Tuarascáil Bhliantúil 2004 agus Ráitis Airgeadais

Page 1

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 04 &RÁITIS AIRGEADAIS

Údarás um Fhorbairt Talmhaíochta agus Bhia


TUARASCÁIL BHLIANTÚIL TEAGASC 2004 & RÁITIS AIRGEADAIS Chuig an Aire Talmhaíochta agus Bia De bhun Mír 13 den Acht Talmhaíochta 1988 (Taighde, Oiliúint agus Comhairle). Cuireann Údarás Teagasc a chuid tuarascálacha i láthair don Tréimhse 1 Eanáir 2004 to 31 Nollaig 2004.

Tá leagan Béarla den Tuarascáil seo ar fáil freisin. Déan teagmháil le Teagasc, Páirc na Darach, Ceatharlach. Fón: 059 9170200 Facs: 059 918 2097 ríomhphost: publications@hq.teagasc.ie


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Clár Ábhar Eolas faoi Theagasc . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 2 Ráiteas Misin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 3 Baill an Údaráis . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 4 Baill Fóchoist agus Údaráis . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 5 Bainistíocht Shinsearach Teagasc . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 6 Ráiteas an Chathaoirligh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 7 Athbhreithniú an Stiúrthóra . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 9 Cairt Eagair . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 13 Réamhrá don Tuarascáil Bhliantúil. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 14 Sprioc 1 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 15 Sprioc 2 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 23 Sprioc 3 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 30 Sprioc 4 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 34 Sprioc 5 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 41 Sprioc 6 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 45 Nascachtaí Tábhachtacha. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 54 Cur i bhfeidhm, Monatóireacht agus Tuairisciú . . . . . . . . . . . . . . 56 Dualgais Reachtúla . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 57 Ionaid Teagasc . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 58 An tAcht um Prapíocaíochtaí ar Chuntais, 1997 . . . . . . . . . . . . . 59 Ráitis Airgeadais . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 60

1


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Eolas faoi Teagasc do chónaitheoirí tuaithe agus do thionscal an bhia in ocht gcinn de choláistí, in ionaid áitiúla oiliúna agus in ionaid taighde.

Is é Teagasc – an tÚdarás um Fhorbairt Talmhaíochta agus Bhia – an eagraíocht náisiúnta a chuireann seirbhísí taighde comhtháite, seirbhísí comhairleacha agus seirbhísí oiliúna ar fáil do thionscal na talmhaíochta agus an bhia agus do phobail tuaithe. Bunaíodh Teagasc i mí Mheán Fómhair 1988 faoin Acht Talmhaíochta, 1988 (Taighde, Oiliúint agus Comhairle). Tá Údarás aon bhall déag i gceannas ar Teagasc. Is é an tAire Talmhaíochta agus Bia a cheapann an Cathaoirleach agus cúigear gnáthbhall; agus, anuas air sin, ceapann sé na baill eile tar éis dó moltaí a fháil ó eagraíochtaí sonraithe. Sa bhliain 2004 cuireadh seirbhísí ar fáil in ocht gcinn d’ionaid lántiomnaithe i dtaca le: próiseáil bhia, déiríocht, mairteoil, caoirigh, barra arúla. gairneoireacht, eacnamaíocht chomhshaoil agus forbairt tuaithe.

Sa bhliain 2004 bhí foireann 1,591 ag obair do Teagasc, idir fhostaithe buana agus fhostaithe faoi chonradh. Ina measc siúd bhí foireann ghairmiúil 757, foireann theicniúil 255, foireann riaracháin/chléireachais 248 agus foireann feirme/tís 331.

Chuir comhairleoirí áitiúla agus speisialtóirí réigiúnacha ó líonra d’ionaid réigiúnacha, d’ionaid chontae agus d’ionaid áitiúla comhairle neamhspleách ar fáil d’fheirmeoirí agus do chónaitheoirí tuaithe. Chuir múinteoirí agus teicneolaithe oiliúint ar fáil d’iontrálaithe óga, d’fheirmeoirí aosacha,

2


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Ráiteas Misin Is é seo a leanas Ráiteas Misin Teagasc: Bonn neamhspleách údarasach taighdeolais, mar aon le seirbhísí aistrithe teicneolaíochta agus oiliúna, a chur ar fáil i dtaca le forbairt inbhuanaithe an tionscal talmhaíochta agus próiseála bia, ionas go mbeidh an tionscal sin in ann freagairt go tairbheach d’éilimh agus do riachtanais tomhaltóirí agus freastal a dhéanamh ar shochaí agus ar eacnamaíocht bheo na tuaithe. Chun an misean seo a chur i gcrích, leagamar béim faoi leith ar: • Iomaíocht agus nuálaíocht a fhorbairt i dtaca le táirgeadh inbhuanaithe talmhaíochta agus leis an earnáil próiseála bia. • Anailís agus pleanáil a dhéanamh i dtaca le tionchar polasaithe ar earnáil an talamhbhia. • Cumas láidir acmhainní daonna a fhorbairt agus a chothabháil ar fud earnáil an talamhbhia. • Bonn sásúil eolaíoch a chur ar fáil do chinneadóirí chun sláine an bhiashlabhra agus an timpeallacht tuaithe a chosaint agus chun freastal a dhéanamh ar riachtanais tomhaltóirí. • Cumas a fhorbairt i dtaca le bitheolaíocht mhóilíneach agus cur leis an tuiscint atá againn ar orgánaigh bheo sa chaoi go mbeifear in ann tuilleadh úsáide a bhaint astu i dtionscal an talamhbhia. • Infheistiú leanúnach a chur isteach inár gcuid foirne agus inár gcuid córais eagrúcháin chun ardchaighdeán a bhaint amach i dtaca le soláthar seirbhísí, le rialúchán corparáideach agus le freagracht.

3


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Dr. Tom O’Dwyer Cathaoirleach D’oibrigh sé i roinnt post lárnach i gCoimisiún an AE sa Bhruiséil: Stiúrthóir Táirgí Beostoic; Príomhstiúrthóir Oideachais, Oiliúna agus Óige; agus Chef de Cabinet do bheirt Choimisinéirí AE.

Baill Údaráis Teagasc

Mr. James Beecher Rúnaí Cúnta sa Roinn Talmhaíochta agus Bia.

Prof. Patrick Fottrell Iar-Uachtarán Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh. Cathaoirleach, Fondúireacht Eolaíochta Éireann.

Mr. James Brett Stiúrthóir Bainistíochta, Grúpa Brett, Callain, Co. Chill Chainnigh.

Mr. Jerry Henchy Príomhfheidhmeannach Chomharchumann Dairygold Teo.

Mr. Ruaidhri Deasy Feirmeoir agus Uachtarán Ionaid Chumann Feirmeoirí na hÉireann.

Mr. Patrick J. Kelly Feirmeoir agus IarChathaoirleach Náisiúnta, Macra na Feirme.

Mr. Joe Fitzgerald Feirmeoir agus ball de chuid An Choiste Riaracháin agus de chuid Chumann Soláthraithe Bainne Uachtarlainne.

Ms. Anna May McHugh Stiúrthóir Bainistíochta, Cumann Treafa Náisiúnta.

Mr. Stephen Flynn Oifigeach Teicniúil de chuid Teagasc san Ionad Náisiúnta Taighde Bia, Baile an Ásaigh, Baile Átha Cliath 15, le foireann 15 faoine chúram.

Mr. Michael O’Dwyer Feirmeoir agus IarUachtarán Chomharchumann Eagraíochta na hÉireann.

4


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Ballraíocht Reatha Coistí Údaráis Teagasc Coiste Luacha Saothair

Coiste Comhairleach agus Oiliúna

Dr. Tom O’Dwyer (Cathaoirleach) Mr. James Beecher Mr. James Brett Ms. Anna May McHugh

Mr. Joe Fitzgerald (Cathaoirleach) Mr. Ruaidhri Deasy Mr. Stephen Flynn Mr. Patrick J. Kelly Ms. Anna May McHugh Mr. Michael O’Dwyer

Coiste Taighde

Coiste Iniúchta

An tOllamh Patrick Fottrell (Cathaoirleach) Mr. James Beecher Mr. Ruaidhri Deasy Mr. Stephen Flynn Mr. Jerry Henchy Mr. Patrick J. Kelly

Mr. Michael O’Dwyer (Cathaoirleach) Mr. James Beecher Mr. Jerry Henchy Dr. Tom O’Dwyer Mr. Ronan Tierney (Comhairleoiran Choiste)

Coiste Pearsanra agus Airgeadais Dr. Tom O’Dwyer (Cathaoirleach) Mr. James Beecher Mr. James Brett Professor Patrick Fottrell

5


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Mr. Jim Flanagan, Stiúrthóir

Bainistíocht Shinsearach Teagasc Mr. Pat Boyle, Ceannaire Stiúrthóireachta um Sheirbhísí Comhairleacha

Dr. Liam Donnelly,

Mr. Donal Carey,

Mr. Tom Kirley,

Ceannaire Stiúrthóireachta um Oiliúint agus Fhorbairt

Ceannaire Stiúrthóireachta um Chúrsaí Riaracháin

Ceannaire Stiúrthóireachta um Thaighde Bia

Dr. Seamus Crosse,

Mr. Peter Seery,

Ceannaire Stiúrthóireachta um Thaighde Talmhaíochta

Ceannaire Stiúrthóireachta um Sheirbhísí Bainistíochta

6


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Ráiteas an Chathaoirligh Bliain eachtrúil ba ea 2004 ó thaobh earnáil an talamhbhia de. Rinneadh tuilleadh leasuithe ar Chomhbheartas Talmhaíochta an AE agus, dá thoradh sin, rinneadh díchúpláil ó tháirgeacht ar íocaíochtaí tacaíochta an AE d’fheirmeoireacht agus tugadh isteach íocaíochtaí d’fheirmeacha aonair. Cuirfidh sé seo “saoirse feirmeoireachta” ar fáil agus beidh deis ag feirmeoirí aischuir a ghiniúint ón ionad margaidh. Dá thoradh sin, leagfar fócas as an nua ar eacnamaíocht agus ar éifeachtúlacht táirgeachta, mar aon le hardchaighdeán táirgeachta.

in Éirinn. Chomh maith leis sin chuidigh Teagasc go mór in obair Choiste Agri Vision 2015, ar foilsíodh a dtuairisc sa bhliain 2004. Tá tábhacht mhór fós ag baint leis an earnáil talambhia agus dí i gcúrsaí eacnamaíochta na hÉireann, le haschur bliantúil €16.6 billiún. Seasann sé seo do 8.8% d’OTI, do 8.4% d’onnmhairí agus do 9.1% d’fhostaíocht iomlán. Glacann Teagasc páirt thábhachtach sa tionscal luachmhar dúchasach seo, toisc é a bheith ina chuid lárnach d’fhorbairt agus d’fhorleathadh teicneolaíochtaí tábhachtacha d’fheirmeoirí agus do phróiseálaithe bia. Tá sé i gceist againn seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara agus do chustaiméirí de chuid ár seirbhísí taighde, comhairle agus oiliúna.

Bliain eachtrúil do Teagasc a bhí ann chomh maith. Rinneamar dul chun cinn trínár gcuid pleananna cuíchóirithe agus atheagraithe a chur i bhfeidhm de réir a chéile agus go hordúil. Mar chuid de sin rinneadh an phríomhoifig a athshuíomh ó Ascaill Dumhach Thrá i mBaile Átha Cliath go Teach Pháirc na Darach i gCeatharlach. Is cúis áthais dom a rá gur éirigh go maith linn sa mhéid sin agus go bhfuil príomhoifig fhuinniúil nua anois againn i gCeatharlach.

Admhálacha Bíonn Teagasc ag brath ar thacaíocht óna lán daoine agus eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus i dtionscal an talamhbhia chun cláir a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara agus do chustaiméirí.

De thoradh na n-athruithe seo, beidh Teagasc in ann tabhairt faoi na dúshláin nua a bhaineann le forbairt tionscal an talamhbhia. Chuireamar eolas ar fáil chun socraithe a dhéanamh maidir leis an gcaoi is fearr chun leasú CAP agus an Treoir agus an Plean Gníomhaíochta um Níotráití a chur i bhfeidhm

Tugaimid aitheantas don obair a rinne an tIar-Aire Talmhaíochta agus Bia, Joe Walsh, agus na hAirí Stáit, Noel Treacy agus Liam Aylward. Táimid buíoch díobh i ngeall ar an tacaíocht mhór a thug siad dúinn le tamall de bhlianta anuas. Tá súil againn go mbeidh comhoibriú ardchaighdeáin den chineál

7


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

linn na bliana 2004.

céanna againn leis an Aire nua, Mary Coughlan, agus leis na hAirí Stáit, Brendan Smith agus John Browne.

Foireann Is í an fhoireann príomhacmhainn Teagasc. Gabhaim buíochas leis an Stiúrthóir, Jim Flanagan, lena fhoireann bainistíochta agus lenár bhfoireann go léir i ngeall ar a gcuid dílseachta agus tacaíochta dúinn le linn na bliana 2004. Ba mhaith liom aitheantas speisialta a thabhairt do chomhoibriú agus do dhea-thoil na foirne, a raibh tionchar ag an gclár athstruchtúrtha orthu. Guím gach rath ar bhaill foirne a d’imigh ar scor le linn na bliana, cuid mhór díobh a thug seirbhís dhílis saoil don eagraíocht.

Gabhaimid buíochas le hArd-Rúnaí nuacheaptha an Roinn Talmhaíochta agus Bia, Tom Moran, agus lena chuid oifigeach, i ngeall ar a gcuid dílseachta agus tacaíochta. Gabhaimid buíochas freisin leis an Iar-Ardrúnaí, John Malone, agus guímid gach rath air amach anseo. Gabhaimid buíochas lenár gcuid comhghleacaithe sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí taighde, agus, anuas air sin, leis na comhlachtaí poiblí sna hearnálacha oideachais, comhshaoil, oidhreachta, agus sábháilteacht feirme agus bia. Táimid ag súil leis an gcomhoibriú céanna sa bhliain 2005.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le mo chuid comhghleacaithe ar Údarás Teagasc a léirigh dílseacht agus tacaíocht i rith na bliana.

Gabhaimid ár mbuíochas freisin leis na comharchumainn agus leis na comhlachtaí a ghlac páirt i gcláir chomhpháirteacha linn. Cuireann na naisc seo le luach ár gcuid gníomhaíochtaí agus cinntíonn siad go leagtar béim, inár gcuid clár, ar riachtanais áitiúla.

Tom O’Dwyer Cathaoirleach

Is mór againn dlúthcheangal a bheith againn leis na heagraíochtaí feirmeoireachta agus áitiúla agus leis na comhlachtaí a mbíonn baint acu leis na hearnálacha ionchuir, próiseála agus margaíochta, agus gabhaimid buíochas leo i ngeall ar an tacaíocht a thug siad dúinn le

8


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Athbhreithniú an Stiúrthóra amháin ann anois. Is é Liam Donnelly an ceannaire. Rinneadh forbairt mhór ar áiseanna sa dá ionad bia i mBaile an Áthasaigh, Baile Átha Cliath agus i bPáirc Uí Mhordha, Corcaigh, ionas go mbeidís in ann freastal ar riachtanais taighde agus oiliúna thionscal an bhia.

Tá cruth nua ar an Tuarascáil Bhliantúil, bunaithe ar spriocanna agus ar chuspóirí na heagraíochta de réir Ráiteas Straitéise Teagasc 2003-2005. Déantar cur síos soiléir ar na straitéisí a tugadh ar bord chun cuspóirí na sé sprioc a bhaint amach, mar aon leis na táscairí saothraithe agus leis an dul chun cinn a rinne an eagraíocht le linn na bliana 2004.

Sa bhliain 2004, lean an clár taighde leis an bhfócas ar fhorbairt agus ar fhorleathadh teicneolaíochtaí tábhachtacha chun earnáil tairgthe an talamhbhia a fhorbairt sa chaoi go mbeadh sí iomaíoch ar bhonn idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin cuireadh tús le próiseas atheagraithe taighde talmhaíochta, faoi stiúir an Dr. Seamus Crosse, i gceithre réimse faoi leith – Eolaíocht Ainmhithe, Eolaíocht Bharr, Úsáid Talún agus Taighde Tuaithe. Is éard is aidhm leis seo ná ionaid fheabhais a chur ar bun, ina mbeadh foirne taighde a dhéanfadh staidéar ar mhais chriticiúil.

Tharla athruithe móra i gcúrsaí talmhaíochta agus tuigeadh go mbeadh atheagrú i gceist ionas go mbeadh Teagasc in ann tacaíocht a thabhairt do thionscal an talamhbhia sna blianta atá le teacht. Le linn 2004 rinneadh pleanáil agus atheagar ar struchtúr bainistíochta Teagasc chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara. Aistríodh an Phríomh-Oifig ó Ascaill Dumhach Thrá i mBaile Átha Cliath go Teach Pháirc na Darach i Meán Fómhair 2004. Ghlac líon suntasach den fhoireann le Scor Luath Deonach agus b’é an phríomhchuspóir a bhí againn ina dhiaidh sin ná struchtúr feabhsaithe a bunú do na príomhfheidhmeanna riaracháin (Airgeadas, Acmhainní Daonna agus Teicneolaíocht Thionsclaíoch) trí phróiseas leathan earcaíochta).

Seirbhís Chomhairleach I ngeall ar thimpeallacht tionscal an talamhbhia a bheith ag síorathrú, rinne Teagasc athiniúchadh ar an tseirbhís chomhairleach, chun freastal ar riachtanais chliantfheirmeoirí agus ar thionscal an talamhbhia i gcoitinne. Tugadh struchtúr náisiúnta don tseirbhís, faoi stiúir Mr. Pat Boyle. Laghdaíodh an 28 aonad contae go 18 aonad bainistíochta lena chinntiú go gcuirfí mais chriticiúil ar fáil chun an tseirbhís a

Taighde Rinneadh athstruchtúrú ar thaighde bia sa bhliain 2004, agus níl ach stiúrthóireacht

9


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

sholáthar, chun speisialtóireacht a chur chun cinn agus chun áiseanna oifige a dhéanamh níos fearr. Bunaíodh struchtúr nua Clárbhainistíochta agus ceapadh clárcheannairí i dtaca le: Déiríocht; Stoc Tirim; Curaíocht; Forbairt Tuaithe; Bainistíocht agus Teicneolaíocht Feirme; agus Comhshaol.

An Todhchaí Ós rud é go bhfuil na struchtúir nua curtha le chéile, den chuid is mó, leagfar béim go ceann cúpla bliain ar chláir a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais fhorbartha thionscail na talmhaíochta agus an bhia, atá ag síorathrú. Taighde Chuireamar tús le straitéis nua taighde. Is é príomhaidhm na straitéise sin ná infheistíocht a chur ar fáil d’ionaid fheabhais chun eolas a thabhairt dóibh siúd a bhfuil baint acu le gnó na talmhaíochta agus an bhia, chun feabhas a chur ar éifeachtacht, ar chumas iomaíochta agus freagúlachta don mhargadh, agus chun polasaithe a fhorbairt a léireoidh meas ar an timpeallacht fhisiceach, chun bithéagsúlacht a chur chun cinn agus chun a chinntiú go ndéanfar daonra sláintiúil agus tuath shláintiúil a chothabháil.

Oiliúint agus Forbairt Chuir an Stiúrthóireacht um Oiliúint agus Fhorbairt, faoi stiuir Mr. Donal Carey, tús le próiseas athraithe, a chabhróidh le Teagasc freastal ar riachtanais earnáil an talamhbhia, atá ag síorathrú. Choimisiúnaigh an Fóram um Oideachas agus Oiliúint, faoi chathaoirleacht Prof. John Coolahan, athbhreithniú ar ár gCláir Oideachais agus Oiliúna. Foilseofar na moltaí roimh lár na bliana 2005. Tá aonaid fhorbartha Churaclaim, mar aon le trí aonad iomlánaithe Gairneoireachta, Foraoiseachta agus Muc, ina gcuid den Stiúrthóireacht um Oiliúint agus Fhorbairt, agus déantar gníomhaíochtaí taighde, comhairle agus oilúna a bhainistiú iontu.

Tá sé d’aidhm ag Teagasc taighde feidhmeach a cheangal le taighde bunúsach agus bonn eolais Teagasc a uasghrádú i dtaca le réimsí nua eolaíochta. I gcás eolaíocht ainmhithe, ciallaíonn sé sin go gcaithfear eolaíocht bhunúsach a chomhdhíriú in aon ionad amháin agus béim faoi leith a leagan ar chúrsaí géineolaíochta agus pórúchán ainmhithe agus réimsí nua mar geonomins, a mbíonn sé de chumas acu géinte a mbíonn tréithe áirithe acu a aithint. Leanfar le Cothú an Duine agus le forbairt agus mionchoigeartú chórais táirgthe mar chuid den chlár taighde. Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ag an eagraíocht an t-ionad taighde tuaithe a neartú agus fócas an ionaid sin a leathnú chun taighde a dhéanamh ar an daonra tuaithe i gcoitinne. Leagfar tuilleadh

Infheistíocht Chaipitiúil Lean Teagasc le clár um infheistíocht chaipitiúil chun tacaíocht a thabhairt do roinnt dá chuid príomchuspóirí sa todhchaí. Seo a leanas na príomhthionscnaimh: athshlacht a chur ar Theach Pháirc na Darach agus ar na háiseanna i gCionn Sáile, críoch a chur leis an obair san Ionad Eolaíochtaí Bitheacha Bia i bPáirc Uí Mhordha agus infheistiú sa Teicneolaíocht Thionsclaíoch ar fud na heagraíochta.

10


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

béime, sa chlár taighde bia, ar chúrsaí bia agus sláinte.

Oideachas agus Oiliúint Leagfar béim faoi leith ar chur i bhfeidhm phríomh-mholtaí Athbhreithniú an Fhóraim. Anuas ar a bheith ag freastal ar riachtanais iontrálaithe óga, beidh ar choláistí talmhaíochta na todhchaí tuilleadh iomlánaithe a dhéanamh trí oiliúint agus cláir thaighde a chur ar fáil do dhaoine fásta agus d’fheirmeoirí páirtaimseartha. Leanfaidh Teagasc air ag cur cúrsaí oiliúna tríú leibhéal, arna chreidiúint ag HETAC, ar fáil, suas go dtí leibhéal na gnáthchéime, i gcomhpháirtíocht leis na hInstitiúidí Teicneolaíochta. Anuas air sin cuirfidh na Coláistí an Teastas Gairmchúrsaí Talmhaíochta ar fáil d’fheirmeoirí páirtaimseartha ina gceantair féin i gcomhpháirtíocht leis na Seirbhísí Comhairleacha. Chun freastal ar riachtanais mhéadaithe oideachais agus oiliúna fheirmeoirí páirtaimseartha, cuirfear an Teastas Gairmchúrsaí Talmhaíochta ar fáil go háitiúil istoíche agus ag deirí seachtaine sna hAonaid Bhainistíochta go léir. De thoradh treoirchlár 180 uair an chloig ríomhfhoghlama a bheith curtha i gcrích, bunaíodh ríomhcholáiste nua agus tá sé i gceist againn réimse agus scóip na gcláir ríomhfhoghlama atá againn a leathnú. Tá sé i gceist againn cur leis na cláir fhoghlama fadsaoil, a chuireann oiliúint ar fáil do níos mó ná 8,000 feirmeoir aosach in aghaidh na bliana i láthair na huaire.

Comhairle De thoradh athbhreithnithe ar ár gcuid seirbhísí comhairleacha, beartaíodh an leibhéal speisialtóireachta sa tseirbhís teicneolaíochta agus gnó a neartú chun freastal ar líon níos lú feirmeoirí speisialaithe tráchtála. Beidh acmhainní suntasacha de dhíth chun freastal ar fheirmeoirí páirtaimseartha, cuid acu a mbeidh béim an-mhór acu ar thráchtáil, a fhad is a bheidh cuid eile acu ag feirmeoireacht ar mhodh leathan neamhdhíobhálach don timpeallacht. Déanfar seirbhísí comhshaoil a fheabhsú trí ríomh-Reps agus córais phleanála REPS ar-líne a sheoladh agus a fhorbairt chun pleanáil bhainistíochta i leith cothaitheach a chur ar fáil do chliaint neamh-REP. Leagfaidh an Clár Anailíse Roghanna béim faoi leith ar chomhairle a thabhairt dóibh siúd a dteastaíonn uathu gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus neamh-fheirmeoireachta a mheascadh le chéile chun leibhéal réasúnta ioncaim a bhaint amach. Tá mé an-dóchasach go n-éireoidh leis an tseirbhís chomhairleach nua-eagraithe mais chriticiúil a bhaint amach i dtaca le líon foirne agus le tacaíocht bhreise sa hAonaid nua Bhainistíochta. Cuirfidh an tseirbhís tacaíocht fheabhsaithe chléireachais agus Teicneolaíochta Thionsclaí ar fáil do chomhairleoirí, rud a thabharfaidh tuilleadh éifeachta agus éifeachtúlachta don eagraíocht agus, ar an gcaoi sin, cuirfear seirbhís níos fearr ar fáil d’fheirmeoirí agus d’áitritheoirí tuaithe.

