An Timire - Earrach 2018

Page 16

16

Eilís Ní Mhearraí Acadamh Ríoga na hÉireann

Caithfidh na Fíréin Dúshláin an tSaoil a Thabhairt go Cruthaitheach Cloisimid an-chuid cainte i láthair na huaire faoi dhúshláin an lae inniu. Ní dóigh liom gur aon rud nua é dúshláin a bheith roimh an gcine daonna. Ó thús ama bhí deacrachtaí ag ár sinsear. Easaontas idir dhaoine, idir rialtais, idir reiligiúin éagsúla; daoine a bheith gan bunriachtanais an tsaoil, nó deacrachtaí sláinte a bheith acu – sin cuid de scéal an duine. Athraíonn na cineálacha dúshláin ó ghlúin go glúin ach is dúshláin iad go léir. Má aithnímid na dúshláin sa chéad áit, is féidir linn freagairt dóibh ar go leor bealaí – ligint orainn nach bhfuil siad ann agus an chluas bhodhar a thabhairt dóibh, an milleán a chur ar dhream eile – an rialtas, ceannairí eaglasta agus a leithéid. Nó is féidir linn ár n-intinn a dhéanamh suas go bhfuilimid chun iarracht a dhéanamh freagairt go cruthaitheach do na dúshláin seo. Ach caithfimid ceist a chur orainn féin – cad atá i gceist le ‘go cruthaitheach’ seachas bealach ar bith eile? Is tuataí iad an chuid is mó de ‘na fíréin’ – daoine a dhéanann iarracht a saol a chaitheamh de réir luacha an tsoiscéil agus atá ag iarraidh a bheith dílis do na gealltanais a rinneadh ag an mbaisteadh dóibh. Ceann de na dúshláin

Timire Spring 2018.indd 16

is mó atá romhainn ná na luacha seo a choinneáil beo i ndomhan atá ag bogadh ag luas níos tapúla ná riamh. An gá dúinn coinneáil suas leis an saol tapaidh seo nó an bhfuil bealaí gur féidir linn an saol a mhoilliú dúinn féin agus do dhaoine eile? An gá dúinn ar fad a bheith gafa le hobair agus le gníomhaíocht seacht lá na seachtaine? Bhí Íosa cinnte de go raibh gá le ham a chaitheamh leis féin in áiteanna ciúine chun cumarsáid a dhéanamh lena athair. B’fhiú dúinn sin a dhéanamh chun toil Dé dúinn a chloisteáil i measc thramglam an tsaoil. Ba chóir dúinn a bheith i gcónaí ag iarraidh bealaí a aimsiú chun cumann le Dia a chruthú agus a neartú dúinn féin. Dushlán eile a luann na fíréin go minic liom ná conas daoine, go háirithe daoine óga nó daoine atá éirithe as cleachtadh an chreidimh, a mhealladh isteach chun na heaglaise, iad a mhealladh chuig foirgneamh a bhíonn i gceist acu go hiondúil. Ní fheicim mórán áiteanna sna soiscéalta ina bhfuil Íosa ag iarraidh daoine a mhealladh isteach i bhfoirgneamh ar bith. Bíonn sé i gcónaí ag bualadh le daoine san áit ina bhfuil siad féin – ag an loch, ag an margadh, ag an tobar, ar an mbóthar. Nuair a bhíonn

02/02/2018 16:01


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
An Timire - Earrach 2018 by Conradh na Gaeilge - Issuu