Issuu on Google+

Lúnasa 2013

• Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh • Saíocht an tSionnaigh, gearrscéal le Mícheál Ó Coisdealbha • An Limerick Gaeilge (Cuid 2) le Gearóid Ó Clérigh • Punt Isló, Dhá Chlog ag Bualadh & Ó Fhocal go Focal á léirmheas ag Mícheál Ó Ruairc • Cosa Gréine le Diarmaid Ó Súilleabháin, á mheas ag Máirín Nic Eoin • Oibilisc na Bóinne le hArt Ó Maolfabhail • Éiceolaí le Biddy Jenkinson • Grá gan Titim: Grá Comhaimseartha le Muiris Ó Meara agus go leor eile • Íomhá chlúdaigh: An Snámhaí Nádúrtha le Blawnin Clancy

€5

Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 8 ISSN 0014-8946


— Clár —

T

• Eagarfhocal: Tarcaisne i gceann na hÉagóra! .................... 4 • Smaointe Polaitíochta: Scúip Nuachta, Comhairleoirí agus Polaiteoirí le Seán Ó Loingsigh ......................................... 5 • Dánta le Pádraig Ó Roidigh ............................................... 6 • Saíocht an tSionnaigh, scéal le Mícheál Ó Coisdealbha .... 7 • Dánta le Séamus Barra Ó Súilleabháin .............................. 8 • An Limerick Gaeilge: Stair agus Réamhstair (Cuid 2) le Gearóid Ó Clérigh ............................................................. 9 • Ó Rinn Go Sáil 3: Dialann Tuaithe le Diarmuid Ó Gráinne, á léirmheas ag Seán Ó Ceallaigh ......................................... 12 • Anseo agus Ansiúd ................................................... 13 & 16 • Punt Isló le Maidhc Dainín Ó Sé, Dhá Chlog ag Bualadh le Louis Mulcahy, Ó Fhocal go Focal - ceárta na filíochta le Dolores Stewart, á léirmheas ag Mícheál Ó Ruairc ......... 14 • Cosa Gréine le Diarmaid Ó Súilleabháin: Máirín Nic Eoin a sheol i gClub na Múinteoirí ar an 16 Feabhra 2013 ......... 17 • An Bhratach – agus Oibilisc na Bóinne, Giota Dearmadta Staire, le hArt Ó Maolfabhail ........................................... 20 • Na hÓglaigh Eile le hAindrias Ó Cathasaigh .................... 22 • Éiceolaí (nó file os comhair cúirte) le Biddy Jenkinson ..... 24 • Grá gan Titim: Grá Comhaimseartha, Muiris Ó Meara ... 25 • Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa .................................. 26 © Feasta agus na Scríbhneoirí • Clúdach: An Snámhaí Nádúrtha/ Helvick Swimmer, ola ar chanbhás, 40 x 30 cm © Blawnin Clancy ar fáil san JOAN CLANCY GALLERY Maoil a’ Choirnigh, An Rinn, Co. Phort Láirge (058) 46205 / 086 813 4597 www.joanclancygallery.com / info@joanclancygallery.com

Eagarfhocal Lúnasa 2013

á an méid sin déanta. Tá an tréimhse chomhairliúcháin agus an t-idirphlé maidir le córas nua maoinithe do na heagrais Ghaeilge thart. Ó mhí Iúil na bliana seo chugainn beidh córas nua bunmhaoinithe i bhfeidhm do sé cheann-eagraíocht a bheidh freagrach as Gaeloideachas, oideachas in earnáil an Bhéarla, forbairt pobail, deiseanna leis an Ghaeilge a úsáid, ardú feasachta agus deiseanna do dhaoine óga maidir le húsáid na teanga. D’fhógair Foras na Gaeilge, a bheartaigh an cur chuige nua seo, bíodh gurb í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a ghlac an cinneadh, go bhfuil deireadh anois leis an éiginnteacht, an imní, agus an míshuaimhneas a bhí ag goilliúint ar na heagrais agus ar phobal na Gaeilge le cúig bliana anuas. Dá mb’amhlaidh go mbeadh sé sin fíor! I ndáiríre, tá curtha go mór leis an míshuaimhneas agus leis an imní. Murab é ag cur an tarcaisne i gceann na héagóra go díreach atá i gceist, tá lúcháir an Fhorais míchuí sa chás seo.

Tar éis a bhfuil de bhlianta caite ag ionramhaíl leis an gceist is beag de dhifear idir a bhfuil beartaithe anois agus a bhí an chéad lá riamh, agus nuair a deir an Foras ina bpreasráiteas ‘go gcaithfidh muid ar fad obair go dlúth le chéile le cinneadh an CATT a chur i bhfeidhm’, níl sé éasca gan a mheas gurb é atá ann, i ndáiríre, an Foras na Gaeilge ag cur a dtoil i bhfeidhm ar na heagrais dheonacha, ag cur in iúl dóibh gur de réir mar a threoraítear dóibh a fheidhmeoidh siad feasta.

REiviú den Smaointeachas Éireannach litríocht, eolaíocht, polaitíocht

Ar ndóigh tá na gnáthghothaí i gceist. Beidh comhpháirtíocht agus comhoibriú ann i gcónaí idir an Foras agus na ceanneagraíochtaí, agus bunófar Fóram Comhpháirtíochta chun é sin a thabhairt i gcrích. Murab amhlaidh nár leor aon fhóram amháin beidh an dara ceann ann, Fóram Forbartha Teanga, chun freastal ar an gcéad cheann — ‘aischothú’ an téarma a úsáidtear. Grúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag an bhForas a bheidh páirteach ann. Cé hiad féin?

• Feasta tríd an bpost!

12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den Eoraip) Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí. 353-(0)87-2421267 Suíomh idirlín: www.feasta.ie

• Eagarthóir

Rithfeadh le duine réasúnta gur ag cur leis an maorlathas atáthar anseo in áit a bheith á laghdú, mar a fhéadfaí a bheith ag súil leis. Ach thar aon ní is deacair a shamhlú conas a fhéadfadh na heagrais dheonacha a ndea-thoil a léiriú maidir lena bhfuil i gceist, nó go mbeadh ar a gcumas glacadh leis go mbeidh leas na teanga mar thoradh air.

Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire. Fón: 353-(0)66-7124169. Ríomhphost: feasta@eircom.net

• Foilsitheoirí

Tá a n-imní curtha in iúl cheana féin ag cuid de na heagrais. Tá cuid eile díobh nár léirigh a dtuairimí go fóill. Níorbh ionadh dóibh a bheith cáiréiseach, nó go mbeadh a n-aird dírithe ar cad a bheadh ar a gcumas a tharrtháil as an smionagar.

www.feasta.ie

CoNRADh NA GAEiLGE Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

3

Feasta, Lúnasa 2013


M

is cinnte nár chuir craoladh na dtéipeanna le pé dea-thoil atá fágtha dúinn, …

í ó shin anseo bhíothas ag plé an ghné sin den pholaitíocht a luaitear ‘an stróc’ leis, go háirithe anseo in Éirinn. Ní mór ná gurb é a chomhionann i saol na meán cumarsáide ná ‘an scúp’. Ní hionann agus an stróc, ar ndóigh, ní in Éirinn amháin a bhíonn tuairisceoirí agus iriseoirí ag faire amach don scúp. Níl tír sa domhan nach mbíonn lucht nuachtán ag tnúth leis. I laethanta seo na gannchúise, nuair atá nuachtáin faoi bhrú, agus an díolachán ag titim, is mó fáilte ná riamh a bhíonn roimh an scúp nuair a thagann sé an treo. Ná bítear in aon amhras, mar sin, faoi na sceitimíní i measc lucht nuachta an Irish Independent nuair a fuair siad greim ar an scéal faoi na téipeanna iomráiteacha a léirigh ardfheidhmeannaigh an Bhainc Angla-Éireannaigh ag comhrá ina measc féin díreach sula ndeachaigh banc an droch-chlú tóin thar ceann. Agus, ar ndóigh, bhain gairbhe agus míchuibheas na cainte geit as an lucht éisteachta. Ach nár chuir sé go mór le drámatacht an scéil! Ach céard é an tábhacht a bhaineann leis na téipeanna i ndáiríre? Is ar éigean go gcuireann siad mórán lena bhfuil ar eolas againn cheana féin faoinar tharla do bhainc na tíre seo. Is cinnte go dtugann siad chun cuimhne arís an géarcháineadh a rinne iar-ambasadóir na Gearmáine ar mhuintir na hÉireann roinnt bheag blianta ó shin, nuair a dúirt sé go raibh ár gcuibheas agus ár ndínit mar phobal á gcailliúint againn, go raibh an baol ann go raibh an rachmas tobann tar éis dul i bhfeidhm orainn agus nach go rómhaith a bhíomar in ann é iompar. Ní nach ionadh, níor thaitin a raibh le rá ag an iar-ambasadóir linn: ach an raibh an ceart aige? Ceist eile a éiríonn maidir leis ná téipeanna, lena bhfoilsiú thar tréimhse seachtaine, agus thar aon ní lena gcraobhscaoileadh ar na haerbhealaí, ná an dochar a rinne siad do stádas na tíre seo go hidirnáisiúnta. Is eol do chách chomh mór agus atáimid ag brath ar dhea-thoil, agus thar aon ní, ar iasachtaí, go háirithe ón Aontas Eorpach faoi láthair. An raibh sé riachtanach i ndáiríre a raibh le rá ag an daoscar sin sa Bhanc Angla-Éireannach faoin nGearmáin, agus an maslú a www.feasta.ie

Smaointe Polaitíochta

mór i gceist, go mór mór na laethanta seo nuair atá deacrachtaí díolacháin ag cur as do go leor nuachtán. Sin go díreach an áit a dtagann an scúp i gceist. Arís, má theastaigh an bhéim ba mhó a b’fhéidir a leagan ar an scéal mór seo, bhí sé riachtanach an é a ligean amach go hamh, drochchaint agus maslacht agus dá mhéid díobh araon sea a b’fhearr, pé an ar nuachtán é, nó ar raidió nó teilifís. Ach bheadh sé suimiúil a fháil amach ar rinne an Irish Independent aon teagmháil leis an rialtas sular foilsíodh an scéal seo, mar is cinnte gur léir dóibh go raibh leas na tíre agus ár gcaidreamh le tíortha Eorpacha, go háirithe leis an nGearmáin, bainteach leis an scéal agus go raibh ár ndea-chaidreamh leis na tíortha san á chur i mbaol.

Seán Ó Loingsigh

Agus an bhfuil aon mhéadú tagtha ar scaipeadh an Irish Independent de thoradh an scúip seo? deineadh ar a hamhrán náisiúnta a ligean amach ar an aer, nuair ba léir an dochar a leanfadh dá bharr. Is cinnte nár chuir craoladh na dtéipeanna le pé dea-thoil atá fágtha dúinn san Eoraip, agus go háirithe sa Ghearmáin féin.

Is eol dúinn freagra na ceiste sin. Ní ghlacann na meáin, pé acu an iad na meáin chlóite nó na meáin chraolta iad, le haon teora nó aon laincis maidir le ceart an phobail go mbeadh an t-eolas iomlán ar fáil dóibh. Ceart dosháraithe eile, ar ndóigh, is ea ceart na meán gan foinse an eolais a thabhairt agus, gan amhras, bheadh an ceart sin i gceist sa chás seo chomh maith céanna. Thuigfí, ar ndóigh, go seasfadh na meáin chumarsáide go daingean leis na cearta seo. Tar éis an tsaoil, i gcoitinne, ní shéantar dóibh ach i gcás gur deachtóir a bhíonn i gceannas.

Gan amhras, ní luann lucht nuachtán ná craoltóirí go mbíonn a leas tráchtála go 4

Is ceist chasta agus leochailleach í seo, is léir. Focal is ea ‘trédhearcacht’ atá go mór in úsáid, agus bíonn míle murdar ann má chuirtear isteach ná amach ar chearta an phreasa pé scéala is rogha leo a fhoilsiú.

An bhfuil suim caillte ann cheana féin, agus gan i gceist leis anois ach iarsma eile de thubaist na mbanc? Agus an bhfuil aon mhéadú tagtha ar scaipeadh an Irish Independent de thoradh an scúip seo? ——◊—— í bheadh a lán daoine sa tír seo a mbeadh suim sa pholaitíocht acu nach mbeadh cuimhne ghlé acu ar chlár teilifíse ar BBC Shasana siar amach in ochtóidí an chéid seo caite. Bhí dhá shraith i gceist, i ndáiríre, ‘Yes Minister’ an chéad cheann agus an dara ceann ‘Yes Prime Minister’, nuair a deineadh príomhaire gan choinne den Aire Góthaí Riaracháin Jim Hacker.

N

Clár aoire a bhí i gceist go bunúsach, a bhain leis an gcoimhlint leanúnach idir pholaiteoirí agus ard-státseirbhísigh. Ba ghnách, ar ndóigh, an lámh in uachtar ag Sir Humphrey, Rúnaí Buan na Roinne. Bhí seantaithí aige ar pholaiteoirí, agus ar an gcóras polaitíochta agus ar an gcóras riaracháin araon, ná níorbh é Jim an polaiteoir b’éirimiúla a tháinig riamh an treo ach oiread.

Bhí an triú carachtar ann, áfach, a bhfuil níos mó tábhachta leis maidir lena bhfuil i gceist anseo. Ba é Bernard an rúnaí pearsanta a bhí ag Jim Hacker. Ba

Feasta, Lúnasa 2013


Séard is mó imní ná an chumhacht an-mhór atá anois ag na comhairleoirí speisialta!

ghnáth-státseirbhíseach é Bernard, agus go leor tuisceana aige ar mheon agus ar mhodhanna oibre na hinstitiúide sin. Ba léir gur éirigh sé ceanúil ar an aire, agus ba mhinic é ag tabhairt nod dó conas an poll a bhí Sir Humphrey ag tochailt dó a sheachaint.

mhífhabhar don Aire a sheachaint nó a chur ó dhoras.

Is cinnte go bhfuil sé athraithe ó bhun barr anseo in Éirinn, cé go mbíodh an córas anseo ar aon dul leis an gcóras sa Bhreatain nuair a bhí Jim Hacker ina aire nó ina phríomhaire. Bheadh an t-aire ag brath, beagnach go huile, ar státseirbhíseach a cheapfaí mar rúnaí dó.

Ach, i ndáiríre, séard is mó imní ná an chumhacht an-mhór atá anois ag na cúntóirí agus na comhairleoirí speisialta. Is minic cúlbhinseoirí, ó thaobh an rialtais go háirithe, ag gearán faoina laghad tionchair atá acu ar conas mar a fheidhmíonn an rialtas. Go deimhin, is gearán é a deintear faoin Dáil i gcoitinne. An bhfuil cuid mhór den chumhacht sin anois i lámhaibh an dreama nua seo? An mbaineann dainséar leis sin?

Ach séard atá suntasach anois ná gurbh é Bernard an t-aon rúnaí a bhí aige, ní hamháin chun obair rúnaíochta a dhéanamh agus na comhaid a choinneáil in ord dó, agus a leithéid eile, ach ba mhinic é ag brath air chun comhairle a chur air. Ní heol dom an mar sin atá sa Bhreatain fós, ach b’ionadh é mura bhfuil sé athraithe.

Féach inniu conas mar atá cúigear nó seisear cúntóirí, nó comhairleoirí, nó rúnaithe príobháideacha ag freastal ar an Aire, nó ar an Aire Stáit, chun comhairle a sholáthar dó maidir le gach gné dá chuid oibre. Is cosúil gur cuid mhór dá gcúram é, ní hamháin faisnéis a sholáthar don Aire, ach chomh maith céanna conas déileáil leis na ceisteanna nó ócáidí achrannacha polaitiúla a éiríonn ó lá go lá, agus i gcónaí aon

Roinnt míonna ó shin deineadh tagairt anseo do chlár teilifíse a rinne RTÉ, a léirigh go beacht conas mar a fheidhmigh oifig an Aire Oideachais Ruairí Quinn go háirithe, i gcomhpháirt lena chúntóirí príobháideacha. Mar a dúradh ag an am séard, a rithfeadh leat ná gur ceann de phríomhdhualgais na gcúntóirí ná loinnir a choinneáil le híomhá an Aire.

I gcás na gnáth-státseirbhíse is féidir a bheith cinnte nach aon mhórfháilte atá acu roimh an aicme nua seo. Mura

GONTA le Alex Hijmans. Cois Life. €14 á mheas ag Katie McGreal

Nigel Hawthorne mar Sir Humphrey (lár) le Derek Fowlds mar Bernard Woolley (clé) agus Paul Eddington mar an Aire Jim Hacker i sraith ghrinn an BBC sna 80í.

Níl cuimhin liom cén rialtas a bhí i gceannas nuair a ceapadh an dream nua seo an chéad lá, ach ritheann sé liom gur Fianna Fáil a bhí i gceist — Bertie Ahern, b’fhéidir? Ach, ar ndóigh, tá a líon agus a gcostas méadaithe as cuimse ó shin.◊ ◊

Toisc gur gearrscéalta iad ar fad, is léargas scioptha a fhaighimid ar shaol na ndaoine seo, ach tugann sé ábhar machnaimh dúinn. Tá na scéalta ar fad scríofa i nGaeilge shimplí réidh ach tá sé soiléir go bhfuil Gaeilge Chonamara ag Alex. Cuireann sé Gaeilge ar fhocail Bhéarla nó drochfhocail – ‘a chuint’, ‘a chuntanna’. Is deas an rud é freisin rudaí a deirim agus a chloisim go minic a fheiceáil sa scríbhneoireacht - ‘ruainne beag bídeach’ agus ‘i ndáiríre píre’. Is léiriú an-mhaith iad na scéalta seo nach gcaitheann duine gach focal a thuiscint chun an scéal féin a thuiscint. Níor ghá domsa gach droch rud a rinne Pedro sa scéal ‘Dréimire na Cumhachta’ a thuiscint len bhraith gur drochrudaí a bhí ar siúl aige. In 2011, chuir Alex a chéad úrscéal amach, Aiséirí. Bhí an scéal bunaithe ar an am a chaith sé i nGaillimh mar úinéir caifé. B’fhearr liomsa an cnuasach gearrscéalta seo, toisc go dtugann sé léargas dom ar shaol daoine áirithe, agus is saol é nach mbeadh tuairim agam ina thaobh. Is deas an rud é foghlaim faoi shaol agus faoi chás daoine eile.

Seo an chéad chnuasach gearrscéalta atá curtha amach ag an Ollannach, Alex Hijmans. Tá na scéalta lonnaithe sa tír ina gcónaíonn sé, an Bhrasaíl. Tugann sé léargas iontach dúinn ar shaol na ndaoine ansin. Casaimid le meascán ollmhór díobh – daoine óga a chónaíonn i bhfavela a ghlacann le foréigean óna gcairde, seandaoine a bhfuil leigheas acu ar gach rud, agus máthair singil atá buartha faoina mac san áireamh. D’éirigh le Alex tuairimí agus mothúcháin na ndaoine seo a chur trasna ar bhealach simplí agus deas. Tá deireadh iontach, nach mbeadh tú ag súil leis, i gcás an chuid is mó de na scéalta. Scéal áirithe, níor thuig mé a dheireadh go dtí cúpla uair a chloig i ndiaidh dom é a léamh; lean mé orm ag smaoineamh faoi. Is ceart go gcuirfeadh scéal nó leabhar ag smaoineamh tú, ach is bua iontach é má leanann tú ar aghaidh ag smaoineamh faoi i ndiaidh é a bheith léite. www.feasta.ie

bhfuil díothú déanta ar a gcumhacht, is cinnte go bhfuil laghdú déanta air, cé go mba mhantra acu gur faoi threoir an Aire a bhí siad ag feidhmiú. Déarfadh Sir Humphrey a mhalairt leo, ach bhí sé siúd sároilte i láimhseáil na cumhachta!

