3 minute read

Gairdíní sa Bhíobla Dónall Ó Cnáimhsí

Dónall Ó Cnáimhsí

Gairdíní sa Bhíobla

‘Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fh ios na maitheasa agus an oilc.’ – Geineasas 9

Tá gairdíní luaite go minic tríd an Bhíobla Naofa, ní amháin Éidin Geitséamainí, Golgatá agus Parthas, ach gairdíní mar ghairdín Acháb agus na gairdíní ríoga i Súsá, gairdín Iósaf ó Aramatáia agus Gairdín an Rí ag Siolóm.

Baintear úsáid as an téarma ‘gairdín’ chomh maith dar ndóigh mar mheafar tríd an bhíobla: ‘Cuirfi dh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.’ – Íseáia 58:11. I dteanga na hEabhraise, ciallaíonn gairdín spás nó garrán ar bith ina ndearnadh crainn nó plandaí a chur seachas an fi ántas lasmuigh. Is cinnte mar sin go raibh curaíocht mar pháirt lárnach de shaol na ndaoine sa Mheánoirthear sa tréimhse sin.‘Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu; cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.’ – Irimia 29:5

Rinneadh crainn a chur chun faoiseamh a fh áil ón ghrian nó chun torthaí a fh ás. D’fh ástaí glasraí agus bláthanna chomh maith, go háirithe rósanna agus lilí. Bhíodh fi onghoirt coitianta agus is minic iad luaite:

Cuirfi dh mé bail ar mo phobal

Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfi dh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.– Amós 9:14

Rinneadh gairdíní a fh orbairt in aice le habhainn nó tobair nó dhéantaí taiscumar chun uisce a sholáthar san áit nach mbíodh uisce le fáil. ‘...mar ar chuir tú do shíol agus a rinne tú é a uisciú le do chois dála garraí luibheanna.’ – Deotranamaí 11:10. Bhíodh na gairdíní fálaithe go minic ag toranna deilgneacha chun ainmhithe fánacha nó gadaithe bradacha a choinneáil amuigh. Uaireanta is toranna rósanna, nó ballaí cloiche nó ballaí clabair a d’úsáidaidís. Uaireanta thógtaí bóthán beag ina lár a bhfanadh caomhadóir ann lá agus oíche le súil a choinneáil ar an táirge nuair a bheadh sé ag teacht gar d’am a bhainte. ‘Rinne an rí

‘Bhíodh na gairdíní fálaithe go minic ag toranna deilgneacha chun ainmhithe fánacha nó gadaithe bradacha a choinneáil amuigh.’

fl eá dá raibh ag cur fúthu i ndúnfort Shúsa, idir uasal agus íseal, ar feadh seacht lá i ngáirdín phálás an rí.’ – Eistir 1:5.

Bhaintí úsáid as gairdíní mar láthair do chóisir nó féasta nó mar áit tearmainn chun machnamh a dhéanamh nó chun urnaí a dhéanamh. Bhíodh tuambaí teaghlaigh suite i ngairdíní chomh maith, mar a bhí ag clann Iósaif ó Aramatáia i nGolgatá.

Tá gairdíní forbartha ar fud an domhain inniu, bunaithe ar ghairdíní atá luaite sa Bhíobla, agus plandaí a bheadh coitianta i ngairdíní an Mhéanoirthir sa tréimhse sin ag fás iontu. Tá roinnt gairdíní clúiteacha ann a bhfuil plandaí an Bhíobla mar théama acu, ina measc tá gairdín Ollscoil Seinan Gakuin sa tSeapáin, Gairdín na Lus in Missouri agus Gairdín na Lus in San Francisco i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Gairdín Ardeaglais na hEilginne in Albain agus Gairdín na Lus in Iarúsailéim.

Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh, bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt, mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n-ológa; ach níor fh ill sibh orm, a deir an Tiarna.–Amós 4:9

I ngairdín mar seo bheifeá ag súil le crainn ológ agus fi gí a fh eiceáil le cois crann céadair. Bheadh bláthanna mar an rós, an labhandar agus an lile. Bheadh luibheanna mar lus na coire, an cuimín, mentha, an mustard agus artemisia ann chomh maith, agus glasraí mar an t-oiniún, an chainneann, an ghairleog, an pónaire agus an lintile. Spíosraí mar an cainéal, an miortal agus an chaisia. Is as plandaí a fh aightear an túis agus an miorr chomh maith, is as an chrann bheag Boswellia sacra a bhaintí an roisín bán ar a dtugtaí an túis agus dhéantaí é a dhó i searmanais, agus as an tor dheilgneach Commiphora myrrha a bhaintí an roisín dearg ar a dtugtaí an miorr agus dhéantaí é a mheascadh le hola ansin agus a úsáid mar ungadh.

Tá gach eolas ar phlandaí atá luaite sa Bhíobla le fáil ag biblicalgardens.com

Foclóirín: curaíocht = saothrú na talún; taiscumar = áit a mbailítear agus a gcoinnítear uisce; clabar = cré; clúiteach = cáiliúil; túis = an dara bronntanas a thug na Saoithe d’Íosa.

This article is from: