Page 1

NUACHTLITIR na SAMHNA 2017

• • • • • • •

Scéalta ó na Craobhacha An t-eolas is déanaí ón eagraíocht 7 Lá, 7 nGníomh ar son Acht Gaeilge ó thuaidh Cartlann Chonradh na Gaeilge á cur i dtaisce in OÉG Cad is brí le Cáinaisnéis 2018 i gcomhthéacs na Gaeilge & na Gaeltachta? Féilire na Bliana: Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge i gCill Airne Nuacht an Eagrais agus go leor leor eile


Alan Titley

Pádraig Ó Tiarnaigh

Máirín Ní Ghadhra

Eoin P. Ó Murchú

Dé Sathairn 04.11.2017 11 r.n. Óstán Gleneagle, Cill Airne


Focal ón Uachtarán Thuas seal agus thíos seal, sin mar a bhíonn an saol, agus is amhlaidh a bhí an cás i saol na Gaeilge le cúpla mí anuas.

CLÁR Seimineár an Oireachtais 2 Focal ón Uachtarán

3

Nuacht ón Ard-Rúnaí

4

Cartlann an Chonartha

5

Cúige Chonnacht

6

Aip Raidió Rí-Rá

7

Cúige Laighean

8

Glór Cheatharlach

9

Feasta 10 Cúige Mumhan

11

Clinic na Gaeilge

12

Clinic na Gaeilge (ar lean) 13 #AchtANOIS

14

Cúige Uladh

15

An tUltach

16

Craobh na nAingeal

17

Thar Sáile

18

Craobh Curtin

19

Ógras 20 An Siopa Leabhar

21

Nuacht an Eagrais

22

Mythbusting

23

Pictiúr clúdaigh: Bhí Peadar de Blúit agus deirfiúracha Rosaí ‘s Lucy Nic Chárthaigh i measc na n-ionadaithe

Ardú meanman a bhí ann agus an Conradh i gcroílár na nGaeltachtaí leis na Fóraim Ghnímh a reáchtáil, agus ócáid phléisiúrtha agus stairiúil ba ea í nuair a ghlac Ollscoil na hÉireann le Cartlann Chonradh na Gaeilge, cartlann a léiríonn stair 125 (beagnach) bliain na heagraíochta. Ar ndóigh, tá ceist Acht na Gaeilge go fóill ina cnámh spairne ó thuaidh. Tuigeann an saol mór is a mháthair gur beag le grúpaí áirithe an Ghaeilge agus cearta na nGael agus nach mbíonn sna ‘hiarrachtaí’ a dhéantar dul i gcomhairle le pobal na teanga ach síneadh searbhasach soiniciúil. Is measa agus is suaraí fós na hiarrachtaí atá déanta ag grúpaí áirithe eile seasamh níos déine ‘s níos radacaí a ghlacadh, agus an Ghaeilge a tharraingt isteach i gcluiche chun vótaí a mhealladh. In ainneoin go bhfuil go leor ann, áfach, a bhíonn agus a bheas de shíor ag cur in éadan na Gaeilge, ní féidir linn, mar Chonradh, ligint dó seo bac ar bith a chur ar an obair atá ar bun againn ón lá ar bunaíodh muid. Tá fás as cuimse ag teacht ar líon na ndaoine atá ag freastal ar ranganna an Chonartha agus den chéad uair riamh, is dóigh liom, tá liostaí feithimh do chuid de na ranganna sna Craobhacha. Ní amháin go bhfuil ainm Chonradh na Gaeilge i mbéil an bhig is an mhóir ar fud an oileáin, ach táthar ag éisteacht linn agus ag amharc inár dtreo ó Mheiriceá, ó Shasana agus ón Eoraip fá choinne treorach ar cheisteanna teanga. Ar ndóigh, is minic a thugtar léargas dúinn ar réadúlacht agus ar bhrón an tsaoil, agus nuair a chaill saol na Gaeilge Feargal Ó Cuilinn, cailleadh duine de na fir ba Ghaelaí agus ba dhílse do chúis na Gaeilge agus do chúis chultúr na hÉireann dá raibh riamh ann. Is iomaí sin uair a chaith mé féin agus Feargal i gcomhrá le chéile, agus thar ceann Chonradh na Gaeilge, a raibh dlúthbhaint ag Feargal leis le fada an lá, gabhaim comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus le foireann Ghlór na nGael. Nuair a bhíonn an saol ag teannadh orainn, agus nuair a bhíonn an troid ar son na Gaeilge ina hualach, cuimhnímis ar Fheargal Ó Cuilinn.

as Corcaigh a tháinig go #SEAS17 le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le Teachtaí agus Seanadóirí.

Alt nó moladh agat don chéad eagrán eile? Seol ríomhphost go nuacht@cnag.ie roimh Eanáir.

Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge uachtaran@cnag.ie

3


Cáinaisnéis Chinniúnach An nuacht is déanaí ó Julian de Spáinn Is bua é go bhfuil €2.5 milliún breise le caitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, dar le fógairt na Cáinaisnéise ó dheas le déanaí. Tá moladh ag dul ag dul do gach duine agus do gach Craobh a ghlac páirt sa lá stocaireachta #SEAS17, agus do gach duine a labhair lena bpolaiteoirí le maoiniú breise a lorg le cúpla seachtain anuas. Tuigeann muid ar fad nach leor an tsuim sin áfach; €5.3 milliún a bhí á lorg againn le Plean Infheistíochta Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i gcrích ina iomláine, plean atá aontaithe ag 88 ngrúpa pobail agus a d’fhéadfadh 1,500+ post a chruthú.

Dá réir, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach idirghabháil dhíreach a dhéanamh faoi phróiseas meastachán athbhreithnithe na Cáinaisnéise le cothrom na Féinne a chinntiú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is gá plean infheistíochta an phobail, aighneacht na gComharchumann Gaeltachta, agus an phleanáil teanga a mhaoiniú ina n-iomláine. Beidh gá cur leis an mbrú chun teacht ar an maoiniú breise seo.

Tá éagothroime na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Chuige sin, is gá an-chuid brú a chur ar ár dTeachtaí Dála áitiúla le labhairt leis an Taoiseach faoin éileamh, go háirithe teachtaí de chuid Fhine Gael. Bheadh sé an-chabhrach don fheachtas dá bhféadfá féin agus baill na Craoibhe é seo a dhéanamh go luath. Tá gach eolas faoin bplean ar fáil ag www.cnag.ie/pleang.

Slua sa Chrannóg do cheann de na fóraim ghnímh sna Gaeltachtaí

Lá Dearg san ionad oibre á cheiliúradh ar son Acht Gaeilge sa Siopa Leabhar

le feiceáil go soiléir nuair a thógtar san áireamh maíomh na Roinne go bhfuil buiséad na Comhairle Ealaíon ardaithe 20% le trí bliana anuas agus €3 mhilliún sa bhreis tugtha don Chomhairle do 2018. Ag an am céanna, tá laghdú de 4.5% tagtha ar bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge sa trí bliana ceanna agus níl ach soláthar de €2.5 mhilliún breise á chur ar fáil do Roinn na Gaeltachta do gach rud a bhaineann leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht an bhliain seo chugainn, dualgais reachtúla na pleanála teanga ar na pobail Gaeltachta san áireamh.

Ó thuaidh, tá an feachtas Dream Dearg ag dul ar aghaidh go maith i gcónaí agus na cainteanna leis an bhFeidhmeannas a chur ar ais ag obair ag teacht chun deiridh go luath. Is gá dúinn, mar sin, an brú a choinneáil ar na bealaí seo leanas:

Nuair a chuirtear san áireamh go raibh arduithe suntasacha á n-éileamh ag ionadaithe na Roinne Gaeltachta agus ag an Aire Joe McHugh féin ar son na teanga, is díomách an scéal é nach bhfuil soláthair mar is cuí á dhéanamh do Phlean Infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta sa cháinaisnéis do 2018. Tá fearg agus frustrachas ar na comharchumainn Ghaeltachta nach bhfuil a dhóthain maoinithe á fháil acu lena gcuid oibre a dhéanamh ná le cíos agus costais a n-oifigí a íoc chun iad a riaradh mar is ceart. Tá Scéimeanna Pobail Gaeilge ag streachailt leis an gcúigiú lá dá gcuid oibre a mhaoiniú. Tá scéimeanna óige agus campaí samhraidh de chuid Fhoras na Gaeilge á laghdú bliain i ndiaidh bliana de bharr easpa airgid agus easpa leanúnachais. Creideann an Conradh go bhfuil sé thar am don Rialtas agus do na húdaráis stáit trí chéile cearta teanga an phobail a aithint, agus infheistíocht mar is ceart a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó thaobh acmhainní airgid, daonna, agus measa de.

