Ceist spéisiúil a eascraíonn as an líomhain seo ná cén fáth go díreach nach mbeadh sé “fashionable” go labhródh Éireannaigh an Ghaeilge). An líomhain is déanaí agus an ceann is clúmhillte, ná go bhfuil daoine ag seoladh a bpáistí chuig Gaelscoileanna ionas nach mbeidh siad sa rang céanna le páistí inimirceach. Arís caithfear an cheist a chur, cá bhfuil an fhianaise? Dá mbeadh sé sin fíor bheifeá ag súil go mbeadh borradh mór faoin nGaelscolaíocht le deich mbliana anuas, am a tháinig plé faoi líon na bpáistí ó chúlra inimirceach i scoileanna chun cinn. Ach má dhéanann tú seiceáil ghasta ar na figiúirí feicfidh tú gur bunaíodh 40 Gaelscoil le deich mbliana anuas, i gcomparáid le 75 cinn le linn na ndeich mbliana roimhe sin. Fiú má thógann tú san áireamh nár bunaíodh ach Gaelscoil amháin ó 2009 de bharr bacanna Rialtais, osclaíodh 39 Gaelscoil idir 2000-2008 i gcomparáid le 69 idir 1990-1998. As tuismitheoirí an 20,000 dalta atá ag freastal ar Ghaelscoileanna níl amhras ar bith orm go bhfuil cinn ina measc atá ardnósach nó ciníoch, ach is biogóideacht amach is amach é sin a úsáid chun an earnáil ar fad a mhaslú. Go deimhin féin, tá na daoine a dhéanann ionsaí ar an mionlach in Éirinn a chuireann a bpáistí chuig Gaelscoileanna ag déanamh aithris ar thaicticí na bhfíorchiníochaithe a ionsaíonn mionlaigh eitneacha. Agus dá mba rud é gur sheol níos mó daoine meán aicmeacha a bpáistí chuig Gaelscoileanna, cad faoi, cén riail atá ann a deir go bhfuil rud éigin suarach díreach de bharr go ndéanann daoine meán aicmeacha é? Tá an cáineadh faoi "mheánaicmeachas" na nGaelscoileanna níos áiféisí fós siocair gurb iad iriseoirí meánaicmeacha ag scríobh le haghaidh nuachtán meánaicmeacha a dhéanann an cáineadh don chuid is mó, nuachtáin a dhéanann bolscaireacht ar líon na léitheoirí meánaicmeacha atá acu. Tá an ceangal idir aicme agus an Ghaeilge casta. Mar shampla tháinig meath ar an teanga i measc an phobail nuair a d'iompaigh an t-uasal aicme ar an mBéarla. De réir Daonáirimh 2006 agus taighde a rinne Ipsos MORI in 2004, tá daoine meánaicmeacha níos fearr ag an nGaeilge, ach tá níos mó bá ag an lucht oibre di. As an 7% de mhuintir na Poblachta nach gceapann gur chóir an Ghaeilge a chur chun cinn de réir taighde Ipsos MORI, is daoine den mheán aicme an formhór acu. AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH

Rud spéisiúil eile faoin ábhar seo ná go bhfuil i bhfad níos mó tionchair ag an nGaeilge ar Bhéarla an lucht oibre in Éirinn ná an blas D4 a d'fhorbair agus a scaip le blianta beaga anuas. Ar leibhéal bunúsach séard atá i gceist le Gaelscoil ná iarracht an Ghaeilge a athbheochan ón uaigh i gceantracha ina bhfuair sí bás mar theanga labhartha an phobail. Bheifeá ag súil go gcuirfeadh iad siúd a deir go bhfuil an Ghaeilge marbh cheana féin, agus iad siúd a deir go bhfuil siad ar son rogha ó thaobh na Gaeilge de sa chóras oideachais, go gcuirfeadh siad fáilte roimh fhorbairt na Gaelscolaíochta, ach in ionad sin cumadh leithscéalta eile chun an Ghaeilge agus athbheochan na teanga a ionsaí. An rud a léiríonn sé seo ná nuair atáthar ag caint faoin nGaeilge bíonn dearcadh cáinteach, neamhsmaointeach ag daoine áirithe, má thacaíonn na fíricí lena dtuairimí nó mura dtacaíonn. Diúltaíonn siad an Ghaeilge iad féin, rud atá de cheart acu, ach tá an claonadh atá acu in aghaidh na teanga chomh dona sin nach féidir leo glacadh leis go bhfuil Éireannaigh eile ann ar mhaith leo go mbeadh Gaeilge ag a bpáistí. Mothaíonn siad gur bagairt atá sna Gaelscoileanna, agus an méadú ar líon na ndaoine le Gaeilge as eascraíonn astu, agus mar sin cumann siad cúiseanna, cúiseanna suaracha, le fás na nGaelscoileanna a mhíniú. Le bheith iomlán cruinn faoi, níl sé fíor le rá gur athraigh an Ghaeilge ó "peasant language" go "elitist language". Is "peasant languge" agus "elitist language" í an Ghaeilge, ag an am céanna. Rinne George Orwell cur síos ar chásanna mar seo mar "double-think"; an cumas atá ag daoine dhá thuairim a thagann salach ar a chéile a chreidiúint ag an am céanna, chun tuairimí idéeolaíoch a chosaint ón bhfírinne a bhréagnaíonn iad. Ach ní hé seo an t-aon chás den "double-think" a bhaineann leis an nGaeilge, ná baol air. Dúradh linn fáil réidh leis an nGaeilge de bharr eisimirce, ansin dúradh linn fáil réidh léi de bharr inimirce. Deirtear nach bhfuil aon cheangal ag teanga le féiniúlacht, ansin deirtear linn go bhfuil ceangal ag an nGaeilge le hiliomad féiniúlachtaí diúltacha. Deirtear linn nach bhfuil aon mhaitheas leis an nGaeilge má táthar ag lorg poist, ansin déantar magadh nuair nach bhfuil go leor Gaeilgeoirí ann chun post le riachtanas Gaeilge a líonadh. Deirtear linn nach labhraíonn éinne Gaeilge, agus ansin nuair a labhraíonn daoine í cuirtear ina leith go bhfuil siad ag déanamh mórtais astu féin, go bhfuil siad á dhéanamh ar mhaithe le deontais ón rialtas, chun ráiteas a dhéanamh, nó chun daoine gan Ghaeilge a imeallú. An sampla is mó den "double-think" i leith na Gaeilge ná na cúiseanna a thugann muid don AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH droim láimhe a thug muintir na tíre don teanga sa chéad dul síos. Ar lámh amháin luann muid cúiseanna loighciúil, neamhmhothúchánacha don mheath; níl aon mhaitheas léi, níl aon úsáid phraiticiúil aici, srl. Luann an dara hinsint ar an scéal cúiseanna míloighciúla, mothúchánacha don mheath ar nós gur "suaitheantais den bhochtanas" í an Ghaeilge nó go bhfuil sí "uncool." An tuairim idé-eolaíoch a spreagann an smaoineamh dúbailte seo ná, go bunúsach, go bhfuil rud éigin "olc" faoin nGaeilge, mar sin, fiú má athraíonn na cúinsí agus na cúiseanna a luaitear do na hionsaithe in aghaidh na Gaeilge, fanann an bonnnaimhdeas céanna. Mar fhocal scoir, luafaidh mé cathair amháin eile ó thaobh na Gaelscolaíochta, Béal Feirste, áit atá naoi as deich mbunscoil lánGhaeilge lonnaithe i gceantracha den lucht oibre. Gan amhras beidh míniú ag go leor daoine ar sin, " that's because they're republicans," steiréitíopa diúltach eile a chuirtear i leith Gaeilgeoirí agus leithscéal eile do dhaoine chun an teanga a dhiúltú.