Issuu on Google+

8 page Irish AF An Phoblacht

18/05/2012

09:50

Page 1

2012 Sinn Féin Ard Fheis speisialta

anphoblacht

Gealleis Líofa

CÁ BHFUIL ÁR DTREO Le Gearóid Ó hEára

Scéal Ed Shevlin, fear bruscair Nua Eabhrac!

JIMMY BARRY MURPHY

Dóchasach faoi Thodhchaí na Gaeilge COSÚIL LEIS an gcuid is mó do mo ghlúin, d’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar dtús nuair a bhí mé sa bhunscoil i Scoil Mhuire Gan Smál, Glaisín. Do lean mé léi agus mé ag freastal ar Choláiste an Spioraid Naomh i mBaile an Easpaig, áit ar bhain mé pas amach inti san Ard Teist. Bhí go leor Gaeilge ag mo mháthair, ach i ndáiríre, níor labhraíomar mórán Gaeilge sa bhaile. Nílim cinnte cad é a chéad fhocal a d’ foghlaim mé, na gnáth rudaí is dócha; Máthair, Athair, - nó Iománaíocht b’fhéidir! Ar ndóigh bhí an Ghaeilge éigeantach ag an am, agus d’fhoghlaimíomar go léir í. Ach I ndáiríre, ar chuma éigin, níor bhain mé aon taitneamh aisti, agus is beag grá a bhí agam di mar ábhar scoile. Ní raibh

mórán chomhrá nó aon ní mar sin ag baint leis an ábhar, agus ceapaim go bhfuil an chaint agus an comhrá anathábhachtach. Nuair a bhí mé i mo bhainisteoir ar fhoireann iománaíochta Chorcaí sna 90aidí déanacha, do bhí TG4 ag lorg duine éigin den fhoireann imeartha nó den fhoireann bainistíochta go rialta le haghaidh agallaimh. Do chuir sé náire orm i ndáiríre, nach raibh duine againn a raibh le go leor Gaeilge aige chun na hagallaimh sin a dhéanamh, seachas Seán Óg, - cé gur i bhFiji a chaith seisean blianta a óige! Ní rabhas sásta leis an méid sin. Cheapas gur trua a bhí ann i ndáiríre. AR LEAN AR LEATHANACH 4

www.anphoblacht.com | editor@anphoblacht.com


8 page Irish AF An Phoblacht

18/05/2012

09:50

Page 2

2012 Sinn Féin Ard Fheis speisialta

Ag fás fós Le Gearóid Mac Ádhaimh

Is iontach an abhainn í an Chladaigh, in amanna chomh séimh agus chomh ciúin le clár ina linnte doimhne nó ag leathnú amach agus in amanna ag scairdeadh thar easanna beaga ag sruthú agus ag titim ina cúr geal thar léim na mbradán. Dhéanaimis ár mbealach ó bhruach

mall réidh os ár gcomhair ligimis de phíosaí beaga de dhuilleoga eidhinn titim agus muid ag coimhéad orthu ag eitleogacht síos isteach san abhainn. Bhímis ag coimhéad an bhfeicfimis bradáin. Bhíomar in ainm is a bheith ag caint Gaeilge an t-am ar fad agus rinneamar

go bruach agus corr uair siúd linn suas i lár na habhann féin, ag pocléim ó charraig go carraig, ag lapadaíl, ag slioparnach ag splaisearnach agus ag preabaireacht. Tráthnóna agus an ghrian ag dul faoi go

ár ndícheall sna ranganna a bhíodh ar siúl ar feadh an chuid a ba

BHÍ SUIM agam sa Ghaeilge an chuid is mó de mo shaol. Chuir mé suim i dtús ama inti nuair a chuaigh mé go scoil Naomh Fionnáin De La Salle ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste sa bhliain 1956. Bhí stair na hÉireann, peil agus iomáint go léir mar pháirt den churaclam. D’fhoghlaim muid frásaí beaga mar “an bhfuil cead agam dul go dtí an liathróid?” Ach ba i Scoil Ghraiméir Naomh Muire faoi stiúir na mBráithre Críostaí a chuir mé suim dáiríre sa teanga. Bhí an curaclam dírithe ar dhlús a chuir le fás na meán aicme Caitlicigh. Ba cúrsa cúng é a bhí dírithe ar scrúduithe agus bhí fíor bheagán deiseanna siamsaíochta againn. Chuir an teanga Ghaeilge solúbthacht ar fáil dúinn agus chuir an Bráthar Beausang an bealach éalaithe ar fáil go Gaeltacht Dhún na nGall faoi choinne cúpla seachtain spraoi agus craic i nGaoth Dobhair. Cosúil le go leor d’ár macasamhail ar fud na hÉireann, chuaigh na céadta páiste scoile as Béal Feirste go Gaoth Dobhair gach samhradh. Ar mo chéad chuairt ann, agus an bus ag taisteal ó Doire isteach go Dún na nGall, bhí ár muiníl sínte againn go léir agus muid ag iarraidh feiceáil cad é a raibh an teorainn cosúil leis. Bhí iontas mór agus díomá orainn go raibh sé dofheicthe. An chéad samhradh sin i dteach Eoghain Ellen Uí Bhaoill i nDoirí Beaga, bhí am ar dóigh ag suas le dosaen againn agus bhain muid an-sult go deo as. Is minic sa tráthnóna a chruinnímis ar an droichead, muid ag crochadh thar an droichid ag amharc ar uisce ciúin domhain Abhainn na Cladaigh agus í ag cuisliú i dtreo léim na mbradán.

