Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann Clár na n-Imeachtaí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath: Siompóisiam Idirnáisiúnta ar Eitic Thubaistí Déanann tubaistí léirscrios, ag fágáil an bháis agus an scriosta ina dtreo. Dúisíonn siad an iomad cruacheisteanna eitice dóibh siúd a mbaineann tubaistí go díreach leo, agus do lucht pleanála agus d’fhreagróirí. Cén chabhair ba cheart a chur chucu? Cé a gheobhaidh na soláthairtí teoranta atá ar fail? Inár bhforbairt beartais agus inár bhfreagairtí iarbhír ar thubaistí araon tá áit lárnach ag breithniúcháin agus cinntí eiticiúla. Go nuige seo, áfach, is beag acmhainn a dhírítear ar eitic thubaistí a chíoradh. Is beag treoir eitice agus ábhair oiliúna atá ann a bhféadfadh déantóirí polasaí, gníomhaireachtaí daonnúla agus freagróirí aonair dul ina muinín chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na saincheisteanna dúshlánacha goilliúnacha eitice a chastar orthu i gcás tubaistí. Aibhseoidh an siompóisiam seo cuid de na saincheisteanna eiticiúla a thagann chun cinn le linn tubaistí a fhreagairt, a chosc nó a réamh-mheas. Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath: Sraith Díospóireachtaí Poiblí ar Eitic agus an tSochaí. Beidh Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ina óstach do cheithre dhíospóireacht phoiblí ar Eitic agus an tSochaí in Éirinn. Déanfaidh na díospóireachtaí, a bheidh ar oscailt don phobal, na hábhair seo a leanas a iniúchadh, 1. An Timpeallacht Thógtha 2 Eitic agus an Idirlíon 3. Seirbhísí Airgeadais 4. Cáilíocht agus Sábháilteacht Bhia. Díospóireachtaí painéil mheasraithe a bheidh iontu le saineolaithe arna dtarraingt ó ghnóthaí poiblí, ón saol acadúil, ón earnáil tionsclaíochta agus ón sochaí shibhialta. Imeachtaí idirghníomhacha a bheas ann le deiseanna ar idirghníomhú beo nó fíorúil. Ina theannta sin beidh na díospóireachtaí á gcraoladh ar an ngréasán agus á gcártlannú ar shuíomh tiomnaithe gréasáin. Ollscoil na hÉireann Gaillimh: Eitic agus Eacnamaíocht Beidh Ollscoil na hÉireann Gaillmh ina óstach do léacht poiblí ar Eitic agus Cúrsaí Eacnamaíochta: Ár Samhail Eacnamaíochta a Athshamhlú don Aonú hAois is Fiche. Féachfaidh an imeacht seo an cheist an féidir samhail eacnamaíochta a athshamhlú. Déanfaidh sé iniúchadh ar chliseadh iomlán na samhla eacnamaíochta atá againn agus ar an ngá atá ann le samhlaíocht úr a thabhairt isteach d’fhonn samhail dhifriúil – samhail níos eiticiúla tá súil againn - a oibriú amach do na blianta atá amach romhainn. Cuirfidh seo tús le próiseas leanúnach trína mbeidh an eitic leabaithe níos doimhne laistigh de gach disciplín agus trasna gach disciplín ar an gcampas.