Jim Flanagan Stiúrthóir

11


Iniúchadh Inmheánach

Teicneolaíocht Eolais agus Cumarsáide

Cúrsaí Airgeadais

Forbairt Foirne

Meastóireacht

Acmhainní Daonna

Forbairt Thar Lear

Comhordú Pleanála Straitéisí

Seirbhísí Tógála

Pleanáil Ghnó agus Bainistíocht Rioscaí

Seirbhís Ardchaigdeáin do Chustaiméirí

Tuairisciú Pleananna

Meastóireacht Seirbhísí Bainistíochta Taighde Sláinte agus Sábháilteacht Eolas agus Leabharlann Forbairt Náisiúnta

Seirbhísí Bainistíochta

Ceannairí na gCláir Thaighde

Ionad Bia Teagasc, Baile an Ásaigh

TÁIRGEACHT AINMHITHE ÚSÁID CHOMHSHAOIL AGUS TALÚN TÁIRGEADH BARR EACNAMAOCHT & FORBAIRT THUAITHE

Ceannairí na gCláir Thaighde

Geilleagar Tuaithe

Caisleán Bhaile Sheáin

Páirc na Darach

Ionad Taighde Táirgíochta Pháirc Uí Mhordha

An Ghráinseach / Baile Átha an Rí

Ionad Bia Teagasc, Páirc Uí Mhordha Teicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha Teo

Taighde Talmhaíochta

Taighde Bia

Riarachán

Struchtúr Bainistíochta Teagasc

Struchtúr Eagrucháin Teagasc

Stiúrthóir Cúnta Straitéis agus Pleanáil

Cláir Speisialaithe Chomhairleacha Bainistíocht agus Teicneolaíocht Feirme Déiríocht Stoc Tirim Curaíocht Comhshaol Forbairt Tuaithe

Stiúrthóir Cúnta Ceatharlach Corcaigh Thoir Corcaigh Thiar Ciarraí Cill Dara Cill Chainnigh Laois Luimneach Tiobraid Árann Thuaidh Tiobraid Árann Theas Port Láirge Loch Garman Cill Mhanntáin

Stiúrthóir Cúnta An Cabhán An Clár Dún na nGall. Baile Átha Cliath Gaillimh Liatroim Longfort Lú Maigh Eo An Mhí Muineachán Uí bhFáil Ros Comáin Sligeach An Iarmhí

Stiúrthóir Cúnta

Aonaid Bhainistíochta Cheantair

Dearbhú Curaclaim agus Cáilíochta

Foraoiseacht

Muca

Gairneoireacht

Cláir Fhorbartha

Coláistí Príobháideacha Goirtín An Creagá Pailís Chaonraí Baile an Bhairínigh

Coláistí Teagasc Béal Átha hÉis Cloich na Coillte Cill an Daltúnaigh Coláiste Gairneoireachta Taitneamhachta

Oiliúint agus Forbairt

Seirbhísí Comhairleacha

Caidreamh Poiblí agus Cumarsáid Chustaiméirí

Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Réamhrá don Tuarascáil Bhliantúil Cairt na hEagraíochta Tá struchtúr eagraíochtúil Teagasc le feiceáil ar an leathanach roimhe seo. Tá Ceannairí Stiúrthóireachta freagrach as spriocanna na heagraíochta a chur i bhfeidhm i de réir mar a bhaineann siad lena stiurthoireachtaí féin. Tuarascáil Bhliantúil Tá an Tuarascáil Bhliantúil curtha le chéile sa chaoi go bhfeicfear go soiléir cur i gcrích sé sprioc ardleibhéil na heagraíochta faoi mar a ndéantar cur síos orthu sa Ráiteas Straitéise 2003-2005. Feicfear sna caibidlí seo a leanas an dul chun cinn atá déanta maidir leis na spriocanna seo a chur i gcrích. Déantar cur síos ar na táscairí saothraithe agus dul chun cinn, mar aon le torthaí suntasacha gach straitéise. Spriocanna Teagasc Sprioc 1:

Cumas Iomaíochta agus Nuálaíochta i dtaca le Táirgeacht Talmhaíochta

Goal 2:

Cumas Iomaíochta agus Nuálaíochta i dtaca le Próiseáil Bia

Goal 3:

Inmharthanacht Tuaithe

Goal 4:

Córais Inbhuanaithe Talmhaíochta

Goal 5:

Sláine an Bhiashlabhra

Goal 6:

Eagraíocht níos Cumasaí, níos Éifeachtaí agus níos Éifeachtúla

13


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Sprioc 1: Cumas Iomaíochta agus Nuálaíochta i dtaca leTáirgeacht Talmhaíochta Earnáil iomaíoch nuálaíoch táirgeacht talmhaíochta a chur i gcrích chun ardchaighdeáin inbhuanaitheachta a chur ar fáil. Chun an sprioc seo a chur i gcrích, tá réimse straitéisí á gcur i bhfeidhm ag Teagasc chun • an t-eolas agus na teicneolaíochtaí atá riachtanach do tháirgeacht iomaíoch nuálaíoch talmhaíochta a chur ar fáil agus chun eolas ar pholasaithe a chur ar fáil • an teicneolaíocht agus an cleachtas is fearr a aistriú go feirmeacha agus go ceantair thuaithe.

1.1

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Taighde a dhéanamh chun béim a leagan ar chumas iomaíochta agus nuálaíochta san earnáil talmhaíochta agus i gceantair thuaithe

• Céatadán tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

25 tionscnamh leanúnacha; cuireadh i gcrích 100% de thionscnaimh a bhí le críochnú. 13 páipéar piar-athbhreithnithe, tuairisc náisiúnta amháin

• Cáilíocht agus cainníocht foilseacháin eolaíochta agus tuarascálacha

80 foilseachán teicniúil agus pobail

• Sonraí eacnamaíocha bunaithe ar chostais tairgeachta • Gormphriontaí nua táirgeachta

athrú mór amháin athrú mór i dtaca le gormphrionta do tháirgeacht éifeachtach bainne

Rinneadh taighde sna sé ionad taighde talmhaíochta: Páirc Uí Mordha, Páirc na Darach, Baile Átha an Rí, Caisleán Bhaile Sheáin, Cionn Sáile agus An Ghráinseach. Cuireann ceapachán Clárcheannairí Taighde go mór le comheagar an chláir.

14


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

1.2

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Córais bhainistíochta féarthailte agus réisímeanna cothaitheacha a fhorbairt i dtaca le táirgeacht éifeachtach bainne, mairteola, caoireola agus muiceola

• Céatadán tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

10 tionscnamh; cuireadh i gcrích 100% de thionscnaimh a bhí le críochnú 8 páipéar piar-athbhreithnithe

• Cáilíocht agus cainníocht foilseacháin eolaíochta agus tuarascálacha

25 páipéar teicniúil

• Éifeachtacht bhitheolaíoch fheabhsaithe

naoi gceardlann

• Gormphriontaí nua táirgeachta

Siompóisiam amháin

Is é príomhaidhm an chlár taighde déiríochta ná cur le féar innilte mar chuid de chothú ba déiríochta. Is léir ó obair a rinneadh i bPáirc Uí Mhordha, i dtaca le ba a fágadh ar féarach lasmuigh ó lár mhí Feabhra go mí Aibreáin agus a fuair 80% dá gcuid cothaithe ó fhéar, gur tairgeadh soláthar bainne a bhí ar aon leibhéal le ba a coinníodh laistigh ar shadhlas agus ar thiúchán 60%. Táthar ag dul ar aghaidh chun níos mó ná 70% d’fhéar innilte a bhaint amach i gcothú ba déiríochta le lao earraigh ar bhonn náisiúnta, mar aon le laghdú den chineál céanna i sadhlas agus i mbianna tiubhaithe costasacha. Léiríonn taighde crúite bó agus éifeachtacht oibre go gcaithfear éifeachtacht oibre agus fás gnó feirme a cheangal le chéile chun inbhuanaitheacht a chinntiú amach anseo. Rinneadh meastóireacht i bPáirc Uí Mhórdha ar inbhuanaitheacht na ba a chrú uair amháin in aghaidh an lae i gcomparáid le dhá uair in aghaidh an lae i dtaca le hionchur oibre agus le gníomhaíochtaí eile, táirgeacht agus cáilíocht bhainne san áireamh. De réir an taighde, cé gur tháinig laghdú 25% ar tháirgeacht bhainne, tháinig méadú 0.41% ar mhéathras bainne agus 0.21% ar phróitéin. Anuas air sin, tháinig méadú ar an ráta toirchis agus tháinig laghdú suas le 4% ar an ráta iontógála ábhair thirim, Is léir ó na torthaí seo, gur rogha inmharthana é na ba a chrú uair amháin in aghaidh an lae faoi chúinsí áirithe. Léiríonn taighde mairteola sa Ghráinseach gur chuir táirgeacht mhéadaithe bainne i mba diúil (sucker cows), ó lá go lá, le neartúchán conablaigh sleachta. Rinneadh comparáid sa Ghráinseach idir cúig ghéinitíopa de bha diúil – tháinig neartúchán conablaigh sleachta ó Limousin x Friesian agus ó Simmental x Limousin x Friesian, i ngeall ar tháirgeacht fheabhsaithe bhainne ach go háirithe. Léirígh taighde ar chomhábhair bhia do mhuca gur fhreagair fireannaigh iomlána, sa réimse meáchain

15


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

80-100 kgs (beo), do leibhéil níos airde béitín sa bhia ná mar a d’fhreagair cinn bhaineanna. Léiríonn an toradh seo go bhfuil buntáistí ag baint le haistí ar leith a bheith ann do chollaigh choillte throma agus do ghilteanna. B’é 2.15 an líon muc in aghaidh na cránach don bhliain do chliaint i gcomparáid le 20.0 do dhaoine nár chliaint iad. Tá tuiscint níos fearr ar na cúinsí a mbíonn tionchar acu ar ghníomhaíocht scannáin shíntigh ar shadhlas burláilte ag teacht chun cinn i ngeall ar obair chomhoibrithe a rinneadh le Coláiste Ollscoile na Banríona, Béal Feirste. Léiríonn an staidéar a rinneadh go gcuireann síneadh scannáin feabhas beagnach 30% ar airíonna bacainní gáis. De thoradh na hoibre seo déanfar forbairt ar mhodhanna burlála a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. 1.3

Strategy

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Develop technologies and systems to underpin the competitiveness of tillage crops

• Céatadán tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

24 tionscnamh; cuireadh i gcrích 100% de thionscnaimh a bhí le críochnú

• Cáilíocht agus cainníocht foilseacháin eolaíochta agus tuarascálacha

cúig pháipéar piar-athbhreithnithe

• Éifeachtacht bhitheolaíoch fheabhsaithe

trí thuarascáil náisiúnta

• Gormphriontaí nua táirgeachta

69 foilseachán teicniúil

Leanadh le taighde ar bharra curaíochta i bPairc na Darach – eorna gheimhridh, cruithneacht agus eorna earraigh san áireamh. Léiríonn na torthaí go dtí seo, cé gur féidir bunú plandaí a laghdú ar bheagán curaíochta sna blianta tosaigh, nach raibh mórán tionchair aige seo ar tháirgeacht ghráin agus léiríonn sé freisin gur féidir le córais, ar bheagán curaíochta, costais a ghearradh go suntasach agus scálaí níos airde a chur ar fáil. Ar an gcaoi chéanna, de thoradh taighde a rinneadh ar shaothrú biatas siúcra, fuarthas amach go mbíonn: níos lú biatas fiailí; soláthar méadaithe barr in aghaidh an heicteáir; agus soláthar méadaithe siúcra i gceist. Tá taighde idir lámha ar an gcaoi le feabhas a chur ar cháilíocht ghéiniteach fuinseoige agus bheithe. De thoradh baint a bheith ag Teagasc leis an gclár, RAP (Aithint Poitéinseál Fuinseoige – APF), forbraíodh modhanna chun fuinseog fheabhsaithe a fhorleathnú ina ngearrthóga agus trí mhicreafhorleathnú. Tá meastóireacht á déanamh ar na torthaí i láthair na huaire ag trialacha allamuigh i gCaisleán Bhaile Sheáin agus i mBéal Átha hÉis. Cuireadh tús le dhá thionscnamh taighde ar shaothrú glasraí agus torthaí boga agus tá ocht dtionscnamh idir lámha i láthair na huaire. Cuirfidh na tionscnaimh seo eolas teicniúil ar fáil, ar féidir é a úsáid chun: aschuir a mhéadú; ionchuir a laghdú; cáilíocht a fheabhsú; agus cumas iomaíochta a chothabháil do shaothraithe beacán, torthaí agus glasraí in Éirinn. 1.4

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Performance Indicators

Úsáid a bhaint as forbairtí sna heolaíochtaí bitheacha chun cumas iomaíochta agus nuálaíochta a chur chun cinn san earnáil talmhaíochta

• Céatadán tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

21 tionscnamh; cuireadh i gcrích in am cuí 67% de thionscnaimh a bhí le críochnú

• Cáilíocht agus cainníocht foilseacháin eolaíochta agus tuarascálacha

10 páipéar measúnaithe 18 tuarascáil theicniúil

• Éifeachtacht bhitheolaíoch fheabhsaithe

cúig cheardlann

• Cearta Paitinne agus Póraitheoirí

Cearta póraitheoir prátaí

16


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Leagadh béim, sa chlár ar mheasúnú priacail barr Géinathraithe (GM), ar thionchar theicneolaíocht GM ar an earnáil talmhaíochta agus ar an gcomhshaol ar aon. Sa taighde atá idir lámha i bPáirc na Darach, táthar ag iarraidh marcóirí géiniteacha, DNA-bhunaithe, a fhorbairt lena chur ar chumas póraitheoirí línte póraithe a roghnú, a mbíonn géinte le friotaíocht nádúrtha ar lotnaidí agus ar ghalair acu.

1.5

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Taighde a dhéanamh chun anailís agus teilgean tionchar dearbhathruithe agus athruithe molta margaí agus polasaithe ar leibhéil náisiúnta, earnála, feirme agus teaghlaigh a éascú agus chun roghanna nua polasaí a fhorbairt.

• Céatadán tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

22 tionscnamh; cuireadh i gcrích 50% in am cuí de thionscnaimh a bhí le críochnú

• Cáilíocht agus cainníocht foilseacháin eolaíochta agus tuarascálacha

21 tuarascáil náisiúnta eolaíoch

• Forbairt déanta ar roghanna polasaí agus curtha ar aghaidh chuig lucht cumtha polasaithe.

Dhá thionscnamh taighde tionscal-choimisiúnaithe

• Eolas tugtha do cheannairí gnó agus do lucht cumtha polasaithe

45 tuarascáil theicniúil

In ainneoin gnóthaithe i gcorrlaigh dhéiríochta sa bhliain 2002, déanfar athruithe i bpolasaí bainne an AE chun an praghas a íoctar ar bhainne a laghdú tuairim is 4% sa bhliain 2005, cé go bhfuil dearfacht ag baint le forbairtí margaidh. Tháinig laghdú ar ollchorrlaigh eallaigh sa bhliain 2004 in ainneoin sárshéasúr innilte agus gnóthú praghsanna mairteola a bheith ann. Níor leor na cúinsí dearfacha seo chun laghdú i luach íocaíochtaí díreacha a chealú. Meastar gur ar leas feirmeoirí a rachaidh an forluí a tharlóidh sa bhliain 2005 de thoradh an athraithe ó íocaíochtaí díreacha go hÍocaíochtaí Feirmeacha Aonair. Meastar go dtarlóidh instealladh ioncaim €550m sa bhliain 2005 i ngeall ar an bhforluí seo. Bhí soláthairtí eisceachtúla granbharr ann sa bhliain 2004. Mar shampla, bhí méadú 18% ar sholáthairtí cruinneacht gheimhridh agus eorna earraigh i gcomparáid leis an mbliain 2003. Bhí ollchorrlaigh bhiatas siúcra níb airde ná i 2003, i ngeall ar sholáthairtí méadaithe ach go háirithe. Tháinig titim níos mó arís ar líon caorach sa bhliain 2004; tháinig méadú beag ar an líon caorach baineann. Meastar do dtiocfaidh titim ar an líon cránacha sa bhliain 2005 i ngeall ar riachtanais leasa ainmhithe, ar chostais bhreise de thoradh Treoir Níotráití a bheith molta, ar riachtanais cheadúnaithe agus ar ghanntanas daoine óga a bheith ag teacht isteach san earnáil. Léirigh staidéar ar a bhfuil ar intinn ag feirmeoirí go nglacfaidh siad le cur chuige “fan go bhfeicfimid” maidir le forbairtí sa tionscal. Ar an iomlán, is éard a bhí i gceist ná gníomhaíochtaí caorach agus gránbharr a laghdú agus gníomhaíochtaí foraoiseachta a mhéadú. Bhí sé ar intinn ag feirmeoirí infheistíocht 22% níos mó ná mar a bhí sa bhliain 2003 a chur isteach ina gcuid fiontar. Sa bhliain 2004, rinneadh Suirbhé Náisiúnta Áiseanna Feirme ar son an Roinn Talmhaíochta agus Bia. Cuirfidh sé seo meastachán níos cruinne ar impleachtaí costais i dtaca le huasghrádú áiseanna feirme ar fáil do lucht molta polasaí. Rinneadh mórshuirbhé ar chumas iomaíochta na talmhaíochta in Éirinn sa bhliain 2004. Léirigh sé sin, cé go raibh iomaíocht ag baint le mórfhiontair nuair nach raibh ach costais airgid i gceist, go raibh cumas iomaíochta na hÉireann olc go leor i gcomparáid le tíortha eile, nuair a cuireadh costais talún agus oibre san áireamh.

17


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

1.6

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Eolas fisiceach agus eolas airgeadais a ghiniúint ar fheirmeacha monatóireachta chun gormphriontaí i leith aistriú teicneolaíochta a mheas agus a fhorbairt.

• An líon feirmeacha monatóireachta

Déiríocht – 112 Mairteoil – 28 Curaíocht – 13 Foraoiseacht – 29 Caoirigh – 14

• Feabhas i bhfeidhmiú teicniúil agus i bhfeidhmiú airgeadais ar fheirmeacha monatóireachta,

Méadú10% ar bhrabúsacht

• Tuarascálacha curtha chun cinn

Meastóireacht déanta ar Fheirmeacha Monatóireachta

• Tairbhe chostas aistriú teicneolaíochta ar fheirmeacha monatóireachta

Méadú10% ar bhrabúsacht

Bhunaigh Teagasc 167 Feirm Mhonatóireachta ar fud na tíre. Sa bhliain 2004 baineadh usáid fhorleathan as na feirmeacha seo le haghaidh Siúlóidí Feirme, Cruinnithe Pléghrúpaí agus meastóireacht gníomhaíochta teicniúla agus airgeadais, go hárithe i dtaca le chomhchláir leis an tionscal. Léirigh meastóireacht a rinneadh ar Fheirmeacha Monatóireachta déiríochta gur éirigh leis na feirmeacha seo spriocanna éifeachtachta teicniúla i gcoitinne a bhaint amach.

1.7

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Clár forghníomhach aistriú teicneolaíochta go dtí an tseirbhís chomhairleach agus go dtí an tionscal a chur i bhfeidhm

• Cúrsaí oiliúna do chomhairleoirí

naoi gcúrsa

• Laethanta oscailte, ceardlanna agus siompóisiamaí don tionscal

Ceithre lá oscailte

• Foilseacháin phobail

114 foilseachán pobail

• Tuarascálacha tionscnamhchríche

17 tuarascáil tionscnamhchríche

• Dlútheagráin theicniúla

Ghlac Ionaid Taighde Teagasc páirt i gclár cuimsiheach aistrithe teicneolaíochta agus eolais go dtí an tseirbhís agus go dtí an tionscal le linn 2004. Reáchtáileadh Laethanta Oscailte rathúla i bPáirc na Darach, sa Ghráinseach, i bPáirc Uí Mhordha agus i Solchóid.

18


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

1.8

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Cláir chomhairleacha, bainteach leis an tionscal, a fhorbairt agus a chur ar fáil

• An méid pearsanra comhairleach agus oiliúna i dtaca le foirne taighde tráchtearraí atá insuite

Comhdhéanamh foirne breisithe tráchtearraí á chur i gcrích faoi láthair

• Feabhas curtha ar éifeachtacht táirgeachta ag leibhéal na feirme

Spriocanna éifeachtachta teicniúla curtha i gcrích ar thromlach na bhFeirmeacha Monatóireachta

• An líon cláir fhiontair curtha ar fáil chun freastal ar tháirgeacht chostaséifeachtach • An líon cliant do na cláir theicniúla agus ghnó

1.9

• An líon pléghrúpaí

Pléghrúpaí Déiríocht 230 Eallach 55 Caoirigh 17 Curaíocht 22

• An líon pleanálaithe costasrialaithe/monatóirí brabúis

Monatóirí Brabúis Déiríocht 900 Eallach 200 Caoirigh 41 Curaíocht 33 Gairneoireacht 13

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Gafacht an tionscail i gcláir Teagasc a uasmhéadú

• An líon comhchlár idir Teagasc agus an tionscal

An líon comhchlár – Déiríocht 12 Eallach 7 Curaíocht 1

• Maoiniú faighte ó thionscal • Ionadaíocht Tionscail ar chlárfhoirne tráchtearraí

Chuir an Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Comhairleacha, trína chlár oibre, trína chomhchláir le tionscal na talmhaíochta agus trína cuid gníomhaíochtaí oiliúna seirbhísí díreacha ar fáil do 35,000 cliantfheirmeoirí faoi chonradh sa bhliain 2004. Chuaigh comhairleoirí ar 51,000 cuairt feirme agus rinne siad beagnach 44,000 seisiún comhairliúcháin oifige sa bhliain 2004. Baineadh úsáid as na cuairteanna feirme agus as na seisiúin chomhairliúcháin chun cur le forbairt leanúnach gnó feirme d’fheirmeoirí. D’fhreastail ceithre mhíle feirmeoir ar ghrúpchruinnithe rialta de chuid 324 Pléghrúpa. Leag na Pléghrúpaí seo, faoi stiúir chomhairleoirí agus speisialtóirí, béim faoi leith ar éifeachtacht theicniúil agus ar fheabhsú brabúis. Tharla athruithe suntasacha in earnáil na déiríochta le linn na bliana. Rinne na príomhchliaint a bhí ag freastal ar ghníomhaíochtaí Pléghrúpaí brabús 20c/lítear. D’éirigh le cuid mhór díobh brábús méadaithe idir 10 agus 18% a dhéanamh. Bhí baint ag an eagraíocht le dhá Chomhchlár déag i dtionscal na déiríochta sa bhliain 2004. Rinneadh na cláir seo i gcomhpháirtíocht le Arrabawn, Centenary, Carberry, Connacht Gold, Dairygold, Glanbia, Kerry,

19


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Lakeland/Town of Monaghan, Tipperary/Thurles Co-Op agus Wexford. Léiríonn tuarascálacha ó na cláir seo gur bhain feirmeoirí rannpháirteacha amach laghdú ar chostais ionchur, méadú ar tháirgeacht gach bó, laghdú ar leibhéil bheathaithe gach bó, laghdú ar leibhéil nítrigine, méadú ar bhrábús in aghaidh an lítir agus méadú ar bhrabús feirme i gcoitinne. Bhí baint ag Feirmeacha Monatóireachta Stoic Thirim le clár cuimsitheach meáite eallaigh agus taifeadtha eolas airgeadais agus bainistíochta agus is iad na cuspóirí a bhí i gceist ná costais a laghdú agus pórúchán a fheabhsú. Léiríonn aischuir ó na Feirmeacha Monatóireachta go bhfuil siad i measc an 25% feirmeacha eallaigh is fearr ar bhonn náisiúnta nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis an Suirbhé Náisiúnta Feirmeacha. Ba de thoradh admhálacha biseacha €190 in aghaidh an heicteáir, den chuid is mó, a tharla aschur airgeadais na bhfeirmeacha stoic thirim ab fhearr. D’éirigh leis na feirmeacha ab fhearr a gcuid biseach go léir a choimeád agus beagán lena chois sin. Léirigh torthaí ó na Feirmeacha Monatóireachta agus ó na Monatóirí Brabúis go raibh ní ba mhó stoic ar na feirmeacha diúil ab fhearr agus gur tháirg siad 302kg mairteola in aghaidh an heicteáir. Chabhraigh an t-aschur ard seo leis na feirmeoirí sin €75/heicteár breise de bhisigh a bhaint amach. Bhí brabús €600/heicteár ag na feirmeacha neamhphóraithe ab fhearr. Ach, i gcomparáid le feirmeacha diúil, bhí leibhéal íseal stoic ar na feirmeacha seo agus, dá bhrí sin, bhí ráta fairsingithe níb airde i gceist. Ar an iomlán, rinneadh brábús níb airde i gcásanna ina raibh éifeachtacht theicniúil ar fheirmeacha. Sa bhliain 2004, bhí táirgeacht ghránbharr 2.53 tonna méadrach – méadú 385,000 tonna méadrach i gcomparáid le 2003. De thoradh sárfhómhar na bliana 2003 méadaíodh an t-achar chruinneacht gheimhridh a cuireadh ó 60,600 heicteár go 73,500 heicteár. Tháinig méadú 7% ar an achar gránbharr go 309,900 heicteár. Meastar go raibh an táirgeacht bhiatas siúcra ab airde riamh ann – 55 tonna méadrach/heicteár i gcomparáid le 45 tonna méadrach/heicteár sa bhliain 2003, agus bhí an t-ábhar siúcra os cionn 16.75% – rud a bhí sásúil go leor. Meastar, ó bhaint shamplach phrátaí a rinne Bord Bia/Teagasc, gurbh é táirgeacht phrátaí na bliana 2004 an ceann ab fhearr riamh. Meastar go raibh táirgeachtaí indíolta 48.2 agus 40.8 tonna méadrach/heicteár Rooster agus Kerr’s Pink, sa bhliain 2004, i gcomparáid le 35.8 agus 28.5 sa bhliain 2003. Thug an fhoireann Chomhairleach tuairim is 1,100 cuairt ar shuímh fhoraoiseachta le linn na bliana. Reáchtáileadh cúig thaispeántas réigiúnach, mar aon le 82 siúlóid fhoraoiseach. Chomh maith leis sin, bhí gníomhaíochtaí eile ann – mar chomhairliúchán oifige, cheardlanna agus chlinicí. Tugadh 1,500 cuairt ar shuímh, stoc plandlainne san áireamh, mar chuid d’obair an Chlár Chomhairleach Gairneoireacht. Anuas air sin, chuireamar áiseanna ar fáil do 13 pléghrúpa agus reáchtáileadh comhdhálacha, laethanta oscailte, gearrchúrsaí agus foilseacháin. Bhí praghsanna muiceola 9% níb airde ná mar a bhí i 2003. Phléigh an tseirbhís chomhairleach le 217 cliant – 440 cuairt, ceardlanna, comhdháil agus nuachtlitir san áireamh.

