Tionscnamh Eitice

Page 1

Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann Clár na n-Imeachtaí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath: Siompóisiam Idirnáisiúnta ar Eitic Thubaistí Déanann tubaistí léirscrios, ag fágáil an bháis agus an scriosta ina dtreo. Dúisíonn siad an iomad cruacheisteanna eitice dóibh siúd a mbaineann tubaistí go díreach leo, agus do lucht pleanála agus d’fhreagróirí. Cén chabhair ba cheart a chur chucu? Cé a gheobhaidh na soláthairtí teoranta atá ar fail? Inár bhforbairt beartais agus inár bhfreagairtí iarbhír ar thubaistí araon tá áit lárnach ag breithniúcháin agus cinntí eiticiúla. Go nuige seo, áfach, is beag acmhainn a dhírítear ar eitic thubaistí a chíoradh. Is beag treoir eitice agus ábhair oiliúna atá ann a bhféadfadh déantóirí polasaí, gníomhaireachtaí daonnúla agus freagróirí aonair dul ina muinín chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na saincheisteanna dúshlánacha goilliúnacha eitice a chastar orthu i gcás tubaistí. Aibhseoidh an siompóisiam seo cuid de na saincheisteanna eiticiúla a thagann chun cinn le linn tubaistí a fhreagairt, a chosc nó a réamh-mheas. Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath: Sraith Díospóireachtaí Poiblí ar Eitic agus an tSochaí. Beidh Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ina óstach do cheithre dhíospóireacht phoiblí ar Eitic agus an tSochaí in Éirinn. Déanfaidh na díospóireachtaí, a bheidh ar oscailt don phobal, na hábhair seo a leanas a iniúchadh, 1. An Timpeallacht Thógtha 2 Eitic agus an Idirlíon 3. Seirbhísí Airgeadais 4. Cáilíocht agus Sábháilteacht Bhia. Díospóireachtaí painéil mheasraithe a bheidh iontu le saineolaithe arna dtarraingt ó ghnóthaí poiblí, ón saol acadúil, ón earnáil tionsclaíochta agus ón sochaí shibhialta. Imeachtaí idirghníomhacha a bheas ann le deiseanna ar idirghníomhú beo nó fíorúil. Ina theannta sin beidh na díospóireachtaí á gcraoladh ar an ngréasán agus á gcártlannú ar shuíomh tiomnaithe gréasáin. Ollscoil na hÉireann Gaillimh: Eitic agus Eacnamaíocht Beidh Ollscoil na hÉireann Gaillmh ina óstach do léacht poiblí ar Eitic agus Cúrsaí Eacnamaíochta: Ár Samhail Eacnamaíochta a Athshamhlú don Aonú hAois is Fiche. Féachfaidh an imeacht seo an cheist an féidir samhail eacnamaíochta a athshamhlú. Déanfaidh sé iniúchadh ar chliseadh iomlán na samhla eacnamaíochta atá againn agus ar an ngá atá ann le samhlaíocht úr a thabhairt isteach d’fhonn samhail dhifriúil – samhail níos eiticiúla tá súil againn - a oibriú amach do na blianta atá amach romhainn. Cuirfidh seo tús le próiseas leanúnach trína mbeidh an eitic leabaithe níos doimhne laistigh de gach disciplín agus trasna gach disciplín ar an gcampas.