mhó den lá. Ina dhiaidh sin labhraímis Gaeilge bhriste. Tá cuid de lucht mo cháinte a deir

go labhraím sin fós. Bhíodh ráflaí le cluinstin i gcónaí faoi ghasraí a cuireadh abhaile mar gheall ar a bheith ag caint Béarla. Mar sin de, nuair a chastaí duine fásta orainn ar ár mbealach callánach siar agus aniar an bóthar ó shiopa go caife agus ón abhainn go dtí an trá, thosóimis ar phaidreacha nó ar amhráin Ghaeilge ag súil go gcluinfeadh an duine fásta an Ghaeilge agus chan na focail. ‘Mhicí ‘Sé do bheatha a Mhuire’ ‘A tá lán de ghrásta Seánaí’ agus de réir sin. An chéad deis eile a fuair mé chun cuir leis an mhéid bheag Gaeilge a bhí agam, ba sa phríosún a fuair mé é. O shin i leith, i measc mearadh an tsaoil, tá mé ag obair de shíor ag iarraidh mo chuid Gaeilge a fheabhsú. Ag labhairt na teanga cibé uair agus cibé áit is féidir liom. Bhain mé triail fiú as filíocht a scríobh i nGaeilge, foilsiú seo i gceann de mo chuid leabhair, ‘An Irish Eye’ Is suáilceach an rud é bheith in ann Gaeilge a labhairt. Déanaim iarracht rud beag a fhoghlaim gach lá. Fiú focal amháin nó frása. Ní spórt lucht féachana atá i dteanga. Caithfear teanga a fhoghlaim. Caithfear í a úsáid chomh maith. Níl mé líofa go fóill, ach bainim ansult go deo as an méid strainséirí a labhraíonn liom i nGaeilge. In Iarthar Bhéal Feirste, áit a bhfuil an Cheathrú Gaeltachta beo bríomhar, is féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge sna siopaí áitiúla, sna pubanna agus in áiteanna eile. Tá cuid de mo chomharsan nár labhair a gclann riamh liom ach Gaeilge. Cothaíonn sé seo go léir mothú muintearais. Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain “Activity has two aspects, one of resistance and the other of positive demands” Ní féidir agus níor chóir de chosaint agus de neartú na Gaeilge fanacht go mbeidh Éire nua againn. Ní thig linn agus níor cheart dúinn fanacht le lá draíochta éigin a theacht ina mbeidh na gnóthaí seo uile go léir socraithe. Tá dualgas orainne iad a shocrú anois.

BÍ LE SHINN FÉIN / JOIN SINN FÉIN Bí le Téacs / Join by Text: Seol an focal SINN FEIN ansin D'AINM agus SEOLADH chuig / Text the word SINN FEIN followed by your NAME and ADDRESS to: 51444 (26 Chondae / 26 counties) 60060 (6 Chondae / 6 counties)

2

anphoblacht

Seol d'ainm, seoladh agus uimhir guthán chuig / Send you name, address and phone number to: 44 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1 / 44 Parnell Square, Dublin 1. Ainm / Name: ............................................................................................................................................................................................................................................................................. Seoladh / Address:

..............................................................................................................................................................................................................................................................

Ar Líne / Join online:

.....................................................................................................................................................................................................................................................................................................................

www.sinnfein.ie/join-sinn-fein

Fón/R.phost / Tel/Email:

................................................................................................................................................................................................................................................

www.anphoblacht.com | editor@anphoblacht.com


8 page Irish AF An Phoblacht

18/05/2012

09:50

Page 3

2012 Sinn Féin Ard Fheis speisialta

Gearóid Ó hEára

Cá bhfuil ár dtreo M

á amharcann muid ar an méid dul chun cinn atá déanta ag pobal na Gaeilge ar fud an oileáin le daichead bliain is léir go bhfuil éacht déanta ag an ghlúin seo ó thaobh athbheochan na Gaeilge a chur chuig leibhéal eile ar fad. Ach leis an dul chun cinn tchíonn muid dúshláin eile os ár gcomhair.

Tá géarghá le hathbhreithniú a dhéanamh ar ár modhanna oibre agus ar úsáid na náiseanna atá againn. Tá go leor pócaí láidre Gaeilge fríd an tír, idir Ghaeltacht agus Ghalltacht, agus tá sé in am dúinn comh-ordnú a dhéanamh ar na samplaí sin de dheachleachtais agus fís agus modh aontaithe a bheith againn. Bhí an t-am ann gur leor dúinn an Ghaeilge a choinneáil beo agus í a thabhairt don chéad ghlúin eile. Tá an t-am sin thart. Anois tá daoine agus grúpaí Gaeilge ag smaointiú ar bhriseadh amach agus talamh úr a ghlacadh. Níl sé sin le rá nach bhfuil baol agus bagairtí go fóill ach tá féidireachtaí ann chomh maith. Luadh ins an Phlean 2030 gur cheart go mbeadh Aonad Náisiúnta Pleanáil Teanga lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus ag stiúradh na hathbheochana fríd an tír. Caithfidh muid brú a chur ar an rialtas ó dheas chun sin a chur chun tosaigh. Caithfidh muid cinnte a dhéanamh de go mbeidh próiseas pleanáil teanga curtha le chéile ag saineolaithe, bunaithe ar thaighde phroifisiúnta agus oifigigh phleanáil teanga ag stiúradh na hoibre ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Déanfaidh muid an obair seo céim ar chéim agus gréasán d’Aonaid Ghaeilge fríd an tír, ar leibhéal náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla teanga ag obair faoi stiúir coiste náisiúnta agus pleanálaí teanga lonnaithe fríd an tír i ngréasán de na hAonaid Ghaeilge. Ní leor bheith i do dhíograiseoir Gaeilge má tá muid chun an athbheochan seo a bhogadh chun tosaigh. Tá ard-scileanna bainistíochta, cuntasóireachta, margaíochta, gnó agus tuiscint ar phrionsabail phleanáil teanga de dhíth chomh maith.

