Breac EISIÚINT 2

Page 1

MARTA 2022 • EISIÚINT 2


BUAILIGÍ LENÁR GCOISTE CAITRÍONA NÍ CHONAILL Is as Cill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí do Chaitríona agus tá sí i mbliain na céime ag déanamh staidéar ar an nGaeilge agus an Béarla. Tá sí páirteach sa Chumann Drámaíochta agus ina hEagarthóir Gaeilge do nuachtán an choláiste, University Express. Is file agus scríbhneoir í, agus í páirteach sa ghrúpa filíochta Ó Bhéal na mBan.

DARRAGH Ó CAOIMH As Ceann Toirc i gContae Chorcaí do Dharragh, agus é sa cheathrú bliain den chúrsa Dlí agus Gaeilge. Oifigeach Gaeilge agus Cultúir ar Aontas na Mac Léinn san ollscoil, agus páirteach sa Chuallacht agus sa Chumann Drámaíochta. File é chomh maith, agus dánta foilsithe aige in Comhar, Aneas, agus Motley.

ANTÓIN Ó TRINLÚIN Is as Baile Féitheáin i gCathair Chorcaí d'Antóin agus tá sé ag tabhairt fé mháistreacht sa pholaitíocht fé láthair. Is teagascóir agus scríbhneoir é, agus tá sé ina Oifigeach Oideachais ar an gCuallacht i mbliana.

PÁDRAIG Ó HAINIFÉIN Is as Lios Deargáin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne do Phádraig agus tá sé ag tabhairt fé bhaitsiléir san Oideachas (Gaelainn agus Fraincis). Tá sé ina Leas-chathaoirleach agus Oifigeach Caidrimh Poiblí ar an gCuallacht i mbliana.

KATIE HALPIN-HILL Is as an Rinn i nGaeltacht na nDéise do Katie agus í sa tarna bliain ag déanamh stáidéar ar an bpolaitíocht agus an stair; tá sí ina Cathaoirleach ar an gCuallacht Ghaelach i mbliana.

ISEULT NÍ FHOIGHIL Is as Indreabhán i nGaeltacht Conamara d’Iseult agus í ag déanamh staidéar ar Teiripe Urlabhra agus Teanga . Ta sí mar Oifigeach Cumarsáide na Cuallachta i mbliana.

MAXWELL CALLANAN Tá Max sa dara bhliain, ag déanamh staidéar ar dhaonnacht digiteach. Tá sé mar Oifigeach Poiblí don Cumann Iriseoireachta agus Cumann Amnesty International. Bíonn sé ag obair mar dearthóir le haghaidh Motley chomh maith.


SCRÍBHNEOIRÍ BREAC Oisín Ó Síocháin Tá sé sa chéad bhliain, ag déanamh staidéir ar an Dlí agus Gaeilge. Tá sé ina bhall d’Ógra Shinn Féin.

Ava Ní Loinsigh Is as Corcaigh d’Ava, is file den scoth í agus tá sí ag déanamh staidéir ar an bhFraincís agus Tráchtáil.

Sasha Furlong Is as Cill Áirne do Sasha, tá sé sa dara bhliain ag déanamh staidéar ar Ghaeilge agus Fraincís.

Mark Ó hAirtrí Iar-bhall de Choiste na Cuallachta is ea Mark, atá ag tabhairt fé mháistreacht i gCaidrimh Idirnáisiúnta in Ollscoil Leiden san Ollainn an bhliain seo.

Siobhán Ní Chróinín Rúnaí ar an gcumann drámaíochta í Siobhán atá ag tabhairt faoi Bhaitsiléar san Oideachas: Gaeilge agus Gearmáinis. Is as Sráid an Mhuilinn di.

Greg Ó Síocháin Is as an nDúglas i gCathair Chorcaí do Ghreg. Tá bunchéim sa Ghaelainn agus máistreacht sa bhainistíocht ó UCC aige, agus tá sé ag obair le hOifig an Aosoideachais Leanúnaigh fé láthair.

Calum Ó Buacháin Is ceoltóir den scoth é Calum ó Bhaile Féitheáin i gCathair Chorcaí, agus tá sé i mbliain na céime sa cheol i láthair na huaire. Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin- Tá Gormfhlaith i mbliain na céime, ag déanamh staidéir ar Ghaeilge agus Ceol. Is ball í de choiste an Chumainn Drámaíochta.

Eve Ní Chathasaigh Is í Eve Oifigeach Forbartha na Cuallachta Gaelaí. Is as Cionn tSáile di agus tá sí ag déanamh staidéar ar an síceolaíocht.

Conor Ruth Is é Conor Oifigeach Airgeadais na Cuallachta. Is as Inis Córthaidh i Loch Garman dó, agus tá sé ag tabhairt fé bhunchéim sa pholaitíocht.

Seán Ó hUallacháin Is é Seán Ionadaí Iarchéime na Cuallachta, agus tá sé ag maireachtaint sa Tóchar i gCathair Chorcaí. Tá bunchéim sna teangacha domhanda aige, agus tá sé ag tabhairt fé mháistreacht sa Nua-Ghaelainn.

Antoin Ó Dúllaing Bhí Antóin ina Ionadaí Gaeilge ar Aonas na Mac Léinn 2018-19. Is as Garrán na mBráthar i dtuaisceart na cathrach dó, tá máistreacht sa Nua-Ghaelainn aige agus tá sé ag tabhairt fé mháistreacht mhúinteoireachta fé láthair.


EAGARFHOCAL PRÍOMH EAGARTHÓIR CAITRÍONA NÍ CHONAILL Dia dhaoibh! Is mór an onóir dom a bheith mar Phríomh Eagarthóir ar an eagrán seo de Bhreac i mbliana. Seo an dara bliain do Bhreac a bheith ar an bhfód agus an chéad bhliain dó a bheith i gcló. Chuaigh an-chuid oibre isteach san iris seo, idir an meitheal eagarthóireachta, an dearthóir, an griangrafadóir agus na scríbhneoirí iontacha go léir a chuir píosaí isteach chugainn. Eispéireas fíor-shuimiúil a bhí ann an iris seo a chur le chéile agus réimse na bpíosaí scríbhneoireachta a fheiscint agus iad ag teacht isteach. Tá bua na scríbhneoireachta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, gan dabht! Tá go leor píosaí difriúla againn san iris i mbliana - cúrsaí reatha, tuairimíocht, agallaimh, agus gan dabht réimse leathan filíochta. Bhaineas fíor-thaitneamh as é a chur le chéile agus tá súil agam go mbainfidh sibhse taitneamh as chomh maith! Bígí ag léamh!

00 BREAC 04


CLÁR AN ÁBHAIR 06 07 08 10 12 14 15 16 18 19 20 22 23 24 26 28 29 30 32 33 34 36 37 38 39

Erasmus sa Fhrainc Mo thaithí leis an nGaelainn thar lear Cúrsaí Dlí is Gaeilge Is fánach an áit ina bhfaighfeá… bean? Sa Tóir ar Chanúint Oir-Dheisceart na Gaillimhe I dtreo Éireann Aontaithe, Sráid an Mhuilinn, Douze Points! Faoi Dhraíocht na hAmhránaíochta Gaeilge líofa ag Charlie Day Cuir ceist ar Rory Gallagher… Draíocht Gaois agus Ársaíocht Ár dTeangan Agallamh le Manchán Magan Ráflaí Cois Laoi Icks Agony Aintín The Kerry Cowboy ag tabhairt faoi fhiontair nua! Seacht dTír Seacht dTeanga Dhá Shraith, Dhá Aistear, Dhá Chósta An tSraith Peile is Fearr ar Domhan? Mo Ghrá Geal an LOI An Gaorthadh Breac & Dúil sa diúl Snag Breac Grianghraf Samhraidh + An Damhán Alla D’éalaíos Grá groí + Anáil Crosfhocal Breac

05


Erasmus sa

Fhrainc Ava Ní Loinsigh

Sasha Furlong

Ava Ní Loinsigh

Tá mé thar lear ó Mheán Fómhair anois agus chun a bheith macánta tá sé i bhfad níos deacra ná mar a cheapfeá! Rud amháin é bogadh go tír eile, ach is rud eile ar fad é staidéar a dhéanamh ar mhodúil agus ar thopaicí nua go hiomlán trí theanga nua.

Erasmus, nach iontach an rud é mar choinceap, nach iontach an rud é an tAontas Eorpach, nach iontach an t-am é le bheith beo. Bhíos ag súil go mór le Erasmus ach rud éigean nár smaoinigh mé air roimh imeacht ar Eramus ná dá mbeinn sa Fhrainc ní bheinn in Éirinn. Tá níos mó cairde agam anois ná mar a bhí agam riamh, ó thimpeall na cruinne ach airím cúpla rud uaim agus is tábhachtach an rud é labhairt faoi na rudaí sin chomh maith.

Roghnaigh mé dul go Rennes, sa Fhrainc, mar go bhfuil roinn mhaith Cheilteach acu, ach ní raibh cead agam modúil Ghaeilge ar bith a roghnú. Ar chúis éigin, cheap mé go mba smaoineamh maith é páirt a ghlacadh i ranganna Briotáinise. Bhí súil agam go mbeadh níos mó de nasc idir an Ghaeilge agus an Bhriotáinis, ach bhíos mícheart. Táim ag baint taitnimh as staidéir a déanamh ar an mBriotáinis ach tá sé thar a bheith deacair í a fhoghlaim. Mar sin féin is amhlaidh go bhfuil ag éirí le mo chuid staidéir Is coigeartú ollmhór é bogadh ó Éirinn go dtí an Fhrainc freisin. Mar a shílfeá, níl na cineálacha táirgí céanna ag na siopaí anseo go mbeadh taithí agat orthu agus tá sé deacair dul isteach sa nós. Mar sin féin, tá dul chun cinn á dhéanamh agam ar na nósanna nua faoi láthair. Tá sé dochreidte cé chomh tapaidh agus atá an t-am caite ó thús an tseimeastair. Is é mo mhian faoi láthair ná taisteal go dtí i bhfad níos mó áiteanna an seimeastar seo ná mar a rinne mé an seimeastar seo caite. Caith dh mé an leas is fearr a bhaint as mo chuid ama anseo mar beidh sé ag dul chomh tapaidh sin agus beidh mé faoi bhrú ag deireadh na bliana!

Airím an Ghaeilge uaim, tá cúrsa sa Ghaeilge idir lámha agam ar líne agus labhraíonn roinnt de mo chairde Gaeilge (nuair a mbíonn siad ar meisce) ach don chuid is mó níl na seansanna agam mo Ghaeilge a úsáid go neamhfhoirmúil agus go laethúil anseo sa Fhrainc. Ach an rud is mó a airím uaim ná an scríobhneoireacht, measaim nach bhfuilim in ann scríobh sa Fhrainc! Ní bhíonn aon am agam i m’aonar idir mo ‘people-pleasing’ agus mo cháilíochtaí eisdíritheach ní bhím liom féin ach amháin agus mé i mo choladh, mar sin ní bhfaighim an t-am scríobh go nádúrtha. Déanaim iarracht gan a bheith ar an duine sin, an duine a bhíonn i bhfad níos Éireannaí agus iad thar lear, measaim chun an fhirinne a rá go mbím i bhfad níos bearánnach faoi Éire in Éirinn. Ach ag an am céanna (gan a bheith ró-dhoimhin), táim an sásta sa Fhrainc ach nílim ann i gceart, níl m’anam go hiomlán socraithe sa Fhrainc. Ní mór do scríbhneoir a bheith ag scríobh (mothaím i gcónaí go scríobhfainn mura léifeadh éinne an méid a scríobh mé riamh, cosúil le na mbanfhilí fadó) agus tá rudaí as alt muna bhfuil siad. Is eispéireas an-íditheach é freisin, do-dhearmadta cinnte ach íditheach! D’éist mé le TedTalk le linn an tsamhraidh agus d'inis fear scéal álainn faoi arm a chuir stop le gach rud a bhí á dhéanamh acu chun 'ligint dá n-anamacha teacht chomh fada leo.' [“To let their souls catch-up”] Nach álainn an smaoineamh sin, táim san Iodáil faoi láthair ar thuras le mo chairde ag tógáil sos chun an píosa seo a scríobh, ámhráin Christy Moore á seinm i mo chluasáin. Tá spás á fhágáil agam do m'anam teacht ar ais. Ní dóigh liom gur ‘bloc scríbhneoir’ nó ‘cumha’ a bhí ann i ndáiríre ach níos mó easpa ama liom féin nó aonracht. Faoi láthair tá mé ag déanamh an maireachtála gur ú scríobh faoi. Cé gur bhreá liom a bheith ar ais timpeall ar scéalaithe agus ar pháirceanna glasa agus Gaeilge amháin tuigim nach é seo an t-am.

fi

fi

00 BREAC 06


Mark Ó hAirtrí

Dúradh liom gur glas iad na cnoic atá i bhfad uainn. Ní hamhlaidh a tharla nuair a shroicheas Leiden na hÍsiltíre i mí Lúnasa, ar dtús pé scéal é... Ar an gcéad dul síos, níl pointe níos airde ná 300m san Ísiltír ar fad agus cé gur aibhléis ghlas den chuid is mó a chruthaítear anso a bhuí le muilte gaoithe, ba léir láithreach gur bheag eolas a bhí ag gnáthmhuintir na háite ar oileán iathghlas Éireann. Ó shin i leith, tá idir ghean is ghráin agam ar an dtír seo maidir le ceist na Gaelainne. Agus mé ag cur fúm anseo le thart ar sé mhí anuas, an rud is mó atá tugtha fé ndeara agamsa ná an mhíthuiscint gur canúint Bhéarla í ár dteanga dhúchasach. Treocht nach mbaineann leis na hOllanaigh amháin, ach le Francaigh, Gearmánaigh, Sasanaigh agus a thuilleadh nach iad. Údar frustrachais a bhí ann domsa ar dtús gan aon agó agus mé a d’iarraidh bualadh le cairde nua. Bhíodh an port céanna i gcónaí agam agus mé ag míniú stair ghruama an choilíneachais ná raibh ar eolas ag mórán. Cuirim ana-shuim san ábhar so ní hamháin mar Ghael, ach mar mhac léinn na polaitíochta freisin agus is minic go mbíonn cearta teangan fé chaibidil againn sna léachtaí. Comhráite tábhachtacha, úntacha is ea iad, go háirithe agus mionteangacha ina gcnámh spáirne fud fad na hEorpa na laethanta seo, agus polasaithe thíortha áirithe ag bagairt orthu. Cothaíonn teangacha aitheantas pearsanta agus pobail, agus is mór an tionchar a bhíonn aige sin ar ár dtuiscintí ar an bpolaitíocht. Dá bharr sin, cad is imeascadh eorpach ann nuair nach spreagann sé meas na ndaoine ar chultúir éagsúla an Aontais? D'ainneoin an méid thuasluaite, d’fhoghlaimíos go tapaidh go raibh saineolaithe agus mic léinn sna Léinn Cheilteacha anso chomh maith, in Ollscoil Utrecht mar shampla. Mar sin níor chailleas misneach. Níorbh fhada gur aithníos cúpla ciaróg eile, fear deas Freaslannach (réigiún san Ísiltír ina mbíonn Freaslannais mar chéad theanga acu), iarbhall eile de chuid coiste na Cuallachta, agus fear eile ón Longfort im’ chúrsa leis! Daoine a raibh sainthaithí acu ar dheacrachtaí aitheantais. Cúpla seachtain níos déanaí thugas aghaidh ar Rotterdam, agus ar an Háig ina dhiaidh, agus mé sa tóir ar Ghaeilgeoirí eile. Bhí comhrá uaim agus ba thorthúil an turas é mar chualas fuaimeanna binn na Gaeilge don chéad uair le fada an lá san, rud a chuir mé ar mo shuaimhneas aríst. Ní strainséirí a bhí ann ach caidrimh phearsanta ó laethanta na gCumann Gaelach. Dul chun cinn ar aon chuma. Bhí cúrsaí ag dul i bhfeabhas.

fi

fi

Mo thaithí leis an nGaelainn thar lear Ina dhiaidh sin, bhain an Ghaeilge stádas iomlán oi giúil amach in Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tháinig athrú tapaidh ar chúrsaí. Is mó spéis a bhíonn ag léachtóirí agus chomhmhic léinn sa Ghaelainn anois. Déarfainn féin go raibh ana-thionchar ag méadú na ndeiseanna fostaíochta a thugann tús áite do Ghaeilgeoirí sa Bhruiséil ar chúrsaí, gan trácht ar na féidearthachtaí taighde a luadh dom sna blianta amach romhainn. Athraíodh meon an phobail beagnach thar oíche. Bíonn ana-thóir ag mic léinn Éireannacha ar an Ísiltír de bharr táillí ísle, taidhleoireacht sa Háig agus araile agus tá clubanna CLG seanbhunaithe anso chomh maith. Den chuid is mó, bíonn sé níos éasca bheith ag cadráil as Béarla nuair a bhuaileann tú le duine de mhuintir na hÉireann toisc go mbíonn sé de nós againn. Conas go bhféadfainn an chonstaic sin a shárú, agus an gá? Chuireas an cheist chéanna ar mo chairde Éireannacha anseo agus ní hé ná raibh fonn orthu Gaeilge a labhairt, ach bhí drogall orthu. Is iomaí grúpa Whatsapp atá ann do heasaoránaigh na hÉireann anso, ‘Irish in Leiden,’ agus ‘Irish in the Netherlands’ ina measc. Cheapas ná raibh aon mhaitheas leo go dtí gur cuireadh clib orm i gceann acu lá amháin. Bhí múinteoir Gaeilge á lorg chun ceachtanna Gaeilge a chur ar fáil do lucht na hÍsiltíre agus na Gearmáine ar líne. Thapaíos an deis agus mise á rá libh go bhfuil an-éileamh ar ranganna den tsaghas seo. Nuair a cheistíos mo dhaltaí nua fé chúiseanna agus spreagthaí a gcuid foghlama, dúirt duine amháin acu go raibh suim acu i ngramadach chasta mar aon le sanasaíocht (rud ná cloisfeá go rómhinic) agus dúirt bean eile go raibh sé ar intinn aici blúiríní den nGaelainn a úsáid lena hiníon leath-Éireannach ionas go mbeadh meas aici i gcónaí ar a hoidhreacht. Ardú meanman dom a leithéid a fheiscint na laethanta seo. Tá sé ar intinn agam anois ‘Pop-Up Gaeltacht’ a chur ar siúl lá ‘le Pádraig chun tuilleadh cainteoirí a mhealladh im’ threo. Uaireanta déantar fonóid fé na Gaeil thar sáile – go gcruthaíonn siad íomhánna níos Gaelaí díobh féinig nuair ná fuilid ar fhód a sinsear a thuilleadh. Tá gach duine gur bhuail mise leo anso tuillteanach Gaelainn a labhairt, agus déanfaidh siad iarracht ar mo shon. Is leor é sin domsa. Ní hé go bhfuilim ag iarraidh Éire a athchruthú anso, nó go bhfuil feachtas chun daoine a iompú i dtreo na Gaelainne ar bun agam, ach dar liom tá sé ríthábhachtach rud atá gar dod’ chroí a choinneáil ann. Tuigim anois go bhfuil ana-chuid deiseanna cainte le fáil anso, ní gá ach iad a lorg! Ach ní úsáidfeá riamh an Ghaelainn lasmuigh d’Éirinn … nach ea?