Ollscoil na hÉireann Má Nuad: Déanfaidh Ollscoil na hÉireann Má Nuad dhá shiopa oibre a reachtáil mar chuid de Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann. Caoinfhulaingt agus Cruthú Féiniúlachta i gComhthéacs Sochaithe Ilchineálacha: spreagaitheasc ón iriseoir agus scríbhneoir Gearmánach, Henryk M. Broder, á leanacht le plé comhchéime. Beidh an siopa oibre seo dírithe ar thuiscint níos fearr a sholáthar ar chaoinfhulaingt mar choincheap, agus an ról bunúsach atá aici mar dhála dioscúrsa i sochaithe iolraíocha iar-shaolta arna dtréithrú ag seasaimh dhifriúla. Féachfaidh scoláirí agus ionadaithe ó ghrúpaí sóisialta agus grúpaí reiligiúnacha éagsúla an féidir an chaoinfhulaingt a fheiceáil mar eochairthoisc maidir le féiniúlacht agus sochaí sheasmhach araon a thógáil. Castachtaí Eiticiúla maidir le Bailiú agus le hÚsaid Sonraí : Agus tiomsú sonraí i gcroílar diospóireachta poiblí faoi láthair beidh Ollscoil na hÉireann Má Nuad ina óstach do shiopa oibre a chuirfidh comhrá chun cinn ar eitic an olltiomsaithe sonraí agus a úsáid. Díreoidh sé ar shaincheisteanna forluiteacha na príobháideachta, na slándála agus na díchuimhne. Mar ghné den siopa-oibre beidh i láthair, saineolaithe idirnáisiúnta agus náisiunta ar ról na príobháideachta agus eitice i dtiomsú sonraí. Lena chois sin seolfaidh Coláiste na hOllscoile Má Nuad, suirbhé ar fud an champais trína ndéanfar gníomhaíochtaí reatha atá bainteach le heitic a mheas agus tá sé ar intinn ag an gColáiste a fhógairt go mbeidh deontais bheaga le fáil do thionscnaimh nua a bheidh dírithe ar chúrsaí eitice. Ollscoil na Banríona, Béal Feirste: Reiligiún agus an Saol Poiblí Beidh Coláiste na Banríona, Béal Feirste ina óstach do comhdháil dhá lá ar ‘Reiligiún agus an Saol Poiblí’ ar an 15 agus 16 Bealtaine. Acadamh Ríoga na hÉireann: Dioscúrsa Acadamh Ríoga na hÉireann leis an Ollamh Martha Nussbaum Is fealsamh Mericeánach í an tOllamh Martha Craven Nussbaum atá faoi láthair ina hOllamh Serbhíse Dearscna Ernst Freund le Dlí agus Eitic ag Ollscoil Chicago. Labróidh sí ag Ollscoil Luimnigh an 6 Meitheamh, 2014. Sraith Thuairimíochta um Eitic agus an tSochaí Tabharfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann faoi shraith thuairimíochta a chíorfaidh an cheist cad is eitic ann faoi láthair dar le taighdeoirí Éireannacha thar réimse disciplíní.


Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: Déanfaidh Coláiste na Tríonóide ceithre mhór-ócáid poiblí agus sraith de sheacht gcomhairliúchán ar eitic a reachtáil mar chuid de Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann. 1 An Bheatha Dheartha: Eitic na bitheolaíochta sinteisí: reáchtáileadh an ócáid seo, inar fiosraíodh eitic agus treonna na bitheolaíochta sintéisí amach anseo, san Áiléar Eolaíochta ar an 16 Eanáir. 2