1.10

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Cláir ghairmoideachais agus oideachas tríú leibhéal a fhorbairt d’aosaigh agus d’iontrálaithe nua talmhaíochta agus gairneoireachta

• Líon daoine ag glacadh páirte

3,466 ag freastal ar ghairmchúrsaí 671 ag glacadh páirte i gcúrsaí tríú leibhéal Cúrsaí 100 uair agus 80 uair déanta ag 900 duine 9,299 ag glacadh páirte i gcúrsaí d’aosaigh

20


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Déantar an chuid is mó d’oiliúint iontrálaithe óga i gcoláistí de chuid Teagasc. Chun freastal ar an líon mór feirmeoirí páirtaimseartha atá ag teacht chun cinn, reáchtáileadh cúrsaí oíche agus deireadh seachtaine. Oibríonn an Stiúrthóireacht um Oiliúint agus Fhorbairt i gcomhpháirt leis an Stiúrthóireacht Chomhairleach chun oiliúint fheirmeoirí páirtaimseartha agus oiliúint aosach a chomhordú. Tá athbhreithniú agus forbairt leanúnach á ndéanamh ar chláir ghairmoideachais agus oideachas tríú leibhéal atá ann cheana. Le linn 2004, rinneadh forbairt ar threoirchúrsa do luathfhágálaithe scoile agus do dhaoine ar míchumas foghlama, a mbeadh Teastas i Scileanna Talmhaíochta le fáil uaidh. Reáchtáileann Coláiste Chill an Dáltúnaigh agus Gairmscoil Mhóin Choinn, Co. Chill Chainnigh an cúrsa seo i gcomhpháirt le chéile. Le linn 2004, rinneadh tuilleadh tástála ar thionscnamh an treoir-ríomh-Choláiste agus tá sé réidh le dul ar aghaidh anois. Cuireadh tús le cúrsa nua i gColáiste Talmhaíochta an Ghoirtín agus cuirfear ‘Ardteastas Talmhaíochta – Bainistíocht Stoic Thirim’ ar fáil. Toisc cláir oideachais agus oiliúna a bheith creidiúnaithe ag Údarás Náisiúnta na gCáilíochtaí (NQAI), ionchorprú de HETAC agus FETAC, ardaíodh stádas na gcáilíochtaí ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuirtear cúrsaí Teagasc ar Chreatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí, rud a thugann tuilleadh aitheantais naisiúnta agus idirnáisiúnta do na dámhachtainí seo. Le linn 2004, ghlac beagnach 3,500 páirt i ngairmchúrsaí agus ghlac 671 páirt i gcúrsaí tríú leibhéal. Ghlac os cionn 9,000 páirt i gcúrsaí d’aosaigh, 1,300 bean ina measc.

1.11

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Seirbhísí teicneolaíocha, anailíseacha agus gaolmhara a chur ar fáil do thionscal an talamhbhia agus d’úsáideoirí eile

• Réimse seirbhísí curtha ar fáil

Anailís ithreach Anailís uisce Anailís siúcra féir

• Téarnamh costais ó sheirbhísí

Tá an téarnamh costais ag druidim le 100% faoi láthair

Chuir Teagasc seirbhís chuimsitheach anailíse ithreach ar fáil sa tsaotharlann ithreach i gCaisleán Bhaile Sheáin. Cuirtear riandúile nítrigine (N), fosfair (P) agus potaisiaim (K) agus miotail throma, mar aon le riachtanais aoil, ar fáil chun réimse leathan cineálacha bairr a fhás. Cuireadh deireadh leis an tseirbhís anailíse uisce sa bhliain 2004.

1.12

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Seirbhísí pleanála airgeadais agus gnó feirme a chur ar fáil

• Líon cliant ag úsáid monatóirí brabúis

Anailís déanta ar 1,490 monatóir brabúis

Ghlac 260 feirmeoir páirt i gcúrsaí Gnó agus Teicneolaíochta i 2004. Bhí baint ag na cúrsaí seo – agus iad dírithe ar fheirmeoirí aosacha – le réimsí áirithe d’aistriú teicneolaíochta agus de bhainistíocht ghnó feirme. Moladh d’fheirmeoirí Anailís Monatóireachta Brabúis a dhéanamh ar a gcuid fiontar. Leanadh le feabhas a chur ar inniúlacht Teicneolaíocht Feirme agus chomhairleoirí an tseirbhís ghnó agus rinne 32 comhairleoir, múinteoir agus speisialtóir an Dioplóma Iarchéime i mBainistíocht Airgeadais Feirme in Institiúid Teinceolaíochta Phort Láirge.

21


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

SPRIOC 2: Cumas Iomaíochta agus Nuálaíochta i bPróiseáil Bia Earnáil phróiseála bia, dírithe ar an margadh, iomaíoch agus nuálaíoch ar bhonn náisiúnta a chruthú. Chun an sprioc seo a bhaint amach tá Teagasc: • ag cur eolais agus teicneolaíochtaí ar fáil i dtaca le hiomaíocht agus le nuálaíocht earnáil phróiseáil bia na hÉireann. • ag aistriú teicneolaíochtaí go comhlachtaí bia agus ag cur le scileanna in earnáil an bhia. I dtaca le taighde bia, ba idirbhliain í 2004, nuair a cuireadh timthriall ceithre bliana maoinithe chun críche i gclár an Tomhas Taighde Institiúideach Bia (FIRM) agus in ullmhúchán polasaithe do thimthriall nua. Bhí baint ag an gclár taighde bia leis na réimsí taighde seo a leanas: Sábháilteacht Bia, Comhábhair bhia, Feolta, Bianna Ullmhaithe Tomhaltóirí, Cáis, Táirgeachtaí Coipthe Déiríochta agus Bianna Feidhmiúla. Bhain gníomhaíochtaí lasmuigh díobh sin le hoiliuint i gcúrsaí bia, le haistriú teicneolaíochtaí agus le treoirsheirbhísí teicniúla plandaí. Rinneadh 101 tionscnamh taighde ar fad. 2.1

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Taighde a dhéanamh ar cháilíocht agus ar nuálaíocht táirgeachtaí i dtionscal bia na hÉireann

• Líon tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

31 tionscnamh

• Cáilíocht agus cainníocht foilseachán agus tuarascálacha eolaíocha

32 foilseachán measúnaithe 194 foilseachán eile

22


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Rinneadh tionscnaimh shubstaintiúla thaigde sna réimsí seo a leanas: Taighde Cáiseanna Rinneadh tionscamh leanúnach i rith na bliana ar chúinsí a mbíonn tionchar acu ar cháis Chéadair agus bhí cuid mhór idirghníomhaíochta leis an tionscal déiríochta i gceist san obair seo. Is éard atá sa tionscnamh ná dhá phríomhchineál iniúchta: treoirthrialacha ar mhonarchana chun tionchar paraiméadair éagsúla phróiseála mar choinníollacha paistéaracháin, chineálacha binide agus comhdhéanamh bainne ar éifeachtacht déanta cáise a mheas; agus suirbhé ar na monarchana déanta cáise go léir in Éirinn chun cleachtais agus éifeachtacht déanta cáise a mheas. Tá sé mar mhórsprioc ag an tionscal déiríochta, go háirithe agus praghsanna ag titim ar an margadh, eolas a chur ar fáil i dtaca le céimeanna éifeachtacha próiseála chun costais phróiseála cáiseanna mar thráchtearraí a laghdú. Roghnaíodh brandaí cáis Céadair, a raibh díol mór orthu, ó mhargadh na hÉireann agus rinneadh tástáil ar a gcomhdhéanamh agus ar a gcuid innéacsanna ceimiceacha chun comhathruithe idirbhranda agus ionbhranda a mheas. Tá an staidéar sin ag dul ar aghaidh fós, ach de réir réamhthorthaí, tarlaíonn comhathruithe móra idirbhranda taobh istigh de pharaiméadair chomhdhéanta eochaircháilíochta. Rinneadh staidéar turgnamhach ar cháiseanna beagmhéathrais i 2004 agus sainaithníodh áiseanna próiseála éifeachtacha, a chuireann le cáilíocht Mozzarella beagmhéathrais, faoi mar a chonachthas i méadú boige na cáise agus in airíonna breisithe cócaireachta. Ar an iomlán, léiríonn na torthaí gur seift éifeachtach é idirghabhálacha próiseála a úsáid chun Mozzarella beagmhéathrais le feidhmiúlacht shaincheaptha a fhorbairt. Rinneadh dul chun cinn mór i dtaca le blasanna cáise le blianta beaga anuas agus tá tuiscint níos fearr againn ar na próisis cheimiceacha a mbíonn tionchar acu ar fhorbairt bhlasanna. Ach, faraor, níl tuiscint iomlán againn ar na modhanna seo agus is fada uainn go fóill réimse agus cothromaíocht na gcomhdhúl a bhaineann le gníomhaíocht bhlasanna. Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an taighde ar na príomhphróisis cheimiceacha a mbíonn tionchar acu ar fhorbairt bhlasanna agus ar thionchar lipolysis (miondealú méathrais) ar bhlasanna. Forbraíodh Saineolas Suntasach i dtaca le Cáis Géinathraithe Einsíme (EMC), comhábhar tábhachtach blais de chuid sneaicbhianna. Tá tionscnamh ar bun faoi láthair agus is é an cuspóir atá leis ná blasanna nádúrtha a fhorbairt trí phróisis bhitheolaíocha a úsáid. Rinneadh scagadh ar chultúir chéaduaire tráchtála chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcumas blasanna cáise a chruthú trí úsáid a bhaint as einsímí eisigineacha. Léirigh an dul chun cinn a rinneadh le linn na bliana gur féidir réimse an-leathan táirgí EMC a chruthú trí húsáid a bhaint as an gcur chuige seo. Is iad na EMCs seo príomhfhoinse blasanna cáise i dtáirgí fliucha agus tirime anlann cáise.

23


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Baineadh úsáid as speictreascópacht NIR chun aibíocht cháiseanna agus roinnt saintréithe céadfacha (“briosc”, “rubarach” “béalchótach” agus “maischruthaítheach”) a réamhaithris chomh cruinn agus go bhféadfaí iad a úsáid sa tionscal. Is féidir aibíocht cháiseanna a réamhaisnéis go dtí taobh istigh de mhí amháin tríd an teicníc seo a úsáid. I dtaca le taighde feola, leanadh ar aghaidh leis an obair chun táirgí agus teicneolaíochtaí nua a fhobairt chun tionscal iomaíoch idirnáisiúnta feola a chruthú. De thoradh béim a leagan ar mhairteoil agus ar tháirgí feola, bisithe ar bhonn cothaitheach, táirgeadh feoil úr, a raibh próifíl thairbheach aigéid shailligh inti, agus táirgí mairteola, a raibh leibhéil bhisithe an aicéid shailligh CLA (aigéad líonoiléach comhchuingeach) iontu. Taighde Feola Go sainiúil, fuaireamar amach, nuair a thugamar tiúcháin, saibhrithe le hola ó phlandaí, d’eallach ar féarach, go raibh tionchar tairbheach aige sin ar chomhábhar aigéid shailligh meatán agus méathrais i gcomparáid le hinnilt nó sadhlas / tiúcháin ina n-aonar. B’í ola lus na gréine, thar aon ní eile, ab éifeachtaí chun cur le tiúchan CLA. Is éard is mairteoil “Tenderbound” ann ná próiseas teo-dhíchnámhaithe matán (tuairim is dhá uair an chloig i ndiaidh maraithe) agus cosc a chur ar chrapadh na matán ina dhiaidh sin. Réitíonn sé sin ceann d’fhadhbanna dianseasmhacha an tionscal mairteola – cáilíocht neamhréireach itheacháin. Léirigh trialacha i measc tomhaltóirí gur bhraith beagnach 80% díobh go raibh mairteoil “Tenderbound” ní ba bhoige. Tá suim mhór ag lucht tionscail sa teicníc seo anois. Forbraíodh córas gníomhach nua pacáistithe do ghearrthaí mairteola agus taispeánadh do lucht tionscail é. Is nós coitianta anois é, go háirithe sa Ríocht Aontaithe, pacáil lárnach gearrthaí feoil úr mhiondíola a dhéanamh, sa chaoi nach ndéantar mórán búistéireachta na pacáistithe i siopaí anois. I láthair na huaire cuireann próiseálaithe feola in Éirinn gearrthaí ardchaighdeáin i vac-phacáistí ar fáil do mhonarcana pacáistithe thar lear, áit a ndéantar ullmhúchán miondíola agus athphacáistiú orthu. Dá mbeadh córas pacáistithe ann chun gearrthaí miondíola a choinneáil úr go dtí go bhféadfaí iad a sheachadadh ar fud na hEorpa, d’fhéadfaí deireadh a chur le vac-phacáistiú agus laghdófaí ar an méid ábhar pacáistithe a úsáidtear. Chomh maith leis sin bheadh deis ag próiseálaithe Éireannacha stiúir a choinneáil ar tháirgí go dtí an pointe díolacháin. Seans go gcuirfidh an Córas Gníomhach Pacáistithe an deis sin ar fáil. Forbraíodh réimse táirgí mairteola breisluacha agus cuireadh ar bun é sa tionscal. Cuireann ceathrú tosaigh an bheithígh poitéinseal ar fáil do tháirgí breisluacha, mar bíonn 50% de mheáchan an chonablaigh inti, agus gan inti ach 25% dá luach. Scaradh matáin iomlána ón gceathrú tosaigh agus tuigtear anois go bhfuil siad oiriúnach chun táirgí breisluacha a sholáthar. I measc na dtáirgí seo tá stéigeanna agus spólaí rósta a dhéantar trí mhatáin, agus na féitheoga bainte amach astu, a leasú. Ní mór próiseas boigeachta a úsáid don chuid is mó de na matáin. Taispeánadh go bhfuil modh nua próiseála, folúsphreabadh, ann chun feabhas a chur ar uigeacht. Is féidir cur leis trí sháile agus, i gcásanna áirithe, bhlaistiú mairteola a chur isteach. Bíonn na táirgí seo blasta agus tá poitéinseal maith tráchtála ag baint leo. Tá próiseálaí fiontair beag-meánmhéide amháin (SME) ag forbairt na dtáirgí mairteola breisluacha seo, faoi dheontas ó Fiontar Éireann, le hIonad Bia Teagasc i mBaile an Ásaigh mar chonraitheoir taighde. Tá soláthairtí gnáthspeicis éisc ag éirí gann agus tá speicis neamhchoitianta ag dul i dtábhacht. Tugann na speicis seo dúshlán dúinn i dtéarmaí inghlacacht tomhaltóirí agus ó thaobh luach a chur leo. Taighde Eisc Léirigh trialacha rathúla picilte ar fhilléid amha, roghnaithe ó speicis áirithe, go bhfuair tuinnín bán i bpicilí salannbhunaithe (ajun, arrabbiata nó tandoori) rátáil ard inghlacachta ó phainéil bhlaiste; agus tharla an rud céanna i gcás píosaí de langa gorm i bpicilí siúcra-bhunaithe (piri piri, cilí agus coriander, líomóid agus piobar nó meascán Síneach). Táthar ag dul ar aghaidh leis na trialacha seo faoi láthair le roinnt speicis éisc eile. Tá cuid mhór trialacha ceimiceacha, fisiceacha agus micreabhitheolaíocha á ndéanamh ar na samplaí chun cur leis na sonraí a fuarthas ó na panéil bhlaiste Léiríodh na torthaí os comhair 24 pearsanra ó 17 comhlacht bia farraige ag ceardlann bia farraige in Ionad Taighde Bia Teagasc, Baile an Ásaigh, i mí Iúil 2004. Tharla cuid mhór aistriú teicneolaíochta agus comhairliúcháin leantaigh dá bharr.

24


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

2.2

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Úsaíd a bhaint as forbairtí sna heolaíochtaí bitheacha chun nuálaíocht a chur chun cinn i dtionscal an bhia

• Líon paitinní

Dhá cheann

• Cur i bhfeidhm agus trialacha déanta

11

Is éard is aidhm do thionscnamh, atá beagnach curtha i gcrích i réimse na n-eolaíochtaí bitheacha, ná seicheamh iomlán géiniteach Lactobacillus helveticus DPC 4571, cultúr lachtach a mbíonn tionchar dearfach aige ar bhlas cáiseanna, a ghiniúint. Go dtí seo, d’éirigh linn roinnt géinte a aithint, a chabhróidh linn cáiseanna a aibiú. B’í seo an chéad bhliain ghníomhaíochta ag Ionad Cógasbheathach an Bhia (APC), maoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann – ionad fíorúil idir Ionad Bia Teagasc i bPáirc Uí Mhordha agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a bhfuil sé d’aidhm aige iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag flóra inní ar shláinte an duine. Mar chuid de chlár APC i bPáirc Uí Mhordha, aithníodh roinnt cultúr a raibh sé de chumas acu Clostridium Dificile, an t-orgánach is cúis le tinneas urlacain in ospidéil, a chosc; agus táthar dóchasach go bhféadfar iad seo a úsáid mar bhunús do chultúir fhorbheathacha agus d’ábhair nua frithmhiocróbacha chun galair dhíbhlithe a chosc. Táthar ag cur aithne ar chomhábhair bhithghníomhacha ó fhoinsí bia. D’aithin taighdeoirí peiptíd fhrithmhiocróbach ó cháiséin bhuaibheach, a bhfuil sé de chumas aici Enterobacter sakazakii – an t-ábhar salaithe i bhfoirmle leanaí is cúis le meiningíteas i leanaí – a mharú. Táthar ag ullmhú cáise forbheathaí faoi láthair, a forbraíodh i bPáirc Uí Mhordha roimhe seo, le dul trí reachtaíocht an Tionscnaimh um Chomhéilimh Shláinte sa Ríocht Aontaithe. Chomh maith leis sin, léirigh taighde go bhfuil sé de chumas ag siúcraí inchoipthe agus ag aigéid shailleacha áirithe inmharthanacht fhorbheathach a chosaint le linn idirthurais ghastraigh. I ngeall ar fhorbairtí a rinneadh i dtaighde ainmhithe, chuir an treoshuíomh eolaíoch nua chuig anailís transcriptome agus proteome, féidearthachtaí ar fáil chun fáisneoirí móilíneacha (géinte nó polamorfachtaí ardrialaithe) a fhionnadh chun fás matán agus tréithe cáilíochta feola a rialú. Is teicníc chumasach é próifíliú léiriú géine fhíocháin matánaigh chun géinte agus finí géine a mbíonn baint acu le tréithe cáilíochta feola a aithint.

2.3

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Tuiscint ar éilimh thomhaltóirí agus ar riachtanais chustaiméirí a chur ar fáil chun treoir a thabhairt do nuálaíocht agus d’iomaíocht

• Maoiniú iomaíoch faighte

€0.134m

• Leibhéal maoinithe tionscail

25


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Uirlis shofaisticiúil is ea samhail an Nós Maireachtála Bia-Choibhneasa (FLR) a úsáidtear chun margaí bia a dheighilt de réir dhearcadh custaiméirí agus éileamh i leith ullmhúchán ceannaithe agus tomhaltas táirgí bia. Baineadh úsáid as an nós seo i margaí bia na hÉireann agus na Breataine chun iad a dheighilt i ngrúpaí tomhaltóirí a raibh nósanna éagsúla bia-choibhneasa acu. Stíl Mhaireachtála a Bhaineann le Cúrsai Bia Tar éis anailísiú sonraí a dhéanamh, aithníodh sé mhír a raibh nósanna éagsúla bia-choibhneasa (FRL) ag baint leo sa dá mhargadh. Is iad na hainmneacha a tugadh orthu in Éirinn ná: héadónach, fíor-neamhbhainteach, eachtrúil, coimeádach, díograiseach agus measartha. Tugadh na hainmneacha seo a leanas orthu sa Bhreatain, na sneaiceoirí; daoine míchúramacha, neamhbhainteacha, réasúnacha, eachtrúla agus coimeádacha. Trí aidhm a bhí leis an staidéar seo: anailís a dhéanamh ar iompar tomhaltais tomhaltóirí bia; iniúchadh a dhéanamh ar iompar tomhaltais sé mhír thomhaltóirí; agus fáil amach an raibh ceangal ar bith idir iompar tuaraiscithe agus dearbhiompar. Cuireadh críoch rathúil leis an tionscnamh seo le seacht bhfoileachán eolaíocha, dhá cheardlann tionscail, rannpháirtíocht i ndá cheardlann náisiúnta eile agus ag trí chomhdháil thábhachtacha idirnáisiúnta. Anuas air sin bhain trí chomhlacht bia úsáid as na torthaí agus tá úsáid á baint ag Bord Bia as an ionstraim chun staidéar a dhéanamh ar thomhaltas torthaí agus glasraí. Athsholáthar Glútain Ar bhonn domhanda, meastar go dtiocfaidh méadú faoi dheich ar líon na ndaoine atá ag fulaingt ó ghalar céiliach sar i bhfad, sa chaoi go mbeidh margadh mór ann do tháirgí gránbhairr saor ó ghlútan. Léirigh taighde margaidh go bhfuil droch-cháilíocht ar chuid mhór de na táirgí atá ar díol faoi láthair. Rinne taighde Teagasc iniúchadh ar réimse leathan foinsí stáirse (rís, prátaí), foinsí próitéine agus snáithín (próitéiní déiríochta, próitéiní éisc, inslin), agus gumaí (xanthan, konjac) mar athsholáthraitheoirí glútain i bhfoirmlithe arán giosta saor ó ghlútan. Baineadh úsáid as samhaltú matamataiciúil/teicnící staitistiúla chun meascán optamach comhábhar a roghnú agus tá ardcháilíocht foirmlithe aráin, saor ó ghlútan, ar fáil do chomhlachtaí báicéireachta i láthair na huaire. Bhí torthaí dearfacha, i dtaca le cáilíocht agus le hinghlacthacht aráin, saor ó ghlútan, ag seisiún blaiste de chuid Chumann Céiliach na hÉireann agus rinneadh léiriú ar na sonraí ag a gCruinniú Cinn Bhliana i mí na Samhna 2004. Truaillmheascadh Bia Is fadhb shuntasach é truaillmheascadh bia do thionscal an bhia agus ní mór do chomhlachtaí teacht ar mhodhanna sciobtha, costaséifeachtacha, neamhdhíobhálach don timpeallacht, chun monatóireacht agus bailmheas a dhéanamh ar iontaofacht amhábhar agus ábhair bhia ag teacht isteach sa slabhra miondíola ar bhonn leanúnach. Agus ní mór an bailmheas seo a dhéanamh le linn réad-ama. Tá úsáid á baint as teicnící speictreascópacha, as modhanna íogair scartha agus as gnásanna ilathráideacha matamaiticiúla chun prótacail a fhorbairt do ghnáthscagadh roinnt bianna mar mhil, purée torthaí (sú craobh agus sú talún), shúnna torthaí (oráiste agus úll) agus ola olóige extra virgin. Rinne tomhaltóirí meastachán hipitéiseach ar dhá tháirge ghéinathraithe (GM) dara glúin, iógart agus leathán déiríochta. Cuireann táirgí bia géinathraithe dara glúin táirbhí áirithe ar fáil do thomhaltóirí agus, i gcás an staidéir seo, tairbhí sláinte. Is léir ó na torthaí don dá tháirge nach bhfuil mórán dúile ag tomhaltóirí iógairt agus leathán déiríochta in Éirinn i dtáirgí géinathraithe. Ach léiríonn torthaí na hanailisé deighilte go bhféadfadh táirgí déiríochta géinathraithe dara glúin – agus iad lipéadaithe go soiléir – scair shuntasach de mhargadh bia na hÉireann a sholáthar.

