42
Dónall Ó Cnáimhsí
Gairdíní sa Bhíobla ‘Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.’ – Geineasas 9 Tá gairdíní luaite go minic tríd an Bhíobla Naofa, ní amháin Éidin Geitséamainí, Golgatá agus Parthas, ach gairdíní mar ghairdín Acháb agus na gairdíní ríoga i Súsá, gairdín Iósaf ó Aramatáia agus Gairdín an Rí ag Siolóm. Baintear úsáid as an téarma ‘gairdín’ chomh maith dar ndóigh mar mheafar tríd an bhíobla: ‘Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.’ – Íseáia 58:11. I dteanga na hEabhraise, ciallaíonn gairdín spás nó garrán ar bith ina ndearnadh crainn nó plandaí a chur seachas an fiántas lasmuigh. Is cinnte mar sin go raibh curaíocht mar pháirt lárnach de shaol na ndaoine sa Mheánoirthear sa tréimhse sin.‘Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu; cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.’ – Irimia 29:5 Rinneadh crainn a chur chun faoiseamh
Timire Spring 2018.indd 42
a fháil ón ghrian nó chun torthaí a fhás. D’fhástaí glasraí agus bláthanna chomh maith, go háirithe rósanna agus lilí. Bhíodh fionghoirt coitianta agus is minic iad luaite: Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.– Amós 9:14 Rinneadh gairdíní a fhorbairt in aice le habhainn nó tobair nó dhéantaí taiscumar chun uisce a sholáthar san áit nach mbíodh uisce le fáil. ‘...mar ar chuir tú do shíol agus a rinne tú é a uisciú le do chois dála garraí luibheanna.’ – Deotranamaí 11:10. Bhíodh na gairdíní fálaithe go minic ag toranna deilgneacha chun ainmhithe fánacha nó gadaithe bradacha a choinneáil amuigh. Uaireanta is toranna rósanna, nó ballaí cloiche nó ballaí clabair a d’úsáidaidís. Uaireanta thógtaí bóthán beag ina lár a bhfanadh caomhadóir ann lá agus oíche le súil a choinneáil ar an táirge nuair a bheadh sé ag teacht gar d’am a bhainte. ‘Rinne an rí
02/02/2018 16:03