07


CÚRSAÍ DLÍ IS GAEILGE Darragh Ó Caoimh Bliain shuntasach don Ghaeilge sa dlí ab ea 2021. Tháinig an chéad bhreithiúnas Gaeilge ón gCúirt Bhreithiúnais i Lucasamburg, chuir an tUachtarán a lámh leis an mbille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oi giúla, agus tháinig deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oi giúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Siar sa bhliain 2018 is ea a thionscain an Conraitheoir agus gníomhaí teanga Peadar Mac Fhlanncha cás in aghaidh an Stáit a bhaineann leis an lípéadú ar tháirgí tréadliachta. Bhí Treoir tagtha ón Aontas Eorpach a d’fhoráil go gcaithfeadh na lipéid ar na táirgí úd bheith i dteangacha oi giúla na mballstát ina rabthas á ndíol. D’fhág sin gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a chaithfeadh na lipéid a bheith in Éirinn ón uair gur deineadh teanga oi giúil oibre den Ghaeilge ag leibhéal an Aontais Eorpaigh siar sa bhliain 2007. Ní mar sin a chonacthas don Roinn Talmhaíochta an scéal áfach agus agus b’éigean do Mhac Fhlanncha an dlí a chuir ar an Stát dá bharr sin. B’é críoch agus deireadh na mbeart ná gur cuireadh an cheist dhlithiúil a ardaíodh le linn na trialach sall chun na hEorpa chun tuairim na Cúirte Breithiúnais a fháil ina taobh. Nuair a tháinig an freagra cúpla mí níos déanaí is i nGaeilge a tugadh é, an chéad uair a tharla a leithéid. Ó thaobh an dlí de, bhí an ceart ag Mac Fhlanncha go gcaithfí na lipéid ar tháirgí tréadliachta bheith go dátheangach.

Mar a tharla, agus cé gur thaobhaigh an Chúirt leis ar an gceist a cuireadh os a gcomhair, bhí athrú ag teacht sa dlí agus dá bhrí sin ní chí dh tú aon salacharáil Gaeilge ar an antaibheathach a cheannóidh don ngadhar feasta. Ach thairis an argóint dlíthiúil, eachtra suiathinseach ab an breithiúnas seo i scéal na Gaeilge sa dlí. Cuid dílis den dlí Éireannach is ea an dlí Eorpach, agus an dá chóras te fuaite ina chéile ó chuaigh Éire ceangailte sa chomphobal siar in 1973. Ach d’fhág an easpa stádais nár fhéidir le pobal na hÉireann plé leis an gcóras dlí ina dteanga dhúchais go hiomlán. Is amhlaidh nach mbíodh cinntí tábhachtacha de chuid na cúirte á sholáthar i nGaeilge, rud a d’fhág foirne dlí a bhí ag obair i nGaeilge in áit na leithphingine, chomh maith leis an gCúirt gan a bheith in ann glacadh le ceisteanna i nGaeilge ó chúirteanna na hÉireann. Tá dlús á chur ó 2007 i leith leis an méid dlítheangeolaithe Gaeilge atá fosaithe ag an gCúirt Bhreithiúnais le blianta beaga anuas, agus beidh roinn iomlán sara fada. Feasta beimidne saoranaigh ábalta ar an nGaeilge a úsáid sa chóras dlí agus sinn i mbun cúiseanna dlí a bhaineas le dlí na hEorpa. Ina theannta sin, tháinig deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oi giúil san AE ar Lá Caille i mbliana. Beifear ag aistriú an cháipéisíocht uile a chuireann an tAontas amach go Gaeilge, ó reachtaíocht go bileoga eolais, agus beidh cead a gcinn ag feisirí, airí agus oi gh Éireannacha a Ghaeilge a labhairt sna hinstitiúidí Eorpacha de bhrí go mbeidh seirbhís ateangaireachta ar fáil. Cuir i gcás an tOmbudsman Eorpach Emily O’Reilly, Éireannach mná a bhfuil ainm in airde sa Bhruiséil agus í ag feidhmiú sa ról tábhachtach sin le cúpla bliain.

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

08


Cad deirir ach gur thug sí óráid ocht nimeat ar fhaid uaithi ach a dtáinig sí isteach i bPairlimint na hEorpa i mí Feabhra chun a cuid oibre a phlé.

Níl aon dabht ach gur maith an mhaise ar an dteanga Ghaeilge a leithéid, agus an Ghaeilge le clos ar ardán chomh mór ó dhuine chomh sinsearach. Cuir i gcás an tOmbudsman Eorpach Emily O’Reilly, Éireannach mná a bhfuil ainm in airde sa Bhruiséil agus í ag feidhmiú sa ról tábhachtach sin le cúpla bliain. Cad deirir ach gur thug sí óráid ocht nimeat ar fhaid uaithi ach a dtáinig sí isteach i bPairlimint na hEorpa i mí Feabhra chun a cuid oibre a phlé. Níl aon dabht ach gur maith an mhaise ar an dteanga Ghaeilge a leithéid, agus an Ghaeilge le clos ar ardán chomh mór ó dhuine chomh sinsearach. Mar sin féin, táthar ann a deireann gur cur amú airgid is acmhainní daonna an obair seo ar fad. Ag cur tuí na háithe ar an muileann atáimid, agus maoiniú a d’fhéadfaí a chaitheamh ar mhaithe leis an teanga á chaitheamh le haer ar dhoiciméid leimhe nach léi dh puinn iad, gan trácht ar na daoine cumasacha go léir a d’fhéadfaí a bheith ag fónamh don Ghaeilge murach gur sciobadh is gur mealladh iad ag soilse geala na Mór-roinne. Tá dearmhad orthu súd a mheasann go bhféadfaí an tairgead seo a chur chun leasa na Gaeilge ar shlitibh eile seachas an t-aistriúchán, mar is ó chiste aistriúcháin an Aontais a thagann an t-airgead; ní hamhlaidh gur airgead don Ghaeilge é per se. Is deimhneach go bhfuil cúis cheart bhuartha ag an dream a cháiseann imeacht chuid de na Gaeilgeoirí is cumasaí amuigh, daoine a chuirfeadh go mór le saol na Gaeilge sa bhaile. B’fhearrde an teanga iad a bheith abhus anseo ag saothrú leo ar son na cúise. Is ionann glacadh leis an argóint sin, dar liom, agus neamhaird a dhéanamh de na maitheasaí go léir a eascraíonn as an stádas nua seo. Tá borradh faoi chúrsaí oilúna san aistriúchán agus aicme nua de Ghaeilgeoirí cumasacha á spreagadh.

Agus iad siúd a a chrochann na seolta trasa Mhuir nIocht, bíonn cuid mhaith acu ag soláthar ábhar léitheoireachta agus litríocht den chéad scoth, mar a léiríonn Cló Lováin, an inphrionta nua de chuid Leabhar Breac, agus asclán leabhar ar ardchaighdeán curtha amach acu le cúpla bliain. Cor nua i scéal fada na Gaeilge ar Mhór-roinn na hEorpa. ‘Sea, ní hamháin go bhfuil forbairtí nach beag titithe amach san Eoraip ach tá athrú chun feabhais ó thobh seasamh dlithiúil na Gaeilge in Éirinn chomh maith. Chuir an tUachtarán a lámh le hAcht na dTeangacha Oi giúla (Leasú), 2021, mí na Nollag seo a d’imigh tharainn. Feitheamh fada ar chosa laga a bhí ag pobal na Gaeilge, agus an tAcht ar na bioráin ó 2014. Mar sin féin, fearadh fáilte roimis an Acht, agus roinnt forálacha láidre ann a raghaidh go mór chun taribhe don teanga má thugtar feidhm mar is ceart dóibh. Ar an gceann is tábhachtaí acu tá go mbeidh ar a laghad 20% den fhoireann a earcófar sa Státseirbhís in ann oibriú i nGaeilge. Má dheineann an Stát an bheart b’fhéidir go dtiocfaidh an lá, uair éigin sna 2030í, go mbeidh seirbhísí uile an Stáit á sholáthar go dátheangach. Ach níl aon amhras ná go mbeidh anchur ina choinne seo ón Státseirbhís, a bhfuil béascna an Bhéarla go rábach ina measc, faoi mar a d’áitigh Liam Mac Cóil agus é ag labhairt os comhair coiste Oireactais anuraidh. Mar sin, tá dul chun cinn nach beag déanta ag an nGaeilge i réimse an dlí, agus is cúis ghairdis é an scéal seo.

Is iomaí dris chosáin roimis an teanga sa chóras dlí go fóill, áfach – chuimhneofá ar an neamart atá á dhéanamh i muintir na Gaeltachta ó thaobh tithíochta is cead pleanála de. Fadhb í sin ag déanamh tinnis do phobail ó Ráth Chairn go dtí an Rinn, agus siar go Corca Dhuibhne. Caithfear teacht ar leigheas éigin má tá fúinn an Ghaeilge a choimeád slán sna ceantracha sin. Ach bímis sásta faoin méid a baineadh amach anuraidh san Eoraip agus sa bhaile, agus coinnímis orainn ag áiteamh is ag achrann ar son na teanga.

fi

fi

09


Le Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin

Níl aon gheallúint ann gurb í Eibhlín Dubh Ní Chonaill a chum Caoineadh Airt Uí Laoghaire dar le Breanndán Ó Buachalla. Tá sé aithiúil go leor leis na mná áfach, agus é ag tagairt d’údar an chaointe, ‘sé/sí’ a mhaíomh mar ‘neodrú’. Seans gurb é Caoineadh Airt Uí Laoghaire an saothar leata is cáiliúla ó thraidisún na Gaelainne, agus go bhfuil Eibhlín Dubh Ní Chonaill ar dhuine des na lí is aitheanta in Éirinn cuma baineann/ reann/neamhdhénártha. Ach níl Eibhlín Dubh Ní Chonaill féin slán ó pheann an fhir léinn. Má chloímid le hargóintí an Bhuachallaigh, níl aon gheallúint ann nach fear léinn a shuigh síos agus a ‘scrígh’ síos Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Seo hé cás na mban i litríocht na Gaelainne. Tagann an dán is luaithe atá againn ó bhean ‘stairiúil’ ón seachtú haois déag, ó Chaitlín Dubh, bean chaointe thraidisiúnta. Tá cúig cinn de chaointe againn uaithi in aon lámhscríbhinn amháin. Dá mbeadh an lámhscríbhinn sin caillte, is déanaí aríst a bheadh an ‘chéad’ bhean san. Tá Cailleach Bhéarra againn ón naoú haois, tá Liadan, tá Gormfhlaith, tá Gráinne, ach aríst níl aon fhianaise againn nach fear a ‘scrígh’ a gcuid dánta. Aithbe domsa bés móra, a chum Cailleach Bhéarra sa naoú haois: Sentaine Bérri cecinit íarna senad do chríni – gur Cailleach Bhéarra a dúirt é seo agus í sean. Ach ní leor é seo do Ghearóid Ó Murchú mar fhianaise gur Cailleach Bhéarra a chum, tá sé buailte aige ar bharr an leathanaigh gur ‘Anonymous’ an t-údar. D’fhéadfadh gur carachtar cseanach í Cailleach Bhéarra, a chruthaigh fear ar mhaithe le bheith ag cumadh líochta. Ní féidir talamh slán a dhéanamh d’údarthacht na mná mar sin cloítear le ‘Anonymous’. Agus nuair a deirtear ‘Anonymous’ linn, is é atá os íseal anso ná ‘níl aon fhianaise ann nach fear a scrígh’. Tarlaíonn sé seo aríst is aríst eile do théacsanna lena luaitear banúdair.

Cad is cúis leis seo? Mórán, claonadh inscne ina measc, ach ar dtúis: miotaseolú na mban. Is carachtar miotaseolaíoch í Cailleach Bhéarra, í Liadan, í Gráinne. Táid sa tseanchas, táid sna scéalta, mairid sa traidisiún béil. Ní hi gcónaí a luaitear údar le dánta ón dtraidisiún béil, is gnáthrud é sin, ach uaireanta bíonn scéal nó seanchas ag gabháil le dán. Níl na scéalta ná an seanchas so crua go leor mar fhianaise, áfach, chun go nglacfaí leo i dtraidisiún liteartha na staire. Ní raibh léamh ná scríobh ag formhór na mbanfhilí roim 1900, mar sin is sa traidisiún béil a bhídis ag saothrú. Dob’ iad na scríobhaithe reanna a dheineadh na lámhscríbhinní a shaothrú. Bhí cumhacht acu ar a gcuiridís isteach, ar a bhfágaidís amach. Mar shampla, níorbh fhiú le scríobhaithe an Fhiannaíocht a scríobh síos go dtí ré na MeánGhaelainne, cé go rabhadar sásta an Rúraíocht a bhreacadh i ré na SeanaGhaelainne. Tá teoiricí éagsúla fén mbearna so, agus ceann acu ag Gearóid Ó Murchú atá ábhartha anso: nár scrígh lucht léinn an Fhiannaíocht síos go ceann tamaill mar ná raibh meas acu ar scéalta na ngnáthdhaoine. Cad eile ná raibh meas ag lucht léinn air? Nó cé eile? Ní chaith mid síneadh i bhfad chun a fheiscint go gcaith dh gur imir sé seo tionchar ar na banfhilí, na banchumadóirí, a bhí ag cumadh sa traidisiún béil. Mura mbreacfaí a saothar, dá mbeadh aon lúb ar lár i seachadadh a saothar sa traidisiún béil, chaillfí é. Is sampla é saothar Mháire Bhuí Ní Laoghaire (1774-c.1848) d’fhilíocht mná a caomhnaíodh agus a seachadaíodh go slán sa traidisiún béil i bhfoirm amhráin, ach tá mórán de shaothar na mbanfhilí eile caillte. Mar shampla, níl ach trí dhán againn FÉ Mháire Ní Crualaoich (a bhí chomh cumasach i mbun líochta gur glaodh Sapphó na Mumhan uirthi) a seachadaíodh sna lámhscríbhinní. Moladh go hard na spéire í sna trí dhán a chum lí reanna di ar bhás di ina 1761. Ina ainneoin sin, níor bacadh le saothar an bhanfhile féin a choimeád. Níl anso ach sampla den slí ina gceileann saothrú na lámhscríbhinní agus na r léannta na banchumadóirí orainn, nuair a bhíodar fé bhláth sa traidisiún béil.

fi

fi

fl

fi

fi

fi

fi

fi

fi

10 fi

fi

fi

fi

Is fánach an áit ina bhfaighfeá… bean?


I ngach téacs sa Ghaelainn a thagann ón mbéaloideas tá na céadta Gael ann. Gach uair a reoitear téacs i lámhscríbhinn suimítear na mná, na r, na daoine go léir a d’athchruthaigh é sna focail a bhreactar. Fiú agus údar r leis, tá an bhean a chuir véarsa sa bhreis isteach is a d’athraigh focal anso is ansúd ann leis, a d’athcruthaigh an saothar mar ba mhian léi féin. Tá sí ar marthain sa téacs féin, cé ná fuil aon aitheantas liteartha ann di. Fiú téacsanna ‘ reanna’ tá an bhaineann istigh iontu leis (agus na haitigh chomh maith gan dabht).

Ach tá dul amú orm. Tá botún déanta agam. Deir Austen: “good fortune” seachas “large fortune”. Tá an ceart ag Austen is tá dul amú ormsa. Tá a mhalairt fíor sa bhéalaireacht, fealsúnacht eile atá i gceist sa traidisiún béil agus sa bhéaloideas. Seo chúibh na trí rud aríst: tá illeaganacht agus iltéacsúlacht ann, bíonn a fhios againn uaireanta cé a chum, agus ní botúin a bhíonn sna botúin, ach athinsint agus athchruthú.

Nuair a luaitear banfhile le saothar sa traidisiún béil (Aithbe domsa bés móra nó Caoineadh Airt Uí Laoghaire, mar shampla) ba chóir a aithint a thábhachtaí is atá sé sin, beag beann ar fhianaise choincréideach stairiúil a thacódh leis. Baineann bean le seanchas agus scéal an dáin (nó an amhráin) seo, seachas an dán a bheith gan údar, nó údar r a bheith leis. Bíonn lorg méire na mban ag síneadh amach chúinn as an dtraidisiún béil chun lámh a leagan ar an dtraidisiún liteartha. Mura n-aithnítear an banfhile sa chás so, níl aon ní núálach ansan. Níl aon ghaisce in Eibhlín Dubh Ní Chonaill a iompú ina sé/sí.