T

á sé soiléir ó na samplaí de dhea-chleachtais fríd an tír go bhfuil eiseamláir úr a leanúint ag Gaeilgeoirí le daichead bliain anuas. Mar chuid den phroiséas athb-

heochana, cuirtear naíscoil ar bun, agus grúpa thart uirthi, frí bhunscoil, mheánscoil agus faoi dheireadh pobal Gaeilge a thógáil. Ansin cuirtear ranganna Ghaeilge ar fáil, seirbhísí Gaeilge, Gaelú na timpeallachta, imeachtaí sóisialta, teaghlaigh Ghaeilge, imeachtaí óige, imeachtaí ealaíona, aonaid tacaíochta don ghaelscolaíocht sa cheantar, siopa leabhair agus ceartaí, soláthair chaife, aonaid fhorbartha eacnamaíochta, aonaid fhorbartha na meán agus spás oifige do na hoibrithe Gaeilge. Agus mar sprioc ní mór dúinn ach a bheith ag smaointiú ar pobal Gaeilge a thógáil i ngach ceantair agus mion Ghaeltachtaí nó Gaeltachtaí uirbeacha a chruthú taobh amuigh den Ghaeltacht féin. Tá ról lárnach ag grúpaí Gaeilge ins an obair seo, ag an phobal, ach tá ról ag an dá rialtas, na ranna stáit, go háirithe na ranna

www.anphoblacht.com | editor@anphoblacht.com

oideachais, agus na meáin agus na hollscoileanna. Tá sé in am dúinn socrú ar fhís amháin agus í a leanúint ag straitéis amháin, a maoiniú ag dream amháin agus a stiúradh ag eagraíocht amháin. Gan sin tá muid ag obair go neamhspleách óna chéile agus in amanna in éadan a chéile. Tá páirtnéireachtaí tábhachtacha ar fáil dúinn i gCumann Lúthchleas Gaeil agus i gComhaltas Ceoiltóirí Éireann agus sna heagraíochtaí móra cultúrtha ins an tír. Caithfidh muid na páirtnéireachtaí sin a chruthú, a fhorbairt agus a dhaingniú. Caithfidh muid mar phobal na Gaeilge ceisteanna a chur orainn féin: An bhfuil fís shoiléir againn? An bhfuil muid aontaithe ar an fhís sin? An bhfuil straitéis aontaithe againn? An bhfuil muid aontaithe ar ár gcuid aidhmeanna ? An bhfuil muid sásta comh-oibriú lena

chéile chun na haidhmeanna sin a bhaint amach? Shíl muid go mbeadh Foras na Gaeilge ina thiománaí straitéise ag tabhairt treoir don athbheochan ach breathnaítear air anois mar mhaoinitheoir agus mar mhaoinitheoir nach bhfuil a gcuid airgid a dháileadh amach ar bhonn straitéiseach bunaithe ar phrionsabail a bhaineas le pleanáil teanga. Creidim go bhfuil géarghá le Plean Náisiúnta aontaithe a bheith againn don Ghaeilge, agus úinéireacht an phlean sin a bheith ag Foras na Gaeilge agus an tAonad Pleanáil Teanga náisiúnta mar atá luaite ins an Phlean 2030. Ba cheart go mbeadh áiseanna agus maoiniú ar fáil do na grúpaí Gaeilge, ag leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá a leanúint an phlean seo. Molaim go gcuireann muid tús le feachtas chun Aonad Pleanáil Teanga Náisiúnta a bhunú i mBaile Átha Cliath mar an chéad chéim eile in athbheochan na Gaeilge.

anphoblacht

3


8 page Irish AF An Phoblacht

18/05/2012

09:50

Page 4

2012 Sinn Féin Ard Fheis speisialta

ARE YOU MAD! Le Sorcha Berry Roinn Airgeadais Sinn Féin

IS RUD AISTEACH É an Gaeilge. Cén fáth nach labhrann níos mó daoine an teanga? Cén fáth go bhfoghlaimímid teangacha eile gan fadhb ar bith, ach nuair a chuireann daoine an cheist ort, an bhfuil Gaeilge agat? “Are you mad? I hated Irish in school” a deirimid. Bhuel, cad faoi Gearmánais? Nó Fraincis? An bhfuil fáth ann nach bhfuileamar ag rá na rudaí céanna faoi na teangacha sin? Sea, ceapaim go bhfuil. Rugadh mé i Inse Chór i mBaile Átha Cliath, agus ba mé t-aon duine de mo chairde go léir a chuaigh chuig an scoil Ghaeilge a bhí síos an bóthair uainn. Tá ceithre bhunscoil i mo cheantar baile (trí chinn a mhúineann as Béarla, agus ceann amháin a mhúineann as Gaeilge). Agus mé ag fás aníos, is minic a dúradh liom go raibh mé ag cur ama amú ag foghlaim gach ábhair as Gaeilge. Uaireanta, bhí sé deacair orainn. Fuair muid a lán obair bhaile sa bhreis agus muid ag déanamh aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla (bhí an chuid a ba mhó d’ár leabhair scríofa as Béarla) agus ag freagairt na gceisteanna ag deireadh gach cabidéal (oh, is féidir liom cuimhneamh air mar amhlaidh is gur inné a bhí ann). Nuair a thosaigh mé ag freastal ar an mheánscoil, bhí orm éirí ar maidin dhá uair a chloig ní ba luaithe ná mo chuid chairde (boo-hoo) agus ní raibh mé sásta le sin!! Chomh maith le sin, bhí orainn Gaeilge a labhairt ar an mbus agus ní raibh ná paisinéirí eile chomh compordach le sin “What are you lot talking about?” etc, etc a deireadh said linn. Ach, anois tá mé chomh sásta gur fhreastail mé ar scoileanna lán Gaeilge. Sea, bhféidir nach n-úsáidim mo Ghaeilge chomh minic is a tá mé ag iarraidh, ach nuair a bhím ag bualadh le daoine ó thíortha eile, is breá