26


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

2.4

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Clár forghníonmhach aistriú teicneolaíochtaí agus comhairle a chur i bhfeidhm do chomhlachtaí bia Éireannacha

• Líon nuálaíochtaí táirgí/próiseas tairgthe do lucht tionscail

25

• Méid taighde coimisiúnaithe tionscail curtha ar shonrasc

€1.6m

• Líon laethanta oscailte agus siompóisiam do lucht tionscail

Seacht Dtaightte

• Iontógáil taighde faoi mar a ndearnadh meastachán air trí ghníomhaíocht iartheachtach tráchtála

85

• Líon táirgí a ndearna lucht tionscail tástáil orthu

25

• Líon custaiméirí bia SME ar tugadh cabhair dóibh

10

Reáchtáileadh ceardlanna agus cúrsaí oiriúnaithe oiliúna ar phróiseáil cáise, ar éifeachtacht déanta cáise, agus ar ghalú agus triomú do chliaint chorporáideacha ilnáisiúnta. I láthair na huaire, is é Ionad Pháirc Uí Mhordha rogha roinnt mhór comhlachtaí ilnáisiúnta i dtaca le forbairt phróiseála agus le hoiliúint. D’eagraigh an tIonad, i dteannta le INRA (An Fhrainc) an dara Siompóisiam Idirnáisiúnta ar Spraethriomú i gCorcaigh i mí Dheireadh Fómhair 2004. Léiríonn naisc nua chomhoibritheacha idir dhá chomhlacht ilnáisiúnta bia agus comhlacht ilnáisiúnta biteicneolaíochta an tábhacht a bhaineann le clár eolaíochtaí bitheacha Ionad Taighde Bia Teagasc. Anuas air sin, b’é Ionad Pháirc Uí Mhordha an príomhionad a raibh baint aige le trí cheardlann RELAY, ag déileáil le héifeachtacht déanta cáise, le huigeacht cáise agus le comhábhair sheacláide. Tá Páirc Uí Mhordha fós ag feidhmiú mar shuíomh óstaigh do thionscnamh RELAY, tionscnamh trasinstiúideach, a scaipeann eolas faoi Thomhas Taighde Institiúideach Bia (FIRM) do chomhlachtaí bia. Lean an tIonad air ag cur tacaíochta ar fáil do lucht déanta cáise i dtaca le cothabháil cáilíochta, trí chlár atá maoinithe ag FSAI (An tÚdarás um Shábháilteacht Bia – Éire) agus ag Fiontar Éireann. Lean an fochomhlacht treoirghléasra, Teicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha (MTL), air ag cur lena ghnó agus lena bhonn custaiméirí sa bhliain 2004. Tháinig méadú 15% ar ioncam cíosa i gcomparáid le 2003, an méadú ab airde ó chomhlachtaí ilnáisiúnta agus ó earnáil bia na hÉireann i gcoitinne. Tá plean straitéiseach nua á chur le chéile, clár infheistíochta chun áiseanna a chur ar fáil do chustaiméirí ar mian leo fanacht go fadtéarmach ar champas MTL san áireamh. Tá éileamh leanúnach ar MTL mar shamhail chun nasc a chruthú idir taighde poiblí agus lucht tionscail. Cuireann ár gclár nuálaíochta le cumas nuálaíoch na gcomhlachtaí móra bia agus tacaíonn sé le forbairt fiontar beag/measartha trí sheirbhísí aistrithe nuálaíochta agus teicneolaíochta a chur ar fáil. Déantar an méid sin trí hoiliúint a chur ar fáil agus trí thaighde ar chonarthaí agus sheirbhísí comhairlithe a chur ar fáil i dtaca le forbairt táirgí, le hanailís chéadfach agus le bailmheas próiseas. Eagraíodh ceithre chomhdháil idirnáisiúnta bia-eolaíochta, ceann amháin acu ar an téama "Thinking Beyond Tomorrow", mar aon le 11 ceardlann sa bhliain 2004.

27


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

2.5

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Cúrsaí oideachais agus oiliúna, creidiúnaithe ar bhonn náisiúnta, a fhorbairt agus a chur ar fáil d’earnáil an bhia

• Líon cúrsaí nua oiliúna creidiúnaithe (FETAC)

5

• Líon iomlán cúrsaí curtha ar fáil

110

• Líon daoine ag freastal ar chúrsaí

1,500

• Aiseolas ó chustaiméirí

Dearfach

Mar chuid dár straitéis chun cúrsaí oiliúna, creidiúnaithe ar bhonn náisiúnta, a fhorbairt agus a chur ar fáil d’earnáil an bhia, cuireadh roinnt tionscnamh nua ar bun. Glactar leis, go forleathan, gur príomhriachtanais iad oiliúint agus forbairt acmhainní daonna i bhforbairt earnáil an bhia. D’fhorbair agus dheimhnigh Teagasc réimse nua curaclaim oiliúna faoi Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann. Forbraíodh agus deimhníodh ceithre churaclam nua oiliúna le linn 2004. Líon na cúrsaí seo bearnaí maidir le deiseanna oililúna in Éirinn. Rinneadh taighde i gcomhpáirtíocht le UCD agus le Roinn Sábhailteacht Bia Teagasc, Baile an Ásaigh i dtaca le léirmhíniú ar sheiceáil Feola agus Circeola Úire an AE ar Rialacháin Ghinearálta Sláinteachais 2003. Dá thoradh seo cuireadh cúrsa nua creidiúnaithe agus nóta treorach do chirceoil ar fáil don Roinn Talmhaíochta agus Bia agus do lucht tionscail. Tá an teicníc seo á húsáid sa tionscal anois agus glacann lucht rialúcháin leis go gcomhlíonann sí an reachtaíocht is déanaí. Mar gheall ar obair a rinneadh i gcomhpháirt le FÁS, forbraíodh cúrsa díchnámhaithe agus chuir FÁS chun cinn é in earnáil na feola. Cuireadh 22 cúrsa ar fáil do 1,500 rannpháirtí faoin gClár Oiliúna Bia Tús Áite. Cuireadh clár comhairle agus comairliúcháin fhorghníomhaigh ar fáil freisin. Tá ag éirí linn, de thoradh ár gcuid oibre sa réimse seo, cur le cumas earnáil an bhia sábháilteacht a cuid próiseas agus a cuid táirgí a chinntiú

28


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

SPRIOC 3: Inmharthanacht Tuaithe Teaghlaigh feirme a chumasú chun inmharthanacht a chur i gcrích agus chun eacnamaíocht agus sochaí bheomhar tuaithe a sholáthar. Chun an aidhm seo a chur i gcrích beidh roinnt straitéisí á gcur i bhfeidhm ag Teagasc chun • Teicneolaíochtaí agus eolas a ghiniúint, a bheadh riachtanach i bhforbairt chumas acmhainní daonna teaghlaigh feirme.

3.1

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Taighde a dhéanamh chun bonn straitéiseach eolais a chur ar fáil chun tacú le hinmharthanacht leanúnach cheantair thuaithe agus le bunú fiontar forlíonach agus deiseanna fostaíochta i gceantair thuaithe

• Céatadán tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

75% curtha i gcrích cheana

• Cáilíocht agus cainníocht fhoilseacháin agus tuarascálacha eolaíocha • Maoiniú iomaíoch faighte

Trí chonradh Creatlaigh AE ceadaithe

• Méid aistriú eolais go tioncal

€0.120m Cistí Spreagtha faighte

• Roghanna polasaí forbartha agus aistrithe go lucht déanta polasaí

Dhá chomhdháil náisiúnta curtha i gcrích agus tús curtha le Staidéar

Léirigh staidéar, a rinneadh i gcúig cheantar tuaithe i nGaillimh, difríochtaí móra i dtreochtaí daonra idir ceantair iargúlta thuaithe agus iad siúd a bhí in aice le hionaid uirbeacha. Tháinig méadú daonra suas go dtí 50% ar cheantair in aice le hionaid uirbeacha idir 1996 agus 2002. Os a choinne sin, níor tháinig mórán athruithe – nó tháinig laghdú – ar dhaonra ceantar iargúlta le linn na tréimhse céanna.

30


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

I gceantair atá in aice le ceantair uirbeacha, níl ach an séú cuid de chinn teaghlaigh ina bhfeirmeoirí i gcomparáid le breis is 50% i gceantair iargúlta. I gceantair iargúlta, tá céatadán ard den daonra scortha nó dífhostaithe. Tá níos lú ná 29% de theaghlaigh ag brath ar fheirmeoireacht amháin mar ioncam. Bíonn comaitéireacht suas go 100 míle in aghaidh an lae coitianta go leor dóibh siúd a bhíonn fostaithe. Dúirt sealbhóirí tí i gceantair iargúlta gur easpa inrochtana post agus easpa iompair phoiblí a bhí ag cur as dóibh. Dúirt sealbhóirí tí go raibh mothú slándála agus mothú sábháilteachta ar chuid de na buntáistí a bhain le bheith ina gcónaí i gceantair uirbeacha. Tá impleachtaí móra ag baint leis an staidéar seo, a bhaineann leis an tír ar fad, do straitéisí a chaithfear a úsáid chun fostaíocht a chruthí i gceantair thuaithe. Léirigh Suirbhé Náisiúnta Feirmeacha Teagasc 2003 go raibh fostaíocht taobh amuigh den fheirm ag feirmeoirí/céilithe ar 50% d’fheirmeacha i gcomparáid le 48% sa bhliain 2002. Tharla sé seo, den chuid is mó, ar fheirmeacha mairteola agus caoireola.

3.2

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Anailís roghanna agus clár pleanála feirme a chur ar fáil do theaghlaigh feirme

• Líon rannpháirtithe

Ghlac 5,700 teaghlach feirme páirt sa Chlár Anailíse Roghanna

• Líon feirmeoirí ag tabhairt faoi oiliúint d’fhiontair fhorlíonacha le poitéinseál saothraithe ioncaim

Thug 25% de rannpháirtithe faoi/nó d’fhorbair siad fiontair fhorlíonacha oiliúna

• Líon feirmeoirí ag cur lena stádas inmharthanachta

Rinne 3,300 feirmeoir réamhcheangaltas ar phlean gníomhaíochta chun feabhas a chur ar inmharthanacht

31


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

B’é an ghníomhaíocht a rinne an tSeirbhís um Inmharthanacht Tuaithe sa bhliain 2004 ná an Clár Anailísithe Roghanna. Chuir an clár seo Anailísiú Roghanna agus Measúnú ar Phleanáil Feirme, mar aon le Réamhphlean Gníomhaíochta, ar fáil do theaghlaigh feirme. Ghlac beagnach 5,700 teaghlach feirme páirt sa Chlár Anailísithe Roghanna agus ullmhaíodh tuairim is 3,300 Reamhphlean Gníomhaíochta. As 200 rannpháirtí sa Chlár Anailísithe Roghanna, dúirt 25% de na teaghlaigh feirme a ndearnadh suirbhé orthu gur chuidigh an clár leo teacht ar sheifteanna chun cur le hioncam an teaghlaigh. Shíl formhór na rannpháirtithe gurbh fhiú an clár, sa mhéid is gur tugadh eolas dóibh i dtaca le cúrsaí airgeadais, le hualach oibre agus le Leasú CAP.

3.3

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Déiseanna éagsúlaithe a chur chun cinn d’fheirmeoirí – foraoiseacht feirme, feirmeoireacht orgánach agus fiontair fhorlíonacha eile san áireamh

• Líon daoine ag freastal ar chúrsaí oiliúna nó monatóireachta

450 feirmeoir ag freastal ar chúrsaí oiliúna nó ar fhiontair chomhroghnacha

• Fiontas fhorlíonacha ar glacadh leo

Bunaíodh 7 feirm orgaánach thaispeána lántiomnaithe

Chuir an stiúrthóireacht chomhairleach modúil 25 uair an chloig ar fáil ar réimse fiontar comhroghnach, forbartha de réir caighdeáin FETAC. D’fhreastail feirmeoirí páirtaimseartha ar chuid mhór de na cúrsaí seo. Rinne foirne comhairlithe foraoiseachta obair mhór i dtaca le cur chun cinn na foraoiseachta mar mhodh comhroghnach le húsáid a bhaint as talamh. Chuir siad roinnt foilseachán ar fáil agus d’fhoilsigh siad roinnt alt. Chomh maith leis sin chuir siad cúrsaí oiliúna páirtaimseartha ar fáil agus ghlac siad páirt i laethanta oscailte agus in ócáidí talmhaíochta. Cuireadh ‘Réamhléiriú ar Fhoraoiseacht Feirme’, modúl de chuid FETAC, i láthair ar ocht gcinn d’ócáidí ar fud na tíre agus ghlac 68 páirt ann. Reáchtáileadh 11 cúrsa foraoiseachta eile. D’oibrigh foireann foraoiseachta ar 11 cúrsa FETAC 100 uair an chloig, ar dhá chúrsa FETAC 80 uair an chloig agus ar mhodúil de chuid cúrsaí don Teastas Feirmeoireachta. Leag an Clár um Chapaill Spóirt béim ar fheabhsú scileanna soláthróirí póraitheoirí i dtaca le roghnú láracha agus staileanna, le banistíocht láracha agus capall óg agus le capaill a chur ar taispeáint chun díolacháin. D’fhreastail 294 duine ar 14 cúrsa ar fhorbairt fhiontar capall agus d’fhreastail 36 feirmeoir ar thrí chúrsa scileanna ina raibh a gcuid capall féin acu, chun feabhas a chur ar scileanna capall agus úinéirí ar aon. Reáchtáileadh 12 seimineár ar fud na tíre agus bhí 117 táirgeoir capall i láthair. B’é cuspóir an Clár Éanlaithe Clóis ná táirgeadh uibheacha saoir-raoin a chur chun cinn agus táirgeoirí éanlaithe clóis a ghabháil i scéim dearbhaithe cáilíochta. D’fhreastail 50 táirgeoir poitéinsiúil ar thrí chúrsa i dtaca le gnó nua a bhunú agus cuireadh an Scéim Dearbhaithe Cáilíochta, i gcomhpháirt le Bord Bia, ar fáil do tháirgeoirí a sholathraíonn d’asraonta próiseála. Leagadh béim mhór, sa Chlár um Fheirmeoireacht Orgánach, ar eolas i leith táirgeacht fheirmeoireachta orgánaí a chur ar fáil ar sheacht bhfeirm lántiomnaithe do léirithe orgánacha ar fud na tíre. Reáchtáileadh laethanta oscailte ar na feirmeacha sin. D’fhreastail os cionn 1,000 duine ar ócáidí sna feirmeacha sin go léir. Reáchtáileadh dhá chúrsa feirmeoireachta orgánaí agus bhí 30 duine i láthair.

32


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Oibríonn foireann Teagasc i gcomhpháirt le comhlachtaí ADM agus LEADER, go háirithe chun margaíocht táirgí turasóireacht tuaithe a threorú agus a chur chun cinn. Cuireadh dhá chúrsa ar thurasóireacht tuaithe ar fáil do 30 rannpháirtí agus reáchtáileadh ceardlanna i gcomhpháirt le comhlachtaí LEADER le linn na bliana. Tá tuairim is 300 aonad aonad fianna sa tír. Is iad cuspóirí an Chlár Comhairleach Fianna ná cur le brabúsacht agus le hinmharthanacht feirmeoirí fianna agus forleathnú uimhreacha a chur chun cinn. Ba trí naoi gcinn de Phléghrúpaí, a tháinig le chéile faoi dhó agus a raibh 70% de tháirgeoirí ag freastal orthu, a reáchtáileadh an clár comhairleach sa bhliain 2004. Tá 110 feirmeoir ag glacadh páirte sa Scéim Dearbhaithe Cáilíochta Fiafheola faoi láthair. Tá 200 feirmeoir in Éirinn a bhfuil fiontar gabhair dhéiríochta ar bun acu. Is é cuspóir an chláir ná cur le táirgiúlacht agus le cáilíocht an bhainne. Reáchtáileadh cúrsa bainistíocht déiríochta 25 uair an chloig i gColáiste Bhéal Átha hÉis agus bhí 22 duine i láthair.

3.4

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Clár solúbtha oideachais agus oiliúna a chur ar fáil d’fheirmeoirí páirtaimseartha

• Líon cúrsaí

Cúig chúrsa do 50 ionadaí curtha ar fáil taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre

• Líon daoine ag glacadh páirte

20 rannpháirtí i láthair don chuid is mó de na cúrsaí

Le linn 2004, rinneadh tuilleadh tástála ar thionscnamh an treoir-ríomh-Choláiste agus tá sé réidh le tosú anois. Rinneadh leasuithe ar chlár an Ghairmtheastas Talmhaíochta ionas go bhféadfaí é a chur ar fáil d’fheirmeoirí páirtaimseartha. D’fhreastail os cionn 900 duine ar chúrsaí 100 agus 80 uair an chloig.

3.5

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Oideachas agus oiliúint talmhaíochta a chur chun cinn agus pleanáil ghairme a chur ar fáil de réir mar is cuí

• Doiciméidiú bolscaireachta nuashonraithe

Bróisiúr nuashonraithe ullmhaithe d’ócáidí gairme

• Líon ócáidí gairme

3,000 i láthair ag 15 ócaíd ghairme

• Líon daoine ag freastal ar ócáidí gairme • Líon daoine a chríochnaíonn cúrsaí agus módúil phleanáil ghairme

33

Chríochnaigh 570 rannpháirtí cúrsaí, a raibh módúil phleanáil ghairme ag baint leo


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Ócáidí gairme agus laethanta oscailte sna coláistí go léir: Thug Oifigigh Oideachais agus foirne coláistí cuairteanna ar iar-bhunscoileanna ar fud na tíre chun na cúrsaí oideachas talmhaíochta éagsúla a chur chun cinn. Le linn 2004, cuireadh gach dámhachtain ghairmoideachais agus tríú leibhéal ar NQAI’s (Creatlach Náisiúnta Cáilíochtaí). Nuashonraíodh réamheolaire na gcúrsaí freisin, de réir Chreatlach NQAI.

3.6

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Cabhrú le teaghlaigh feirme úsáid a bhaint as teidlíochtaí faoi scéimeanna tacaíochta agus forbartha

• Líon feirmeoirí ar tugadh cabhair dóibh

Tugadh cúnamh do 28,000 feirmeoir faoin tseirbhís um inmharthamach tuathe

• Líon iarratas próiseáilte

150 iarratas S.I.A. 80 iarratas F.R.S. 300 iarratas Sláinteachas Déiríochta 17 iarratas AES

Chabhraigh feachtas Seirbhís Chomhairleach Teagasc, “Cúnamh Ceantair”, le tuairim is 50,000 feirmeoir a gcuid foirmeacha iarratais a chomhlíonadh le linn Márta agus Aibreáin 2004.

34


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

SPRIOC 4: Córais Inbhuanaithe Talmhaíochta Córais talmhaíochta agus próiseála bia a chur i gcrích, a bheidh inbhuanaithe i dtaca leis an timpeallacht, le leasa ainmhithe, le sábháilteacht cheirde agus leis an timpeallacht oibre. Córais talmhaíochta agus próiseála bia a chur i gcrích, a bheidh inbhuanaithe i dtaca leis an timpeallacht; le leasa ainmhithe, le sábháilteacht cheirde agus leis an timpeallacht oibre. Chuige sin tá sé i gceist ag Teagasc: • Eolas agus teicneolaíocht i leith inbhuanaitheacht na talmhaíochta in Éirinn a chur ar fáil • Teicneolaíocht agus ardchaighdeán cleachtais a aistriú go feirmeacha Cuireadh i bhfeidhm na straitéisí seo a leanas le linn 2004: 4.1

4.2

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Taighde a dhéanamh chun straitéisí agus teicneolaíochtaí comhshaoil a chur ar fáil i dtaca le feirmeoireacht inbhuanaithe

• Céatadán tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

24 tionscamh 50% de thionscnaimh a bhí le críochnú críochnaithe in am

• Cáilíocht agus cainníocht foilseachán eolaíoch agus tuarascálacha

15 páipéar measúnaithe caithre thuarascáil náisiúnta

• Roghanna polasaí forbartha agus aistrithe chuig lucht cumtha polasaithe

61 tuarascáil theicniúil 27 foilseachán pobail

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Bonn eolaíoch i leith éifeachtacht chothaithe agus charbóin a fhorbairt; agus bithéagsúlacht a chur chun cinn agus a chaomhnú i dtaca le talmhaíocht Éireannach

• Céatadán tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

ceithre thionscnamh 100% de thionscnaimh a bhí le críochnú críochnaithe in am

• Cáilíocht agus cainníocht foilseachán eolaíoch agus tuarascálacha

Páipéar measúnaithe amháin Dhá thuarascáil náisiúnta

• Roghanna polasaí forbartha agus aistrithe chuig lucht cumtha polasaithe

Dhá thuarascáil theicniúil

36


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

4.3

4.4

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Straitéisí a fhorbairt i dtaca le pleanáil agus le bainistíocht tírdhreach

• tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

Dhá thtionscnamh leanúnach

• Cáilíocht agus cainníocht foilseachán eolaíoch agus tuarascálacha

Sé thuarascáil theicniúil

• Roghanna polasaí forbartha agus aistrithe chuig lucht cumtha polasaithe

Ceardlann amháin

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Clár forghníomhach aistrithe teicneolaíochta, ó thaighde go dtí an tseirbhís chomhairleach agus go dtí an tionscal, a chur i gcrích

• Líon cúrsaí oiliúna do chomhairleoirí

Ócáidí feirme do chomhairleoirí

• Líon laethanta oscailte, ceardlann agus siompóisiam don tionscal

Lá Oscailte amháin

• Aiseolas ó thionscal

Dearfach

• Líon foilseacháin phobail • Líon tuarascálacha cinn tionscnaimh

58

• Líon dlútheagrán teicniúil

Dhá cheann

Thaispeáin torthaí, ó thástáil mhórscála ar ocht sraith ithreach, nár léirigh freagracht soláthar féir do leasachán Fosfair (P) ar mhínligh ghearrtha tairbhe ar bith ó bheith ag cur le leibhéil P san ithir trí hionchuir leasacháin nuair a bhí Innéacs P na hithreach 2 nó níos mó. Thaispeáin trialacha i gCaisleán Bhaile Sheáin gur athraigh eallach ar féarach tréithe draenála na hithreach agus, dá thoradh sin, gur tháinig méadaithe ar cháithníneacht N agus P agus ar phoataisiam tuaslaigthe (K) san uisce

37


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

draenála. I ngeall ar bhrú reachtach, chun cailliúintí níotráite go huisce dromchla agus talún a laghú, má léirítear go soiléir an gaol idir cumas iompar stoic agus leibhéal nitrigine do chórais táirgthe déiríochta, beidh sé indéanta an méid cuí leasachán N, de réir mar a oireann sé don soláthar féir, a mholadh agus, ag an am céanna, tionchar poitéinsiúil comhshaoil a íoslaghdú. Léirigh taighde a rinneadh ar an bhFeirm Thaighde i Solchóid gur sholáthair rátaí ísle stocála agus ionchuir ísle leasacháin, agus córas seamair bhán/féar-bhunaithe in éineacht leo, ar ráta stocála dhá bhó in aghaidh an heicteáir, agus le ionchur nitrigine 90-kg N/ha, 6.445 lítear bainne ó gach bó agus gur íoslaghdaíodh ar thionchar poitéinsiúil comhshaoil. Rinneadh staidéar ar scálaí éagsúla chun éifeacht an ghás ceaptha teasa, ocsaíd nitriúil (N20), ó thalmhaíocht a mheas. Is í an talmhaíocht is cúis le 28% d’astaíochtaí ghás ceaptha teasa in Éirinn. Tagann 35% den mhéid sin i ngeall ar astaíochtaí N20 ó ithreacha. Is é seo an dara foinse is mó de gháis cheaptha teasa a thagann ón talmhaíocht. Is é coipeadh eintreach in eallach an ceann is mó. Tá obair ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar dhinimic charbóin i gcineálacha éagsúla ithreach faoi réimse cleachtais bhainistíochta. Baineadh úsáid as túr gléasta chun tomhas leanúnach a dhéanamh ar fhlosc CO2 thar achar tuairim is 0.1km2 d’fhéarthalamh ag Caisleán Bhaile Sheáin. Léiríonn réamh-mheastacháin gurb é 1.2 tonna méadrach/heicteár de charbón eiliminteach (C) leithliseacht bhliantúil CO2. Léiríonn na torthaí seo gur umar do charbóin é suíomh Chaisleán Bhaile Sheáin. Rinneadh suirbhé chun meastachán a dhéanamh ar an méid scannáin phlaistigh sholúbtha a úsáidtear ar fheirmeacha in Éirinn agus ar a dtarlaíonn dó ina dhiaidh sin. Fuarthas amach go n-úsáidtear 4.7 kg/heicteár,ar an meán i gcomhair sraitheana do phoill sadhlais, 21 kg/hecteár do scannán leaisteach i gcomhair sadhlais bhurlálaithe, 2.5 kg/heicteár do ruóg/eangach i gcomhair sadhlais bhurlálaithe, 56 kg/heicteár do mhóta mine buí agus 1.1 kg/heicteár do mhálaí leasacháin. Forbraíodh samhail i leith fás féir chun fáistiniú a dhéanamh ar phatrúin easnamh taisligh in ithir thar thréimhse trí bliana ar ithreacha a bhí draenáilte go maith agus go holc. Forbraíodh samhail nua taisleach ithreach d’fhéarthailte chun meastachán a dhéanamh ar rioscaí spáis/ama i dtaca le cailliúint chothaithigh d’uisce. Bhí sé de chumas ag an tsamhail nua hibrideach fáistiniú cruinn a dhéanamh ar dhinimic thaisligh féarthailte na hÉireann. Uirlis áisiúil is ea í chun meastachán a dhéanamh ar thionchar coinníollacha agraimheitéareolaíocha ar rioscaí cailliúint chothaithigh d’uisce. Cuireadh tionscnamh bithéagsúlachta cúig bliana ar bun i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus le hOllscoil Luimnigh. Déanann an tionscnamh, Ag-Biota, staidéar ar thionchar diantalmhaíochta ar bhithéagsúlacht, agus leagtar béim faoi leith ar bhithéagsúlacht dlúth-fhéarthailte. Tá an tionscnamh ag déanamh staidéir ar straitéisí bainistíochta chun feabhas a chur ar éagsúlacht i mínligh thalmhaíochta trí húsáid a bhaint as trialacha mionscála ar ghiotaí talún meascáin éagsúla speiceas. Rinneadh tomhas ar rátaí fáis na speiceas éagsúil sa bhliain 2004 agus cabhróidh tomhais dheireannacha na bliana 2005 linn meascáin speiceas, a bheadh in ann comhaireachtáil le chéile i dtrialacha allamuigh, a aithint.