Ní bhíonn téacs an traidisiúin bhéil reoite, ná naofa, ná doathruithe. Bíonn sé beo. Fiú nuair atá a fhios againn cé a chum Caoineadh Airt Uí Laoghaire – Eibhlín Dubh Ní Chonaill – is é leagan Nóra Ní Shindile atá in eagar ag Seán Ó Tuama an téacs a úsáideann formhór de mhuintir na chéad bhliana i gCorcaigh. Chuir Ó Tuama é sin le chéile bunaithe dhá aithris a dhein Ní Shindile ar an gcaoineadh. Ní dúirt sí mar an gcéanna fé dhó é. Ná ní hé sin an leagan a chaoin Eibhlín Dubh breis is dhá chéad bliain ó shin. Ná ní údarásaí leagan Nóra Ní Shindile ná na leaganacha eile atá againn den gcaoineadh. Ach amháin gurb ea: mar gur reoigh Ó Tuama i leabhar é agus go bhfuilimid ag plé leis amhail is gur téacs liteartha é. Agus seo hé an príomhbhac ar aitheantas na mban i litríocht na Gaelainne dar liom: neamhshuim ar a éagsúla is atá an traidisiún béil leis an dtraidisiún liteartha. Ní hionann fealsúnacht na mban is fealsúnacht na bhfear léinn. Fealsúnacht eile ar fad atá ann, ina mbíonn ealaín agus líocht beo, seachas reoite ar phár. Bíonn aeistéitic eile i gceist, ná baineann le ceiliúradh ‘genius’ (coincheap lochtach, patrarcach agus caiptileach). Bíonn na banfhilí seo ag tarrac ar a dtáinig rompu, ar mhóitífeanna is ar fhoirmlí, agus a gcuid féin á dhéanamh acu dóibh. Baineann siad le pobal agus seanchas agus cead cainte.

Tá an t-eiteach á thabhairt don mbanfhile agus don dtraidisiún béil araon. Tá an saothar níos boichte, gan an bheocht a chuireann méar an bhanfhile ann, agus deintear miotaseolú níos doimhne ar bhanchumadóireacht. Is aite linn bean, dá laghad is a aimsímid anaise liteartha scríofa di. Tá ardscileanna extempore cumadóireachta an traidisiúin bhéil á mbrú i leataoibh ar mhaithe le córas smaointeoireachta eachtrannach liteartha a bhualadh ar an saothar, ná raibh baint aige leis an saothar ar an gcéad dul síos. Drochscoláireacht atá sa bhfaillí a deintear ar mhnáibh. D’fhéadfaí a mhaíomh gur scoláireacht chóilíneach phatrarcach í ú. Ceileann sí na mná, atá ag saothrú na líochta in Éirinn leis na cianta. Seo hí fírinne an scéil: ní fánach an áit ina bhfaighfeá bean – táimid ins gach áit. Táimid i bhfochultúr laethúil béalaireachta na ngnáthdhaoine is na mBAN.

Ná baintear dínn an chraobh.

fi

fi

fi

fi

fi

fi

11 fi

fi

Is leis seo a thagaimid go dtí croí na ceiste: an litearthacht i gcomparáid leis an mbéalaireacht, nó an téacs a scríobhadh i gcomparáid leis an dtéacs a cumadh. I dtéacs liteartha, mar shampla i Pride and Prejudice le Jane Austen tá trí rud fíor: tá téacs údarthach amháin ann, tá údar amháin ann, agus seo sampla chun an tríú fíric a thaispeáint. Deir Gormfhlaith go ndúirt Jane Austen: “It is a truth universally acknowledged that a single man in possession of a large fortune must be in want of a wife”.


Sa Tóir ar Chanúint Oir-Dheisceart na Gaillimhe Gearóid Ó Treasaigh Níorbh fhada i ndiaidh mo chúigiú lá breithe, go bhfuair mé mo chéad cheacht ar chúrsaí deaslabhra ó mo chol ceathrair. Shocraigh sí go raibh sé thar am ag mé féin agus mo dheir úracha éirí as na drochnósanna cainte déistineacha a d’fhoghlaimíomar i dtosach ár n-óige (ar an taobh eile dár muintir a bhí an locht, gan dabht). Bhí sí go breá sásta cur in iúl dúinn go mbaintear úsáid as ‘oar’ chun bád a rámhaíocht agus ní i gcomhair an chéad phearsa iolra - bheadh orainn an focal ‘our’ a úsáid as sin amach. Ní raibh cead againn ‘sang-wiches’ a thabhairt linn ar scoil ach an oiread, bheadh orainn ‘sandwiches’ a ullmhú ina n-áit. B’é deireadh bhlas na tuaithe ar ár gcuid cainte – so it was. Mar Éireannaigh, bímid i gcónaí ag maíomh gurb é ár gcineál cainte an cineál is deise nó is cirte sa tír, agus ó thaobh na Gaeilge de tá sé níos iomaíche fós. Ach, céard mar gheall orainne, atá ag cur fúinn sa Ghalltacht, cén ról atá againn i srathú sóisialta na gcanúintí? Céard atá i ndán dúinn, seachas a bheith brandáilte leis an gCaighdeán Oi giúil go deo na ndeor? Faoi chúram an Chaighdeáin a tógadh mé agus mhúin réimse leathan múinteoirí an Ghaeilge domsa – gach aon cheann acu lena rialacha féin maidir le foghraíocht na teanga. Chaith cuid acu go leor ama i nGaoth Dobhair nó i Ros a’ Mhíl, agus cheap roinnt eile acu gurbh Muimhnigh chearta iad agus gur tharraing Peig féin iad amach as Cill Chainnigh nó Baile Átha Luain chun iad a thógáil ar an mBlascaod Mór.

fl

fi

fi

fi

fi

12

D’fhóin na múinteoirí seo go maith dom agus spreag siad an grá atá agamsa ar an teanga, agus cé gur fhág mé an scoil ag rá ‘Cad é mar atá tú?’ maraon le ‘ambaiste’, is féidir liom é sin a mhaitheamh dóibh. Bhí mé go breá sásta ag maireachtáil i No-Man’s Land go dtí go raibh mé i mo shuí i léacht áirithe i Meán Fómhair 2018. Ar an lá úd sin, bhí mé féin agus Canúint na Mumhan ag breathnú sna súile ar a chéile don chéad uair riamh – bhí an Gaillmheach too stunned to speak. Bhí níos mó ‘Cad’ le cloisteáil ná go mbeadh le haimsiú i mbosca de chuid Donegal Catch, chomh maith leis sin, chualathas an fhuaim ‘-ig’ ag deireadh beagnach chuile briathra. Níorbh é sin deireadh mo chuid trioblóidí ach an oiread agus mo sheanchara ‘arís’ tar éis éirí an-chairdiúil leis an litir ‘t’, gan trácht a dhéanamh ar céard a tharla do na forainmneacha pearsanta. Dáiríre, tá ciall leis nuair a bhain mid úsáid as an bhFoirm Tháite ó am go chéile le ‘téimid’ nó ‘chuamar’, ach ‘bhíos’ agus ‘bhís’? Ag dul thar fóir amach is amach atáid. Tar éis cúpla mí ag meascadh leis an bpobal thosaigh mé ag dul i dtaithí leis an teanga strainséartha seo. Go gairid i ndiaidh sin, thug mé faoi deara go raibh mé tar éis roinnt mhaith de na tréithe a luaigh mé cheana a chur ar mo chuid cainte. Bhí droim láimhe tugtha agam don gCaighdeán, ach ní i dtreo mo chanúna dúchais féin a chas mé. B’é ar chladaigh an Loch Riabhach i gContae na Gaillimhe a tógadh mé, ní ar chladaigh Chuan Fhionntrá, ach cén sórt canúint atá le fáil in áit a bhfuil lonnaithe chomh fada ó na mórcheantair Ghaeltachta? Ag an bpointe seo, caith dh mé aitheantas a thabhairt do Chriostóir Ó Loingsigh, an Ciarraíoch aithiúil a chuir ar an aistear seo agus a threoraigh chuig an-chuid achmhainní mé. Níor chabhraigh sé liomsa ó thaobh na n-achmhainní amháin de, ach bheartaigh sé gurbh í Gaeilge Oir-Dheisceart na Gaillimhe an t-aon mhodh cumarsáide a bheadh eadrainn. Maraon le gach aon aistear pearsanta, spioradálta, thosaigh an ceann seo leis an Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects de chuid Heinrich Wagner.


Ba theangeolaí ón Eilvéis é Wagner, agus thaistil sé ar fud Éireann agus Mhanann ag bailiú samplaí agus ag tras-scríobh na frásaí sin de réir na foghraíochta. Leis na tras-scríbhinní sin, bhí mé in ann breathnú isteach ar shaolta na ndaoine a bhí cónaí orthu sa chuid seo den tír. Cuireann na tai d ó Doegen, teangeolaí ón Ghearmáin, beocht sna trasscríbhinní sin agus bainim an-sult as an mbéaloideas, an fhilíocht agus na hamhráin áitiúla. Dar ndóigh, tá an-chuid taighde acadúil ar na canúintí éagsúla – idir bheo agus shuanach, iad go léir ag fanacht ar liúdramán áirithe fearacht liomsa chun teacht orthu. Tá an t-ádh orainn nár ligeadh an teanga dul i bhfolach sa cheantar seo agus tá go leor grúpaí agus cumainn ann a dhéanann sár-jab ag scaipeadh agus ag spreagadh ár dteanga dhúchais. Go dtí seo, d’aimsigh mé roinnt nithe spéisiula sa dúiche. Bhí mé ag súil le cuid acu, mar shampla: táimid mar bhall den ngrúpa Gaeilgeoirí a mbíonn ‘ag tíocht’ in ionad a bheith ‘ag teacht’, chomh maith leis sin, ní deirimid ‘tae-bh’ ach ‘tíbh’ i gcomhair an fhocail ‘taobh’ agus tagann an foirceann ‘-f ’ ag deireadh roinnt de na forainmneacha réamhfhoclacha ar nós ‘orthu-f’ nó ‘acu-f’. Ach fós, tá foirmeacha éagsúla ann a chur ionadh orm nuair a chonaic mé iad i dtosach. Mar shampla: is iad na foircinn a thagann ag deireadh an bhriathair shaoir san aimsir chaite ná ‘-ubh’ in áit ‘-adh’ mar is iondúil i gceantair eile na tíre, mar sin, cloistear ‘ruguv’ agus ‘tóguv’ nuair a foghraítear ‘rugadh’ agus ‘tógadh’ Anuas ar sin, cloistear an litir ‘v’ ag tús na foirmeacha infhillte den réamhfhocal ‘ó’, mar shampla ‘vem, vet, vey’ in áit ‘uaim, uait, uaidh’. Ina theannta sin, níl raibh aon ‘bhuachaillí’ sa cheantar, ach bhíodh ‘bóchaillí’ ‘anseó’ agus b’í an ‘fheiliméireacht’ a bhíodh ar bun ‘acuf’ mar shlí beatha.

fi

fi

Nílim ach tar éis tús a chur le mo chuid taighde, agus dar ndóigh, tá seans maith ann gurbh nósanna ar fad iad na samplaí seo ag na cainteoirí ar leith, agus go dtí go bhfuil níos mó anaise feicthe agam, ní féidir liom a rá go cinnte dearfa go raibh siad ann. Is iománaí ar an gclaí ó thaobh na teangeolaíochta de é mise, agus níl aon rud uaim ach mo chanúint féin a aimsiú – tá dearmad déanta agam anois ar na ceachtanna deaslabhra a thug mo chol ceathrair dom fadó.

13


I dtreo Éireann Aontaithe Tá leoithne an athraithe ag séideadh. Tá an comhrá ar athaontú na hÉireann fé lán seoil. Tá gach cuma ar an scéal gur sinne an ghlúin a fhreagróidh 'an cheist náisiúnta' faoi dheireadh, agus a réiteoidh fadhb shíoraí na teorann in Éirinn. Sa phíosa gairid seo, níl sé ar intinn agam imeacht tríd na hargóintí ar fad polaitiúla, eacnamaíocha, stairiúla agus sóisialta ar son Éireann Aontaithe - bheinn do bhur gcoimeád anso don lá ar fad. Ina ionad sin, déanfadsa plé ar ghné amháin den chomhrá ríthábhachtach seo - is é sin, ról na Gaelainne sa ghluaiseacht d’Éirinn nua, agus i ndiaidh an athaontaithe. Tá an Ghaelainn chomh sean le hÉirinn féin mar theanga. Insíonn sí ár scéal náisiúnta. Tá rian ár staire le feiceáil inti, ó thionchar na Críostaíochta, go teacht na Lochlannach, go dtí na focail ar fad nua-aimseartha atá tar éis snaí isteach sa teanga.

Oisín Ó Síocháin

‘Sí an fhírinne shearbh ná gur lean lucht an tSaorstáit ar aghaidh le hiarrachtaí Shasana teangadhíothú a dhéanamh uaireanta trí neamhshuim, uaireanta eile trí ionsaithe oscailte. Muna gcreideann tú mé, féach ar fheachtas mhuintir Chorcha Dhuibhne chun cothromaíocht maidir le cead pleanála a bhaint amach. Féach ar bhraiteoireacht agus easpa práinne an rialtais sna díospóireachtaí ar Bhille na dTeangacha Oi giúla. Éist leis an Tánaiste, a bhí lán-sásta i ndíospóireacht ‘Claire Byrne’ mar gheall ar Éirinn Aontaithe an Ghaelainn a ghéilleadh sa todhchaí. Sa tuaisceart, tá cearta teanga fós á séanadh, agus tá an Phéindlí dheireanach fós i bhfeidhm, a chuireann cosc ar úsáid na Gaelainne sna cúirteanna. Tabharfaidh an t-athaontú deis dúinn tús úr a dhéanamh ó thaobh cearta teangan de. Ní chaill dh aon ghrúpa cearta in Éirinn aontaithe, ach cuirfear leis na cearta sin.

Sa tslí seo, is anaise dár n-éagsúlacht mar náisiún í an Ghaelainn. Maroan le scéal na n-Éireannach féin, cuireadh an Ghaelainn faoi chois os rud é gur aithin Sasana luach agus lárnacht na teanga do spiorad réabhlóideach na nGael. Baineann an tábhacht chéanna léi sa bhliain 2022. Tá an-chuid de fhreagraí na gcnámh spairne le fáil inti. Tógaimis an focal ‘athmhuintearas’ mar shampla.

Ní hamháin go bhfuil an teanga ina huirlis thábhachtach sa streachailt náisiúnta, ach tá an streachailt náisiúnta ina huirlis do chur chun cinn na teanga. Aithníonn réabhlóidithe agus díchoilínigh an domhain gur cur amú ama é feachtasaíocht teanga mura bhfuil smacht agat ar ghnóthaí do thíre féin. Bunaítear an fhuath atá ag roinnt daoine don Ghaelainn (agus teangacha eile dúchasacha ar fud na cruinne) ar an gcreidiúint ná baineann aon leas eacnamaíoch léi, nó ar ‘choimpléasc ísleachta’ de chineál éigin.

Dúshlán ollmhór a bheidh ann tar éis neamhspléachas na tíre a bhaint amach chun dara críochdheighilt na hÉireann, an deighilit eadrainn féin agus ár gcomharsana aontachtacha, a réiteach. Má bhrisimid síos an focal san, tá eochair ann chun fíorthuiscint a fháil ar an gceist seo. Athmhuintearas. Muintir is ea sinn, aon chlann Éireannach amháin, le féiniúlachtaí difriúla dar ndóigh, ach le níos mó a thugann le chéile sinn ná a mhalairt.

Cuireadh ina luí orainn thar na céadta bliain go bhfuil an Ghaelainn níos ísle ná an Béarla. Le teacht an Bhéarla, d’éiríomar spleách ar Shasana go cultúrtha, go polaitiúil, agus dar ndóigh, go heacnamaíoch. Nuair a chuir mid críoch leis an spleáchas polaitiúil sin (sin le rá, Éire aontaithe a chur i gcrích), tosnóidh an t-aistear chun an neamhspleáchas cultúrtha a bhaint amach. Má tá tú dáiríre mar ghníomhaí teanga, ní mór duit a bheith i do Phoblachtánach.

San Éirinn athshamhlaithe, nua seo, beidh an deis againn an stádas a thabhairt don Ghaelainn ar séanadh di ar feadh céad bliain den Saorstát. Dúirt Máirtín Ó Cadhain tráth nach ú bheith i do stát neamhspleách mura gcuireann tú béim ar theanga dhúchasach na tíre.

I bhfocail Mary Lou McDonald, táimid ag maireachtáil le linn ‘Deich mBliana na Cinniúna’. Is linne an deis críoch a chur le deighilt na hÉireann. Is linne an deis Éire nua bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais, na síochána agus an athmhuintearais a chruthú. Agus, leis an mbosca ballóide i lámh amháin agus leabhar Pheig sa lámh eile, is linne an deis ár dteanga dhúchais a chur suas ar barr an chrainn arís.

fi

fi

fi

fi

fi

14


Sráid an Mhuilinn, Douze Points! Siobhán Ní Chróinín

Pé uair a deirim le duine gurb as Sráid an Mhuilinn dom, bím i gcónaí ag súil leis an saghas freagra a fuaireas ó fhear uair amháin agus sinn go léir amuigh ar oíche scléipe i gCathair Chorcaí. Sheas sé os mo chomhair, nach mór fé dhraíocht agam (nó b’fhéidir ag m’áit chónaithe) is dúirt go bródúil liom ná raibh aon rud sa tsaol níos fearr ná an Eoraifís. Faraor, is annamh a tharlaíonn a leithéid agus tuigim canathaobh. Níl a fhios ag formhór an aosa óig go raibh comórtas chomh mór leis an Eoraifís ar siúl i mbaile chomh beag le Sráid an Mhuilinn. Baineann sé sin, is dócha, leis an ré ina raibh sé ar siúl. 1993 ab ea an bhliain shuntasach do Shráid an Mhuilinn, agus is cinnte nach ndéanfaidh muintir an bhaile dearúd ar an mBealtaine sin go deo na ndeor. Is mairg nach raibh mé thart 29 bliain ó shin, ach le himeacht na mblianta, tá an oiread san eolais bailithe agam fén gcomórtas go bhféadfainn tráchtas dochtúireachta a scríobh air. An cheist a bhíonn age daoine i gcónaí ná conas a tháinig comórtas chomh clúiteach san go Sráid an Mhuilinn agus ní go leithéidí Bhleá Cliath. Noel C. Duggan, ontraí áitiúil a chuir ainm an bhaile in airde. Sa bhliain 1973 a thóg sé an Green Glens Arena (Láthair na nGleannta Glasa), ionad mór eachaíochta, agus tréis d’Éirinn an comórtas a bhuachtaint i 1992, bhuail an smaoineamh é. Bheartaigh sé ar litir a sheoladh chuig RTÉ agus rialtas na hÉireann, ag iarraidh go gcuir dís an Eoraifís ar siúl ann, saor in aisce.