liom nuair is féidir liom insint dóibh go labhraím mo theanga náisiúnta. Fadhb eile leis an Ghaeilge ná an bealach ina bhfuil sí múinte. Deireann beagnach gach duine de mo chairde nach raibh said in ann Gaeilge a labhairt tar eis an scoil a fhágáil ach bhí said in ann é a scríobh nó a léamh i bhfad níos fearr. Ceapaim go mba chóir dúinn foghlaim conas an Ghaeilge a labhairt ar dtús, mar sin beimid in ann comhrá a bheith againn agus í a úsáid gach uile lá. Ba chóir don rialtas tábhacht a thab-

hairt dí; mar shampla, bhféidir Roinn Gaeilge i ngach post státseirbhíse (ach tá eagla orm leis an déine atá ann faoi láthair, nach mbeidh aon rud déanta faoi). Tá cliú ar na hÉireannaigh thar lear mar alcólaigh atá ‘suas don craic’ ach cén fáth nach féidir linn ár gcliú a athrú go daoine atá bródúil as ár dteanga? Tá pobal mór inimirceach in Éirinn san lá atá inniu ann le teangacha difriúla, tá dhá theanga acu, a dteanga náisiúnta féin agus Béarla (agus Gaeilge ag roinnt dóibh) agus is rud iontach

é sin! Tá siad bródúil as a gcultúr féin agus ba chóir dúinn bheith mar an gcéanna. Beidh a lán paistí a rugadh in Éirinn a bhfuil tuismitheoirí ó thírtha eile acu agus cé chomh h-iontach is a bheadh sé dá mbeadh trí theanga acu? A dteanga náisiúnta féin, Béarla agus an Gaeilge agus bheadh ár gcultúr i bhfad níos fearr agus muid ag cúisimh traidisiún eile. Níl a fhios agam fút ach tá mé ag iarraidh go mbeidh níos mó ná teanga amháin ag mo pháistí ach a chinntiú go mbeidh Gaeilge mar cheann dóibh.

I HATED IRISH IN SCHOOL AR LEAN Ó LEATHANACH TOSAIGH Nuair a bhí an tréimhse sin mar Bhainisteoir caite agam, bhí cuid mhaith am saor agam. Tráthnóna éigin, do chonaic mé fógra sa nuachtán le haghaidh ranganna oíche sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile anseo i gCorcaigh. Do bheartaigh mé mo chuid Gaeilge a fheabhsú, agus do thosnaigh mé ag freastal ar na ranganna seo gach Luan. Bhaineas ana-thaitneamh as na ranganna sin, bhí craic den scoth ann, agus bhí an múinteoir, Keith Ó Brollacháin ó Baile na mBocht, go hiontach ar fad. D’fhreastail mé ar na ranganna sin ar feadh trí bliana, agus i mo thuairim féin chuir na ranganna san ana-fheabhas ar mo chuid Gaeilge. Na daoine a bhí ann, bhí leibhéal difriúil Gaeilge acu ar fad ach, ar chuma éigin, bhí sé i bhfad níos éasca í a fhoghlaim mar sin, ná mar a bhí nuair a bhí mé sa bunscoil. Bheinn ag súil leis na ranganna gach seachtain toisc go mbíodh an chraic chomh maith sin iontu.. Deinim gach iarracht an Ghaeilge a úsáid chomh rialta agus gur féidir liom anois, go mór mhór má táim ag caint le daoine a bhí sna ranganna sin liom, nó, ar ndóigh le Seán Óg. Ceapaim gur rud iontach é don teanga, agus don iománaíocht

4

anphoblacht

Jimmy Barry Murphy chomh maith, go bhfuil daoine cosúil le Seán Óg ann, daoine óga, cumasacha, atá breá sásta an teanga a úsáid go rialta agus go poiblí, agus í a chur chun cinn. Cheapas go raibh sé go hiontach ar fad nuair a ghlac sé chuige Corn Liam Mhic Cárthaigh ar son fhoireann Chorcaí i 2005 agus gur thug sé an óráid iontach san trí mheáin na Gaeilge

amháin. Agus Gaeilge den scoth a bhí. Mar an gcéanna, bhí sé go hiontach nuair a rinne Joe Connolly an rud céanna I 1980. Tá na rudaí sin tábhachtach ó thaobh dearcadh an phobail i leith na teangan. Ceapaim go bhfuil an teanga ana-thábhachtach ar fad, is í ár dteanga fhéin í, agus is cuid lárnach dár gcuid cultúir í. Tá a tean-