Díospóireacht Phoiblí ar Chibear-Eitic: Díreoidh an díospóireacht seo, a mbeidh saineolaithe ó réimsí éagsúla páirteach ann, ar shaincheisteanna nua eitice a bhaineann leis an ré dhigiteach, le leathadh úsáid an idirlín agus a ról forásach ó thaobh faisnéise agus cumarsáide de. Ar na saincheisteanna a phléifear beidh cúrsaí slándála agus príobháideachta, rochtain neamhrialaithe do pháistí agus ógánaigh, cibearbhulaíocht nó rialú na hiompraíochta coiriúla nó na hiompraíochta claonaíche. 3. Léacht Tionscnaimh Edmund Burke: Tabharfaidh Onora O’Neill, Fealsamh Chambridge agus Cathaoirleach Choimisiún Comhionannais agus Chearta Daonna na Breataine, léacht ar an gcothroime idir Cearta agus Freagrachtaí. 4. Dioscúrsa Poiblí ar Eitic Idirchultúrtha: Tabharfaidh an Cainteoir Iarrtha, An tOllamh Anthony Kawme Appiah eochairléacht ar eitic idirchultúrtha, arna leanacht le plé painéil a dhéanfaidh iniúchadh ar shaincheisteanna ar nós imirce agsu teorainneacha idir tíortha, Éire Ilchultúrtha, agus saoránacht Éireann a fháil. Comhairliúcháin Mhol Sheomra Fada Choláiste na Trionóide: sraith comhairliúchán le ceannairí ó earnálacha éagsúla den saol poiblí. Ar na téamaí faoi iniúchadh beidh Saoránacht, Rialachas agus Cuntasacht, Ceachtanna Eiticiúla ón nGéarchéim sa Saol Gnó, Ceachtanna Eiticiúla ón nGéarchéim d’Institiúidí agus Ionadaithe Poiblí agus Ceachtanna Eiticiúla ón nGéarchéim do na Proifisiúin. An Coláiste Ollscoile, Corcaigh: I dtreo Geilleagar Cóir a Aththógáil Déanfaidh Coláiste Ollscoile, Corcaigh, imeachtaí éagsúla a reáchtail i 2014 faoi choimirce Thionscnaimh Eitice Uachtarán na hÉireann. Chomh maith leis sin seolfaidh an Ollscoil an Lárionad don Staidéar ar Bhoinn Mhórálta an Gheilleagair agus na Sochaí. I dtús báire beidh trí théama substainteacha múinteoireachta, taighde agus foilsiúcháin ag an Lárionad, mar a leanas: 1

Cáineadh Mórálta, Noirm Dhlíthiúla agus Díobháil Shóisialta


2 Boinn Antraipeolaíocha an tSaoil Shóisialta a Atghabháíl 3 Aimnéise agus Cuimhne Sóisialta Eiticiúil Ag comhdháil Chumann Antraipeolaíoch na hÉireann ar an ábhar ‘Cuimhneamh agus Athghabháil’ i Sligeach, cuirfear painéal de cheithre pháipéar i láthair ar an téama - “Eitic agus Polaitíocht an Chuimhnimh, an Mhaithimh agus an Díchuimhne.” “Cinnteachtaí a Fháil i dTréimhsí Diúltacha: Glórtha ón bPobal ag Tacú le hÉirinn Athnuaite” Dhá fhóram pobail le bheith ann i gCorcaigh agus i Luimneach. Arna bhforbairt faoi choimirce Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann, cuirfidh na fóraim amach ceannairí i bhforbairt comhroghanna sóisialta a chaomhnóidh agus a leathnóidh cleachtas an chlaochlaithe eiticiúil in Éirinn ar mhaithe leis an gceartas sóisialta agus timpeallachta. Chomh maith leis sin óstáilfidh Coláiste na hOllscoile Corcaigh sraith seimineár tionscnaimh idir-institiúdach ar Chaipitleachas Comhaimseartha in Éirinn a Rialáil. Beidh ‘Scoil Shamhraidh faoin nGeilleagair agus an tSochaí’ ann i gCorcaigh i gcomhoibriú le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge; agus beidh comhoibriú ann idir Lár-Ionad UCC don Staidéar ar Bhoinn Mhórálta an Gheilleagair agus na Sochaí agus LárIonad Ráth Fhlaithín UL don Léann Útóipeach, trína ndéanfar iniúchadh ar ‘Oideolaíocht Chriticiúil in Am na Géarchéime’. Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath: Déanfaidh Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath dhá thionscadal a thíolacadh mar chuid de Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann. Ról an Choinsiasa: Trí theaglaim de shiopa oibre, léachtaí poiblí agus díospóireacht, déanfaidh an tionscadal seo trí fheiniméan idirghaolmhara a iniúchadh, is feiniméin atá ag tarraingt aird suntasach domhanda faoi láthair: mar atá, diúltú coinsiasach, easumhlaíocht shibhialta agus sceithirí. Tá na ceisteanna a thagann aníos fíor-ábhartha sa comhthéacs comhaimseartha in Éirinn. Rinne an cliseadh airgeadais domhanda i 2008 agus an ghéarchéim bhaincéireachta ghaolmhar anseo in Éirinn a làn fadhbanna a nochtadh maidir le struchtúir agus córais rialála láithreacha; tá an tuiscint ann freisin, áfach, gurbh eol do go leor daoine go raibh gné amhrasach ag baint lena gcuid rachmais eacnamaíochta nua ach bhí drogall orthu labhairt amach faoi, ar chúiseanna casta a dteastaíonn tuilleadh imscrúdaithe uathu. Comhthreomhar leis seo tá scéalta faoi sceithirí de chineál Julian Assange agus Edward Snowden, a chuaigh i bhfiontair áirithe chun seasamh amach, d’fhonn an éagóir shistéamach a aibhsiú de réir dealraimh. ‘Is gá dúinn labhairt faoin eitic de bharr…’: Beidh teagmháil déanta le mic léinn ar fud an champais ina líonfaidh na mic léinn isteach a gcuid freagraí ar chláir bhána idirghníomhacha maidir le cén fáth go bhfuil eitic de dhíth orainn. Déanfar na freagraí sin a scanadh agus a uaslódáil ar láithreán gréasáin tiomnaithe. Fónfaidh seo