Má labhraíonn tú le duine ar bith a bhí thart ag an am, ní nach ionadh, tá cuimhní geala acu ar an mbaile beag thart ar mhí Bhealtaine 1993. Bhí cad é sceitimíní le brath san áit agus daoine ag ullmhú don ócáid mhór. Péinteáladh na ballaí go léir, deineadh turasanna treoraithe sa cheantar agus chuir muintir na háite fáilte chroíúil roimh mhuintir an domhain. Is minic a luann daoine an méid héileacaptar a chonaiceadar os cionn an bhaile bhig - tháinig na céadta iriseoir go dtí an ceantar tuaithe, ag iarraidh a fháilt amach, is dócha, an chúis ar bhogadar an comórtas amach as Bleá Cliath. Ní raibh a leithéid feicthe ag muintir Shráid an Mhuilinn, agus

mór an tseans ná beidh go deo aríst. Thuigfeá, is dócha, an ionadh a bhí ar dhaoine nuair a fógraíodh go mbeadh an comórtas Eoraifíse ar siúl ann - ní raibh oiread is óstán amháin i Sráid an Mhuilinn ag an am, agus mar sin, bhí ar na hiomaitheoirí lóistín a dh’fháilt i gCill Airne agus na bailte mórthimpeall. Is dócha, áfach, gurb é sin an saghas ruda a dhein comórtas ana-speisialta de. Ag deireadh an lae, d’éirigh le muintir Shráid an Mhuilinn is le Noel C. Duggan comórtas den gcéad scoth a chur ar siúl, cé nach raibh muinín ag gach éinne astu. Gan amhras ar bith, chuir bua Niamh Kavanagh barr maise ar an scéal agus is minic a thagann sí ar cuairt chughainn lena cuid cuimhní cinn a roinnt ar an dtréimhse áirithe sin. Táim ag súil go mór leis an lá a mbeidh an bua ag Éirinn aríst sa chomórtas mar níl aon dabht ach go mbeidh na héinne ag teacht thar n-ais go Sráid an Mhuilinn!

Thóg sé thart ar dhá mhí freagra a dh’fháilt uathu ach fé mar a deirtear, níor chaill fear an mhisnigh riamh é. Tréis roinnt comhráite is cúpla athrú ar an ionad, d’éirigh le Noel C. an Eoraifís a chur ar siúl i mbaile beag a raibh níos lú ná 1,600 duine ag maireachtaint ann.

fi

fi

15


Faoi Dhraíocht na hAmhránaíochta Caitríona Ní Chonaill

Is bua é a bheith in ann daoine a chur faoi gheasa leis an amhránaíocht agus sin bua atá go láidir ag Séamas agus Caoimhe Uí Fhlatharta. Tá cur chuige comhaimseartha ag an mbeirt i dtaobh amhránaíocht ar an sean-nós agus comhcheol á chur acu le hamhráin a n-áite dúchais i gcroí-lár Chonamara. Agus mé i mbun cainte leo, cuirim ceist ar an mbeirt conas mar a thosnaigh siad amach ag déanamh amhránaíocht ar an seannós. “Bhí sé mar chuid den oideachas a fuair muid ag an scoil, nuair a bhí muid sna rangannaí leis an mBéarla, an Mhatamataic, Stair, Tíreolaíocht is rudaí mar sin, bhí muid ag caitheamh am freisin ag foghlaim faoin bh líocht agus faoin gceol a bhí bainteach leis an tsean-nós freisin. An t-ádh orainn gur rugadh is tógadh muid in áit mar seo a bhfuil an saibhreas sin ann i dtaobh an cheol agus an fonnadóireacht de.” a deireann Séamus.

fi

16

Luann sé chomh maith an nasc clainne atá ag Muintir Uí Fhlatharta leis an tradaisiún. “Bhí sé sa chlann ar feadh na blianta fada romhainne, is cumadóirí cáiliúla a bhí in uncail lenár mamó, Mícheál Bheairtle agus Veail Bheairtle Ó Donnchú agus bhíodh siad sin ag cumadh agus ag casadh amhráin.” Leis an tradaisiún clainne agus amhráin na háite mar sprioc acu, is dócha go raibh an ceol agus amhranaíocht mar pháirt lárnach i saol teaghlaigh Mhuintir Uí Fhlatharta. “Is dóigh nach raibh an rogha againn!” a gháiríonn Séamus agus Caoimhe, ach leagann siad béim ar an méid suime agus tacaíochta a bhí ann sa cheol ina gclann ó aois óg. “Thosnaigh muid uilig amach ag ceol, thosaigh ár ndeartháir is sine ar dtús nuair a bhí sé ocht ar a bhfeadóg , agus lean muid i ndiadh sin. Thosaigh mé féin nuair a bhí mé ceathair is thosaigh Séamas thart ar an aois chéanna. Bímid uilig ag ceol i gcónaí sa teach agus is brea linn a bheith ag ceol” a deireann Caoimhe, agus aontaíonn Séamus léi, ag rá gur “tugadh chun na féilte muid agus na Fleadhannaí is rudaí mar sin agus bhí ceol thar timpeall orainne ó bhí muid i gcliabhán i ndáiríre”.


Fiafraím dóibh cén fáth gur chuir siad an méid sin suime san amhránaíocht agus a bheith á dhéanamh le chéile- ab amhlaidh go raibh siad á dhéanamh le chéile i gcónaí nó an cinneadh comhfhiosach bhí ann eatarthu? “Is rud nádúrtha a bhí ann i ndáiríre,” arsa Séamus, “go raibh muid sa cheol. Tá go leor de na hamhráin a bhí muid ag casadh nuair a bhí muid níos óige, tádar bainteach leis an áit seo, le Conamara, so bhí muid ag foghlaim faoi na daoine a chuaigh romhainn. Is dóigh go raibh tionchar ollmhór aige sin orainne agus muid ag iarraidh a bheith ag coinneáil an traidisiún beo.” Admhaíonn sé gur maith an rud é dóibh gur féidir leo airgead a thuilleadh as a gcuid ealaíontacht chomh maith. “Is le gairid a fuaireamar amach go bhfuil slí bheatha ann freisin ar bhealach, go bhfuilimid in ann dul amach agus an ceol seo a roinnt agus an cultúr a thabhairt go daoine nach bhfuil an oiread sin cleachtadh acub air freisin agus go bhfuil tú in ann cúpla punt a dhéanamh leis an gceol.“ Leis an obair atá idir lámha acu agus tradaisiún an tsean-nóis á chur chun cinn, afraím díobh cé chomh tabhachtach is atá sé dóibh an amhránaíocht ar an sean-nós a thabhairt chuig glúin nua.

“Ar bhealach táimid ag iarraidh go mbeidh meas againn ar an traidisiún agus go mbeidh muid ag coinneáil an traidisiún beo,” a fhreagraíonn Séamus. “Tá a fhios agam go bhfuil daoine amuigh ansin a cheapann (is dóigh, ní dúradh tada) nach bhfuil sé iontach go bhfuilimid ag cur casadh úr agus nuaaimseartha ar an gceol seo. Ach ag an am céanna, tá na scéalta seo chomh cumhachtach agus tábhachtach agus lonnaithe sa tír agus sna daoine agus sa teanga.

fi

fi

fi

Ta s é t á b h a c h t a c h g o bhfuilimid in ann snas beag a chur air agus

daoine eile a mhealladh isteach, tuiscint a bheith acub ar an traidisiún. Tá sé deacair nuair nach bhfuil an teanga ag duine, an sean-nós a thuiscint, ach má dhéanann tú rud éicint mar sin leis, go bhfuil casadh nua-aimseartha air, meallann sé daoine eile isteach is taispeánann sé dóibh go bhfuil an saibhreas seo sa cheol agus líocht fós beo ins na Gaeltachtaí agus i bhfad i gcéin freisin.” Agus iad ag déanamh cóiriú ar na hamhráin seo le chéile, is léir go bhfuil caidreamh speisialta idir dearthair agus deir úr a chuireann lena gcomhlíonadh. An mbíonn argóintí acu ó am go ham, mar a bhíonn i ngach clann?

“Táimid ag éirí níos fearr!” a deireann Caoimhe, ag gáire faoi. “Go hiondúil cinnte bíonn teannas ann nuair a bhíonn brú orainn fáil réidh le haghaidh gig nó ceolchoirm, cinnte bíonn clash ann. Mar atáimid ag fáil níos sine táimid ag fáil níos fearr ag fáil ar aghaidh lena chéile agus tuigeann muid go bhfuil an brú céanna ar an mbeirt againn agus go bhfuilimid ag oibriú le chéile in áit in aghaidh a chéile.” Cuireann Séamus leis an méid a bhí ráite aici, ag lua “na daoine a fheiceann muid thuas ar a stáitse, feictear go bhfuilimid an-mór lena chéile, agus tá, agus go bhfuil an oiread sin cleachtadh againn ar a chéile freisin go bhfuilimid in ann a bheith ag ceol in intinn a chéile agus go mbímid in ann dul suas agus labhairt lena chéile agus ár scéal a insint. Ach ag am céanna, tá an oiread sin paisean ann freisin don chultúr agus don méid atá le déanamh againn, tá sé

cineál nádúrtha freisin…go bhfuil an paisean seo ann, go bhfuil tú ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. Chomh hiontach is atá sé go bhfuilimid ag roinnt na scéalta seo agus ag roinnt an sean-nós is ag roinnt an cheoil, tá an brú sin ann freisin go bhfuilimid ag iarraidh é a thaispeáint ar an gcaoi is fearr is atáimid in ann.” Ceistím dóibh an raibh amhráin amháin gurb é t-amhrán ab fhearr leo a bheith á chanadh le chéile. D’aontaigh an bheirt acu ar an bhfreagra: Eileanóir na Rún. “Is é an chéad amhráin a chuir muid an comhcheol sin leis, an chéad amhrán ar dhéan muid “experimentation” leis,” a deir Caoimhe, “agus tarlaíonn sé chomh nádúrtha anois; táimid in ann é a chasadh gan cleachtadh ar bith a dhéanamh. Is amhráin speisialta é sin dúinne mar is é an ceann a thosaigh muid amach leis an “experimentation” seo.” Cuireann Séamus leis, ag rá: “nuair a thánaig sé sin ar an gclár Fleadh 2020 ansin, thug sé sin an oiread deiseannaí dúinne ó shin. Tá draíocht ag baint leis an amhrán sin mar go raibh sé mar bhunús ar an gceol atá á chasadh againn anois.” Is cinnte go bhfuil draíocht in amhránaíocht agus ceol Mhuintir Uí Fhlathartaigh agus go bhfuilimid go léir faoi gheasa ag a gcuid comhcheoil álainn.

Coimeádaigí súil amach dóibh agus níos mó le cloisint uathu go luath!


Gaeilge líofa ag Charlie Day Greg Ó Síocháin

Ceann de na sraitheanna is deanaí a tháinig amach ar Net ix ná an 15ú seasúr den gcult-chlár grinn It’s Always Sunny in Philadelphia. Ba léir ón dtús go mbeadh an tsraith seo den gclár iomráiteach difriúil ó na cinn a tháinig roimpi de bharr na cóibhide; déantar tagairt don bpaindéim ó am go ham le linn na gclár agus chítear ashback fé 2020 ag tús an tséasúir. É sin ráite, ní hí an chóibhid an rud is difriúla fé na cláir nua. De ghnáth, bíonn radharcanna an tseó lonnaite in Philadelphia sna Stáit Aontaithe, díreach mar a cheapfá. Mar sin, baineadh siar asam nuair a chonac gur taifeadadh leath de na cláir anso in Éirinn. Chí míd Dennis, Mac, Frank, Dee agus Charlie ar saoire in Éirinn agus iad ag bogadh timpeall na tíre iomláine, ó Bhaile Átha Cliath go hAillte an Mhothair. Ceann de phríomhscéalta na sraithe nua ná nuair a bhuaileann duine d’ainmneacha móra Always Sunny, Charlie Kelly, lena athair Shelly (Colm Meaney) don gcéad uair. D’eascair buzz mór ón eipeasóid seo mar chí mid Charlie agus a athair ag labhairt lena chéile trí mhéan na Gaeilge.

Sa chomhrá líofa a chloistear eatarthu, bíonn Shelley ag miniú gur athair Charlie é agus go raibh sé ag scríobh chuige ar feadh na mblianta as Gaeilge. Leanann Charlie ar aghaidh ag labhairt lena athair, cé gur léir go bhfuil mearbhall air. Tarraingíodh aird mhuintir na hÉireann ar an radharc so agus bhí go leor le feiscint mar gheall air ar líne. Ní hamháin go raibh lucht leanúna Sunny sásta gur aimsíodh athair Charlie Kelly, chuir sé ionadh ar lucht labhartha na teanga cé chomh cruinn agus líofa is a bhí Gaelainn Charlie. Níorbh fhada go raibh Twitter ag labhairt faoin gcomhrá idir an mbeirt aisteóirí, le léirmheasanna gleoite le feiceáil ar fud an tsuímh. Nuair a shroich an ghearrthóg Twitter, ba ghearr gur bhain sé amach an chéad áit ar liosta ‘Trending’ na hÉireann. “Maith an fear!” a scríobh an fuirseoir Dara Ó Briain, a dúirt go raibh Gaelainn labhartha an aisteora Meirceánaigh “spot-on.” Tvuítáil an t-iriseoir spóirt Gavan Casey gur chabhraigh an radharc leis a chaidreamh leis an nGaelainn a aththógáil, agus ba léir gur cheap sé go raibh sé thar a bheith tábhachtach do mhuintir na hÉireann; “I just love that Charlie Day realised it would actually matter to people so he learned it properly.” Fiú tharraing sé aird lucht TG4 nuair a chuir an eagraíocht an fhís ar líne leis an bhfotheideal “An-fhear a Chathail 💚 ”

Is léir ón méid tacaíochta a chonacthas ar líne gur cúis bhróid agus dhóchais í Gaelainn Charlie Day do mhuintir an oileáin seo- treise leis.

fi

fl

fl

fi

18


Cuir ceist ar Rory Gallagher… Tá nach mór gach duine a bhfuil cónaí orthu i gCorcaigh tar éis an scéal faoi

Jimi Hendrix agus Rory Gallagher a chlos. Nuair a cuireadh an cheist ar Hendrix “conas a mhothaíonn sé a bheith ar an ngiotáraí is fearr ar domhan?” d’fhreagair seisean “níl a fhios agam, cuir ceist ar Rory Gallagher”. Timpeall Chorcaí, deireann a lán daoine nach bhfuil ann sa scéal so ach miotas. É sin ráite, ní fhéadfaí an tionchar mór a bhí ag Rory Gallagher ar cheol rac agus ar sheinnt an ghiotáir a shéanadh. Má tá ceol na mbannaí Queen, Guns and Roses nó The Smiths cloiste agat, tá tionchar Rory Gallagher cloiste agat chomh maith. Thosaigh Rory ag seinnt an ghiotáir agus é naoi mbliana d’aois, tar éis dó bogadh ó Dhún na nGall go Corcaigh. Níor thóg sé i bhfad air tosnú ar an ngiotár leictreach a sheinnt ansan, agus cheannaigh sé ceann dos na giotáir is annaimhe ar domhan i Siopa Uí Chrualaoí ar Shráid Mhic Churtáin. Fender Stratocaster ón mbliain 1961 a bhí ann, ceann dos na giotáir is cáiliúla go bhféadfaí lámh a leagan air. Sheinn Rory an giotár úd agus é ar aistear timpeall na hÉireann agus an domhain. I 1967, bhunaigh Rory an banna blues Taste. Bhí clú agus cáil ar Taste timpeall na hÉireann agus na hEorpa. D’éirigh chomh maith san leo gur tugadh cuireadh do Rory a bheith sa bhanna Cream nuair a d’fhág Eric Clapton. Tharla sé seo arís nuair a bhí na Rolling Stones ar thóir giotáraí i ndiaidh do Mick Taylor iad a fhágaint.