• Teagmháil rialta a dhéanamh le polaiteoirí ó thuaidh chun an tacaíocht atá ann don Acht Gaeilge a threisiú, go háirithe le Sinn Féin, SDLP, Alliance, PBP agus an Comhaontas Glas • Teagmháil rialta a dhéanamh leis an Rialtas ó dheas, go háirithe leis an Taoiseach agus leis an Aire Gnóthaí Eachtracha & Tradála Simon Coveney TD lena ról mar chomhshínitheoirí ar Chomhaontú Chill Rimhínn a aithint i dtaobh Acht Gaeilge • Teagmháil a dhéanamh le James Brokenshire, Rúnaí Stáit Rialtas na Breataine chun dualgas Rialtas na Breataine i dtaobh Acht Gaeilge i gComhaontú Chill Rimhínn a aithint athuair • Litreacha a scríobh chuig na nuachtáin ag tacú leis an nGaeilge agus leis an ngá do reachtaíocht cosanta theanga ó thuaidh • Béim a choinneáil ar na meáin shóisialta, tríd An Dream Dearg agus #AchtAnois chun an t-éileamh a choinneáil soiléir Beidh Fóraim Ghnímh ar siúl arís sna Gaeltachtaí ar 14 Samhain 2017 ag 8.00in, ach ba mhaith liom an deis seo a thapú le buíochas a ghabháil le gach duine agus le gach Craobh a ghlac páirt sna fóraim ghnímh sna Gaeltachtaí go dtí seo, sa Chomhrá Mór, agus sa stocaireacht ar fheachtais éagsúla an Chonartha. Le chéile, éireoidh linn tionchar a imirt ar na húdaráis chun cothrom na Féinne a chinntiú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Feachtais: www.cnag.ie/achtanois & www.cnag.ie/pleang Is Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge é Julian de Spáinn

4


Cartlann Chonradh na Gaeilge

Cuan Ó Seireadáin ar an gcomhoibriú idir an gConradh agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag feidhmiú mar choimeádaí ar chartlanna fairsinge Chonradh na Gaeilge. D’aontaigh an Conradh ábhar cartlainne a bhaineann le tréimhse os cionn céad bliain a chur i dtaisce go buan san ollscoil, rud a thabharfaidh léargas dosháraithe ar ghnéithe teangeolaíocha, cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhaineann leis an am a caitheadh in Éirinn. Cuirfidh an comhaontú seo go mór leis an bhforbairt atá á dhéanamh ar ábhar staire an Chonartha le tacaíocht on Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le cúpla bliain anuas. Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “In ainneoin go bhfuil staraithe, an lucht acadúil agus scoláirí ag cur spéise i gcartlann Chonradh na Gaeilge le blianta fada anuas, níorbh é go dtí le himeacht cheart aimsire gur tuigeadh go hiomlán an luach a bhí leis an gcartlann chéanna. Don té a chaitheann am ag breathnú trí ábhar na cartlainne, aithneoidh sé nó sí láithreach go bhfuil insint faoi leith ann ar thréimhse chinniúnach i stair na tíre seo. Anois, leis na pleananna atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, maidir le catalógú agus digitiú an ábhair, beidh an tseoid seo ar fáil go forleathan.” Tá ábhar agus comhfhreagras i gcartlann Chonradh na Gaeilge nach bhfacthas cheana a bhaineann le daoine a raibh baint acu leis an gConradh le linn stair na heagraíochta, Dubhghlas de hÍde, Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ághas ina measc. Tá cáipéisí ann freisin ó chraobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud na hÉireann, gearrthóga nuachtáin agus ábhar a bhain le feachtais Ghaeilge éagsúla.

Dúirt an Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Is cor cinniúnach é seo don dá eagraíocht. Is onóir é do OÉ Gaillimh oibriú le Conradh na Gaeilge agus a bheith ina choimeádaí ar an gcartlann thar a bheith tábhachtach seo. “Tá tábhacht i bhfad níos leithne ag baint leis an gcartlann ná an Ghaeilge féin mar go gcuimsíonn sí gnéithe sóisialta, cultúrtha agus stairiúla na hÉireann agus an fhorbairt atá déanta againn mar náisiún. Tá sé thar a bheith fóirsteanach gur in OÉ Gaillimh a bheidh an chartlann seo coinnithe, i bhfianaise thiomantas láidir na hOllscoile i leith na Gaeilge agus an cháil atá orainn mar ionad do léann na cartlannaíochta.” Coimeádfar an chartlann i Seomra Léitheoireachta na mBailiúchán Speisialta in OÉ Gaillimh, áit a bhfuil scoth na n-áiseanna do thaighdeoirí. Faoin gcomhaontú le Conradh na Gaeilge, fostóidh OÉ Gaillimh cartlannaí chun catalógú a dhéanamh ar an mbailiúchán agus chun cuid de a dhigitiú. D’fhonn a chinntiú go mbainfear an úsáid is fearr as an gcartlann, cuirfidh an Ollscoil an bailiúchán chun tosaigh i measc mac léinn agus taighdeoirí sa bhaile agus thar lear. Bunófar Grúpa Sainleasa de shaineolaithe, inmheánach agus seachtrach do OÉ Gaillimh, chun forbairt ghníomhach na cartlainne a chinntiú. Mar chuid de cheiliúradh 125 bliain Chonradh na Gaeilge, reáchtálfar ócáid acadúil san ollscoil in 2018 agus catalógú déanta ar chuid den ábhar.

Tuilleadh eolais: www.cnag.ie Is Uachtarán na hArd-Chraoibhe agus Coimeádaí an Chonartha é Cuan Ó Seireadáin

5


Cúige Chonnacht

Craobh Bhéal an Átha Móir Tá feachtas láidir ar bun ag Craobh Bhéal an Átha Móir ag iarraidh ar Chomhairle Contae Liatroma Oifigeach Gaeilge lánaimseartha a fhostú. Creideann baill na Craoibhe go mba cheart go mbeadh Oifigeach Gaeilge agus Oifig na Gaeilge i ngach contae, ar aon dul leis an Oifigeach Ealaíne agus leis an Oifigeach Oidhreachta. D’eagraigh an chraobh léirsiú taobh amuigh de Bhanc na hÉireann le déanaí mar gheall ar chinneadh an bhainc deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar na ATMs freisin.

léitheoireachta de €200 ar fáil le haghaidh an triúir eile ar an ngearrliosta, agus foilseofar na 6 dhán ón ngearrliosta sa saothar Duanaire Bhéal na mBuillí 2018. Dánta i nGaeilge na hÉireann amháin atá i gceist, agus fógrófar an buaiteoir le linn na féile ar 5 Bealtaine 2018. Baineann táille iontrála de €6 an dán leis an gcomórtas. Seol dánta de 70 líne nó níos lú, nár foilsíodh cheana, sa phost nó chuig director@strokestownpoetry.org faoin Aoine, 1 Nollaig 2017. Is é Pádraig Mac Fhearghusa moltóir Dhuais de hÍde. Eolas: www.cnag.ie/duaisdehide

Grúpa ag foghlaim na Gaeilge (thuas ar bharr) le Craobh Bhéal an Átha Móir & grúpa eile ag déanamh ceoil tar éis an chomhrá

Grúpa agus baill Chraoibhe ag léirsiú taobh amuigh de Bhanc na hÉireann, Cora Droma Rúisc

Tá cáil ar an gCraobh mar gheall ar líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar na Ciorcail Chomhrá a eagraíonn siad. Cláraíonn níos mó ná 60 duine gach bhliain. Tá breis ‘s scór ag freastal ar rang do dhaoine nach raibh aon fhocal Gaeilge acu faoi láthair.

Duais de hÍde Tá urraíocht á déanamh ag Conradh na Gaeilge ar Dhuais de hÍde 2018, Príomhchomórtas Filíochta na Gaeilge ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí i gCo. Ros Comáin arís i mbliana. Rinne an Conradh urraíocht ar an duais in 2016 in ómós Dhúbhglas de hÍde, chéad uachtaráin an stáit agus duine de bhunaitheoirí na heagraíochta. Bhí os cionn 90 dán Gaeilge istigh ar Dhuais de hÍde anuraidh. Tá €600 ag dul don chéad duais i mbliana, €400 don dara duais, agus €300 don tríú duais. Beidh táillí

Réaltaí Champa Samhraidh Chonradh na Gaeilge Mhaigh Cuilinn le Clíodhna Ní Dhabhoráin agus Máirín Bn. Uí Liodáin. Ar chúl: Rónán Ó hÁrtáin; Adam Ó Broin; Síofra Ní Chúile. Chun tosaigh: John Ó Súilleabháin; Seán Ó Gionnáin, Dalta an Champa; Caitlin Ní Dhabhoráin, Dalta Óg an Champa; Aoife Ní Innreachtaigh; Robyn Devane. Treise leo!

Craobh Mhaigh Cuilinn D’eagraigh Conradh na Gaeilge Mhaigh Cuilinn sraith de champaí Gaeilge d’aos óg an cheantair i gcaitheamh an tsamhraidh, agus d’éirigh thar cionn leo.

Páistí as ceantar Mhaigh Cuilinn ag campa samhraidh a d’eagraigh Conradh na Gaeilge Mhaigh Cuilinn mar chuid de shraith champaí Gaeilge don aos óg áitiúil

6


Seoladh Aip Raidió Rí-Rá i Ros Comáin

Niamh Ní Chróinín ar an teiceolaíocht is déanaí don chairtstáisiún óige Sheol an tAire Denis Naughten TD an aip is déanaí de chuid Raidió Rí-Rá i gColáiste Chiaráin Summerhill, Baile Átha Luain, Co. Ros Comáin, ar 15 Meán Fómhair 2017.

Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta. Tugann comhoibriú Raidió Rí-Rá le RTÉ 2fm ar an albam bliantúil CEOL ardán do cheoltóirí óga le hamhráin a chumadh i nGaeilge do lucht éisteachta idirnáisiúnta chomh maith. Is féidir an t-albam CEOL is déanaí a íoslódáil ó www.cnag.ie/ceol. Ag labhairt ag seoladh na haipe ina chontae dúchais, dúirt an tAire Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide & Comhshaoil, Denis Naughten TD: “Tá ríméad orm an aip nua seo a sheoladh thar cheann Raidió Rí-Rá, an chéad agus go deimhin an t-aon chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn, óir éascaíonn sé an teacht atá ag daoine ar an ógstáisiún náisiúnta seo ar réimse ardán atá de shíor ag fás.

Adam McConnell ó Choláiste Chiaráin in Áth Luain ag seoladh aip Raidió Rí-Rá

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a chasann an ceol is déanaí ó na cairteacha agus a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Áirítear mic léinn tríú leibhéal agus dara leibhéal ó cheann ceann na tíre i measc láithreoirí Raidió Rí-Rá, agus meallann an t-ógstáisiún oibrithe deonacha le spéis i gcúrsaí raidió, le spéis sa Ghaeilge, agus cainteoirí dúchais mar aon le hiarscoláirí de scoileanna Béarla agus de scoileanna lánGhaeilge araon.

“Tá ról lárnach ag Raidió Rí-Rá ag iarraidh deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le héirí gafa leis an nGaeilge lasmuigh den seomra ranga, ag léiriú bhrí agus bheocht na teanga mar aon lena tábhacht sa saol nua-aimseartha. Ní hamháin go bhfaigheann cainteoirí óga Gaeilge an deis a gclár féin a chur i láthair ar Raidió Rí-Rá, ach áirítear amhráin as Gaeilge ó réaltaí Éireann agus idirnáisiúnta araon ar sheinnliostaí an stáisiúin, leithéidí Ed Sheeran agus Kodaline ina measc. “Is céim chun tosaigh é aip nua an ógstáisiúin, a raibh dúil mhór léi agus a chuirfidh ar chumas an stáisiúin lucht éisteachta i bhfad Éireann níos leithne a shroicheadh. Táim ag tnúth le fás, forbairt agus dul chun cinn Raidió Rí-Rá a fheiceáil amach anseo.”

Reáchtálann Raidió Rí-Rá ceardlanna for-rochtana do scoileanna agus do chlubanna óige, áit a chuirtear oiliúint bhunúsach ar dhaltaí bunscoile agus meánscoileanna i dtaobh scileanna raidió agus a thugtar deis do na daoine óga seo éirí gafa leis an nGaeilge ar bhealach praiticiúil. Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus an cairtstáisiún maoinithe ag An Roinn

Sarah Dowling (Bliain a 5) agus Sean Nally (Bliain a 2) ag seoladh aip Raidió Rí-Rá leis an Aire Denis Naughten i gColáiste Chiaráin i mBaile Átha Luain le déanaí

Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh 24/7 ar fud na hÉireann agus na cruinne arlíne ag www.rrr.ie agus ar an gcóras digiteach DAB in áiteanna áirithe. Tá súil againn an stáisiún a chur i mbun craolacháin ar FM ar fud na tíre.

Tuilleadh eolais: www.rrr.ie Is Cathaoirleach Chraobh Raidió agus Bainisteoir Raidió Rí-Rá í Niamh Ní Chróinín

7


Cúige Laighean Conradh na Gaeilge, Guaire Chaith 27 mball de Chraobh Ghuaire deireadh seachtaine i nGaeltacht na nDéise le déanaí. Bhí siad ag freastal ar chúrsa Gaeilge a eagraíodh dóibh i gColáiste na Rinne. Bunaíodh an Coláiste i 1905 ag buíon a raibh an grá agus paisean acu don Ghaeilge. Cuireann siad ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúir eile ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus do chuairteoirí de gach aois ó gach áit ar domhan.

Mar aon leis na ceachtanna Gaeilge, bhí turas treoraithe Dé Sathairn le heolas agus le scéalta faoi stair agus faoi oidhreacht an cheantair; ceardlann amhránaíochta le Nell Ní Chróinín, iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada; agus oíche mhór cheoil i dTigh Uí Mhuirithe le Cór Fear na nDéise, le Nell, agus le Jimmí Ó Ceannabháin, an t-amhránaí sean-nós cáiliúil. Bhí an chuid is mó de na cuairteoirí ó Ghuaire tar éis freastal go rialta ar na ranganna agus ar na ciorcail chomhrá atá ar siúl ag Craobh Ghuaire sa leabharlann agus i mbaile Ghuaire le roinnt blianta anuas anois. Bhain siad an-sult agus spraoi as an turas - tá sé ina ráfla gur óladh deoch nó dhó ‘s gur canadh amhrán!

Thaisteal Conradh na Gaeilge, Guaire, ó Loch Garman go Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge

8

An Ard-Chraobh Déanfaidh Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge Féile na Nollag a cheiliúradh le mór-lón in Óstán Chúirt Camden Dé Sathairn, 25 Samhain 2017 ag 1.00in. Is gá áit a chur in áirithe agus an táille €25 a íoc roimh 18 Samhain 2017.

Bróna Ní Chionnfhaolaidh, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge, Guaire, agus Nell Ní Chrónín, amhránaí áitiúil agus iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada

Dúirt Bróna Ní Chionnfhaolaidh, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge, Guaire: “Bhí sé go hiontach a bheith ar bhus le grúpa mór ó Loch Garman agus gach duine acu ag labhairt Gaeilge idir a chéile. Tá an suim sa teanga sa cheantar ag dul ó neart go neart agus táimid ansásta leis sin. “Molaimid d’éinne a bhfuil fonn orthu Gaeilge a labhairt, triail a bhaint as agus gan a bheith buartha faoin gcaighdeán atá agat ar dtús. Táimid go léir ag obair ar ár líofacht agus ar ár gcruinneas i gcónaí. Míle buíochas do na hiarmhúinteoirí agus do na daoine eile a chabhraíonn linn, agus do leabharlann Ghuaire as ucht na háiseanna atá ar fáil dúinn.” Leanann an comhrá Gaeilge ar aghaidh sa leabharlann gach oíche Mháirt idir 7.00-8.30in agus sa Loch Garman Arms Dé Sathairn ó 10.30rn-12.30in. Tuilleadh eolais: 00 353 87 9365000 | www.facebook.com/CnagGuaire Pobal 15 Téann an Club Siúlach Scéalach ag siúl as Gaeilge in iarthar Bhaile Átha Cliath gach Satharn ag 1.30in. Roghnaítear áiteanna éagsúla cosúil le Páirc an Fhionnuisce, Páirc Naomh Caitríona i Leamhcán, Cnoc na Teamhrach, ar an gcanál, agus áiteanna stáiriúla freisin.Bíonn sos maith i lár na siúlóide, agus a lán comhrá agus craice le chéile gan aon bhrú. Bí linn! Teagmháil: Caitlín 00 35 87 2509764 | siulachscealach15@gmail.com

Conradh na Gaeilge, Cill Chainnigh Is Cór Gaeilge é Cantóirí an Rútaigh atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge, Cill Chainnigh ag 8.30in i dTeach an Rútaigh, Sráid na Parlaiminte i gCill Chainnigh, gach Céadaoin. Teagmháil: Donncha Ó Raghallaigh 00 353 87 6564414

Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath ag tabhairt dúshláin do Darren Killeen, aisteoir i bpáirt Mhícheál Uí Choileáin, ag Oíche Chultúir 2017 i gCeannáras stairiúil an Chonartha ag 6 Sráid Fhearchair. Rinneadh aithris ar ruathar a rinne na póilíní ar an áras roimh an olltoghchán 1918 mar chuid de dhráma a scríobh Seán T. Ó Ceallaigh, bunaithe ar ráiteas oifigiúil ó Eithne Lawless, rúnaí Uí Choileáin

Gaelphobal Thamhlachta Bhailigh lucht siúlóide na Gaeilge ag Scoil Santain i dTamhlacht ar 15 Deireadh Fómhair 2017 le tabhairt faoi shiúlóid staire agus clainne ar bhruach na Dothra. Buíochas le Tomás Ó Meachair, an staraí áitiúil as muid a threorú! Tuilleadh eolais: www.facebook.com/tamhlacht

Coiste nua chraobh Chuallacht Cholmcille in Ollscoil Mhá Nuad. Go n-éirí go geal leo!