ga dúchais faoi leith ag gach tír ar domhain nach mór, agus tá sé sin soiléir I ngach ghné den saol, fiú amháin an spóirt. Bheinn féin fíor dhóchasach as todhchaí na teangan. Tá sé go hiontach go bhfuil an méid sin leanaí agus daoine óga ag foghlaim na teangan anois, agus is iontach an rud é sin. Tá cuma beo, bríomhar ar an teanga faoi láthair, agus a bhuíochas san cuid mhaith dos na Gaelscoileanna. Roinnt mhaith des na daoine a bhí ag freastal ar na ranganna Gaeilge sin liom, bhí a gcuid leanaí ag freastal ar Ghaelscoil agus a bhí fonn orthu labhairt leis na leanaí trí Ghaeilge, agus tá sé go hiontach go mbíonn na leanaí ag labhairt Gaeilge sa bhaile. Ceapaim go bhfuil rudaí cosúil le TG4 riachtanach freisin ó thaobh íomhá na teangan de. Bíonn cláracha den scoth ann, idir chláracha spóirt, faisnéise agus cúrsaí reatha. Bainim féin anathaitneamh as an gclár ‘Comhrá’. Bainim úsáid as chun mo chuid Ghaeilge a fheabhsú. Mar a dúirt mé, is é an náire a bhí orm de dheasca an easpa daoine ón bhfoireann againn a bhí in ann agallamh a dhéanamh as Gaeilge a bhí mar spreagadh agamsa an teanga a áth-fhoghlaim, de bharr san, le cúnamh Dé, beidh go leor Gaeilge agam féin chun agallamh le TG4 a dhéanamh uair éigin!

www.anphoblacht.com | editor@anphoblacht.com


8 page Irish AF An Phoblacht

18/05/2012

09:50

Page 5

Gealleis Líofa

2012 Sinn Féin Ard Fheis speisialta

Le Ed Shevlin AR DTÚS, ní mór dom caveat a thairiscint leis an léitheoir. Níl mé líofa i nGaeilge fós. Léiríonn an tAirteagal seo iarracht an-tromchúiseach ar mo chuid a scríobh ar phíosa gur bhfiú é fhoilsiú. Beidh is dócha roinnt botúin litraíocht agus gramadaí anseo. Tá mé ag suí ag mo tábla seomra bia, le dhá fhoclóir agus na leabhair ghramadaí agus arís eile agus ceann lán de smaointe. Tá súil agam go mbeidh tú á thógáil go bog orm. Is fear araid (bruscair) mé de Chathair Nua-Eabhrac le naoi mbliana déag de sheirbhís. D’fhill mé ar scoil sa bhliain 2007 in Ollscoil Stáit Nua-Eabhrac Impireacht na Stát Choláiste le súil i dtreo céim i Staidéar Staire a bhaint amach. Mar aon le gach céim fochéime i Meiriceá go raibh riachtanas teanga coimhthíoch. Ar dtús, bhí mé réidh le staidéar a dhéanamh ar an teanga Gearmáine nuair a d’athraigh mo chara Rita O’Hare mo phleananna. D’iarr Rita orm labhairt ag comhdháil de chuid Shinn Féin i NuaEabhrac i dteideal ‘A United Ireland: How Do We Get There’? Ar ndóigh, d’aontaigh mé léi mar tá a fhios againn go léir nach bhfuil aon duine a rá le Rita O’Hare!

D éist mé go géar ar lá na comhdhála mar ar sheachaid Gerry Adams óráid go dátheangach. Rith sé liom ag an am go mbeadh an Ghaeilge níos mó úsáideach dom ná an teanga Gearmáine. D’úsáid mé an Ghaeilge mar uirlis chun cur le mo oideachas! Lonrach! Tháinig mo phlean nua le chéile go maith! Bhí mé ag suí ag deasc in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa Cheathrú Rua mar mhac léinn bun leibhéal. I rith na míosa gur chaith mé ag an Acadamh sa Cheathrú Rua, bhí mé tumtha go hiomlán i nGaeilge. Do fhreastal mé ar ranganna do mhic léinn sé lá in aghaidh na seachtaine agus mé im chónaí le teaghlaigh áitiúla gurb í Gaeilge an teanga nádúrtha. Antaitneamhach a bhí mo ionduchtaithe go Gaeilge! Tar éis bliain iomlán ag foghlaim na Gaeilge chomh maith leis an mí a chaitheamh san Acadamh, ar ais liom go Nua-Eabhrac. Cé gur thug an cúrsa a ghlac mé in Ollscoil na hÉireann riachtanas teanga airithe dhom, ní raibh mé críochnaithe. Bhí mé ag corránach! Ghlac mé isteach ar an gclár Gaeilge in Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac Coláiste Lehman nuair a rinne mé staidéar faoin Ollamh Tomás Ihde don dá bhliain a bhí romhainn. Le linn mo

www.anphoblacht.com | editor@anphoblacht.com

Scéal Ed Shevlin, fear bruscair Nua Eabhrac!

cheathrú téarma I gColáiste Lehman chuir mé chuige ar Ghradam na Gaeilge Samhraidh Staidéar atá á dtairiscint ag an Fulbright Coimisiún na hÉireann. Dá bhrí sin, bhí mé ar cheann de fiche saoránach Meiriceánach a roghnaíodh don dámhachtain mór le rá seo. Ar ndóigh, Is mise abea an t’aon fear araid sa ghrúpa! Bhain mé úsáid as an dámhachtain chun filleadh ar an Acadamh sa Cheathrú Rua do mo cheathrú bliain de staidéir. Faoi láthair, tá mé ag staidéar na Gaeilge ag na hEalaíona Gaeilge Center i Nua-Eabhrac sa Ard Rang. Tá mé ag déanamh chomh maith le Céim Bhaitsiléir i Léann na hÉireann i gColáiste