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH 5. Republicans have hijacked the Irish language D'fhuadaigh Poblachtaigh an Ghaeilge, rinne siad polaitiú ar an nGaeilge, tá ceangal idir an Ghaeilge agus poblachtachas cruthaithe acu, is “terrorist language” í an Ghaeilge fiú, dar le roinnt daoine. Chuir sé seo daoine ón nGaeilge, ó thuaidh agus ó dheas, de réir na hinsinte. Cosúil leis na lipéid eile a cheanglaíonn daoine leis an nGaeilge, chuir an maíomh go bhfuil an teanga “ceangailte” le poblachtachas mearbhall orm i gcónaí. Le bheith iomlán ionraic faoi ní thuigim ceard atá i gceist ag daoine nuair a deir siad é seo. Más Gaeilgeoir tú an gciallaíonn sé sin gur poblachtach tú chomh maith, nó an iompaíonn labhairt na Gaeilge duine ina p(h)oblachtach ar bhealach éigin? Ní chiallaíonn gan amhras, sa chaoi chéanna nach gciallaíonn sé go bhfuil tú bocht nó ardnósach más Gaeilgeoir tú nó na steiriéitíopaí diúltacha eile a scaiptear fúinn. Ciallaíonn an téarma “Gaeilgeoir” rud amháin, go bhfuil Gaeilge agat, más mian le daoine eile tréithe maslacha a nascadh le sin is de bharr a gclaonadh féin a dhéanann siad é. Níl sa mhaíomh go ndiúltaíonn daoine an Ghaeilge de bharr an phoblachtachais ach leagan eile den argóint a deir: "I don't want to speak Irish because if I do people will think I am a (ionsáigh masla anseo)". Tá tionchar diúltach ag an dearcadh seo ar staid na Gaeilge áfach. Breathnaigh ar an mborradh a tháinig faoi na Gaelscoileanna sna 1990í. Cé nárbh é sos cogaidh an IRA an t-aon chúis a bhí leis an mborradh is cinnte go raibh tionchar aige, rud a léiríonn go raibh faitíos ar go leor daoine a bpáistí a chur chuig scoileanna lánGhaeilge le linn na dTrioblóidí ar eagla go gceapadh a gcomhshaoránaigh gur poblachtaigh nó tacadóirí na sceimhlitheoireachta a bhí iontu. Téama a chloistear go minic sa díospóireacht ó thuaidh ná go n-úsáidtear an Ghaeilge mar "weapon". Bhí mé féin i gcónaí fiosrach faoin arm seo. An bhfuil seans ann mar shampla go bhfeicfidh muid an Ghaeilge in éineacht leis an candlestick agus an lead piping in eagráin de chuid an chluiche boird Cluedo amach anseo? Feicim é anois: “It was Colonel Mustard in the Billiard Room with the Irish language!” Ráiteas a luaitear go rialta sa díospóireacht ó thuaidh ná ceann a rinne ball de Shinn Féin sna 1980í; “Every word of Irish spoken is like another bullet being fired in the struggle for Irish freedom.” De réir dealraimh tá an t-uafás dochair déanta ag an ráiteas seo do dhearcadh na n-aontachtaithe i leith na Gaeilge agus maítear gurb é an chúis leis an gcur i gcoinne a ndéanann siad in aghaidh gach léiriú den teanga, ó chomharthaí bóthair dhátheangacha go Gaelscoileanna go cláir theilifíse Gaeilge, fiú go labhairt na Gaeilge i dTionól an Tuaiscirt. Caithfear tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar seo áfach. Is cosúil gurb é an ráiteas “word-bullet” an t-aon tuairim i stair na hÉireann a chreid polaiteoirí aontachtaithe díreach de bharr go dúirt baill de Shinn Féin é. Cén chaoi a mbeadh sé fíor ar aon chaoi, fiú dá mbeadh Gaeilge ag chuile náisiúnaí sa Tuaisceart, nó chuile aontachtaí fiú, nó go AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH raibh comharthaí bóthair dhátheangacha ann, cén chaoi a chuireadh sé seo iachall ar fhormhór na ndaoine i dTuaisceart Éireann vótáil chun an Ríocht Aontaithe a fhágáil? Mar aon leis an ráiteas go n-úsáideann daoine an Ghaeilge le cur isteach ar dhaoine ón bpobal aontachtach, níl aon bhrí i ndáiríre leis an ráiteas gur "weapon" atá sa Ghaeilge. Má tá roinnt aontachtaithe a deir nach bhfuil siad ar a suaimhneas maidir leis an nGaeilge nó go gcuireann sé as dóibh nuair a chloiseann siad duine ag labhairt na Gaeilge nó nuair a fheiceann siad comhartha bóthair le Gaeilge air, níl ansin ach admháil oscailte ar an gclaonadh atá acu in aghaidh na teanga, claonadh atá spéisiúil de bharr go bhfuil sé chomh hinghlactha go sóisialta é a nochtadh. Deirtear go minic go gcuirtear daoine ón nGaeilge de bharr go n-úsáideann páirtithe ar nós Sinn Féin í. Is cosúil go bhfuil daoine fíor-roghnach maidir leis an diúltú a dhéanann siad ar rudaí a thacaíonn Sinn Féin le áfach, go deimhin féin tá sé deacair orm smaoineamh ar rud ar bith eile a dhiúltaíonn daoine ar an mbonn go ndeir an páirtí sin go bhfuil sé tábhachtach don tír. Is féidir le chuile pháirtí polaitiúil in Éirinn, na páirtithe aontachtacha san áireamh, an méid Ghaeilge agus is mian leo a úsáid. Is féidir le poblachtaigh “Tiocfaidh ár lá” ar rá cinnte, ach is féidir le haontachtaithe “Go Sábhála Dia an Bhanríon" a rá chomh maith más mian leo. Má roghnaíonn páirtí gan Ghaeilge a úsáid níor cheart go ndéanfadh siad gearán faoi pháirtithe a roghnaíonn í a úsáid. Ar go leor bealaí is aithris í an díospóireacht ó thuaidh maidir le hAcht Gaeilge ar an éileamh “British rights for British citizens” a rinneadh sna 1960í. Mar a tharla ag an am tá daoine sa Tuaisceart ag iarraidh go gcaitheadh na húdaráis leo ar an mbealach céanna is a chaitear le daoine in áiteanna eile sa Ríocht Aontaithe. Mar a tharla ag an am freisin, tá daoine ag cur in éadan an éilimh seo ar an mbonn gur comhcheilg phoblachtach shuarach atá ann. Argóint a chuirtear chun cinn chun cur in aghaidh chearta teanga do chainteoirí Gaeilge sa Tuaisceart, cearta teanga atá le fáil sa Bhreatain, ná nach bhfuil an nasc céanna idir teanga agus náisiúnachas sa Bhreatain Bheag nó in Albain is atá i dTuaisceart Éireann. Ach cé go bhfuil neart cainteoirí Gaidhlig in Albain atá ina n-aontachtaithe agus ríogaithe láidir, tá sé spéisiúil gur baill de Phartaidh Naiseanta na hAlba, an páirtí is mó ar son an neamhspleáchais sa tír, iad seisear as an seachtar ball de Pharlaimint nua na hAlban a ghlac a mionn dílseachta i dteangacha dúchais na tíre (Gaidhlig agus Albainis) in 2007. Tá neart Breatnaiseoirí atá ina saoránaigh Bhriotanacha bródúil, ach arís is é Plaid Cymru, príomhpháirtí na Breataine Bige ar son neamhspleáchais, an páirtí a thugann an tacaíocht is mó don Bhreatnais, agus a fhaigheann an chuid is mó dá thacaíocht ó chainteoirí Breatnaise. Mar sin d'fhéadfaí cur in éadan cearta teanga do chainteoirí Breatnaise agus Gaidhlig ar an mbonn céanna is a chuirtear in éadan cearta do Ghaeilgeoirí ó thuaidh, ach fiú dá ndéanfaí ní athródh sé an fíoras go bhfuil na cearta seo doshannta.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH Is í an fhírinne ná go raibh daoine ag diúltú don Ghaeilge i bhfad roimh na dTrioblóidí nó bunú Shinn Féin in 1905. Téann dearcadh frithGhaeilge na mBriotanach siar níos faide fós, roimh bhunú an phoblachtachais Éireannaigh in 1798. Téann sé siar roimh an Reifirméisean freisin ar eagla gur cheap éinne go raibh naimhdeas don Ghaeilge bainteach leis an deighilt reiligiúin in Éirinn. Téann sé siar ar a laghad 654 bliain, siar go 1366, an bhliain a rinneadh dlí de Reachtaíocht Chill Chainnigh, an bhliain a rinneadh polaitiú ar an nGaeilge. Bhí aidhmeanna éagsúla ag an reachtaíocht agus ag na hiarrachtaí eile a rinneadh i rith na mblianta an Ghaeilge a chur faoi chois, agus aidhmeanna polaitiúla a bhí iontu uilig. Sa chéad dul síos bhí eagla ar na húdaráis go mbeadh seans níos lú ann go mbeadh daoine dílis do Shasana dá mba rud é gur labhair siad Gaeilge. An dara cheann ná mura raibh Béarla ag an bpobal ní bheadh na húdaráis in ann cumarsáid a dhéanamh leo. Mura bhfuil i dteangacha ach bealaí chun cumarsáid a dhéanamh, agus nach bhfuil aon bhaint acu le féiniúlacht nó polaitíocht, an cheist a thógtar ná cén fáth nár fhoghlaim na hoifigigh Bhriotanacha an Ghaeilge? Ba í an Ghaeilge a bhí á labhairt ag formhór ollmhór na ndaoine in Éirinn, mar sin bheadh sé i bhfad níos éasca do na húdaráis í a fhoghlaim seachas iachall a chur ar an daonra ar fad a dteanga a athrú. Níor tharla sé seo áfach mar dá bhfoghlaimeodh na húdaráis Bhriotanacha teanga na ndúchasach a bhí faoi chois, thabharfadh sé seo dúshlán na tuisceana go raibh siad níos fearr ná iad ar gach bealach agus, dá bhrí sin, i dteideal iad a rialú. Mar sin cuireadh plean i bhfeidhm chun an Ghaeilge a scrios, plean a