Mná 100 | Inside Out (GA)

Page 1

INSIDE OUT

Comhpháirtíocht idir Seirbhís Oideachais Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile

Átha Cliath do Phríosúin agus an tIonad Oideachais i bPríosún Mhuinseo agus Mná100.

MNÁ100
Réamhrá
Jangle of the Keys’ Margaret Buckley, Príosúnaí
linn Chogadh na gCarad Banphríosúnaigh
Clár
MNÁ100 INSIDE OUT
2 3 4 5 6-8 Stailc Ocrais Dheirfiúracha
Suibhne Cuir Chun Báis,
Mhuinseo ‘Palace of Bolt and Bars’ Urnaí agus Agóidí – An Saol i bPríosún Mhuinseo Le haghaidh tuilleadh léitheoireachta 9 10-11 12 13-14 16
‘The
le
Pholaitiúla Nell Bean Mhic Amhlaoibh, Príosúnaí le linn Chogadh
na gCarad
ábhair
SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO = Éist leis an bhfuaim
Mhic
Príosún

Inside Out

Comhpháirtíocht idir Seirbhís Oideachais Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath do Phríosúin agus an tIonad Oideachais i bPríosún Mhuinseo agus Mná100.

Faoi Mná100 a cruthaíodh an fóta-aiste - Inside Out – i gcomhpáirtíocht le múinteoirí ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath agus scoláirí san Ionad Oideachais i bPríosún Mhuinseo. Le chéile, féachaimid ar imeachtaí céad bliain ó shin, ag déanamh iniúchadh ar thaithí na mban le linn Chogadh na gCarad, go háirithe an taithí a bhain le príosúnú na mbanphríosúnach le linn na tréimhse seo. Déanaimid machnamh ar rudaí agus ar láithreacha i bPríosún Mhuinseo atá fós ann sa lá atá inniu ann, chun cuidiú leis an scéal céad bliain seo a fhiosrú.

Ba i mí na Samhna 1922 a cuireadh tús le hollghabháil na mban a chuir i gcoinne bhunú Shaorstát Éireann. Bhí Nell Humphries agus a hiníon Sighle; an scríbhneoir Dorothy Macardle; Daisey Cogley; Lilí Ní Bhraonáin; Brighid Ní Mhaoláin; Teresa O’Connell; Máire Deegan; Cecilia Gallagher; agus an t-iarTheachta Dála, Máire Nic Suibhne i measc na mban a cuireadh i bpríosún mar gheall go raibh siad gcoinne Shaorstát Éireann.

Bhí leagáid bhuan ag Cogadh Cathartha na hÉireann ar go leor daoine in Éirinn agus thar lear - cailleadh beatha, cailleadh saoirse agus d’imigh go leor daoine ó Éirinn ina dhiaidh sin. Agus iad ag iarraidh an tréimhse seo agus an tráma a d’eascair as an gCogadh Cathartha a thuiscint, breathnaíonn staraithe ar chuntais na dtréimhsí sin as an nua agus aimsíonn siad ábhar nua agus bealaí nua léirmhínithe. Tá gnéithe áirithe dár gCogadh Cathartha agus dá leagáid nár scrúdaíodh ná nár pléadh ina n-iomláine go dtí anois.

Le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, tá sé mar aidhm againn

breathnú go hoibiachtúil ar na himeachtaí a tharla le linn na tréimhse seo agus iarracht a dhéanamh, ar bhealach neamhbhreithiúnach agus iomlánaíoch, castacht ár staire agus iolracht na n-insintí a léiriú. Tríd an méid sin a dhéanamh, féachaimid le téamaí deacra a phlé agus bealaí a aimsiú chun an tréimhse cheannródaíoch seo dár stair a chomóradh mar is ceart.

Táthar ag súil go gcabhróidh Mná100 le taithí na tréimhse sin a thuiscint agus go ligfidh sé do ghuthanna éagsúla na himeachtaí sin a léirmhíniú, trí éagsúlacht dearcthaí a thabhairt chun tosaigh.

Cuireann an tionscnamh seo leis an obair a rinne na múinteoirí agus na scoláirí roimhe seo san Ionad Oideachais bPríosún Mhuinseo, agus iad ag déanamh staidéar ar an tréimhse sin leis an Múinteoir Staire Paula Egan. I gcomhar le scoláirí an ranga ealaíne agus lena múinteoir, Zack Sex, braitheann na scoláirí gurb iad na tionscadail seo a gcion féin maidir le Clár Deich mBliana na gCuimhneachán. Mar a deir an Príomhoide Anne

Costello:

“Bhí an-tóir ar an stair i gcónaí i measc foghlaimeoirí sa phríosún agus cuireann an comhthionscadal seo i gcuimhne dúinn go bhfuil an stair mórthimpeall orainn ar fads.”