5

Feasta, Lúnasa 2013


Coill Bhreá Mhín

Dánta le Pádraig Ó Roidigh

Bhí coill bhreá mhín ann is mé i m’óige, is chuile bhliain chaill sí a duilleoga, í millte, spíonta agus í reoite

Is Tusa an Fharraige

ag an ngeimhreadh, gan an teagmháil chéanna idir na craobhacha. Ba léir dom go raibh gach crann scartha ag an bhfuacht géar trom is a hacmhainn mharfach, gan saoirse rompu glacadh le cairde

nua. An choill sáite sa talamh, gan cumas bogadh timpeall go séimh aici. Ach thuig mé ansin, i ndiaidh imeacht ama go raibh mistéir sna crainn, draíocht ag teacht amach astu. Iad glic, réidh don tasc sin: ag míniú ceachtanna

dúinn faoin saol. Tá go leor ar siúl ag na crainn lena bhfréamhacha faoin dromchla. Ní fheicimid é, ach táid nasctha go dlúth ann.

Ródhéanach don Leithscéal

Ní thuigeann tú go raibh orm tú a dhíbirt le bheith saor, ní thuigeann tú go raibh mo chroí gortaithe go géar, briste, feoite, spíonta i ndiaidh na n-íobairtí go léir, is mo chuid caointe, anois tá críochnaithe, bhí ort dul ar an méar fhada mar rinne tú talamh slán de (mo chroí álainn galánta), i gcónaí ag gearán le do chairde go bhfuil mé salach gránna,

is tá mo leicne dearga ag lonradh. Ní ceart dom labhairt ach éalaíonn na focail ar nós – caitheamh aníos. Sách tútach, cosúil le hiasc as uisce. Nach dtitim de phlab is mé ag nochtadh rúin fút? Ach bíonn tú tuiscneach nuair a dhúnaim mo chlab. Is ormsa atá an locht, a rún.

Ná mothaigh ciontach, nach dteastaíonn uait mé a phógadh. Más é sin an scéal ionraic, ba cheart dom féin scámhóg a fhás.

Bean Óg ar Bhus

Fear aosta ar bhus, a lámh lán le bláthanna. Féachann bean óg anois agus arís. Níl le rá

tú ceanndána, mo bholg lán de, ag glacadh smachta ar an gcaidreamh seo atáimse, ar son mo chuidse sláinte.

go raibh sí ag stánadh, ach, agus é ag imeacht, arsa an fear, ‘Seo agat na bláthanna. Ná bí buartha, mar

Ní ligfidh mé duit a thuilleadh bheith i gceannas ar an gcaidreamh, mar tá sé scriosta go huile is go hiomlán, millte ag an teannas.

déarfaidh mé lem bhean gur thug mé duit iad uilig.’ Ansin d’fhág sé slán léi, isteach leis trí gheataí na reilige.

Thug mé mo shaol duit, geallta ar do shon, cén fáth ar fhan mé leat nuair nach raibh agat aon dílseacht á thaispeáint?

Siúlóidí ar an gCurrach

Féach ar mo chuid éadaí, aon rud ach néata, mé i gcónaí ag deifriú ar ais chugatsa, bímse ag éisteacht leat. Níor chuala mé tú riamh ag gabháil buíochais, leithscéalta a thugann tú dom, tú ’mo chéasadh.

Tá an domhan seo mór, tá an domhan seo éagsúil. Smaoiním go leor air seo, go háirithe is mé ag siúl

Cosúil le céimeanna ar staighre, b’fhéidir léi siúl orm, ní féidir léi as seo amach, mar táimse chun éalú mar d’iarr sí orm rudaí a dhéanamh nach raibh pioc réasúnta. Bíodh stop le do chuid deora! Led chaoineadh níl fiúntas

trasna an Churraigh is na sceacha faoi bhláth. Bíonn daoine ag lorg áilleachta san íomhá

mar d’fhág mé tú is níor mhothaigh mé aon trua duit, mar rinne tú an feall orm, gan aon bhrú, a bhitseach! Spás beag i mo chroí, agatsa beidh go buan ach tá an grá seo marbh, ní bheidh sé ag méadú mar

os a gcomhair féin in ionad taobh istigh. Is trua mór é an t-eolas sin, is mé ag crith

tá sé ródhéanach don leithscéal, mo léan!

www.feasta.ie

Is tusa an fharraige atá iontach scamhardach, agus is mise an t-iasc: spleách,

le sceitimíní an tsaoil is mé ag gáire go binn. 6

Feasta, Lúnasa 2013


B

Saíocht an tSionnaigh Scéal le Mícheál Ó Coisdealbha

hí léas na maidine ar íor na spéire sa domhan thoir. Bhí gaetha órdha na gréine ag briseadh tríd an dorchadas agus ag leathadh a solas draíochta ar an saol máguaird. Bhí an dúlra i mbarr a mhaitheasa an mhaidin álainn úd i mí bhuí an Mheithimh, mí mheáin an tsamhraidh.

Ba chosúil le péarlaí na deora drúchta a bhí ar gach tor agus luibh. Bhí na péarlaí céanna ag athrú datha is crutha, de réir mar a bhí neart ag teacht i solas an lae ghil. An ceo teasa a bhí ag clúdach sleasa na gcnoc, bhí sé anois ag leá le neart an teasa ón ngréin. Ní raibh corraí in uisce an locha sa Ghleann Domhain, ach í mar a bheadh scáthán ollmhór ann, ag léiriú scáilí iomadúla na timpeallachta. Cá mbeadh an dathadóir nach dtabharfadh a dhá shúil ar an radharc álainn! Faoin am seo bhí créatúirí an dúlra ina lándúiseacht, gach ceann acu ag cur a ghlór féin leis an míorúilt a bhí á léiriú. Bhí an chuach ar a mine-ghéire ag síorchanadh a cúpla nóta, an fhuiseog, báite i ndoimhneas na spéire, ag cur a croí amach. Bhí an coileach fraoigh ag labhairt go láidir garbh ina leaba fraoigh. Ina measc, bhí an giorria ag baint leasa as sliabh dóite a d’fhág loscadh sléibhe an earraigh ina dhiaidh.

Thíos sa ghleann, bhí abhainn shlóchtach mar a bheadh loirgneach a chuaigh san ainmhéid ag diúl uisce an locha agus á thál isteach i mbroinn na bóchna a bhí cúpla míle ar shiúl. Bhí cora a rinne lámh duine ag an eas, áit ar thit a cuid uisce le fána síos sa pholl duibheagáin a bhí mar thearmann ag bradáin agus liatháin agus iad ar a mbealach chun síolraithe mar a chinn a nádúr dóibh i ngaineamhlach an locha. Pictiúr eile ar fad a bhí ar an taobh eile den abhainn, áit ar fhág an t-oighear na céadta acra de chloch eibhir ina dhiaidh agus é ar a bhealach chun na mara. Bhí an brat clochach seo ar leiceann an chnoic ar feadh cúpla míle slí den abhainn agus í ag síneadh leathmhíle intíre. Ní raibh tor ná luibh fiáin dar tháinig trí thalamh nach raibh le fáil

www.feasta.ie

ann, ón tom mochóirí go dtí crann caorthann na bpisreog, gach ceann acu ag tabhairt foscaidh agus tearmainn do mhionchréatúirí Dé.

Ina measc siúd a bhí lonnaithe sa chlochar ollmhór seo, bhí sionnaigh na hAille Móire agus a gcúram: trí choileán ar a raibh sliocht méith na beatha lenar tógadh iad le feiceáil ina gcneas agus ina n-aclaíocht.

Cén áit eile a raibh leithéid na hAille Móire le fáil! Trí liagán, gach ceann acu na céadta tonna meáchain, caite in aghaidh a chéile, fáiscthe, daingnithe ag tuillte an oighir, ina seasamh sa dóib go bagarthach dúshlánach, gan bacadh leis an ngarda leacach clochach a bhí mar chúl taca leo. Le barr sábháilteachta a thabhairt don dún seo, d’fhág na tuillte é in ascaill chnoic dhóibe a thug cosaint dó, mar a thabharfadh cearc ghoir d’ál uibheacha.

Bhí ál eile sionnach beagnach réidh leis an nead a fhágáil agus a n-aghaidh a thabhairt ar an bhfiántas is dual dóibh. An té nár leasc leis an sop a fhágáil agus a aghaidh a thabhairt ar áit chaothúil ar aghaidh na hAille Móire aon mhaidin an mhí seo, roimh ghealadh lae, bheadh míleatas, clisteacht agus stuaim na sean-sionnach le feiceáil aige agus iad ag oiliúint a gcúram. Sea, bhí saol eile, lán de dhainséar agus contúirt taobh amuigh de bhéal brocaigh na hAille Móire. Le breacadh an lae, nó go deimhin, roimhe, thagadh an sionnach fireann go 7

béal an bhrocaigh. Chaitheadh sé tamall ar a ghogaide ag féachaint go géar amhrasach ar an dúiche a bhí amach os a chomhair, ar an ngleann domhain sceachach a bhí ag neadú na habhann thíos faoi, agus ar an gclochar garbh clochach a bhí á thimpeallú.

Nuair a bhíodh a chuid fiosrachta sásaithe, shleamhnaíodh sé le lapaí cait i dtreo carraige a bhí ar dhéanamh boird, scór coiscéim ón mbrocach. I sméideadh na súl, bhíodh sé le neart coirp agus anama i lár an toim fraoigh, a bhí ar aon dath leis féin, i mbarr na carraige. Anois, ní bhíodh dé ag dia ná duine air. D’airíodh sé mar rí ar an dúiche. D’fhéachadh sé go haireach amhrasach i ngach treo, ar dheis, ar chlé, ar aghaidh agus ar chúl. Nuair a bhíodh cosán glan aige, théadh sé de rite reaite i dtreo an bhrocaigh, agus le luas lasrach, bhíodh a chéile agus a mhuirín aige ar an bplásóg a bhí os comhair a n-áit chónaithe.

B

híodh an suíomh anois cosúil le gasra saighdiúirí ag aclaíocht airm ar a gcearnóg thraenála. Bhíodh an sionnach fireann ar ais ina thom fraoigh ar an gcarraig mar gharda faire, agus a chéile go gnóthach bagarthach dána ag múineadh gliceas agus aireachas a gcine dá gclann. Ní raibh sáirsint airm riamh chomh géar ar ghasra earcach a bheadh faoina chúram is a bhí an sionnach baineann ar an triúr. Bhíodh sí á mbrú, á dtarraingt, á soncadh agus á sclamhadh. Bhíodh orthu rith na scórtha uair timpeall na cearnóige gan scíth, gan anáil, iad báite le hallas, díreach mar a tharraingeofaí in aghaidh easa iad. Nuair a bhí siad sáraithe, thug sí taobh amuigh de theorainn na plásóige iad, áit a bhí clochach leacach, lán de mhionphluaiseanna. Bhí an áit breac le toim agus tolláin. Anseo, bhí orthu rith faoi sceacha, léim thar na toim agus í féin ina ndiaidh, réidh le lorg fiacaile a fhágáil iontu dá gcoinneodh sí suas leo. Bhí an fireannach ar feadh an ama seo go léir mar a bheadh oifigeach airm ag faire ar sháirsint ag oiliúint agus ag munlú a chomplacht earcach. Chaith sé

Feasta, Lúnasa 2013


súil seabhaic i ngach treo. Anuas leis den charraig agus chuir troid bhréige ar siúl idir dhá choileán. Ar an bpoinnte, phreab an tríú coileán in airde ar an gcarraig go díreach mar a bhí cleachtaithe aige le roinnt seachtainí. Shuigh sé ar a ghogaide agus d’fhair sé an namhaid. Bhabhtáil na sionnaigh óga páirt agus ionad le chéile ó am go ham nó gur chuir an tsean-bheirt deireadh leis an dráma. ——◊——

Ní gá a rá go raibh dúil i ngreim bricfeasta, go mór mhór ag na coileáin, ach má bhí, bhí orthu é a shaothrú, mar nach ndeachaigh an sionnach fireann ag fiach, in aon turas, an oíche roimhe sin. Bhí sé in am an chlann óg a chur i dtaithí an tsaoil. Mar sin, d’ardaigh sé leis iad, iad ag éaló tríd an gclochar, tríd an bhfiataíl, raithneach, sailearnach, sceacha geala agus sceacha draighin nó gur shroich siad imeall an chlochair, áit a raibh sliabh dóite. Is maith a thuig an

DÁNTA

Séamus Barra Ó Súilleabháin ÓL FíON AN SPIORAID ól fíon an spioraid tá talamh naofa fút gach áit a mbíonn tú

fan glan ar an tábhairne tá athair agus mac in adharca a chéile ann is mná ag cnáfartaigh conablach an chomhraic, an fhíon ródhaor fan glan ar an sáipéal tá an briathar á cailliúint i monabhar na macallaí is an fhíon á riaradh go sparálta

faigh póirse duit féin chun go mbeannóidh tú iad siúd ag dul thairis gan iachall a chur ar an té nach stopann lig dó más gafa é i gcúram an sclábhaí tóg bolgam ina ionad, ina onóir,

ná habair go bhfuil sé coimthíoch is cairdiúla an caint ag clannaibh an chroí bí ag ól, ag ól an fhíona

níl ciall le bheith stuama ar an mbealach míorúilteach tá suailcí i gcónaí á stealladh ar an druncaera www.feasta.ie

sean-sionnach go mbeadh giorria nó dhó ann ag cur a súl thar a gcuid, leis an nua-fhéar glas blasta súmhar. Is maith a thuig sé freisin go mbeadh ceas orthu, agus nach mbeadh imeacht acu ó shionnaigh óga a bhí fuinniúil, oscartha aclaithe. D’fhan an ceithre shionnach i bhfolach i dtom aitinn ar feadh achair ghearr ag grinneadh dhá shean-ghiorria a bhí ataithe lena raibh ite acu.

Ar an neomat cuí thug an seansionnach brú sna másaí dóibh agus i sméideadh na súl bhí an marú déanta. Bhí sé cruthaithe ag an nglúin óg nár mhiste iad a fhágáil ar a gconlán féin. Bhí blas agus boladh feola a gcothaithe daignithe ina bpollairí agus ina gcéadfaí, agus iad ar a sástacht ag líochán fuil na creiche dóibh féin. Cá mbeadh tuismitheoir nach mbeadh mórálach as an ngníomh? Leis sin, d’éalaigh an sean-sionnach leis, ag déanamh ar a cheannáras. D’fhág sé na hóga leo féin, ach is maith a thuig sé is i meirfean an lae má éiríonn tú traochta taosc den ngrian na deora diamhaire nó go bpléascaidh tú le gliondar.

‘CIME’

tánn tú am mhealladh chun iompó im nathair

níos líofa agus slíbhíneach, nimh ar bharr mo theangan gabhlógaí, an t-aon impí daonna fágtha roimh chlaochlú go n-aimseod thú

go sciorrfad chugat ar shlinn na dtacóidí a cuireadh lem’ scríobadh gan oiread is siossss maoithneach a ligint trím’ bheola iata go sleamhnód

idir na bairillí bladhmtha a líonann an halla le guth an deataigh gan oiread is rian den smál a ligint ar mo chraiceann glas 8

nach raibh an sean-nead tréigthe go fóill acu, rud a chruthaigh siad roimh luí gealaí.

Suas le bruach na habhann a chuaigh an seanbhuachaill, a smut le talamh aige, ag súil go n-éalódh sé ar lacha nó ar aon chréatúr eile a bheadh neamhairdeallach, agus a dhéanfadh béile dó féin agus dá chéile. Ní gá a rá go raibh a ghoile i gcúl a ghlaice aige, mar a deir an sean-rá. Ní raibh an mí-ádh ar fad air, mar ar an mbruach faoi bhun an easa, mura raibh pánaí de bhradán earraigh caite ar bhruach ag an madra uisce, gan ach an cloigeann bainte de aige. B’é a sheaneire é a thabhairt chun na hAille Móire. Ní gá a rá go raibh uisce ag silt ó fhiacla an bhaineannaigh, nuair a chonaic sí an bricfeasta ríoga os a comhair. B’fhurasta an iarmhairt a chur i bhfolach, nuair a bhí dhá ghoile chraosacha sásaithe.

— Críoch

go ndéanfad slí sí-ossss

trí bharraí iarainn do chillín aonair sara mbrúnn cos duine soineanta eile ar mo dhroim de thaisme is má éiríonn lem fhoirm úr casadh ort go dlúth istoíche a chomrádaí

beidh plaosc págánach claonta súile ar sceabha

ag fáisceadh timpeall do mhuineáil ag fágaint póige ar do bhaithis.

OIDEACHAS

caithim an rang ar chúl an tseomra ag cogarnaíl id chluas, t’ainm á scríobadh ar bhun an bhoird idir na gumaí cogainte

nuair a ghlaonn an múinteoir orm déanaim neamhaird is stánaim ortsa ach tá do luisne ag méadú do shúile dírithe ar do chóipleabhar

déanfidh tú dearmad ar gach a chailleas ar do lorg.

Feasta, Lúnasa 2013


AN LIMERICK GAEILGE Stair agus Réamhstair (Cuid 2) le Gearóid Ó Clérigh

OILTEACHT CEIRDE Má bhaineann meadaracht amhránach na sráid-éigse leis an saghas cumadóireachta ba ghá do Dháiví Ó Bruadair agus na filí a lean é a chleachtadh in ionad fhilíocht shiollach na mbardscol, chleachtaídís freisin ó thosach ornáidíocht fuaime mar a bhíodh ag na filí rompu. Ní gan sinsir cheirde a thosnaíodar ar an nua-nós.

ná aon ní dá short Bhéarla. Sa leabhar Canfar an Dán le hÚna Nic Éinrí chímid an sort seo ó pheann an Athar Liam English (1709 – 1778) in uimhir 3 ag an bhfile:

Geallaim-se díbh-se nár ghabhadh Prág, ’S go mairid a mílí, ’s gur teann táid. Do fearadh go fíochmhar An deabhaidh le fíornimh, ’S do greadadh an Rí ’nois le Count Daun. (CD, lch 144)

Ba mhór an bhua acu é sin, ach maidir le fás an limerick mar sheánra sa Ghaeilge tar éis Chogadh an Dá Rí, fágann sé véarsaíocht againn gur fuirist limerick a thabhairt uirthi in earráid, mar a dheineann Úna ina halt. Ceapann sí gur chum Seán Ó Tuama an Ghrinn agus Andrias Mac Craith, an Mangaire Súgach, dánta dí áirithe i bhfoirm limerick, nuair nach bhfreagraíonn an dá leath de líne 3 dá chéile tríd síos:

.i. ‘a – í – au – á,’ trí uaire (línte 1,2,5), agus ‘a – í’ freisin sa dá líne ghearra (3,4). Dála an scéil, taispeánann an t-ainm ‘Count Daun’ (sic) gurbh as nuachtáin Bhéarla, mar a deireann Úna, a fuarthas an scéala ar ar cumadh an fhilíocht Sheacaibíteach faoi ghníomhartha na nGéanna Fiáine’. Bréagnaíonn sin tuairim Dhónaill Uí Chorcora gur ar scéala i nGaeilge ó na Géanna thar lear díreach chuig a muintir sa bhaile a bunaíodh na heachtraí sna dánta.

Is duine mé dhíolas leann lá Is chuireas mo bhuidhean chun rangcáis; Muna mbeidh duine ar // mo chuideachta dhíolfas Mise bheas thíos leis in antráth …

FILí MÓRA TAR ÉIS Uí BHRUADAIR An isteach ó Shasana nó ó thíortha eile don nós i gcéaduair nó an raibh dul an limerick sa Ghaeilge ó chianaibh?

Do b’ait liomsa ceolta na dteampán, Do b’ait liomsa spórt agus amhrán Do b’ait liomsa an gloine // ag Muireann dá líonadh Is cuideachta saoithe gan meabhrán.