bhí rathúil i mbeagnach gach cuid den tír. Buntáiste eile a bhain leis an iarracht an Ghaeilge agus gach rud eile a rinne Éire difriúil ó Shasana a scrios, aidhm na Reachtaíochta, ná go mbeadh sé níos éasca cás a dhéanamh gur cheart don dá thír a bheith san aonad polaitiúil chéanna toisc go raibh an cultúr céanna acu, ie cultúr Shasana. Cuirtear i leith daoine atá ar son na Gaeilge sa lá atá inniu ann go bhfuil siad i mbun “Náisiúnachas Cultúrtha”. Más é an tuairim gur náisiún í Éire ar cheart di a chinniúint fhéin a ghlacadh atá i gceist le náisiúnachas polaitiúil, d'fhéadfaí a rá gurb é an tuairim go bhfuil cultúr ar leith ag Éirinn agus gur cheart í a chaomhnú atá i gceist le náisiúnachas cultúrtha. Más é sin atá i gceist leis, d'fhéadfá náisiúnaí cultúrtha a ghlaoch ar dhuine ar bith ar domhan atá ag iarraidh a c(h)ultúr féin a chaomhnú, mar shampla, an deich milliún Sualannach nach bhfuil ag iarraidh a dteanga laethúil a athrú ón tSualainnis go Béarla ainneoin go bhfuil Béarla den scoth ag formhór acu. D'fheadfaí an rud céanna a rá i leith na Sasanach a lean orthu ag labhairt an Bhéarla sna Meánaoiseanna ainneoin go raibh an Fhraincis i réim mar phríomhtheanga pholaitiúil na tíre ag an am.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH Más caomhnú cultúir shainiúil na hÉireann atá i gceist le náisiúnachas cultúrtha is féidir a rá chomh maith gur aontachas cultúrtha atá i gceist leis an tuairim gur cheart go mbeadh cultúr na hÉireann ina chóip iomlán de chultúr Shasana. Deir daoine go gcuirtear an Ghaeilge chun cinn ar an mbonn go ndéanann sé muid difriúil ó Shasana. Tá sé seo fíor, déanann sé muid difriúil ó dhaoine i Sasana, agus an Fhrainc, an Spáinn, an Iodáil, an Ghearmáin, an Rúis, an Ghréig, an tSeapáin, an Téalainn agus chuile tír eile ar domhan. Is í an Ghaeilge a rud a dhéanann uathúil muid. Tá an nasc idir teanga agus polaitíocht casta, go háirithe sa chuid seo den domhan. Ar lámh amháin b'Aontachtaithe agus Fir Bhuí a bhí i neart ball de chuid Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste sa 19ú hAois. Tá Gaeilgeoirí aontachtacha beo inniu freisin, ach ábhar suntais atá ann go dtagann an cur i gcoinne is fíochmhara in éadan na Gaeilge, cur i gcoinne a bhíonn biogóideach agus ciníoch amach is amach in amanna, go dtagann sé ó pholaiteoirí aontachtacha sa Tuaisceart agus ó thráchtairí agus grúpaí atá báúil leis an mBreatain sa Phoblacht. Deir polaiteoirí aontachtacha nach dtaitníonn an Ghaeilge leo de bharr go gcuireann poblachtaigh í chun cinn. Tá baint ag dearcadh na n-aontachtaithe i leith na Gaeilge le poblachtaigh, ach ní hé an bhaint a deir siad. Ní dhiúltaíonn siad an teanga de bharr go dtacaíonn poblachtaigh léi, diúltaíonn siad an teanga don chúis chéanna a thacaíonn poblachtaigh léi, de bharr gurb í an tsiombail is cumhachtaí atá ann de chultúr agus d'fhéiniúlacht shainiúil Éireannach. Is sampla eile é seo de dhaoine a dhiúltaíonn an Ghaeilge ar leibhéal bunúsach ach a thugann cúis bhréagach don dearcadh atá acu toisc nach bhfuil siad ag iarraidh nó toisc nach féidir leo an fíorchúis a nochtadh.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH 6. Too much money is spent on Irish Gearán rialta a chloistear faoin nGaeilge ná go gcaitear an-iomarca airgid uirthi. Bíonn daoine ag clamhsán ach go háirithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas oifigiúil na teanga san Aontas Eorpach. Rinneadh go leor leor gearán faoi cháipéisí rialtais a aistrítear go Gaeilge, cáipéisí nach léitear don chuid is mó. Ach tá daoine ann a bhíonn ag clamhsán fiú má léitear cáipéisí a aistrítear go Gaeilge, mar shampla bhí raic ann in 2009 de bharr airgid a caitheadh ag aistriú comhfhreagrais idir an Roinn Oideachais sa Tuaisceart agus scoileanna lánGhaeilge. Tá daoine ann le fíor-údar chlamhsáin, ach déanfaidh daoine eile gearán fiú más pinginí beaga atá á chaitheamh ar an teanga. Mar shampla rinneadh gearáin nuair a fógraíodh in 2006 go mbeadh “Éire” scríofa in éineacht le “Ireland” ar chinnlitreach agus ainmphlátaí an rialtais san Aontas Eorpach. I gcomhthéacs cháinaisnéis an AE an bhliain sin, €112 billiún, níl imní faoin gcostas a bhaineadh le cúpla ainmphlátaí inchreidte in aon chor. Bhí dhá staid in imeallú na Gaeilge ó shaol poiblí na hÉireann. An chéad cheann ná gur cuireadh iachall ar dhaoine Béarla a fhoghlaim ionas go mbeadh siad in ann maireachtáil sa tsochaí. Rinne na húdaráis Bhriotanacha é seo in Éirinn nuair a chur siad cosc ar an nGaeilge sa saol poiblí agus lean rialtais Éireannacha leis an bpolasaí seo nuair a shéan siad seirbhísí poiblí a chuir ar fáil i nGaeilge. Tharla an dara chéim nuair a bhí Béarla foghlamtha ag an bpobal. Nuair a tharla sé sin d'fhéadfaí an cos ar bolg follasach a stopadh ach bhíothas in ann séanadh na gceart teanga a chosaint anois de bharr go raibh Béarla ag an bpobal. Chas mé féin ar dhaoine atá báúil leis an nGaeilge ach a cheapann go bhfuil éinne a bhíonn ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus iad ag déileáil lena rialtas áitiúil, go bhfuil na daoine seo “awkward” toisc "they can speak English." An dearcadh atá ann ná má tá Béarla agat caithfidh tú é a labhairt, rud a chiallaíonn Béarla éigeantach ar feadh do shaol ar fad. Mura bhfuil cead agat Gaeilge a labhairt ach amháin le cairde agus clanna nuair nach bhfuil éinne gan Ghaeilge thart, déanann tú teanga phríobháideach, chorr, neamhghnách as an nGaeilge, rud nach bhfuil mar fhíorchuid de shaol na tíre. De bharr seo síltear ar go leor bealaí gur rud aisteach é teanga dhúchais na hÉireann a labhairt in Éirinn. Go deimhin féin is ceann de príomhspriocanna áisíneachta Ghaeilge an Stáit, Foras na Gaeilge, an teanga a “normalú.” Agus cé go bhfuil daoine ann ar mhaith leo a bheith difriúil ón mórphobal, níl formhór na ndaoine ag iarraidh a bheith mar sin. AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH

Tabharfaidh mé buntáiste an amhrais dóibh siúd a dhéanann gearán faoin méid airgid a chaitear ar an nGaeilge nach dtuigeann siad an drochthionchar atá ag an easpa seirbhísí phoiblí i nGaeilge ar bheocht na teanga. Rinneadh go leor cáinte ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ón am a reachtaíodh é in 2003. Níl san ATO ach iarracht líon na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge a mhéadú, ní thagann sé i ngiorracht scread asail do chomhionannas do chainteoirí Gaeilge inár dtír fhéin. Tá go leor ráite faoin méid airgid a chaitear ag aistriú cáipéisí oifigiúla go Gaeilge, agus tá daoine le Gaeilge ann a shíleann go bhfuil bealaí níos fearr chun an t-airgead seo a chaitheamh. Is beag duine acu a cuireadh in éadan an phrionsabail go bhfuil ceart bunúsach ag Gaeilgeoirí rochtain a bheith acu ar cháipéisí i nGaeilge ina dtír féin, áfach. Tá an ceart atá ag saoránaigh in Éirinn déileáil leis an Stát trí mheán na Gaeilge deimhnithe ag an gCúirt Uachtarach agus tá an ceart seo bunaithe ar Bhunreacht na hÉireann. Go deimhin féin is é an t-aon slí chun cinntiú nach gcaitear airgead ar cháipéisí a aistriú go Gaeilge nó ar sheirbhísí i nGaeilge ná stádas na teanga mar