38


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

4.5

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Cláir chomhairleacha – a chuireann leis an talamhthimpleallacht agus a chuireann ar chumas feirmeoirí caighdeáin an Roinn Talmhaíochta agus Bia agus údaráis rialacháin eile a chur i gcrích – a fhorbairt agus a chur ar fáil

• An líon cliant de chuid Teagasc ag glacadh páirte sa chlár REPS

3,300 plean REPS ullmhaithe ag Teagasc i 2004 4,800 i láthair ar cúrsaí REPS

• An líon pleananna i leith bainistíocht dramhaíl feirme, i leith creatlach cimíneachta agus i leith bainistíocht chothaitheach

900 Plean um Bainistíocht Dramhaíl Feirme curtha i gcrích

• Feabhas ar cháilíocht uisce i ngeall ar chleachtas feabhsaithe feirme

270 Plean um Bainistíocht Chothaitheach curtha i gcrích

• Comhoibriú le heagraíochtaí pobail agus le gníomhaireachtaí eile

Feabhas curtha ar cháilíocht uisce de réir tuarascáil PA

• An líon gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an bpobal chun cur le feasacht agus chun feabhas a chur ar thimpeallacht na talmhaíochta de réir treoracha an AE

Trialacha déanta i gCionn Sáile ar mhúirín spóirt agus ar dhramhaíl ghlas do Bhord na Móna

Léiríonn sonraí monatóireachta, a rinneadh ar uisce le déanaí, go bhfuil cosc curtha ar an meath i gcáilíocht uisce.

4.6

4.7

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Cláir oideachais agus oiliúna a chur ar fáil chun cleachtais inbhuanaithe feirme a chur chun cinn.

• Feabhas curtha ar cháilíocht uisce

Tuairisc EPA: Feabhas i gcáilíocht uisce

• Leibhéal géilliúntais do chleachtas maith feirme

Míniú tugtha ar chleachtas maith feirme agus ar thrasghéilliúntas ag os cionn 60 ócáid de chuid na seirbhíse comhairlí

• Líon daoine ag glacadh páirte i gcúrsaí

Impleachtaí na Treorach um Níotraití mínithe ag os cionn 50 cruinniú pobail

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Straitéis Cláir chomhairleacha agus oiliúna, a bhaineann le riachtanais reachtúla agus le cleachtas maith i dtaca le sábháilteacht cheirde agus le míchumas, a fhorbairt agus a chur ar fáil

Léiríonn na staitisticí is déanaí gur tháinig laghdú ar thimpistí feirme ó 3,600 i 1999 go 3,100 i 2001, agus ar an méid daoine a maraíodh ó 19 i 2003 go 12 i 2004.

• Líon timpistí feirme

• Líon gníomhaíochtaí cruthaithe feasachta a cuireadh ar siúl

60 Thug Teagasc oiliúint ar Shláinte agus ar Shábháilteacht do bheagnach 7,000 feirmeoir i 2004

• Líon rannpháirtithe i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta

1,339 aosach agus 1,450 feirmeoir óg

39


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

4.8

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Cláir chomhairleacha agus oiliúna, a bhaineann le riachtanais reachtúla agus le cleachtas maith i dtaca le leasa ainmhithe, a fhorbairt agus a chur ar fáil

• Cúrsaí cuí a chur ar fáil

Cuirtear sárchleachtas i dtaca le leasa ainmhithe chun cinn ar chúrsaí Teagasc. Bíonn ar mhic léinn atriail a dhéanamh má theipeann orthu aird a thabhairt ar shárchleachtas.

• Líon daoine ag glacadh páirte i gcúrsaí

Rinne 1,450 feirmeoir óg modúil ar leasa ainmhithe

• Líon gníomhaíochtaí cruthaithe feasachta a cuireadh ar siúl

65

Rinneadh iarracht, i gClár Comhairleach Comhshaoil 2004, feabhas a chur ar éifeachtúlacht chostais agus ar éifeachtacht seirbhísí do chliaint REPS agus líon rannpháirtithe i scéimeanna a uasmhéadú. Rinneadh iarracht speisialta bainistíocht éifeachtach leasúcháin agus aoiligh, cosaint cháilíocht uisce agus cothabháil bithéagsúlachta a chur chun cinn. Chomh maith leis sin chuir Teagasc eolas eolaíoch ar fáil i dtaca leis an Treoir um Niotráití a chur i bhfeidhm, agus reáchtáileadh díospóireacht eolasach ar thionchar na Treorach ar fheirmeoireacht. Bhain os cionn 20,000 cliant úsáid as dianseirbhísí comhshaoil i 2004. Rannpháirtithe REPS ba ea 16,500 díobh sin. Cuireadh seirbhísí speisialta, i dtaca le bainistíocht chothaitheach agus aoiligh agus le cosaint na hoidhreachta nádúrtha, ar fáil do 3,500 duine eile. Cé gur leag na seirbhísí béim faoi leith ar chliaint. cuireadh eolas ar ‘chleachtas maith feirme’ agus ar fheasacht chomhshaoil ar fáil d’fheirmeoirí i gcoitinne. Bíonn pleanáil REPS dian ar shaothar. Tá tionscnamh rannpháirteach idir lámha ag Teagasc, an Roinn Talmhaíochta agus Bia agus Cumann na gComhairleoirí Talmhaíochta chun córas nua iomlánaithe mapála agus pleanála ar-líne a chur ar fáil, agus beidh sé sin réidh sa bhliain 2005. Nuair a tugadh isteach REPS 3 le híocaíochtaí arda i lár 2004, ba leor sin chun an leibhéal rannpháirtíocht a mhéadú. Meastar go méadóidh sé sin go dtí iomlán náisiúnta 55,000 taobh istigh de dhá bhliain. Tá sé de chuspóir ag Teagasc a sciar den mhargadh a choinneáil ag tuairim is 40% agus 23,000 REPS a bheith rannpháirteach chun an sprioc sin a bhaint amach. Bhí tionchar mór ag REPS, agus ag bainistíocht fheabhsaithe aoiligh agus chothaithigh leasúcháin ar fheirmeacha, ar fheabhsú cháilíocht uisce. Rinneadh próiseáil ar bheagnach 900 Scéim Bhainistíochta Dramhaíl Feirme, a raibh baint acu le comhairle i dtaca le clóis fheirme agus le dearadh tógála, mar aon le bainistíocht aoiligh agus le rialúchán pleanála. Chomh maith leis sin ullmhaíodh 270 plean bainistíocht chothaitheach do chliaint chun fodhlíthe talmhaíochta, coinníollacha pleanála agus coinníollacha na Scéime Díolúine ar Cháin um Shrianú ar Thruailliú a chomhlíonadh. Sa bhliain 2004, rinneadh Suirbhé Náisiúnta Áiseanna Feirme ar son an Roinn Talmhaíochta agus Bia. Cuirfidh sé sin meastachán níos cruinne ar fáil do lucht cumtha polasaí i dtaca le costas uasghrádú áiseanna feirme. Ar na gníomhaíochtaí bainstíocht tuaithe a reáchtáileadh i 2004, bhí: • Tuarascáil Tascfhórsa Thalamh Calaidh na Sionainne ar chailliúintí a d’éirigh as fororduithe bainsitíochta • Tionscamh cúngach ar scrobarnach an Bhoirne • Reachtáileadh cúrsaí do chonraitheoirí ar bhainistíocht fálta sceach i gcoláistí Chill an Daltúnaigh, an Ghoirtín agus Bhéal Átha hÉis.

40


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Mar chuid den Oiliúint Sláinte agus Sábháilteachta a cuireadh ar fáil i 2004, bhí: • 24 cúrsa oiliúna d’fheirmeoirí ar Ráitis Sábháilteacht Feirme. • Modúl Sláinte agus Sábháilteachta do níos mó ná 600 mac léinn a bhí ag freastal ar chúrsaí oiliúna Teagasc d’fheirmeoirí óga. • Modúl Sláinte agus Sábháilteachta ar chúrsaí REPS do níos mó ná 6,000 feirmeoir. • Cuireadh torthaí staidéir náisiúnta ar mhíchumas i measc teaghlaigh feirme i láthair ag Fóram Taighde Talmhaíochta na hÉireann agus ag comhdháil náisiúnta ar shláinte fear. Foilsíodh na torthaí go forleathan sna meáin. • Scéim an Walsh Fellowship i réimse an mhíchumais. Bíonn sé de chuspóir againn, ar gairmchúrsaí agus ar chúrsaí tríú leibhéal, cleachtais inbhuanaithe feirme a chur chun cinn, agus bíonn modúl sainordaitheach feirmeoireachta agus comhsaoil i gceist. Chomh maith leis sin clúdaítear riachtanais reachtúla agus sárchleactas i leith sábháilteacht cheirde. Cuireann na cúrsaí talmhaíochta sárchleachtas i leasa ainmhithe chun cinn.

4.9

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Seirbhísí teicneolaíocha agus anailíseacha i dtaca le feirmeoireacht inbhuanaithe a chur ar fáil

• Réimse seirbhísí curtha ar fáil

Anailís déanta ar ithreacha, ar fhéarthailte agus ar uisce

• Gnóthú costais ó úsáideoirí seirbhísí

Ag druidim le gnóthú iomlán costais

Seirbhísí agus Comhairliúcháin Anailíseacha Rinne saotharlann na Seirbhísí Anailíseacha anailís ar 50,000 sampla ithreach, ar 3,000 sampla bairr agus ar 10,000 sampla uisce. Ullmhaíodh mapaí agus táblaí stádas torthúlachta ithreacha chun iad a fhoilsiú ar shuíomh idirlín Teagasc. Rinneadh Suirbhé ar Úsáid Leasúcháin don bhliain 2003. Baineadh úsáid as seo, mar aon le Staitisticí Talmhaíochta na Lároifige Staidrimh agus le táblaí suirbhéithe, bunaithe ar anailísiú ithreach, chun mapaí agus táblaí ar lódáil N agus P agus táirgeacht sciodair ó eallach, ó chaoirigh, ó mhuca agus ó éanlaith clóis agus ar lódáil cheimiceach ó ithreacha a dhéanamh.

41


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

SPRIOC 5: Sláine an Bhiashlabhra Tacaíocht a thabhairt do tháirgeacht bhia Éireannaigh chun freastal ar ionchais cháilíochta, sábháilteachta agus folláine thomhaltóirí Chun an Sprioc seo a chur i gcrích, tá réimse straitéisí á gcur i bhfeidhm ag Teagasc chun: • Eolas agus teicneolaíochtaí a chur ar fáil chun sábháilteacht bhia a chinntiú • Teicneolaíochtaí i leith sábháilteacht bhia a aistriú chuig earnáil an bhia agus chuig feirmeoirí Cuireadh na straitéisí seo a leanas i bhfeidhm:

5.1

5.2

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul chun cinn

Taighde a dhéanamh ar shábháilteacht mhicreabhitheolaíoch agus cheimiceach táirgí bia in Éirinn

• Líon tionscnaimh thaighde curtha i gcrích

18

• Cáilíocht agus cainníocht foilseachán eolaíoch

17 foilseachán measúnaithe 64 foilseachán eile

• Líon paitinní

Dhá cheann

• Líon trialacha feidhme/bailmheas treoirghléasra curtha i gcrích

Sé cinn

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul chun cinn

Tuiscint ar riachtanais tomhaltóirí agus chustaiméirí i dtaca le sábháilteacht bhia a chur ar fáil; treoir a thabhairt i dtaca le hiomaíocht agus le nuálaíocht theicniúil

• Maoiniú iomaíoch faighte

€0.819m

• Leibéal maoinithe ó thionscal

€0.2m

42


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Mar chuid de chlár an Tomhas Taighde Institiúideach Bia (FIRM) rinneadh tionscnamh ar lagdú Salmonella i muca agus aonraíodh meascán de chúig chultúr fhorbheathacha, a chosnaíonn muca ar infhabhtú réamhbheartaithe Salmonella. Tá iarratas ar phaitinn curtha isteach cheana féin agus tá fiosrú á dhéanamh i dtaca le socrú ceadúnais le comhlacht Éireannach. Fuarthas dhá cheadúnas d’fheidhmiúcháin mhaistítis, gníomhaí frithmhiocróbach a fionnadh i bPáirc Uí Mhordha, le linn na bliana, bunaithe ar thorthaí dearfacha ar thrialacha, a thaispeánann gur féidir úsáid a bhaint as an gcultúr a tháirgeann lacticin mar fhorbheathach chun ainmhithe a mbíonn maistíteas orthu a chóireáil. B’éacht mór eolaíoch é seicheamhú víris bhaictéaraigh (phage) a mharaíonn an fhríd mhór ospidéil, MRSA. Chomh maith leis sin d’aithin foireann Pháirc Uí Mhordha saintréithe phage, a mharaíonn na pataiginí in E.coli 0157 agus i Salmonella DT104. Maidir le pataiginí miocróbacha a bhrath, léiríodh tástáil sciobtha do speiceas Salmonella mar riachtanas práinneach de chuid tionscal an bhia. De réir athruithe AE i dtaca le critéir mhicreabhitheolaíocha, caithfear tástáil Salmonella a dhéanamh ar chonablaigh úra feola (eallach, caoirigh, gabhair, muca agus éanlaith clóis. Tá forbairt á déanamh ar mhodh móilíneach uathoibrithe, bunaithe ar PCR fíor-ama, a bhaineann úsáid as bláthú chun láithreacht/neamhláithreacht ghéine ar bith a bhrath, mar theicníc sciobtha sainiúil dhiagnóiseach do Salmonella. Is iad Campylobacter spp. an chúis is coitianta do thinneas baictearach bia-iompraithe in Éirinn. D’fhorbair Teagasc na chéad mhodhanna cultúrtha móilíneacha, a ndearnadh tuairisc orthu, chun Campylobacter (aitheanta agus éiritheach ó fheoil úr a bhrath. Bainfear úsáid as na modhanna seo i 2005 chun leatheadúlacht Campylobacter i muiceoil, i gcirceoil agus i mairteoil a mheas. Rinneadh staidéar ar Mhodh Iompair Ainmhithe chun iarmhairtí iompair ar talamh agus ar muir (bordáil agus tuirlingt) agus dlús stocála ar leas eallaigh a iompraítear taobh istigh d’Éirinn, ó Éirinn go dtí an Spáinn agus ó Éirinn go dtí an Iodáil faoi na coinníollacha a ndéantar cur síos orthu i dTreoir 91/628/CEE. Rinne staidéar eile (Samhain 2003) iniúchadh ar iarmhairtí iompair ar leas bearach á mbaint den chíoch á n-iompar ó Éirinn go dtí an Spáinn. Fuarthas amach, faoi choinníollacha staidéar iompair, nach raibh drochiarmhairt ar bith ag iompar ar leas ainmhithe. Chuir torthaí an staidéir a rinneadh ar chúrsaí iompair go mór leis an díospóireacht ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an AE sa chéad leath de 2004, go háirithe ó thaobh na heolaíochta de.

43


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

5.3

5.4

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul chun cinn

Clár forghníomhach aistrithe teicneolaíochta agus comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí bia agus d’eagraíochtaí rialaithe

• Líon nuálaíochtaí táirge/ próiseas curtha ar fáil do thionscal • Méid taighde tionscal-choimisiúnaithe curtha ar shonrasc • Líon Laethanta Oscailte, Ceardlann agus Siompóisiam don tionscal • Taighde glactha, bunaithe ar iarghníomhaíocht tráchtála • Líon comhlachtaí SME ar tugadh tacaíocht dóibh

2

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul chun cinn

Cúrsaí oideachais agus oiliúna, creidiúnaithe ar bhonn náisiúnta, a fhorbairt agus a chur ar fáil do chomhlachtaí bia agus do phearsanra rialúcháin

• Aiseolas ó chustaiméirí

2

3 20

• Líon cúrsaí oiliúna, creidiúnaithe ar bhonn náisiúnta

Forbairt déanta ar chúig mhodúl, creidiúnaithe ar bhonn náisiúnta

• Líon cúrsaí a reáchtáileadh

10

• Daoine i láthair ar chúrsaí

Cuireadh modúil, creidiúnaithe ag FETAC, ar fáil do thionscal an bhia, do BASIS agus do Bhord Bia

5.5

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul chun cinn

Sainseirbhísí anailíseacha comhairliúcháin a chur ar fáil i leith sábháilteacht bhia

• Líon comhlachtaí ar tugadh cúnamh dóibh

10

• Líon treoircháipéisí tionscail foilsithe

255

• Líon tuarascálacha anailíseacha foilsithe

2,000

• Leibhéal ioncaim ó íocaíochtaí

€0.96m

Cuireadh na seirbhísí seo ar fáil d’ionaid taighde i mBaile an Ásaigh, i bPáirc Uí Mhordha agus ar an Ráithín

44


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

5.6

5.7

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul chun cinn

Eolas agus comhairle a chur ar fáil d’fheirmeoirí i dtaca leis na caighdeáin sábháilteachta bia, leasa ainmhithe agus bithshlándála, a bhíonn ag teastáil do scéimeanna trasghéilliúntas AE, do riachtanais rialúcháin agus do riachtanais dearbhaithe cáilíochta

• Úsáid a baineadh as bunachar sonraí ar-líne Teagasc i dtaca le cáilíocht bhia

Suíomh idirlín chálíocht bhia curtha i gcrích agus suíomh idirlín eolais nuashonraithe seolta go hoifigiúil

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul chun cinn

Cláir oiliúna chreidiúnaithe a chur ar fáil d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí aosacha chun inniúlacht agus scileanna cháilíocht bhia a chinntiú.

• Líon scoláirí ag críochnú modúil chreidiúnaithe cháilíocht bhia

Modúil oiliúna ar-líne forbartha agus ar fáil – rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar mhodúil oiliúna i dtaca le hinniúlacht agus le scileanna

• Líon feirmeoirí aosacha ag críochnú cúrsaí ar cháilíocht bhia

D’fhreastail 1,450 ar 75 cúrsa

• Foilseacháin agus gníomhaíochtaí Teagasc um cháilíocht bhia • Suirbhé Náisiúnta Feirme cúig-bhliantúil Teagasc ar fheasacht/dhearcadh táirgeoirí

Chun tacú le haistriú forghníomhach eolais go comhlachtaí bia, go heagraíochtaí rialúcháin agus go dtí an pobal i gcoitinne, forbraíodh suíomh nua idirlín Teagasc agus seoladh go hoifigiúil é i 2004. Tá ailt ar an suíomh idirlín ar nithe mar: • Sárchleachtas i leith barr agus beostoic • Leasa ainmhithe agus bithshlándáil • Scéimeanna cáilíochta agus seicliostaí feirme • Guaiseanna bia agus cáilíocht bhia • Srianta biashlabhra agus tionscal an bhia • Fócas tomhaltóirí, ceisteanna comhshaoil agus sláinte agus sábháilteachta. Clúdaítear cúrsaí ríomhfhoghlama ar roinn ar leith den suíomh agus tá modúil ann ar ábhair mar: • Sárchleachtas um cháilíocht feirme • Anailís ar ghuaiseanna shábháilteacht bhia ar fheirmeacha • Treoirlínte i leith leasa eallaigh. Is é seo a leanas seoladh an tsuímh: www.foodassurance.teagasc.ie

45


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

SPRIOC 6: Eagraíocht Chumasach, Éifeachtach, Éifeachtúil Eagraíocht níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bheith againn, a mbeidh sé de chumas aici dul i mbun athraithe agus forbartha ionas go mbeimid in ann ár misean agus ár gcuid spriocanna a chur i gcrích. Chun an Sprioc seo a chur i gcrích, tá réimse straitéisí á gcur i bhfeidhm ag Teagasc: Chun comhtháthú feabhsaithe aistriú taighde agus teicneolaíochta, comhoibriú feabhsaithe agus comhthathú an chlár comhthathaithe i réimsí taighde a bhaint amach san eagraíocht, cuireadh na straitéisí seo a leanas i bhfeidhm:

6.1

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhoirne tráchtearraí chun foirne comhairleacha, taighde agus oiliúna a chur ar fáil, a phleanálfaidh cláir Teagasc ar bhonn comhtháthaithe

• Foirne feabhsaithe tráchtearraí bunaithe agus lánoibríoch

Tá foirne nua comhtháthaithe tráchtearraí á mbunú

Tá sé de mhórbhuntáiste ag Teagasc seirbhísí taighde, oiliúna agus comhairle do na hearnálacha talmhaíochta agus bia a bheith againn taobh istigh d’aon eagraíocht amháin. Níl ach bealach amháin chun leas a bhaint as buntáistí an chomhthathaithe seo. Is é sin ionchur a bheith againn i bpróiseas forbartha gach réimse trína chinntiú go mbíonn foireann chuí ó gach cuid den eagraíocht páirteach ann. Tá an t-ionchur seo á chur ar fáil ag na foirne feabhsaithe tráchtearraí.

46


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

6.2

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Struchtúr bainistíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh cur chuige comhtháthaithe againn i dtaca le bainistíocht chlár.