Ní deirim gur chum Aogán Ó Rathaille (c. 1670 – c. 1728) limericks go coineasach ach, mar a tharla i gcás Uí Bhruadair, bhí claonadh den sórt céanna sa mheadaracht agus sa mhaisiúchán aige. Féach an dán aige: ‘Ar Bhás Triúir Clainne Thaidhg Uí Chróinín’. Chífear sa dara véarsa ann (nó linte 9 go dtí 16, ach líne 11 agus 15 a ghearradh ina dhá líne faoi seach) an limerick dúbalta mar a chum Eoghan Rua i ndiaidh Aogáin é.

Seo freagra an Mhangaire air, mar leanas:

Is duine thú dhíolas steanncán, Buisinn gan bhrígh agus branndán, Is chuireas do chuideachta // ar uireasbhaidh cuímhne ’s a n-inchinn líonta dhe mheabhrán …

9 Ciach ghoirt is treighid is pianghoin gan leigheas, 10 dianchreach san iarthar is fiabhras dubh tinn, 11a mian ghoil gan meidhir, 11b cliabhthuirse is tadhm, 12 Iabhlín i gcria-chille, Diarmuid is Tadhg;

Ní chluinim ag dís ’n-a gcomhrádh Ach go millir an tír le sleamhnán, Slibire an Droichid // is sibh-se go ndíolfadh Ar ghloine nó ar dhís bhur gcompán.

Más fíor nach limericks iad, ní easpa cumais is cúis leis. Is ealaíonta go deo ceol na siollaí i ndán Sheáin agus i bhfreagra Aindriais araon. I gcás an Tuamaigh tá macalla i dtosach líne 2 agus 3 ar an bhfocal ‘duine’ i dtosach líne 1. Agus i ndeireadh línte 2 agus 4 tá macalla, ar nós an limerick, ar dheireadh líne 1 .i. ar ‘dhíolas leann lá’. Muna bhfuil deireadh líne 3 ag freagairt d’fhocal deiridh an chéad leathlíne (.i.mar limerick ‘ceart’) tá an fhreagairt sin taobh istigh den dara leath, agus ansin seo an coimpléasc iomlán ‘mo chuideachta dhíolas’ á fhreagairt i gcéad leath líne 4.

13 A Dhia, d’fhuiling creill is rianloit an Daill, 14 dod’ niamh-bhrog leat riaraigh an triar so fá ghreim; 15a ciall rad go saidhbhir 15b dá bhfial-athair, gaidhim, 16 go bhféadfadh sé sléachtadh dod’ Dhia-thoil, a radhairc. (Aogán Ó Rathaille, Breandán Ó Buachalla, lch 44)

D’fhéadfadh macalla a bheith ansin ón mBéarla a chloisfeadh Aogán timpeall air, ach má ghearraimid na línte a thuilleadh, chífimid go n-oireann an déanamh don ábhar. Is í meadaracht an chaoineadh í. Go teicniúil is í a foirm ná:

Is ealaíonta mar an gcéanna an dara véarsa ag Seán, bíodh sin difriúil le mionsonraí ealaíne an chéad chinn. Tá a chothrom de chleasaíocht in imirt na siollaí ag Aindrias ar a shlí féin.

2/3 [(-) i - - (-) iy (-)] agus (-) í/é – (-). Ar son na simplíochta, féach mar a chriochnaíonn gach líne: 9

San iomlán tá saothar beag seo beirt fhile na Máighe níos sofaisticiúla ná mar is gnáth sa Bhéarla.

10

Mar bhreis air sin, nuair a thagaimid ar limerick foirfe Gaeilge is minic a bhíonn a leithéid i bhfad níos ceolmhaire

www.feasta.ie

11 9

Ciach guirt is treighid is pianghoin gan leigheas, Dianchreach san iarthar is fiabhras dubh tinn Mian ghoil gan meidhir, cliabhthuirse is tadhm

(iy – ) (iy – ) (í – ) (iy) (iy – ) (iy)

Feasta, Lúnasa 2013


12

Iabhlín i gcria-chille, Diarmuid is Tadhg

(í – – ) (iy)

13

A Dhia, d’fhulaing creill is rianloit an Daill, Dod’ niamh-bhrog leat riaraigh an triar so fá ghreim; Ciall rad go saidhbhir dá bhfial-athair, gaidhim, Go bhféadfadh sé sléachtadh dod’ Dhiathoil, a radhairc.

(iy) (iy) (í – ) (iy) (iy – ) (iy – ) (é – ) (iy – )

14 15 16

go fóillín. Mar sin féin, féach an té ar tháinig Seán Ó Tuama ina chomharba air ag an gcúirt filíochta a tíonóltaí i Ráth Luirc, Seán Clárach Mac Domhnaill (1691 – 1754). Tá dán cuíosach fada aige dar tús ‘Ag taisteal dom trí na críocha’. Tá limerick le haithint taobh istigh de shraith línte eile ann, mar atá:

’S a mbratacha ar luascadh in éinfheacht Fé mheirgibh maoidhte Laoisigh Mhóir Ar leirg na gaoithe is taoide leó Le feirg ag tíocht ’s le fíoch na leóghan Do dhíthchur Sheóin As críochaibh Eoghain Go dtagaidh arís an Rí don choróinn ’s a bhfearann ceart d’uaislibh Éibhir. (Seán Clárach, Risteárd Ó Foghludha, lch 75)

Tá sé sin ar aon dul mar le rithim, agus ar a shlí féin, leis an gcaoineadh a chum Eibhlín Dubh agus a bantracht ar Art Ó Laoghaire níos déanaí i 1774: Mo ghrá go daingean tú, Lá dá bhfaca tú Ag ceann tí an mhargaidh …

Agus, dar ndóigh, sa dán ‘Bím-se buan ar buairt gach ló’ chomh maith, tá an curfá: Is é mo laoch, mo ghile mear! Is é mo Shaesar, gile mear. Ní fhuaras féin // aon suan ar séan Ó chuaidh i gcéin mo ghile mear –

An triú líne nó an ceathrú líne, mar atá i gcaoineadh Uí Rathaille – an triú ag Eibhlín – tá malairt rithime iontu. Bíodh sin mar atá, is ionann an cur chuige ginearálta sa dá dhán. Mar sin féin, coimeádtar an comharda deireadh líne, de réir sleachta, in ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, ach tá maisiú malairteach go rialta tríd síos ag Aogán. Ní dócha, mar sin féin, gur ó chaoineadh traidisiúnta na Gaeilge a shíolraigh limericks filí an 18ú haois sa Mhumhain, gan trácht ar limericks an Bhéarla.

a bhfuil dealramh an limerick air ach an triú line a ghearradh ina dhá líne. (Is dán a bhfuil spiorad na hAlban ann é seo agus is ar dhán Albanach as Béarla a deineadh aithris.)

Mar an gcéanna le Piaras Mac Gearailt (1709? – 1791), údar an dáin Sheacaibítigh is mó clú, b’fhéidir, ‘Rosc Catha na Mumhan’. Bhí sé ina Ard-Sirriam Leithe Mogha agus bhí Cúirt Éigse Uí Mocaille, nó Cúirt na mBurdún, faoina stiúradh i mBaile Uí Chinn Fhaolaidh in oirthear Chontae Chorcaí. Bhain sé le dúthaigh a raibh áitreoirí móra Seacaibíteacha ann ó aimsir Shéamuis II a bheith ina Rí coróineach. Orthu san bhí éarlamh na bhfilí i mBaile na Speire, Sior Séamus Mac Coitir, a fuair bás i 1705. D’fhág sé mac ina dhiaidh, Séamus Óg, a crochadh i 1720 tar éis gur mhóidigh bean gur éignigh sé í. Ba dhóigh leis na daoine gur leannán leapa a bhí aige le tréimhse a bhí inti, agus gur dhúnmharú faoi scáth dlí a bhí ann ag an mbreitheamh a dhaor é. Den cheantar céanna Gearóid de Nógla, Bhaile Uí Ghrífín, gníomhaire an Stíobhartaigh le haghaidh Chúige Mumhan agus athair Nano de Nógla, bunaitheoir Siúracha na Toirbhirte ag deireadh an 18ú haois.

Ach má tá aon bhlas den chaoineadh traidisiúnta, seachas den Bhéarla a chuala sé timpeall air, i meadaracht an limerick dhúbailte le hEoghan Rua Ó Súilleabháin (1748 – 1784) ní oireann sé don ábhar aige. Is é sin munar ba é go bhfuil sé á chaoineadh féin i’Sacsaibh na Séad’: I Sacsaibh na séad i gcéin óm dhúchas Faoi bharra na gcraobh cois cé na stiúrbharc Is mé ag machnamh ar éag Na bhflatha is na laoch I bhfearannaibh Chéin a túrnadh

Le danair i spéirling chúncais Dá gcabhair cé tréan mé i bhfionntar Ag fearadh mo dhéar Go lachtmhar le léan Gan aiteas gan réim gan subhachas. (Féach Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Eag. B. Ó C., lch 40)

Is í an cháilíocht is suimiúla againn i leith ‘Rosc Catha na Mumhan’ le Piaras go leanann curfá gach véarsa de. Tá an curfá i meadaracht atá éagsúil leis an dán féin. Tá sé bríomhar beo. Seo sampla:

Seans áfach gur thug an file faoi dearadh an limerick dúbailte a bheith istigh sa dán.

Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim, Is dá maireann go dubhach de chrú na mbua, Torann na dtonn Le sleasaibh na long Ag tarraingt go teann ’nár gceann ar cuaird.

LíNE NÓ LíNTE BREISE Seán Ó Tuama, cuir i gcás, d’fhéadfadh sé líne bhreise nó luinneog a chur le foirm an limerick (f. Filidheacht na nGaedheal le Pádraig Ó Canainn) rud a chuireann i gcuimhne an ‘rondeau’ le Marot agus a chuid deisceabal:

AMHRáIN GHRá Anuas ar na dánta Seacaibíteacha go léir tá na hamhráin ghrá ar nós ‘Dún na nGall’ le Liam Rua Mac Coitir (ob. 1738):

A chuisle na héigse éirigh suas! Is tuirseach in éagcruth mé gan suan Gan duine sa tsaol Ag insint scéil Ar thuras an té tá i gcéin ar chuaird ’S, a Éire mo chroí, tá m’intinn ort.

Ardaíonn sé sin an cheist: arbh amhlaidh go mbíodh línte breise, luinneog ina measc, i bhfoinse iasachta éigin ónar tarraingíodh an limerick Gaelach? Fágaimís siúd gan freagairt

www.feasta.ie

Ó rú, a chailín, ó rú, a chailín A chailín bhán na liath-rosc mall Muna bhfaghaidh mé seal díot Beidh mé in aicíd ‘S mé sínte in aibíd i nDún na nGall.

10

Limerick neamh-fhoirfe gleoite! Duine ba ea Liam Rua a lean Liam Mac Cairteáin an Dúna (c. 1670 - 1724) ina cheann ar

Feasta, Lúnasa 2013


Dhámhscoil na Blárnan. A chomharba féin ná Seán Ó Murchadha na Ráithíneach (1700 – 1762).

Murab ionann is na Sasanaigh, is ar son fhilleadh na Stíobhartach agus na n-uaisle Éireannacha a ghabh i bpáirt leo, a glacadh leis an limerick Gaelach. Bhí eiseamláir i nGaidhlic na hAlban ag na filí in Éirinn. Le haimsir glacadh le hábhair seachas bolscaireacht pholaitiúil.

Tá dán álainn ann le Liam Inglis. Más limerick é, is beag idir fad (nó giorracht) an chéad dá líne, maraon leis an líne deiridh, agus línte a trí agus a ceathair:

Is nod é an curfá i Sasana ina bhfuil na focail ‘Will you come up to Limerick?’ gur mhair iar-chuimhneamh ar chath Luimnigh in aigne na Sasanach go dtí deireadh an 18ú haois, agus mar sin, gur leanadh le cumadh limericks i Sasana agus i saol an Bhéarla isteach sa ré Victeoireach agus ina dhiaidh. Ach de réir mar a dhírigh iúl an phobail ar an véarsaíocht, is ea is éasca a d’éirigh sé dóibh nós an churfá a ligint i ndearmad, agus a dtuiscint ar an bhfáth stairiúil a bhí leis an bhfoirm dá réir.

Tá óigbhean sa tír ’s is eolach dom í. Is trom a folt; is ramhar a rosc, ’s modhail ’s is maiseach í.…

Is fada réidh mo chuairt, ag éaló léi cois cuain. Dá mbeinn gan éinn’ ag gol thar m’éis, ná bean a dhéanfadh buairt. (Canfar an Dán, 12, lch 92)

Níl i nós lamhainní a chaitheamh in ollscoil Cambridge ach taisme nach mbaineann le háireamh, pé méid méireanna a bhí ag gaigí na hollscoile san 18ú haois déanach.

AN TáTAL (NÓ ACHOIMRE) Bíodh nach féidir a rá go neamhbalbh nach raibh cosúlacht an limerick le fáil in Éirinn go coinfheasach roimh an 17ú haois, tráth a raibh an Béarla ag leathnú go tiubh, shín an fhoirm siar san Eoraip go dtí cathair na hAithne réamhChríostaí. Glacadh isteach sa saol Rómhánach é agus leanadh lena chleachtadh i rith na Meánaoiseanna. Bhí an Limerick, agus foirmeacha eile cosúil leis, bunaithe i Sasana.

LEABHRA A CEADAíODH: –

Duine díobh siúd is mó a bhí dílis in Éirinn don teaghlach Stíobhartach agus don Bhéarla, ba ea Séamus de Buitléir, ar deineadh céad Diúc Urmhumhan de. Faoina thionchar siúd chas an uasal aicme, a raibh sinsearacht mheasctha acu, idir Ghaelach agus choilíneach, go dearfa ar theanga Shasana, agus is dóichí gurbh iad na coilínigh Chromalacha, a d’fhág Séarlas II agus a Dhiúc i seilbh na hÉireann, a spreag an Béarla agus a nósanna sráid-éigse i measc an phobail.

Bhí oifigigh Fhrancacha sa dá arm a bhí ag troid i gcoinne a chéile in Éirinn i 1691– 92. Sin tráth a raibh nós an rondeau á chleachtadh go beo athuair i measc fhilí na Fraince, agus bhí foirm den rondeau ann a raibh an dul a–a–b–b–a dá dlúth agus dá hinneach. B’éasca-de don limerick, ar an dul céanna, teacht ar an saol an uair sin mar ghné neamhspleách sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon, mar go raibh a chosúlacht, an limerick neamh-fhoirfe, ann cheana mar nós dúchais sa Bhéarla agus le caoga éigin bliain i gcás na Gaeilge, le linn don Bhuitléireach a theacht ina Dhiúc go hÉirinn. Tá foirm an limerick le hathint istigh i ndánta áirithe le hAogán Ó Rathaille (1670-1729), file a bhí faoi lán seoil in aimsir Chogadh an Dá Rí agus sna blianta ina diaidh. Níor tháinig mé ar eiseamláir den chruth céanna roimhe sa Ghaeilge. Tá limerick luath ar fáil sa Bhéarla, ‘Hickory, Dickory, Dock’. Tá a theagasc ar aon dul le ‘The Grand Old Duke of York’, giota sráidéigse is fearr a oireann do Shéamus II an Chaca ná d’éinne eile. Is é is dóichí gurb é is brí don limerick gur bhuail clog na cinniúna nó gur theith an ‘luch’, mar a theith Séamus ón gcath. B’fhuirist an tuairim sin a chruthú dá mbeadh dáta cruinn againn do chumadh ‘Hickory, Dickory, Dock’.

Tháinig flosc faoi chumadh an limerick ach go háirithe i measc fhilí na Máighe sa chéad leath den 18ú haois, ach níor bhain ainm na cathrach leis, mar níor nós ag Gaeil na haimsire sin iad féin a shuíomh de réir bailte uirbeacha, ach de réir na sean-dúichí sinseartha. Chuir na filí ealaín a gceirde sinsearaí isteach sa nós úr.

www.feasta.ie

11

Random House Dictionary of the English Language, eds. J. Stein, L. Urdang et al., Random House, N.Y., 1966 Edward Lear’s Nonsense Omnibus, Frederick Warne & Co. Ltd., London & New York. Duanaire Dháibhí Uí Bhruadair, eag. Rev. John C. MacErlean, S.J., I.T.S., London, Cuid I (Iml. XI) 1910, Cuid II (Iml. XIII) 1911, Cuid III (Iml. XVIII) 1917. Dánta Aodhagáin Uí Rathaille, Patrick S. Dineen, David Nutt, London 1900, Aogán Ó Rathaille, eag. Breandán Ó Buachalla, Field Day, BáC 2007. Párliament na mBan, eag. Brian Ó Cuív, DIAS, (1952) 1977. Canfar an Dán, Úna Nic Éinrí, An Sagart, An Daingean, 2003. Filidheacht na nGaedheal, eag. Pádraig Ó Canainn, Press Náisiúnta, BáC, 1942. Seán Clárach Mac Dónaill, eag. Éamonn Ó hÓgáin, Field Day, 2011 Eoghan Rua Ó Súilleabháin, eag. Breandán Ó Conchúir, Field Day, 2009 Tradisiún Liteartha na nGael, J.E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa, Clóchomhar, BáC, 1979. The Irish Literary Tradition, J.E. Caerwyn Williams, Patrick K. Ford, U. of Wales Press, Cardiff, 1992. The Penguin Book of French Verse 2, Sixteenth to Eighteenth Centuries, ed. Geoffrey Brereton, 1958. Anthologie de la Poésie française, Georges Pompidou, Hachette, Paris, 1961. Nouvelle Anthologie des Troubadours, Jean Audiau & René Lavaud, Lib. Delagrave, Paris, 1928. Poesía de Trovadores, Trouvères y Minnesinger, Edición bílingue, Carlos Alvar, Alianca, Madrid, (1981),1982. Oxford Companion to French Literature, Harvey and Heseltine, OUP, 1959. The Great Melody, A Thematic Biography of Edmund Burke, Conor Cruise O’Brien, Sinclair-Stevenson, London,1992. ———◊——— Feasta, Lúnasa 2013


Snoíodóir snasta focal

Ó RINN GO SÁIL 3: DIALANN TUAITHE Diarmuid Ó Gráinne. Coiscéim, 2013. €7.50 á léirmheas ag Seán Ó Ceallaigh

S

Shiúil mé sa solas feithchiúin suas trí áirsí choill chrion na bhForbacha in Aill an Phréacháin agus na héanacha ag cur díobh lena gcuid aitis a chur in iúl. Ba mhil ar mo chroí na fuaimeanna go léir a tháinig ón gcoill. Glór slóchtach na bpréachán ag déanamh cúraim dá gcuid neadracha. Cuachaíl na gcolm agus píobaireacht an loin duibh. Shamhlófá nach raibh smál ná ailse sa saol agus tú san ionad flaitheasach seo.

Seo an tríú rabharta den dialannaíocht ó pheann Dhiarmuda Uí Ghráinne. Sa dá cheann eile d’fháisc sé chuige deacrachtaí na tuaithe agus na feirmeoireachta, rud a thug léargas dúinn ar thaobh istigh agus ar thaobh amuigh an tsaoil sin.