Gnóthach i gCeatharlach

Bríde de Róiste ar an samhradh a chuaigh thart ‘s ar an bhfómhar atá roimh Ghlór Ceatharlach D’eagraigh Glór Cheatharlach clár iomlán imeachtaí do dhaoine óga le Coláiste Samhraidh do dhéagóirí, Campa na nÓg do pháistí réamhscoile agus Campa Samhraidh do dhaltaí bunscoile san áireamh. Bhain na rannpháirtithe uile taithneamh agus tairbhe as na ranganna, na ceardlanna agus imeachtaí éagsúla thar trí seachtaine chomh maith le spórt agus spraoi den scoth acu trí mheán na Gaeilge. Tar éis shaoire an tsamhraidh, osclaíodh Áras na nÓg, ionad gleoite le seirbhísí breise a sholáthar ar mhaithe le cur chun na Gaeilge i measc na n-óg i gCeatharlach. Lonnaithe i seomraí athchóirithe i bhfoirgneamh Éire Óg CLG, tá an áitreabh ag feidhmiú mar Naíonra do pháistí réamhscoile

Bhí picnic ag Campa na nÓg i bPáirc an Bhaile le linn an tsamhraidh

Tá na ranganna Gaeilge tar éis scoile do dhéagóirí agus na ranganna oíche do dhaoine fásta faoi lán seol. D’éirigh thar barr le Féile an Fhómhair a reáchtáladh ag tús mhí Dheireadh Fómhair agus bhí imeachtaí speisialta do scoileanna ar chlár na féile. Rinne an comhlacht Fíbín an dráma An Triail a léiriú ceithre huaire do lucht na hArdteiste. Bhí hallaí lán do Spraoicheist na mBunscoileanna agus do Thráth na gCeist na nIarbhunscoileanna freisin. Rinne an t-údar aitheanta Áine Ní Ghlinn trí cheardlann scríbhneoireachta do dhaltaí Rang 6 agus ghlac na céadta páirt i gComórtas Ealaíne an Fhómhair. Ghlac fiche

Bhain pobal Gaeilge Cheatharlach an-taitneamh as an bPop Up Gaeltacht!

D’fhreastail na daltaí seo ar an gColáiste Samhraidh 2017 i gCeatharlach

ar maidin agus mar Sheirbhís Chúram Iarscoile do dhaltaí na Gaelscoile san iarnóin.

teaghlach páirt sa Tóraíocht Taisce a bhí ar siúl sa choill áitiúil mar chuid dn fhéile.

Tá idir chainteoirí agus fhoghlaimeoirí na Gaeilge tar éis freastal ar cheithre Phop Up Gaeltacht a eagraíodh i dtithe tábhairne i gCeatharlach le cúpla mí anuas. Feartar fáilte roimh chách freastal ar an gcéad Phop Up Gaeltacht eile a bheidh ar siúl i dTigh Tullys ar 10 Samhain 2017!

Tá idir óg agus fásta ag damhsa agus iad ag freastal ar ranganna sa seannós leis an rinceoir aitheanta Irene Cunningham, agus fáiltítear roimh rinceoirí nua clárú don rang i gcónaí. Eagraíodh seisiún Trad Ar Son Trócaire i dTeach Dolmain agus bíonn an áit céanna lán go doras ag seisiún na seachtaine gach Déardaoin.

Tá Irene Cunningham ag tabhairt cuireadh do chách chuig a ranganna oíche sa sean-nós

Tagann slua le chéile i Músaem Cheatharlach don Ciorcal Comhrá gach maidin Chéadaoin ag 10.30rn. Ghlac an grúpa páirt sa churiarracht dhomhanda Comhrá ‘17 arna eagrú ag Conradh na Gaeilge le déanaí chomh maith.

Am gnóthach ag Glór Cheatharlach go cinnte ach rathúil agus taitneamhach chomh maith. Bígí linn agus fáilte!

Tuilleadh eolais: www.glorcheatharlach.ie Is Cathaoirleach Ghlór Cheatharlach í Bríde de Róiste

9


Míosachán Liteartha na GaeiLGe! Reiviú den SmaointeachaS ÉiReannach, LitRíocht, PoLaitíocht, eoLaíocht ar fáil go míosúil ó: donnchadh Ó haodha, cúil aodha, maigh chromtha co. chorcaí, Éire 353-(0)87-2421267 Síntiús bliana, 12 eagrán: €75 Éire & an eoraip (€100 lasmuigh den eoraip) Seol 12 eagrán mhíosúla de Feasta chugam led’ thoil. Seic leis seo ar .........................................…...... euro iníoctha le conRadh na GaeiLGe ainm & Sloinne (Bloclitreacha): ………………………………………………………………………………… …………………………………………………………………………………………………………………………… Seoladh: ……………………………………………………………………………………………………………… …………………………………………………………………………………………………………………………… …………………………………………………………………………………………………………………………… Fón: …………..........………………… R-phost: ………………........……… dáta: …....…….……….....… Foilsithe faoi choimirce dháil na mumhan do chonradh na Gaeilge Sleachta ar an idirlíon ag www.feasta.ie eagráin shamplacha ag: issuu.com/cnag/docs tá Gá Le do chuidSe tacaíochta! tá FeaSta slán faoi láthair, ach is gá an iris a bhuanú trí chur le líon na síntiúsóirí. tá an chabhair sin riachtanach i gcónaí.


Cúige Mumhan

Ciorcal Comhrá Chraobh Thrá Lí

Craobh Thrá Lí Cuireadh atús leis an gciorcal comhrá seachtainiúil san Óstán Meadowlands i dTrá Lí, Co. Chiarraí i mí Mheán Fómhair. Bíonn sé ar siúl san óstán gach Céadaoin ó 8.30-9.30in. Is é Oireachtas na Gaeilge an t-ionad ar 1 Samhain 2017 ámh, an oíche a osclaíonn an fhéile go hoifigiúil san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí. Níl aon dualgas ar éinne sú na heornan a bhlaiseadh ar son na cúise dá éis sin, ach tarlaíonn ar ócáidí gurb é sin a dheineann leath an chomhluadair. Ní líofacht go deoch, gan dabht. Fáilte roimh chách! Thug an gearrscéalaí cumasach Colm Ó Ceallacháin blaiseadh de shaol chathair Chorcaí agus de chur chuige an scríbhneora don Chiorcal Comhrá ar 11 Deireadh Fómhair 2017, in éineacht le Mícheál Ó Ruairc, file agus údar Dán is Céad ón Leitriúch ó Chlochán Bhréanainn. Beidh Colm ag cur lena chnuasach I dTír Mhilis na mBeo i dTír na mBascach go luath. Beidh an chéad chaint eile sa tsraith seo atá á reáchtáil le cabhair ó Fhoras na Gaeilge, agus le cúnamh eagrúcháin ó

Colm Ó Ceallacháin & Mícheál Ó Ruairc

na Scríbhneoirí Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge ag an Óstán Meadowlands ar 24 Samhain 2017, nuair a labhróidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ar Éire na Staire, agus ar bhain di. Tá cainteanna ón bhfile Bríd Ní Mhóráin ar na húdair Pádraig Ó Fiannachta agus Domhnall Mac Síthigh, nach maireann, agus ó Risteard Mac Fhlancaigh, treoraí siúlóide, ar na conairí i gCiarraí a thaitníonn leis freisin.

Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge ag Dúchas ar an Aonach. Pic: Pádraig Mac Fhearghusa

Dáil na Mumhan Seo clár sealadach 2017-2018 Dháil na Mumhan i gcomhar leis na Craobhacha: • Tionól Chiarraí in Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí ó 24-25 Samhain 2017 • Tionól Uí Mocaille in Eochaill, Co. Chorcaí ó 12-13 Eanáir 2018 • Tionól Luimnigh i Ráth Caola, Co. Luimnigh ó 9-10 Feabhra 2018 • Tionól an Chláir, Cill Chaoi, Co. an Chláir ó 9-10 Márta 2018 • Cúrsa Spioradálta Mheilearaí i gCo. Phort Láirge ó 10-11 Márta 2018 • Tionól sna Déise ar an Rinn, Co. Phort Láirge ó 13-15 Aibreán 2018 • Tionól na Mumhan i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 11-13 Bealtaine 2018 Mar cheiliúradh ar Bhliain na Gaeilge 125, tabharfar faoi Thuras Mhúscraí, i mí an Mheithimh. Tionóladh Tionól Chairbre i gCloch na gCoillte, Co. Chorcaí ó 27-28 Deireadh Fómhair 2017 agus bhí baill na Dála ag Dúchas: Éigse do Thiobraid Árann ar an Aonach ó 8–10 Meán Fómhair 2017.

Filíocht Uí Ríordáin ab ea téama na héigse Dúchas

Craobh an Aonaigh Chomh maith leis an éigse Dúchas a d’eagraigh an Coiste Contae, bhí Oíche Chultúir 2017 á ceiliúradh i nDún Mhuire ar an Aonach, Co. Thiobraid Árann ar 22 Meán Fómhair 2017. Is ann a bhí ceoltóirí óga ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag seinm agus Máire Ní Chéilleachair, Corcaíoch agus amhránaí ar an sean-nós, ina haoi speisialta le hamhráin a rá. I rith an tsamhraidh , bhíomar ag freastail ar an dream óg le Seachtain Spraoí do phaistí óga, Coláiste Samhraidh do dheagóirí i mí an Mheithimh, agus Cúrsa Samhraidh ag a raibh os cionn 80 páiste i mí Iúil freisin. Bíonn éileamh ar na ranganna Gaeilge i nDún Mhuire i gcónaí; tá ranganna ar fáil do na déagóirí atá ag ullmhú don Teastas Sóisearach chomh maith le ranganna do dhaoine fásta ar mhaith leo tosnú arís nó feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Ansin buaileann slua le chéile gach Céadaoin chun caife nó tae a ól agus cúrsaí an lae a phlé. Is i gCaife difriúil a bhíonn an gabhar á róstadh gach mí. Buail isteach orainn! Tuilleadh eolais: www. cnagantaonach.ie

Seachtain Oidhreachta 2017 á ceiliúradh as Gaeilge ag Craobh an Aonaigh ag Caisleán Phort Omna, Co. na Gaillimhe

11


Feachtas Cáinaisnéise #SEAS17 Bhuail ionadaithe áitiúla ó thoghcheantair ó cheann ceann na tíre lena dTeachtaí Dála agus lena Seanadóirí le maoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a phlé ag Clinic na Gaeilge arna eagrú ag Conradh na Gaeilge ar 4 Deireadh Fómhair 2017.