• Struchtúr comhtháthaithe chun cláir ghairneoireachta, fhoraoiseachta agus mhuiceola a chur ar fáil

Tá struchtúir chomhtháthaithe á bhforbairt

• Struchtúr bainistíochta maitríse idir na Stiúrthóireachtaí Comhairle agus Oiliúna chun clár cuimsitheach éifeachtach oilúna d’fheirmeoirí a chur ar fáil

Rinneadh ceapacháin thábhachtacha taobh istigh de na struchtúir nua

Bunaíodh trí aonad chomhtháthaithe i dtaca le gairneoireacht, le foraoiseacht agus le muca. Chomh maith leis sin, cuireadh struchtúr bainistíochta maitríse ar bun sa tseirbhís chomhairleach agus in ionaid taighde. Lena chinntiú go ndéanfar acmhainní foirne Teagasc a bhainistiú, a fhorbairt agus a éascú sa chaoi go mbeidh siad in ann cur le cur i gcrích na gcuspóirí atá leagtha amach ina gcuid Pleananna Gnó, cuireadh na straitéisí seo a leanas i bhfeidhm:

6.3

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Críoch a chur ar fhorbairt Straitéise HR

• Straitéis HR curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana 2003

Straitéis HR seolta agus curtha in iúl don fhoireann

• Grúpaí Oibre bunaithe i 2004 agus tuarascáil tugtha faoi dheireadh na bliana 2004

Comhaontú i measc Grúpaí Oibre i dtaca le Plean Gníomhaíochta HR

• Córas IT HR curtha in áit go luath i 2005

Cinneadh déanta i dtaca le moill bhliana a chur ar fhorbairt Chóras HRIT i ngeall ar athstruchtúrú sa Roinn HR.

• PMDS curtha i bhfeidhm do gach ball foirne i 2004

PMDS curtha i bhfeidhm

47


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nuair a seoladh an Straitéis HR ag deireadh na bliana 2003, rinne comhairleoir seachtrach athbhreithniú ar an sean-Roinn Phearsanra chun í a athchruthú mar Roinn HR nua-aimseartha, a mbeadh sé de chumas aici an Straitéis HR a chur i bhfeidhm. Cuireadh an t-athbhreithniú chun críche i 2004 agus aontaíodh leibhéal nua foirne agus cuireadh i bhfeidhm é. Chuaigh roinnt d’fhoireann shinsearach na Roinne ar scor agus reáchtáileadh feachtas mór earcaíochta chun roinnt post a líonadh sa Roinn nua.

6.4

6.5

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Féachaint chuige go gcuirfear cothramas inscne i gcrích i dtaca le hearcaíocht foirne agus le gnásanna ardaithe céime

• Cinnteofar cothramas inscne ar bhoird ardaithe céime

Cothramas inscne ar gach bord agallaimh

• Spriocanna rannpháirtíochta ban a chur i bhfeidhm roimh Mheitheamh 2004

I ngeall ar nádúr sainiúil formhór na bpost i Teagasc, bhí sé deacair rátái rannpháirtíochta a oibriú amach

• Monatóireacht a dhéanamh ar arduithe céime agus ar chúrsaí earcaíochta

Ón monatóireacht a rinneadh ar iarratais a fuarthas agus ar thorthaí comórtas, tá feabhas mór ag teacht ar chúrsaí

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

A chinntiú go ndéanfaidh Teagasc freastal, a fhad agus is féidir, orthu siúd atá ar mhíchumas

• Iniúchadh a dhéanamh ar áiseanna Teagasc chun inrochtaineacht a chur ar fáil do dhaoine ar mhíchumas roimh 2005

Cuireadh inrochtaineacht agus oiriúnacht oifigí comhairleacha Teagasc, do dhaoine ar mhíchumas, san áireamh i suirbhé a rinneadh ar oifigí i 2004

• Clár méadaithe feasachta i measc foirne i leith riachtanais shainiúla daoine ar mhíchumas

Tá clár chun feabhas a chur ar ionrochtaineacht easnamhach idir lámha

Cuireadh na straitéisí seo a leanas i bhfeidhm chun ardchaighdeáin bhainistíocht airgeadais, freagrachta agus rialachais chorparáidigh a chinntiú:

48


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

To ensure the highest standards of financial management, accountability and corporate governance, the following strategies were implemented:

6.6

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

A chinntiú go ndéantar cothabháil ar chaighdeáin rialachais de réir na dtreoirlínte

• Modúil roghnaithe de chuid chóras airgeadais Teagasc a chur i bhfeidhm go hiomlán

Comhtháthú CIMS réidh le cur i Comhtháthú CIMS réidh le cur i ngníomh agus obair idir lámha chun feabhas a chur ar fheidhmiúchán

• Cur le héifeachtacht agus le héifeactúlacht chórais airgeadais agus bhainistíochta tríd an gcóras bainistíochta cliant a chomhtháthú le modúil bhilleála agus le módúil eile an phríomhchóras airgeadais • Tástáil iomlán déanta ar an gCóras Eolais Nua-Chliant roimh dheireadh 2003, curtha i bhfeidhm i ngach contae roimh lár na bliana 2003 • Dialann leictreonach á húsáid sna seirbhísí comhairleacha roimh lár 2004 agus sa chuid eile den eagraíocht roimh lár 2005 • Céatadán soláthraitheoirí agus foirne ag fáil íocaíochtaí leictreonacha

Dialanna leictreonacha á n-úsáid sa tseirbhís chomhairleach Céatadán an-ard táirgeoirí agus foirne á n-íoc go leictreonach

• Córas leictreonach foréilimh agus rialú stoic curtha i bhfeidhm in aonaid mhóra roimh dheireadh 2004

Foréileamh agus rialú stoic á ndéanamh go leictreonach sna hionaid taighde go léir

• Athbhreithniú sásúil ar bhonn raithiúil déanta ag Coiste Iniúchta an Údaráis

Ceithre chruinniú de cuid an Choiste Iniúchta reáchtáilte de réir mar a bhí pleanáilte agus clár iniúchta curtha i gcrích

• Cur i bhfeidhm an chláir um iniúchtaí inmheánacha comhaontaithe ar bhonn bliantúil

Tá sé den riachtanas córais, gnásanna agus próisis fheabhsaithe a bheith ann chun rialachas maith corparáideach a chur i gcrích. Tá oiliúnt á tabhairt d’fhoirne i dtaca le córais, le próisis agus le caighdeáin ionchais thábhachtacha agus ní mó iad sin a fhorleathnú i ngeall ar na hathruithe móra foirne a tharla le linn 2004.

6.7

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Clár bainistíochta rioscaí a ionchorprú sa phróiseas pleanála gnó

• Ceithre cheardlann lae i dtaca le bainistíocht rioscaí a reáchtáil roimh dheireadh 2003

Clár Bainistíochta Rioscaí curtha i bhfeidhm i 2004. Ball foirne ceaptha chun an clár a chomhordú

• Liosta rioscaí do Teagasc a fhorbairt agus pleananna gníomhaíochta a ghiniúint roimh dheireadh 2004

49


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Ghlac Teagasc chuige féin Clár foirmiúil Bainistíochta Rioscaí mar chuid den phróiseas pleanála gnó i 2004. Mar chuid den chlár bhí ar na Aonad éagsúla Gnó rioscaí dá gcuid cuspóirí gnó a aithint agus meastachán a dhéanamh ar a dtionchar agus ar a bhféidearthachtaí. Rinne an Coiste Bainistíochta agus Údarás Teagasc iniúchadh ar thuasrascáil ar an bpróiseas sin. Rinneadh anailísiú rioscaí corporáideacha chun na rioscaí is tromchúisí a chuirfeadh isteach ar spriocanna corporáideacha na heagraíochta a aithint. Rinneadh socruithe chun na rioscaí sin a mhaolú.

6.8

6.9

6.10

6.11

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí a chur in bhfeidhm go hiomlán

• Aischuir faighte in am ó bhaill Údaráis agus ó baill bhainteacha foirne

Aischuir faighte in am ó bhaill Údaráis agus ó baill bhainteacha foirne. Tuarascáil tugtha don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Plean Rollach Gnó cúig bliana forbartha agus curtha ar aghaidh

• Plean Rollach Gnó leasaithe cúig bliana réidh in am gach bliain

Curtha i gcrích do 2004

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Iarratais ar eolas a láimhseáil go héifeachtach faoin Acht Saorála Faisnéise (FOI)

• Spriocanna a chur i gcrích maidir le freagraí a thabhairt ar iarratais FOI; tuarascálacha rialta ón oifigeach FOI.

Freagraí agus tuarascálacha tugtha in am ar gach iarratas i 2004

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Pleananna Gnó gach Aonaid de chuid Teagasc a ullmhú agus a chur ar fáil

• Pleananna Gnó forbartha go maith, baint ag foirne leis an ullmhúchán, curtha i gcrích ag gach aonad le linn 2004

Pleananna Gnó ullmhaithe do 62 as 65 aonad. Ceapadh ball foirne chun an próiseas seo a threorú, a éascú agus a fhorbairt ar fud na heagraíochta

Is gné thábhachtach de chuid próiseas bainistíochta Teagasc í Pleanáil Ghnó. Rinne Oifigeach Luachála Teagasc luacháil ar an bpróiseas pleanála gnó i 2004 agus rinneadh moltaí chun cur lena chuid éifeachtachta agus éifeachtúlachta

50


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Chun teicneolaíocht eolais agus chumarsáide (ICT) a chur in oiriúint do riachtanais ghnó agus seirbhíse na heagraíochta cuireadh na straitéisí seo a leanas i bhfeidhm:

6.12

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Intrastruchtúr láidir sábháilte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm trí húsáid a bhaint as gnáth-chomhbhaill tionscail agus as caighdeáin ISO

• Rinneadh bainistíocht shárchaighdeáin ar gach tionscnamh

Cuireadh an plean deartha infreastruchtúir i gcrích agus roghnaíodh comhpháirtí infreastruchtúir. Cuireadh oililúint i leith bainistíocht tionscnaimh ar fáil d’fhoireann ICT

• Tionscnaimh curtha i gcrích in am

Polasaithe slándála forbartha agus curtha in áit

• Naisc VPN do ghuth agus do shonraí curtha i gcrích roimh dheireadh 2003 • Polasaí slándála, mar aon le rialacháin shoiléire theicniúla, réidh go luath i 2004 • Caighdeáin ghníomhaíochta bhainistíochta agus meastachán ar gach gné de sheirbhísí ICT, de réir mar a thagann siad chun cinn, curtha i bhfeidhm • Deasc Chabhrach curtha in áit roimh dheireadh 2003 • Plean iomlán oiliúna do gach ní a thagann chun cinn

Rinneadh dul chun cinn maidir le foireann a chur sa Roinn ICT agus ullmhaíodh agus ceadaíodh plean cuimsitheach ICT. Rinne saineolaí seachtrach athrbhreithniú ar infreastruchtúr ICT Teagasc mar chuid de straitéis ICT agus thángthas ar phlean chun an t-infreastruchtúr a uasghrádú go caighdeáin tionscail. Cuireadh tús le roinnt mórthionscal, a raibh baint ag an eagraíocht iomlán leo, mar shampla, Córas Bainistíocht Eolais Saotharlainne (LIMS). Chomh maith leis sin rinneadh athfhorbairt ar bhogearraí don Suirbhé Náisiúnta Feirmeacha agus ar uirlisí idirlín a rachaidh chun tairbhe chliaint Teagasc.

6.13

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Forbairtí ICT a chur chun cinn ar aon dul le Straitéis eGovernment chun ár gcuid ríomhsheirbhísí a chur in oiriúint do chliaint

• Monatóir ríomh-Bhrabús idirlín in earrach 2004

Chríochnaigh 12 ríomh-Theagascóir nua modúl réamhléiritheach ríomh-Fhoghlama i 2004

• Tástáil déanta ar mhodúil ríomh-fhoghlama faoi lár 2004, ar fáil do chliaint roimh dheireadh 2004

Rinne 80 duine cúrsa talmhaíochta ar-líne 100 uair an chloig agus cúrsa bainistíocht feirme ar-líne 80 uair an chloig. Tá Monatóir ríomh-Bhrabús idirlín á chur in oiriúint chun an córas íocaíochtaí aon fheirme a chur ar taispeáint Tá cairt phórúcháin ar-líne á forbairt le tacaíocht ó ICBF

• Torthaí anailísiú ithreach ar fáil ar an idirlíon ó lár 2004

51

Rinneadh dul chun cinn maidir leis an gcairt, ach níl sí curtha i gcrích go fóill


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Chun an tionscnamh um Sheirbhísí Ardchaighdeáin do Chustaimeirí a chur i bhfeidhm cuireadh na straitéisí seo a leanas i bhfeidhm: 6.14

6.15

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Comhairle a ghlacadh le foireann agus le custaiméirí maidir le leibhéal sástachta le seirbhísí Teagasc

• Suirbhéanna tosaigh déanta roimh dheireadh 2003

Suirbhé déanta ar 4,000 cliantfheirmeoir agus ar 500 mac léinn

• Ardchaighdeáin a aithint maidir le seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí agus gníomhú chun iad a chur i gcrích

Dréacht-Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí do Chustaiméirí ullmhaithe agus cuireadh tugtha do gheallsealbhóirí móra moltaí a dhéanamh

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

A chinntiú go mbeidh Seirbhís chuimsitheach Ardchaighdeáin do Chustaiméirí curtha ar fáil ag Teagasc

• Treoirthionscnaimh chun caighdeáin a aithint curtha i gcrích i 2003

Gníomhaíochtaí mar chuid de Sheirbhísí Ardchaighdeáin do Chustaiméirí curtha sna Pleananna Gnó

• Gníomhaíochtaí déanta chun feabhas a chur ar sheirbhísí do chustaiméirí i bPleananna Gnó i 2004

Cuireadh tús le 8 clár aon lae de cheardlanna oiliúna don fhoireann

• Méid den CSAP curtha i bhfeidhm i 2005

Dréachtchairt Seirbhísí do Chustaiméirí curtha ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí agus le bheith foilsithe ag deireadh 2004.

Rinneadh mórphróiseas comhairliúcháin, i dtaca le Cairt na gCustaiméirí le linn na bliana, leis an bhfoireann agus le geallsealbhóirí móra; agus cuireadh na torthaí san áireamh nuair a rinneadh amach an Chairt. Rinneadh suirbhé ar shampla ionadach de Chliaint Chomhairleacha i 2004. Shíl 70% gur thug an tseirbhís luach maith nó luach sármhaith ar airgead. Dúirt tuairim is 20% de fhreagróirí gur chuir siad tús le cleachtais nua fheirmeoireachta de thoradh a gcuid ballraíochta. Is dóigh linn go bhfuil sástacht lenár gcuid áiseanna oifige níos ísle ná mar ba mhaith linn í a bheith agus, dá thoradh sin, chuireamar tús le suirbhé tagarmhairc lena fháil amach céard ba chóir dúinn a dhéanamh chun iad a chur ar chaighdeán sásúil.

52


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Chun clár spriocanna/tairbhí eacnamaíocha seirbhísí Teagasc dá chuid custaiméirí a mheas, chun dearadh agus soláthar na seirbhísí seo a mheas agus chun feabhas a chur ar rialachas eagraíochta, cuireadh na straitéisí seo a leanas i bhfeidhm:

6.16

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Cumas luacháta gníomhaíochta a fhorbairt i 2003 agus i 2004

• Straitéis Luachála ghníomhaíochta a chur i gcrích i 2003

Cuireadh Aonad Luachála, ina bhfuil Oifigeach Luachála lánaimseartha agus coiste stiúrtha inmheánach, ar bun i 2004

• Aonad Luachála a bhunú i 2003 agus forbairt a dhéanamh ar a chumas i 2003/2004 • Moltaí chun gnásanna pleanála gnó Teagasc a chur ar aon dul le luacháil ghníomhaíochta

Staidéar déanta ar Phróisis Phleanála Gnó Teagasc

• Samhail de scórchchárta meáite luachála a fhorbairt do Teagasc

6.17

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Tús a chur i 2004-2005 le plean timthriallach a chur i bhfeidhm

• Plean timthriallach luachála a fhorbairt

Cuireadh dhá thionscnamh i gcrích i 2004 agus comhaontaíodh agus cuireadh tús le clár tosaíochta luachála, trí úsáid a bhaint as conraitheoirí seachtracha agus as acmhainní inmheánacha.

• Tionscnaimh luachála idir lámha nó curtha i gcrích

6.18

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

An plean cuíchóirithe a cuireadh ar bun i 2003 a chur i gcrích

• Méid den phlean curtha i bhfeidhm

Príomh-Oifig aistrithe go Ceatharlach; Ionad Taighde Eacnamaíocht Tuaithe aistrithe go Baile Átha an Rí; oifig chomhairleach Bhaile Átha Cliath aistrithe go hoifig athchóirithe i gCionn Sáile; oifigí sa Chathair, i gCaiseal, i mBéal an Átha Móir, in Oileán Chiarraí agus ar an Neidín dúnta

53


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

6.19

Straitéis

Táscairí Saothraithe

Dul Chun Cinn

Leanúint le feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí, trí haonaid bhainistíochta contae a chuíchóiriú, chun tuilleadh maise criticiúla agus tuilleadh aonfhoirmeachta i méid aonad agus seirbhísí a chur i gcrích

• Líon agus méid aonaid bhainistíochta gnó

Cuireadh tús le próiseas chun líon aonaid bhainistíochta sa tSeirbhís Chomhairleach a laghdú ó 28 go 18 agus cuireadh ceisteanna a bhain le caidreamh tionsclaíoch, a bhí fós gan éisteacht, ar aghaidh go dtí an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Le linn dúinn Príomh-Oifig Teagasc a aistriú ó Bhaile Átha Cliath go Teach Pháirc na Darach, Ceatharlach, ghlac líon suntasach de bhaill foirne le Clár um Scor Luath Deonach. Mar chuid den chlár athshuite, glacadh leis an deis atógáil a dhéanamh ar fheidhmeanna tacaíochta Acmhainní Daonna, Airgeadais, ICT, PR agus ar fheidhmeanna tacaíochta eile de chuid na Príomh-Oifige. Cuireadh struchtúir nua foirne i bhfeidhm agus aithníodh eochairchumais éagsúla. Cuireadh próiseas mór earcaíochta i bhfeidhm chun poist a líonadh le hiarrthóirí inmheánacha agus seachtracha. Cuireadh cuid mhór acmhainní breise foirne ar fáil i HR agus i ICT lena chinntiú go ndéanfadh na feidhmeanna seo freastal ar ionchais foirne agus chustaiméirí.

54


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nascachtai Tábhachtacha Tá Teagasc tiomanta do bheith ag obair i gcomhpháirt le gach earnáil de chuid tionscal na talmhaíochta agus an bhia, sa bhaile agus thar lear, chun a chuid seirbhísí taighde, comhairle agus oiliúna a chur ar fáil. Cinntíonn an cur chuige comhpháirteach seo go mbaintear úsáid éifeachtach as acmhainní na heagraíochta. Tá Roinn ghníomhach PR agus Chumarsáide do Chustaiméirí ag Teagasc, a chinntíonn go ndéantar eolas eolaíoch a chraobhscaoileadh, go reáchtáiltear ócáidí poiblí go sásúil agus go gcuirtear eolas ar fáil do na meáin agus don phobal i gcoitinne. Tá suíomh idirlín ginearálta, www.teagasc.ie, ag an eagraíocht, mar aon le suíomh idirlín do chliaint agus le suíomh inlín don fhoireann. Le linn 2004 leanadh leis an obair chun nascachtaí a chothú agus a fheabhsú leis na heagraíochtaí agus leis na gníomhaireachtaí seo a leanas:

An Roinn Talmhaíochta agus Bia D’oibrigh Teagasc i gcomhpháirt leis an Roinn lena chinntiú go ndearna a chlár gníomhaíochtaí freastal ar riachtanais na hearnála, go raibh sé ar aon dul le polasaí an Rialtais agus, go háirithe, le polasaí an Roinn Talmhaíochta agus Bia, de réir mar atá leagtha síos ina Ráiteas Straitéise. Ranna Rialtais eile Baineann sainordú Teagasc le ranna éagsúla rialtais. Le linn 2004, choinnigh an eagraíocht i dteagmháil leis na ranna sin chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht cur cuige a chinntiú agus chun forluí i réimsí comhleasa a sheachaint. Ar na ranna a bhí i gceist bhí Oideachas agus Eolaíocht, Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Fiontar, Trádáil agus Fostaíocht, Comhshaol, Oidhreacht agus Rialtas Áitiúil. Gníomhaireachtaí Rialtais Tá sainorduithe ag roinnt gníomhaireachtaí rialtais eile a mbíonn baint acu le hobair Teagasc. Orthu sin tá Bord Bia, FÁS, Comhairle na gCáiliúchán Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC), Comhairle na gCáiliúchán Breisoideachais agus Oiliúna (HETAC), Údarás Náisiúnta na gCáilíochtaí, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, Fiontar Éireann agus an Ghníomhaireacht um Chothú Comhshaoil. D’oibrigh an eagraíocht i gcomhpháirt leis na gníomhaireachtaí sin i rith na bliana.

56


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Tionscnaimh AE Leanadh leis an mbaint a bhí ag Teagasc le tionscnaimh AE agus cothaíodh agus neartaíodh í aon uair ab fhéidir. Thar aon ní eile, chuamar san iomaíocht chun conarthaí taighde a fháil faoi chláir Chreatlach AE agus faoi chláir taighde agus forbartha eile. Lean polasaí taighde AE air ag iarraidh comhoibriú agus comhordú ghníomhaíochtaí taighde a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach sna Ballstáit. Tá an Pobal tiomanta don choincheap “Ceantar Taighde Eorpach” (ERA) a bheith ann go fírinneach, trí chomhleanúnachas agus chomhordú chláir taighde náisiúnta a fheabhsú ar fud na hEorpa. Tá sé de chuspóir bunúsach ag an Séú Clár Creatlaí baint a bheith aige leis an ERA a chur ar bun. Iarradh ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta a fhorbairt lena chinntiú go gcuirfí sprioc 3% de GDP do chaiteachas RTD i gcrích. Ghlac Teagasc páirt iomlán sna hiarrachtaí seo. Nascachtaí Tábhachtacha Eile Ta sé den riachtanas d’fhorbairt eolais a bheith ag comhoibriú le hinstitiúidí eolaíocha idirnáisiúnta. Mar eagraíocht bheag, thuig Teagasc, i gcónaí, an tábhacht a bhaineann le punann láidir teagmhálacha agus líonraí idirnáisiúnta a bheith againn. Shíníomar roinnt comhaontuithe déthaobhacha le hinstitiúidí ar fud an domhain agus rinneamar iarracht páirt ghníomhach a ghlacadh i dtionscnaimh eolaíocha forbartha ar fud an domhain. Ba mhór an tábhacht a bhain leis na teagmhálacha sin chun inrochtaineacht luath a chinntiú d’Éirinn i bhforbairtí ábhartha eolaíochta agus teicneolaíochta thar lear. Neartaíomar na comhaontuithe déthaobhacha a bhí againn cheana agus rinneamar iarracht nascachtaí nua a fhorbairt ar mhaithe lenár gcuid oibre agus leis an tionscal a mbímid ar freastal air. Institiúidí Ardoideachais Rinne Teagasc forbairt ar líonra leathan comhoibrithe fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil le hollscoileanna agus le hinstitiúidí teicneolaíochta eile. Ghlac Scéim an Walsh Fellowship ról tábhachtach i gcothú an chomhoibrithe sin. D’oibrigh an dá ionad bia i gcomhpháirt le UCC, le UCD agus le hinstitiúidí eile chun cláir thaighde bia a chur i bhfeidhm, faoi bhainistíocht an Roinn Talmhaíochta agus Bia le linn 2004. Bhí baint ag coláistí Teagasc agus ag coláistí príobháideacha, maoinithe ag Teagasc, le seacht gcinn d’institiúidí teicneolaíochta i soláthar comhpháirteach 11 clár tríú leibhéal go dtí leibhéal céime. Chabhraigh na nascachtaí seo leis na hinstitiúidí comhpháirteacha an úsáid is fearr a bhaint as a gcuid inniúlachtaí féin agus chuir siad deis ar fáil do na mic léinn dul ar aghaidh go leibhéal ardchéime. Lean an eagraíocht uirthi ag comhoibriú le hinstitiúidí ardoideachais chun mais chriticiúil a bhaint amach i réimsí tábhachtacha, chun cabhrú leo feabhas a chur le héifeachtacht soláthar seirbhísí. Rinneamar Scéim an Walsh Fellowship a chothabháil ag an leibhéal céanna, ach leathnaíomar an scóp chun tuilleadh disciplíní neamhthalmhaíochta a chur san áireamh. Bhí cainteanna againn le hollscoileanna Éireannacha sa chaoi go bhféadfaimis tuilleadh líonraí foirmiúla comhoibrithe a bhunú chun taighde, oideachas/oililúint agus seirbhísí forbartha a chur ar fáil i gcomhpháirt le chéile. Comhlachtaí Ionadaíochta Tionscail Rinneamar idirchaidreamh leanúnach le comhlachtaí éagsúla ár ngeallsealbhóirí in earnáil an talamhbhia. Neartaíomar na grúpaí oibre éagsúla tráchtearraí a oibríonn ar mhaithe le geallsealbhóirí agus le foireann agus chuireamar chun oibre iad i bhforbairt agus i monatóireacht chláir fhoriomlána taighde, oideachais/oiliúna agus aistriú teicneolaíochta dá gcuid réimsí tráchtearraí.