Ach tagann cor aisteach ina shaol nuair a chuirtear in iúl dó go bhfuil ailse air. Cuireann na scrúduithe iomadúla ag na dochtúirí olc agus pian air nach féidir a shárú. Tagann rann leis an Ríordánach inár gcuimhne ina ndéanann sé cur síos ar an dtroid idir an duine agus an phian:–

a cheann seo Ó Rinn Go Sáil 3, braitheann tú go bhfuil sé ag labhairt ón taobh istigh go hiomlán. Tá bua mór ag an údar agus é ag cur síos go machnamhach ar an saol mar a bhí agus mar atá – an gnáthdhuine bocht faoi chrann smola ag an gcinniúint a chreimeann a acmhainn bheatha ó chliabhán go cónra:–

Lean na pianta ag argóint, Mise an t-ábhar, Focal níl sa phianfhoclóir Ná rabhas ann. ‘Na Fathaigh’, le Seán Ó Ríordáin

An fómhar aríst. Na duilleoga ag feo, fothramán sa gcúlmhacha agus ag cnagadh ag an doras iata mar a bheadh creill an bháis ann. An stoirm láidir ionann is ina araicín. … bliain eile ionann is críochnaithe agus muid bliain eile níos gaire do Shamhain liath na cille …feithíonn duine leis na smaointe seo agus titeann in umar an éadóchais. Ach ní chabhraíonn séasúr seo an éaga leis nuair a fheiceann sé claochcló agus bás ina thimpeall.

Cuireann pianfhoclóir Uí Ghráinne in iúl dó, agus dúinne, a éasca atá sé an duine a chur dá threoir, dá dhásachtaí é. Cuireann an smaoineamh seo sceon orainn, óir tá an uile dhuine againn i ngreim ag an mbás ó tháinig ann dúinn. Nach breá an rud é, go dtagann log an dearmaid idir muid agus é, ár bhfaoiseamh seal.

Ach bogann sé go réidh ó chuing an dianmhachnaimh go gnáthchúrsaí feirmeoireachta, mar a bhfuil sé ar a shocracht leis na fadhbanna a ghabhann leo. Tugann sé aghaidh ar Aonach an Mháma i gConamara, é féin agus Micheál Mac Muiris Rua. Ceannaíonn sé sé chinn de laonna, trí cinn dó féin agus trí cinn do Mhicheál Rua, ach ní raibh an t-aistear abhaile chomh réidh agus é dubh dorcha gan trácht ar a eachtraí féin. Stop na Gardaí é, toisc nach raibh solas ceart ar an leantóir, dúirt sé go mba leis an veain, ach nach raibh sé á thiomáint, toisc radharc na súl gan a bheith ar fónamh.

Ach tagann faoiseamh aigne agus coirp chuige agus é ag spaisteoireacht cois cladaigh thiar ag an mbaile:–

Bhí an taoille ag tuileadh agus cúpla broigheall le feiceáil ar Leac an Phíobaire. Bhí an fharraige ina tobar agus gan ach slapáil fánach ag na tonnta ar an trá. Shuigh mé fúm i sáinn foscúil na haille a bhí ina teálta ar an ngaoth aduaidh. San ionad sin dom agus m’aghaidh anonn ar Aillte an Mhothair, bhí mé chomh sócúil lena bhfaca tú riamh.”

F

‘Is léir go bhfuil sin fíor,’ arsa an bangharda, ‘muna bhfeiceann tú cé chomh ciotach is atá an solaisín faonlag.’

illeann sé ar phár conspóideach na scríbhneoireachta agus lucht a cheirde. Caitheann sé tuairim faoi scríbhneoirí Éireann agus an domhain. Ina measc siúd tá Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó hEithir, Tolstoy na Rúise agus Camus, ar aistrigh sé scéal dá chuid, An Strainséara, go Gaeilge. Seoladh an leabhar i mBéal Feirste agus fuair sé ardú meanma oíche a sheolta, le feabhas agus cruinneas na Gaeilge agus na smaointeoireachta i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich sa chathair sin.

Fuaireadar rabhadh an leantóir agus na soilse a bheith in ord faoi cheann deich lá agus é a thaispeáint ag an mbeairic. Spreagann na leabhair a léann sé é chun cur síos gonta a dhéanamh ar an eachtraíocht, go háirithe an ceann faoin Marascal Pétain, a bhí i gceannas shaighdiúirí na Fraince le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Theastaigh ó thrúpaí na Gearmáine Páras a ghabháil ,agus chuige sin thángadar anoir aduaidh go baile Verdún:–

Bíogann sé muid leis an bhfocal deireanach, gur trí sheans a tharlaíonn gach rud agus a deir sé:–

Ba bheag nár éirigh le plean na nGearmánach, nó gur tháinig Pétain ar an láthair. D’eagraigh seisean cosaint an bhaile agus thóg bóthar idir é agus an Phríomhchathair le go bhféadfaí saighdiúirí agus armlón a iompar go láthair an chatha ar éascaíocht. Glaodh an Voie Sacrée ar seo. D’fhostaigh sé lucht tacsaithe Pháras le trúpaí a iompar ó thuaidh. Bhí an troid in Verdún, fuilteach, barbartha, ceatach, ach d’éirigh le Pétain agus níor gabhadh Páras.

Tá luí álainn ina chuid scríbhneoireachta leis an nádúr agus an iliomad cruthanna a chuireann sé de. Seo é ag fanacht thiar ag an mbaile le bus na Ceathrún Rua:–

www.feasta.ie

Is mar sin dom féin ó tháinig an ailse orm. Tharla rud éigin dom. Ardaíodh mé aníos ón gcarn aoiligh, cé gurb eol dom gur rugadh mé le bheith i mo thada. Léiríonn an dá eachtra seo, agus an pháirt atá ag an seans iontu, an dúil atá ag an duine fáiltiú roimh rud ar bith dá amscaí é. Tugann na heachtraí seo, ar chosúil le scáil thoirní iad, spléachadh don duine ar dhomhan nach díobh é.

12

Is leabhar é seo, gur fiú duit do mhachnamh a dhéanamh go maith air. ◊

Feasta, Lúnasa 2013


An tAcadamh, Carna

Tháinig 26 toscaire as deich dtír Eorpach le chéile ag ceann d’ionaid oideachais agus chultúrtha Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ar 18 agus 19 Meitheamh chun ardán nuálach idirlín a chuireann foghlaim teangacha chun cinn a phlé. Faigheann an togra maoiniú ó EACEA (Education, Audiovision & Culture Executive Agency) de chuid an Aontais Eorpaigh faoin gclár Foghlaim Fadsaoil. Bhí toscairí ón gCipir, An Eastóin, An Ghréig, An Iodáil, An Pholainn, An Phortaingéil, An Rómáin, An Spáinn, Tír na mBascach agus ó Shasana i láthair, chomh maith leis an Dr Laura Incalcaterra McLoughlin, ceannaire an togra in OÉ, Gaillimh, an Dr Dorothy Ní Uigín, Rose Ní Dhubdha agus Jennifer Lertola, as OÉ Gaillimh, chun obair a dhéanamh ar ClipFlair: Foghlaim Teangacha Iasachta trí Fhotheidealú agus Athghuthú Idirghníomhach Míreanna (www.clipflair.net). Aidhm ClipFlair ná tacú le foghlaim teangacha trí úsáid a bhaint as feidhmchlár áisiúil don athghuthú agus don fhotheidealú. Úsáideann múinteoirí teanga ábhar closamhairc go minic ina gcuid ranganna ar mhaithe leis an éagsúlacht, agus chun míreanna cultúrtha neamhbhriathartha a chur i láthair na bhfoghlaimeoirí, agus níos tábhachtaí fós, chun míreanna teangeolaíochta agus cultúrtha na cumarsáide a chur i láthair i gcomhthéacs cuí. Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí uaireanta,

Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide

áfach, tascanna gníomhacha a aimsiú a spreagfadh foghlaimeoirí agus a sheachnódh an fhéachaint éighníomhach. Is feidhmchlár áisiúil é ClipFlair chun gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a úsáid, a spreagann foghlaimeoirí chun ábhar closamhairc a úsáid i mbealach éifeachtach, trí dhubáil a dhéanamh nó fotheidil a chur le mír físe (radharc ó scannán, mír faisnéise nó nuachta etc). Is féidir ansin na gníomhaíochtaí a roinnt trí Ghréasán Sóisialta ClipFlair. Chuaigh an t-atmaisféar réchúiseach, cairdiúil i bhfeidhm ar chách agus dúirt an Dr Stravroula Sokoli, ó Computer Technology Institute, Patras (An Ghréig), ceannaire an togra, go raibh an teacht le chéile i gCarna, tairbheach agus taitneamhach agus nach ndéanfaí dearmad go héasca air. Dar leis an Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, chuidigh an turas go Carna le heolas a scaipeadh ar obair an Acadaimh agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh trí chéile agus iad ag breith an oideachais as an ollscoil agus amach i measc na bpobal. Tagann seo lena bhfuil ar bun ag ClipFlair, atá ag scaipeadh oideachais ar dhaoine tríd an idirlíon.◊

Don dara bhliain as a chéile, ghnóthaigh Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide príomhghradam i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael (duais €2,000 urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna), mar an cumann mac léinn is fearr sa tír. Is breá an t-aitheantas, i ndiaidh na sároibre atá déanta againn i mbliana, arsa Andrew King, Reachtaire an Chumainn. Is léiriú iad na gradaim seo ar an bpaisean, fuinneamh agus dúthracht i leith na teanga atá le feiceáil i measc bhaill uile an Chumainn Ghaelaigh, dar le Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge an Choláiste: ‘Tarraingíonn na gradaim seo dea-cháil ar an gColáiste agus tréaslaím iad leis an Reachtaire agus leis an gCoiste.’ • Tá an Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is mó i gColáiste na Tríonóide. Bunaíodh é i 1908 agus bhí go leor daoine cáiliúla rannpháirteach ann thar na blianta. Eagraíonn an Cumann neart imeachtaí sóisialta agus cultúrtha, díospóireachtaí, cainteanna poiblí, seisiúin cheoil & amhránaíochta, ranganna damhsa agus eile, agus tugtar turas ar Oireachtas na Gaeilge gach bliain. Eagraíonn an Cumann ciorcal comhrá gach oíche Mháirt i rith an téarma i Seomra na Gaeilge, agus glacann na baill páirt in oíche na mac léinn i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair an oíche chéanna. Buaicphointe na bliana is ea Éigse na Tríonóide, mór-fhéile bhliantúil chultúrtha, i gcomhar le hOifig na Gaeilge. Eolas: reachtaire@cumann.ie • gaeloifig@tcd.ie • www.tcd.ie/gaeloifig

ÓG-ÓGRAS NA MUMHAN : Baill d’Óg-Ógras a bhain taitneamh as gó-kairteáil ag Kilcornan Karting i gCill Churnáin, Co. Luimnigh, agus a thug cuairt ar Pháirc an Chora (Currachase) le deireanas. • Chun tosaigh, C-D: Ruairi Ó hAllmhuráin, Darragh Ó Fuaráin, Dara Ó Cearnaigh, Donncha Ó Loingsigh, Seán Ó Dubhghaill, Rónán Ó Maolruanaigh, Róisín Ní Mhaolruanaigh, Daithí Ó Súilleabháin. • Ar Chúl, C-D: Michelle Ní Allmhuráin, Laura Ní Aogáin, Sinéad Ní Fhuaráin, Séamus Ó hAllmhuráin, Sinéad Ní Choileáin, Ciarán Ó Coileáin, Bryan Ó Siocháin, Tadhg Ó Fuaráin, Lisa Ní Chearnaigh. Breis eolais faoi Óg-Ógras ó oifigeach forbartha Chúige Mumhan, Risteárd Ó Fuaráin, 087-2194992 agus mumhan@ogras.ie www.feasta.ie

13


Punt Isló le Maidhc Dainín Ó Sé. Coiscéim, 2013. 206 lch. €8. Bog. Dhá Chlog ag Bualadh le Louis Mulcahy.

An Sagart, 2012. 86 lch. €12. Bog.

Ó Fhocal go Focal - ceárta na filíochta le Dolores Stewart

I

Coiscéim 2012. 236 lch. €15 Bog.

Léirmheasanna le Mícheál Ó Ruairc

s é ‘Punt Isló’ an naoú leabhar déag ó pheann Mhaidhc Dainín Uí Shé. Ó tháinig a chéad leabhar amach sé bliana is fiche ó shin, tá Maidhc ‘cúramach’, mar a deirtear. Tá sé i mbun pinn ar bhonn leanúnach agus tá rath agus bláth ar a shaothar i gcónaí. Is cuma, ar bhealach, cad atá cumtha aige nó cad a chumfaidh sé amach anseo, beidh a ainm i gcónaí ceangailte le A Thig Ná Tit Orm, scéal a bheatha a foilsíodh sa bhliain 1987. Tá an leabhar céanna ar chúrsa na hArdteistiméireachta le fada. Ghlac sé áit Peig ar an gcuraclam nuair a tháinig deireadh lena ré-san. Is cinnte go dtaitníonn saothar Mhaidhc níos mó le daltaí ná mar a thaitin ‘Peig’ riamh leo, áfach.

taitneamhach. Tarlaíonn cuid de na himeachtaí in áiteanna éagsúla ar fud na hEorpa, ach sa Ghearmáin go speisialta le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus tá an chuid seo den scéal ar fheabhas.

Scríbhneoir traidisiúnta é Maidhc Dainín. Insíonn sé scéal. Sin an méid. Insíonn sé an scéal áirithe seo i stíl shimplí, dhúchasach, nádúrtha. Tá saibhreas teanga aige san insint, agus seachnaíonn sé friotal casta agus carraigeacha móra d’fhocail ar mhaithe le léitheoirí a mhealladh. D’éinne atá ag foghlaim na teanga is cinnte gur áis iontach a bheadh sa leabhar seo. Tá sé tábhachtach caint na ndaoine i gCorca Dhuibhne, agus i nGaeltachtaí nach é, a chaomhnú agus a neartú. Déanann Maidhc Dainín é sin go rí-mhaith. Is údar macánta é, agus níl aon éirí in airde ná scaothaireacht ag baint leis. Scríobhann sé óna chroí agus bíonn sé dílis dá chuid prionsabal féin. Mar a deir sé féin ‘is gnáthdhuine mé a bhfuil scéal le hinsint agam’. Díreach é.

Maireann Maidhc ar an gCarrachán, a cheantar dúchais, i gCorca Dhuibhne, ‘i gceartlár a mhuintire’, mar a déarfá agus tá a rian sin ar a shaothar. Tá Maidhc umhal dá phobal léitheoireachta agus tugann sé dóibh a dteastaíonn uathu i gcónaí. Tá an t-ádh dearg leis pobal léitheoirí a bheith aige ina cheantar dúchais. An rud is annamh….

Seo an leabhar is fearr óna pheann ó foilsíodh A Thig Ná Tit Orm na blianta fada ó shin, im thuairimse. Is cinnte nach é an ceann deireanach ach an oiread. Bulaí fir! Is fiú go mór é a cheannach agus a léamh agus sult a bhaint as an scéal breá, spleodrach atá istigh ann.

T

Seo an leabhar is fearr óna pheann le fada, dar liom. Fuair sé creatlach an scéil thíos faoin gcnoc i gceantar an Leitriúigh, mo cheantar dúchais féin, i bhfad siar sna luath-seachtóidí nuair a bhí sé ag bailiú bainne thíos ann do Kerry Co-Op. Chuir sé aithne ar Mhicheál Ó Muircheartaigh, feirmeoir, a raibh ‘Pound a Day’ nó ‘Punt Isló’ mar leasainm air (Bhí sé ar a bhean chéile roimhe ach bronnadh air é nuair a cailleadh í siúd c. 1963). Tharraing an leasainm aird Mhaidhc. Is é creatlach an scéil ná go raibh an Muircheartach as Faiche seo pósta ar áine Ní Mhurchú (áine Ní Néill san úrscéal seo) ó Bhaile Uí Dhuinn. Chuaigh sí siúd go Meiriceá uair éigin sna tríochaidí agus fuair post le fear gnó saibhir éigin. D’fhill sí ar Éirinn c. 1942/43, agus go gairid ina dhiaidh sin phós Micheál thuasluaite. Fuair sí ‘punt in aghaidh an lae’ óna fostóir thall, punt a bheadh aici go lá a báis. Ba mhór an méid airgid é sin sna daichidí agus sna caogaidí bochta, ocracha ach go háirithe: ba gheall le fortún é le bheith macánta faoi. Conas ar tharla sé go bhfuair sí an fortún seo? Bhuel, seo é an scéal a ríomhtar san úrscéal. Ní ghéilleann Maidhc d’fhíricí an scéil ach cruthaíonn a leagan féin de, ag baint de agus ag cur leis mar a oireann. Sa phróiseas éiríonn leis laochscéal nó banlaochscéal den scoth a chruthú, laochscéal a choiméadann an léitheoir ar chiumhais na cathaoireach. Ligeann sé don scéal a bhealach féin a dhéanamh ó thús deireadh. Cruthaíonn sé carachtair shochreidte agus fásann agus forbraíonn an plota go nádúrtha ar bhealach

www.feasta.ie

háinig Louis Mulcahy chun cónaithe go dtí Baile an Fhirtéaraigh i gCorca Dhuibhne tamall maith de bhlianta ó shin. Tá clú agus cáil dhomhanda air mar photadóir. Tá Ionad Potadóireachta na Caolóige i gCloichear, Baile an Fhirtéaraigh, ina shainchomhartha aitheanta um an dtaca seo agus tagann daoine ó chian is ó chóngar go dtí an áit chun breathnú ar na píosaí breátha potadóireachta agus iad a cheannach. Níor thosnaigh sé ag cumadh filíochta Gaeilge go raibh sé ‘anonn sna blianta’ mar a déarfá. Daoine mar Mháirín Feirtéar, nach maireann, an Moinsíneoir Ó Fiannachta agus daoine nárbh iad a ghríosaigh é chun dul i mbun pinn. Is é Dhá Chlog ag Bualadh toradh a ngríosaithe.

14

Mar is eol do chách is crua-cheist mhór i gcónaí é don té a bhogann isteach sa Ghaeltacht ón taobh amuigh ar chóir dó scríobh i nGaeilge nó i dteanga eile. Iad siúd a roghnaíonn an Ghaeilge, bíonn sliabh ard, chomh hard le Cnoc Bréanainn, le dreapadh acu. Cé go nglactar leo mar chuid de phobal na háite ar bhonn pearsanta ní ghlactar riamh leo mar ‘scríbhneoirí áitiúla’, im thuairimse. Ar an ábhar sin, bíonn sé fánach acu a bheith ag ligint orthu gur de smior agus smúsach na háite iad. Ar an ábhar sin, is fearr ‘dánta ró-ómósacha agus dearcadh ró-urramach, róliúitéiseach’ a sheachaint. Caithfidh an t-ealaíontóir a

Feasta, Lúnasa 2013


bhealach féin a threabhadh i gcónaí trí pé coill a chuirtear os a chomhair.

Ó thaobh leagan amach de, baintear feidhm as ceithre ranna éagsúla: an t-ainmfhocal (AF); an Aidiacht (AD); an Briathar (B) agus an dobhriathar (DB). Is i nGaeilge amháin a dhéantar an gnó a chur i gcrích. Is mar chabhair d’fhilí go príomha an leabhar: ‘… b’í an fhilíocht a chuir tús leis an obair seo. Má tá dearcadh na filíochta le fáil ann, agus má spreagann sé léitheoirí chun samhlaíochta, beidh mé thar a bheith sásta leis.’

Is file macánta é Louis Mulcahy. Mar photadóir tuigeann sé gur ceird umhal í ceird na filíochta, ceird sheachantach a bhíonn de shíor ag éalú uait. Creideann gach file nach bhfuil an dán a theastaíonn uaidh a scríobh scríofa fós aige. Tá dánta maithe scríofa ag Louis sa chnuasach seo, dánta ar nós ‘Dallamullóg na hÓige’ (lch. 18); ‘Suaimhneas’ (lch. 22); ‘An Lá Geal Úd Fadó’ (lch. 31/32); ‘Deich chun a Cúig’ (lch. 52) agus ‘Lár na hOíche 2010’, atá anseo thíos ina iomláine:

Seo sampla amháin: (uaireanta bíonn dhá leagan den bhfocal céanna clúdaithe sa leabhar, ie (1) agus (2): –

I lar na hoíche tagann siad; na taibhsí. Sceimhle a ruaigeann codladh; Smaointe ar an drochshaol a bheidh i ndán má theipeann ar ghnó. Machnamh ar cad a thitfidh amach má imíonn cúrsaí níos faide chun donais; má leanann an cúlú eacnamaíochta go bun an bhairille; tigh, sláinte, comhaltaí, meas agus aitheantas caillte. Gan fágtha ach an téad; i bhfad uaim an smaoineamh fé sholas an lae.