Calum Ó Buacháin

Creid nó ná creid, dhiúltaigh Rory an dá thairiscint toisc go raibh sé a d’iarraidh leanúint ar aghaidh lena chuid oibre féin. Nuair a tháinig deireadh le Taste thosaigh Gallagher ag taifead albaim ina aonair. D’eisigh sé neart albam i ndiaidh sin, Irish Tour of 74 ina measc. Is féidir tai d sheoighe a chlos ar an albam úd dá sheóanna timpeall na hÉireann, an ceann i Halla na Cathrach i gCorcaigh ina measc. Ní mór dom a lua go raibh éifeacht mhór ghroí ag Gallagher ar cheoltóirí a linne, agus ar cheoltóirí a tháinig ina dhiaidh. Tá Rory Gallagher ar cheann dos na seinnteoirí giotáir is fearr dar le Brian May. Deir May go mbíodh Gallagher ana-dheas agus é ag labhairt leis mar gheall ar an bhfearas a d’úsáideadh sé. Is féidir rian Gallagher a chlos agus May ag seinnt ú sa lá atá inniu ann. Insíonn Slash ó Guns and Roses scéal fén am gur sheinn sé i dteannta Gallagher agus é in Los Angeles. Is léir go bhfuil sé ana-bhuíoch go raibh an deis aige seinnt leis an Éireannach. Tá neart scéalta le clos timpeall dhomhan an cheoil fé fhlaithiúlacht Gallagher agus é ag cabhrú nó ag caint le ceoltóirí nua, bhíodh sé i gcónaí sásta lámh chúnta a thabhairt dá chomhghleacaithe. Gioráraí eile a bhíonn ag labhairt fé ná Johnny Marr ó The Smiths, a dúirt go raibh Gallagher mar “eiseamláir” dó. Tagaim le tuairim Hendrix gurb é Rory Gallagher an giotáraí is fearr atá feicthe ariamh againn. Ba é ceann dos na ceoltóirí ba sciliúla, ba fhlaithiúla a sheinn ar stáitsí an domhain. Tá a rian le feiscint ar fuaid cheol an lae inniu, agus ní fhéadfaí a thionchar fairsing a shéanadh.

fi

fi

19


Draíocht Gaois agus Ársaíocht Ár dTeangan Agallamh le Manchán Magan Antóin Ó Trinlúin Taistealaí, scríbhneoir agus craoltóir iomráiteach é Manchán Magan. Tá a leabhair Thirty-Two Words for Field: Lost Words of the Irish Landscape agus Tree Dogs, Banshee Fingers and Other Irish Words for Nature ar fáil anois. Oíche fhuar Fheabhra ar bhuille a hocht. Cupán tae os mo chomhair agam; mé spíonta ag seachtain fhadálach. Freagraíonn Manchán an guthán. Is cinnte go bhfuil saol spéisiúil caite ag an dtaistealaí, agus neart fós le teacht uaidh. D’fhás sé aníos i mBaile Átha Cliath, ach théadh sé siar go Corca Dhuibhne sa tsamhradh. “Buachaill leochailleach, príobháideach, cúthaileach ab ea mise,” a deir Magan. “Bhínn ag fanacht gar dom’ mháthair chríonna. Bhínn breá-sásta fanacht socair cois tine,” rud a chuir go mór lena chuid Gaelainne, dar leis féin. “Teanga chlainne, rúnda” ab ea an Ghaelainn don mbuachaill óg, “teanga go mbraitheann tú go bhfuil baint aici leis an gcliabhán agus leis an dteaghlach. Is cinnte go rabhas beagán difriúil ag brath ar cén teanga a bhí á labhairt agam.” Garmhac le Sighle Humphreys agus gaol leis an Rathailleach, ghlac an poblachtachas páirt lárnach in óige Mhagan.

20

“Théimis ó theach go teach ag tabhairt dánta Bobby Sands do dhaoine,” a deir sé. “Teanga anama” a bhí sa Ghaelainn don ndéagóir, ach bhí tuairimí eile ag roinnt dá mhuintir. “Shíl mo mháthair chríonna gur gníomh polaitíochta í labhairt na Gaelainne, chuir sé sin uafás orm. Níor theastaigh uaim teanga a labhairt a raibh i gcoinne Shasana, dar lem’ mháthair chríonna.” Mar sin, chas Magan ón nGaelainn agus é sna déaga. “Chabhraigh an Ghaelainn leis an bhfeachtas polaitiúil, ach níor chabhraigh an poblachtachas leis an dteanga ar chor ar bith.” Mar sin féin, d’fhill Magan ar an nGaelainn, agus ana-spéis i gcónaí aige sa dúlra agus tuiscint na Gaelainne air. “Ceapaim gur thuig gach cultúr a bhí go hiomlán ag brath ar an nádúr rudaí nach dtuigimidne,” a deir sé. “Muidne nach gá dúinn ach dul go dtí an ollmhargadh agus rudaí a cheannach, cén fáth go mbeimis dírithe isteach ar an nádúr, ar na séasúir, ar an dtalamh?” “Ní hamháin gur oibrigh ár sinsir mar fheirmeoirí. Bíonn tuiscint i bhfad níos doimhne fós ag daoine a bhíonn ag seilg ar an nádúr,” arsa Magan. “Bíonn siad ag déanamh iarracht cabhrú leis an dtimpeallacht i slí nach gcuirfeadh isteach uirthi. Go dtí na seachtóidí, bhíodh daoine sa Ghaeltacht ag brath ar an iascaireacht. Go dtí na caogaidí, bhídís ag bailiú uibheacha ar na faillteacha agus ag bailiú feamainne. Is rud é sin atá caillte againn.”


Coincheap amháin a bhí ag na Gaeil ná fuil chomh láidir céanna sa Bhéarla ná an difríocht idir ceantar agus alltar. “Alltar is ea an réimse den domhan atá neamh-fhisiciúil, atá thar an dtairseach” arsa Magan. “Go minic, bím buartha fé eilimintí an tsaoil agus is breá liom an coincheap san go bhfuilimid díreach ag déileáil leis an gceantar agus go bhfuil a mhalairt i gcónaí ann, agus gur féidir smaoineamh air sin. Tá an saol i bhfad níos fairsinge ná mar a cheapaimid.” Ina leabhar móréilimh Thirty-Two Words for Field, pléann Magan na cosúlachtaí idir an Ghaelainn agus na teangacha a chuala sé agus é ag taisteal timpeall an domhain. Tá sé díreach llte ó thuras chun na Briotáine, áit ina labhraítear teanga Cheilteach eile. “Níl aon cheangal againn leis na daoine sin le ar a laghad dhá mhíle bliain, ach fós tá roinnt de na focail cheannann chéanna in úsáid againn, cuir i gcás maol (bald) agus dall (blind). Chuir sé sin iontas orm. Iadsan atá iompaithe ar an bhFraincis, ní thuigeann siad na focail sin, ach fós tuigimidne.” Tá Magan den tuairim gur cóir dúinn béim a leagan ar an nasc so idir ár dteanga féin agus teangacha eile. “Ceapann roinnt daoine gurb as an oileán so sinn, agus sin an méid. Ceapann siad ná fuil aon cheangal againn le daoine sa Mheán-Oirthear ná in áiteanna i gcéin. Bhí imirce i gcónaí i gceist inár gcultúr agus i gcúltúir eile, is é sin an fáth go bhfuilid chomh luachmhar.” Deir Magan go bhfuil sé buartha fé dhaoine de chuid na heite deise agus lucht séanta na cóibhide, agus an tslí go mbíonn siad ag úsáid na Gaelainne dá bhfeachtais féin “cé nach mbíonn Gaelainn rómhaith acu go minic,” arsa eisean go glic. Ní theastaíonn uaidh go mbain dís leas as na tuairimí ina leabhair féin chun an ciníochas a chur chun cinn; “níl aon rud gur féidir a rá fén nGaelainn nach féidir a rá fé theangacha ársa eile.”

Tá neart go bhféadfaimis foghlaim ó fhoclóir mionsonraithe, saibhir na Gaelainne. Tá Manchán Magan tar éis ana-chuid focal a bhailiú agus é ag taisteal timpeall ár dtíre. “Níor thuigeas go mbeadh sé chomh furaist teacht ar fhocail agus coincheapa ná raibh cloiste ná samhlaithe riamh im’ shaol agam,” arsa Magan. “Mar shampla, an focal bráite a chloistí i Leitir Mealláin agus ar an gCeathrú Rua; is é sin áit charraigeach san fharraige ina mbíodh feamainn ag fás ar na carraigeacha, cosúil le cineál reef. Bhí a fhios ag gach éinne cá rabhadar… i gcónaí bhíodh éisc le fáil ann. Ní hamháin go bhfuil an focal san á chailliúint ag an bhformhór againn, níl an coincheap againn ach oiread.” Déanann Magan tagairt do mheafar na coinnle. “Táid deas agus rómánsúil anois, ach má theipeann ar an leictreachas, go tobann bíonn géarghá leis an gcoinneal arís. Braithim go bhfuil a lán eilimintí mar an gcéanna leis an nGaelainn.” Luann sé an teicneolaíocht nua-aimseartha atá againn a chabhraíonn le tuar na haimsire, cruthú leigheasanna srl. “Níl sé cinnte go mbeidh an trealamh san i gcónaí againn. Níl aon rud cinnte anois fé thodhchaí ríomhairí ná todhchaí an leictreachais. Ní féidir linn a bheith cinnte nach mbeidh an teolas atá sna sean-fhocail Ghaelainne uainn amach anso.”

Ach an bhfuil Magan dóchasach fé thodhchaí na teangan? “Táim níos dóchasaí anois ná riamh cheana,” a deir sé. “Dá dtuigfeadh na páistí go bhfuil draíocht agus rómánsúlacht ag baint leis an nGaelainn, tá i bhfad níos mó seans go dtógfaidís an teanga. Tá gach aon rud atá in Harry Potter ar fáil sa Ghaelainn. Formhór leanaí, bíonn siad i ngrá leis an nádúr. Dá mbeimis ag díriú air sin, seachas ar an ngramadach agus coincheapa oibiachtúla, fuairchúiseacha eile, d’fhéadfaimis an grá so a fhás sna páistí cuíosach furaist, agus insna tuistí nuair a thiocfaidh siad air.”

Fadhbh amháin ná ná fuil ach áiteanna imeallacha ann chun an Ghaelainn a labhairt, dar le Magan. “Tá go leor daoine gur bhreá leo a gcuid Gaelainne a chleachtadh,” ach gan aon deis acu chun é sin a dhéanamh. É sin ráite, tá feabhas ag teacht ar an scéal. Chínn Magan go bhfuil ‘gluain na bPop-Up Gaeltachtaí’ i bhfad níos oscailte ná gluainte eile. “Cheap daoine go raibh an Ghaelainn do Ghaeilgeoirí amháin, ach tá san athraithe.” “An t-aon rud go bhfacamar sna Gaeltachtaí ná go raibh gach éinne ag teitheadh agus ná raibh éinne ach turasóirí ag teacht isteach- tá san ag athrú anois chomh maith. Tá an fhéidearacht ann go bhféadfaí beocht nua a thabhairt isteach sa Ghaeltacht. Má théimid thar n-ais chuig na fréamhacha láidre atá againn, beimid níos nasctha leis an dtimpeallacht, leis an dtalamh, leis an gcré, leis an uisce, leis an aimsir, leis na torthaí agus na glasraí. Má dhéanfaimid, beimid leis an gcultúr agus leis an oidhreacht, agus páirt lárnach den gcultúr agus den oidhreacht is ea an Ghaelainn. Tuigeann daoine go dtugann sé ardú manma dóibh dul ag siúl sa nádúr… agus go dtugann sé an ciúnas agus an faoiseamh céanna dóibh eilimintí den nGaelainn a labhairt.” “Bhí an ceart ag daoine nuair a dúradar ná raibh aon úsáid sa Ghaelainn sa saol nua-aoiseach. In ainneoin sin, le dhá bhliain anuas, chímid an ghluaiseacht mhór so. Tá rud éigin múscailte i gcroíthe nó i spiorad na hÉireann. Braitheann sé go bhfuil an teanga ag tabhairt míniú, nó faoiseamh, nó neart nó fuinneamh éigin do dhaoine.”

“Tá rud éigint ag tarlúint. An rud ná fuilimid cinnte fé na an leanfaidh sé? An mbeidh aon seasmhacht leis?” Tá súil agam go gcí mid an tseasmhacht san, agus i ndiaidh ár gcomhráidh, táim dóchasach go gcí dh.

fi

fi

fi

fi

21


Ráflaí Cois Laoi Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin

Tá bean ag Joe Biden

Bhí an seans ag Breac labhairt le múinteoir Gaelainne ó Ghaelcholáiste na nGael, Baile na nGael maidin inné maidir leis an aiste nua a bheidh á chur de ghlanmheabhair ag a dhaltaí. “Fadhb an chaca mhadra, an dtuigeann tú?

Is tá banjo ag Joe Biden, is tá banjo ag bean Joe Biden. Is fearr go mór bean Joe Biden ar an mbanjo ná Joe Biden ar an mbanjo go deo. Bun agus barr gach faidhbe atá ag Biden bocht fé láthair. Lean ort ag cleachtadh a Joe! Cá bhfuil an t-aos óg? Tuairisc nua ón Rialtas “Táid thar lear. Yeah. Tá sé níos fearr mar sin. Cogar, ach ní vótálann siad dúinn, cén fáth go dtacóimís leo? Tá taithí ag na hÉireannaigh ar an imirce. Beidh siad grand. Tiocfaidh siad abhaile agus iad sean agus vótálfaidh siad dúinn ansin. Mar beidh tigh acu – cad é? – ó bhuel, níl aon gheallúint ann go mbeidh tigh acu. Ach is féidir leo- ó fan soicind, an é sin m’fhón? Duine ag glaoch? Caith dh mé imeacht, mo bhrón, mo bhrón, mo bhrón–” Oi geach na Fírinne is na mBréag ó Theach Laighean. Conas a deir TUSA ‘Baile Átha Cliath’? Quiz! A - Balya Awha Clee-ah B - Bleá Cliath C - Baile Átha Cliath

Tá sé ar fuaid an bhaill! Covid mo thóin, cad fén sláinte phoiblí? Is é fadhb an chaca mhadra an sciúirse is mó in Éirinn fé láthair a bhaineann leis an sláinte phoiblí. Chomh luath is a chonaic mé teideal na haiste seo, bhí fonn orm cur amach an dtuigeann tú? Tá sé déistineach cé chomh leisciúil is a bhíonn daoine!” Labhair Breac leis an Uasal MacRachmais chomh maith, chun dhá thaobh an scéil a fháil: “Bíonn spás ag daoine siúl timpeall ar an gcac madra fé láthair. Cad tá cearr leis an dtír? Deinimse mo dhícheall, ach níl ionam ach duine amháin. Dá mbeadh na cosáin smeartha leis mar is cóir, ní fhéadfadh coisithe an cosán a úsáid. Ansin d’fhéadfadh muintir na hÉireann iad a leagan lena gcuid SUVs nuair a shiúlann na boicht, I mean, na wasters, I mean na gnáthdhaoine amach ar an mbóthar chun an cac a sheachai-” Bhí ar ár n-iriseoir deireadh a chuir leis an agallamh toisc go raibh sí ag cur amach oiread. Ná bígí buartha, ní raibh sí san SUV! Réamhdheochanna, éinne?

A - don gcuid is mó... is Balya Awha Clee-ach tú! Cónaíonn tú sa chathair is measa in Éirinn! B - don gcuid is mó... is Muimhneach tu. Gach seans ná taitníonn Bleá Cliath leat, sin é an fáth go ndeir tú chomh tapaidh é. C - don gcuid is mó... gach seans gur gnáthdhuine tu. B’fhéidir gur maith leat Baile Átha Cliath, b’fhéidir nach maith.

BJ: Tá cruinniú agam ag a trí, an mbeadh éinne timpeall do chúpla deoch? BJ: *cóisir is ea é haha BJ: *no cruinniú atá ann, beidh tae agam BJ: *cóisir=an fíon is costaisí in uimhir a deich go léir domsa hahaha – Comhfhreagras Téacs Bhoris Johnson

Níl strus ar Mháire, an gcreidfeá?

Nach deas an Ghaolainn atá aige?

“Like idk ach níl strus orm. Like faoi láthair. Ach like beidh. Ceapaim. Fan soic... yep beidh strus orm fá dheireadh na habairte seo.” Thuas seal thíos seal.

Fraoi Aighris Leasans

Ní ainniseoir é Emmanuel Macron

Bhuí bhuil bí profaighding fraoi Aighris Leasans for fraoi neicst bhuíc in é fraoi lóicéisean. Díos ear fraoi for eifearaíobhoin fream do comiúnaití, eaind eifearaí stiúidint bhuil reasaoibh a fraoibí. Bígí linn!

Cé a chuirfeadh i gcoinnibh an mhana so: macánta, umhal, éasca le cuimhneamh air: ní ainniseoir é Macron! Is é an té ar dheis é a sheasfaidh i gcoinnibh na n-ainniseoirí atá níos faide ar dheis, mar ní bhfaighidh tú ainniseoir sóisialach isteach. Ní ainniseoir é! Cogito ergo sum.

€1,000,000 á chuir ar fáil do gach duine in Éirinn ar mhaithe le praghasanna maireachtála a ísliú

Aiste ardteiste ar an gCac Madra

“AN DUINE????” a scréach gach duine dar ndóigh. Ar chuma éigint ní hea. Gheobhaidh gach duine suas le 25c sa phacáiste nua seo ón Rialtas. Bainíg taitneamh as! Níl an ceann so greannmhar Níl anso ach caitheamh anuas eile (os íseal ard) ar Bhaile Átha Cliath. Tá caighdeán na hiriseoireachta ag titim.

fi

fi

22


ICKS

11º

le Iseult Ní Fhoighil

Deireann mo Mham liom i gcónaí go bhfuil mo chaigdean i bhfad ró-ard agam is mé ag lorg fearín beag deas. An freagra a bhíonn agam di i gcónaí ná, cén fath nach mbeadh? Nach chóir go mbeadh mo ideal fhearín agam. Ní ormsa an locht má chuireann lochtanna beaga isteach orm, is gach duine eile a cheapann go bhfuil said fánach. Táim ar thóir an ‘dream’, nó níos fearr fós an ‘McDreamy’. Airíonn formhór daone an mothúchán speisialta sin nuair a bhuaileann siad le duine. Duine speisialta a bhíonn i gceist anseo. Duine a chuireann meangadh mór ar d’aghaidh is gan ort ach smaoineamh orthu. Ach ansin, chomh sciobtha céanna faigheann tú an ICK! Lá breá is tú ag caitheamh ama le do ghrá geal, déanann said ruidín beag ach ruidín úafásach. Scriostear an íomha sin atá agat dóibh i do cheann ar an bpointe. In áit an meangadh mór sin, cuireann gach rud an nith bídeach sin i gcuimhne ort. Ní rud mór nó ‘red ag’ atá i gecist leis an ick. Ruidín beag nach dtugann an ghnáth dhuine faoi ndeara. Mar shampla, faigheann mise mé fhéin an ick as: daoine atá san airm, iad súid a bhíonn mall ag súil, nuair a chaitheann ir V-necks, Geminis, éadach 11 degrees, nuair a bhraitheann said an iomarca ar a mháthair.