theanga oifigiúil, náisiúnta na hÉireann a bhaint ón mBunreacht. Aisteach go leor ach níor chualathas mórán clamhsáin faoin easpa seirbhísí, go háirithe seirbhísí sláinte, a cuireadh ar fáil do na mílte daoine ó bhunú an stáit nach raibh Béarla acu. Rinneadh neamhaird iomlán de na daoine seo, is neamh-daoine a bhí iontu i súile Éire oifigiúil. Is teach fuar d'Éireannaigh gan Bhéarla í Éire leis na céadta bliain, agus tá sí fós sa lá atá inniu ann. In 2005 aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Tharraing an cinneadh seo cáineadh in Éirinn, ach is beag an méid a dúradh faoi sa chuid eile den Eoraip. Tá go leor cainteoirí agus tacadóirí Gaeilge atá in amhras faoin tairbhe a bhaineann leis an dul chun cinn seo freisin. Ach le tionchar easpa aitheantais Eorpaigh ar an nGaeilge a thuiscint ní gá ach samhlú céard a tharlódh dá mba rud é go mbainfí aitheantas oifigiúil ó theanga eile, Gearmáinis mar shampla. De bharr go dtagann sciar mór dlíthe sa lá atá inniu ann ón Eoraip, bheadh Béarla ag teastáil chun post a fháil sa Ghearmáin mar dhlíodóir, phóilín, státseirbhíseach nó in aon réimse eile de shaol na Gearmáine ina raibh tuiscint faoin dlí ag teastáil. Gan aistriúchán bheadh ar dhaoine na dlíthe agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a phlé i mBéarla. Bheadh ar nuachtáin, stáisiúin raidió agus cainéil teilifíse Béarla a úsáid chun tuairisciú a dhéanamh orthu. Agus ar deireadh, ní amháin go mbeadh ar bhaill rialtas agus parlaimint na Gearmáine Béarla a bheith acu chun na dlíthe a thuiscint, bheadh orthu iad a phlé i mBéarla i seomra na comhaireachta agus ar urlár an Bundestag. An t-aon bhealach chun é seo a sheachaint ná trí na dlíthe a aistriú go Gearmáinis, agus nach ndéanann sé i bhfad níos mó céille é seo a dhéanamh go lárnach sa Bhruiséil seachas iarradh ar gach dlíodóir, póilín, státseirbhísigh, iriseoir, baill pharlaiminte agus aire rialtais é a dhéanamh í AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH nó é féin? Dá bhrí sin gan aitheantas ag leibhéal an AE beidh an Ghaeilge in áit na leathphingine in Éirinn go deo, ní bheidh ann ach maisiúchán, agus ní ghlacfar leis go dáiríre mar ghnáththeanga labhartha. Ní chreidim gur chóir Gaeilge a bhrú ar éinne nach bhfuil á iarraidh, ach creidim chomh maith nár chóir Béarla a bhrú ar éinne nach bhfuil á iarraidh. Go mion minic sa díospóireacht faoin nGaeilge úsáidtear téarmaí ar nós “fanatic” agus “extremist”. Má ghlacann muid leis gur antoisceach Gaeilge é duine atá ag iarraidh an teanga a bhrú ar dhaoine eile, luíonn sé le réasún gur antoisceach Béarla é duine atá ag iarraidh an teanga sin a bhrú ar dhaoine eile. Tá na húdaráis ag brú an Bhéarla ar dhaoine in Éirinn toisc nach bhfuil siad sásta seirbhísí poiblí a chuir ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ó thaobh an chostais a bhaineann le seo, íocann muidne, lucht na Gaeilge, íocann muid ár gcuid cánach freisin, mar sin íocann muid as na seirbhísí poiblí seo. An rud atá uainn ná ár saolta a chaitheamh trí mheán ár dteanga dhúchais inár dtír dhúchais, rud atá formhór na ndaoine ar domhan ag lorg, agus níl aon rud aisteach nó iomarcach faoin mian sin. Má deirtear go bhfuil daoine in Éirinn ar mhian leo a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge “ait” caithfidh go bhfuil an 50 milliún duine i Sasana atá ag iarraidh a saolta a chaitheamh trí mheán an Bhéarla ait chomh maith, mar an gcéanna leis an 40 milliún Polannach ar mhaith leo a saolta a chaitheamh trí mheán a dteanga dhúchais nó an cúig mhilliún Fionlannach ar mhaith leo a saolta a chaitheamh ag labhairt na Fionlainnise. Seans go ndéarfaí nach bhfuil an chomparáid seo cothrom toisc go labhraíonn daoine i Sasana, an Pholainn agus an Fhionlainn a dteangacha dúchais toisc gurb iad gnáththeangacha labhartha na sochaithe ina maireann siad. Ach cén fáth gur gnáththeangacha labhartha na sochaithe iad sa chéad dul síos? De bharr go ndearna na pobail sin cinneadh comhchoiteann na teangacha sin a labhairt. I rith stair Shasana, na Polainne, na Fionlainne agus líon ollmhór tíortha eile, bhí an rogha ag daoine droim láimhe a thabhairt dá dteangacha dúchais, ach murab ionann is Éire níor ghlac siad an cinneadh sin. Labhraíonn Sasanaigh Béarla de bharr gur Béarla atá ann, labhraíonn Polannaigh Polainnis toisc gur Polainnis atá ann agus labhraíonn Fionlannaigh Fionlainnis toisc gur teanga dhúchais na tíre sin atá ann. Tá muidne, Éireannaigh a labhraíonn Gaeilge, díreach cosúil leo, agus níor cheart go mbeadh muidne thíos leis de bharr gur roghnaigh an chuid eile den phobal Béarla a labhairt.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH 7. Compulsory Irish has put people off the language Ceann de na hargóintí is coitianta a chloistear i leith na Gaeilge ná go gcothaíonn stádas éigeantach na teanga sa chóras oideachas naimhdeas dí i measc daltaí scoile na tíre. Caitheann daltaí 13 bliain ag foghlaim na Gaeilge ach is ar éigin go bhfuil focal den teanga acu nuair a chríochnaíonn siad scoil. Mar aon le sin bíonn fuath acu don teanga, roinnt acu dá saol ar fad, de réir na hinsinte. Sula leanaim ar aghaidh leis an alt seo ba mhaith liom a rá nach gceapaim gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i scoileanna. D'fhreastail mise ar scoileanna lán Ghaeilge mar sin d'fhéadfainn a bheith go hiomlán mícheart faoi seo, ach feictear domsa go bhfuil roinnt poll mór san argóint faoi "compulsory Irish". An chéad cheann ná go ndiúltaíonn daoine an Ghaeilge toisc gur ábhar éigeantach í ar scoil. Tugann loighic bhunúsach le fios nach amhlaidh atá sé. Sa chéad dul síos, má bhaineann duine sult as rud nó má cheapann siad go bhfuil cúis mhaith lena dhéanamh, ní minic go gcuireann sé isteach orthu má tá sé éigeantach. Má chreideann tú gur cheart go gcaithfeadh daoine criosanna suíocháin i gcarranna is cosúil nach ndéanfaidh tú gearán faoi má dhéanann an rialtas éigeantach é. Mar an gcéanna dá mbeadh imirt an X-Box nó éisteacht le ceol cairte éigeantach i scoileanna ní fheictear domsa go ndiúltódh daltaí nó go mbeadh fuath acu dóibh don chuid eile dá saol ar an bprionsabal liobraíoch gur cheart go mbeadh rogha ag daoine lena gcuid oideachais. Tá cáineadh géar déanta ar an gcuraclam Gaeilge sna scoileanna agus ar an mbealach a mhúintear an teanga. Tá go leor den cháineadh seo fíor, ach tá áibhéil déanta ar roinnt de, ní féidir an lucht ar fad don drochthoradh ar mhúineadh na Gaeilge a chur ar an gcóras oideachais. Mar shampla is cosúil go bhfuil an leabhar Peig ar chomhchéim leis an mBíobla agus Forógra na Poblachta mar an cháipéis is cumhachtaí i stair na hÉireann de bharr an tionchair ollmhóir a bhí aige ar mheon an náisiún, de réir dealraimh. Thug na mílte daoine in Éirinn droim láimhe don Ghaeilge de bharr go raibh orthu an leabhar seo a léamh, de réir na líomhaintí. Toisc nár léigh mé an leabhar riamh ní féidir liom aon rud a rá ar ché chomh huafásach is atá sé, ach d'éirigh liom cion éigin a choimeád don Bhéarla ainneoin gur cuireadh iallach orm leabhar Dicken's, Hard Times, a léamh, mar aon le saothair eile sa teanga, roinnt acu a bhí scríofa i seanBhéarla ón 16ú hAois, ábhar nach raibh chomh nua-aimseartha sin d'fhéadfá a rá. Cáintear an easpa béime ar an teanga labhartha i ranganna Gaeilge. Rinne mé féin staidéar ar an bhFraincis ar feadh sé bhliana sa mheánscoil agus is ag foghlaim de ghlanmheabhair le haghaidh scrúdaithe a chaith mé an chuid is mó den am sin. Sa lá atá inniu ann is ar éigin gur féidir liom abairt sa teanga a chur le chéile.