Anam: AF (1) * anam agus corp, meanma, spiorad, taibhse, gósta, an t-anam, AD * anamúil, spioradálta, osnádúrtha, damanta,

B * ag coinneáil ort idir anam is chorp, ag guí le hanam na marbh, ag ofráil Aifrinn ar son anamnacha na bhfíréan, ag aithrí ar mhaithe le d’anam, ag tabhairt na déirce dóibh le leas d’anama, ag déanamh d’anama roimh bás, ag moladh dó a anam a shaoradh, ag aithint croí agus anam na cuideachta ann, ag cur aimliú an domhain sa cheol,

Is maith liom an t-ionracas agus an dearcadh intleachtúil a léirítear sna dánta pearsanta seo. Bíonn ar mo chumas spléachadh a fháil ar aigne agus ar phróiseas smaointeoireachta an fhile. Is maith liom na dánta freisin a bhfuil cur síos grinn, géarchúiseach, tomhaiste déanta iontu. Nuair a nasctar súil an photadóra agus súil an chumadóra focal, gintear dánta ar nós na gceann seo a leanas as an gcaidreamh: ‘Danny ina Dhúthaigh Féin’ (lch. 70); ‘An Stáisiún’ (lch. 76/77) agus ‘Giorria’ (lch.56.) atá ina sheoid de dhán, dar liom, agus a chríochnaíonn mar seo a leanas:

DB * go hanamúil, go spioradálta, go meanmnach,

Anam AF (2) * beatha, bith, saol, ré, anáil na beatha, an t-anam,

AD * beo, beo beathach, fuinniúil, cuisleach,

B * ag rith lena anam as an áit, ag imeacht lena anam orthu, ag cur anam do chara i gcontúirt, ag cur a anama amach ag gáire, ag baint an anama asam leis an torann, ag troid le himirt anama, ag baint le cúrsaí báis is beatha, ag guí do bheatha agus do shláinte, ag iarraidh beo an fhir a shábhail, ag iarraidh an t-anam a choinneáil beo inti,

An mhaidin dár gcionn bhí an freagra agam: cathaitheoir mamach i gcóta breá fionnaidh a haoibh ag corraí mo choirp – ag baint craicinn chomh diamhair dícheallach le hÉabha an mangaire mealltach.

DB * go beo beathach, go bríomhar, go fuinniúil, …

Nílim ró-thógtha le cuid de na dánta ‘poiblí’ ina bhfuil rudaí ‘polaitiúla’ le rá ag an bhfile. Ná nílim tógtha in aon chor leis na dánta ‘leithscéalacha’ ina gcaoineann an file a theirce Gaeilge, dar leis féin. B’fhearr dánta mar iad a fhágáil ar lár.

Seo sampla eile: –

Teacht AF * gluaiseacht, bogadh, sroicheadh, filleadh, gabháil, AD * mallghluaiste, luathchosach, fáilteach, critheaglach,

Mar chéad chnuasach seasann sé an fód, agus mar atá ráite tá dánta maithe ann. Táim cinnte go mbainfidh an file seo fómhar na filíochta mar a bhain sé fómhar na potadóireachta cheana féin sna blianta atá amach romhainn.

I

s saothar toirtiúil é Ó Fhocal go Focal. Is file aitheanta agus aistritheoir í Dolores Stewart a bhfuil cnuasaigh filíochta i nGaeilge agus i mBéarla i gcló aici. ‘Séard atá ann ná teasáras filíochta ina ndéanann an t-údar iarracht ar éagsúlacht na teanga a thaispeáint. Deirtear linn sa Réamhrá go dtarraingíonn an t-údar as an-chuid foinsí éagsúla ‘ina measc siúd: Ó Dónaill, De Bhaldraithe, Mac Cionnaith, Ó Duinín agus O’Neill Lane chomh maith le Peig Sayers, Ó Criomhthain agus Ó Cadhain’ agus as foinsí eile nach iad agus í ag cur an leabhair seo i dtoll a chéile. Dála an scéil gabhann dhá Réamhrá leis an leabhar, ceann as Gaeilge agus ceann as Béarla. Is i nGaeilge amháin, áfach, atá téacs an leabhair. ‘Maidir leis an aonteangachas á úsáid anseo, ciallaíonn sé freisin nach bhfuil an Ghaeilge feicthe i scáthán an Bhéarla (mar is gnách) agus gur teanga gan teorainn í.’ www.feasta.ie

B * ag teacht is ag imeacht, ag teacht abhaile, ag sroicheadh na háite, ag filleadh ar ais, ag tarraingt is ag triall, ag gluaiseacht anall chugainn, ag bogadh isteach, ag tnúth le do theacht, ag súil leis an doras, ag teacht go dtí go bhfaca mé iad, ag teacht i gcóngar an bhaile, ag taibhsiú ar leac an dorais, ag sleamhnú isteach, ag féachaint an dtiocfá,

A

DB * go deifreach, go tapaidh, go malltriallach, go drogallach, …

gus mar sin de. Is cinnte gur áis iontach atá sa leabhar seo do dhaoine atá ag lorg soiléiriú ar fhocail áirithe, atá ag iarraidh leaganacha éagsúla d’fhocail faoi leith a aimsiú agus atá sa tóir ar bhríonna difriúla den bhfocal céanna agus ar shaibhreas teanga srl.

Mar sin féin, bheadh dian-eagarthóireacht go mór chun leasa an leabhair seo gan aon agó. — Críoch 15

Feasta, Lúnasa 2013


ANSEO AGUS ANSIÚD Ó chlé: Nóirín Ní Chonghaile, TG4, Máire Ní Laoi, íte Ní Chionnaith, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile átha Cliath (ITBáC) agus Mairéad Seoighe, Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge. • Bhailigh slua lena ndea-mhéin a chur in iúl d’íte Ní Chionnaith, léachtóir le Gaeilge i Scoil na Meán, ITBáC, a chuaigh ar scor luath an samhradh seo, ag ócáid de chuid Choiste Gaeilge na hInstitiúide le gairid. Tá íte ag léachtóireacht in ITBáC ó 1979 agus ardmheas uirthi mar oide agus mar ghníomhaí teanga. Bhí sí bainteach le forbairt agus bunú cúrsaí acadúla agus ina léachtóir sinsearach Gaeilge ar na cúrsaí Iriseoireachta, Scannánaíochta agus Craoltóireachta agus ar an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, agus bhí sí an-ghníomhach i gCoiste na Gaeilge. Thar cheann Choiste Gaeilge na hInstitiúide, ghabh an Dr. Máire Mhic Mhathúna, Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí, agus Antaine Ó Faracháin, Scoil na dTeangacha, a mbuíochas le híte as an dea-obair go léir. Tugadh ard-mholadh di as an obair atá déanta aici ag cur na Gaeilge chun cinn laistigh agus lasmuigh den Institiúid. Ba í íte an chéad bhanUachtarán ar Chonradh na Gaeilge í; chaith sí tamall mar Chathaoirleach agus ar an Oireachtas agus bhí sí ina

heagarthóir ar an iris seo Feasta. Bíonn sí le clos go minic ar chláracha raidió agus teilifíse, gan trácht ar an obair dheonach a bhíonn ar bun aici le Conradh na Gaeilge agus Raidió na Life ach go háirithe. Tagraíodh don spéis mhór atá aici i gcúrsaí polaitíochta agus i gcúrsaí reatha, agus bhí sí i mbun nuachtán agus iris Ghaeilge na mac léinn, Cumarsáid agus Tairseach, ó thosaigh sí ag obair san Institiúid. Bhí idir chairde, chomhghleacaithe, mhic léinn agus iar-chomhghleacaithe ón saol acadúil agus neamhacadúil, ó chian is ó chóngar, i láthair chun slán agus ádh mór a ghuí ar íte.◊

Ar dheis, duine d’fhilí óga FEASTA, Séamus Barra Ó Súilleabháin (lch 8), agus a scoil samhraidh ar thuras coille mar a rabhadar ag foghlaim ainmneacha na bplandaí ó sheanóir áitiúil, a bhfuil ainmneacha Gaeilge fós aige, táthfhéithleann, praiseach, draighneán agus ainmneacha nach iad. Bhí go leor imeachtaí nua-aimseartha ar siúl acu thart ar an bhFionnúig i gCiarraí thuaidh chomh maith, tae kwon do, t-léinte a shnaidhmeadh agus a dhathú, scríbhneoireacht haiku, cad eile, agus yoga: an t-oideachas agus an oiliúint a bhfuil gach damhna file ina ghá.

DAONSCOIL NA MUMHAN 2013 18-23 LÚNASA, COLÁISTE NA RINNE

Réamheolas, Príomhchainteoirí: Brian Ó Conchubhair, Donnchadh Ó Súilleabháin, Éamonn Ó Cuilleanáin. Téama: Tionchar na nGael i gcéin

Dé Domhnaigh, 18 Lúnasa

4.00 p.m. Clárú. 7.00 p.m. Oscailt Oifigiúil. 8.00p.m. Máistir-rang, sean-nós, Anne Mulqueen 9.00 p.m. Fáiltiú • 10.30 p.m. Airneán

Dé Luain, 19 Lúnasa

9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: áine Ní Fhiannúsa, Anne Mulqueen 10.15 a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin 11.00 a.m. Tae nó caife. • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC sa Rang, Eoin Ó Briain 3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 7.30 p.m. Quiz Bord 9.00 p.m. Céilí • 10.30p.m. Airneán

Dé Máirt, 20 Lúnasa

9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: áine agus Anne. 10.15a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin. Féinmheastóireacht sa Bhunscoil: le socrú.

11.00 a.m. Tae/ caife • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC sa Rang; Eoin Ó Briain 2.15 p.m. Siúl Sléibhe 3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 8.00 p.m. Seoladh: ‘An Linn Bhuí XVI’ 9.00p.m. Céilí • 10.30p.m. Airneán

Dé Céadaoin, 21 Lúnasa

9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: áine agus Anne 10.15 a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin 11.00 a.m. Tae/ caife • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC sa Rang; Eoin Ó Briain 3.00 p.m. Turas bus. 7.30 p.m. Comórtas Talainne an Dá Phádraig 9.30 p.m. Céilí • 10.30p.m. Airneán

Déardaoin, 22 Lúnasa

9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh, Amhránaíocht: áine agus Anne 10.15 a.m. Féinmheastóireacht sa Bhunscoil.

Filíocht: Bríd Ní Mhóráin 11a.m. Tae nó caife • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15p.m. Ceardlann Filíochta. 2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain 2.30-3.30 agus 4.30-5.30 p.m. Ceardlanna Damhsa ar an sean-nós: Cuthbert Arutura. 3.30p.m.Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 7p.m. Aifreann na Daonscoile 8.30p.m. Ceolchoirm. • 10.00p.m. Airneán

Dé hAoine, 23 Lúnasa

9.30a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: Aine agus Anne 10.15a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin 11a.m. Tae nó caife • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain 3.15p.m. Súil siar, agus moltaí, á stiúrú ag Annraoi de Paor agus Mícheál Ó Drisleáin 4:00p.m. Scaradh na gCarad.

WWW.DAONSCOIL.COM


CoSA GRÉiNE

Sheol Máirín Nic Eoin

I

le Diarmaid Ó Súilleabháin

i gClub na Múinteoirí, Baile Átha Cliath, 16 Feabhra 2013

Mar is eol dúinn, ba phoblachtach agus ba náisiúntóir neamhleithscéalach é Diarmaid Ó Súilleabháin i gcaitheamh a shaoil, agus tá dánta anseo a léiríonn an fhearg agus an tseirbhe chéanna le bail na tíre is atá á nochtadh aige ina mhórshaothair phróis. Ní dheachaigh sé riamh ar chúl sceiche agus a fhíoch á dhíriú ar pholaiteoirí an stáit: ‘Measa iad ná Gaill is Péindlí/ Daorstátpholaiteoirí Éireann’ a deir sé sa dán ‘Fir gan Téagar’ (64). Cuirtear i gcoinne córais shóisialta atá leatromach agus léirítear ómós don duine a éiríonn amach in éadan lucht cumhachta agus rachmais i ndánta mar ‘Galántóirí’ (46).

s deacair a chreidiúint go bhfuil ocht mbliana is fiche ann anois ó cailleadh an scríbhneoir ildánach Gaeilge, Diarmaid Ó Súilleabháin. Tá cuimhne ghlé agam ar Dhiarmaid i mblianta deireanacha a shaoil, agus ar an gcuairt a thug sé go dtí Coláiste Phádraig, Droim Conrach, le labhairt leis na mic léinn faoina shaothar, ní rófhada ar chor ar bith roimh an tréimhse dheireanach tinnis, agus ar an gcaint spleodrach spreagúil a thug sé uaidh ar an ócáid sin. Bhí leabhar dá chuid ar an gcúrsa an uair sin, mar a bhí freisin ó shin i leith, ach is dóigh go bhfuil sé fíor, mar a bhí á lua ag daoine liom le gairid, nach bhfuil ionad chomh lárnach sin ag saothar Uí Shúilleabháin ar an gcuraclam ollscoile is a bhíodh.

Is ar leibhéal iarchéime is mó a bhíonn sé á phlé anois – nó ar chúrsaí roghnacha ag buíonta beaga mac léinn – ach an rud is tábhachtaí ná nach bhfuil an saothar ligthe i ndearmad ag an aos léinn agus litríochta, agus nuair a thug scoláire óg litríochta léacht ag Comhdháil na Gaillimhe dhá bhliain ó shin ar mhórscríbhneoirí nuálacha na seascaidí, bhí Ó Súilleabháin ina measc. Ar ndóigh, caithfidh an saothar a bheith ar fáil, a bheith ar an margadh, agus ba chóir go nginfeadh an foilsiú plé agus caibidil. B’fhéidir nach raibh an oiread plé ar na húrscéalta Oighear Geimhridh agus Lá breá gréine buí (a foilsíodh i ndiaidh a bháis) is a thuill siad, ach ní imíonn an dea-litríocht ar ceal, agus táim cinnte go spreagfaidh foilsiú an leabhair seo spéis as an nua sa saothar trí chéile.

Tá dánta ann a chuirfidh tú ag fiafraí díot féin – cén dearcadh a bheadh ag Ó Súilleabháin dá mairfeadh sé níos faide? Is léir ón dán ‘Nach aoibhinn do Bhanba!’ (65) nach mórán measa a bhí aige ar iarrachtaí Garrett Fitzgerald agus Margaret Thatcher aimsir an Chomhaontaithe AnglaÉireannaigh i lár na n-ochtóidí, agus léirítear dímheas ar na daoine ‘a chreid sa pháirtpholaitíocht’ sa dán ‘Púicín’ (45). D’fhéadfá a rá go bhfuil seasamh polaitiúil na ndánta seo ‘as dáta’ anois, agus ba dheacair a shamhlú, dá mairfeadh an Súilleabhánach, nach bhfáilteodh sé roimh an bpróiseas síochána níos iltaobhaí a lean iarrachtaí sin na n-ochtóidí. Ach tuigimid don mhothú atá á nochtadh iontu – an díomá iarchoilíneach faoi ghluaiseacht neamhchríochnaithe na saoirse, atá le léamh ar bhealaí eile ar fhilíocht an Direánaigh, ar phrós an Ríordánaigh, agus a bhí fós láidir i measc ghlúin Uí Shúilleabháin.

Le foilsiú an chnuasaigh seo, beidh saothar uile Dhiarmada Uí Shúilleabháin (seachas scripteanna na ndrámaí) ar fáil do léitheoirí na Gaeilge. Tugann foilsiú an leabhair an tionscnamh liteartha chun críche, agus tá sé sin tábhachtach go háirithe dóibh siúd a bhfuil na saothair eile léite acu. Ansin tá daoine ann arb é an leabhar seo an chéad leabhar le Diarmaid a léifidh siad, agus táim cinnte go spreagfaidh a bhfuil ann a bhfiosracht agus go seolfaidh sé ar ais i dtreo na saothar eile iad.

Agus sinn ag iarraidh tábhacht fhilíocht pholaitiúil Uí Shúilleabháin a mheas anois, is dóigh liom gurb é an ní is suntasaí ar fad fúithi ná an bua fáistine atá léirithe inti. Tá an oiread céanna le rá ag Ó Súilleabháin faoin bpolaitíocht ghlas, sa chiall éiceolaíochta den fhocal, is atá faoin bpolaitíocht náisiúnaíoch. Is é a mhórbhua mar scríbhneoir polaitiúil ná an chaoi a bhfaca sé agus a léirigh sé an gaol idir an dá rud.

C

ad leis a mbeadh léitheoir ag súil i leabhar ó Dhiarmaid Ó Súilleabháin? An bhfuil na nithe sin le fáil sa leabhar seo? Bheifí ag súil leis an smaointeoireacht pholaitiúil – an pholaitíocht náisiúnaíoch fite fuaite leis an bhfeasacht agus leis an bhfreagracht shóisialta, bunaithe ar léamh ar an stair trí shúile na cosmhuintire agus trí lionsa na Gaeilge. Bheifí ag súil le hurraim d’áiteanna, agus an tuiscint éiceolaíoch a mhórann an éagsúlacht agus an tsainiúlacht. Tá na nithe sin níos tábhachtaí ná riamh anois agus cúrsaí beatha agus báis teanga á dtuiscint i dtéarmaí éiceolaíochta agus éicitheangeolaíochta. Agus bheifí ag súil leis an ngné mheitifisicúil, machnamh leanúnach ar bheith an duine, machnamh a ghluaiseann ó eiseachas shaothar na seascaidí ar ais i dtreo thuiscintí an chreidimh Chaitlicigh ag deireadh a shaoil.

www.feasta.ie

Is gné lárnach dá thuiscint ar an tírghrá an urraim don áit ar leith agus an fheasacht éiceolaíoch, an táiteachas a bhí chomh mór sin i gceist ina úrscéal Maeldún. Foilsíodh Maeldún sa bhliain 1972 agus thuig Diarmaid Ó Súilleabháin a raibh ag tarlú timpeall air an uair sin, an scrios a bhí á dhéanamh in ainm na forbartha, agus cead a gcinn á fháil ag na ‘Bailitheoirí’ lena gcuid ‘miosúr agus teodailítí’ agus a ‘dtaibhreamh sítheach – gach uile chearn den iathghlas faoin gcruas coincréiteach’ (Maeldún, 94). Is deacair gan smaoineamh ar na focail sin agus sinn ag breathnú amach ar na láithreacha folmha coincréite atá ina smál anois ar an tír.

17

Tá spéis mhór á cur na laethanta seo sa rud a dtugann criticeoirí liteartha ‘éicifhilíocht’ air, agus sa chomhthéacs sin tá cáil mhór ar dhán leis an bhfile Baile átha Cliathach Paula

Feasta, Lúnasa 2013


Meehan dar teideal ‘Death of a Field’, dán a chuireann síos ar an bpróiseas trína scriostar gnáthóga ainmhithe agus plandaí nuair a dhéantar suíomh tógála as páirc. Is ag caint ar ‘fhorbairtí’ ré an Tíogair Cheiltigh atá Paula, ach tríocha bliain roimhe sin chonaic Diarmaid Ó Súilleabháin an t-éigean céanna á dhéanamh ar pháirceanna is ar an mbeatha a chothaigh siad, agus scríobh sé faoi leis an bpaisean ba dhual dó sa dán ‘Páirc Mhór Chria’, a chríochnaíonn ar an nóta seo:

Agus beart beag éadaí Lae is leapa oíche... Cinnte níorbh iad A mhéara siúd a Láimhseodh na ‘mílte’, A chuirfeadh damhsa uimhreach Faoi mhilliúin figiúir-thaoide, Baincéireacht i gcéin, i gcéin... Ní dócha gur fhill feallaire na hoíche Ar na buidéil nó bhíodar folamh folamh. (2).