SUNY Impireacht na Stát le linn leanúint liom a bheith ag obair go lánaimseartha mar fear araid don Roinn Sláintíocht, Nua-Eabhrac. Tá mé chomh maith mar Treorai Gaeilge do Killorin Clancy Whelan CCE, ina bhall de Dhaltaí na Gaeilge, rúnaí don Chumann Emerald Roinn Sláintíocht Nua-Eabhrac, Leas-Uachtarán ar an Rockaway Poblachtach Lorga, féadfaidh comhalta den Da an Chontae Banríona Naomh Pádraig Paráid Gabhann Coiste agus drumadóir sa Banna Píob Chontae Thír Eoghain. Tá mé chomh maith beagán craiceáilte nach bhfuil, a deir tú? Le déanaí, ainmníodh mé an Fear na hÉireann ar an Bhliain Nua-Eabhrac ag Comhairle Cathrach. Bronnadh mé leis an Gradam Thomas Manton ag Cainteoir Christine Quinn. Measc na faighteoirí is déanaí An US Seanadóir George Mitchell agus Coimisinéir Garda NYC Ray Kelly. Mar sin, is an duine seo - fear bosca bruscair atá ag déanamh rud éigin ceart! Cuireann go leor daoine an cheist , “Cén fáth Gaeilge, cén fáth anois?” Tá mo fhreagra éasca, “Toisc go breá liom Éireann, is breá liom an Ghaeilge agus is breá liom muintir na hÉireann.” Da mbeadh níos mó am agus airgead agam, ba mhaith liom fanacht níos faide in Éirinn, ag foghlaim, ag labhairt agus ina gcónaí I measc an teanga gur breá liom. Is é seo mo scéal. Tá suil agam go bhfuil sibh sásta liom.

anphoblacht

5


8 page Irish AF An Phoblacht

18/05/2012

09:50

Page 6

2012 Sinn Féin Ard Fheis speisialta

Lucilita Bhreatnach Ar Thóraíocht an Fhlaithiúnais agus an tionchar atá ag an gCríochdheighilt 100 bliain ar aghaidh, 1912 agus 2012 Tá an meán aicme ag éirí níos boichte agus an lucht oibre agus pobail beaga ag tosnú ag éirí amach, ag glacadh seasamh in aghaidh polasaithe dona an rialtais. Tá comhrialtas idir aondachtóirí agus poblachtánaigh ar thaobh amháin den oileáin, rud nár shíl mórán a tharlódh riamh. Tá daoine ó thraidisiún aontachtach ag freastal ar oifigí Shinn Féin i gceantracha

AM I dtaca seo céad bliain ó shin bhí a lán rudaí ag titim amach anseo in Éirinn agus timpeall an domhain mhóir. Am nach raibh ach raidió ag corr dhuine agus an scríobh mar an phríomh chóras cumarsáide. Bhí aondachtóirí leis an Ulster Covenant a shíniú, rud a déanadh i Meán Fómhair 28ú, 1912 nuair a shínigh leath mhilliún fir agus mná in aghaidh an Bille Riail Éireannach agus in aghaidh Parlaimint a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh an Irish Women’s Franchise League i 1912. Ba í Hannah Sheehy Skeffington agus mná eile a chruinnigh le chéile le vótaí do mhná ar chur ar éileamh polaitiúla na h-ama. Tháinig na baill as réimsí náisiúnach, cultúrtha agus na ceard cumainn. Thosaigh an IWFL an nuachtán ‘The Irish Citizen’ ag cruthú forum do mhná chun a dtuairimí a nochtadh agus a roinnt le mná as na heagrais go léir eile a bhí ann ag an am, maraon leo siúd a thacaigh leis an streachailt ar son féin chinntiúchán agus rialú náisiúnta. Rinne na mná sufraigéidi a háitithe go soiléir nárbh fhiú féin riail a bhaint amach dá mba rud é go raibh mná fós mar shaoránaigh íseal chéime. Chreid na mná náisiúnacha nárbh fhiú é an vóta a bhaint amach dá mba rud é go raibh siad fós faoi riail Shasana agus nach mbaineadh mná a saoirse amach. I 1912 rinne mná agus fir as an lucht oibre forógra i mBéal Feirste ar son Parlaimint Éireannach a bhunú ag oscailt an bóthar i bhfab-

6

anphoblacht

Tá an meán aicme ag éirí níos boichte agus an lucht oibre agus pobail beaga ag tosnú ag éirí amach, ag glacadh seasamh in aghaidh polasaithe dona an rialtais har athruithe sóisialta agus áth aontú Éirinn daonlathach a bhí go dtí seo eagraithe ar na seana línte. Lorg siad an vóta do mhná agus PR i dtoghcháin. Cé go bhfuil na coinníollacha difriúla san lá atá inniu ann, tá níos mó ná milliún go leith gan obair, tá ceardchumainn ann ach níl siad chomh láidir is a bhí siad nuair a bunaíodh iad. Níl an meon céanna is a bhí ag an Irish Trade Union Congress mar shampla nuair a bunaíodh é i 1912.