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH Ar chothaigh sé seo naimhdeas don Fhraincis ionam? Níor chothaigh. An bhfuil "fuath" agam don Fhraincis anois agus don chuid eile de mo shaol? Níl. Agus is áiféiseach an smaoineamh é fiú, níl ann ach teanga. Rud eile a luaitear sa díospóireacht faoi "compulsory Irish" ná nach ndéanann daltaí gearán faoi stádas éigeantach Béarla agus Mata ar scoil. An freagra ar seo ná go bhfuil gá le Béarla agus Mata sa saol mór agus níl le Gaeilge. An rud a léiríonn sé seo go bhfuil an díospóireacht faoi "compulsory Irish" imithe ar seachrán go hiomlán. Ní dhiúltaíonn daltaí ábhar de bharr go bhfuil sé éigeantach, diúltaíonn siad dó de bharr nach bhfeiceann siad cúis mhaith chun é a staidéar nó go bhfuil cúis níos doimhne acu é a dhiúltú. Ó thaobh úsáideacht na Gaeilge, tá go leor ábhar ar scoil, ar nós filíochta nó ailgéabair, nach bhfuil mórán úsáideachta ag baint leo sa saol d'fhormhór na ndaltaí scoile, ach is cosúil gurb é an Ghaeilge an t-aon cheann a cháintear go rialta. An rud is measa a d'fhéadfá a rá faoi "compulsory Irish" ná gur chothaigh sé naimhdeas i leith na Gaeilge i measc daltaí a bhí neodrach faoin nGaeilge sa chéad dul síos, ach bheadh muid ag cur dallamullóg iomlán orainn féin dá gceapadh muid gur thosaigh naimhdeas don Ghaeilge i measc daltaí scoile na hÉireann nuair a bronnadh stádas éigeantach ar an nGaeilge. Bhí mé ag éisteacht le taifead de chainteoir dúchais Ghaeilge le déanaí ag déanamh cur síos ar an magadh a d'fhulaing sí de bharr nach raibh ach Gaeilge aici nuair a thosaigh sí ar scoil agus í cúig bhliana d'aois. B'as Tír Eoghain don bhean, Máire McDaid, agus rinneadh an taifead in 1931 nuair a bhí sí 67 bhliain d'aois. Léiríonn sé seo go raibh daltaí ag diúltú na Gaeilge chomh fada siar le 1869, blianta fada sular múineadh é i scoileanna, gan trácht ar í a bheith ina hábhar éigeantach. In 1845 scríobh Thomas Davis gur shíl an meánaicme in Éirinn gur “sign of vulgarity” a bhí ann Gaeilge a labhairt agus in 1896 dúirt Dúbhghlas de hÍde “that it is considered a disgrace in most Irish cities to speak Irish.” Thuairisc Coimisiún na Gaeltachta an méid seo faoin nGaeilge in 1926: “The educated were ignorant of it; and they protected their position by affecting to despise it, or often despising it with conviction.” Seo daoine dar ndóigh a chuaigh tríd an gcóras oideachais nuair nach raibh an Ghaeilge éigeantach, ach bhí déistin acu don Ghaeilge, roinnt acu “with conviction”. An rud a léiríonn sé seo ná go raibh naimhdeas don Ghaeilge sa phobal roimh bhunú an Stáit agus a chóras oideachais. Ach tugtar le fios dúinn gur imigh an naimhdeas forleathan a bhí ann don Ghaeilge roimh neamhspleáchas, gur imigh sé as radharc ag pointe éigin ach gur tháinig sé ar ais in aon ghluaiseacht mhín amháin mar naimhdeas don Ghaeilge de bharr go raibh sí éigeantach ar scoil. É sin nó níor imigh an naimhdeas ar chor ar bith, fuair sé leithscéal níos inghlactha chun é a mhíniú, agus tá páistí scoile in 2010 ag diúltú don Ghaeilge de bharr na gcúiseanna céanna is a AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH dhiúltaigh daoine don Ghaeilge in 1810 nó fiú 1710. Ní mhíníonn an méid a deirtear faoi “compulsory Irish” cén fáth go bhfuil an naimhdeas is fíochmhara don Ghaeilge le fáil san áit amháin sa tír nach bhfuil an teanga éigeantach ar scoil, i dTuaisceart Éireann. Tá an-chuid naimhdeas don Ghaidhlig in Albain freisin ainneoin gur ar éigin a mhúintear an teanga i scoileanna na tíre sin. Leis an méid sin ráite áfach ní chreidim gur cheart go mbeadh Gaeilge éigeantach ar scoil. Is léir go bhfuil roinnt mhaith daoine in Éirinn nach bhfuil ag iarraidh Gaeilge a labhairt, níl siad ag iarraidh go labhródh a bpáistí Gaeilge nó go mbeadh aon cheangal acu léi. An chonclúid a bhíonn ag daoine a thacaíonn le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ná gur féidir beag is fiú a dhéanamh de na hargóintí in éadan an stádais de bharr nach bhfuil mórán loighic ag baint leo. Ach is cuma nach ndéanann siad ciall, caithfear suntas a thabhairt dóibh toisc go bhfuil siad ann sa chéad áit. Tá cur i gcoinne stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ann fiú mura luann daoine an fíorchúis dá ndearcadh. Le blianta beaga anuas tá fianaise starógach ann ó mhúinteoirí agus cigirí scoile go bhfuil ag éirigh níos fearr le páistí inimirceach le foghlaim na Gaeilge ná páistí dhaoine a rugadh in Éirinn. An míniú dosheachanta ar seo, ar na drochthorthaí tar éis na mblianta ag foghlaim agus an naimhdeas a luadh anseo, ná nach bhfuil formhór na ndaltaí scoile nó na daoine in Éirinn ag iarraidh Gaeilge a labhairt. Agus ní tuairimíocht amháin atá anseo ach an oiread. De réir taighde a d'fhoilsigh an tAthair Micheál Mac Gréil in 2009 tá an méid Gaeilge ag daoine in Éirinn is atá uathu. Léiríonn sé cosúlacht fhíorshuntasach idir an méid Gaeilge atá ag daoine agus céard atá uathu don teanga go fadtéarmach. Mar shampla dúirt 8% de dhaoine go bhfuil siad líofa sa Ghaeilge, agus dúirt 8.4% gur mhaith leo go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na tíre. Dúirt 33.7% go bhfuil siad "middling" nó "not so fluent" sa Ghaeilge, agus dúirt 33% gur mhaith leo go ndéanfaí athbheochan ar an teanga, ach go mbeadh an Béarla go fóill mar phríomhtheanga na tíre. Dúirt an 58% eile nach bhfuil mórán Gaeilge acu nó nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Dúirt 52% gur cheart an teanga a chaomhnú sa Ghaeltacht agus le haghaidh fháthanna cultúrtha agus dúirt 6% gur cheart fáil réidh leis an teanga go hiomlán. Léiríonn sé seo go bhfuil daoine ag déanamh beart de réir briathair ó thaobh na Gaeilge de. Tá drogall ar neart daoine a chuireann an Ghaeilge chun cinn na fíricí seo a aithint toisc go bhfuil eagla orthu go gciallaíonn sé go bhfaighidh an teanga bás. Ceapann siad go gcuirfidh ráiteas ó Éireannaigh nach bhfuil suim acu sa Ghaeilge deireadh leis an díospóireacht, díospóireacht a chaillfidh siad. Ach ní deireadh leis an díospóireacht atá ann, níl ann i ndáiríre ach an tús. AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH 8. You don’t need Irish to be Irish Go dtí seo sa tsraith tá cur síos déanta ar na tuairimí claonta, bréagacha agus aisteacha a bhaineann leis an nGaeilge agus na daoine a labhraíonn í. De bharr go bhfuil na tuairimí sin ann agus go bhfuil siad forleathan agus seasta léiríonn sé nach bhfuil an gaol idir muintir na hÉireann agus an Ghaeilge chomh simplí is a mhaítear, agus nach bhfuil sé réasúnach, pragmatach nó loighciúil mar a thugann muintir na tíre le fios. Go deimhin féin léiríonn sé go bhfuil an gaol idir muintir na hÉireann agus teanga na