Páirc mhór Chria gan luaim gan geamhar, Gan each ná conairt go ceolmhar pras, Ná míol is gealchú ag cúrsáil thart, Ach lasta liath suiminte; Croí is beith na páirce briste, Sruth na Beatha eisíonn sí go máthartha Bainte di go broinneach – Ríonpháirc eile ar lár. (33)

Cén uair a cumadh an dán sin? Sna hochtóidí, tréimhse a raibh géarchéim eacnamaíoch eile sa tír ach a raibh dlús á chur freisin leis an gcaipitleachas Casino, mar a thug Susan Strange air ina leabhar iomráiteach Casino Capitalism a foilsíodh sa bhliain 1986. Feiceann Ó Súilleabháin gaol idir an t-imeallú sóisialta, an bochtanas agus easpa dídine, agus an córas baincéireachta domhanda, an margadh airgid a fheidhmíonn beag beann ar shaoltaithí an ghnáthphobail.

T

Is sampla den scoth den éicifhilíocht é an dán ‘Creachadh Coille’ (34) a chuirfeadh an t-amhrán cáiliúil ‘Cill Chais’ i gcuimhne duit, mar atá luaite ag Éamon Ó Ciosáin ina réamhrá leis an leabhar seo. Fearacht ‘Páirc Mhór Chria’ agus ‘Death of a Field’ Meehan, is dán réalaíoch agus réamhfháistineach an dán seo freisin a bhéiceann amach i gcoinne scrios na timpeallachta fisiciúla agus ídiú na héagsúlachta:

á tréanmhothú ar leith ag roinnt leis an gcnuasach seo, ar ndóigh, mar gur cumadh cuid mhaith den ábhar ann agus an scríbhneoir ag maireachtáil faoi scáth an ghalair, faoi bhagairt an bháis. Níl an sceimhle a bhaineann le saothar an Ríordánaigh le brath ar na dánta, ach tá an léargas is déine is féidir a fháil ar an daonnacht ann, léargas ar bheith an duine faoi scáth an bháis. Tá scata dánta a bhaineann leis an mortlaíocht féin, leis an ospidéalú (más ceadmhach dom friotal Súilleabhánach a chleachtadh), le mionsonraí an chóir leighis a bhí á cur air, le caidreamh othar lena chéile: ‘Ospidéal’ (7-13), ‘Fuil’ (14), ‘Rabhadh’ (16), ‘Is Bocht an Ní mé...’ (17), ‘Imeacht’ (48), mar shampla. Ba dheacair an dán ‘Fuil’ a shárú mar léiriú ar ghaol an duine lena chorp féin, agus ar an gcoimhthiú a tharlaíonn nuair atá a bheatha ag brath ar an Meaisín:

Bodhaire éan ann in áit séis na gcianta, An giorria féin do thréig a thimpeallacht, Gan cáineadh lae le tíocht na hoíche, Ó neadacha cág nó préachán piaclach; Fir gona dtrealamh le hairc ag líonadh, Ualaí ainnise ina chonnadh don Gheimhreadh, Díseart liath in áit duillmhá aoibhne, Mant mór spáis in áit stát na rí-chrann. Shiúlas inniu coill na Cuimhne Is chonaic inti maorgacht na laetha ríoga An dair is an bheith a bhíodh go fial ann, Is cosa na gréine mar bhainne bó cíche, Trí cholúin na gcrann de sholas diamhair An scáildrúcht luigh uirthi de ghrá na hoíche, Ar leanbh léi líonrach péarlach niamhrach,

Inniu chonac m’fhuil ag sileadh De thiúb i bhfeadán gloine, Sruth dearg silteach, Ina slabhra gluaiste. Caise iontach aisteach, Béal – rua – easa; Amhail sruthfhuil muice A shilfeadh de chiumhais boird An bhúistéara Isteach i mbuicéad mór na bputóg.

Shiúlas inniu coill na gCuimhní Is ba mhacasamhail í de stair ár dtíre. (34).

Ní smaointeoireacht theibí a bhíonn ar siúl ag Ó Súilleabháin i bhformhór na ndánta, ach cruthú íomhánna a iompraíonn an teachtaireacht láidir shóisialta. Tá fearg agus fíoch an duine a fheiceann an éagothromaíocht agus é scríofa ar dhreach na cathrach le fáil i gcuid mhaith de na dánta sa chnuasach. Tá roinnt de na híomhánna chomh so-aitheanta céanna anois is a bhí nuair a bhí na dánta á gcumadh sna hochtóidí. Aithnímid ar fad an radharc ar chéimeanna oifige sa chathair a chruthaítear sa dán ‘Dhá bhuidéal fíona folamh’, mar shampla: Dhá bhuidéal fíona folamh Ar chéimeanna chuig oifig Úrthógtha ina fathach bríceach di – Fathach cathrach Iomad seomra in áras Millteach an Athar Chliarlathaigh!

www.feasta.ie

Diarmaid Ó Súilleabháin

(Pic. le Marcas Ó Murchú)

Níor chuala sceonscread Ná bás-scréach na scine, Glacadh leis an dtál dearg seo Go réidh fealsúnach – Ba bhúistéir ealaíonta é An Meaisín seo Ar fearr a fheidhm Ná easpa duáin! (14)

18

Tá dán eile a bhaineann leis an Meaisín céanna ar sampla iontach é de ghreann dubh Uí Shúilleabháin. Tugtar le fios gur ar chostas an stáit, an stát céanna a raibh sé chomh criticiúil sin ina thaobh, atá an file á choinneáil ina bheatha:

Feasta, Lúnasa 2013


NA MAIRBH

Anois go bhfeicim fear lem thaobh Ní mé cé hé, ní mé cé hé, Cá bhfios nach strainséir Eile é A mhair i gcéin a mhair i gcéin.

‘Des na mairbh tú anois’ ar sí, ‘Nó maireann tú dar cuisle meaisín’ ‘Dá stadfadh Stát as bheith dod’ íoc Bhainfí ní d’fhola díot, Stoithfí tiúb is feadán uait Is cheilfí sruth na beatha romhat Go grod – Níorbh ionadh san a mhéid Do chostas ar an Stát.’ Ba chuma san, Ach nach raibh fhios aici, Banaltra na n-éadaí geal’, Gur fada línte beatha an Stáit Stoite saor agam. (38)

T

á moladh mór ag dul d’eagarthóir an leabhair seo, Seosamh Ó Murchú, a thug aire do na dánta seo thar na blianta agus a d’fhéach chuige go gcuirfí ar fáil go snasta sa leabhar seo iad. Tá réamhrá den scoth curtha leis an leabhar ag Éamon Ó Ciosáin, réamhrá a léiríonn sárthuiscint ar ealaín Uí Shúilleabháin agus a chuireann an leabhar filíochta seo i gcomhthéacs a shaothair ina iomláine. ‘Geit a bhaint as an nGaeilge’ a bhí mar chuspóir ag Ó Súilleabháin sna seánraí éagsúla a chleacht sé. Beifear ag súil go músclóidh foilsiú an leabhair seo spéis as an nua ina thionscnamh liteartha agus go spreagfaidh sé athléamha ar na leabhair cheannródaíocha a d’fhoilsigh sé.

Tá ilghnéitheacht sa chnuasach filíochta seo agus dánta a sheolfadh léitheoirí ar ais go dtí saothair eile de chuid an tSúilleabhánaigh. Tá dánta coinbhinsiúnta ina measc, dánta mar ‘Duan do Leanbh’ (3) agus ‘In Memoriam’ (18) a chomórann na tairseacha móra i saol an duine agus an teaghlaigh. Mórtar áiteanna ar leith (‘Má Nuad’, 4), daoine ar leith (‘Sagart’, 5), agus mórtar go háirithe tábhacht na muintire (‘An Stáisiún’, 6; ‘Meitheal’, 25-6, ‘Teach Barr Aille’ 27; ‘Mairid na Comharsana’ 28). Filltear ar a chuid foinsí féin i stair agus i dtírdhreach Bhéarra sa dán fada ‘Cúltroid’ (58-61), beathaisnéis laochúil Dhónaill Uí Shúilleabháin Bhéarra lena loinneog dhrámatúil: ‘Caillte i mbroinn dhomhain dhiamhair an Ama,/ Láithrím tú, a Dhónaill Chaim na Staire.’

Ag ócáid a sheolta i gClub na Múinteoirí, léigh a gharmhac Muiris Mac Mathúna dhá dhán a roghnaigh sé féin ón saothar, an dán ‘Fuil’ a luaitear thuas, agus an dán ‘Teanga’. Is sna dánta seo is mó a chonaic Muiris a ghaol féin lena sheanathair agus, mar a dúirt sé ar an ócáid, is í an teanga agus an spéis i dteangacha go háirithe an oidhreacht a bhronn Diarmaid air:

T

á teacht chun réitigh leis an saol agus leis an mbás i gceist sna dánta deireanacha sa chnuasach, mar is léir ó theideal mar ‘Do Chuireas-sa Díom m’Éad leat, a Dhia (78-9). Is geall le teachtaireacht don chéad ghlúin eile an dán deireanach ar fad, dán a bhfuil cuma níos simplí air ná mar atá ar fhormhór na ndánta sa chnuasach. Cloistear guth teagascach Uí Shúilleabháin anseo, ach is guth séimh anois é, guth an mhúinteora nó guth an athar ag caint i dteanga a thuigfeadh an páiste féin. Ach an oiread leis an Ríordánach a thuig nach mbeadh freagra aige riamh ar na buncheisteanna, gur ‘bás, dar liom fós, freagairt,/ Is beatha fiafraí’ (‘Guí’ in Brosna (1964), 16), is i bhfoirm ceiste atá teachtaireacht an dáin seo á cur abhaile ag Diarmaid Ó Súilleabháin:

TEANGA

Ceol cine í Teanga an Duine, Gléas ársa snasta ’sheinneann poirt, Uasnóta is íos, fuaimníonn di, Uain na treise is ansin an cogar croí, Stoirm staire is arís ciúnas cille, Sprid a luaimíonn léi thar cam is cor, A ghnáthaíonn pócaí gleanna ar leataobh, A shiúlann mórbhealach is conair bheag, Gaoth í thar dhroim an tsléibhe Is maireann sí thart ar mhuine is cnoc; Is teanga é gach bothán is sráidbhaile, Cinneann a guth Féin na míntíre is na n-oileán, Éan í dá goib go hearrachúil barr craoibhe, Tonn í de gháir ar ghreancheol trá, Leoithne í os íseal ’cheolann coill Nó anfa trumpach thar leithne má; Ach is ní eile í fosta beith na Teanga, Óir inti maireann tús is deireadh ár n-annála, Friotal sainiúil ’dheighleann sinn go diamhair Ón bhfimínchultúr a chleachtann lucht na baoithe – Ding-dang-dang laethúil alfraits an éatair, Sid í a luach, sid í a páirt go buan.

Céard sa bhreis a bheadh ionam Dá mbeinn im Rí? Rachainn síos.... Rachainn síos.... Céard sa bhreis a bheadh ionam Dá mbeinn im shaoi? Rachainn síos.... Rachainn síos....

——◊——

Céard sa bhreis a bheadh ionam Dá mbeinn im mhilliúnaí? Rachainn síos.... Rachainn síos.... www.feasta.ie

Is céard sa bhreis É féin? Céard sa diabhal sa bhreis É féin? Saoi is Rí is Milliúnaí Nó taibhsedhuine ba rúnaí Ar Rí is Saoi is Milliúnaí; Céard sa bhreis a ghreim? Céard sa bhreis sa bhreis A ghreim? (80)

COSA GRÉINE. Diarmaid Ó Súilleabháin. Coiscéim. Baile átha Cliath, 2013. €10 19

Feasta, Lúnasa 2013


AN BhRATACh

I

Oibilisc na Bóinne, 3 mhíle ó Dhroichead átha, mar a bhíodh.

‘July the first, on a morning fair in 16 and 90 famous, King William did his troops prepare to fight the false King Shamus.’ ART Ó MAoLFABhAiL

Ar an 13 Eanáir 1913 bunaíodh The Ulster Volunteer Force. Mílíste armtha a bhí san UVF agus eagraíodh ar nós airm é. Bunaíodh campaí traenála, rannóg leighis agus banaltrais, rannóg iompair agus rannóg cumarsáide raidió. Ar feadh na bliana 1913 bhíothas i mbun eagraithe agus traenála. Chuathas a cheannach gunnaí sa Ghearmáin. Chuaigh Carson ar fud Chúige Uladh ag gríosadh na nAontachtaithe. I mí an Mheithimh chaith Carson seachtain ar chamchuairt sa Bhreatain, ó Ghlaschú go Briostó, ag labhairt in aghaidh an Bhille Rialtais Dúchais.

s ea! Beirt a bhí ag éileamh choróin na Breataine ag tabhairt dúshláin a chéile ar pháirc catha in Éirinn taobh le habhainn na Bóinne. Mar is eol dúinn, is leis an Rí Liam Dúitseach Oráiste a bhí an lá agus comórtar a chaithréim gach bliain ag Oráistigh. An mháirseáil ar an 12ú Iúil atá i gceist. Ar an 12ú lá a troideadh an cath de réir an gnáthfhéilire, féilire a d’fhógair an Pápa Gréagóir XIII i 1582 agus nár ghlac Sasana leis go dtí 1762. Sa bhliain 1736 rinneadh comóradh ar chath na Bóinne trí oibilisc, a thógáil ar bhruach na Bóinne, cúig chiliméadar (trí mhíle) siar ó Dhroichead átha. Bhí na focail seo leanas greanta ar bhun an leachta: Sacred to the glorious memory of King William the Third, who, on the 1st July, 1690, passed the river near this place to attack James the Second at the head of a Popish Army, advantageously posted on the south side of it, and did, on that day, by a single battle, secure to us and to our posterity, our liberty, laws, and religion. In consequence of this action, James the Second left this kingdom and fled to France.

Chorraigh bunú an UVF cúrsaí i measc Náisiúntóirí agus ar an 25 Samhain an bhliain sin, 1913, bunaíodh The Irish Volunteers (Óglaigh na hÉireann) i mBaile átha Cliath. Ach roimhe sin, i mí Iúil 1913 tharla eachtra ar tugadh mórán poiblíochta dó, cé nach mbíonn mórán tráchta air anois.

Ionradh rúnda

Dé Luain, 28 Iúil 1913, labhair Carson le slua mór den UVF a bhí bailithe i mBaile na hInse i gContae an Dúin. Le linn a aithisc d’inis sé mar a chuaigh sé go luath an mhaidin sin ar chuairt chuig campa chór teachtairí gluaisrothar an UVF, a bhí lonnaithe i dTuíneán i gContae Ard Mhacha. Seo mar a labhair Carson, de réir na tuairisce in The Irish Times, Dé Máirt 29 Iúil, 1913:

Leacht 52 m (172 troigh) ar airde a bhí ann agus sheas sé ansin go dtí 1923 nuair a séideadh san aer é. Tá caint anois ann ar an oibilisc a atógáil. Acht Home Rule

In 1886 agus arís in 1891 rinne Rialtas na Breataine iarracht Bille Rialtas Dúchais (Home Rule Bill) d’Éirinn a chur tríd an Pharlaimint. Bhí cur-i-gcoinne láidir ann, go háirithe ag Oráistigh, agus theip ar an dá iarracht. Bunaíodh Comhairle Aontachtaithe Uladh (The Ulster Unionist Council) i 1905 chun an cur-i-gcoinne sin a eagrú go lán-éifeachtach. Conaidhm a lán eagraíochtaí Aontachtacha a bhí sa Chomhairle, agus roimh dheireadh 1905 bhí Sir Edward Carson curtha i gceannas acu. I mBaile átha Cliath a rugadh Carson (1864-1935) agus i 1905 bhí sé ina Theachta Parlaiminte i Londain, é tofa ag Coláiste na Tríonóide.

Ar an 11 Aibreán 1912 rinne an Rialtas an tríú hiarracht an Bille Rialtas Dúchais a thabhairt isteach. An t-am seo glacadh leis sa Pharlaimint agus bhí sé le teacht i bhfeidhm i 1914. Chuir seo na hOráistigh le báiní. Cumadh ‘Ulster’s Solemn League and Covenant’. Socraíodh ‘Ulster Day’ a chomóradh ar an 28 Meán Fómhair 1912 (ar aithris ‘Empire Day’, 24 Bealtaine agus ‘Dominion Day’, 1 Iúil,). Ar an lá sin, tar éis seirbhísí eaglasta ina ndearnadh comparáid idir cás Uladh agus cás Israeil sa Seantiomna, síníodh an cúnant. Timpeall 500,000 (fir agus mná, cé nach bhfuil luaite sa chúnant féin ach ‘men of Ulster’) a shínigh an ‘Ulster Covenant’ lenar mhóidigh siad go gcuirfeadh siad i gcoinne Home Rule ar gach bealach ina bhféadfaí. www.feasta.ie

I started out at half past three o’clock — in order to pay a surprise visit to the camp of despatch riders, who were out on the other side of Armagh. I got there some time after four o’clock, and I found a most splendid body of trained despatch riders. I also found that just after midnight last night four of their number had gone off to the banks of the Boyne, and we waited until they came back. Right cheerily and lustily did we receive them, and they announced to me that they had placed on the banks of the Boyne a Union Jack and this is what they had placarded under it:— ‘Rebel hands may tear down this flag, but they will never tame the lion hearts of Ulster.’

Lean Carson air ag moladh na heachtra agus na ndaoine a bhí páirteach ann, agus ar sé: ‘I do not know whether it is an offence against the land to plant a Union Jack along the Boyne. I should think probably it is looked upon as a party emblem.’ Mar sin, is go luath maidin Dé Luain, 28 Iúil 1913, a thosnaigh an eachtra seo. Inlíocht mhíleata a bhí ann, bunaithe ar imthoscaí samhlaithe — cogadh a bheith tosnaithe idir Rialtas Náisiúnta na hÉireann agus Rialtas Sealadach Uladh. Tuairiscíodh go raibh fórsa timpeall 20,000 ag máirseáil ó thuaidh chun an Bhóinn a thrasnú agus chun ionradh a dhéanamh ar Chúige Uladh. Ordaíodh do bhuíon den UVF dul láithreach go Droichead átha: ‘Destroy the bridges and 20

Feasta, Lúnasa 2013


mine the fords: destroy the railway at Drogheda and seize the rolling stock. Hold the enemy until our guns get into action.’ Is de thoradh an ordaithe sin a cuireadh bratach na hAontachta in airde ar an Oibilisc ar an Bhóinn agus a cuireadh postaeir ar dhroichid leis na focail: ‘Captured by Ulster Volunteer Force’.

tuigedh don deartháir Arthur, óir d’aithin sé na daoine a casadh orthu, ministéirí Protastúnacha. Toisc nach raibh an scéal sna páipéir go dtí an lá dar gcionn caithfidh go raibh an t-eolas ag na daoine sin ón UVF féin. Dé Sathairn, 2 Lúnasa, bhí eagarfhocal scigiúil in The Drogheda Independent faoin teideal ‘The Second Battle of the Boyne’ inar tugadh ‘schoolboy antics’ ar an eachtra. Thug macléinn ollscoile an bhratach agus an fógra ar ais go Corcaigh.