Le linn Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, bhí tionscadal ann‘Studying the Rising’ [‘I mBun Staidéar ar an Éirí Amach’] - faoi stiúir

Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath. Ansin, i mí an Mheithimh 2021, nochtadh sraith painéal staire dar teideal ‘Women and Mountjoy’ [Mná agus Príosún Mhuinseo’], agus ag an tráth seo dúirt an Gobharnóir Eddie Mullins:

“tá na painéil seo mar chuid de shraith achoimrí a dhéanann ceiliúradh agus comóradh ar thábhacht stairiúil Phríosún Mhuinseo, agus a leagann béim ar an tábhacht sin, le linn na tréimhse ba mhúnlaithí i stair na hÉireann.”

Tá an tsraith dírithe ar ról agus taithí na mban réabhlóideach sa tréimhse roimh Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, agus sa tréimhse ina dhiaidh. Tá an taispeántas á léiriú ar fhál ‘Dóchas’, príosún na mban ar an gCuarbhóthar Thuaidh. Mar a mhínigh an Gobharnóir Eddie Mullins:

“Trína bheith ag obair ar an tionscadal seo agus ar thionscadail chomórtha eile, cuirtear ar chumas na bhfoghlaimeoirí sa phríosún naisc bhríocha agus inbhraite a chruthú leis an saol mór, agus an sárobair agus an tallann a fheictear san Ionad Oideachais a chur os comhair an phobail.”

TTá súil againn go mbainfidh tú eolas agus sult as an bhfóta-aiste seo.

Chun an taispeántas ‘Mná agus Príosún Mhuinseo’ a fheiceáil, féadfaidh tú cliceáil anseo

MNÁ100 INSIDE OUT 2
SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

‘The Jangle of the Keys’

Have you ever stopped to think what a powerful weapon a key is?

It is only a simple old-fashioned mechanism, yet it can mean open sesame to love, home, friendship, or it can shut out all of these; it can mean liberty or bondage; its possession indicated individual responsibility and power, its loss strikes at the root of personal freedom, and imposes a necessity of dependence on others; lose your latchkey, and a sense of loneliness is yours on the spot…

Magnifyyour latchkey by five, multiply the result by twelve, hang them all on a steel ring, and then rattle them, and you understand a little of my feelings when the heavy door of MountjoyJail clanged to, on Little Christmas Eve, 1923, and I was a prisonerwithin its walls.

MNÁ100 INSIDE OUT 3
— Margaret Buckley, ‘TheJangle of the Keys’, James Duffy & Co, 1938
1
1 Le caoinchead ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

Margaret Buckley, Príosúnaí le linn Chogadh na gCarad

Mar chuid dá gcuid oibre ar Inside Out, bhreathnaigh scoláirí san Ionad Oideachais i bPríosún Mhuinseo ar leabhar Margaret Buckley, Jangle of the Keys, James Duffy & Co, 1938 a insíonn scéal a príosúnachta, 100 bliain ó shin:

“Especially here where we are in Mountjoy, there’s the old triangle, goes jinglejangle.Andthatbringsmetomind a book… the fantastic History teacher up in the schoolput me onto lastyearit wasbyMargaretBuckley.Thebookwas called the… ‘The Jangle of Keys’ was the name of the really good book and theladywasinprisonhereshewasalso the first female president of Sinn Féin.”

Gabhadh Margaret Buckley agus tugadh go Príosún Mhuinseo í mí Eanáir 1923. Ina leabhar, chuir sí síos uirthi féin mar ‘woman of no importance’ [‘bean gan tábhacht’], ach bhí sí lárnach bhfeachtas an neamhspleáchais. Cuireadh príosúnacht uirthi in 1923 mar gheall gur chuir sí i gcoinne Shaorstát Éireann.

‘Maggie Goulding’ an t-ainm a bhí ar Margaret Buckley nuair a rugadh gCorcaigh í in 1879. Agus í óg, chuaigh sí isteach gConradh na Gaeilge, i gCumann Liteartha Ceilteach Chorcaí agus i gCompántas Náisiúnach Amharchlannaíochta Chorcaí. Chuaigh sí isteach in Inghinidhe na hÉireann freisin agus bhí sí ina Rúnaí Onórach ar chraobh Chorcaí, agus ina hUachtarán ar an gcraobh ina dhiaidh sin.