hÉireann sáite le tuairimí diúltacha atá míloighciúil agus neamhréasúnta. Nuair a thugann daoine cúis mhíloighciúil i leith na tuairime atá acu in aghaidh rud éigin, agus nuair nach n-athraíonn siad an tuairim nuair a léirítear dóibh go bhfuil na cúiseanna a thugann siad don tuairim sin bréagach, léiríonn sé go bhfuil bunchúis eile lena dtuairim, cúis nach bhfuil siad sásta nó ábalta a nochtadh. Go minic le linn díospóireachtaí faoin nGaeilge imríonn duine an cárta mámh trí "You don't need to speak Irish to be Irish" a rá. Agus tá an ceart ar fad acu, dá mbeadh Gaeilge ag teastáil chun a bheith Éireannach ní bheadh náisiún Éireannach ann, agus is léir go bhfuil. An tátal a eascraíonn as "you don't need Irish to be Irish" ná go bhfuil an Ghaeilge "useless." Ach tá cúrsaí níos casta ná sin. Go minic déantar gearán faoin tuairim go bhfuil daoine a labhraíonn Gaeilge "níos Éireannaí" ná daoine nach labhraíonn. Ní chreidim go bhfuil agus chuirfinn é i gcomparáid le Meiriceánach a imríonn daorchluiche a deir go bhfuil sé níos Meiriceánaí ná Meiriceánach a imríonn sacar. Níl sé seo fíor ach an oiread, ach an gciallaíonn sé sin nach bhfuil aon mhaitheas le daorchluiche? An bhfuil daorchluiche níos Meiriceánaí ná sacair? Tá sé, agus an mbeadh Meiriceá chomh Meiriceánach mura raibh éinne á imirt? Bheadh. Mar an gcéanna le sin tá an Ghaeilge níos Éireannaí ná an Béarla agus ní bheadh Éire chomh hÉireannach mura raibh éinne á labhairt. Faoi láthair séard atá i gceist le cultúr na hÉireann don chuid is mó ná meascán de chultúr Gaelach agus cultúr Sasanach. Ní fhanann cultúir mar atá siad go deo áfach agus dá mbainfí an chuid Ghaelach dár gcultúr an t-aon chultúr a bheadh fágtha againn in Éirinn ná cultúr Sasanach. Ní bheadh cultúr Éireannach ar leith ann, bheadh an cultúr Éireannach marbh. Murar labhair muid Gaeilge ar chor ar bith is Béarla amháin a bheadh againn. Ach ní gnáth Bhéarla a labhraíonn muid, tá ár mBéarla féin againn, Hiberno-English, rud atá mar ábhar sonais dúinn toisc go ndéanann sé muid difriúil ó dhaoine in Éirinn agus tíortha eile sa domhan Béarla, difríocht a aithníonn daoine ó go leor leor tíortha an nóiméad a thosaíonn muid ag labhairt Béarla. Agus cad go díreach atá i gceist le Hiberno-English? Seachas roinnt shean fhocal Béarla atá fós in úsáid in Éirinn, séard atá ann ná Béarla atá faoi thionchar na Gaeilge. Is ón nGaeilge a AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH thagann an bealach uathúil a labhraíonn muid Béarla, na nathanna cainte agus an blas Éireannach é féin. Go bunúsach is í an Ghaeilge an rud a dhéanann muid uathúil sa domhan go teangeolaíoch, fiú tríd an tionchar iarmharach atá aici ar an mBéarla atá againn. Tá locht marfach san argóint gur féidir le Hiberno-English foinse féiniúlachta a sholáthar dúinn má fhaigheann muid réidh leis an nGaeilge go hiomlán, áfach. Díreach sa chaoi chéanna nach bhfuil Gaeilge ag teastáil le bheith id' Éireannach, níl Hiberno-English ag teastáil ach an oiread, is féidir leat gnáth Béarla na Breataine a labhairt agus a bheith id' Éireannach. Mar sin tá Hiberno-English chomh "neamhúsáideach" is atá an Ghaeilge. Tá Hiberno-English ag meath agus má leanann sé sin ar aghaidh imeoidh sé go hiomlán. Dá mbainfeá gach rian den Ghaeilge ó Éirinn agus ó Bhéarla na hÉireann bheadh muid fágtha ag labhairt Béarla Angla-Meiriceánach. Seo go deimhin, Béarla Angla-Meiriceánach. Agus trí chomhtharlú iontach is é an blas sin an blas is mór le rá in Éirinn, blas D4. Cén chaoi a mhíníonn muid an staid dhochreidte seo gurb é an blas is mó tóir air agus atá ag scaipeadh níos tapúla ná aon bhlas eile, gur thosaigh sé amach mar iarracht a rinne Éireannaigh labhairt cosúil le daoine i Sasana, agus a chuir tionchar Meiriceánach leis níos déanaí? I bhfocail eile, iarracht gan a bheith ag fuaimniú chomh hÉireannach. Tá níos mó i gceist leis an dearcadh D4 ná diúltú do thionchar na Gaeilge ar an mBéarla, diúltaíonn sé chuile rud atá uathúil faoi Éirinn. Sampla foirfe de seo ná an carachtar aircitíopa D4, Ross O'Carroll Kelly. Cé gur carachtar ficseanúil é, léiríonn sé tuairimí atá le fáil in Éirinn. Thug mé é faoi dhearadh cúpla bliain ó shin cé chomh seasta is a bhí an carachtar seo i dtaobh gach rud uathúil Éireannach a dhiúltú. I measc siúd bhí an Ghaeilge, úsáid focail Ghaeilge i mBéarla, litriú ainmneacha le síntí fada agus frásaí a aistrítear díreach ó Ghaeilge go Béarla. Ansin bhí spórt Éireannach, ceol Éireannach, damhsa Éireannach, bia Éireannach agus éadaí Éireannacha. An rud a thug mé faoi dhearadh ansin ná go raibh an liosta seo nach mór mar an gcéanna le liosta na dtréithe Éireannacha a rinne na húdaráis Shasanacha mídhleathach le Reachtaíocht Chill Chainnigh in 1366. Ábhar iontais a bhí ann go raibh carachtar a d'eascair as an sciar is saibhre (agus is muiníní de réir dealraimh) de mhuintir na hÉireann, go raibh Reachtaíocht Chill Chainnigh i bhfeidhm go hinmheánach ina mheoin aige 650 bliain tar éis gur cuireadh iad i bhfeidhm chun cultúr na hÉireann a chur faoi chois. Shíl mé go raibh sé aisteach go mbeadh Éireannach ag iarraidh a chultúr féin a chur faoi chois. An míniú traidisiúnta atá ar seo ná go bhfuil coimpléasc ísleachta ag na daoine seo, go gcreideann siad go smior nach bhfuil cultúr na hÉireann chomh maith le cultúr Shasana. Creidim go bhfuil an míniú níos doimhne, ach níos simplí. Tháinig mé ar an tuiscint seo le linn Chorn Ryder in 2006, a bhí ar siúl in Éirinn. Léigh mé alt AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH éadrom i nuachtán faoi shearmanas oscailte na hócáide ina raibh magadh faoin gceol agus damhsa Éireannach a bhí mar chuid den ócáid. Baineadh úsáid as an téarma "Darby O'Gill" mar shampla. Bhí a leithéid léite agam go mion minic cheana. Tar éis an chomórtais bhí dearcadh an scríbhneora athraithe áfach. Bhí an gnáthmhuinín imithe agus ina áit bhí eagla go ndearna muid ceap magaidh dúinn féin os comhar an domhain mhór trí shampla "steireatípeach" den Éireannachas a chur i láthair, baineadh úsáid as téarmaí ar nós "lepreachaun" agus "cailín deas" sa ghearán, mar aon le haoir de Hiberno-English. Go tobann thuig mé an bunús leis an diúltú don chultúr Éireannach, an bunús leis an dearcadh frithÉireannach, frithGhaelach, Anglabhách atá le fáil in Éirinn. Eagla a bhí ann. Eagla nach glacadh daoine eile, daoine is Sasana ach go háirithe, linn nó go ndéanfadh siad magadh fúinn. Déanann muid dearmad faoin méid magaidh a rinneadh faoi Éirinn agus gach rud Éireannach siar sa stair. Mar shampla bhí carachtar an "Stage Irishman" mar chuid bhuan de chultúr amharclainne Shasana, an tír a bhí i gceannas ar Éirinn, leis na céadta bliain. Bhí cúrsaí chomh dona sin gur ceann de na bríonna a bhí leis an bhfocal "Irish" féin ná rud bómánta nó míloighciúil, sainmhíniú a bhí forleathan i Sasana go dtí le fíordhéanaí agus atá go fóill le fáil san Oxford English Dictionary. Tá an méid sin sceimhle ar roinnt daoine in Éirinn go ndéanfar magadh fúthu go ndéanann siad cur síos ar gach chuid chultúr dúchais na hÉireann mar "Stage Irish," "stereotypical," "paddywhackery," srl. Sampla