Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Samhain 2017

Page 7

Seoladh Aip Raidió Rí-Rá i Ros Comáin

Niamh Ní Chróinín ar an teiceolaíocht is déanaí don chairtstáisiún óige Sheol an tAire Denis Naughten TD an aip is déanaí de chuid Raidió Rí-Rá i gColáiste Chiaráin Summerhill, Baile Átha Luain, Co. Ros Comáin, ar 15 Meán Fómhair 2017.

Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta. Tugann comhoibriú Raidió Rí-Rá le RTÉ 2fm ar an albam bliantúil CEOL ardán do cheoltóirí óga le hamhráin a chumadh i nGaeilge do lucht éisteachta idirnáisiúnta chomh maith. Is féidir an t-albam CEOL is déanaí a íoslódáil ó www.cnag.ie/ceol. Ag labhairt ag seoladh na haipe ina chontae dúchais, dúirt an tAire Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide & Comhshaoil, Denis Naughten TD: “Tá ríméad orm an aip nua seo a sheoladh thar cheann Raidió Rí-Rá, an chéad agus go deimhin an t-aon chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn, óir éascaíonn sé an teacht atá ag daoine ar an ógstáisiún náisiúnta seo ar réimse ardán atá de shíor ag fás.

Adam McConnell ó Choláiste Chiaráin in Áth Luain ag seoladh aip Raidió Rí-Rá

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a chasann an ceol is déanaí ó na cairteacha agus a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Áirítear mic léinn tríú leibhéal agus dara leibhéal ó cheann ceann na tíre i measc láithreoirí Raidió Rí-Rá, agus meallann an t-ógstáisiún oibrithe deonacha le spéis i gcúrsaí raidió, le spéis sa Ghaeilge, agus cainteoirí dúchais mar aon le hiarscoláirí de scoileanna Béarla agus de scoileanna lánGhaeilge araon.

“Tá ról lárnach ag Raidió Rí-Rá ag iarraidh deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le héirí gafa leis an nGaeilge lasmuigh den seomra ranga, ag léiriú bhrí agus bheocht na teanga mar aon lena tábhacht sa saol nua-aimseartha. Ní hamháin go bhfaigheann cainteoirí óga Gaeilge an deis a gclár féin a chur i láthair ar Raidió Rí-Rá, ach áirítear amhráin as Gaeilge ó réaltaí Éireann agus idirnáisiúnta araon ar sheinnliostaí an stáisiúin, leithéidí Ed Sheeran agus Kodaline ina measc. “Is céim chun tosaigh é aip nua an ógstáisiúin, a raibh dúil mhór léi agus a chuirfidh ar chumas an stáisiúin lucht éisteachta i bhfad Éireann níos leithne a shroicheadh. Táim ag tnúth le fás, forbairt agus dul chun cinn Raidió Rí-Rá a fheiceáil amach anseo.”

Reáchtálann Raidió Rí-Rá ceardlanna for-rochtana do scoileanna agus do chlubanna óige, áit a chuirtear oiliúint bhunúsach ar dhaltaí bunscoile agus meánscoileanna i dtaobh scileanna raidió agus a thugtar deis do na daoine óga seo éirí gafa leis an nGaeilge ar bhealach praiticiúil. Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus an cairtstáisiún maoinithe ag An Roinn

Sarah Dowling (Bliain a 5) agus Sean Nally (Bliain a 2) ag seoladh aip Raidió Rí-Rá leis an Aire Denis Naughten i gColáiste Chiaráin i mBaile Átha Luain le déanaí

Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh 24/7 ar fud na hÉireann agus na cruinne arlíne ag www.rrr.ie agus ar an gcóras digiteach DAB in áiteanna áirithe. Tá súil againn an stáisiún a chur i mbun craolacháin ar FM ar fud na tíre.

Tuilleadh eolais: www.rrr.ie Is Cathaoirleach Chraobh Raidió agus Bainisteoir Raidió Rí-Rá í Niamh Ní Chróinín

7


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.