Sheol Príomaoire an Rialtais agus an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, an tuairisc Cnámh droma an phobail s’againne: Stádas reatha agus riachtanais amach anseo de chuid Chomhlachas na gComharchumann Gaeltachta agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe (CPB) ar an lá chomh maith.

Buíochas ó chroí le gach baill Craoibhe agus le hionadaithe ó na comharchumainn Ghaeltachta a d’fhreastail ar #SEAS17 Ag éirí as moladh a rinneadh ag an gcéad Chomhrá Mór, d’eagraigh in Óstán Buswells, go háirithe leo siúd a thaisteal ó cheantair Conradh na Gaeilge fóraim ghímh sna Gaeltachtaí éagsúla i lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Bhí gcomhar le CPB chun gníomhartha a Conradh na Gaeilge ag éileamh ar aontú leis an bpobal mar chuid den an Rialtas agus ar an Aire Airgeadais, fheachtas réamhcháinaisnéise le breis Paschal Donohoe TD, chun €5.3 acmhainní a chinntiú don Ghaeltacht milliún de mhaoiniú a chur ar fáil i agus don Ghaeilge chomh maith. gCáinaisnéis do Phlean Infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta, plean Labhair Páidí Ó Sé, Bainisteoir arna aontú ag 87 ngrúpa Gaeilge Chomharchumann Chorca Dhuibhne, agus Gaeltachta a bhféadfadh breis ag an gcruinniú san Óstán Heights ‘s 1,500 post a chruthú. Tháinig i gCill Airne, Co. Chiarraí; Cathy Ní ionadaithe ó 27 dtoghcheantar le Ghoill, Bainisteoir Chomharchumann Maoiniú do Phlean Infheistíochta Phobal na Gaeilge & na bualadh lena n-ionadaithe poiblí leis Forbartha Árann, ag an gcruinniú i Gaeltachta agus d’aightneacht na gComharchumann á an athinfheistíocht seo a éileamh. Seanscoil Sailearna in Indreabhán, Co. éileamh ag ionadaithe ag Clinic na Gaeilge in Óstán Buswells na Gaillimhe; agus Dónal Ó Cnáimhsí, “Cuirfidh an plean acmhainní riachtanacha ar fáil i dtaobh Comharchumann Ghaoth Dobhair, ag an gcruinniú sa Chrannóg phróiseas na pleanála teanga, mar aon le tuilleadh deiseanna i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ar 12 Meán Fómhair 2017. don phobal trí chéile fud fad na tíre lena gcuid Gaeilge a úsáid,” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Craoladh caint le hUachtarán an Chonartha beo ar-líne ag na trí chruinniú éagsúla ag tús na hoíche, agus dúirt sé gurb deis “Rinneadh léirscrios de suas go 70% ar acmhainní na n-údarás iad na fóraim ghnímh sna Gaeltachtaí agus An Comhrá Mór um Ghaeilge agus um fhostaíocht Ghaeltachta ó bhí 2007 ann. chun guth an phobail a tabhairt chun suntais, agus a neartú, Tá sé thar am an Clár Rialtais a chomhlíonadh agus infheistíocht trí theachtaireacht agus trí ghníomhartha fiúntacha a aontú le mar is cuí a dhéanamh inár dteanga agus inár nGaeltachtaí.” chéile leis an teanga a chur chun cinn.

Sheol an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta & Príomhaoire an Rialtais, Joe McHugh TD, aighneacht Chomhlachas na gComharchumann Gaeltachta

12

Bhí Anna Heussaff, mór-údar na Gaeilge ón gCuarbhóthar Theas i gCill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8, i measc na n-ionadaithe áitiúla ag #SEAS17


Idir na fóraim ghnímh, An Comhrá Mór agus an lá stocaireachta #SEAS17, gríosadh an pobal le labhairt lena bpolaiteoirí áitiúla fud fad na tíre. Tá Gaeilgeoirí i ndiaidh glaoch a chur ar a gcuid polaiteoirí áitiúla, cuairt a thabhairt orthu ag na clinicí áitiúla, agus idir ríomhphoist agus theachtaireachtaí Twitter pearsanta a sheoladh chucu. Ar aon dhul le Clinic na Gaeilge nó eile, tá an obair seo sular rinneadh cinntí na Cáinaisnéise ríthábhachtach.

le Fine Gael, agus iarr orthu labhairt leis an Taoiseach faoin ngéarghá athinfheistíocht chuí a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Ní neart go cur le chéile!

Is láidre muid mar aon phobal amháin nuair a oibríonn muid as lámha a chéile ar na croí-cheisteanna seo. Tá an comhoibriú seo níos tábhachtaí ná riamh sna sála ar fhógairt na Cáinaisnéise. Is féidir le gach ball agus le gach Craobh cabhrú: déan teagmháil le d’ionadaithe áitiúla, go háirithe na Teachtaí Dála a bhaineann

13


#AchtANOIS

Pádraig Ó Tiarnaigh ar an fheachtas Dream Dearg agus conas ar féidir le baill Chraoibhe cabhrú Tá tú de dhíth. Tóg peann. Oscail ríomhaire. Scríobh litir. Seol tvuít. Seas leis an phobal. Tacaigh leis an fheachtas. Tá an feachtas ag leibheál nach bhfacthas riamh agus pobal na Gaeilge sna cinnlínte nuachta gach seachtain le beagnach bliain. Tá cuidiú gach baill agus gach craoibh de dhíth go fóill áfach. D’fhéadfadh an chraobh agus na baill go haonair cuid de na físeáin #Mythbusting agus eile faoin Acht a roinnt ó www.facebook.com/CnaGaeilge, ó www.facebook.com/AnDreamDearg, nó ar Twitter. Ba mhór an cuidiú é fosta dá mbeadh gach ball Craoibhe sásta litir a scríobh mar fhreagra ar roinnt de na hailt fhrith-Ghaeilge agus fhrith-reachtaíochta Gaeilge a foilsíodh i nuachtáin áirithe le dornán de sheachtainí anuas. D’fhéadfaí fiú alt ag tacú le hAcht Gaeilge ó thuaidh a scríobh as do stuaim féin agus a sheoladh chuig roinnt de na nuachtáin náisiúnta agus áitiúla, ina measc: • newsdesk@irishnews.com; letters@irishnews.com • d.canavan@irishnews.com; j.manley@irishnews.com; j.monaghan@irishnews.com; r.mcmillen@irishnews.com • writeback@belfasttelegraph.co.uk; newseditor@belfasttelegraph.co.uk; rblack@belfasttelegraph.co.uk • newsdesk@newsletter.co.uk; letters@newsletter.co.uk • news@thejournal.ie; grainne@thejournal.ie (Gaeilge); Lorraine@thejournal.ie; hugh@thejournal.ie • cgrady@independent.ie; tcoogan@independent.ie; independent.letters@independent.ie • newsdesk@irishtimes.com; letters@irishtimes.com; gmoriarty@irishtimes.com; eocaollai@irishtimes.com; moregan@irishtimes.com; ainemcmahon • nuacht@tuairisc.ie; maitiuocoimin@tuairisc.ie (Gaeilge) • editor@sluggerotoole.com; deputy@sluggerotoole.com • guardian.letters@theguardian.com • observer.letters@observer.co.uk -

Cén fáth a bhfuil Acht Gaeilge tábhachtach duit féin? Do tháithí leis an stát ó thuaidh ó thaobh na Gaeilge de Tábhacht an Achta duitse ag tógáil clainne trí Ghaeilge Ionsaithe ar an Ghaeilge Clúdach na meán ar an cheist seo Tionchar seo ar an Ghaelscolaíocht

Spreagadh na mílte chun sráide idir mBéal Feirste, in Iúr Cinn Trá, i nDoire, agus in áiteanna eile agus iad uile ag tacú le pobal na Gaeilge ó thuaidh agus leis an feachtas Dream Dearg. Ach tá sé rí-thábhachtach go mbíonn an tacaíocht sin, agus ár n-argóintí, le feiceáil go leanúnach agus go rialta sna meáin fosta. Seo a leanas pointí eolais: • Aontaíodh Acht Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn 2006 - níl ach rud a gealladh 11 bhliain ó shin á lorg againn. • Is comhaontú idirnáisiúnta é ach tá dualgas ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann é a chomhlíonadh. •Tá cúig pháirtí ag tacú le hAcht Gaeilge: Alliance, Green Party, SDLP, Sinn Féin, PBP – is éileamh tras-pháirtí é seo.