57


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Comhchláir le Lucht Tionscail D’oibríomar leis na comhlachtaí móra talmhaíochta go léir chun comhchláir fhorbartha a chur i bhfeidhm. Leagadh béim sna cláir sin ar éifeachtacht táirgthe agus ar cháilíocht táirgí a fheabhsú ionas go mbeidís ar aon dul le riachtanais mhargaidh. Chuir na gníomhaíochtaí sa chomhchlár comhpháirteach le himlonnú acmhainní foirne agus cuireadh maoiniú ar fáil chun foireann bhreise a imlonnú i 2004. Gníomhaireachtaí Forbartha Áitiúla Chomhoibríomar agus thacaíomar le gníomhaireachtaí forbartha réigiúnacha agus áitiúla chun forbairtí nua a chur i bhfeidhm i gceantair thuaithe. Bhí baint ag cuid mhór díobh sin le hearnáil an talamhbhia agus chuir siad go mór le ról Teagasc. Ba mhór an áis é saineolas Teagasc do na gníomhaireachtaí seo. Chuir an chomhpháirtíocht seo deiseanna ar fáil do Teagasc chun tionscnaimh fhorbartha a spreagadh chun tacú lenár ról agus chun éilimh ar ár seirbhísí comhairleacha agus oiliúna a mhéadú. Nascachtaí Thuaidh-Theas Rinneamar forbairt agus dul chun cinn maidir le comhoibriú le gníomhaireachtaí forbartha talamhbhia i dTuaisceart na hÉireann. Rinneadh iarracht speisialta comhoibrithe le chéile i réimsí a d’aithin Grúpa Rannach na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas um Thalmhaíocht. Leanadh le cainteanna reatha le hInstitiúid Taighde Talmhaíochta Thuaisceart Éireann i leith comhaontaithe maidir le taighde comhoibrithe.

58


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Cuir Chuige, Monatóireacht agus Tuairisciú Leagtar amach misean iomlán, sainordú agus spriocanna arleibhéil Teagasc sa Ráiteas Straitéise agus déantar cur síos ann ar chnámhstraitéisí atá le cur i bhfeidhm. Nuair a bhí an ráiteas seo á ullmhú, glacadh le tuairimí agus le moltaí foirne chun úinéireacht chomhpháirteach a chinntiú agus chun na cnámhstraitéisí a chur i ngníomh go hiomlán i ngníomhartha agus i ngníomhaíochtaí pleananna gnó na n-aonaid éagsúla bhainistíochta. Ceann de na pleananna gnó, a ullmhaíodh ag leibhéal ranna agus ag leibhéal na n-aonaid ghaolmhara bhainistíochta, ná clár nithiúil bliantúil gníomhartha i dtaca le spriocanna a chur i gcrích. Ar deireadh thiar, tagann na cuspóirí agus na gníomhartha sonraithe chun cinn mar chláir éagsúla oibre do bhaill foirne faoin gCóras um Fhorbairt Ghníomhaíocht Bhainistíochta (PMDS). Socraíodh na cuspóirí agus na gníomhartha sonraithe, atá sna Pleananna Gnó, sa chaoi go bhfreagródh siad do chaighdeáin mheastacháin a bheadh sonrach, intomhaiste, comhaontaithe, réalaíoch agus uainithe (SMART). Dá bhrí sin, oibríonn pleananna bliantúla gnó Teagasc sa chaoi go mbíonn straitéis agus pleanáil mar ghníomhaíocht leanúnach i gcónaí. Chuir na ranna go léir, mar aon lena gcuid aonaid ghaolmhara bhainistíochta, sonraí ar fáil i dtaca lena gcuid gníomhaíochtaí agus le cur i gcrích a gcuid cuspóirí gnó. Chabhraigh na gníomhartha/spriocanna, i leith Bainistíocht Rioscaí agus i leith Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí, linn ár gcuid spriocanna agus straitéisí a chur i bhfeidhm. Cuireann an plean timthriallach meastacháin, atá ag Teagasc, eolas tábhachtach ar fáil dúinn maidir leis an gcaoi ar féidir spriocanna na gclár a bhaint amach agus i dtaobh na mbuntáistí a chuirtear ar fáil do chustaiméirí trínár gcuid seirbhísí. Anuas air sin, cuidíonn an próiseas meastacháin seo linn feabhsaithe i ndearadh agus i soláthar na seirbhísí seo a aithint agus rialachas feabhsaithe a chur i gcrích.

59


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Oibleagáidí Reachtúrla Comhionannas Tá sé de chuspóir ag Teagasc comhionannas deiseanna a chur ar fáil agus is chuige sin a leagadh síos an clár forbartha pearsanra agus foirne. Chomh maith leis sin tá sé de chuspóir ag Teagasc polasaí an Rialtais i dtaca le fostaíocht daoine míchumasaithe san earnáil phoiblí a chur i bhfeidhm. Tá polasaí i leith maistíneachta, imeaglaithe agus ciaptha gnéasaigh curtha i bhfeidhm againn chun dínit gach ball foirne a chaomhnú agus a chosaint. An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, and an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001. De réir an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, agus an Achta um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, chuir baill Údarás Teagaisc ráiteas comhleasa ar fáil do Rúnaí an Údaráis agus, anuas air sin, cuireadh cóip ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Chomh maith leis sin, chomhlíon baill ar bith de chuid Teagaisc, a bhfuil poist sonraithe acu, coinníollacha na n-achtanna sin.

An tAcht um Shábháilteacht, Shláinte agus Leasa, 1989 De réir an Achta um Shábháilteacht, Shláinte agus Leasa, 1989, d’ullmhaigh Teagasc ráitis sábháilteachta chun gach gné de chuid leasa foirne agus cuairteoirí a chlúdach.

An tAcht um Rannpháirtíocht Oibrithe (Fiontair Stáit), 1988 Chuir Teagasc struchtúir chomhairliúcháin Fho-Bhoird i bhfeidhm chun tacú le próisis chumarsáide agus chomhairliúcháin na heagraíochta. D’ullmhaigh an Fóram Náisiúnta Rannpháirtíochta pleananna sa chaoi go mbeadh sé in ann feidhmiú mar Choiste Comhpháirtíochta Náisiúnta.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 Cuireadh an tAcht Saorála Faisnéise, 1997 i bheidhm i Teagasc ó 1ú Samhain 2002. Cuireann an tAcht trí cinn de chearta nua reachtúla ar fáil - ceart dleathach ag gach duine eolas atá ag comhlachtaí poiblí a rochtain - ceart dleathach ag gach duine eolas oifigiúil atá ag comhlachtaí poiblí i dtaca leis/léi féin a leasú má bhíonn an t-eolas sin neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach agus - ceart dleathach cúiseanna a fháil i dtaca le cinntí, bainteach leis/léi féin, a dhéanann comlacht poiblí ar bith

Cód Cleachtais i leith Rialachas Comhlachtaí Stáit, Deireadh Fómhair 2001 Ghlac Teagasc leis an gcód cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stait, a cheadaigh an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2001 agus rinneadh socruithe lena chinntiú go gcomhlíonfaidh Teagasc gach gné den chód sin ina chuid gníomhaíochtaí.

60


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Príomh-Oifig Roinn Taighde Bia Oifig Chontae Ionad Taighde Oifig Chomhairleach Áitiúil Stáisiún Taighde Coláiste Teagasc Coláiste Príobháideach

61


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

An tAcht um Prapíocaíochtaí ar Chuntais, 1997 Áirítear Teagasc mar cheannaitheoir liostaithe earraí faoi sceideal an Achta um Prapíochtaíochtaí ar Chuntais, 1997. Cuireadh an tAcht i bhfeidhm ar 2ú Eanáir 1998 agus comhlíonann Teagasc na forálacha a bhaineann leis. De réir an Achta agus de réir treoirlínte a d’eisigh an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, cuirtear an t-eolas seo a leanas ar fáil: Modhanna imeachta a bunaíodh chun géilliúlacht don Acht a chinntiú Tá modhanna imeachta curtha i bhfeidhm ag Teagasc lena chinntiú do ndéantar íocaíochtaí ar shonraisc taobh istigh de na teorainneacha ama a bhaineann leo nó taobh istigh den teorainn ama reachtúil mura mbíonn tréimhse shonraithe ar bith i gceist. Cé gur cuireadh na modhanna imeachta sin le chéile chun géilliúlacht don Acht a chinntiú, ní féidir leo ach forchinntiú réasúnta, seachas dearbh-fhorchinntiú, a chur ar fáil maidir le neamhghéilliúlacht ábhartha don Acht. Cuireadh na nósanna imeachta sin i bhfeidhm le linn an tréimhse airgeadais a bhí faoi léirmheas; agus, i gcás mallíocaíochtaí, tugadh an t-eolas cuí do na soláthraithe a bhí i gceist agus íocadh ús leo. De réir an Achta um Prapíocaíochtaí ar Chuntais, 1997, cuirtear an t-eolas seo a leanas ar fáil i dtaca leis an tréimhse airgeadais dár chríoch 31ú Nollaig 2003. a) Nósanna Imeachta Íocaíochta Íocann Teagasc soláthraithe de réir téarmaí sonraithe ar shonraisc nó de réir téarmaí sonraithe ar chonarthaí aonair más cuí. Tréimhse 30 lá a bhíonn i gceist de ghnáth. b) Mallíocaíochtaí os cionn €300 Líon sonrasc Méantréimhse Moille

135 24 lá

c) Céatadán foriomlán mallíocaíochtaí mar chuid d’íocaíochtaí iomlána agus ús iomlán a íocadh Ba é 0.76% an céatadán foriomlán de mhallíocaíochtaí mar chuid d’íocaíochtaí iomlána. Ba é €2,311.00 an t-iomlán a íocadh mar ús ar mhallíocaíochtaí.

62


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

RÁITIS AIRGEADAIS 2004 Ráiteas faoi Rialúchán Airgid Ráiteas faoi Fhreagrachtaí an Údaráis Polasaithe Cuntasaíochta Cuntas Ioncaim agus Caiteachas Clár Comhardaithe Ráiteas Sreabhadh Airgid Thirim Nótaí a théann leis na Ráitis Airgeadais

63

Leathanach 63 64 65 67 68 69 70


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Teagasc – An tÚdarás um Fhorbairt Talmhaíochta agus Bhia Tuarascáil an Ardreachtaire Cuntas agus Ciste, le cur os comhair tithe an Oireachtais Rinne mé iniúchadh ar na ráitis airgeadais ar leathanaigh 3 go 20, faoi Alt 12 den Acht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988. Freagraíochtaí Baill an Údaráis agus an Ardreachtaire Cuntas agus Ciste faoi seach Bíonn sé de dhualgas ormsa, bunaithe ar an iniúchadh a dhéanaimse féin, breith neamhspleách a thabhairt ar na ráitis airgeadais a thugtar dom agus tuarascáil a dhéanamh orthu. Déanaimse athbhreithniú ar an gcóras rialúcháin airgeadais ar leathanach 1 lena chinntiú go gcomhlíonann an tÚdarás treoirlínte infheidhmithe i dtaca le rialachas corparáideach agus déanaim tuarascáil ar neamhchomhlíonadh nó ar neamh-chomhsheasmhacht ar bith a bhíonn i gceist de réir an eolais a bhíonn agam féin de thoradh iniúchadh a bheith déanta agam ar na ráitis airgeadais. Bunús Tuairim an Iniúchta De réir m’fheidhme mar Ardreachtaire Cuntas agus Ciste, rinne mé m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais de réir caighdeáin iniúchta an Bhord Chleachtais Iniúchta agus trí thagairt a dhéanamh do na cúinsí speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit i dtaca le bainistíocht agus le hoibríocht. Is cuid d’iniúchadh ar bith, ar bhonn trialach, scrúdú a dhéanamh ar fhianaise a bhaineann le suimeanna agus le faisnéisiú ar bith a thugtar sna ráitis airgeadais. Chomh maith leis sin, déantar measúnú ar mheastacháin agus ar bhreitheanna suntasacha a thugtar le linn ullmhúchán na ráitis airgeadais agus ar an gcaoi a ndéanann na polasaithe cuntasaíochta freastal ar chúinsí an Údaráis, mar aon leis an gcaoi a ndéantar iad a chur i bhfeidhm agus a fhaisnéisiú. Rinne mé m’iniúchadh a phleanáil agus a chur i bhfeidhm sa chaoi go bhfaighinn gach eolas agus gach míniú a bheadh de dhíth orm lena bheith réasúnta cinnte go mbeadh na ráitis airgeadais saor ó neamhchruinneas, tarlaíodh sé sin de bharr calaoise, de bharr mírialtachta ar bith eile nó de bharr earráide. Chuir mé san áireamh leorgacht ghinearálta léiriú an eolais sna ráitis airgeadais. Tuairim Is dóigh liom gur choimeád an tÚdarás leabhair chearta chuntais agus go dtugann na ráitis airgeadais, a théann leo, cuntas fíor agus dlisteanach ar staid an Údaráis faoi mar a bhí ar 31ú Nollaig 2004 agus ar ioncam, ar chaiteachas agus ar shreabhadh airgid thirim don bhliain dár chríoch an dáta céanna.

John Purcell, Ardreachtaire Cuntas agus Ciste 30ú Meitheamh 2005.

64


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Ráiteas ar Rialúchán Inmheánach Airgeadais Ar son Údarás Teagasc admhaím go bhfuil sé de dhualgas orainn riailchóras éifeachtach inmheánach airgeadais a chothabháil agus a chur i ngníomh. Ní féidir le riailchóras inmheánach airgeadais ar bith ach dearbhú réasúnta seachas dearbhú absalóideach a sholáthar i gcoinne earráidí ábharhta, ráitis éithigh nó caillteanas. Le linn dóibh a bheith ag plé le héifeachtacht riailchórais inmheánacha airgeadais, tugann an tÚdarás agus a Choiste Iniúchta aird faoi leith, i measc nithe eile, ar riachtanais an Chód Cleachtais i dtaca le rialachas Comhlachtaí Stáit. Ghlac an tÚdarás céimeanna lena chinntiú go mbeadh timpeallacht oiriúnach rialacháin insuite trí: • sainmhíniú soiléir a thabhairt ar dhualgais, ar údarás agus ar fhreagrachtaí bainistíochta; • gnásanna foirmiúla a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus chun sócmhainní Teagasc a chosaint; • cultúr freagrachta a fhorbairt ag gach leibhéal den eagraíocht. Tá próiseas ar bun ag an Údarás faoi láthair chun gnásanna a bhunú i dtaca le rioscaí gnó taobh istigh de Teagasc trí: • nádúr, méid agus impleachtaí airgeadais rioscaí atá i ndán do Teagasc a aithint, méid agus cineálacha atá inghlactha i dtuairim Teagasc san áireamh; • measúnú a dhéanamh ar fhéidearthachtaí go dtarlódh rioscaí aitheanta; • measúnú a dhéanamh ar chumas Teagasc rioscaí a tharlaíonn a bhainistiú agus a mhaolú; • measúnú a dhéanamh ar chostas oibriúcháin rialachán áirithe i dtaca leis an leas a bheadh ar fáil. Tá an córas inmheánach rialachán airgeadais bunaithe ar chreatlach tuarascáil rialta bhainistíochta, ar ghnásanna riaracháin, deighilt dualgas san áireamh, agus ar chóras toscaireachta agus freagrachta, iad seo a leanas san áireamh: • buiséadú cuimsitheach bliantúil agus córas tuarascála airgeadais, a ndéantar athbhreithniú air agus a nglacann an tÚdarás leis; • athbhreithnithe rialta, déanta ag an Údarás, ar straitéis ghinearálta, ar phleananna gnó agus airgeadais agus ar athraitheas i gcoinne buiséadú oibriúcháin agus chaipitiúil. Tá feidhm inmheánach iniúchta ag Teagasc, a oibríonn de réir riachtanais an Chód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit agus de réir na gcritéir éifeachtachta atá leagtha síos i Ráiteas Straitéise Teagasc, a foilsíodh i mí na Samhna 2003. Déantar obair an iniúchta inmheánaigh a eolasú trí hanailís a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i ndán do Teagasc agus bunaítear pleananna iniúchta inmheánaigh ar an anailís seo. Is é an Coiste Iniúchta a ghlacann leis na pleananna iniúchta inmheánaigh. Sa bhliain 2004, bheartaigh an tÚdarás saineolaí seachtrach a cheapadh ar an gCoiste Iniúchta agus go ndéanfadh cuntasóir comhairleach iniúchtaí inmheánacha. Is trí hobair iniúchóra inmheánaigh a dhéantar monatóireacht agus athbhreithniú an Údaráis ar éifeachtacht an chóras inmhéanach rialaithe a eolasú agus is é an Coiste Iniúchta, mar aon le bainisteoirí feidhmiúcháin Teagasc, atá freagrach as forbairt agus cothabháil an chreatlach airgeadais, agus le nithe a deir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina litir bhainistíochta, a stiúrann obair an iniúchóra inmheánaigh. Dearbhaím go ndearna an tÚdarás athbhreithniú ar éifeachtacht na gcórais inmheánacha rialaithe airgeadais.

Dr. Tom O’Dwyer, Cathaoirleach Dáta: 23/9/05

65


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Ráiteas faoi Fhreagrachtaí an Údaráis Faoil Alt 12 (1) den Acht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988, ní mór don Údarás ráitis airgeadais a ullmhú sa chaoi go mbeidh an tAire Talmhaíochta agus Bia, le comhaontú an Aire Airgeadais, in ann glacadh leo. Le linn dó na ráitis airgeadais sin a ullmhú, ní mór don Údarás: • polasaithe oiriúnacha cuntasaíochta a roghnú agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach; • breitheanna agus meastacháin, a bheidh réasúnta agus stuama, a thabhairt; • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh, ach amháin sa chás go mbeadh sé míchuí a bheith ag toimhdiú go leanfadh Teagasc i mbun oibriúcháin; • tréigean ábhartha caighdeáin infheidhmithe chuntasaíochta a nochtú agus a mhíniú. Tá sé de dhualgas ar an Údarás leabhair chearta chuntais a choimeád, a nochtaíonn, a fhad agus is féidir, staid airgeadais Teagasc ag aon am ar bith agus a chuireann ar a chumas a bheith cinnte go gcloíonn na ráitis airgeadais le riachtanais dhleathúla. Coinnítear na leabhair chuntais i gceanncheathrú an Údaráis i bPáirc na Darach, Ceatharlach. Anuas air sin, tá sé de dhualgas ar an Údarás sócmhainní Teagasc a chosaint agus céimeanna réasúnta a thógáil chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a aimsiú.

Dr. Tom O’Dwyer, Cathaoirleach Dáta:

James Brett, Ball de chuid an Údaráis

66


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Polasaithe Cuntasaíochta Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004

Is iad seo a leanas na polasaithe ar ghlac Teagasc leo: (a)

Bonn Cuntasaíochta Ullmhaíodh na Ráitis Airgeadais de réir an ghnás stairiúil costais, faoi réir sócmhainní áirithe a bheith curtha san áireamh de réir luachála (féach Nóta 13).

(b)

Maoiniú Stáit Tugtar cuntas ar mhaoiniú Stáit san earnáil Bhia agus cuntas ar an gclár taighde comhpháirteach Spreagtha ar bhonn fabhruithe. Tugtar gach maoiniú Stáit eile ar bhonn fáltais airgid.

(c)

Ioncam AE Tugtar cuntas ar dheontais ó Chiste Sóisialta na hEorpa mar ioncam ar bhonn an chéad agus an dara airleacan i dtaca le héileamh na bliana reatha, mar aon le tráthchuid dheireanach na bliana roimhe sin. Tugtar cuntas ar dheontais AE eile ar bhonn fáltais airgid.

(d)

Ioncam Oibriúcháin Tugtar cuntas ar ioncam oibriúcháin ar bhonn fáltais airgid.

(e)

Sócmhainní Seasta Inláimhsithe agus Dímheas (i)

Sócmhainní Sealbhaithe Glacadh Sócmhainní ón gComhairle Oiliúna Talmhaíochta agus ón bhForas Talúntais ar 8ú Meán Fómhair 1988 ar luachanna dúnta mar a bhí i gCláir Chomhardaithe na gcomhlachtaí sin. Déantar cuntas ar shuimiúcháin ar a gcostas.

(ii) Dímheas Ní dhéantar talamh a dhímheas. Déantar costas nó luacháil sócmhainní sealbhaithe a dhíscriobh ar thráthchodanna cothroma de réir ionchas a saolta úsáideacha mar seo a leanas: Foirgnimh Feirme Foirgnimh Eile Gléasra agus Feithiclí Fearas Ríomhaireachta Fearas Saotharlainne agus Oifige

20 bliain 50 bliain 5 bliain 3 bliain 10 bliain

Déantar sócmhainní a bhíonn againn faoi léasanna airgeadais a dhímheas thar an tréimse léasa, nuair a bhíonn an tréimhse sin níos giorra ná ionchas a saolta úsáideacha . Déantar dímheas leathbhliana a ghearradh le linn blianta éadála agus diúscairte sócmhainní. (iii) Sócmhainní ar Léas Láimhsítear sócmhainní seasta a fhaightear faoi léasanna airgeadais de réir an pholasaí thuasluaite faoi ‘sócmhainní seasta’. Cuirtear gné chaipitiúil dualgais chíosanna ghaolmara san áireamh faoi dhliteanais, agus déantar an t-ús a ghearradh faoi chaiteachas thar thréimhse an léasa phríomhúil. Déantar cíosanna ar léasanna oibriúcháin a ghearradh faoi chaiteachas de réir mar a éiríonn siad.

67


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Polasaithe Cuntasaíochta Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 (ar leanúint) (f)

Cuntas Caipitil Seasann comhardú an chuntais seo do luach neamh-mhaite na gcistí a úsáidtear chun sócmhainní seasta a cheannach.

(g)

Stoic Rinne oifigigh Teagasc luacháil ar stoic. Déantar beostoc agus táirgeacht feirme a mheas ar ghlanluach inréadaithe measta. Oibrítear glanluach inréadaithe amach ar an mbonn go ndíoltar ainmhithe le dul chun seamlais. Déantar gnóthachain agus caillteanais, a éiríonn as an áireamh seo, a léiriú go hiomlán mar ioncam oibriúcháin. Déantair stoic eile a luacháil ar an gceann is ísle de chostas agus ghlanluach inréadaithe.

(h)

Féichiúnaithe Déantar drochfhiacha, a mbíonn eolas againn fúthu, a dhíscríobh de réir mar a thagann siad chun cinn agus cuirtear soláthar speisialta ar fáil nuair a bhítear amhrasach faoi aisghabháil. (i)

Leabharlanna agus Foilseacháin Ní chuirtear luach ar bith ar na leabhair i leabharlanna Teagasc ná ar fhoilseacháin neamhdhíolta. Déantar caiteachas ar leabhair agus ar fhoilseacháin a dhíscríobh don tréimhse a dtagann sé chun cinn.

(j)

Aoisliúntas Láimhsíter aoisliúntas pinsin fostaithe Teagasc agus a chuid réamhtheachtaithe trí scéimeanna sochair aoisliúntais. Ní dhéantar soláthar ar bith do phinsin amach anseo, agus déantar costas na scéimeanna seo a réiteach ó ioncam reatha de réir mar a thagann siad chun cinn. Déantar ranníocaíochtaí foirne i dtaca le pinsin a fhritháireamh i gcoinne caiteachais (féach Nóta 9).

68


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Don bhliain dár chríoch 31ú Nollaig 2004 2004 € 000

2003 € 000

119,487 1,261 24,934 68 1,950

123,962 1,244 23,867 16,921 2,215

147,700

188,209

152,329

140,911

(4,629)

27, 298

(4,994)

(2,863)

(Easnamh)/Barrachas don tréimhse

(9,623)

24,435

Comhardú curtha ar aghaidh ón mbliain roimhe

15,935

(8,500)

6,312

15,935

Nóta Ioncam Maoiniú Stáit Ioncam AE Ioncam Oibriúcháin Barrachas ar dhiúscairt sócmhainní seasta Deontais, bronntanais agus tobhach deonach eile

2 3 4

Caiteachas

5

Aistriú go Cuntas Caipitil

12

Comhardú Carnach ar 31ú Nollaig

Baineann na suimeanna thuas go hiomlán le hoibriúcháin leanúnacha. Níl gnóthachain ná caillteanais aitheanta ar bith i gceist ach amháin de réir mar atá luaite sa Chuntas thuas. Is cuid de na Ráitis Airgeadais seo iad an Ráiteas um Pholasaithe Cuntasaíochta agus Nótaí 1 go 23.