áirithe ins na sé chontae ag lorg ionadaíocht le fadhbanna laethúla a réiteach. Ach cén treo ina bhfuil sé seo go léir ag dul ? I gceann deich mbliana beidh athruithe substaintiúla tar éis titim amach ar an oileán beag seo ina bhfuil muid ag mairéachtaint ar scáth a chéile. Agus beidh próiseas athmhuintearas mar chuid den comhrá laethúil in ár dtír. Beidh daoine ag tabhairt faoi clabhsúir a chur le créachtaí dóibh féin agus dá gcomhluadar. Beidh Éire aontaithe mar chuid de ghnáth parlance an am atá ag teacht. Beidh réimsí éagsúla den sochaí, ón

saol spórt, cultúr, turasóireacht, feirmeoireacht bia, gnó, timpeallacht, fuinnimh, sláinte ag titim amach. Sé sin má n-oibrítear go crua mar a déanadh le próiseas na síochána lena chur mar phrióireacht. Ní tharlóidh sé seo leis féin go nádúrtha amháin. Tá an ‘Government of Ireland Act’ imithe. Fuaireamar réidh leis i gComhaontú Aoine a’ Chéasta, 14 bliain ó shin. Beidh gá do dhaoine treabhadh a dhéanamh anois agus céimeanna nua leis na síolta a chur san ré nua seo. Beidh gá againn Poblacht nua a thógáil bunaithe ar an gceart. Bunreacht nua a thabhrann cearta agus cosaint féin mheas d’aondachtóirí. Araon le reachtaíocht agus reifreann faoi vóta le fáil réidh leis an dteorann. Beidh cairdeas aontaithe agus comharsantacht mar chroí láir ath-thógáil na tíre seo agus ath- thógáil na bpobail. Níor chabhraigh an chríochdheighilt leis an dtír seo ná le haon duine san tír seo, ach a mhalairt. Tá slí eile ann, slí níos fearr d’achan duine. Cén rud a dhéanfas tusa leis na hathruithe seo a bhaint amach ? Tógáil a dhéanamh ar son sochaí nua, fíor phoblacht a chothaíonn saoránaigh ón chliabhán go dtí an chré. Táimse ag dúil leis an tréimhse nua seo. Beidh sé corraíoch. Beidh sé mothaíoch. Beidh sé tras athraitheach is dúshlánach dúinn uile. Ach, is fearr an cneasú seo a dhéanamh anois ná fanacht deich mbliana eile agus tacú le glúin nua á thógáil san ré nua seo.

www.anphoblacht.com | editor@anphoblacht.com


8 page Irish AF An Phoblacht

18/05/2012

09:50

Page 7

2012 Sinn Féin Ard Fheis speisialta Níos mó dochar na maitheas a bheidh ag cur chuige ‘a la carte’ an Rialtais

An bhfuil an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar nós an ‘Rí gan aon éadach’?

Le Trevor Ó Clochartaigh CUIREADH fáilte ginearálta roimh an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge nuair a glacadh leis don chéad uair. Níl sé foirfe agus dar liom ní dheachaigh sé sách fada ariamh le dul i ngleic leis an meath teangan atá dhá mhothú ar fud na Gaeltachta. Ach, bhí glacadh uilepháirti aige. Bhí sé bunaithe ar Staidéar Chuimistheach Teangeolaíochta. Chuathas i gcomhairle le grúpaí pobail, eagraíochtaí agus daoine aonair gur suim leo cur chun cinn na Gaeilge. Ach, nuair a fhéachann tú ar cur chuige an Rialtais maidir le cur i bhfeidhm na straitéise céanna, measaim go gcaithfear an cheist a chuir an mbeidh fiúntas ar bith leis ar deireadh thiar, nó an bhfuil sé chun níos mó dochar ná maitheas a dhéanamh? Tá an cur chuige ‘a la carte’ atá roghnaithe ag an Rialtas an-chontúirteach. Tá bac curtha ar chuid mhaith forbairtí de bharr go bhfuil daoine ag iarraidh fanacht chun a bheith ‘ag feidhmiú i gcomhair leis an straitéis’. Léirigh an Staidéar Chuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht an phráinn a bhain le dul i ngleic leis an cúlú teangan, nó go mbeadh an Ghaeilge gar a bheith imithe sna ceantair Ghaeltachta taobh istigh de fiche bliain. D’fhág an Straitéis féin roinnt moltaí tábhachtacha ón staidéar ar lár agus anois tá an Rialtas ag rá nach gcuirfear ach cuid den straitéis féin i bhfeidhm ag brath ar acmhainní agus indéantacht. Tuigeann duine ar bith atá ag plé le cúrsaí Gaeilge & Gaeltachta ar bhonn laethúil go bhfuil an fhadhb níos doimhne ná sin. Ag croí an scéil tá ceist bhunúsach faoi thacaíocht an Rialtais agus na hAirí éagsúla do chás na Gaeilge. Is cosúil gurb é an tAire

tAire Oideachais, Ruairí Quinn Oideachais, Ruairí Quinn an té is naimhdí ar fad – nó sin a thugann a chuid cinntí polaitiúla le fios. Tá ciorruithe éagcothroma curtha i bhfeidhm aige ar scoileanna Gaeltachta & Gaelscoileanna gan aird ar bith a thabhairt ar chúinsi teangeolaíochta. Rinne sé gearradh siar ar na scoláireachtaí Gaeltachta agus ar an tacaíocht d’ábhar múinteoirí chun seal a chaitheamh sa Ghaeltacht mar chuid dá gcúrsa oiliúna. Tá Quinn i gceannas ar an Roinn is tábhachtaí ar fad maidir le cur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis, ach ní léir go bhfuil mórán dul chun cinn dhá dhéanamh ag an

gcoiste ard cheannasach idir rannach atá bunaithe idir iad féin agus Roinn na Gaeltachta. Choinnigh siad an Chomhairle um Oideachas Gaeilge & Gaelscolaíochta, a bhfuil saintaithi agus saineolas acu sna réimsí seo, ón leibhéal ard chinnteoireachta seo. Ní léir go bhfuil aon fhorbairt suntasach ag tarlú maidir le feabhsú an churaclam, nó oiliúint níos fearr a chuir ar ábhar oidí. Seo céimeanna bunúsacha atá riachtanach má tá rath ar bith le bheith ar an obair. Tá na tAire mcGinley tar éis scéimeanna nua tacaíochta teaghlaigh agus pleanála teangan a sheoladh atá thar a bheith eas-