Ionadaithe ó chúig pháirtí ag seasamh le chéile ar son Acht Gaeilge ag ócáid arna eagrú ag Conradh na Gaeilge ar na mallaibh

• Sin 50 as an 90 CTR MLA nua-thofa – an chéad uair riamh go bhfuil móramh CTR ag tacú le hAcht Gaeilge. • Rinneadh trí phróiseas comhairliúcháin faoi Acht Gaeilge ó bhí 2006 ann - as 13,000+ freagra sa chomhairliúchán is déanaí in 2015, bhí 94.7% acu ag tacú le hAcht Gaeilge. • Tacaíonn Comhairle na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe leis an éileamh ar son Acht Gaeilge neamhspleách. • Tá reachtaíocht teanga ann sa Bhreatain Bheag, in Albain, agus ó dheas in Éirinn - is eisceacht iad na Sé Chontae. • Tá an costas £19million a luaitear i bplé-cháipéis Chonradh na Gaeilge ‘réasúnta’ dar leis an DUP fiú. • Tá 6,000 ag freastail ar Ghaelscoileanna ó thuaidh. • Tá pobal na Gaeilge ag fás agus ag forbairt i gcónaí Thabharfadh Acht Gaeilge cosaint sa dlí do chearta teanga ionas nach mbeadh todhchaí phobal na teanga ag brath ar thoil Airí. Seasaimis le chéile ar son na teanga. Acht Anois!

Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/achtanois Is ball de Chomhaltas Uladh agus Feidhmeannach Cumarsáide, Cosaint Teanga & Ionadaíochta é Pádraig Ó Tiarnaigh

14


Cúige Uladh

Idir dhaltaí scoile agus bhaill eile de phobal na Gaeilge ag agóid thostach arna eagrú ag an fheachtas Dream Dearg ar son Acht Gaeilge ag Cnoc an Anfa

Conradh na Gaeilge, Dún Dealgan Tá tús curtha le Siúil le Gaeilge, siúlóid sheachtainiúil dóibh siúd atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh go sóisialta. Fágann an tsiúlóid ó Áras Chonradh na Gaeilge ag 5 Plás na Trá, Dún Dealgan, Co. Lú gach Céadaoin ar 7.00in. Thosaigh téarma nua de ranganna comhrá Gaeilge i Meán Fómhair fosta, áit go dtagann foghlaimeoirí le chéile san áras gach Luan ar 7.30in le soláthar ar gach leibhéil. Comhghairdeas fosta le buaiteoirí Fheis Mhuirtheimhne. Seo comórtas saorchomhrá a reáchtáladh san earrach le páirt-scoláireachtaí go Coláiste Bhríde, Rann an Feirste a bhronnadh ar dhaltaí meánscoile le linn an tsamhraidh, arna urrú ag an choláiste, ag Comhaltas Uladh, agus ag Conradh na Gaeilge, Dún Dealgan. Eolas: www.facebook.com/cnagdd/ Muineachán Le Gaeilge Tá Tráth na gCeist arna eagrú ag Craobh Mhuineacháin i gClubtheach CLG Na Cláirsigh ó 8.00in ar 10 Samhain 2017.

Craobh Chabhán an Chaorthainn Léiríodh Stair agus Scannáin ar 28 Meán Fómhair agus ar 5 Deireadh Fómhair 2017. Bhí Éirí Amach! - sliocht as an scannán iomráiteach Mise Éire - le feiceáil in Institiúid na Ceannaireachta Éireannaí (IIL) i gCabhábn an Chaorthainn, Co. Thír Eoghain. Teagmháil: Séamus Mac Giolla Phádraig 00 44 781 0331564

Cúrsa Líofa faoi lánseol i nGaeláras Mhic Ardghail!

Oíche Chultúir 2017 ar an Iúr

Ceann de thorthaí an fheachtais #7La #7nGníomh, áit ar athraigh breis ‘s 2,200 duine a bhfráma Facebook & Twitter go ceann ag tacú leis An Dream Dearg & le hAcht Gaeilge i measc gníomh eile

Craobh Bhun Abhann Dalla Bhí an chéad Phop Up Gaeltacht ag Tigh Joe’s, Cois Abhann Dalla, Co. Aontroma ar 11 Lúnasa 2017 ar na mallaibh. Treise leo!

An Chraobh Rua Beidh Ciarán Mac Giolla Bhéin i mbun chomhrá leis an Ghasra Léitheoireachta i nDún Geanainn ar 7.00in, 8 Samhain 2017.

Gaeilge, cearta & comhionannas chun tosaigh ag Mórshiúl BRÓD Iúr Cinn Trá le Ceannfort Paul Reid, AN Other & Damien Mc Kevitt ón choiste áitiúil

Baill de Chonradh na Gaeilge ag caint ag Éigse Loch Lao le Ollscoil Uladh

Daltaí an tsrutha Ghaeilge i Scoil Iósaef, Dómhnach Mór, Tír Eoghain ar son #AchtAnois!

Baill Chraobh an Iúir i mbun agóidíochta lasmuigh de Bhanc na hÉireann. Pic: Seán Patterson, An tIúr

15


AN tULTACH MEÁN FÓMHAIR 2017

Aonach Tailteann 2017 Filíocht Ardleibhéil Seán Ó Ríordáin Lch 20 LUACH £2.00/€2.50 16

IML. 94 UIMH. 8 ISSN 0964-8682


Thar Sáile Gaeilge i gCathair na nAingeal Caitríona Weafer ar phobal Gaeilge California agus an chraobh ag dul ó neart go neart Bhí coicís chraiceáilte, chruógach ag Craobh na nAingeal de Chonradh na Gaeilge ó 7- 21 Deireadh Fómhair 2017. Bhí Comhrá ‘17 ar siúl mar aon leis na Cluichí Garbhchríche nó na Highland Games, Pop-Up Gaeltacht, agus Tobshlua Rince Gaelach beagnach ag an am céanna: ní raibh sos ar bith ann. Labhair 14 ag an gcuriarracht domhanda Comhrá ‘17. Bhí grúpa in Agoura páirteach ann ar an Máirt, grúpa i Redondo Beach ar an Déardaoin, agus grúpa i gCathair Culver ar an Domhnach. Bhí chuile dhuine neirbhíseach roimhe ach rinne siad a ndícheall agus d’éirigh leo. Bhí siad chomh bródúil sin ag an deireadh!

An tAmbasadóir Dan Mulhall agus an Consal Robert O’Driscoll i measc na naíonna ag chéad Phop Up Gaeltacht Chathair na nAingeal! Pic: Darragh Doyle

Don tobslua ar 21 Deireadh Fómhair mar chuid de Ireland Week, bhí rince, áit, agus ceol uainn. Ar dtús bhí damhsa le cumadh don ócáid seo. Cóireagrafaíocht a bheadh simplí go leor go dhaoine nach ndearna rince cheana fiú. Baint le Hollywood agus na Gaeil: Outlander. Baint le mo bhaile féin: Uisneach agus tine. Chuir mé na smaointe le chéile agus rinneamar leagan de rince traidisiúnta Rince Mór na Tine. Bhí orainn é a athrú le rud úr a bheith againn. Teannáil na Samhna a cheap mé mar theideal air.

Comhrá ‘17 faoi lánseol in California le foghlaimeoirí Chraobh na nAingeal

Bhí both againn ag na Cluichí Gharbhchríche i Ventura. Bhí bróisiúir againn a mhúin frásaí as Gaeilge nó Gàidhlig do dhaoine. Thaitin siad go mór le daoine agus mhúineamar ceachtanna do go leor daoine a bhailigh mórthimpeall ar na mboth. Mar gheall air, tá daltaí nua againn. Nach maith sin! An rud ba mhó sa choicís dúinne ná an Phop-Up Gaeltacht. Mhol Caoimhe Ní Chonchoille dúinn é a dhéanamh i rith Sheachtain na hÉireann, nó Ireland Week. Bhí ardáthas orainn go raibh an Consal Ginearálta Robert O’Driscoll agus Caoimhe linn don ócáid. Bhí earraí le cruthú - comharthaí don Pop-Up Gaeltacht mar shampla - fógraí le cur amach, daoine le bailiú le chéile, agus go leor eile. Tharla sé, agus tháinig siad, agus bhí Daniel Mulhall, Ambasadóir nua na hÉireann chun na Stát Aontaithe, ina measc chomh maith. Bhí 26 againn ag labhairt Gaeilge in Rock & Reilly’s i gCathair na nAingeal.

Thosnaíomar ag cleachtadh dó le dhá ghrúpa: ceann acu i gCulver agus le ceann eile i Redondo Beach. Is cuid de Chraobh na nAingeal é Céilí Rua agus bímid ag cleachtadh in Gypsy Camp i gCathair Culver gach Domhnach. Tugann muintir Gypsy Camp tacaíocht dúinn go minic agus is cuid de Chéilí Rua iad anois a thuigeann Isteach, Amach, Aon Dó Trí anois. Tháinig Scoil Rince McNulty i Redondo Beach le chéile linn an uair seo freisin agus bhí an cleachtadh deireanach againn i bpáirc gar don Hollywood Bowl sular shiúlamar go Hollywood Boulevard le bualadh le daoine ó Ireland Week. Bhí sceitimíní orainn agus bhíomar neirbhíseach ag an am céanna. Bhí idir óg agus aosta againne ag rince. Rinneamar an rince le Minnie Mouse ar na réalta ar Hollywood Boulevard ‘s táimid fós fíorbhródúil as. Anois - sos!

Ag cleachtadh don tobslua! Pic: © The Future Collective

Tuilleadh eolais: www.gaelicla.com Is Cathaoirleach Chraobh na nAingeal í Caitríona Weafer

17


Thar Sáile

Gaeilgeoirí díograiseacha in Hamburg na Gearmáine! Micheál Ó Muireagáin, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge Hamburg; Sadb Nic Fhionnbhairr; Manja Ehms; John Donegan; Fiona Baecker-Bottomley; agus Brian O’Driscoll.

