14
Liam Ó Cuiv
MISNEACH AN CHREIDIMH
“an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m’ainmse, .........tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóibh.” Ar ócáid mar seo, agus féile Aspail Éireann á cheiliúradh againn, ní foláir dúinn ceist a chur orainn féin: Cad atá le rá ag Pádraig Naofa linne san aois seo? Níl aimsithe againn ach dhá scríbhinn de chuid an naoimh: an Confessio, Mise Pádraig ina léiríonn sé an glaoch a fuair sé ó Dhia agus a chuid saothair, agus an Epistola, an litir chuig Coroticus, a bhí ina thaoiseach ar bhuíon saighdiúirí a rinne scrios in Éirinn le linn thitim Impireacht na Róimhe sa Bhreatain Mhór. Tugann Pádraig aghaidh sa litir chuig Coroticus ar eachtra a tharla sa 5ú haois. Is amhlaidh a rinne creachadóirí ón mBreatain léirscrios ar Éirinn gur mharaigh siad fir agus mná, agus gur thóg siad daoine eile ina mbraighdeanaigh, agus Críostaithe a bhí nuabhaiste ag Pádraig féin ina meascsan. Theastaigh ó Phádraig náire, uamhan, eagla agus aithrí a mhúscailt i gcroí Coroticus a bhí páirteach sa léirscrios, san fhuadach agus sa dúnmharú, in ainneoin é a bheith ina bhall den Eaglais.
Timire SPRING 2016.indd 14
Tá sé soiléir go raibh Pádraig ar an eolas faoin eachtra. An lá dar gcionn seolann sé sagart a raibh an-mhuinín aige as agus cléireach eile ina theannta le litir uaidh ag iarraidh go saorfaí na nua-chríostaithe a bhí gafa acu. Ní raibh de thoradh ar a n-iarracht ach gur deineadh magadh fúthu. Bhí an creideamh a mhúin Naomh Pádraig dúinn bunaithe ar an Tríonóid Naofa. De réir an teagaisc sin, creidimid go bhfuil dlúthbhaint againn leis an Tríonóid Naofa ar neamh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh, agus gur deartháireacha agus deirfiúracha sinn i gCorp Chríost. Dar le Pádraig, na daoine a rinne na feillbhearta sin, scar siad iad féin óna gcomhCríostaithe agus ó Chríost. Deir Pádraig go síothlófar ó láthair an Tiarna iad siúd a dhéaneann mná, a raibh an baiste faighte acu, a roinnt mar bhronntanais ar mhaithe le ríocht suarach saolta nach maireann ach nóiméad agus atá mar scamall nó mar deatach a scaiptear leis an ngaoith. Tugann an litir chuig Coroticus chun cuimhne eachtraí atá ag titim amach sa lá atá inniu ann. Ag machnamh dúinn ar a bhfuil sa litir seo cuireann sé i gcuimhne dúinn a bhfuil ráite agus scríofa ag an bPápa Proinsias. Is minic le déanaí go
10/02/2016 11:18