In 1906, phós sí Patrick Buckley agus bhog sí go Baile Átha Cliath. Fágadh ina baintreach in 1913, agus ina dhiaidh sin bhí sí gníomhach i ngluaiseacht na gceardchumann ina Rúnaí ar Chraobh na hÉireann de Chónaidhm na mBan agus ina dhiaidh sin bhí sí gceannas ar Cheardchumann na nOibrithe Tí.

Tar éis Éirí Amach 1916, ghlac Margaret ballraíocht i Sinn Féin agus bhí sí ina breitheamh gcúirteanna na Dála. In 1922, chuaigh sí isteach i gConradh Cosanta na mBanphríosúnach.

Bhí sí ina hUachtarán ar Shinn Féin ó 1939 go 1950.

MNÁ100 INSIDE OUT 4 2 1
1 2 ‘The Jangle of the Keys’ Le caoinchead Shinéad McCoole Margaret Buckley Le caoinchead na Leabharlainne Náisiúnta SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO Cliceáil anseo chun éisteacht leis an bhfuaim

Banphríosúnaigh

Pholaitiúla

I bPríosún Mhuinseo i mí na Samhna 1922, cuireadh 17 banphríosúnach i bpríosún as cur i gcoinne an tSaorstáit.

An 10 Samhain, rinneadh ruathar ar oifigí Shinn

Féin ag 23 Sráid Suffolk Street agus tugadh an foireann ar fad go Príosún Mhuinseo. Scríobh Lilí Ní Bhraonáin chuig a deirfiúr, Áine, ag rá gur tógadh as ‘23’ í tar éis ruathar ar an áitreabh ag a 5 a chlog an tráthnóna sin.

Luann Lilí iad siúd a gabhadh freisin mar a leanas: ‘Mrs Cogley’ (ar a dtugtaí ‘Madame Bannard’ freisin), ‘Miss Macardle’, ‘Miss Birmingham’, ‘Miss Devaney’, agus Tessie [O’Connell]. Dúirt sí gur tugadh go Dún Portobello ar dtús iad agus gur aistríodh iad go Príosún Mhuinseo ag thart ar a hocht a chlog an oíche sin.

Bhí Nell Bean Mhic Amhlaoibh agus a hiníon Sighle Nic Amhlaoibh, ann cheana féin, tar éis ruathar ar a dteach an 4 Samhain. Tugadh deirfiúr Nell, Anna O’Rahilly, a gortaíodh, go dtí an t-ospidéal agus cuireadh bpríosún níos déanaí í. Gabhadh Máire Nic Suibhne an lá sin freisin i dteach duine muinteartha léi, Nannie O’Rahilly, baintreach a ndearthár Michael.

Coinníodh Nan ar feadh seal gairid, chuaigh sí ar stailc ocrais, agus scaoileadh saor í ina dhiaidh sin.

Nuair a tugadh Máire Nic Suibhne go Príosún Mhuinseo, chuaigh sí ar stailc ocrais láithreach. Aon lá dhéag ina dhiaidh sin, an 15 Samhain, d’eisigh comhphríosúnaigh Mháire Nic Suibhne, a rinne cur síos orthu mar ‘sixteen women of the Republic’, achainní ‘most urgent and vehement appeal’ ar a son:

‘What effort, what danger, what sacrifice is it not worth to save for Ireland so noble a life as this?’

I measc shínitheoirí na teachtaireachta bhí Nell Bean Mhic Amhlaoibh (Nell Humphreys), D (Daisy) Cogley, Lilí Ní Bhraonáin (Lily O’Brennan), Kathleen Devaney, Rita Birmingham, Cecilia Gallagher, Sighle Nic Amhlaoibh (Sighle Humphreys), Brighid Ní Mhaoláin (Bridie O’Mullane), Esther Davis, Caithlín Ní Chearbhaill (Kathleen O’Carroll), Máire McKee, K Doody, T. (Teresa) O’Connell, S. (Sighle) Dowling, agus Máire Deegan.