An Ghaeltacht sur Seine Ó phique-nique bliantúil i gColáiste na nGael agus an chéad Phop-Up Gaeltacht ar Mhór-Roinn na hEorpa i mí Iúil, go Lá Féile Erwan le siúlóid mhór trí shráideanna Montparansse mar chuid den fhéile Bhriotánach (Fête de la Bretagne) agus Fête de l’Europe i mí na Bealtaine, bhí cúpla mí thar a bheith stairiúil ag Conradh na Gaeilge, Páras! Anois cuirfear tús leis an bhféile Samhainsur-Seine le hOíche Scannánaíochta sa Salle Michel Guillame sa Centre Culturel Irlandais ar 21 Samhain 2017. Leanfar leis an spraoi sa CCI le hAifreann as Gaeilge, Caifé Gaelach, rang Gaeilge do pháistí, léirsiú CLG, agus Fest Diez sa Mission Bretonne an Domhnach dar gcionn, 26 Samhain 2017. Reáchtálfar an oíche mhíosúil le tráth na gceist sa Quiet Man Dé Máirt, agus beidh salún fíona sa Porte de Versailles ar 2 Nollaig 2017. Cuirfear críoch leis an bhféile le ceolchoirm Dé Luain, 4 Nollaig 2017. Treise le Gael chère Paris! Eolas: www.paris-gaelique.com

Pique-nique bliantúil An Ghaeltacht sur Seine i gColáiste na nGael, Páras, agus an chéad Phop-Up Gaeltacht ar Mhór-Roinn na hEorpa!

18

Oíche Mhíosúil sa Quiet Man i Rue des Haudriettes

Craobh Ghleann na Gréine i nGleann Cholmcille

Conradh na Gaeilge, Learpholl Bhí Pop Up Gaeltacht ag Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin in Iarsmalann Learphoill mar chuid den fhéile Éireannach ar 28 Deireadh Fómhair 2017. Tuilleadh eolais: www.liverpoolirishfestival.com

Galicia y Gaeltacht ag Lá Féile Erwan

Oíche sa Mission Bretonne, Montparnasse, gach mí

Craobh Ghleann na Gréine Thaisteal baill Chraobh Ghleann na Gréine ó Phoenix, Arizona sna Stáit Aontaithe go hÉirinn le déanaí. Chaith siad coicís ag foghlaim na Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Cholmcille agus le FEICIM ar Inis Oírr ó 7-20 Deireadh Fómhair 2017. Rinne an grúpa ceardlann amhránaíochta leis an mbanna Gaeilge Seo Linn i mBaile Átha Cliath freisin, agus bhain an-sult as an turas! Eolas: www.aiseiriarizona.com

Salún Fíona leis na géanna fiáine sa Château Lynch

Trí chumann Éireannacha ag ceiliúradh fhéile na hEorpa le chéile: An Ghaeltacht-sur Seine, Paris Gaels CLG, agus l’Association Irlandaise de Paris

Ceardlann cheoil as Gaeilge le Seo Linn (thuas) agus baill Chraobh Ghleann na Gréine i mbun ceardaíochta agus spraoi ar Inis Oírr!


Thar Sáile Craobh Curtin ag croí Gaelach Wisconsin Daniel Schlitz ar stair na Craoibhe in Milwaukee, Wisconsin óna bunú go dtí an lá atá ann inniu Bunaíodh Craobh Curtin de Chonradh na Gaeilge in Milwaukee, Wisconsin sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1993. Is ar 23 Deireadh Fómhair 1993 a tháinig grúpa daoine le chéile chun an eagraíocht a thosú. Roghnaigh siad an dáta seo in ómós do chomóradh céad bliain de bhunú Chonradh na Gaeilge in Éirinn. I measc bhunaitheoirí Chraobh Curtin, bhí Kathleen Finn, Séamus Kearney, Kathy Mallon, Maggie O’Donnell, Gregory Ryan, Pat Ryan, Sandy Hoffman, agus John Gleeson, ollamh le Gaeilge in Ollscoil WisconsinMilwaukee (UWM).

an Deireadh Seachtaine in Racine, Wisconsin ó bhí 2008 ann. Tá an chraobh anois ag cabhrú le hIonad an Léinn Cheiltigh Múinteoirí Ray, Bairbre & Liam ag Irish Fest 2017 de chuid Ollscoil Wisconsin-Milwaukee agus le Lárionad Ceilteach Madison lena nDeireadh Seachtaine a eagrú ó bhí 2009 ann. Tá an t-ádh linn a bheith mar chuid den fhéile Éireannach Irish Fest. Is é Irish Fest Milwaukee an ceiliúradh is mó ar chultúr na hÉireann i Meiriceá Thuaidh. Tá 17 stáitse, gníomhaíochtaí siamsaíochta, damhsa, cluichí iománaíochta agus rásaí curachaí ag an bhféile a mhaireann ceithre lá. Gan dabht is é an Sráidbhaile Cultúrtha an chuid is fearr den ócáid. Anseo a bhíonn taispeántais, léachtaí, agus imeachtaí de gach sórt. Ina measc sin, tá pubaill éagsúla, ceol i bpuball, puball amharclainne, cúinne litearthachta, scoil scairte agus puball ghinealais ann. Tá dhá phuball ag an sráidbhaile do dhaoine a bhfuil suim acu i dteanga na nGael, is í sin an Ghaeilge.

Seastán Chraobh Curtin ag an bhféile Irish Fest sna 1990idí

Is in onóir an Milwaukeean Jeremiah Curtin a ainmníodh Craobh an Chonartha in Milwaukee. Ba theangeolaí cáiliúil é Curtin a bhailigh ábhar don Iarsmalann Smithsonian in Washington DC. Thaisteal sé go hÉirinn faoi dhó mar chuid dá chuid oibre. Agus é ansin, chaith sé tamall in áit i nDún na nGall, baile atá gar do chroí lucht Chraobh Curtin, ‘sé sin Ghleann Cholm Cille. Rinne sé turas Naomh Colmcille agus thug cuairt ar tobar Cholmcille freisin.

Pop Up Gaeltacht ag seastán Chraobh Curtin ag an bhféile Irish Fest 2017

Chaith an grúpa na blianta tosaigh ag cur an cultúr Gaelach chun cinn sa cheantar. Eagraíodh cruinnithe míosúla, cruinnithe sóisialta, cóisir pizza, cóisir Oíche Shamhna, cluichí, oíche cheoil, trivia as Gaeilge, drámaí Éireannacha, léachtaí, agus rannpháirtíocht sa mórshiúl Lá ‘Pádraig. Tionóladh Deireadh Seachtaine Gaeilge nach mór gach bliain ó bhí 1993 ann. Bhí sé ar siúl den chéad uair ag Ionad na Slánaitheorach (Redemptorist) i mbruachbhaile Oconomowoc, Wisconsin le cabhair ón Athair Peadar Ó Conghaile go dtí 2002. Tionóladh

Tarraingíonn taispeántas na Gaeltachta – ag bhfuil amhráin agus damhsa ar an séan-nós, ceachtanna Gaeilge, agallaimh bheirte agus lúibíní dátheangacha – slua mór daoine i gcónaí. Tá rogha mhór leabhar agus taispeántas ar an nGaeilge, agus eolas faoi ranganna Gaeilge i Meiriceá Thuaidh ar fáil i bpuball Chraobh Curtin de Chonradh na Gaeilge. D’éirigh go maith leis an gConradh mar go bhfuil baint againn le trí eagraíocht iontacha: Ionad an Léinn Cheiltigh d’Ollscoil WisconsinMilwaukee, Oideas Gael, agus Irish Fest Milwaukee.

Tuilleadh eolais: www.irishmilwaukee.org Is Cathaoirleach Chraobh Curtin é Daniel Schlitz

18

19


Ag ullmhú i dtreo na Nollag Risteard Ó Fuaráin ar clár na n-imeachtaí do dhaoine óga sna míonna amach romhainn

Tá Clubanna Ógras agus Óg-Ógras ó cheann ceann na tíre ar ais faoi lánseol. Tá na baill ag baint taitnimh as imeachtaí éagsúla, mar shampla cluichí forbartha agus foirne, Ciorcal Comhrá, spóirt, ealaín, drámaíocht, ceol, ceardlanna agus turais. Tá baill Ógras ag tnúth go mór le Scléip na hÓige a bheidh ar siúl mar chuid d’Oireachtas na Samhna i gCill Airne ó 1-3 Samhain 2017. Beidh deis acu bualadh le baill agus le heagrais eile, ag baint suilt as clár cuimsitheach d’imeachtaí ar a n-áirítear: • ceardlanna raidió, ióga, drumaí, drámaíochta, agus damhsa; • cluichí spóirt sa sacar, sa chispheil agus sa uni-haca; • turas thart ar Pháirc Naisiúnta Chill Airne; • comórtas BEO agus ceolchoirm Seo Linn; • tobdhamhsa i lár an bhaile; agus • An tÓgrastal, Cruinniú Cinnbhliana Ógras. Don chuid eile den bhliain beidh an eagraíocht an-ghnóthach le cúrsaí cinnireachta, cúrsa um chosaint páistí agus cúrsaí garrchabhracha ar fud na tíre. Beidh na clubanna ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge 2018 i mí an Mhárta agus i rith na tréimhse seo, beidh Seó Ardáin ar siúl á it a mbeidh deis ag baill na gclubanna a gcuid tallainne a chur os comhair an phobail mhóir. Ag deireadh na bliana, beidh Ógras ag féachaint i dtreo campaí samhraidh arís - bliain fhuadrach romhainne mar sin!