Ceapfaidh sibh go léir <Wow cén cheart atá ag Íseult dul ag scríobh faoi Icks? An bhfuil sise perfect?> Táimse lán oilte dul ag sríobh faoi na icks. Ní mar gheall go bhfuil stair spéisuil agam maidir leis an ngrá, ach a mhalairt. Is mé banríon na icks. Tá mé lofa, lán go béal, plódaithe amach is amach leo. Cuirim silum orm fhéin ú. Beag seans go bhfuil duine ar domhan go mbeadh in ann mise is mo chuid icks go léir a sheasamh. An bhfuil aon seans in aonchor agam grá a aimsiú is mé mar seo? (B’féidir gur ceist é sin don agony aunt nó teiripóir) An t-aon solás atá agam ná gur feidir le icks a bheith cabhrach chomh maith. Ní gá dóibh deireadh a chuir le caidreamh. Bíonn a fhios agat gan dabht go bhfuil tú gafa le duine éigin speisialta muna gcuireann a chuid icks isteach ort. Is dóigh liomsa go ngabhann daoine ar thóir icks muna bhfuil said ró-thógtha le duine. Léiríonn sé nach bhfuil said i ngrá le chéile. É sin ráite, táimse fós i mo shuí anseo ag fanacht ar divine intervention éígin ag fanacht ar m’fhearín beag deas.

Icky Icky Icky!!!

fi

f

23 fl

· · · · · ·

Tá daoine ann le liostaí breá fada lán le icks nach maith leo, mé fhéin san áireamh, ach ní thuigeann tú i ndáiríre céard a thugann an ick dhuit go dtí go n-airíonn tú é ag tarlú. Is creid mé a chairde nuair a dheirim nach rud deas í.


Agony Aintín Eve Ní Chathasaigh

Eve Ní Chathasaigh

ACH b’fhéidir go bhfuil tú ag caitheamh an léine is fearr leat agus b’fhéidir go bhfuil d’fhiacla ag lonradh tar éis duit iad a scuabadh go díograiseach!

Ní maith liom cad a fheicim sa scáthán - níl aon fhéinmhuinín agam…conas is féidir liom an fhadhb seo a réiteach? Cloistear rudaí mar seo i bhfad rómhinic inár sochaí faoi láthair, agus briseann sé mo chroí chuile uair. Tá a fhios agam nuair a deireann daoine abairtí mar sin, an saghas knee-jerk reaction a bhíonn ag na daoine atá mór-thimpeall orthu ná “oh stop é sin tá tú go hálainn” a rá – agus cé go mbíonn sé sin cineálta, agus go ndeirtear le dea-mhéin é, uaireanta ní chabhraíonn rudaí mar sin. Braitheann na daoine gan féinmhuinín saghas curtha ar leataobh agus nach bhfuil a gcás á thuiscint ag daoine eile; mo chomhairle féin dos na daoine sin ná “commitment” a dhéanamh leat féin chun foghlaim conas is féidir leat féinghrá a chruthú ionat. B’fhéidir go dtiocfadhd’fhéinghrá as scil éigin atáagat, mar shampla gur féidir leat an pianó a sheinnt, nó go bhfuil an script iomlán de Sherlock eipeasóid a haon ar eolas agat! Má thugann tú grá duit féin in aon ghné de do shaol, tá seans go scaip dh an grá do chúpla gné eile. Agus nuair a bhíonn tú ag féachaint ort féin sa scáthán, cuir béim ar na rudaí dearfacha a fheiceann tú, yeah b’fhéidir go bhfuil do ghruaig ina chíor thuathaill, nó b’fhéidir nach bhfuil do chraiceann i stát maith,

fi

fi

fi

fi

fi

00 BREAC 24

Pé rud atágo maith, pioc amach é, ú má tá sé an-bheag, ú muna gcreideann tú féin é – ach pioc amach rud éigin deas a fheiceann tú, agus tar éis tamaill, beidh sé ina nós agat agus le cúnamh Dé, cuideoidh sé ar shlí. Braitheann gach uile dhuine mí-shásta lena n-íomhá ó am go ham, ú na daoine “foirfe” a fheicimid ar na meáin. Ach, ag deireadh an lae, is é do chorp an áit is tábhachtaí duitse, mar sin tabhair grá dó. Tá sé tuillte aige!

Bhris mo pháirtnéir suas liom… cad a dhéanfaidh mé ?! Braithim in ísle brí ☹ Bhuel, i dtús báire, tabhair aire duit féin. Ní bhíonn breakups deas nó éasca ag aon phointe d’aon chaidreamh ( ú nuair atá gá leo uaireanta!) Mar sin, bí cineálta leat féin! Rud nó dhó a chabhróidh: • • • •

Bí i dteagmháil le do chairde Ben agus Jerry Féach ar scannáin sheafóideacha Buail le do chairde Téir amach le haghaidh cúpla deoch

Na rudaí bunúsacha, ach oibríonn siad!


Rud a chabhraigh dom nuair a bhí breakup agam ná litreacha a scríobh – chugat féin nó chuig do ex, aon slí is fearr leat – agus mínigh na fáthanna gur bhris sibh suas. Nuair a bhíonn tú ag scríobh, titeann rudaí san áit cheart agus seans go sroich dh tú clabhsúr ag pointe éigin. Ach, ní bheidh overnight x i gceist le haon breakup (faraor!) agus ná bí buartha faoi sin. Ní imíonn mothúcháin láidre go tapaidh – tógann sé am. Pointe eile atá tábhachtach le rá ná go dtarlaíonn break-ups do beagnach gach uile dhuine ag pointe áirithe ina saol, agus bíonn daoine ceart go leor. Beidh tusa alright chomh maith! Coiméad do cheann in airde agus bain sult as an saol singil xoxo Braithim nach bhfuil aon chairde agam, bím an-bhrónach agus mé i m’aonar ar champas…an bhfuil aon chomhairle agat? Is trua liom é seo a chlos! Ach, faraor, braitheann an-chuid daoine mar seo san ollscoil – go háirthe lucht na chéad bhliana. Bíonn campais ollscoile “overwhelming” ar chúpla slí: an méid daoine a bhíonn timpeall na háite, na foirgnimh ollmhóra…ach tá an t-ádh linn in UCC go bhfuil áiteanna éagsúla ar champas gur féidir leat do scíth a ligint agus sos a ghlachadh. (Mar shampla “Gairdín an Uachtaráin”, “An Zón Cruthaitheach”, an tríú úrlár den Mhol) Mholfainn d’éinne a bhraitheann aonarach agus iad san ollscoil páirt a ghlacadh i gcumann nó i gclub éigin. Is liosta le háireamh iad na cumainn ‘s na clubanna go léir atá gníomhach ar champas. Is féidir leat féachaint orthu ar na meáin shóisialta agus dul chuig na himeachtaí a chuireann siad ar siúl! Tugann sé seo deis duit bualadh le daoine nua leis na suimeanna céanna a bhíonn agat! Cuirim i gcás , dá rachfá chuig imeacht a bheadh ar siúl ag an gclub seoltóireachta, an-seans go mbuailfeá tú le daoine go dtaitníonn seoltóireacht leo – agus sin áit le tosnú! Tá sé deacair cairdeas a dhéanamh le daoine nua, bíonn an próiseas saghas amscaí, ach is ú é! Agus, bíonn an-chuid daoine ina n-aonar ar champas – is saol gnóthach é saol an mhic léinn! Mar sin ná bí buartha faoi cad a cheaptar má fheictear i d’aonar thú – bíonn lá ag gach duine ag ithe lóin ina n-aonar sa Main Rest (is é sin an fáth go bhfuil na boird chomh mór!) Ach, ná bí buartha, má tá cairde uait, tiocfaidh tú ar na daoine cearta duit! Is daoine sóisialta iad an cine daonna, agus titeann rudaí lena chéile i slite éagsúla an t-am ar fad! D’fhág mé rud éigin i dteach tar éis One Night Stand – cad a dhéanfaidh mé chun mo stuif a fháilt ar ais?! Spicy! Fair play duit! Tá súil agam gur bhain tú sult as an oíche! Anois, plé mid d’fhadhb. Is rud coitianta é seo ach ní chloisfeá plé faoi – cad é an etiquette do rud mar seo? Cinnte, níl aon lámhleabhair ar fáil! Bhuel, má tá an rud a d’fhág tú tábhachtach duit ba choir duit é a fháilt ar ais. Mar sin, beidh ort dul i dteagmháil leis an duine úd. Mholfainn téacs ar Messenger in ionad Snapchat. Tá tú ach ag iarraidh do stuif ar ais ach níl tú ag fógairt do ghrá dhaingin (tá a fhios agam gur féidir leat an ‘sleamhnú snámhaí’ a dhéanamh ar Snapchat, ach fós bíonn taom croí agat nuair a fheiceann tú duine nua ag clóscríobh…)

fi

fi

fi

fi

Ansin mínigh do scéal, bí praiticiúil, agus mol áit ina mbeifeá in ann do rud a fháilt ar ais, áit bhreá poiblí déarfainn. Bí cineálta chomh maith – is féidir leat rud ar nós “bhí ard-oíche agam leat!” a rá sa téacs – is féidir linn a bheith inár ndaoine fásta agus muid ag plé cúrsaí gnéis, Tharla sé eadraibh mar sin bígí bródúil! Tá súil agam go gcabhraíonn sé sin!


The Kerry Cowboy ag tabhairt faoi fhiontair nua! Ó TikTok go TG4, tá neart á dhéanamh ag Séaghan Ó Súilleabhán, nó The Kerry Cowboy mar a ghlaotar air, i láthair na huaire. Chuir Caitríona Ní Chonaill agallamh air le déanaí…

agus mheas sé nach raibh go leor á dhéanamh aige féinig chun an Ghaoluinn a úsáid agus a chur chun cinn, agus gurb as sin a tháinig a chuid díograis i dtaobh an teanga a úsáid agus a thacú.

Ach deir sé chomh maith nach raibh suim aige i gcónaí sa Ghaoluinn agus gur tháinig an suim seo air de réir a chéile agus é ag fás aníos i gCiarraí.

Is léir go bhfuil The Kerry Cowboy ag dul ó neart go neart agus é páirteach i go leor tionscnaimh nua. Tá sé ag múineadh Gaoluinne i nGaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí le tamall anuas agus Blianta 1-6 mar dhaltaí aige.

“Ní rabhas líofa nuair a bhíos im’ leanbh, thuigeas í ach ní rabhas á labhairt go hana mhinic.”, agus é ag míniú conas ar spreagadh a ghrá don teanga dúirt sé “Bhí an t-ádh liom go raibh an méid sin deiseanna agam lasmuigh den gcórais oideachais …Formhór an blas agus na nathanna atá agam, fuaireas ó dhaoine iad, daoine a bhí ag maireachtaint i gCiarraí Thiar agus Theas ins na Gaeltachtaí agus tá an tádh liom go raibh na deiseanna sin agam mar is beag duine a bhfaigheann é sin. “ Deir Séaghan gur tháinig athrú meoin air nuair a chonaic sé Liadh Ní Riada agus í ar stailc teanga san Aontas Eorpach i 2015,

26

Deir sé go bhfuil na daltaí go hiontach ar fad agus go mbíonn sé ag obair le foireann chabhrach na scoile chomh maith, a bhíonn fíor thuisceanach má bhíonn air tionscnamh a dhéanamh agus é ag cur na Gaoluinne chun cinn. Beidh sé ag déanamh láithreoireacht ar shraith nua ar TG4 darbh ainm Mo Pheata ina dtaistleoidh sé timpeall na tíre ag labhairt le páistí na hÉireann faoina gcuid peataí éagsúla. Tá an clár sa tóir ar pháistí 8-12 bliana d’aois go dteastaíonn uatha bheith ar an teilifís agus labhairt faoina bpeata trí Ghaoluinn. Ainmníodh Séaghan mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2022 le déanaí agus deir sé nár chreid sé gur fíor-cheist a bhí ann ar dtús toisc gur bhrionglóid mór é dó.


Dúirt se gur mór an onóir é dó a bheith páirteach i Seachtain na Gaeilge 2022 agus 120 bliain de Sheachtain na Gaeilge á chéiliúradh i mbliana. Is léir go bhfuil an fear seo lán d’fhuinneamh agus bród dá theanga dhúchais agus go bhfuil saol maith i ndán dó agus é ag cur na Gaoluinne chun cinn! Ní dóigh leat go mbeadh mórán suime ag daoine ar an idirlíon i bhfeirmeoir agus a mhadra ar an bhfeirm, an mbeadh? Bhuel, is léir go bhfuil mórán suime ag leantóirí Séaghan Ó Súilleabhán, nó The Kerry Cowboy mar a ghlaotar ar ar líne, i saol laethúil an fheirmeora óig. Ónar thosnaigh sé a leathnach TikTok i 2020, tá breis ‘s 182 míle leantóir aige, agus é ag déanamh físeáin mar gheall ar an bhfeirmeoireacht, an timpeallacht, an Ghaoluinn agus gan dabht a mhadra Braindí, go bhfuil clú agus cáil uirthi féin ós na físeáin. Deir Séaghan gur thosnaigh sé ag déanamh na físeáin agus á chur suas i dtosach “mar joke i ndáiríre! Bheinn i gcónaí ag déanamh físeáin ar Snapchat agus mhol mo dheir úr dom iad a chur ar TikTok.” Agus é ag dul ó neart go neart ar TikTok, thosaigh Séaghan ag úsáid na Gaoluinne ina gcuid fhíseáin agus ag iarraidh aird a thabhairt ar an teanga sa mhéid is gur féidir leis. Chuireas an cheist air cén fáth go dtaitníonn an teanga leis chomh mór sin agus cén tábhacht a mheasann sé atá ag baint léi. Dúirt sé “Braithim go bhfuilimid, mar Éireannaigh, ana nasctha leis an nGaoluinn, ú agus gan í againn b’fhéidir. Braithim leis na nathanna , an fhoghraíocht, gach aon rud, braithim gurb í an teanga dúinne í. Nuair a bhím ag caint as Gaoluinn, braithim i bhfad níos nadúrtha agus bím ar mo shuaimhneas á labhairt. Go háirithe leis an talamhaíocht – táimse timpeallaithe ag an dúlra i gcónaí – tá an méid sin focail ann a bhaineann leis an gcineál sin saol go bhfuil sé ana áisiúl ach ag an am céanna braithim go bhfuil easnamh sa Bhéarla ar uairibh nuair a bhím ag iarraidh nath cainte nó rud éigin a rá is ní bhíonn a leithéad ann sa Bhéarla.”. Ach deir sé chomh maith nach raibh suim aige i gcónaí sa Ghaoluinn agus gur tháinig an suim seo air de réir a chéile agus é ag fás aníos i gCiarraí.

“Ní rabhas líofa nuair a bhíos im’ leanbh, thuigeas í ach ní rabhas á labhairt go hana mhinic.”, agus é ag míniú conas ar spreagadh a ghrá don teanga dúirt sé “Bhí an t-ádh liom go raibh an méid sin deiseanna agam lasmuigh den gcórais oideachais …Formhór an blas agus na nathanna atá agam, fuaireas ó dhaoine iad, daoine a bhí ag maireachtaint i gCiarraí Thiar agus Theas ins na Gaeltachtaí agus tá an t-ádh liom go raibh na deiseanna sin agam mar is beag duine a bhfaigheann é sin.“

Deir Séaghan gur tháinig athrú meoin air nuair a chonaic sé Liadh Ní Riada agus í ar stailc teanga san Aontas Eorpach i 2015, agus mheas sé nach raibh go leor á dhéanamh aige féinig chun an Ghaoluinn a úsáid agus a chur chun cinn, agus gurb as sin a tháinig a chuid díograis i dtaobh an teanga a úsáid agus a thacú. Is léir go bhfuil The Kerry Cowboy ag dul ó neart go neart agus é páirteach i go leor tionscnaimh nua. Tá sé ag múineadh Gaoluinne i nGaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí le tamall anuas agus Blianta 1-6 mar dhaltaí aige. Deir sé go bhfuil na daltaí go hiontach ar fad agus go mbíonn sé ag obair le foireann chabhrach na scoile chomh maith, a bhíonn fíor thuisceanach má bhíonn air tionscnamh a dhéanamh agus é ag cur na Gaoluinne chun cinn. Beidh sé ag déanamh láithreoireacht ar shraith nua ar TG4 darbh ainm Mo Pheata ina dtaistleoidh sé timpeall na tíre ag labhairt le páistí na hÉireann faoina gcuid peataí éagsúla. Tá an clár sa tóir ar pháistí 8-12 bliana d’aois go dteastaíonn uatha bheith ar an teilifís agus labhairt faoina bpeata trí Ghaoluinn. Ainmníodh Séaghan mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2022 le déanaí agus deir sé nár chreid sé gur fíorcheist a bhí ann ar dtús toisc gur bhrionglóid mór é dó. Dúirt se gur mór an onóir é dó a bheith páirteach i Seachtain na Gaeilge 2022 agus 120 bliain de Sheachtain na Gaeilge á chéiliúradh i mbliana. Is léir go bhfuil an fear seo lán d’fhuinneamh agus bród dá theanga dhúchais agus go bhfuil saol maith i ndán dó agus é ag cur na Gaoluinne chun cinn!

fi

fi

27


Seacht dTír Seacht dTeanga Diarmuid Johnson – Leabhar Breac 2021 Darragh Ó Caoimh

Scríbhneoir bisiúil é Diarmuid Johnson a bhfuil os cionn che saothar foilsithe aige go nuige seo, ó fhicsean go líocht, idir Bhreatnais is Ghaeilge, agus roinnt aistriúchán Béarla is eile lena chois. Tá ainm in airde air i saol na litríochta Gaeilge ó thosnaigh sé ar “Thriológ na Teamhrach”, sraith ina ndéanann sé athinsint ar thrí scéal ón SeanGhaeilge, mar atá “Conaire Mór”, “Tuatha Dé Danann”, agus “Éadaoin”. Moladh na saothair sin go hard na spéire as feabhas na hathinsinte; Gaeilge shaibhir sheolta shothuisceana iontu agus snáithí na seanscéalta, a bhíonn mantach go maith sna bunfhoinsí uaireanta, te fuaite le chéile go paiteana. An toradh – leabhartha a choimeád blas na seanscéalta idir fhoirm is ábhar ach nár lig don bhlas céanna éirim a scéil a chur sa bhfraoch ar an léitheoir.