MNÁ100 INSIDE OUT 5
1 2
1 2 Le caoinchead ó Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, 20 MS-IB42-06 Le caoinchead ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann
SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

Bronntanas Nell Bean

Mhic Amhlaoibh

I Séipéal Phríosún Mhuinseo, (a bhíodh mar chuid de Phríosún na mBan tráth), tá trí fhuinneog dhaite, a choimisiúnaigh an t-iarphríosúnach Nell Bean Mhic Amhlaoibh agus a dhear Richard King ó Stiúideonna Harry Clarke in 1939. Tráth a suiteála, tiomnaíodh na fuinneoga do mhná Chumann na mBan.

Pléann baill den Rang Staire coimisiúnú na bhfuinneog ag an iar-phríosúnach seo:

“I think the glass was done by Harry Clarke, but it was commissioned by Nell Humphreys... and Nell Humphreys was actually imprisoned in Mountjoy female prison, so that’s really, for me, I think it’s really interesting that Nell Humphreys, after being here like, we are, leaves, and then commissions like a really famous stainedglass artist to come in and do something that she’s not even going to be able to appreciate. Then as far as I knowwe were told that she died before it was finished. So I dunno, it says a lot for the character of Nell Humphreys, in my opinion.”

MNÁ100 INSIDE OUT 6
1
Le caoinchead ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann Cliceáil anseo chun éisteacht leis an bhfuaim
1
SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

Bronntanas Nell Bean Mhic Amhlaoibh

I mí an Mhárta 1939, chuaigh Nell go Stiúideonna Harry Clarke ar Shráid Fhreidric Thuaidh agus d’ordaigh sí na fuinneoga do Phríosún Mhuinseo. Faoin am sin bhí bunaitheoir an stiúideo tar éis bháis ach bhí sainmharcanna a stíle féin fós ag baint le saothar a stiúideo. I gcomhfhreagras a chonaic Margaret Ryan - a bhfuil go leor scríofa agus taighde déanta aici ar choimisiúnú na bhfuinneog seo – bhí Nell ag iarraidh go mbeadh íomhá na fuinneoige lár báire chomh chosúil leis an íocón bunaidh de Mháthair na Fóirithinte Síoraí agus ab fhéidir.

Trí mhí ina dhiaidh in, fuair Nell bás an 8 Meitheamh 1939, agus faraor níor mhair sí fada go leor chun na fuinneoga a fheiceáil, a suiteáladh i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin.

MNÁ100 INSIDE OUT 7
1
1 Le caoinchead ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

Gabhadh Mary Ellen Bean Mhic Amhlaoibh, ar a dtugtaí Nell, agus a hiníon a raibh an t-ainm Mary Ellen uirthi freisin ach a dtugtaí Sighle uirthi i gcónaí, ina dteach ag 36 Bóthar Ailesbury, Baile Átha Cliath, i mí na Samhna 1922. Bhí siad ar na chéad mná as na céadta ban a coinníodh i rith Chogadh na gCarad. Gortaíodh Anna O’Rahilly, deirfiúr Nell, le linn an ruathair agus tar éis tamaill, cuireadh sa phríosún freisin.

Fágadh Nell ina baintreach in 1903 nuair a bhí a triúr clainne, Richard (a rugadh in 1896), Sighle (a rugadh in 1899) agus Emmet (a rugadh in 1902), an-óg. Ó 1909, bhí muintir Mhic Amhlaoibh ina gcónaí mBaile Átha Cliath agus ghlac siad go léir páirt i ngníomhaíochtaí athbheochana cultúir agus sa pholaitíocht náisiúnach. Maraíodh deartháir Nell, Michael, ar a dtugtaí ‘The O’Rahilly’, sa trodaíocht le linn Éirí Amach 1916. Le linn Éirí Amach 1916, thug Nell boinn de Mháthair na Fóirithinte Síoraí go hArd-Oifig an Phoist do na reibiliúnaigh.

Thug sí a mac Dick abhaile léi freisin. Dúirt sé go raibh sé níos contúirtí ar an mbóthar ná mar a bhí in Ard-Oifig an Phoist. Aitheanta mar chomhbhádóir, gabhadh Nell agus cuireadh sa phríosún í le linn an Éirí Amach.