Cuir scéal ag mumhan@ogras.ie más spéis leat páirt a ghlacadh Is Oifigeach Forbartha le hÓgras é Risteard Ó Fuaráin

20 20


Caitlín Nic Íomhair ar ré nua don Siopa Leabhar agus imeachtaí go leor ar na mallaibh Ceapadh mé mar bhainisteoir nua ar an Tá idir oícheanta ceoil, thaifeadadh Siopa Leabhar ag tús Lúnasa, agus chuir beo ar phodchraoladh, sheoltaí leabhar mé romham réimse imeachtaí a chur agus cheardlann scríbhneoireachta sa tsiúl. Bhí tí lán againn do sheoladh do pháistí beartaithe idir seo agus an Athchuairt ar an Éigse le Declan Nollaig. Chomh maith, ar ndóigh, le Collinge, cnuasach filíochta a dhéanann scoth na leabhar agus na mbronntanas cur ‘s cúiteamh leis an traidisiún a chur ar fáil le linn mhargadh na Nollag! liteartha. Bhí an Siopa ag cur thar maoil Seolfar dhá aistriúchán úra de arís don dara imeacht (Oíche Chultúir) agus don treas (comhdháil ar Thomás chuid Asterix i bpáirt le páistí ó Ághas). Tháinig Darach Ó Seaghdha, Cóipeanna dá leabhar Motherfoclóir á síniú ag an Ghaelscoileanna áitiúla. Seolfar Nollaig údar an leabhair mhór-rachairte údar Darach Ó Séaghdha ins An Siopa Leabhar Ó Gadhra: Cuimhní Cairde ar 2 Nollaig Motherfoclóir, ar cuairt fosta le beart 2017. Cuirfear tús le club leabhar dá shaothar a shíniú go speisialta do chustaiméirí an tSiopa. míosúil sa Siopa i mí na Samhna fosta - fáilte roimh chách!

Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/siopa | 00 353 1 4783814 Is Bainisteoir ar An Siopa Leabhair í Caitlín Nic Íomhair


Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2017 Tá mórbhuíochas ag dul do mhuintir Rann na Feirste as fáilte chomh croíúil a chur roimh lucht an Tionóil go Gaeltacht Dhún na nGall ó 29 Meitheamh - 2 Iúil 2017. Bhí scoth na tallainne le feiceáil ag oscailt an Tionóil san Áislann Déardaoin a bhuí leis an gclub óige faoi stiúir Bhrídanna Ní Bhaoill, thug Eddie Joe Mag Aoidh muid go hOileán Ghabhla Dé hAoine, agus bhí siúlóid oidhreachta le Niall Mac Eachmharcaigh Dé Sathairn. Labhair Hannah Rua Ní Bhaoill, Hannah Ní Dhoimhín, Áine Ní Bhreisleáin agus Colm Ó Cearúil ar an téama Ag Buanú Phobail Ghaeltachta ag Seimineár an Tionóil fosta; ár mbuíochas leo. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/tionol Traenáil na gCumann D’fhreastail breis ’s 80 mac léinn ó 15 choláiste ar Thraenáil na gCumann agus na nOifigeach Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 13-14 Deireadh Fómhair 2017. Cuireann Conradh na Gaeilge traenáil ar fáil do bhaill choiste na gcumann Gaelach agus do na hoifigigh Ghaeilge tríú leibhéal timpeall na tíre in éineacht le hAMLÉ, le Glór na nGael agus leis an Roinn Oideachais & Scileanna gach bliain. Eagraíodh ceardlanna spéisiúla thar an deireadh seachtaine mar aon le hóráidí ó aoichainteoirí éagsúla. Bhain na mic léinn an-sult as an deis aithne a chur ar chéile agus smaointí nua a fháil; buíochas le hachan Craobh a d’fhreastail air. Tuilleadh eolais: scoil@cnag.ie Eolas faoin Fhoireann Fáiltím roimh Chaitlín Nic Íomhair a ceapadh ina bainisteoir ar An Siopa Leabhar le déanaí. Is as Co. an Dúin di agus i ndiaidh di a bheith ag obair mar mhúinteoir deonach, rinne sí céim BA sa Léann Éireannach agus PhD i bhfilíocht na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá sí freagrach as stoc a ordú, earraí a cheannach, imeachtaí a chur ar siúl do gach aoisghrúpa, agus pobal na Gaeilge a spreagadh chun léitheoireachta ina ról nua ag 6 Sráid Fhearchair. Cuidíonn sí le foghlaimeoirí atá ag lorg comhairle agus áiseanna, agus tá sí ar fáil i gcónaí má tá ceist ag ball ar bith faoi chúrsaí litríochta. Teagmháil: caitlin@cnag.ie | 00353 (0)1 4783814 | www.cnag.ie/siopa Fáiltím fosta roimh Shomhairle Mag Uidhir, Feidhmeannach Taighde & Anailíse nua dár gcuid. Is as Béal Feirste do Shomhairle, áit ar tógadh le Gaeilge é. Tá MSci sa Mhatamaitic aige ó Ollscoil na Banríona, agus tá MA sa Pholaitíocht á déanamh aige san ollscoil chéanna faoi láthair. Déanann sé taighde agus anailís ar cheisteanna teanga ina ról nua, agus tacaíonn an obair seo le feachtais Ghaeilge agus Ghaeltachta éagsúla. Bíonn aighneachtaí á scríobh, ceisteanna parlaiminte á gcur, agus monatóireacht á déanamh aige ar reachtaíocht agus ar na córais pholaitiúla thuaidh theas. Más mian leatsa ceist parlaiminte a chur, nó dá gcabhródh taighde ar leith leis an Chraobh, cuir scéal chuige. Teagmháil: somhairle@cnag.ie | 00 353 1 4757401 | 00 44 28 90315647 Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Alswyn Ní Aonghusa-Ní Dhúill atá ina Comhordaitheoir Tríú Leibhéal linn anois freisin. Is as Co. Chill Dara ó dhúchas í Alswyn. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sna Meáin ó Ollscoil Mhá Nuad, áit a raibh sí ina Leas-Uachtarán ar Chuallacht Cholmcille. Is é an ról atá aici anois ná tacaíocht agus comhairle a thabhairt do na cumainn Ghaelacha agus d’oifigigh Ghaeilge sna coláistí tríú leibhéal timpeall na tíre. Má tá cabhair ag teastáil ó Chraobh nó ó chumann ar bith le feachtas nó le himeacht a reáchtáil, déan teagmháil léi. Teagmháil: alswyn@cnag.ie | 00 353 85 1519230 Chomh maith leis sin, tá Pól Ó Finn tosaithe linn mar Chomhordaitheoir Dara Leibhéal. Is as Dún Dealgan, Co. Lú é Pól ach bhain sé a chéim amach in Ollscoil Luimnigh. Mar aon le hAlswyn, tá ról ag Pól ag cur tacaíochta agus comhairle ar fáil do na cumainn Ghaelacha agus d’oifigigh Ghaeilge, ach ag an dara leibhéal. Tá sé freagrach as imeachtaí a chomhordú sna hiarbhunscoileanna, i gclubanna óige, agus le grúpaí pobail. Cabhraíonn Pól le Gael-Linn chun an scéim Gaelbhratach a reáchtáil, agus le Gaeilge24 a chur ar siúl sna meánscoileanna. Bíonn an Seó Bóthair faoi stiúir aige fosta; más spéis le Craobh an cheardlann idirghníomhach seo faoin Ghaeilge a eagrú i scoil áitiúil, déan teagmháil leis: Teagmháil: pol@cnag.ie | 00 353 87 0534955 | www.cnag.ie/seobothair Mar fhocal scoir, is é Dónal Ó Gallachóir atá ceaptha ina Fhorbróir Ardán Ilmheán i gcomharba ar Dháire Ó Faogáin, atá ag feidhmiú mar Fheidhmeannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta anois. Rugadh agus tógadh Dónal Ó Gallachóir san ardchathair, é ag freastal ar UCD dá bhunchéim sa Ghaeilge agus sa Stair, agus dá mháistreacht i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge. Tá Dónal i bhfeighil ar an suíomh PEIG.ie, áis a chuireann nuacht agus imeachtaí ar fáil do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear. Réitíonn sé an nuachtlitir laethúil agus bíonn ag plé le haip PEIG.ie mar aon leis na meáin shóisialta. Más mian leatsa nó leis an Chraobh imeacht a phoibliú ar PEIG, cuir scéal chuig peig@cnag.ie. Teagmháil: donal@cnag.ie | 00 353 1 4757401 | www.peig.ie

22


Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Samhain 2017  
Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Samhain 2017  

Clár na Nuachtlitreach: 2 Seimineár an Oireachtais 3 Focal ón Uachtarán 4 Nuacht ón Ard-Rúnaí 5 Cartlann an Chonartha 6 Cúige Chonnacht 7 A...