
4 minute read
Lá ‘le Pádraig Liam Ó Cuív
Liam Ó Cuiv MISNEACH AN CHREIDIMH
“an dream a chreideann: caithfi dh siad deamhain amach i m’ainmse, .........tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóibh.”
Ar ócáid mar seo, agus féile Aspail Éireann á cheiliúradh againn, ní foláir dúinn ceist a chur orainn féin: Cad atá le rá ag Pádraig Naofa linne san aois seo?
Níl aimsithe againn ach dhá scríbhinn de chuid an naoimh: an Confessio, Mise Pádraig ina léiríonn sé an glaoch a fuair sé ó Dhia agus a chuid saothair, agus an Epistola, an litir chuig Coroticus, a bhí ina thaoiseach ar bhuíon saighdiúirí a rinne scrios in Éirinn le linn thitim Impireacht na Róimhe sa Bhreatain Mhór.
Tugann Pádraig aghaidh sa litir chuig Coroticus ar eachtra a tharla sa 5ú haois. Is amhlaidh a rinne creachadóirí ón mBreatain léirscrios ar Éirinn gur mharaigh siad fi r agus mná, agus gur thóg siad daoine eile ina mbraighdeanaigh, agus Críostaithe a bhí nuabhaiste ag Pádraig féin ina meascsan.
Theastaigh ó Phádraig náire, uamhan, eagla agus aithrí a mhúscailt i gcroí Coroticus a bhí páirteach sa léirscrios, san fh uadach agus sa dúnmharú, in ainneoin é a bheith ina bhall den Eaglais. Tá sé soiléir go raibh Pádraig ar an eolas faoin eachtra. An lá dar gcionn seolann sé sagart a raibh an-mhuinín aige as agus cléireach eile ina theannta le litir uaidh ag iarraidh go saorfaí na nua-chríostaithe a bhí gafa acu. Ní raibh de thoradh ar a n-iarracht ach gur deineadh magadh fúthu.
Bhí an creideamh a mhúin Naomh Pádraig dúinn bunaithe ar an Tríonóid Naofa. De réir an teagaisc sin, creidimid go bhfuil dlúthbhaint againn leis an Tríonóid Naofa ar neamh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh, agus gur deartháireacha agus deirfi úracha sinn i gCorp Chríost. Dar le Pádraig, na daoine a rinne na feillbhearta sin, scar siad iad féin óna gcomhCríostaithe agus ó Chríost.
Deir Pádraig go síothlófar ó láthair an Tiarna iad siúd a dhéaneann mná, a raibh an baiste faighte acu, a roinnt mar bhronntanais ar mhaithe le ríocht suarach saolta nach maireann ach nóiméad agus atá mar scamall nó mar deatach a scaiptear leis an ngaoith.
Tugann an litir chuig Coroticus chun cuimhne eachtraí atá ag titim amach sa lá atá inniu ann. Ag machnamh dúinn ar a bhfuil sa litir seo cuireann sé i gcuimhne dúinn a bhfuil ráite agus scríofa ag an bPápa Proinsias. Is minic le déanaí go
bhfuil a ghuth ardaithe ag an bPápa chun sclábhaíocht nua na haimsire seo, an gháinneáil a cháineadh.
Fiú sular toghadh ina Phápa é agus é ina Ardeaspag ar Buenos Aires dúirt sé, in ionad a bheith curtha ar ceal, go raibh an sclábhaíocht coitianta inniu mar go raibh mná á ngabháil chun droch-úsáid a bhaint astu agus go raibh a maorgacht á scrios.
Scríobhann an Pápa ina imlitir Evangelii Gaudium mar chosaint dóibh siúd atá leochaileach:
“Goilleann sé go mór orm an cruachás ina mbíonn daoine go ndéantar gáinneáil orthu. Is é mo ghuí go gcloisfeadh gach uile dhuine againn glór Dé á rá: ‘Cá bhfuil do bhráthair?’ (Gein 4:9) Cá bhfuil do dheartháir nó do dheirfiúr atá ina dhaor? Cá bhfuil an deartháir agus an deirfiúr atá á marú agat gach lá sa mhonarcha bheag rúin, i gcóras an striapachais, sna páistí a mbaineann tú éadáil astu ag déircínteacht, an té nach mór dó a bheith ag obair faoi rún mar nach bhfuil na páipéirí cearta aige? Ná bímis ag ligean orainn...Is ceist í do chách!” (211)
Ba ar chothrom an lae seo, 17 Márta na bliana 2014, a síneadh conradh sa Vatacáin an Global Freedom Network, chun deireadh a chur leis an sclábhaíocht agus leis an ngáinneáil. Ag tús na bliana seo mhol an Pápa an méid oibre a dhéanann comhthionóil rialta - go mór mór mná – chun aghaidh a thabhairt air seo. Ba chóir dúinn bheith an-bhródúil go bhfuil mná na hÉireann ina measc.
Ba é Pádraig Naofa a shaothraigh chun deamhain na sclábhaíochta a chloí. Ní raibh eagla air nathracha nimhe na haoise a láimhseáil. An grá Dé agus an chrógacht a bhí ann, stiúir siad é chun a dhícheall a dhéanamh ar son mhuintir na tíre seo fadó.Tá an grá céanna á nochtadh sa tír seo inniu, mar shampla iontu siúd a bhunaigh agus a reáchtaíonn Ruhama ar son na mban a bhfuil cabhair agus cosaint faoi leith ag teastáil uathu lenár linn.
Ná habraimis, “Ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.” Tá cabhair ó neamh trí idirghuí Phádraig ar fáil dúinn chun leanaí agus mná a chosaint.
A Phádraig, a chuala guth na nGael ag impí ort filleadh ar ais, agus a las an creideamh inár gcroí, tar i gcabhair orainn arís.
Seanmóir é seo a thug an tAthair Liam Ó Cuív san Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath Lá Fhéile Pádraig 2015.
Foclóirín: gáinneáil = ‘trafficeáil’; fuadach = duine nó rud a ghabháil is a thabhairt leat; maorgacht = dínit