Lean Nell lena díograis do Mháthair na Fóirithinte Síoraí, ag dáileadh boinn orthu siúd a bhí gníomhach sna blianta trodaíochta ina dhiaidh sin. In 1923, úsáideadh íomhá an íocóin lasmuigh agus laistigh de Phríosún Mhuinseo. D’eagraigh Nell bigilí urnaí le linn a cuid ama sa phríosún agus roinnt bigilí uile-oíche san áireamh. Mar dhuine de na mná ba shinsearaí a ghlac róil oifigiúla sa phríosún agus téarmaí míleata in úsáid aici, chuir a comhphríosúnaigh aithne cheanúil uirthi mar ‘Oifigeach i gCeannas Dé’ nó ‘Oifigeach i gCeannas Paidreacha’. Tar éis a tréimhse i bPríosún Mhuinseo, cuireadh bPríosún Chill Mhaighneann agus níos déanaí in Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Scaoileadh saor i mí Iúil 1923.

MNÁ100 INSIDE OUT 8
1 2 Le caoinchead Bhailiúchán Shighle Nic Amhlaoibh, Cartlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath Le caoinchead Bhailiúchán Shighle Nic Amhlaoibh, Cartlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath Nell agus a triúr clainne, Richard (a rugadh in 1896), Sighle (a rugadh in 1899) agus Emmet (a rugadh in 1902),
1 2
Anna agus a deartháir Michael, ar a dtugtaí ‘The O’Rahilly’
‘Oifigeach i gCeannas Paidreacha’
Féach ar Chrann Ginealaigh mhuintir Humphrys anseo SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

Stailc Ocrais Dheirfiúracha Mhic Suibhne, mí na Samhna 1922

De bharr gur cuireadh cosc uirthi cuairt a thabhairt ar a deirfiúr Máire, chuaigh Annie Nic Suibhne ar stailc ocrais lena deirfiúr lasmuigh de Phríosún Mhuinseo ar an 17 Samhain 1922. Céimí eolaíochta a bhí in Annie Nic Suibhne (1884-1954) agus rinneadh múinteoir Mata agus Béarla di. In 1914, d’oibrigh sí ar Oileán Wright sular fhill sí abhaile. In éineacht lena deirfiúr Máire, bhunaigh siad Scoil Íte in 1916 - an t-aon scoil tuata i gCorcaigh – ina dteach ag 4, Plás Belgrave.

mí na Samhna 1922, cuireadh síos ar chás Annie mar ‘sheomra tinnis faoin aer’ agus landairí curtha timpeall uirthi os comhair Phríosún Mhuinseo. Mar a chuir Annie síos air, bhí sí:

“Fasting night and day in protest against such callous brutality as the world has never heard of – shutting me out from my dying sister… No criminal in the land in the world is denied the right to see his people and settle his affairs before death.”

litir dar dáta 27 Samhain 1922 dar teideal ‘outside Mountjoy’ [lasmuigh de Mhuinseo] scríobh sí:

‘...If either or both of us die, our blood will be upon your head. You may say I am not in prison, but I am imprisoned by their torturing inhumanity, and I shall never be released until that prison is opened. Do not imagine my sister or I fear death.’

Dhiúltaigh Máire Mhic Suibhne do dhochtúirí agus d’altraí freastal uirthi, mar agóid in aghaidh eisiamh a deirféar níos óige. An 24 Samhain, tar éis 20 lá ar stailc ocrais, tugadh na deasghnátha deiridh do Mháire Mhic Suibhne. Ceithre lá ina dhiaidh sin scaoileadh saor agus d’fhill sí abhaile lena deirfiúr.

Mhair Máire Nic Suibhne ar feadh 20 bliain eile agus i gcoinne Shaorstát Éireann gcónaí. Lean sí féin agus Annie de bheith mbun Scoil Íte. Dúnadh an scoil sa bhliain inar bhásaigh Annie, 1954.

INSIDE OUT 9
Annie agus Máire sa ghairdín. 1 2 © Ard-Mhúsaem na hÉireann, HE:EW 4230
1 2
Le caoinchead Chartlann MacSwiney Brugha.

Cuir Chun Báis, Príosún Mhuinseo

Cur chun báis… an píonós is tromchúisí. In 1868, cuireadh cosc ar chur chun báis poiblí nuair a ritheadh an tAcht um Phíonós Caipitiúil. Meastar gur foirgneamh é an Teach Crochta i bPríosún Mhuinseo a raibh feidhm eile aige ar dtús, agus gur cuireadh in oiriúint ansin é lena úsáid chun daoine a chur chun báis ó 1904 go 1954.