Ach is amhlaidh gur aire feá é Johnson a bhfuil de phribhléid againne seal a chaitheamh ina fhochair ar a fhánaíocht dó. Is mar sin a bhíonn an t-údar féin go minic, agus é ag téaltú isteach i dtithe bídh agus caifé ar fud na Mór-roinne agus cluas air le héisteacht leis na cainteoirí maithe Polainnaise, cuir i gcás. Agus cad atá againn le feiscint ar ár dtaistilibh, más ea? Tá, éachtaint ar choimheascar saol atá ag sléamhnú léi beagán ar bheagán, paróiste ar pharóiste. Níl aon chaibidil is fearr a léiríonn an méid seo ná caibidil na Briotáine, an chaibidil is fearr sa leabhar dar liom. Is aoibhinn is álainn an cur síos ar dhúlra na háite, agus déanann Johnson scéal agus stair na Briotáinise a ríomh go cumasach.

Seo chugainn Johnson arís más ea, agus cuntas aige ar an taithí a bhí aige sna dúichí éagsúla inar chónaigh sé le linn a shaoil. Tá an dúchas sa Bhreatain Bheag, an tógaint in Éirinn, an saol pósta sa Bhriotáin, an bóithreoireacht sa Romáin agus sa Ghearmáin, an teagasc agus an t-aistriúchán sa Pholainn agus sa Bheilg, chomh maith le sealanna i nGaeltacht na hAlban le fáil ann.

Scar an teanga sin óna theanga dúchais féin, an Bhreatnais, míle éigin bliain ó shin ach tá meath mór uirthi le caoga bliain anuas. Ón ndream deireanach seanchainteoirí sa chúige inar mhair Johnson is ea a shealbhaigh sé an chanúint, agus is uaigneach duairc an íomhá den tarracóir ag treabhadh leis sa ghort, an teanga is lucht a labhartha scáinte scaipthe is gan a leithéidí le teacht arís.

Tá caibidil ag gach aon tír faoi seach, agus cur síos eolgaiseach iontu go léir ar dhúchas na dtíortha éagsúla, ón dteanga go dtí an aimsir, is ón dtaobh tíre go dtí an ceol, chomh maith le heachtraí agus dálaí an údair féin sna bólaí éagsúla sin dó. Munar siúlach scéalach é Johnson ní lá fós é, agus is taitneamhach agus is rí-spéisiúil a bhfuil aige le heachtraí dúinn sa Ghaeilge Ghailleamhach a thug sé leis as a hóige, agus a bhfuil aguisín suimiúil ina taobh thiar i ndeireadh.

Tá an mothú céanna le fáil i gcaibidil na hÉireann agus na hAlban gan dabht, agus bíodh is nach bhfuil an bhagairt chomh práinneach i gcás na Rómáine taibhsítear dom gur fonn caomhnaithe cultúrtha, chomh maith le osracht nádúrtha, a bhrostaíonn Johnson amach ag taifeadhadh nósanna Nollag i ngarbhchríocha na tíre sin.

Fágann an cinneadh an t-ord cróineolaíoch a sheachaint go mbíonn an insint ag léimt go luaimneach ó thréimhse ama go chéile, rud a chuir isteach ormsa ar uairibh. Ach ina dhiaidh sin is uile is dócha nach raibh aon dul as ag Johnson ach dul de réir tíre nó bheadh leabhar de shaghas éigin eile aige, leabhar cuimhní cinn a thosnódh leis an óige agus an teacht chun coinlíochta, is a leanfadh air isteach in aois r.

fi

fi

fi

fi

fi

28 fi

Ach ní shin é atá i gceist anseo. Cé go luann sé cúrsaí pearsanta uair umá seach d’fhonn scéalta áirithe a mhíniú, is annamh iad san nó go deimhin an t-údar féin chun cinn san insint.

Go deimhin, measaim gur rug an scéal áirithe sin ar eisint an leabhair. Á léamh dom ní raibh aon samhail do fhearaibh na Romáine ach cleas Chorca Dhuibhne ar Lá an Dreoilín. I ndeireadh, is mó rud i bpáirt ag an Duibhneach is an Rómáineach. Leabhar Eorpach é seo, agus léargas luachmhar ann ar na líomatáisití imeallacha inti, an Ghaeltacht ina measc. Tugann an t-údar ilteangach ildánach na críocha sin go lár an aonaigh, agus tugann a gceart dóibh i scéal na Mór-roinne seo againne. Is mithid san agus is dual, go háirithe do fhear atá ag saothrú leis mar aistritheoir ag an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil.


Dhá Shraith, Dhá Aistear, Dhá Chósta Léirmheas ar An Cósta Thiar agus Iontais na bhFarraigí Ceilteacha de chuid TG4

Is oileánaigh iad na hÉireannaigh. Chaith ár sinsir a saolta cois mara. Bhídís ag brath ar na tonnta, bhídís ar aon fhocal leo. Tá ana-athruithe tagtha ar shaol na nÉireannach ó shin, ach rud amháin ná fuil caillte go fóill againn ná ár ngrá dos na farraigí mórthimpeall orainn. Clár seoigh is ea An Cósta Thiar ar TG4 a chuimsíonn an grá domhain seo. Buaileann Áine Ní Bhreisleáin an bóthar i nGaeltacht Thír Chonaill, agus í ar chamchuairt síos cósta an Atlantaigh go Ciarraí. Chítear radharcanna áille, tírdhreacha draíochtúla agus blaiseadh den tsaol a bhíodh ann tráth taobh leis an bhfarraige in Éirinn. Feictear Áine ag baint triail as na gníomhaíochtaí atá ar fáil do thurasóirí a théann siar. Is é an clár so an fhógraíocht is fearr a fuair Slí an Atlantaigh Fhiáin le fada an lá. Ar a haistear, casann Áine ar mhuintir an chósta; daoine go bhfuil a saolta “ te fuaite le rithim na mara”, mar a deir sí féin. Caitear solas ar na pobail seo, agus ar an mbeocht atá le feiscint iontu fós. Is léir go bhfuil borradh ag teacht fés na háiteanna so in athuair, agus daoine ag lleadh ar an bhfarraige agus ar an gcósta i slite nuálacha. Tá stíl chroíúil, nádúrtha ag an mBreisleánach mná a chuirfeadh ag gáirí aon lucht féachana, ach níos tábhachtaí fós, tugann an stíl seo deis dá haíonna labhairt go hoscailte féna dtaithí féin. Eascraíonn teachtaireachtaí tábhachtacha as na comhráite a bhíonn ag Áine, mar a chonacthas agus í amuigh ag iascaireacht le hÉamonn Mac Ruairí i nDún na nGall. “Caith mid oibriú leis an bhfarraige” a deir Mac Ruairí, agus é ag tabhairt foláirimh dúinn fé léirscrios an nádúir in uiscí na tíre. D’fhéadfaimis mórán a fhoghlaim ó mhuintir an chósta, agus ónár sinsir féin. Léargas ionraic, dóchasach é An Cósta Thiar ar staid agus todhchaí ár gcóstaí, idir thimpeallacht agus phobail. Árdú misnigh is ea é atá de dhíth uainn uile le dhá bhliain anuas.

Antóin Ó Trinlúin

Cé go dtagann deireadh le turas an Bhreisleánaigh san Iardheisceart, is ansan a thosnaíonn Eoin Warner amach ar a chamchuairt féin. Imíonn an Corcaíoch ó chósta a chontae dúchais i dtreo na Breataine Bige i gcadhc mara, agus tugann sé cuairt ar na Déise agus Loch Garman ar an tslí. Is iontach go bhfuil duine éigin ag baint lántairbhe as an TV Licence. Tá Iontais na bhFarraigí Ceilteacha, idir léarúchán agus chur i láthair, ar aon chéim le hAttenborough agus cláir fhaisnéise an BBC. Ba dheacair dom a chreidiúint gur deineadh cuid mhór den tsraith seo a thaifeadadh in Éirinn. Ní minic go bhfaighimid léargas chomh soiléir ar fhlúirseacht agus ilchineálacht an dúlra inár ngáirdín féin. Is cinnte go n-osclódh sé do dhá shúil duit. Sa chéad chlár, bogann Warner idir an cladach, na hinbhir agus an fharraige oscailte. Dá mba rud é gur bhailigh Ní Bhreisleáin scéalta na ndaoine, thug Warner deis chainte dos na hainmhithe féin. Buailimid le deilfeanna a bhíonn ag feadaíl i gcanúint uathúil, éisc a bhíonn in ann análú amuigh fén aer agus Romeo and Juliet na rónta. Beidh do chroí id’ bhéal ag breathnú ar an radharc deireanach, agus forachain óga ag léimt ó aillte arda i dtreo na mara, préacháin agus faoileáin thíos fúthu a d’iarraidh iad a ghoid óna dtuistí. Léiríonn an tsraith éachtach so go bhfuil domhan iomlán difriúil díreach fés na tonnta, agus ná fuil sé scriosta go fóill againn. Tá meafair chumhachtacha le brath sna scéalta d’imirce na nainmhithe, agus i dturas Warren ó thír amháin go tír eile thar theorainn dhofheicthe. Táimid go léir nasctha lena chéile, idir dhaoine agus dúlra. Spreagúil, álainn agus ceannródaíoch, ní cóir d’éinne cailliúint amach ar an seoid seo. Tá An Cósta Thiar agus Iontais na bhFarraigí Ceilteacha ar fáil ar Sheinnteoir TG4.

fi

fi

fi

29


An tSraith Peile is Fearr ar Domhan? Mo Ghrá Geal an LOI Conor Ruth

Ta sacar na hÉireann ar ais, leis an séasúr tosnaithe ar an 18 Feabhra. Tá an chuma ar an séasúr go mbeidh sé níos iomaíche ná riamh. Anseo, déanann Conor de Rúit cur síos ar thábhacht Shraith na hÉireann dó go pearsanta, agus do thimpeallacht peile na hÉireann. Anseo in Éirinn, is minic a fheictear dom go bhfuilimid gafa le cultúr agus le tarluithe na Breataine. Feictear é sa Bhéarla a labhraítear, sa nuacht a chraoltar agus ú amháin i dtomhailt na siamsaíochta. In ainneoin chultúr láidir an phoblachtánachais atá againn ar an oileán, is cosúil go bhfuil muintir na hÉireann ag fulaingt le póit an choilíneachais - tá cumhacht mhór fós ag meáin na Breataine orainn – ní gá ach féachaint ar nuacht na hÉireann, atá gafa le cúrsaí thall i Westminster, i dtreo cúrsaí ceoil, teilifíse agus cultúir phobail , agus i dtreo cúrsaí spóirt, le ceannas an Premier League ina shampla maith. Is i dtaobh an sacair a theastaíonn uaim díriú inniu, agus aird a tharraingt ar ár sraith peile féin in Éirinn – Sraith na hÉireann, nó an LOI. Ná bíodh náire ort muna bhfuil trácht cloiste agat maidir leis an LOI; ní ortsa an locht.

fi

30

Thug iar-phríomhfheidhmeannach an FAI (Cumann Peile na hÉireann), John Delaney, “páiste casta an FAI” ar an LOI. Is léir ón dtagairt ghearr sin nach raibh meon dearfach i dtreo an LOI laistigh den FAI féin. Is fíor a rá go bhfuil neamhaird déanta ag an FAI ar fhorbairt an LOI le blianta anuas. Níl duaischiste mór ann ar chor ar bith, bhíodh (agus seans go bhfuil fós) an FAI dírithe ar bheart baoise in áit forbairt cheart a dhéanamh ar infreastruchtúr peile na tíre – mar atá á léiriú acu leis an iarratas i leith chraobhchomórtais na hEorpa 2028 – agus an meon fuarchúiseach a bhí ann san fhoireann náisiúnta i dtreo na sraithe. Anuas air sin, níl suim dá laghad ag RTÉ sa tsraith; déanann said 15 cluiche a chraoladh thar séasúr ina bhfuil 36 cluiche. Ní chuirtear móran achmhainní i dtreo na gcluichí sin, agus is minic a bhíonn bearna mór idir chluiche amháin agus cluiche eile – 127 lá i gcás amháin in 2021. Thug bunú Eir Sport dóchas do mhuintir an LOI, le hardchaighdeán craoltóireachta, ach thainig deireadh leo go luath ina dhiaidh, faraor. Ta TG4 imithe i mbun sraith sacair na mban (WNL) a chraoladh, forbairt dhearfach ní hamhain don spórt ach don chomhionannas inscne freisin. Ní leor é seo fós, go háirithe nuair a dhéantar comparáid leis an airgead mór atá ann trasna Mhuir Éireann. Is ann a thiocfaidh tú ar chúis thábhachtach nach bhfuil caighdeán agus clú níos fearr ar an bpeil inmheánach.


Ag an bpointe seo, seans go bhfuil tú ag ceapadh nach bhfuil táirge maith á dhíol agam, ach a mhalairt atá fíor. Mar atá luaite i dteideal an ailt, tugtar an tsraith is fearr ar domhan ar an LOI, agus cúis mhaith leis. Níl caighdean na peile ar leibhéal an Premier League, ach is féidir sin a thusicint i gcomhthéacs na neamhairde atá leagtha amach agam thuas. Fós féin, ag féachaint ar fhoireann na hÉireann faoi láthair, tháinig ár mbainisteoir, Stephen Kenny, ón tsraith, tháinig ár gcaptaen, Séamus Coleman, ón tsraith, agus tháinig an t-imreoir is mó caipíní atá ag imirt fós, James McClean, ón tsraith. Chomh maith leo siúd, ta todhchaí na tíre bunaithe san LOI – ó Jamie McGrath i lár na páirce go Gavin Bazunu sa chúl, beidh bunús LOI ag an bhfoireann náisiúnta sna blianta atá romhainn. Tá forbairt mhór tagtha ar an tsraith le déanaí, agus ní gá ach féachaint ar éachtaí Dhún Dealgan FC san Eoraip, nó i dtreo na mBóihéamach i samhradh 2021. Chomh maith leis sin, tá imreoirí óga na tíre ag imirt ag leibhéal ard, ag leibhéal sinsearach, rud a dhéanann forbairt orthu agus a thugann bunús láidir dóibh amach anseo.

Tá clubanna móra na hEorpa ag féachaint i dtreo na hÉireann d’imreoirí – Kevin Ze ag Inter Milan, Cathal Heffernan ag AC Milan, James Abankwah ag Udinese. Is deis iontach í do lucht peile na hÉireann réaltaí an todhchaí a fheiceáil, agus tacú le tionscal proi siúnta peile in Éirnn. Is cosúil nach bhfuil an páiste casta chomh deacair ná chomh trioblóideach sin ar deireadh thiar.

Feicim go bhfuil an LOI ina fhochultúr; ú amháin frithchultúr. Anseo, is feidir comparáid a dhéanamh leis an nGaeilge – is mionlaigh muid, ach mionlach le féiniúlacht láidir, le spiorad agus le comhluadar. Is réabhlóid í i gcoinne fórsaí móra peile nuaaimseartha, i gcoinne an Premier League agus corparáidiú an chluiche. Is gluaiseacht í dar liom, gluaiseacht phobalbhunaithe i dtreo struchtúr peile atá inbhuanaithe, atá sáite sna pobail áitiúla, agus atá ann mar fhaoiseamh agus mar mhacalla ó ré eile i gcluiche nach linne a thuilleadh. Go pearsanta, ní dóigh liom gur áibhéil a rá go bhfuil mo shaol nach mór bunaithe timpeall ar an LOI – caith súil ar mo Twitter más mian leat an ráiteas sin a fhíorú! Is leanúnaí de chuid Chumann Peile Loch Garman mé, agus bím ag taisteal timpeall na tíre – ó Loch Garman go Gaillimh, ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath - ag tacú leo.

Bhíodh paisean i gcónaí ionam don pheil, ach ó thosaigh mé ag tacú le Loch Garman agus leis an LOI go ginearálta, tá forbairt mhór tagtha ar an bpaisean agus ar an tsuim sin. Chomh maith leis sin, chuir an LOI in iúl dom lochtanna agus fuarchúis an Premier League; cé go bhfuil grá agam fós do Chelsea FC, is dócha go bhfuil athrú tagtha ar an gcaidreamh atá agam leo mar gheall ar an nasc níos doimhne atá agam leis an LOI agus le Cumann Peile Loch Garman. Bhuail mé le cairde mar gheall air – idir leanúnuithe, imreoirí agus bhainisteoirí! Is dócha go dtugann sé brí dom; ag taisteal timpeall na tíre, ag tnúth le cluichí, ag labhairt faoin tsraith,

ag cruthú nascanna le daoine mórthimpeall na tíre mar gheall ar an tsuim agus an paisean comónta atá eadrainn.

fi

fi

fi

31


An Gaorthadh Seán Ó hUallacháin

In omós do mhuintir an Ghaorthaidh, a chaill a mbaile.