Ag croí an scéil tá ceist bhunúsach faoi thacaíocht an Rialtais agus na hAirí éagsúla do chás na Gaeilge

www.anphoblacht.com | editor@anphoblacht.com

namhach agus gur deacair muinín a chuir iontu chun spriocanna uaillmhianacha na straitéise chun 250,000 a chuir ag labhairt na Gaeilge in Éireann, a bhaint amach. Leis an gcur chuige mantach, místuama seo an bhfuil sé in am ‘Stop’ a rá? An mbeadh muid níos fearr as admháil nach bhfuil i gcur chuige an Rialtais seo ach sop in áit na scuaibe? Má leanann daoine ag tacú leis an Straitéis mar cur chuige an bhfuil muid ag prappáil suas polasaí Rialtais nach bhfuil acmhainní go leor dhá chuir ar fáil dó agus nach bhfuil dóthain tacaíocht aige ó Airí agus Teachtaí an Rialtais le go mbeadh fiúntas leis? Ar cur i gcéill ar fad atá ann go bhfuil rud éigin ar bun nó ar mó dochar a dhéanfaidh an cur chuige seo sa bhfad téarma ná maitheas? An bhfuil an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, mar atá ag Fine Gael & an Lucht Oibre, ar nós an scéal faoin rí gan aon éadach? Go dtuigeann gach duine i bpobal na Gaeilge agus i dTithe an Oireachtais go bhfuil sé amhlaidh, ach go bhfuil faitíos ar dhaoine é a ra ós ard, mar nach bhfuil aon seans go gcuirfear malairt straitéise in áit má imíonn sé?

anphoblacht

7


8 page Irish AF An Phoblacht

18/05/2012

09:50

Page 8

2012 Sinn Féin Ard Fheis speisialta

GIVE IT A LASH! Le Nuala Ní Dhomhnaill

Táim ag obair anois le tamaillín mar an Oifigeach Náisiúnta Gaeilge. I am going to continue this article as Béarla as I would really like to reach out to all of you who want to learn this amazing language of ours. It is your language, your heritage and if you start learning it or even speaking the cúpla focal, I can guarantee you that it will be the beginning of something wonderfully enriching for you. Here are some of my top tips to get you started! • • •

Oileán

Oileán is ea do chorp í lár na mara móire. Tá do ghéaga spréite ar bhraillín gléigeal os farraige faoileán. Toibreacha fíoruisce iad t’uisí tá íochtar fola orthua is uachtar meala. Thabharfaidís fuarán dom í lár mo bheirfin is deoch slánithe sa bhfiabhras. Tá do dhá shúil mar locha sléibhe lá breá Lúnasa nuair a bhíonn an spéir ag glinniúint sna huiscí. Giolcaigh scubacha iad t’fhabhraí ag fás faoina gciumhais.

Is dá mbeadh agam báidín chun teacht faoi do dhéin, báidín fiondruine, gan barrchleite amach uirthi bunchleite isteach uirthi ach aon chleite amháin droimeann dearg ag déanamh ceoil dom fhéin ar bord, thógfainn suas na seolta boga bána bogóideacha; threabhfainn trí fharraigí arda is thiocfainn chugat mar a luíonn tú uaigneach, iathghlas, oileánach.

• • • • •

Embrace the cúpla focal that you have and use them as often as you can. Find out where classes are available in your area. Contact your local ‘Conradh na Gaeilge’ to check out their ‘Ciorcal comhrá/cainte’. Tune into Radio na Gaeltachta – great music programmes with some chat to get you into it. Turn on TG4. Read storybooks to your children or aloud to yourself. Get used to the sound and rhythm of the language read poetry aloud. Forget about the grammar until you are confident enough. Instruct your Bank to give you your cheque books as Gaeilge, in fact why not exercise your right and get all your bills as Gaeilge, guaranteed to make you learn faster!

I understand that it can be a little bit daunting taking on a new language, lack of confidence can make it even more difficult but why not give it a lash anyway, nothing to lose and everything to gain. As for mise, I will be setting up a new website as part of the main Sinn Féin site which will be a resource for all to log onto. I hope to have information provided regarding classes for all levels in your areas, competitions, cultural events, crosswords, focail an lá – even Gaeilgeoir na míosa! Who knows, you may even have some fun… So take heart, cabhair is on the way and in the meantime if you need any help or information regarding the language, beidh fáilte romhat glaoch orm.

Ceist na Teangan Cuirim mo dhóchas ar snámh i mbáidín teangan faoi mar a leagfá naíonán i gcliabhán a bheadh fite fuaite de dhuilleoga feilastraim is bitiúman agus pic bheith cuimilte lena thóin

8

anphoblacht

ansan é a leagadh síos i measc na ngiolcach is coigeal na mhán sí le taobh na habhann, féachaint n’fheadraís cá dtabharfaidh an sruth é, féachaint, dála Mhaoise, an bhfóirfidh iníon Fharoinn

Liadh Ní Riada Oifigeach Náisiúnta Gaeilge R. Phost: liadh.niriada@sinnfein.ie Guthán: 087 664 9108

www.anphoblacht.com | editor@anphoblacht.com


An Phoblacht June 2012 speisialta