Le linn fheachtas an neamhspleáchais, crochadh Kevin Barry, agus é ocht mbliana déag d’aois, i mí na Samhna 1920. I rith 1921, cuireadh Thomas Whelan (22), Patrick Moran (26), Patrick Doyle (29), Bernard Ryan (20), Thomas Bryan (22), Frank Flood (19), Thomas Traynor (40), Patrick Maher (32), agus Edmund Foley (23) chun báis i bPríosún Mhuinseo. Bhí deis ag Patrick Moran éalú ón bpríosún ach níor ghlac sé páirt, agus é den tuairim go gcruthófaí go raibh sé neamhchiontach. Mhaígh Thomas Whelan freisin nach raibh sé ciontach. Tháinig a mháthair ó Ghaillimh le bheith lasmuigh den phríosún, áit ar glacadh grianghraf di in éineacht le Maud Gonne MacBride. Arsa Kate Whelan faoina mac:

“He was loved by everyone in Dublin that knew him and especially the people of Ringsend his whole leisure time he spent in practising singing… The night before his execution he sang the ‘Shawl of Galway Grey’.”

An 8 Nollaig 1922, bheadh na banphriosúnaigh

dúisithe an mhaidin agus scéala faighte acu go raibh a gcomhphríosúnaigh - Rory O’Connor, Liam Mellowes, Joseph McKelvey agus Richard Barrett – curtha chun báis, mar thoradh ar lámhach an Teachta Dála, Seán Hales. Labhair Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Tom Johnston, i nDáil Éireann níos déanaí an lá sin, agus d’úsáid sé sliocht as Othello le William Shakespeare:

‘Horrors upon horror’s head accumulated’. Luaigh sé freisin nach raibh ann ach dhá lá ó a daingníodh an Conradh agus ó cuireadh cruth ar Shaorstát Éireann.

MNÁ100 INSIDE OUT 10
Bridget Whelan Uasal, Príosún Mhuinseo, an 13 Márta 1921 1 1 © Ard-Mhúsaem na hÉireann, HE:EW 2038 SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

“Upon entering the hang house, I dunno, it was like something akin to going into like a funeral home… it was just like a reverence in the air, and it was like, I dunno, an eerie feeling. That’s how I felt, how did you feel?

“Yeah I got the same. It’s like the smell, the musty smell and yeah. I just got goose pimples when I walked in… it got that weird feeling like you were walking into a wake or like a funeral home or something. Yeah, yeah I was the same, I was the same.

“I never even knew it was there. It was only then I was got brought to it, I was like woah, like there was fellas who were staying where I was staying but theywere getting brought from the cell to the hang house to be executed.

“Yeah, I, I never even knew that it was at the end of D wing so same thing for me I would’ve been placed not far from that actual hang house, at one stage through me sentence. So it’s just mad to think that, yeah, it was just so close, you knowwhat I mean?”

MNÁ100 INSIDE OUT 11 1
Cuir Chun Báis, Príosún Mhuinseo
2
1 Le caoinchead ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann 2 Le caoinchead ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann Mar chuid dá gcuid oibre ar Inside Out, fuair Rang Staire Aonad Oideachais Mhuinseo cead speisialta cuairt a thabhairt ar an Teach Crochta, ag bun Sciathán D. Ina dhiaidh sin, rinneadh taifead ar an bplé sa seomra ranga: Cliceáil anseo chun éisteacht leis an bhfuaim SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

‘Palace of Bolt and Bars’

”Palace of Bolt and Bars – don’t forget to take your imagination with you when you go oryou are in for a devil of a time.”

—B’shin a scríobh Seán Milroy ina leabhar Memories of Mountjoy, a foilsíodh i mBaile Átha Cliath in 1917.

Osclaíodh an príosún dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath den chéad uair an 27 Márta 1850 nó mar a chuir Tim Carey síos air ina stair den phríosún: ‘Mountjoy Jail closed its doors for the first time.’

In 1849, 115,871 duine a bhí i bpríosún in Éirinn, de réir thuarascáil an Ard-Chigire. Tógadh Príosún Mhuinseo chun coirpigh a raibh pianbhreith iompair curtha orthu a choinneáil ar dtús ach baineadh úsáid as mar phríosún do chiontóirí go luath ina dhiaidh sin.