Má shiúlann tú an bóthar siar Ó Chorcaigh go Maith Chromtha Tiocfaidh tú ar dhroichidín Ag gobadh amach ón abha An abha í? Nó lochán mór? Ní bhímse cinnte ariamh Ach rud amháin gan aon diúltú Níl cnocán ann, ná sliabh Lem shúile-se mílaoiseacha Níl os mo chomhair ach uisce Ní shamhlóinn go deo na ndeor Go mbeadh domhan ann i dtaisce Ach téir thar n-ais sa stair a chara Is chí idh tú na crainnte dara Tithe lán beochta, craice is saoil An leanbh óg is a mháthair chaol

Cuimhním ar an mblúirín ime Ag sleamhnú síos na glasraí uaine An bhean á gléasadh féin trathnóna An fear amuigh agus é ag baint mhóna Cuimhním ar na páistí óga An roide ag rince ar na bróga Na ba agus iad ag crú na gréine An fear sa teas gan stoca ná léine. Cuimhním ar na gúnaí dubha Nuair a chailltí duine áitiúil Mná caointe agus iad fé sheálta troma Na marbháin i gcónraí cama. Cuimhním leis ar lá na tuile Muintir an ghleanna is na deora á sileadh Fuaim an uisce, na tonnta go léir Nár hág ach droichidín fén spéir. Cuimhním ar na tithe báite Ar na croíthe briste cráite Seomraí leapan lán bradán Is smidiríní poircealláin – Tráth, i lámh. Anois, ar snámh.

f

f

32


BREAC Le Gorm hlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin Breac fé uisce geal srutháin Bricíní ar shróinín breac Bruacha breaca ar gach taobh Breacadh an lae ag breacadh Solais bhric ar bhreac Dá gcí inn breac breac breacthach Is gan alt agam do Bhreac Bhreacfainn nóta dom féin á rá liom Dán A bhreacadh Do Bhreac

DÚIL SA DIÚL Le Gorm hlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin Cén fáth gur bhainis greim asam? Cén fáth gur me do rogha? Cén fáth gur m’ huilse is fearr leat ól A sciortáinín ’tá dall? D’ hanais liom fé cheilt im’ ghruaig Gur shlíoc mo chraiceann nocht D’aimsís an áit ab hearr leat féin I lúb m’uillinne bhí bog. Do bhain tú plaic mhór asamsa Do dh’ól tú ann do sháith Go bhfeaca tú ansan ag diúl Ach dhiúltaíos do do ghrá.

f

f

f

f

f

f

Tharraigíos amach go brúidiúil tu Mar a dhéanfadh ainmhí Is do thógas cúrsa leighis dar ndóigh Mar a mhol na dochtúirí.

33


Snag Breac Antóin Ó Dúlaing

Is iú éan amháin is an ghruamacht, Dhá éan is anáil an tsonais, Trí éin is tórramh, Ceithre éin is bainis, Cúig éin is éalú go neamh, Sé éin is síoraíocht in ifreann, Seacht n-éin is rún, Ocht n-éin is aisling. Dá gcífí naoi nó níos mó buail bóthar go beo, nár lige Dia go mbéarfadh sé ort, nó is tusa a bheadh ag fulaingt go deo.

f

34


‘Sé an Babhdán caomhnóir na snaganna breaca anois.

I gcaitheamh aimsir Bhliana an Áir, tháinig spiorad dorcha ar an saol. N’fheadar cad as a dtáinig sé agus n’fheadar an mbeadh muintir Chorcaí slán choíche aríst.

Ní fhaigheann sé néal codlata ó dhubh go dubh. Coinnleoir is ea é, níos airde ná sceach shailí. Ní chaitheann sé ach giobail dhubha, is nuair athá sé ag triall sna fearainn nó sa Laoi, bíonn sé cosnochta gan amhras.

Bhí gráin aige don mhaitheas agus bhí dúil ag an spiorad i bfhuil daonna agus nuair a luigh sé isteach ar an bhfuil, bronnadh corp siciúil air.

Is beag glasraí a itheann sé… daoine amháin. Leanann fannléas aerga dubh ina dhiaidh. Deirtear nach bhfuil gealacán na súl air ach poill mhóra. Cois Laoi na Scuab a chuireann sé faoi, i ngarráin thuaidh na habhann. Ní fhacthas taobh laistigh dá Dhairbhothán lofa ‘riamh. Eisean a mharaigh Sióg Clíodhna an tSailigh. Mar is eol do chách, b’í Clíodhna an tsióg choimhdeachta ar Chorcach Mór na Mumhan fadó; a dhíbir an t-olcas, a chuireadh an dubh ina gheal agus a thugadh grás agus suaimhneas do shíothlóirí uilig. Bhíodh sciatha áille bána aici is gruaig fhionn fhada-chun-talún uirthi. Chaitheadh sí fallaing úr is bhán i gcónaí. Bhíodh a Sailtheachín Tuaithe lonnaithe cois Laoi chomh maith, san áit cheannan chéanna leis an nDairbhothán. Bhí dualgas ag Clíodhna nádúr Chorcaí a chaomhnú. Thug na snaganna breaca a cuid cumhachta di. Níor bheannaigh éinne don snag breac riamh ar eagla go mbrisfí támhnéal na n-éan leis an sióg.

Níor éirigh an ghealach oíche amháin i dtreo deiridh mhí an Mheithimh. Las an Babhdán na céadta tinte cnámh ar fud bhruach na habhann. Lig sé air féin go raibh sé gortaithe théis d’aibhleog dul isteach ina shúil. Bhéic sé amach “A Chlíodhna, A Bhanríon na ndaoine, A Shióig choimhdeachta, A Shlánaitheoir. Tabhair cabhair agus síocháin dom”. Tháinig Sióg an tSailigh ar ndóigh agus chuaigh sí chuige. Thóg sé sá daireach amach as a ghiobail agus sháigh sé isteach sa chroí í. Sula bhfuair sí bás chuir sí an Babhdán faoi gheasa nach bhféadfadh sé marú ach amháin trí dhraoícht na snaganna breaca. Chuir an Babhdán an Sailtheachín trí thine agus corp Chlíodhna leis agus thóg sé an Dairbhothán iná áit.

Lastar tinte cnámh ar fud na Mumhan ar an dtríúlá is chid de mhí an Mheithimh anois dá bharr.

fi

fi

35


Grianghraf Grianghraf Samhraidh Samhraidh le Darragh Ó Caoimh

cosnochtaithe sa tsáile, an bheirt againn ag siúl, ár mbróga id lámha, gan ionam ach airde glún, ag lapadaíl ar lá gan lí, mise dod leanúint máthair agus a leanbh mic ar thráigh na Rinne Rua

An Damhán Alla APRÈS WALT WHITMAN

Fíodóir foighneach gan fothram a dhearcas-sa, ina sheasamh ar rinn bheag, ina chaonaí, dhearcas mar a theilig uaidh, thairis agus faoi, snáithín i ndiaidh snáithín, go seasta síoraí ag fuáil is ag fí d’fhonn an folús mór fairsing mórdtimpeall air a thriall. Is a Anam liom, i do sheasamh ansan, scoite is scartha ag bóchna na beatha, gan do shuaimneas a cheapadh riamh, ach ag machnamh is ag triail, ag caitheamh uait snáithíní is ag síorlorg caor chun ceangailte nó go dtógfar droichead do dhiongbhála, nó go luífidh d’ancaire mín ina leabaidh, nó go raghaidh do shnátha in achrann in áit éigin, a Anam liom.

36


D’éalaíos Antóin Ó Trinlúin

Blúiríní bándearga ar chrainn shuanacha A d’fhógair deireadh na duibhe I lár Aibreáin. Bhaineas na geimhle dem’ fhréamhacha dreoite, De m’intinn shleabhctha, Is chasas siar. D’éalaíos; ar theitheadh ó chlastrafóibe na cathrach; Thar bhailte easpacha I dtreo an fholúis. Bhuaileas le fairsinge na farraige. D’fháiltigh sí romham. A rúndiamhair tréan. A dlínse éigríochta. A goirme domhain. Bhreith an féar mánla barróg ar mo chnámha spíonta, Fé rince na mbeach sa ghaoth anoir, Is mhothaíos mé féin ag leá Isteach sna haillte ársa. Faoiseamh anama. Síocháin ag rith trí mo chroí. Bhraitheas uaim í.

37


GRÁ GROÍ Seán Ó hUallacháin

Táim chomh tógtha san leat go dtaitníonn do chuid raiméise liom. Gach focal di. Slogaim siar gach gearán (is gach aon bhonn id sparán) mar tá’s agam go mbraitheann tusa amhlaidh.

Anáil

Mar sin, a ghrá, is cuma liom salach, bacach, nó scáfar. Scaipfead-sa síol inár ngairdín beag earraigh is is sinne gan mhoill a bheidh bláfar.

f

f

f

f

38

Cogar beag gaoithe ag rás tríd an spéir a dhéanann na plandaí sa ghairdín a chuimilt. Ritheann sé aníos ag teacht tríd an aer is tugann dom póigín san éadan. Is n’ headar cé eile an lá liuch seo geimhridh a gheobhaidh an póigín a lasann im chroí istigh an splaincín beag dóchais a hásann im chollain is a háisceann lena ucht mé mar gheansaí trom ollain. Gach aon ribe gruaige ar mo chosa is mo lámha ina sheasamh go láidir le tintreach an ghrá. Dúnann mo shúile ó oíche go lá, is cuirtear ag rince mo chroí is mo chnámha. Fuaim na gaoithe ina port i ngach cluais a dhúisíonn na sionnaigh i bhfolach ina bpluais. Ar análú amach dom tosnaím ag gáire is fágtar ansan mé – gan fuath, gan náire.


SÍOS

1 Réamhfhocal, "mar" is brí leis sa Bhéarla 3.. amach is beir leat do shár-ghaelgsa", Dáibhí ó Bruadair. Amach leat, bí ag cur díot 6 Caith nó gear (ainm bhriathartha) 7 Poimp is dínit, aisleacht is grástúlacht 14 Nil sé gach locht (ach tá saor na gcloch) 15 Obair bhreise le linn sheachtain drabhláis na mac léinn 16 Miotal ríluachmhar 17 Abair, amhrán nó focail cuir i gcás 18 "Ar ... na huaire", ar hap an tairne 20 “Inis. ainm fhileata ar Éirinn 21 Amhrán nó laoi eaglasta 23 Ceannaire tíre a chaitheann coróin 24 Réamhfhocal is briathar araon, a dúirt sé 25 Friseáilte, nua 26 Bainne úr friseáilte 29 Ardaigh, déan, glac, athairigh, máthairigh 32 Aoibhneas nó caitheamh aimsire 35 Marbh leis agus marbh gan é a deirtear 36 air amháin sa dá thuras 37 Tart nó spalladh mínádúrtha 38 Réamhfhocal a chiallaíonn agus nó chun 39 Maighdean, m.sh. Muire 40 Deatach ó uisce friochta nó puth 43 Éirí in airde, mór is ú 46 Ceangal, slabhra 48 Go deimhin, leoga 49 Fis " - ainm eile ar an mBradán Feasa 50 Áit trasnaithe ar abhann 53 Tagann ón smugairle róin is ón ngrian araon 55 Aisteach leis an Muimneach an rud is deas leis an gConnachtach 56 Clúdach éadaigh ar an gceann 59 Áit, poll nó clais 60 "Ní i gcónaí a bhíonn rith maith ag an … - seanfhocal 62 Clabhta amadáin 64 Ar nós óir? 65 Leathchúpla 90 síos 67 An meas nó an barr a bhíonn ar chrann, ar sceach, nó ar aon saghas planda 68 Planda a údáidtear chun leighis, nó chun blais sa chócaireacht - ní bhíonn brí inti muna bhfaightear in am i 70 Eilís a ..., banríon Shasana 71 Il.. anseo", gabh i leith 72 Ón airde síos 74 Agus an chopail? 76 Féach 53 trasna 77 Chun scríobh ar an gclár dubh 80 Slí nó bealach (ag tiomáint siar go Corca dhuibhne, abair) 82 Dath gruaige mós coitinata in Éirinn 83 Bréagfholt 85 Gléas ama nó tinneas coise 86 Saothar nó sclábhaíocht 88 Réamhfhocal 89 inn talún faoi choill 92 Beart cruithneachtan nó coirce ceangailte le chéile 93 Casadh i scéal nó i gcaint 94 Féach 54 síos 95 Faigh an ceann is fear (ainm bhriathartha) 96 Bruíon agus clampar 100 "Tá Tír na nÖg ar chúl an “ Seán Ó Ríordáin 101 Coscairt, dí-reo 103 Scar, chuir deireadh le 105 Caith deoch nó tobac 106 Tabhair cead, scaoil uait 108 Boilscigh, bolg 111 Seal ama, uain 112 Má bhíonn ceann ar lár ní bhíonn an rud iomlán 113 Scoláire óg nó deartháir altrama 114 Créatúr nó béist 115 Éan dubh a thug cuairt ar Phiaras Béaslaí is é i bhFrongach 116 Aitreabh an éin 117 Séipéal nó reilig

2 "Scoil... "- scoil ghearr nó scoil chois chlaí 4 Focal liteartha ar fhia 5 Comhaltaí, comhpháirteanna colainne 6 Lann agus faobhar uirthi 7 Il... á leagadh dhom" - Caoineadh Airt Uí Laoghaire 8 Réamhfhocal 9 Ór bun os cionn agus an iomarca de? 10 Seomra solasmhar spéiriúil, nó teach samhraidh. Bhí ceann ag Ailill fadó 11 Láidreacht, neart 12 Cáin a gearrtar ar thobac is ar ól 13 Alt na Gaeilge 17 Giobal éadaigh chun glantacháin 19 Réamhfhocal 22 "Mé" i nDún Chaoin 27 Dúirt go raibh amhlaidh, líomhain 28 Planda mór adhmadach nó cuaille (séimhiú ina thús) 30 Saill nó blonag chrua 31 Bac nó toirmeasc 33 Duine cráifeach beannaithe, "Oileán na ... is na nOllamh" 34 €irigh ar do chosa 39 Timpiste, tionóisc 41 Orgán nó faireog sa chop a ghlanann an fhuil 42 Tá campa sa chontae seo? 43 "Cogar...", caint faoi cheilt nó ganfhiosaíocht 44 Thug amach mar gheall ar reacht is dleacht an Stáit? 45 An rud a fháisctear nuair a bhítear ag crú na mbó 47 Duine liobarnach mishlachtmhar 51 tréimhse fhada ama 52 Eallach, beithigh 54 Cónasc sa Ghaeilge ach é coitianta i mBéarla an Tuaiscirt 57 Stop, eirigh as 58 "Is is gile ná an leamhnacht a ... " - Cailín Deas Crúite na mBó (amhrán) 59 "... éatar", clampar, rírá 61 Tragóid, íde nó tuillteanas 62 Geataire nó táth(lúide an litir "r") 63 Leathchúpla 94 trasna 66 Lí nó dath an chraicinn 69 Caith bia 73 "Im ... ar leataoibh sráide" - An Spailpín Fánach (amhrán) 75 Gáire giodamach 76 Borb nó grod 78 Stór, soláthar, agus béile i lár an lae 79 Smuga tirim ar bhionn ar na suile ar maidin 81 ".…. Naoighiallach" an fear a d'fhuadaigh Pädraig Naofa 83 Flaith reann 84 Cruth cruinn 87 An bhreis a íoctar ar iasacht 90 Focal a deirtear nuair a bhítear ag olagón is ag caoineadh 91 Gabh de chosa, siúl ar rud 92 Cineál faoi leith ainmhí, aicme 93 Colainn, cabhail 97 Caor nó cnap 98 Suaimhneas, sólás 99 Seift, scil, nó dream áirithe daoine 100 An briathar substainteach, aimsir láithreach 102 Mothúchán dearfach sástachta 104 Ordú nó treoir a gaithfear cloí leis, agus a mbíonn pionós ann má sháraítear i 107 Má bhionn sé ort le duine bíonn tú i bhfeirg nó crosta leis 109 Uair amháin nó "nuair" sna seanscéalta 110 Más cóngarach é don scornach is é a bhíonn práinneach!

fi

fi

TRASNA

39


CROSFHOCAL BREAC le Darragh Ó Caoimh

TRASNA

SÍOS

1 Réamhfhocal, "mar" is brí leis sa Bhéarla 3.. amach is beir leat do shár-ghaelgsa", Dáibhí ó Bruadair. Amach leat, bí ag cur díot 6 Caith nó gear (ainm bhriathartha) 7 Poimp is dínit, aisleacht is grástúlacht 14 Nil sé gach locht (ach tá saor na gcloch) 15 Obair bhreise le linn sheachtain drabhláis na mac léinn 16 Miotal ríluachmhar 17 Abair, amhrán nó focail cuir i gcás 18 "Ar ... na huaire", ar hap an tairne 20 “Inis. ainm fhileata ar Éirinn 21 Amhrán nó laoi eaglasta 23 Ceannaire tíre a chaitheann coróin 24 Réamhfhocal is briathar araon, a dúirt sé 25 Friseáilte, nua 26 Bainne úr friseáilte 29 Ardaigh, déan, glac, athairigh, máthairigh 32 Aoibhneas nó caitheamh aimsire 35 Marbh leis agus marbh gan é a deirtear

2 "Scoil... "- scoil ghearr nó scoil chois chlaí 4 Focal liteartha ar fhia 5 Comhaltaí, comhpháirteanna colainne 6 Lann agus faobhar uirthi 7 Il... á leagadh dhom" - Caoineadh Airt Uí Laoghaire 8 Réamhfhocal 9 Ór bun os cionn agus an iomarca de? 10 Seomra solasmhar spéiriúil, nó teach samhraidh. Bhí ceann ag Ailill fadó 11 Láidreacht, neart 12 Cáin a gearrtar ar thobac is ar ól 13 Alt na Gaeilge 17 Giobal éadaigh chun glantacháin 19 Réamhfhocal 22 "Mé" i nDún Chaoin 27 Dúirt go raibh amhlaidh, líomhain 28 Planda mór adhmadach nó cuaille (séimhiú ina thús) 30 Saill nó blonag chrua 31 Bac nó toirmeasc

Treoracha: Má tá ponc sa bhosca, is ionann sin is an litir a théann isteach ann a bheith séimh (.i. séimhiú air). Mar an gcéanna leis na sínte fada, atá curtha isteach cheana féin agam. Aon earráid nó dearmhad sa chrosfhocal is mise faoi ndeara é. Go n-éirí go geal libh


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.