mar lingchlár le haghaidh díospóireachtaí agus tionscadail leantacha faoi chursaí eitice. Ollscoil Luimnigh: Faoin meirge ‘Eitic in Áiteanna Poiblí, I Spásanna Poiblí agus I nDioscúrsaí Poiblí’ déanfaidh Ollscoil Luimnigh sraith ceithre sheiminéar a reachtáil. 1. Bheith ina Laoch Eiticiúil, 2. Eitic i Spásanna Poiblí, 3. Urlabhra, Cairdis agus Teanga. 4. Eitic Ghairme. Díreofar gach sraith ar chomhaltaí éagsúla de na pobail shínte áitiúla agus ollscoile, lena n-airítear mic-léinn ollscoile, cleachtóirí áitiúla, grúpaí pobail, an lucht acadúil agus mic-léinn iarbhunscoile. Dírithe ar an bpobal áitiúil, déanfaidh an chéad ghrúpa seimineár iniúchadh ar eitic na laochra polaitíochta, spóirt agus ceoil agus áireofar ann comh-sheiminéar pobail Ollscoil Luimnigh/Coláiste Ollscoile, Corcaigh ar an ábhar ‘Cinnteachtaí a Fháil i dTréimhsí Diúltacha’. Díreofar an dara grúpa seimineár ar phobal na mac-léinn ollscoile agus iniúchfaidh sé fógraíocht eiticiúil, stocaireacht pholaitiúil agus fógraíocht pholaitiúil, eitic na polaitíochta agus ceist na tithíochta agus ailtireachta eiticiúla. Tabharfaidh an tríu seimineár mic-léinn iar-bhunscoile áitiúla isteach ar an gcampas chun saincheisteanna cosúil le fuathchaint laethúil, cairdis eiticiúla, eitic agus na meáin shóisialta, agus an saol ar-líne comhaimseartha a iniúchadh. I ndeireadh na scríbe, tabharfaidh an tsraith dheireanach seimineár aghaidh ar an bpobal gairmiúil áitiúil. Faoin teideal ‘Eitic Ghairme’, déanfaidh an tsraith seo saincheisteanna eiticiúla sa seomra cúirte, sa saol acadúil, san iriseoireacht, agus i gcúrsaí cúraim shláinte, oideolaíochta agus airgeadais a iniúchadh.


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.