iontach den bhealach atá greim ag an bhfaitíos ar ár ngaol leis an nGaeilge ná an dearcadh atá againn i leith ainm ár dtíre i nGaeilge, Éire. Nuair a d'fhógair an rialtas cúpla bliain ó shin go mbeadh Éire scríofa in éineacht le "Ireland" ar ainmphlátaí na tíre san Aontas Eorpach, spreag an cinneadh rí rá agus ruaille buaille. Tar éis roinnt ghearán áiféiseacha faoin gcostas a bhaineadh leis an athrú agus an mearbhall, mar dhea, a chothódh sé, nochtadh an fíorchúis, níor thaitin "Éire" le daoine de bharr an dearcaidh ardnósaigh atá ag roinnt tráchtairí i Sasanach i leith an ainm. An rud a bhí daoine ag rá ná go raibh siad ag diúltú d'ainm Gaeilge na hÉireann, an t-ainm a thug muid dár dtír féin, de bharr go raibh seans ann go ndéanfadh daoine i Sasana magadh faoi. In ionad sin níor cheart dúinn ach an t-ainm dár dtír atá faofa ag seobhainigh i Sasanaigh a úsáid. Má dhéanann daoine magadh faoi 'Éire' agus ní faoi "Ireland" tá siad ag díriú isteach ar ainm Gaelach na tíre, agus níl ansin ach ciníochas. Gan amhras tá an rogha againn i gcónaí a rá leo cad is féidir leo a dhéanamh lena gcuid seobhaineachais seachas a bheith ag séanadh go cladhartha aon bhaint leis an nGaeilge. É sin ráite ní raibh an rogha againn muid féin a chosaint i gcónaí, ar feadh na gcéadta bliain bhí orainn glacadh leis an magadh a rinneadh faoi gach rud Éireannach. Mar straitéis chosanta thosaigh roinnt daoine ag tabhairt droim láimhe don chultúr Éireannach, Gaelach agus ansin ghlac siad an chéad chéim eile trí bheith páirteach sa mhagadh chun níos mó spáis a chur eatarthu féin agus foinse a bhfulaingthe, díreach mar a dhéanann tacadóirí foirne spóirt atá thíos leis go mór le fada an lá magadh faoina bhfoireann féin chun stop a chur le daoine eile é a dhéanamh rompu. AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH

Déantar maíomh gur ghlac daoine in Éirinn cinneadh stuama, praiticiúil labhairt na Gaeilge a stopadh nuair a chonaic siad na buntáistí a bhain le labhairt an Bhéarla. Chun tuiscint a bheith a fháil ar ché chomh "normálta" is a bhí an próiseas seo ní bheadh ort ach ceist a chur ar sheanthuismitheoirí na hÉireann an bhféadfadh siad cás a shamhlú ina mbeadh fonn mór orthu a saol a shocrú ar bhealach a chiallódh nach bhféadfaidís labhairt lena ngarchlann féin. Shílfeá go bhfuil sé seo coimhthíoch, ach is rud é a tharla cheana i neart teaghlach in Éirinn cheana féin. Tharla sé nuair a mhol an ghlúin le Gaeilge dá bpáistí dátheangacha Béarla amháin a labhairt lena bpáistí féin, rud a d'fhág nach raibh na seantuismitheoirí in ann labhairt lena ngarchlann. Agus deirtear linn gur rud normálta agus réasúnach a bhí anseo. Sampla eile ón 19ú hAois ná an teachtaireacht a thug sagairt Chaitliceacha dá bparóistigh nár cheart dóibh Gaeilge a labhairt de bharr go raibh misinéirí Protastúnacha ag baint úsáid as an teanga chun iad a iompú. Mar sin, chun stop a chur le misinéirí Protastúnacha Caitlicigh a iompú mhol an eaglais Chaitliceach gur cheart don phobal athrú ó Ghaeilge go Béarla, teanga dhúchais na misinéirí Protastúnacha! Ní hamháin go ndearnadh an argóint iomlán áiféiseach seo, glacadh leis gan cheist. Séard a bhí ar bun anseo ná gealtacht teangeolaíochta. Uaireanta eile cuirtear an milleán do mheath na teanga ar an Eaglais Chaitliceach toisc nár bhain siad úsáid as nó ar pholaiteoirí ar nós Daniel O'Connell de bharr gur mhol siad do dhaoine gan Gaeilge a labhairt. Smaoinigh faoi seo áfach, an bhfuil aon seans go ndeireadh an eaglais Pholannach sa 19ú hAois lena bhaill gur cheart dóibh Rúisis a labhairt seachas Polainnis, nó an moladh Garibaldi d'Iodálaigh gan Iodáilis a labhairt agus athrú go Gearmáinis, teanga a dtiarnaí coilíneach ón Ostair a bhí i bhfad níos "fónta". Gan amhras ní raibh seans ar bith go dtarlódh a leithéid, dá molfaí is féinmharú polaitiúil a bheadh ann dóibh, fiú sa chás eadócha gur smaoinigh siad air. D'fhéadfaí a leithéid a dhéanamh in Éirinn áfach de bharr go raibh a n-intinn socraithe cheana féin ag Éireannaigh go raibh rud éigin "mícheart" leis an nGaeilge. Is airí den diúltú a ndearnadh ar an nGaeilge an méid a dúirt an Eaglais agus Daniel O'Connell, ní cúis an diúltaithe. Deirtear chomh maith gur theastaigh uaidh daoine Béarla a fhoghlaim de bharr go raibh a fhios acu go mbeadh orthu dul ar imirce go Sasana, Meiriceá nó tír eile ina raibh Béarla á labhairt. Tá an cuma ar seo gur rud réasúnach go leor a bhí ann, ach is rud fíor-eisceachtúil a bhí ann, ceann nach bhfuil a macasamhail le fáil in aon tír eile ar domhain. Is náisiún d'inimircigh é Meiriceá agus tá daoine ó iliomad tír bogtha ann. Ach as na tíortha seo ar fad ní raibh ach ceann amháin, Éire, a rinne cinneadh teanga dhúchais an cheann scríbe a fhoghlaim roimh ré. Ní raibh ach tír amháin, Éire, a bheartaigh dul níos faide fós agus droim láimhe a thabhairt dá dteanga dhúchais agus teanga an cheann scríbe a labhairt ina háit. AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH

Chuaigh na milliúin daoine ón nGearmáin, Iodáil, Sín, Sualainn, Gréig, Meicsiceo, Rúis agus tíortha eile go Meiriceá. Níor bheartaigh ceann ar bith acu Béarla a fhoghlaim i dtosach báire áfach gan trácht ar bhata agus bóthair a thabhairt dá dteanga dhúchais ina dtír fhéin. Níor athraigh Puerto Rico fiú, oileán le gaol le Meiriceá cosúil leis an ngaol idir Oileáin Mhuir nIocht agus an Ríocht Aontaithe, níor bheartaigh siadsan athrú go Béarla ainneoin eisimirce ollmhór go Meiriceá. Déanann daoine go leor leor rudaí i rith a saol nach bhfuil úsáid phraiticiúil ag baint leo agus déanann an argóint nach bhfuil úsáid phraiticiúil ag an nGaeilge neamhaird iomlán ar seo. Tóg cúrsaí spóirt mar shampla. Mura raibh spéis againn i spórt ach ar mhaithe le cúrsaí siamsaíochta bheadh muid ag leanúint na Brasaíle sa sacar agus na Fraince sa rugbaí. Ach seachas sin leanann muid Éire, agus ní le haghaidh bhuntáiste phraiticiúil nó de bharr go gcuirtear iachall orainn é a dhéanamh. Déanann muid é toisc go ndéanann siad ionadaíocht orainn. Amach anseo tá seans ann go dtógfaidh Sínis áit an Bhéarla mar phríomhtheanga an domhain. Má tá muid le bheith comhréireach leis an méid a mhaítear a tharla in Éirinn, ní hamháin go bhfoghlaimeoidh muid Sínis, stopfaidh muid ag labhairt Béarla go hiomlán agus athróidh muid ainm ár dtír agus ainmneacha ár gcontaetha, cathracha, bailte, sráidbhailte, paróistí, bailte fearainn, goirt, oileáin, sléibhte, aibhneacha, lochanna agus srutháin go Sínis, agus ár nainmneacha pearsanta féin gan amhras. Ní bheidh muid in ann labhairt lenár ngarchlanna agus ní bheidh siadsan in ann na leabhair, drámaí, amhráin, scannáin agus gach saothar cultúrtha Éireannach eile a rinneadh i mBéarla a thuiscint, seachas sa chás go n-aistríonn siad iad go Sínis. Má chuireann an tuar seo as do dhaoine in Éirinn, léiríonn sé sin go bhfuil níos mó i gceist leis an athrú a rinne muid ó Ghaeilge go Béarla ná cúrsaí eacnamaíochta amháin. Tá an-chosúlacht idir meath na Gaeilge agus an meath reatha atá ag teacht ar Hiberno-English. Tá daoine timpeall na tíre ag tabhairt droim láimhe dá mblas féin le