Tá cuntas an-fhada in The Irish Times ar an gcruinniú i mBaile na hInse faoin teideal ‘Sir Edward Carson’s Campaign’. Tá ocht gceannteideal ar leith go díreach as a chéile leis an gcuntas: Speech at Ballynahinch. / Improvement of the Volunteers. / Despatch riders on the Boyne. / Hoisting of the Union Jack. / A message of Defiance. / The Mistake of the Government. / Confounding the Ulster question with politics. / A battle for King and country. Chuaigh an scéal timpeall an domhain go dtí imeall na hImpireachta Briotanaí. Ar an 10 Meán Fómhair 1913 d’fhoilsigh The Press in Canterbury sa tSéalainn Nua cuntas ar ghabháil na hOibilisce agus ar an gcruinniú i mBaile na hInse. Dúradh go raibh an t-eolas bainte as ‘such serious Unionist journals as The Times, The Daily Telegraph agus The Daily Mail i Londain.

Iarmhír

Bliain ar aghaidh ón am sin cuireadh tús leis an gCéad Chogadh Mór. I mí na Samhna 1914 tosnaíodh ar earcú don arm i gCorcaigh. I Halla na Cathrach, agus an tArd-Mhéara sa chathaoir, labhair oifigeach ó Fhiúsailéirí Muimhneacha an Rí (The Royal Munster Fusiliers) faoi stair na mBriogáidí Éireannacha’ (‘Irish Brigades’). Cuireadh postaeir in airde ar fud Chorcaí leis an Union Jack orthu agus na focail ‘Come and fight for your flag’. I mí na Feabhra 1915 thug Fear Ionaid an Rí, Lord Aberdeen, cuairt oifigiúil ar Choláiste Ollscoile Chorcaí agus i mí Mhárta cuireadh bonn láidir oifigiúil faoin earcú. Ar an chúigiú lá Márta eagraíodh ócáid cheiliúrtha i gCathair Chorcaí do Michael O’Leary ó Mhaigh Chromtha, ar bronnadh Crois Victoria air de bharr a ghaisce sa chogadh. Agus an lá céanna tionóladh cruinniú san Óstán Imperial ‘to consider the question of inaugurating a Recruiting Committee of prominent business and professional men and residents of the John Francis Fullin county to assist in obtaining a steady Fómhair 1917 and regular flow of recruits.’ ArdFheidhmeannaigh Impireachta a thionscnaigh an cruinniú sin .i. Ard-Sirriam an Chontae, Ard-Sirriam na Cathrach, agus Ard-Mhéara na Cathrach. Ní nach ionadh bunaíodh an Committee. Ansin, mar aon le forlíonadh Lá le Pádraig 1915 The Weekly Freeman, dáileadh an pictiúr clúiteach ‘Rescue of the Nuns of Ypres by the Munster Fusiliers’. Treisíodh leis an tathaint chun liostáil san arm agus ‘poor little Catholic Belgium’ a chosaint.

Níor cualathas, ná níor foilsíodh, a thuilleadh i dtaobh ghabháil na hOibilisce agus níl aon fhianaise ghrianghraif ann. Tá míniú simplí ar sin agus tosaíonn an míniú i gCathair Chorcaí. Baois na hóige

I mí Mheán Fómhair 1912, chláraigh fear óg, John Francis Fullin, do chúrsa innealtóireachta i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Bhí sé tar éis freastail ar scoil na mBráthar Críostaí, an Mhainistir Thuaidh, sa chathair agus bhí scoláireacht Ollscoile gnóite aige ón Chomhairle Contae. Ní fios ar chuir sé suim i gcúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt ach is dócha gur chuir, óir b’Ultach é a athair de bhunadh Chontae Dhoire, a raibh pinsean aige ón Chonstáblacht. Nuair a tháinig laethanta saoire an tsamhraidh i 1913 chuaigh JFF chun tamall a chaitheamh i dteannta a dhearthár, Arthur Fullin, a bhí cúpla bliain níos sine ná é, agus a bhí ag obair ina thuairisceoir nuachtáin i nDroichead átha, Contae Lú, le The Drogheda Independent.

Maidin Dé Luain, 28 Iúil, d’éirigh an bheirt dearthár go luath chun cuairt a thabhairt ar fhothrach na Mainistreach Móire (Mellifont) atá timpeall deich gciliméadar siar ó Dhroichead átha. Ar John Francis & Arthur Fullin, Samhradh 1916 rothair a bhí siad agus ar an mbealach dóibh stad siad ag an Oibilisc agus chonaic siad an bhratach agus na fógraí a chuir an UVF in airde i rith na hoíche. Arsa JFF agus é ag cur síos ar an ócáid: ‘I shinned up and took it down.’ Chuir sé an bhratach agus na páipéir faoina sheaicéad agus lean siad ar aghaidh go dtí fothrach na Mainistreach Móire. Agus iad ag filleadh ar Dhroichead átha timpeall a hocht a chlog casadh daoine orthu a bhí ag rothaíocht amach as an mbaile d’aonghnó chun an bhratach agus an fógra a bhreathnú. Sin mar a www.feasta.ie

De réir Gazette Choláiste Ollscoile Chorcaí, Meitheamh 1915, agus gan a chúrsa innealtóireachta críochnaithe aige, bhí John Francis Fullin ‘on active service’. Is dócha go gciallaíonn sin go raibh tuarastal éigin á fháil aige ón Arm. Bhí a athair i bhfiacha agus níor leor scoláireacht Chomhairle Contae chun mac léinn a choimeád ar an Ollscoil. Chaith JFF an samhradh sin ar champa traenála míleata Moore Park i gCill Úird gar do Mhainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí. Ó mhí Dheireadh Fómhair 1915 is i Sasana, in Berkhamsted, Hertfordshire, gar do Londain, a rinne John Francis Fullin a thraenáil. I mí Lúnasa 1916 coimisiúnaíodh ina oifigeach é i bhFiúsailéirí Muimhneacha an Rí.

21

Bliain go leith breise a bhí i ndán dó ar an saol seo. Níor fhan JFF leis an ordú clúiteach ‘to the last man’ a d’eisigh Ceannaire an Airm, Sir Douglas Haig ar 11 Aibreán 1918. Trí sheachtain roimh an ordú sin, ar 22 Márta 1918, maraíodh Second Lieutenant John Francis Fullin i dtuaisceart na Fraince. Chaomhnaigh a thuismitheoirí trí cinn de theastais sheamrógacha a bronnadh air in ainm ‘The Irish Brigade’, mar aon le crois mhiotail a bhronn Rí Shasana air. Ní bhfuarthas an corp riamh. ◊

Feasta, Lúnasa 2013


Na hÓglaigh Eile Aindrias Ó Cathasaigh

I

measc na gcéad atá le comóradh againn i mbliana, tá bunú Óglaigh na hÉireann. Is minic a scéal inste, ar ndóigh: gur scríobh Eoin Mac Néill alt ag éileamh go n-eagrófaí fórsa mar aithris ar Óglaigh Uladh, agus go bhfuair a ghairm freagra ag an gcruinniú bunaithe 25 Samhain 1913 i Rotunda Bhaile átha Cliath. Ach mar is iondúil, tá an fhírinne níos casta agus níos suimiúla.

Volunteers absolutely failed to discover any Volunteers either in Athlone or the Midlands”.

Tá staraithe mór le rá a ghlac leis seo — agus thug duine amháin ráiteas don Bhúró Staire Míleata ag aithris scéal scéil óna óige, nach raibh sa bhfórsa ach cleas a chum iriseoir meisciúil! Níl aon bhonn leis, áfach, go mór mór má chuirtear san áireamh giota fianaise eile, ó fhoinse a bhí thar a bheith gar don Rathailleach.

Is fíor gur ag an tuaisceart a bhí a thús. Cuireadh Óglaigh Uladh sa siúl an bhliain roimhe le cur in aghaidh aon lagú ar cheangal na hÉireann le himpireacht na Breataine, ag bagairt rialtas sealadach a chur ar bun ar neamhchead do pharlaimint Westminster. Magadh is mó a thug náisiúntóirí mar fhreagra orthu ar dtús, ag fonóid faoi ghunnaí maide i lámha saighdiúirí maide. Ach nuair a phlódaigh na mílte aondachtóirí isteach agus a d’fhógair cairde cumhachtacha a mbáidh leo, cuireadh an magadh ina dháiríre orthu.

Bhí cúram nua air siúd um an dtaca seo, ina bhainisteoir ar An Claidheamh Soluis, agus cruth úr ar pháipéar seo Chonradh na Gaeilge faoina stiúir. 1 Samhain 1913 a tháinig an chéad eagrán den Claidheamh nua amach, agus cruthaíonn tuairisc ar a leathanach cúil go raibh suntas tugtha d’óglaigh átha Luain ag an dream a bhí i mbun an pháipéir: Saighdiúirí Láir Éireann

Dhá mhí glan sular chuir Mac Néill peann le pár, bhí duine eile i mBaile átha Cliath ag iarraidh lorg na n-aondachtóirí a leanacht ach cor a bhaint as. 26 Lúnasa, an chéad lá den stailc mhór ar thramanna na príomhchathrach, labhair Séamas Ó Lorcáin le slua taobh amuigh de Halla na Saoirse:

Ní thiocfaidh críoch choidhche ar iongtaisidhibh san tír seo. Tamall ó shoin cuireadh ar bun Arm Uladh chun Riaghaltas Baile do chosc le neart geug. Anois tá fórsa dár ainm Saighdiúirí Láir Éireann curtha ar bun in áth an Luain chun airm an Charsanaigh do throid. Táid ag cleachtadh gleacaidheachta agus máirseála go fuadrach agus tá móid dílseachta do Riogh Shasana agus do’n gCóiriúgh [tugtha acu].

If it is right and legal for the men of Ulster to arm, why should it not be right and legal for the men of Dublin to arm themselves to protect themselves?… So arm, and I’ll arm. You have to face hired assassins. If Sir Edward Carson is right in telling the men of Ulster to form a Provisional Government in Ulster, I think I must be right, too, in telling you to form a Provisional Government in Dublin.

Tá an tagairt úd dá ndílseacht do choróin is bunreacht (“cóiriú”) na Breataine ina léiriú ar an meascán polaitiúil a bhí coitianta sa tír. Is iomaí duine a bhí sásta fanacht in impireacht na Breataine ach a ligfeadh sí féinriail ar chúrsaí inmheánacha áiride le hÉirinn. Is léir gur eascair Óglaigh Lár na Tíre ó chúinsí na linne, gur gnáthdhaoine a bhí iontu gona gcontrárthachtaí uilig, seachas gníomhaithe polaitiúla ag cloí le polasaí socair.

N

Bhí smachtíní na bpóilíní ag titim chomh tiubh sin ar chloigne stailceoirí go mba rud fíornádúrtha acu a bheith ag smaoiniú ar fhórsa cosanta. Smaoiníodh air cheana le blianta beaga roimhe sin agus aighnis fhoréigneacha ar siúl i gCorcaigh agus Loch Garman. Bhí an iomarca thairis sin ar a aire ag an Lorcánach i 1913, áfach, agus níor dearnadh rud air go mí na Samhna.

íorbh shin d’Óglaigh na hÉireann. San eagrán céanna úd den Claidheamh Soluis a foilsíodh alt cáiliúil Eoin Mhic Néill, ach ní ansin atá síol na nÓglach le fáil. Bhí Bráithreachas na Poblachta ag beartú eagras oscailte míleata a thionscnamh le tamall roimhe sin. Ba é a scríobh Mac Néill nach raibh bac ar bith ar an gcuid eile d’Éirinn óglaigh a bhunú mar a bhí déanta ó thuaidh, ach níor leis an mBráithreachas ab fhaillí an deis sin a thapú lena mbeart féin a chur chun tosaigh. Ba bheag nárbh fhear maide é Mac Néill, ceannasaí i gcosúlacht ach an t-eagrú dáiríre ar bun ar a chúl — feidhm a bheadh aige aríst i 1916.

Fós féin, bhí Arm Cathartha na n-oibrithe ar an scríob reatha tamaillín roimh Óglaigh na hÉireann. Ach bhí dream eile chun tosaigh ar an bpéire díobh, cé beag a n-iomrá. Bhí druileáil ar bun i mBaile átha Luain ó Lúnasa, agus a gcéad mhórshiúl ag an Midland Volunteer Force mí Dheireadh Fómhair. Thug nuachtáin áitiúla is náisiúnta tuairiscí orthu agus mhol a n-eiseamláir don chuid eile den tír. D’imigh Óglaigh Lár na Tíre ó chuimhne na staire, nó gur tharrtháil taighde Phádraig Uí Shnodaigh iad. (Tá a aiste cheannródaíoch ar an bhfórsa le fáil ina leabhar 1916 Agus Mar Sin De, an ceann is deireanaí de shraith Choiscéim, ‘Macallaí na Cásca’.) Léiríonn sé go raibh rian na n-óglach seo dá cheilt go luath. Sa gcéad iarracht ar stair Óglaigh na hÉireann a ríomh, i 1915, scríobh Mícheál Ó Rathaille go mba údar mór amhrais é “Whether the Midland Volunteers had any real existence… the organizers of the Irish

www.feasta.ie

Ní fórsa poblachtach a bhí sna hÓglaigh seo: bhí náisiúntóirí de chineálacha éagsúla páirteach, fiú lucht an rialtas dúchais nuair ba léir dóibh go raibh ag éirí leis. Ní hionadh gur leáigh Óglaigh Lár na Tíre isteach san eagras, mar sin, ach bhí a sliocht ar a láidre is a bhí an fórsa nua i mBaile átha Luain.

22

Fórsa ar leith a bhí san Arm Cathartha, áfach, a chuaigh i gceann oibre go gairid roimh Óglaigh na hÉireann. Ar cheardchumannaithe gníomhacha na príomhchathrach a bhí

Feasta, Lúnasa 2013


sé bunaithe, agus leas na n-oibrithe mar chúram air. Bhí an difríocht soiléir chomh luath leis an gcruinniú tionscnaimh sa Rotunda. Chuir oibrithe sa lucht féachana isteach ar an té a léigh forógra na nÓglach, ó bhí sé ag frithdhúnadh ceardchumannaithe óna fheilm i bhFine Gall.

mhaígh go mba oidhrí ar Óglaigh 1913 iad — idir airm phoblachtachta neamhdhlíthiúla agus arm an stáit ó dheas — is é fírinne an scéil nach bhfuil aon ghinealas glan soiléir le rianú siar.

Breith chasta a bhí ag na hÓglaigh, ach léiríonn an méid óglachais a bhí ar bun an tráth céanna gur breith aibí a bhí ann. Bhí tuiscint ag leathnú in Éirinn go gcaithfeadh daoine lámh a chur ina gcinniúint féin, agus lámh mhíleata ó ba aimsir mhíleata é. D’fhás cairdeas is naimhdeas idir dreamanna éagsúla agus atarraingíodh línte catha go minic. Ní fás simplí aontreo a rinneadh ach fás, scoilt, nascadh, agus ansin athfhás ar bhonn eile. Ba é an teannas cruthaíoch seo a thiomáin cúrsaí chun cinn, ach oiread le gach gné bheo eile den chorraíl a bhí ag oscailt roimh mhuintir na hÉireann.

Níos deireanaí, ba neamhbhalbh í bolscaireacht an Airm Chathartha ar shon éirí amach le riail na Breataine a bhriseadh. Neartaigh sin an dream sna hÓglaigh a bhí i bhfách lena leithéid, agus chuir sé leis an teannas idir iad sin agus Óglaigh choimeádacha. Bhí cath inmheánach roimhe sin idir lucht an rialtais dúchais agus Óglaigh nach raibh sásta titim isteach le cogadh na Breataine. Ní líne réidh dhíreach gan bhearnú a bhí i bhforbairt na nÓglach, mar sin. Cé gur liosta le lua na dreamanna ar fad a

ÉICEOLAí

le Biddy Jenkinson

Bhí an scríbhneoir os comhair na cúirte. ‘Mise Deirbhil,’ arsa cailín ard dubh a raibh spéaclaí stuama uirthi. ‘Scríobh tusa dán atá ar chúrsa na hArdteiste. San dán sin admhaíonn tú go bhfuil drochmheas agat ar an mbean béaldorais mar go bhfuil gairdín néata aici. Cuireann tú seilidí agus feithidí agus fiailí thar claí chuici. Ní dóigh liomsa go bhfuil san ceart.’ Shuigh sí de phrams. ‘Um!’ arsa an scríbhneoir, ‘Lámh in airde iad siúd a aontaíonn le Derbhil.’ Lámh anseo, … lámh ansiúd … Formhór na lámh … … ‘Och, tá reibiliúnachas na hóige imithe anonn sna sean!’ arsa mise liom féin. ’fhéadfainn a rá leo go raibh mé ag tagairt do Dhara Dlí na Teirmidinimice; nach ‘mise’ an dán, mise an scríbhneoir; go raibh an Mháthair Mhór, cruthaitheoir agus marfóir na n-uile, ag caint sa dán; gur memento mori a bhí ann, nó nach ar choincréit a fhásfaidh dán…

D

Éiceolaí

Seachas sin rinne mé calaois ar an gcomharsa bocht san nach raibh riamh agam. ‘B’í mo chomharsa rúnaí Chumann na náitritheoirí,’ a dúras. ‘Ghabh sí uirthi féin caighdeán ard néatachta a leagadh ar gach éinne sa chomharsanacht.’ Ní fhaca mé rian uafáis ar aghaidh ar bith. Thugas faoi ndeara go raibh póstaer, ‘Cathair ghlan; Cathair néata’ ar an bhfalla. Ó! Ó! ‘Tá neantóga agamsa sa ghairdín cúil mar gur neantóga is beatha don speig neanta agus do speigeanna an fhéileacáin dé-cheannaigh. Bhí an bhean sin i gcoinne na neantóg.’ Chonaiceas tús comhbhá anseo is ansiúd. ‘Níor thaitin sé léi go mbíodh éiníní ag eitilt thar a gairdín chuig na lusanna gréine im ghairdínse. Bhíodh na lusanna agamsa lán de shíolta. Ón uair gur thug muintir Rosenstock leid dom, théinn go dtí an zoo gach bliain ag bailiú cac eilifinte mar leasú dóibh.’ Chonaiceas amhras ar aghaidheanna áirithe. ‘Ar ndóigh, dheininn múirín den chac i dtosach, le nach mbeadh boladh uaidh.’

Tá bean béal dorais a choinníonn caoi ar a teach, a fear, a mac, is a shíleann gairdín a choinneáil mar iad, go baileach. Beireann sí deimheas ar gach uile rud a fhásann. Ní maith léi fiántas. Ní fhoighníonn le galar ná smál ná féileacán bán ná piast ag piastáil is ní maith léi an bláth a ligfeadh a phiotail ar lár.

www.feasta.ie

Ghlan na haghaidheanna. ‘Agus maidir leis na cuileanna glasa … bhuel, táimse i gcoinne substaintí nimhneacha a úsáid. Mar sin, is dócha go dtéadh créatúirí ó mo ghairdín isteach chuici ó am go chéile. Ach mh’anam, go mbíodh sí ag feitheamh orthu le súiste!’ ‘D’úsáideadh sí féin substaintí tocsacha?’ d’fhiafraigh Sierra. ‘Agus d’éiligh sí go n-úsáidfinn iad chomh maith: “Tá do ghairdín tosaigh lán nóiníní,” ar sise liom lá. “Nach gcuirfeá Green Lawn Compound air le go mbeadh glas aonfhoirmeach sna gairdíní ar fad?”’ ‘Theastaigh uaithi go n-úsáidfeá ceimicí?’ a d’fhiafraigh cailín ard caol nár ith aon ní seachas leitís orgánach, déarfá. ‘Ar nóiníní, ‘ a dúras go truamhéileach. ‘Is ansin a scríobhas an dán. An nóinín, bláth na nGael, par excellence…’ Bhuail an clog. Ghabh an múinteoir buíochas leis an scríbhneoir: ‘Anois go dtuigimid cúlra an dáin,’ ar sise, ‘beidh sé i bhfad níos éasca dúinn taithneamh a thabhairt dó.’ áiméan!

cuirim feochadáin chuici ar an ngaoth. Téann mo sheilidí de sciuird oíche ag ithe a cuid leitíse Síneann na driseacha agamsa a gcosa faoin bhfál, is ar an bhféar aici siúd a dhéanann mo chaorthainnse cuileanna glasa a thál.

