Tuarascáil Bhliantúil 2005 agus Ráitis Airgeadais

Page 82

Aguisín 2: SPRIOC

Táscairí Feidhmíochta agus Dul Chun Cinn 1: IOMAÍOCHAS AGUS NUÁIL I DTALMHAÍOCHT

Tacú le forbairt earnáil talmhaíochta iomaíche, nuálaíoch agus earnáil atá dírithe ar thomhaltóirí Uimhir 1.17

1.18

1.19

Gníomhaíocht Straitéiseach Tús a chur le 11 tionscadal taighde (7 mbliana eolaíocha) ar mhaithe le húsáid a bhaint as forbairtí sna heolaíochtaí bitheacha d'fhonn cur le hiomaíochas agus nuáil san earnáil talmhaíochta.

Táscaire Feidhmíochta

Dul Chun Cinn

Céatadán de thionscadail taighde a críochnaíodh go sásúil.

Críochnaíodh tionscadal taighde amháin go sásúil in 2005.

Líon foilseachán agus tuarascálacha eolaíocha.

Cuireadh 14 foilseachán eolaíoch le chéile, mar aon le 20 tuarascáil teicniúil agus móréilimh.

Eolas nua a chruthú (19 tionscadal ag baint úsáide as 6 bliana eolaí) a cheadóidh anailís agus réamh-mheas na n-éifeachtaí a bheidh ag athruithe iarbhír agus molta ar mhargaí agus beartais ar leibhéil náisiúnta, earnála, feirme agus teaghlaigh agus comhairle taighde-bhunaithe a sholáthar do dhéantóirí beartais faoi fhorbairt roghanna beartais nua.

Céatadán tionscadal taighde a críochnaíodh go sásúil.

Críochnaíodh 9 dtionscadal go sásúil in 2005.

Líon foilseachán agus tuarascálacha eolaíocha.

8 bpáipéar measúnaithe agus 1 tuarascáil náisiúnta.

Líon seisiún eolais do cheannairí gnó agus lucht déanta beartais.

Ullmhaíodh roinnt tuarascálacha faisnéise do pháirtithe leasmhara: • Buntáistí barr géinathraithe; • Tionchar WTO ar thalmhaíocht in Éirinn; • Tionchar leasú trádála ar tháscairí ilfheidhmiúlachta; • Ionchur i múnla astaíochtaí amóinia EU RAIN (Líonra Faisnéise Bainistíochta Riosca an Aontais Eorpaigh); • Tuarascáil ar iomaíochas idirnáisiúnta táirgthe déiríochta; agus • Impleachtaí scaradh íocaíochtaí díreacha ar threo CBT amach anseo.

Suirbhé bliantúil a dhéanamh ar fheirmeacha in Éirinn (3 bliana eolaí) d’fhonn comparáid a dhéanamh idir anailís fiontair laistigh d’Éirinn agus comparáid a dhéanamh idir fheirmeacha Éireannacha agus ballstáit AE eile.

Tuarascálacha suirbhé

Sonraí airgeadais agus bainistíochta bailithe agus anailís déanta orthu (1,242 feirm) mar chuid den Suirbhé Feirme Náisiúnta (SFN).

An méid úsáide atá á baint ag Teagasc agus eagraíochtaí eile as sonraí suirbhé chun anailísí eacnamaíocha a dhéanamh ar fheidhmíocht chomparáideach feirmeacha agus fiontar feirme.

Críochnaíodh suirbhé teaghlaigh An Phríomh-Oifig Staidrimh ar shampla d’fheirmeacha SFN. Cuireadh faisnéis faoi dhul chun cinn feirmeoireacht in Éirinn ar fáil do EU FADN (Líonra Sonraí Cuntasaíochta Feirme an Aontais Eorpaigh). Bhain eacnamaithe talmhaíochta a lán úsáide as bunachar sonraí SFN.

Líon seisiún eolais faoi thalmhaíocht in Éirinn d’fheirmeoirí, ceannairí gnó agus lucht déanta beartais.

Tugtar torthaí SFN do pháirtithe leasmhara ar bhonn bliantúil.

82


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.