2 Le caoinchead ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann 2

In 1914, ba ionann daonra bliantúil na bpríosún, de réir Carey, agus beagán os cionn 10,000 príosúnach. In Éirinn, in éineacht le Príosún Mhuinseo, Príosún Maryborough (Príosún Phort Laoise anois), bhí ceithre phríosún áitiúla déag, borstal amháin, a osclaíodh gCluain Meala in 1906 chun pionós a ghearradh ar fhir idir 16 agus 21 bhliain d’aois, agus iad a cheartú, ionad ceartúcháin amháin do ‘ghnáth-mheisceoirí’ (a osclaíodh tar éis Acht na Meisceoirí 1898), agus cúig mionphríosún freisin do mhionchiontóirí ann.

Le caoinchead ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

i mbanphríosún laistigh den choimphléasc. Bhí Príosún Mhuinseo anois ina phríosún áitiúil do Bhaile Átha Cliath.

Sa tréimhse ina dhiaidh sin, aithníodh Príosún Mhuinseo go mór mar phríosún do phríosúnaigh pholaitiúla, idir fhir agus mhná. Le linn Chogadh na gCarad, bhí sé ar cheann de na láithreacha coinneála do mhná a chuir i gcoinne Shaorstát Éireann. Idir 1922 agus 1923, cuireadh níos mó ná 500 bean bpríosún - ba i bPríosún Mhuinseo, i bPríosún Chill Mhaighneann, nár úsáideadh ar feadh na mblianta agus nuair a úsáideadh é, cuireadh ‘mná amhrasacha’ ann, agus in Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh, a coinníodh iad.

MNÁ100 INSIDE OUT 12
1
In 1883, aistríodh mná a cuireadh bPríosún Mhuinseo go príosúin eile. Faoi 1897, bhí siad ar ais agus ag cur fúthu 1

Urnaí agus Agóidí – An Saol i bPríosún Mhuinseo

Faoi mhíonna tosaigh na bliana 1923, bhí Príosún Mhuinseo plódaithe de réir mar a tháinig níos mó banphríosúnach isteach ann. Tháinig Margaret Skinnider (1893-1971) laistigh de chúpla seachtain ó tháinig Margaret Buckley. Ba as Glaschú ó dhúchas Margaret Skinnider agus ba ghníomhaí clúiteach a bhí inti. Ghlac sí páirt in Éirí Amach 1916 ina ball d’Arm Saoránach na hÉireann agus gortaíodh go dona í. In 1917, thaistil sí go dtí na Stáit Aontaithe chun tabhairt faoi thuras cainte. Foilsíodh a leabhar, Doing my bit for Ireland,i Nua-Eabhrac. Agus ag teagasc i Scoil Shiúracha na Carthanachta, Óstaí an Rí, bhí sí gníomhach bhfeachtas an neamhspleáchais. Chuir sí gcoinne an

Chonartha agus bhí post aici ina Pámháistir Ginearálta le hArm Phoblacht na hÉireann (I.R.A) tráth a gabhála.

De réir mar a tháinig méadú ar na huimhreacha, thosaigh údaráis an phríosúin ag cur beirt bhan sna cillíní nach raibh spás iontu ach do dhuine amháin.

Nuair a thagadh na héadaí leapa nua, thosaíodh na banphríosúnaigh pholaitiúla á gcaitheamh amach ar an léibheann. Dá gcuirtí fráma leapa i gceann de na seomraí ba mhó, chuireadh na príosúnaigh (a raibh saoirse gluaiseachta acu) ar rothaí é agus chuirtí sa dorchla é.

Bhí sé seo ina ábhar cainte ag an Rang Staire:

“Another thing we found out that when the ladies used to be protesting, they used to throw all their stuff from their cells including the beds out on to the landing.”

MNÁ100 INSIDE OUT 13
Mórshiúl na bhfear, na mban agus na leanaí taobh amuigh de Phríosún Mhuinseo
1 2
1 Le caoinchead na Leabharlainne Náisiúnta 2 Le caoinchead Alan Hayes Margaret Skinnider Cliceáil anseo chun éisteacht leis an bhfuaim SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

Ba le Jenny Coyle Príosún Mhuinseo, Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus Príosún Chill Mhaighneann 1923.

KMGLM.2010.0177

SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

Tháinig May Lagan lár na hoíche agus chuaigh sí isteach sa leaba sa dorchla. Bhí a leaba suite in aice leis an altóir agus nuair a dhúisigh sí, bhí mná timpeall uirthi agus iad ag rá an phaidrín. An chéad smaoineamh a bhí aici ná go raibh sí tar éis bháis, de réir chuntas Margaret Buckley in Jangle of the Keys.

Chuimhnítí ar an scéal mar ‘May Langan’s wake’ [tórramh Mary Langan] go ceann tamall ina dhiaidh sin.

