8 page Irish AF An Phoblacht
18/05/2012
09:50
Page 1
2012 Sinn Féin Ard Fheis speisialta
anphoblacht
Gealleis Líofa
CÁ BHFUIL ÁR DTREO Le Gearóid Ó hEára
Scéal Ed Shevlin, fear bruscair Nua Eabhrac!
JIMMY BARRY MURPHY
Dóchasach faoi Thodhchaí na Gaeilge COSÚIL LEIS an gcuid is mó do mo ghlúin, d’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar dtús nuair a bhí mé sa bhunscoil i Scoil Mhuire Gan Smál, Glaisín. Do lean mé léi agus mé ag freastal ar Choláiste an Spioraid Naomh i mBaile an Easpaig, áit ar bhain mé pas amach inti san Ard Teist. Bhí go leor Gaeilge ag mo mháthair, ach i ndáiríre, níor labhraíomar mórán Gaeilge sa bhaile. Nílim cinnte cad é a chéad fhocal a d’ foghlaim mé, na gnáth rudaí is dócha; Máthair, Athair, - nó Iománaíocht b’fhéidir! Ar ndóigh bhí an Ghaeilge éigeantach ag an am, agus d’fhoghlaimíomar go léir í. Ach I ndáiríre, ar chuma éigin, níor bhain mé aon taitneamh aisti, agus is beag grá a bhí agam di mar ábhar scoile. Ní raibh
mórán chomhrá nó aon ní mar sin ag baint leis an ábhar, agus ceapaim go bhfuil an chaint agus an comhrá anathábhachtach. Nuair a bhí mé i mo bhainisteoir ar fhoireann iománaíochta Chorcaí sna 90aidí déanacha, do bhí TG4 ag lorg duine éigin den fhoireann imeartha nó den fhoireann bainistíochta go rialta le haghaidh agallaimh. Do chuir sé náire orm i ndáiríre, nach raibh duine againn a raibh le go leor Gaeilge aige chun na hagallaimh sin a dhéanamh, seachas Seán Óg, - cé gur i bhFiji a chaith seisean blianta a óige! Ní rabhas sásta leis an méid sin. Cheapas gur trua a bhí ann i ndáiríre. AR LEAN AR LEATHANACH 4
www.anphoblacht.com | editor@anphoblacht.com