Tá bean béal dorais a choinneodh a gairdín faoi smacht ach ní fada go mbainfimid deireadh dúil dá misneach.◊

24

Feasta, Lúnasa 2013


Grá gan Titim: Grá Comhaimseartha

A

Caife gan chaiféin, beoir gan alcól, uachtar gan mhéathras …

r thugais faoi deara go bhfuil athrú suaithinseach tagtha ar an tslí ina dtuigtear agus a bpléitear cúrsaí Grá ar na saolta seo? Seans nár thug, rud nár locht ort, b’fhéidir, toisc go bhfuil cúrsaí an tsaoil ag dul ar aghaidh faoi mar a bhí riamh anall. Déarfadh Walter Benjamin go bhfuil géarchéim an ama láithrigh sonraithe agam san abairt réamhluaite, áfach, mar Níl rudaí ag dul ar aghaidh faoi mar a bhí riamh anall, ar ndóigh, agus tá athruithe ollmhóra nó réabhlóideacha, fiú, ag titim amach lá i ndiaidh lae sa tír seo, i ngan fhios dúinn go minic, dhealródh.

Déarfadh Walter Benjamin go gcothaíonn an tuiscint bheagmhaitheasach réamhluaite— ‘tá rudaí ag dul ar aghaidh faoi mar a bhí riamh anall‘ — cothaíonn sí suaimhneasacht agus tugann sí orainn neamhiontas agus neamhshuim a dhéanamh de na hathruithe réabhlóideacha seo. Go deimhin, más féidir linn traein ag imeacht ceann scaoilte a shamhlú le luas lasrach na réabhlóide comhaimseartha, déarfadh Benjamin gurb é an gníomh is réabhlóidí san am i láthair, b’fhéidir, coscán práinne na traenach a fháisceadh d’fhonn stad a chur le raon maidhme na traenach agus nádúr na réabhlóide a scrúdú agus a ghrinniú mar ba chóir. Fágaimis an traein seal, más ea. Feiniméan comhaimseartha atá aitheanta ag an bhfealsamh Slavoj Žižek, is ea an tslí a gcuirtear táirgí áirithe ar an margadh d’fhonn saineispéaras comhaimseartha a sholáthar don tomhaltóir. Cad iad na táirgí atá i gceist aige, más ea? Caife gan chaiféin, mar shampla. Beoir gan alcól nó uachtar neamhmhéathrais, fiú. Nó cad faoi ghnéas fíorúil ar an idirlíon? Gnéas gan chomhriachtain is ea é sin muna bhfuil breall an-mhór orm … … agus tá súil le Dia agam nach bhfuil!

Pé acusan é, soláthraíonn na táirgí réamhluaite seo saineispéaras comhaimseartha do thomhaltóirí na cruinne. Cuirtear táirge ar fáil a shásaíonn dúil héadónach an tomhaltóra sa chaife, mar shampla, ach

www.feasta.ie

MuiRiS Ó MEARA ag an am céanna fágtar cáilíocht urchóideach an táirge— an chaiféin — ar lár. Tugann Žižek, héadónachas comhaimseartha an mhargaidh ar an tuiscint seo. Is féidir linn rud ar bith a dhéanamh, taitneamh a bhaint as rud ar bith faid is nach mbaineann dainséar ar bith leis an táirge úd. Tig linn réaltacht fhíorúil an mhargaidh a shamhlú leis an bpróiseas seo trí chéile arsa Žižek. Nuair a ólann tú caife gan chaiféin, bíonn boladh agus blas caife uaidh, ach ní caife é, dáiríre.

Cén bhaint atá ag an scéal seo le cúrsaí grá, más ea? Sa leabhrán Éloge de l’Amour tugann an fealsamh Alain Badiou ‘l’amour zéro risque’ nó grá gan ghruaim, b’fhéidir, ar an tuiscint nua atá tagtha chun cinn i dtaca le cúrsaí grá ar na saolta seo. Baineadh siar as Badiou nuair a chonaic sé póstaerí fógraíochta i bPáras do sheirbhís geandála ar-líne (online dating), fógraí a raibh an teachtaireacht chliste seo a leanas orthu: ‘on peut être amoureux sans tomber amoureux’... nó ‘Tig leat bheith i ngrá GAN titim.’

Tá an próiseas nó an loighic chéanna i gceist sa sampla réamhluaite, nach bhfuil? Éilíonn na tomhaltóirí héadónacha Grá, ach ní theastaíonn uathu go mbeidh aon bhaol ann go dtitfidh siad. Réitíonn an margadh an tsáinn seo don tomhaltóir. ‘Vous pouvex parfaitement être amoureux sans souffrir’ a bhí scríofa ar phóstaer eile. Is féidir leat titim i ngrá gan aon fhulaingt! Geallannn an tseirbhís ar-líne duit go bhfágfar cáilíocht urchóideach an ghrá— an titim —ar lár sa phróiseas seo. Conas a deintear sin?

áitíonn Badiou go bhfeidhmíonn na suíomhanna idirlín seo amhail na basadóirí nó spéicéirí a bhí suas sa tsaol traidisiúnta. Tugann tú do shonraí don bhasadóir fíorúil seo agus ar chuma 25

éigin, is féidir leis páirtí oiriúnach agus grá a aimsiú duit gan dua, mar dhea. Ar ndóigh, éiríonn le daoine áirithe páirtí agus grá a aimsiú ar-líne. Is maith a thuigeann Badiou sin agus níl aon fhadhb faoin spéir aige leis. Tá fadhb ag Badiou le loighic an ghrá ‘zéro-risque’, áfach. Dar le Badiou, séard a dheineann na suíomhanna seo, dáiríre, ná díluacháil iomlán ar an rud a dtugann sé ‘la poésie existentielle’ nó filíocht na beatha uirthi.

Tugann an fealsamh Alain Badiou ‘l’amour zéro risque’ ar an tuiscint nua!

Cad atá i gceist ag Badiou le filíocht na beatha anseo? Nuair a thiteann tú i ngrá fulaingíonn tú agus bíonn tú cráite nó craiceáilte uaireanta, leis. Uaireanta eile, áfach, bíonn ardmheanma is lúcháir ort. Sin filíocht na beatha. Thuas seal thíos seal ach ní bhíonn aon chinnteacht ann. Nuair a thiteann beirt bhan, beirt fhear, nó fear agus bean i ngrá lena chéile, áfach, ní titim gan éirí nó titim thubaisteach a bhíonn i gceist mar ar deireadh, éiríonn siad arís i dteannta a chéile go haonta. Sa phróiseas seo, más ea, is cuid lárnach nó riachtanach, fiú, an titim.

‘L’Amour est à Réinventer’ (Rimbaud)

Diúltaímis don réaltacht fhíorúil a sholáthraíonn an grá comhaimseartha arsa Badiou. Titimis i ngrá is fulaingímis arís is arís eile is bímis ag bitseáil, ag báirseoireacht is ag bruíon feadh an ama. Sin í filíocht na beatha. Is deacair cur ina choinne.

— Críoch

Feasta, Lúnasa 2013


Blúiríní

le Pádraig Mac Fhearghusa • Báidín Fheidhlimí ‘Báidín Fheidhlimí’: Cnuasach de cheirníní singil Gael Linn, 1968-80, a spreagfaidh cuimhní ar thréimhse a raibh na bailéid i mbarr a réime. Cloistear oirfidigh mar Dónal Lunny, Paul Brady, Clannad agus muintir Uí Dhomhnaill. Chuaigh ceirníní singile mar ‘Baidín Fheidhlimí’ le Emmet Spiceland , ‘An Poc ar Buile’ le Seán Ó Sé agus ‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’ ó The Johnstons i bhfeidhm go mór ar phobal na linne. Sa leabhrán a ghabhann leis an albam, tugtar focail na n-amhrán go léir, rud a chuideoidh leo siúd ar mian leo na hamhráin a fhoghlaim. Dlúthdhiosca, €14.99, i siopaí ceoil agus ag www.gael-linn.ie • Ealaíontóir Traid Cónaithe Téarma seasta páirtaimseartha ar fáil ag an Scoil Cheoil agus Amharclannaíochta, 1 Deir. Fómh. 2013 go 30 Meán Fómh. 2014. Iarratais á lorg ó shárealaíontóirí (ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí). Beidh an té a cheapfar mar chomhairleoir agus mar mheantóir d’ealaíontóirí traidisiúnta nua i bpobal COC agus cuirfidh sé nó sí sé huaire a’ chloig teagmhála ar fáil gach seachtain le ceardlanna, seimineáir agus seisiúin chomhairleoireachta i rith na dtéarmaí ollscoile. Iarratais agus CV mar cheangaltán ríomhphoist roimh an 16 Lúnasa go dtí an Dr Mel Mercier, An Scoil Cheoil agus Amharclannaíochta, COC nó mmercier@ucc.ie Agallaimh i gCorcaigh ar an 2 Meán Fómhair. • Uirlis Frithbhulaíochta Tá Uirlis Frithbhulaíochta an ISPCC do scoileanna le fáil anois trí mheán Gaeilge. Le linn na tréimhse ó thosnaigh an feachtas, fuarthas freagra thar a bheith dearfach, de dhealramh. Úsáideann scoileanna áirithe an Uirlis féinmheasúnaithe i gcoinne na bulaíochta cheana féin. Táthar sásta anois gur féidir le gaelscoileanna páirt a ghlacadh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Eolas breise ar www.ispcc.ie/antibullyingtoolkit agus ó: Rhona McGinn (Irish speaker) 01 676 7960 / 085 1491445 www.feasta.ie

Ó chlé anseo, Niall Comer agus Réamonn Ó Ciaráin ó An tUltach, a bhí istigh le Foras na Gaeilge ar an 9 Iúil, i gcomhar leis an eagarthóir seo agus Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, chun cás a dhéanamh ar son an dá iris. Iarratais neamhspleácha ar leith a chaithfear a dhéanamh ar son Feasta & An tUltach anois, seachas iad a theacht faoi iarratas ar bhunmhaoiniú ó Chonradh na Gaeilge. I measc na n-argóintí a deineadh ar son na n-irisí , bhí an comhthéacs diúltach ina bhfuil scríbhneoirí agus scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge: neamhaird na nuachtán áitiúil agus náisiúnta, ciorruithe ar léirmheastóireacht leabhar ar RnaG, neamhaird TG4 féin ar fhoilsitheoirí agus ar fhoilsitheoireacht na teanga a bheith ina síorábhar díomá. áitíodh nach bhfuil fáth nach mbeadh scata irisí Gaeilge ann, faoi mar atá go leor irisí staire, seandálaíochta agus ealaíne as Béarla ar fud na tíre, a fhaigheann tacaíocht ó fhoinse éigin sa chóras stáit. Saoirse na héagsúlachta atá ó phobal teanga, agus ó scríbhneoirí cruthaitheacha, seachas guth aonghnéitheach amháin a bheith ag freastal orthu.

• Foras na Gaeilge, Samhail Nua D’fháiltigh Foras na Gaeilge roimh an gcinneadh a rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) ar an 10 Iúil 2013: ‘Tá deireadh anois leis an éiginnteacht maidir leis an todhchaí, éiginnteacht a bhí ag cothú míshuaimhnis, imní agus deacrachtaí le 5 bliana. Caithfidh muid anois obair go dlúth le chéile le cinneadh an CATT a chur i bhfeidhm. Is é atá molta ag an CATT ná: Córas nua maoinithe in áit an chórais bhunmhaoinithe a bhí ann. An cur chuige ná Fóram Comhpháirtíochta de 6 cheann-eagraíocht ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann ag plé leis na réimsí: ◊ 1. Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge. ◊ 2. Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile. ◊ 3. Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta, ◊ 4. Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán, ◊ 5. Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht. ◊ 6. Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga ‘Dar le Foras na Gaeilge is réimsí thar a bheith tábhachtach iad seo má tá an teanga le brú chun cinn agus má tá an Straitéis 20 bliain agus an Dréacht Straitéis ó thuaidh le cur i bhfeidhm go héifeachtach. Anuas air sin beidh Scéim Raidió Pobail ann agus beidh muid ag plé le Coláiste Ollscoile Naomh Muire maidir le soláthar áiseanna tríd an áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe sa choláiste. Ní hé go mbeidh Foras na Gaeilge ná na sé cheanneagraíocht ag dul don obair seo leo féin. Mhol an CATT chomh maith go mbunófaí dhá ghrúpa ar leith: ‘(A) Fóram Comhpháirtíochta a bheidh comhdhéanta de cheannasaithe na 6 cheann-eagraíocht agus Foras na Gaeilge le comhoibriú agus comhphleanáil a dhéanamh leis an obair ar 26

fad a chomhtháthú. Beidh an grúpa seo ag aontú plean straitéiseach don earnáil agus pleananna a chéile agus ag cinntiú go mbeidh na ceann-eagraíochtaí ag obair go dlúth as lámha a chéile leis an chuid is fearr a dhéanamh don teanga. ‘(B) Fóram Forbartha Teanga don oileán a bheidh comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tabharfaidh an grúpa seo aischothú don Fhóram Comhpháirtíochta ar fheidhmiú na dtionscadal ar an talamh agus déanfaidh siad moltaí maidir leis an bhealach chun tosaigh.’ Tiocfaidh na socruithe nua i bhfeidhm ón 1 Iúil 2014 agus tá tús curtha leis an bpróiseas athraithe cheana féin. • Éigse: Fintan Lalor Sibhse ar spéis libh stair agus todhchaí na hÉireann, a deir Marion Gunn linn, molaim daoibh cuairt a thabhairt ar www.jamesfintanlalor.ie agus áiteanna a chur in áirithe go maith roimh ré, más mian libh freastal ar imeachtaí na Scoile, 20 – 21 Meán Fómhair 2013. • Éagóir ar fhoilsitheoirí Gaeilge Níor mhiste ár nguthanna a chur le guth Gabriel Rosenstock sa chás seo: ‘Once again we have the paper of record [Sin an Irish Times, a léitheoirí dhúra] giving us some helpful advice and insightful reviews in relation to summer reading for children (I.T. Saturday, 6th July) and once again Irish-language publishers are completely ignored: Cló Iar-Chonnacht, Cló Mhaigh Eo, An Gúm, An tSnáthaid Mhór, Walker Éireann, Coiscéim, Móinín, Cois Life, Futa Fata, to name but nine stalwarts of the publishing industry, all excluded from your summer feature.This blatant imbalance is insulting not only to hard-working publishers in these straitened times but also to their writers, illustrators, translators,editors, designers, printers, booksellers - and to the young readers of Ireland, of course.’

Feasta, Lúnasa 2013


CEILIÚRADH AN BHLASCAOID 2013 THE BLASCAOD MÓR COMMEMORATION 2013

SAiBhREAS AGuS DÁN NA TEANGA The Wealth and Future of the Language

27 - 29 Meán Fómhair / September ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Co. Chiarraí

Arna eagrú ag Fondúireacht an Bhlascaoid, Oidhreacht Chorca Dhuibhne & Ionad an Bhlascaoid (Oifig na nOibreacha Poiblí) COISTE Máirín Uí Shé Edna Uí Chinnéide Máire Uí Ainín Bernie Firtéar Máirín Ní Bhroin Frances Uí Chinnéide Boscó Ó Conchúir, Máire Uí Shíthigh (Oidhreacht Chorca Dhuibhne) Micheál de Mórdha.

Dé hAoine, 27 Meán Fómhair 19.30 Clárú / Registration 20.00 oscailt oifigiúil / official opening, DoNNChA MAC FhioNNLAoiCh TD, Aire Ealaíon, oidhreachta agus Gaeltachta. 20.30 ‘Airde na binne d’fhéar ar an gcuid is fearr den nGaelainn?’ ‘A gable-height of grass on the best of the Language?’ Scothchainteoirí ó Chartlann RTÉ RnaG in ionad an Bhlascaoid agus foinsí eile. DÁiThÍ DE MÓRDhA, ionad an Bhlascaoid. Cathaoirleach: Máirín uí Shé 21.30 Suí Caidrimh Dé Sathairn, 28 Meán Fómhair 10.00 Nuachainteoirí Gaeilge – in Éirinn agus thar lear. New irish speakers at home and abroad. DR. JohN WALSh, Léachtóir Gaeilge, Leas-Déan Taighde, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, oÉG/NuiG 10.40 Éire, Meiriceá agus Scéal na Gaeilge / ireland, America and the irish Language. AN DR. TRAoLACh Ó RÍoRDÁiN, An Stiúrthóir ar Chlár Léann na hÉireann, ollscoil Montana. Cathaoirleach: John Kennedy 11.30 Briseadh tae/caife 12.00 ‘Arbh fhiú an braon allais?’ – gníomhaíocht ar son na Gaeilge le glúin nó dhó anuas agus an bealach romhainn. DoNNChA Ó hÉALLAiThE, Taighdeoir is Tráchtaire ar chúrsaí Gaeilge / Gaeltachta ó Chonamara. Cathaoirleach: Micheál De Mórdha

LE TACAíOCHT Ó: Údarás na Gaeltachta Foras na Gaeilge Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí OPW – Oifig na nOibreacha Poiblí Oidhreacht Chorca Dhuibhne Comhairle Co. Chiarraí FULBRIGHT 13.00 LÓN / LuNCh • Bronnadh Sparánacht an Bhlascaoid • Seoladh Leabhar an Cheiliúrtha Léargas ar Scothchainteoirí Dhún Chaoin. MiChEÁL DE MÓRDhA 15.00-16.45 ‘Dob é seo a mbaile tráth....’ Turas timpeall Dhún Chaoin go dtí ionaid na n-áitreamh a bhí, tráth, ag scothchainteoirí an pharóiste is sia siar in Éirinn. Stiúrthóir: MiChEÁL DE MÓRDhA 20.00-20.30 imirt Cartaí sa Traidisiún agus sa Chaint / Card-playing Traditions: MÍChEÁL Ó SÉ, iarthráchtaire RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cathaoirleach: helen Ní Shé 20.30-22.00 oíche Bhothántaíochta / Evening entertainment: Cluichí Cartaí agus Scrabble as Gaeilge. Dé Domhnaigh 29 Meán Fómhair 11.00 Tae/Caife 11.30 ‘Mol an Óige’ / Praise the youth – an cur chuige is gá do shlánú na teangan i gCorca Dhuibhne AoiFE NÍ ShÉAGhDhA, Acadamh na hollscolaíochta Gaeilge, ollscoil na hÉireann, Gaillimh. AoiFE NÍ ChoNChúiR, Comhordaitheoir Teangan, Clár Droichead, Pobalscoil Chorca Dhuibhne. ÓRLAiTh RuiSÉAL,Tús Maith, oidhreacht Chorca Dhuibhne. Cathaoirleach: Breandán Mac Gearailt 12.30 Clabhsúr ——◊—— A simultaneous translation from Gaeilge to English will be available. 14.15

CLÁRÚ / REGISTRATION: Táille €60 an duine / per person (€40 seanóirí & mic léinn / seniors & students). Tae/ Caife & fáiltithe san áireamh. Níl béilí san áireamh. Ní mór clárú roimh 6 Meán Fómhair 2013. • Ainm, Seoladh, R-phost & Táille go dtí: An Rúnaí, Ceiliúradh an Bhlascaoid, Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí. Eolas: 066-91 56100 • R-phost:ceiliuradh@cfcd.ie • Suíomh: www.ceiliuradh.com



Feasta | Lúnasa 2013