Inscríbhinn ó Mary Langan i Leabhar Síniúchán

Ina bhfuil sínithe phríosúnaigh Phríosún Mhuinseo, Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus Phríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1923.

Ba le Jenny Coyle an leabhar seo. Le caoinchead Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann.

Bright be the future that lieth before you

Loving and loved may thou go on thyway

God in his mercywatch tenderly over thee Guarding thee ever by night and by day

This is the sincerest wish by Yours M H Langan 24th February Mountjoy 1923

1 Le caoinchead ó Músaem Phríosún Chill Mhaighneann

MNÁ100 INSIDE OUT 14 1

INSIDE OUT

Féachtar leis an tionscnamh nua seo ó Mná100, i gcomhar

le múinteoirí ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath agus le scoláirí i bPríosún Mhuinseo, le béim a chur ar ról agus ar thaithí na mban sna himeachtaí claochlaitheacha a tharla idir 1912 agus 1923 - an tréimhse a bhfuilimid ag cuimhneamh uirthi anois i nDeich mBliana na gCuimhneachán. San fhóta-aiste seo, tá scéalta na mban mór le rá agus na mban nach bhfuil chomh mór sin a cuireadh i bpríosún i rith an ama sin tugtha ar aird againn.

“Tá an tábhacht a bhaineann le guth na bpríosúnach — príosúnaigh a bhí ann agus atá

ann anois araon — a chloisteáil, i gcroílár an tionscadail Staire seo. Trí fhocail agus

obair chruthaitheachta na bpríosúnach a roinnt ón taobh istigh go dtí an taobh amuigh, beidh na ballaí a bhí ciúnaithe agus scartha roimhe seo anois ina láithreáin foghlama agus mhachnaimh. Ó tharla go raibh rólag an bpríosún agus ag na príosúnaigh maidir le bunú an Stáit, is cuí atá sé gur féidir le príosúnaigh ó Ionad Oideachais Mhuinseo cur le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán.”

MNÁ100 INSIDE OUT 15
SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

LE HAGHAIDH TUILLEADH LÉITHEOIREACHTA

Margaret Buckley, Civil War Prisoner Pg. 4

Eolas ó Dhíolaim Beathaisnéisí na hÉireann

’50 Years Ago – Margaret Buckley, President of Sinn Féin, Saoirse, July 1998

Obituary, Irish Independent, 25 July 1962

Uinseann MacEoin The I.R.A. in the Twilight Years 1923-1948. Dublin, Argenta, 1997

Banphríosúnaigh Pholaitiúla Pg. 5

Sinéad McCoole, No OrdinaryWomen, The O’Brien Press, 2003

Stailc Ocrais Dheirfiúracha Mhic Suibhne, mí na Samhna 1922 Pg. 9

Máire MacSwiney Brugha History’s Daughter, The O’Brien Press, 2005.

Teachtaireacht ó Phríosún Mhuinseo thar ceann Mary MacSwiney, Iarsmalann Phríosún Chill Mhaighneann (féach leathanach 6)

Cuir Chun Báis, Príosún Mhuinseo Pg. 10-11

Tim Carey, Hanged for Ireland, the Forgotten Ten, Blackwater Press, 2001.

Dáil Éireann Debates - https://www.oireachtas.ie/ en/debates/debate/dail/1922-12-08/9/

Bronntanas Nell Bean

Mhic Amhlaoibh Pg. 6-8

Margaret Ryan, ‘A Woman of 1916 and Our Lady of Perpetual Succour’ Reality May 2016

Margaret Ryan, ‘Second Glance: Nell Humphreys and the Mother of Perpetual Succour’, History Ireland, Volume 29 January/February 2021, May 2016

Palace of Bolt and Bars Pg. 12

Tim Carey, Mountjoy The Story of a Prison, The Collins Press, 2000.

Christina M. Quinlan, Inside Ireland’s Women’s Prisons, Past and Present, Irish Academic Press, 2010.

MNÁ100 INSIDE OUT 16
SAMHAIN NA BLIANA 1922 - PRÍOSÚN MHUINSEO

INSIDE OUT

Comhpháirtíocht idir Seirbhís Oideachais Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile

Átha Cliath do Phríosúin agus an tIonad Oideachais i bPríosún Mhuinseo agus Mná100

MNÁ100

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Mná 100 | Inside Out (GA) by bigO - Issuu