An Timire - Earrach 2016

Page 32

32

IM LEABHARLANN DOM Caillte i gConamara

Scéalta Aniar / Lost in Connemara, Stories from the Irish Arna roghnú ag Brian Ó Conchubhair Cló Iar-Chonnacht

Praghas €15

Léirmheas le: hIan Ó Caoimh

Is iad na cúig ghearrscéal atá sa chnuasach seo: ‘Páidín Mháire’ le Pádraic Ó Conaire (aistrithe ag Diarmuid de Faoite), ‘Beirt Eile’ le Máirtín Ó Cadhain (Louis de Paor agus Lochlann Ó Tuairisg), ‘Na Déithe Luachmhara Deiridh’ le Pádraig Breathnach, (aistrithe ag an údar), ‘Lá Cairde’ le Joe Steve Ó Neachtain (Mícheál Ó hAodha) agus ‘Caillte i gConamara’ le Micheál Ó Conghaile (tiontaithe ag Katherine Duffy). Is san ord sin agus ceann i ndiaidh a chéile a chuirtear i láthair an léitheora iad agus ní ar aghaidh an bhunleagain amach atá na haistriúcháin le léamh ach mar shraith astu féin arb ionann agus dara leath an leabhair iad. Léiriú is ea an méid sin féin nach ar an bhfoghlaimeoir go príomha atá an leabhar dírithe ach ar an duine a mbeadh go leor Gaeilge aige nó aici chun tabhairt faoi na bunleaganacha roimh chromadh ansin ar na leathbhádóirí Béarla (nó an bealach eile timpeall, fiú). De bhreis ar na scéalta féin tá réamhrá Bhriain Uí Chonchubhair curtha ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus ní hionann ar fad an méid a deir sé ná na sleachta agus na foinsí a luann sé sa dá leagan. (Cuimhneoidh léitheoirí ar an gcur chuige céanna in An Ghaeilge san Aois Nua / Irish in the New Century le Michael Cronin (Cois Life 2005).) Cén bunús atá lena leithéid? ‘The Quest for Authentic Cultural Experiences in Connemara’ teideal réamhrá an Bhéarla, agus

Timire SPRING 2016.indd 32

‘Ababúna Conamara’ atá ar cheann na Gaeilge. Faoi mar nach ionann ar fad aon aistriúchán ar ábhar liteartha mar atá i gcorp an leabhair seo agus an bunleagan óna n-eascraíonn, nod don léitheoir is ea modh Uí Chonchubhair faoin gcaoi ar cheart tabhairt faoin ngaol idir na scéalta Gaeilge agus Béarla – nach é an saothar baileach céanna atá os ár gcomhair siocair é a bheith i dteanga eile, dá chruinne atá an t-aistriúchán. Is minic an ‘Ababúna’ sin i mbéal Chaitríona Pháidín in Cré na Cille agus is faoi scáil an úrscéil sin agus fuarchúis Mháirtín Uí Chadhain atá Caillte i gConamara, nó tá sé mar sprioc leis an leabhar gnáthshaol laethúil an cheantair a chur i láthair gan scáil gan eagla, olc, maith nó measartha. An t-olc atá i dtreis don gcuid is mó. Gearrscéalta traidisiúnta réalaíochais is ea na scéalta seo agus i ngach cás tarlaíonn cor cinniúnach i saol na gcarachtar, ar athrú chun donais a bhíonn ann de ghnáth. Tá níos mó ná scéal amháin anseo ina músclaítear nósmhaireachtaí traidisiúnta nó béaloidis mar bhealach chun déileáil leis an saol atá ag dul i ndoiléire: an caidreamh idir máthair agus mac is cás le Joe Steve Ó Neachtain, cuir i gcás, agus glúin agus dearcadh saoil an tuismitheora a bheith ag síothlú. D’fhéadfaí a rá gur ábhar éadóchais don léitheoir an ghné dhuairc seo a bheith chomh láidir sin sna scéalta ar fad ó iarracht Uí Chonaire i leith, ach os a choinne sin tá léaró éigin sóláis i scéal Phádraic Breathnach ina gceiliúrann an príomhcharachtar liosta de ghnéithe dá saol mar a bheadh liodán ann, geall leis.Ní éiríonn i gcónaí le cnuasaigh a eagraítear ar bhonn téamúil agus is chun tairbhe an bhailiúcháin áirithe seo nach aon téama cúng amháin an snáth ceangail atá idir na hiarrachtaí ann, ach gurb é an réigiún leithleach as a n-eascraíonn na scéalta an rud a nascann iad. Díol suntais go ndeirtear

10/02/2016 11:22


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
An Timire - Earrach 2016 by Conradh na Gaeilge - Issuu