haghaidh an bhlais D4, ach níl sé seo ar bun acu de bharr go bhfuil iachall orthu é a dhéanamh nó de bharr nach bhfuil aon "mhaitheas" lena mblas féin. Déanann siad é de bharr go bhfuil eagla orthu go ndéarfaidh daoine eile go bhfuil siad tútach nó cábógach mura n-athraíonn siad, de bharr nach bhfuil sé de mhisneach acu iad féin nó a gceantar dúchais a chosaint. Tá neart daoine in Éirinn a cháineann an meath ar Hiberno-English agus fás an bhlais D4. Deir siad go bhfuil daoine a athraíonn a mblas áitiúil go blas D4 ag iarraidh a bheith "ardnósach". Tá an gearán seo fíor don chuid is mó ach tá locht leis an ngearán seo. Ní hé an fhadhb go bhfuil daoine ag iarraidh a bheith "ardnósach", rud a tharlaíonn i go leor sochaithe, an fhadhb atá ann ná an sainmhíniú atá againn ar "ardnósach." An sainmhíniú atá againn ar "labhairt go hardnósach" ná labhairt cosúil le duine den uasal aicme i dtír eile, Sasana. Cé go ndéantar gearán go bhfuil daoine ag iarraidh a bheith "ardnósach" nó go bhfuil siad ag iarraidh nóisean a chur orthu féin, tá an sainmhíniú Angla-lárnach céanna ar "ardnósach" is atá ag na daoine a dhéanann an gearán agus na daoine a dhéanann siad gearán AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH faoi. Tá an sainmhíniú céanna le fáil in Albain agus an Bhreatain Bheag, agus tharla sé seo sa trí thír go hiomlán neamhspleách óna chéile. Níos luaithe luaigh mé an gearán a dhéantar faoin maígh go bhfuil daoine le Gaeilge níos Éireannaí ná daoine gan Ghaeilge. Suimiúil go leor ach tá an gearán seo cloiste agam i bhfad níos mó uaireanta ná an maíomh é féin. Is dócha gurb iad na daoine a dhéanann an gearán na daoine a chreideann é níos mó ná éinne eile. Creideann siad nach bhfuil tú chomh hÉireannach mura labhraíonn tú Gaeilge, sin an chúis nach labhraíonn siad í, mar níl siad ag iarraidh a bheith chomh hÉireannach sin. Creideann siad chomh maith nach bhfuil tú chomh hÉireannach mura bhfuil tionchar na Gaeilge ar an mBéarla a labhraíonn tú, mura n-imríonn tú cluichí Éireannacha, mura seinneann tú nó mura bhfuil spéis agat i gceol Éireannach nó mura n-itheann tú bia Éireannach. Sin an fáth go ndiúltaíonn siad do na rudaí sin ar fad, ionas nach mbeidh siad chomh hÉireannach agus de thairbhe sin nach mbeidh siad chomh leochaileach don mhagadh ó sheobhainigh i Sasana. Le blianta beaga anuas tá méadú déanta ag na páirtithe aontachtacha sa Tuaisceart ar a gcuid ionsaithe ar an nGaeilge, ionsaithe nach bhfuil clúdaithe ag na meáin sa Phoblacht don chuid is mó. Is cosúil gurb é an chúis le seo ná nach bhfuil daoine ó dheas den teorainn ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh ar na cúiseanna don fheachtas seo. Tá an drogall céanna ar staraithe an feachtas chun an Ghaeilge a scrios a mhair na céadta bliain, agus na fáthanna a bhí leis, a iniúchadh. Breathnaíonn polaiteoirí aontachtacha ar an nGaeilge mar shuaitheantas nó siombail den Éireannachas, feiceann siad ceangal idir an Ghaeilge agus an fhéiniúlacht Éireannach agus is é sin an chúis nár mhaith leo í. Feiceann go leor Gaeilgeoirí an ceangal céanna agus is é sin an chúis a labhraíonn muid Gaeilge. Chonaic na húdaráis Bhriotanacha a bhí i gceannas ar Éirinn an ceangal agus chaith siad na céadta bliain ag iarraidh an teanga a scrios, agus feiceann beagnach gach eachtrannach a labhair mé le faoin nGaeilge riamh an ceangal. Cúpla bliain ó shin d'fhreastail mé ar chomhdháil de nuachtáin laethúil Eorpacha a fhoilsíonn i mionteangacha. Chuir gach duine a d'iarr orm faoin nGaeilge ceist orm cén fáth nár thuig formhór na ndaoine in Éirinn an ceangal idir an teanga agus an fhéiniúlacht Éireannach. Bhí machnamh déanta agam ar an gceist seo go minic, mar a bhí déanta ag Gaeilgeoirí eile, ach ní raibh mé in ann teacht ar fhreagra. Ansin ar mo bhealach abhaile ón gcomhdháil rith smaoineamh liom. Bhí féidearthacht eile ann nár chur mé san áireamh. Sé sin go dtuigeann muintir na hÉireann an ceangal idir an Ghaeilge agus an fhéiniúlacht Éireannach, go hiomlán, agus gurb é sin an chúis a ndiúltaíonn siad dó. An freagra deireanach ar an gcaidreamh idir muintir na hÉireann agus an Ghaeilge ná nach labhraíonn muintir na hÉireann an Ghaeilge toisc gur teanga na hÉireann atá ann. De bharr gur suaitheantas den Éireannachas atá inti, an suaitheantas nó an tsiombail is láidre atá ann. AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Uimhir

SRÁID FHEARCHAIR

OÍCHE OSCAILTE | LÁRIONAD GAEILGE ÁTHA CLIATH Tuigeann muid láidreacht an tsiombail seo go domhain ionainn féin, díreach mar a thuigeann muid go bhfuil an Choirnis i bhfad níos láidre mar shiombail den fhéiniúlacht Chornach ná an phióg Chornach, mar shampla. Nuair a thuig mé go raibh Éireannaigh ag diúltú don Ghaeilge toisc gur siombail den Éireannachas atá ann, chuir sé imní orm, toisc nár thuig mé an chúis a bhí leis, sé sin, eagla, an mothúchán atá ag croílár an chaidrimh atá againn leis an nGaeilge. Tá eagla ar dhaoine roimh an nGaeilge toisc gurb é an tsiombail is láidre go raibh muid difriúil ónár n-iarmháistrí. De thairbhe sin b'fhoinse anró a bhí ann dúinn ar feadh na gcéadta bliain. Sin an fhírinne faoin scéal seo, fírinne atá simplí agus follasach nuair a sheasann tú siar uainn ngealtacht a bhaineann leis an díospóireacht faoin nGaeilge. Cé chomh dóchúil is atá sé, go deimhin, go dtuigfeadh beagnach gach duine ar domhan atá cur amach acu ar an nGaeilge, go dtuigfeadh siadsan an ceangal idir an teanga agus féiniúlacht na hÉireann, ach nach dtuigfeadh tromlach na ndaoine in Éirinn? Níor mhaith le daoine é seo a admháil, sin an fáth a luann siad na cúiseanna áiféiseacha dá ndearcadh in aghaidh na Gaeilge a mbréagnaíodh sa tsraith seo. Seachas admháil gur siombail den Éireannachas atá ann, deirtear gur siombail den "bhochtanas," "tútachas," "easpa léinn," "scothroghnachas," "poblachtachas” agus an raiméis ar fad eile. Nuair a aithnítear an gaol idir an teanga agus féiniúlacht deirtear go bhfuiltear ag diúltú sainmhínithe "cúng", "traidisiúnta", "steiréitipiciúil" srl den Éireannachas. Arís feictear go bhfuil eagla ag croílár an dearcaidh seo. Má tá sé "steiréitíopach" Gaeilge a labhairt ciallaíonn sé gur chum duine éigin seachtrach dár sochaí an steiréitíopa seo agus go bhfuil eagla orainn a bheith bainteach leis. Tá sé in am anois fáil réidh leis an eagla, imní, neirbhís, faitíos, fearg agus an amaideacht a bhaineann leis an nGaeilge agus ligean do gach duine in Éirinn glacadh go hiomlán leis an nGaeilge nó í a dhiúltú go hiomlán agus iad a bheith saor a rogha a dhéanamh gan eagla, cáineadh, magadh nó naimhdeas óna gcomhshaoránaigh. I ndeireadh na dála ní dead language, zombie language, joke language, peasant language, backward language, bog language, elitist language, exclusive language, savage language, barbarous language, republican language, terrorist language, trendy language, fashionable language, unfashionable language, cool language nó uncool language í an Ghaeilge. Is teanga na hÉireann í an Ghaeilge, agus sin é.

AG DÉILEÁIL LE FRITHGHAELACHAS Colm Ó Broin (2010)


Ag Déileáil le FrithGhaelachas | Colm Ó Broin | 2010