Dr. Tom O’Dwyer, Cathaoirleach Dáta:

Jim Flanagan, Stiúrthóir

69


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Clár Comhardaithe Don bhliain dár chríoch 31ú Nollaig 2004

2004 € 000

2003 € 000

13 14

74,520 2 74,522 74,522

69,632 2 69,634 69,634

15 16

5,849 4,107 12,184 449 22,589

5,739 4,918 19,132 359 30,148

17 18 19

13,495 861 38 1,912 1 16,307

13,337 365 106 493 1 14,302

6,282

15,846

80,804

85,480

4 2 16 22

42 8 19 69

80,782

85,411

74,470 6,312 80,782

9,476 15,935 85,411

Nóta Sócmhainní Seasta Sócmhainní Inláimhsithe Sócmhainní Airgeadais

Sócmhainní Reatha Stoic Féichiúnaithe agus Réamhíocaíochtaí Comharduithe Bainc Éarlaisí Gearrthéarmacha

Dliteanais Reatha (suimeanna iníoctha taobh istigh de bhliain) Creidiúnaithe agus Fabhruithe Ioncam Iarchurtha Oibleagáidí faoi Léasanna Airgeadais Rótharraingt Bhainc Iasachtaí Bainc

Glansócmhainní Reatha Sócmhainní Reatha lúide Dliteanais Reatha Lúide Dliteanais neamhreatha (suimeanna iníoctha taobh istigh de bhliain) Oibleagáidí faoi Léasanna Airgeadais 19 Iasachtaí Bainc Dliteanais fhadtéarmacha eile

Sócmhainní Glana Ar taispeáint faoi Cuntas Caipitil Cuntas Ioncaim agus Caiteachais

12

Is cuid de na Ráitis Airgeadais seo iad an Ráiteas um Pholasaithe Cuntasaíochta agus Nótaí 1 go 23.

Dr. Tom O’Dwyer, Cathaoirleach Dáta:

Jim Flanagan, Stiúrthóir

70


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Ráiteas faoi Shreabhadh Airgid Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 Réiteach Barrachas (Easnamh) Oibriúcháin le hInsreabhadh Glan Airgid ó Ghníomhaíochtaí Oibriúcháin 2004 2003 Nóta € 000 € 000 Barrachas (Easnamh) Oibriúcháin Dímheas Aistriú go Cuntas Caipitil Ús íoctha Ús faighte (Brabús) ar dhíolachán sócmhainní seasta (Méadú)/Laghdú Stoc Laghdú Féichiúnaithe (Méadú)/Laghdú Creidiúnaithe/Dliteanais LT Méadú Ioncaim Iarchurtha Insreabhadh Glan Airgid Thirim ó Ghníomhaíochtaí Oibriúcháin

(9,623) 4,554 4,994 7 (310) (68) (110) 811 156 496 907

24,435 5,102 2,863 15 (125) (16,921) 15 470 (238) 15 15,632

907

15,632

(7) 310

(15) 125

303

110

Gníomhaíochtaí Infheistithe Íocaíochtaí chun sócmhainní seasta inláimhsithe a fháil 13 (9,502) Admhálacha ó dhiúscairt sócmhainní seasta inláimhsithe 128 Insreabhadh (Eis-Sreabhadh) Glan Airgid Thirim ó Ghníomhaíochtaí Infheistithe (9,374)

(8,583) 17,743 9,160

13 12

RÁITEAS FAOI SHREABHADH AIRGID THIRIM

Insreabhadh Glan Airgid Thirim ó Ghníomhaíochtaí Oibriúcháin Aischur ar Infheistíochtaí agus ar Fhónamh Airgeadais Ús Íoctha Ús Faighte Insreabhadh Glan Airgid Thirim ar Infheistíochtaí agus ar Fhónamh Airgeadais

Airgeadas Aisíochtaí ar Iasachtaí Maoine Gné Chaipitiúil íocaíochtaí Léasa Airgeadais Eis-Sreabhadh Glan Airgid Thirim ó Airgeadais

19

(7) (106) (113)

(2) (203) (205)

22

(8,277)

24,697

Réiteach insreabhadh glan airgid thirim le gluaiseacht i gcistí glana (fiacha) (Lahdú)/Méadú airgid thirim 22 (8,277) Cistí glana (fiacha) ar 1ú Eanáir 18,998

24,697 (5,699)

Cistí glana ar 31ú Nollaig

18,998

(Laghdú)/Méadú Airgid Thirim

10,721

71


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadais Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 1.

Teagasc (an tÚdarás Talmhaíochta agus Forbartha Bia) Bunaíodh Teagasc (an tÚdarás Talmhaíochta agus Forbartha Bia) faoin Acht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle) 1988. Faoi Alt 21 den Acht sin, aistríodh sócmhainní agus dlisteanais An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta agus An Foras Talúntais go Teagasc nuair a bunaíodh é. Faoi Alt 12 den Acht, ní mór Cuntais a choimeád sa chaoi go mbeidh siad incheadaithe ag an Aire Talmhaíochta agus Bia, le comhaontú an Aire Airgeadais. Ceadaíodh é seo ar 14ú Lúnasa 1988.

2.

MAOINIÚ STÁIT

Léirítear an méid iomlán faoin gceannteideal thuas mar seo a leanas: 2004 € 000

2003 € 000

88,597 16,995 11,238 1,873

93,280 15,999 11,100 3,155

184

116

480 120 119,487

160 152 123,962

2004 € 000

2003 € 000

33 1,154 74 1,261

(5) 1,224 25 1,244

Nóta 31: Talmhaíocht agus Bia Deontas i gCabhair do chaiteachas ginearálta Deontas i gCabhair d’aoisliúntas Deontas i gCabhair d’acmhainní daonna Deontas i gCabhair do thaighde bia Deontas do Spreagadh um chlár taighde comhoibrithe

Deontas do Bholscaireacht agus d’Fheasacht Fhoraoiseachta Deontas d’Oiliúint Fhoraoiseachta

3.

IONCAM AE Ba mar seo a leanas a bhí maoiniú AE i 2004:

Clár Oibriúcháin Talmhaíochta, Forbairt Tuaithe agus Foraoiseachta 1994-1999 Clár Creatlaigh V 1998 – 2002 Clár Creatlaigh VI

72


IONCAM OIBRIÚCHÁIN

73 19,153 0 1,954 3,316 24 520 0 27 24,994

46,465

7,295

600

6,489 27,982 1,179 6,083 13 108 4,286 325

6,138 549 313 143 15 137

1 150 0 0 0 449

Admhálacha, Roinn Údaráis, Chomhairle & Ceancheathrún & Oiliúna Náisiúnta an Tuaiscirt € 000 € 000

Tuarastal (féach Nóta 8) Pinsin agus Aoisliúntas (Nóta 9) Taisteal agus Cothú Caiteachas Oibriúcháin Ghinearálta (Nóta 6) Táillí Úis agus Léasa Dímheas (Nóta 13) Deontais do Choláistí Príobháideacha Deontais Eile

5. CAITEACHAS

Táillí Seirbhíse Comhairlí Táillí Eile Trádáil Bheostoic (Nóta 7) Oibriúcháin Fheirmeoireachta Eile Admhálacha Ceaintín Foilseacháin agus Ilghnéitheacha

4.

Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004

Nótaí do na Ráitis Airgeadais

30,036

22,428 0 2,074 4,616 29 812 0 77

8,299

6,036 1,247 373 414 107 122

Roinn Chomhairle & Oiliúna an Deiscirt € 000

35,621

23,585 0 787 7,995 (3) 1,897 0 1,360

6,201

8,050

4,820 0 278 2,001 0 625 0 326

2,031

0 1,994 (3) 0 40 0

€ 000

€ 000 0 2,696 1,663 1,645 136 61

Ionad Náisiúnta Bia

Roinn Soláthar Taighde

7,163

3,753 0 145 2,446 0 592 0 227

508

0 398 0 14 91 5

Ionad Táirgí Déiríochta Pháirc Uí Mhordha € 000

152,329

80,228 27,982 6,417 26,457 63 4,554 4,286 2,342

24,934

140,911

77,865 19,347 6,376 24,491 169 5,102 4,767 2,794

23,867

11,252 7,116 2,220 2,226 371 682

2003 € 000

2004 € 000 12,175 7,034 2,346 2,216 389 774

IOMLÁN

IOMLÁN

Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04


365 222 42 128 141 25 32 37 3,316

150 0 66 78 544 0 35 6,083

300 627 488 620 289

601 1,586 508 448 48 1,111 908

ANAILÍS AR CHAITEACHAS OIBRIÚCHÁIN GHINEARÁLTA Admhálacha, Roinn Údaráis, Chomhairle & Ceancheathrún & Oiliúna Náisiúnta an Tuaiscirt € 000 € 000

Soláthairtí/seirbhísí feirmeoireachta Cothabháil/deisiúcháin Cíosanna/rátaí/árachas Postas/Gutháin Cumhacht/breosla/peitreal Soláthairtí saotharlainne Clódóireacht/páipéarachas/bolscaireacht Seirbhísí agus soláthairtí do: Seimineár/seomra ranga/leabharlann Seirbhísí gníomhaireachtaí seachtracha Soláthairtí do cheaintíní scoláirí & foirne Soláthairtí/seirbhísí um phróiseáil sonraí Táillí dlí/gairmiúla (Nóta 10) Costais chlár ilghnéitheach Ilghnéitheacha

6.

Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004

Nótaí do na Ráitis Airgeadais

74 4,616

289 76 264 141 11 85 93

587 1,154 582 679 330 10 315

Roinn Chomhairle & Oiliúna an Deiscirt € 000

7,995

204 356 202 179 389 580 46

2,001

500 28 50 43 15 189 6

2 496 101 66 137 276 92

€ 000

€ 000 2,201 1,204 1,037 259 376 798 164

Ionad Náisiúnta Bia

Roinn Soláthar Taighde

2,446

29 76 120 132 131 156 33

71 589 317 61 180 450 101

Ionad Táirgí Déiríochta Pháirc Uí Mhordha € 000

26,457

1,394 578 830 714 1,115 1,042 250

24,491

1,213 572 847 1,052 1,390 1,398 216

3,346 4,131 2,723 2,077 1,546 2,226 1,754

2003

2004

3,762 5,656 3,033 2,133 1,360 2,645 1,945

Iomlán

Iomlán

Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadais Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 7.

BARRACHAS TRÁDÁLA BEOSTOIC

Díolacháin Deontais agus fóirdheontais Stoc Tosaigh Ceannacháin Lúide: Stoc ar Deireadh

Barrachas ar Chuntas Ioncaim agus Caiteachais (Nóta 4)

8.

2004 € 000

2003 € 000

2,662 520 3,182 3,955 953 4,908 (4,072) 836

2,519 562 3,081 4,021 795 4,816 (3,955) 861

2,346

2,220

FOIREANN

Bhí líon meánach na foirne a bhí fostaithe le linn na bliana mar seo a leanas:

Gairmiúil Teicniúil Riaracháin/cléireachais Feirme/tís

9.

2004

2003

764 232 273 335

796 254 268 310

AOISLIÚNTAS

Forálann Alt 9 den Acht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988 go mbunófar scéimeanna chun leasa aoisliúntais a dheonú d’fhoireann ceaptha ag Teagasc agus d’fhoireann aistrithe go Teagasc ón gComhairle Oiliúna agus ón bhForas Talúntais. Go dtí go gceadóidh an tAire Talmhaíochta agus Bia, an tAire Airgeadais agus an tOireachtas dréachtscéimeanna aoisliúintais, oibríonn Teagasc scéimeanna aoisliúntais ar bhonn riaracháin. Chomh maith leis sin riarann Teagasc dhá scéim aoisliúntais (Scéim Aoisliúntais Fhoireann na gColáistí Talmhaíochta 1985 agus Scéim Ranníocaíoch na gCéilí agus na bPáistí 1985) i leith bhaill áirithe foirne atá fostaithe i Coláistí príobháideacha Talmhaíochta agus Gairneoireachta, a dtagann costas a gcuid tuarastal ón Státchiste trí ghníomhaireacht Teagasc.

75


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadais Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 Scéimeanna leasa aoisliúntais a thugtar ar na scéimeanna thuas. Déantar teidlíochtaí aoisliúntais a éiríonn as na scéimeanna a íoc as ioncam reatha Teagasc agus déantar iad a bhreacadh faoin gCuntas Ioncaim agus Caiteachais, glan ar ranníocaíochtaí aoisliúntais fostaithe, sa bhliain ina mbíonn siad iníoctha. Ní dhéantar ciste ar bith eile a chothabháil, agus ní choinnítear sócmhainní ar bith, i leith íocaíocht pinsean agus aiscí. Ní dhéantar soláthar ar bith sna ráitis airgeadais i leith dliteanais ar bith a fhabhraítear i dtaca le leasa amach anseo. Costais Aoisliúntais B’é 1,228 (2003 –178) meánlíon na bpinsean míosúil a íocadh le linn na bliana. Déantar muirir aoisliúntais a léiriú mar seo a leanas sna Ráitis Airgeadais:

Pinsin agus aiscí íoctha Íocaíochtaí faoin Scéim um Scor Luath Deonach Lúide: Ranníocaíochtaí Foirne

2004 € 000

2003 € 000

28,101 4,147 32,248 (4,266) 27,982

23,241 213 23,454 (4,107) 19,347

Sochair Aoisliúntais Chun tuarascáil a dhéanamh de réir Caighdeán Tuarascála Airgeadais 17, Sochair Scoir (socruithe idirthréimhseacha), ghlac Teagasc comhairle le hachtúire cáilithe. Rinne an t-achtúire luacháil chun dliteanais na scéimeanna aoisliúntais a mheas ar 31ú Nollaig 2004.

2004 2003 % sa bhliain % sa bhliain Ráta ardaithe boilscithe (a) Ráta ardaithe tuarastail Ráta ardaithe pinsin Ráta lascaine scéim dliteanais

2.25 3.50 3.50 4.66

2.25 3.50 3.50 5.25

Ar an mbonn seo agus ar bhonn athshuíomh eile agus tríd an modh teilgthe aonaid atá leagtha síos i FRS 17, tá luach dliteanais an scéim phinsin mar seo a leanas. 2004

2003

€ 000 Dliteanais charnacha i leith baill ghníomhacha Scéime 390,980 Dliteanais i dtaca le pinsinéirí atá ann cheana agus le pinsin iarchurtha 362,584

€ 000 356,008

Dliteanas iomlán fabhraithe

654,584

753,564

76

298,576


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadais Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 Anailís ar an méid a bheadh curtha san áireamh faoi bhrabús gníomhaíoch: € 000 Costas Seirbhíse Reatha (5,730) Costas Seirbhíse san Am atá thart 4,147) Socruithe agus Giorruithe Anailís ar an méid a bheadh creidiúnaithe d’ioncam airgeadais eile: Ús ar Dhliteanais Scéime Aischur ionchais ar Shócmhainní Scéime

€ 000 (33,954) -

Anailís ar an méid a bheadh inaitheanta ar ráiteas gnóthachan agus caillteanas aitheanta (STRGL): Caillteanas iarmhír lúide caillteanas ionchais ar Shócmhainní Scéime Gnóthachain agus cailteanais ó thaithí Athraithe Foshuíomh Cailteannas Achtúireach a bheadh inaitheanta i STRGL:

€ 000 (11,017) (67,967) (78,984)

Mar seo a leanas atá anailís ar ghluaiseacht easnaimh le linn na bliana:

Easnamh ar 1ú Eanáir 2004 Costas reatha seirbhíse Ranníocaíochtaí Costais, socruithe agus giorruithe san am atá thart Ioncam/(caillteanas) airgeadais eile Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach Easnamh ar 31ú Nollag, 2004

€ 000 (654,584) (5,730) 23,835 (4,147) (33,954) (78,984) (753,564)

(a) Toisc go mbíonn méaduithe pinsin faoi scéimeanna Teagasc bunaithe ar arduithe tuarastail seachas ar ardaithe praghsanna, ní hionann sin is a rá go mbíonn gá le forshuíomh boilsciiú praghsanna chun an luacháil seo a dhéanamh. Ach, ag an am céanna, ós rud é gur gá tagairt a dhéanamh do ráta forshuite boilscithe faoi FRS 17, bheadh an ráta thuas oiriúnach sa chás seo. 10.

TÁILLE INIÚCHTA

Rinneadh €44,000 a sholáthar le cur isteach sa chuntas mar chaiteachas i dtaca le luach saothair iniúchóra do 2004 (2003 – €40,150). 11.

TÁILLÍ AGUS LUACH SAOTHAIR ÚDARÁIS

Íocadh na luachanna saothair seo a leanas do bhaill an Údaráis: 2004 2003 € 000 € 000 Cathaoirleach 15 15 Baill Údaráis eile 77 91 92 106 Tá na suimeanna seo curtha san áireamh faoi chaiteachas iomlán Pá faoi Nóta 5 thuas.

77


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadais Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 12.

CUNTAS CAIPITIL

Comhardú ar 1ú Eanáir

2004 € 000

2003 € 000

69,476

66,612

9,502 (60) 7 106 9,555

8,583 (823) 2 203 7,965

(4,554) 5,001

(5,102) 2,863

74,477

69,476

Aistrithe ón gCuntas Ioncaim agus Caiteachais Méid caipitlithe i dtaca le sócmhainní ceannaithe Méid glan scaoilte ar dhiúscairtí Aisíocaíochtaí ar iasachtaí maoine Gné chaipitiúil d’íocaíochtaí i dtaca le sócmhainní ar léas Lúide: Maite de réir dímheas sócmhainní

Comhardú ar 31ú Nollaig

13.

SÓCMHAINNÍ SEASTA INLÁIMHSITHE Talamh € 000

Foirgnimh € 000

5,810 0 0 5,810

73,766 3,374 (1,395) 75,745

42,298 6,128 (1,210) 47,216

121,874 9,502 (2,605) 128,771

0 0 0 0

24,330 1,595 (1,395) 24,530

27,912 2,959 (1,150) 29,721

52,242 4,554 (2,545) 54,251

Glanluach de réir na leabhar ar 31ú Nollaig 2004 5,810

51,215

17,495

74,520

Glanluach de réir na leabhar ar 31ú Nollaig 2003 5,810

49,436

14,386

69,632

Costas nó Luacháil Ar 1ú Nollaig 2004 Breiseanna Diúscairtí Ar 31ú Nollaig 2004 Dímheas Carnach Ar 1ú Eanáir 2004 Gearrtha le linn na tréimhse Diúscairtí le linn na tréimhse Ar 31ú Nollaig 2004

Gléasra & Fearas IOMLÁN € 000 € 000

Tá talamh a bhfuil 612.3 ha (1,513 acra) ann, a d’aistrigh an Roinn Talmhaíochta agus Bia ar luachanna ainmniúlacha, mar aon le sócmhainní eile a rinneadh athluacháil orthu ar 31ú Nollaig 1975 nó ar 1ú Iúil 1980, curtha san áireamh sna comharduithe oscailte

78


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadais Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 Tá sé de chead ag Teagasc úsáid a bhaint as 85 ha (210 acra) talún de chuid an Roinn Talmhaíochta agus Bia agus, ag an am céanna, tá sé de chead ag an Roinn úsáid a bhaint as 16.2 ha (40 acra) talún de chuid Teagasc. Ní bhíonn táillí ar bith le híoc ag ceachtar acu i dtaca leis na socruithe seo. Tá cosaint dhleathach ar roinnt sócmhainní seasta, atá faoi chúram Teagasc, agus níl sé de chead iad a dhíol. Cuirtear na suimeanna seo a leanas san áireamh sa ghlanluach de réir na leabhar i dtaca le sócmhainní, atá ar léas: Gléasra agus Fearas € 000 2004 2003

39 171

Bhí muirear dímheasa na bliana do na sócmhainní seo mar seo a leanas: 2004 2003

14.

SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS

(a)

Teicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha Teoranta

132 242

Tá gabháltas 59% ag Teagasc i scairchaipiteal láníoctha Theicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha Teoranta (5,100 scair ar €0.127). Is tionscnamh comhpháirteach é an Comhlacht, a corpraíodh ar 18ú Eanáir 1991, idir Teagasc agus comharchumainn éagsúla talmhaíochta. Ullmhaíodh ráitis airgeadais iniúchta faoi leith i dtaca leis an gComhlacht agus ba mar seo a leanas a bhí torthaí na bliana dár chríoch 31ú Nollaig 2004:

Láimhdeachas Brabús Oibriúcháin roimh Dhímheas, Ús agus Cháin Dímheas (glan ar dheontais mhaite) Ús (muirir)/admhálacha Cáin Ús/(Caillteanas) i ndiaidh Cánach Caillteanais charnacha curtha ar aghaidh ar 31ú Nollaig

2004 € 000

2003 € 000

1,068

980

221 (79) 5 0 147 (62)

246 (242) 5 (1) 8 (209)

De réir Meabhrán Comhlachais an Chomhlachta tá sé de cheart ag scairshealbhóirí úsáid a bhaint as seirbhísí an Chomhlachta ar rátaí tosaíochta.

79


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadai Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 Ba mar seo a leanas a bhí bearta trádála idir Teagasc agus Teicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha (atá comhdhéanta de chomhairliúchán, anailísiú áiseanna teicniúla agus áiseanna eile): 2004 2003 € 000 € 000 Díolacháin Teicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha Teoranta le Teagasc (curtha san áireamh i láimhdeachas an Chomhlachta) Aisghabhálacha eile ó Teagasc (bainte de chostas díolacháin an Chomhlachta) Iomlán Iarmhéid gan a bheith íoctha ar 31ú Nollaig

234

267

30 264 81

76 343 110

Díolacháin Teagasc le Teicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha Teoranta Iarmhéid gan a bheith íoctha ar 31ú Nollaig

122 17

136 40

Faoi théarmaí Chomhaontú Cúrthionscnóirí Teicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha Teoranta, gheall Teagasc go gcuirfeadh sé ar fáil i Teicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha Teoranta, óna chuid áiseanna féin, riachtanais shonraithe foirne agus go ndéanfaidís áirgiúlacht, stórais, cuntais agus forchostais an Chomhlachta a fhrithgheallúint. Ba mar seo a leanas a bhí na costais sin:

Foireann Eile

2004 € 000

2003 € 000

170 118

183 109

Cuirtear na suimeanna seo san áireamh i gcaiteachas Teagasc faoi Ionad Táirgí Déiríochta Pháirc Uí Mhordha (féach Nótaí 5 agus 6 thuas). Úsáideann Teicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha Teoranta sócmhainní de chuid Teagasc mar seo a leanas:

Bunchostais Glanluach de réir na Leabhar ar 31ú Nollaig

2004 € 000

2003 € 000

1,196 297

1,196 369

Cuirtear na suimeanna seo san áireamh faoi ‘Gléasra agus Fearas’ (féach Nóta 13 thuas). De réir Comhaontú na gCúrthionscnóirí, chuir Teagas an halla próiseála atá aige in Ionad Táirgí Déiríochta Pháirc Uí Mhordha ar léas do Theicneolaíocht Pháirc Uí Mhordha Teoranta ar cíos ainmniúil €127 in aghaidh na bliana, mar aon le suíomh taobh leis ar ar thóg an Comhlacht áiseanna breise. Ní rabhthas den tuairim go mbeadh sé oiriúnach torthaí an Chomhlachta a chomhdhlúthú.

80


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadais Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 (b)

Infheistíochtaí Eile

Tá trí cinn d’infheistíochtaí beaga ag Teagasc i gcomharchumainn talmhaíochta, a chosnaíonn san iomlán €1,243 (2003 - €1,243). 15.

STOIC

Beostoc Táirgeacht feirme, leasacháin agus stoic bheathaithe Soláthairtí saotharlainne agus tréidliachta Ábhair thógála Soláthairtí ghinearálta

16.

2004 € 000

2003 € 000

4,073 511 60 28 1,177 5,849

3,955 596 187 31 970 5,739

2004 € 000

2003 € 000

2,550 279 1,278 4,107

1,161 2,131 1,626 4,918

FÉICHIÚNAITHE AGUS RÉAMHÍOCAÍOICHTAÍ

Féichiúnaithe Trádála Ioncam AE Féichiúnaithe agus Réamhíocaíochtaí eile

Tá suim iomlán €278,502 (2003 – €2,130,416) atá inghlactha ón AE i dtaca le deontais oiliúna curtha san áireamh mar fhéichiúnaithe.

17.

CREIDIÚNAITHE AGUS FABHRUITHE

Creidiúnaithe Trádála Creidiúnaithe agus Fabhruithe eile

81

2004 € 000

2003 € 000

4,361 9,134 13,495

2,560 10,777 13,337


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadais Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 San iomlán a léirítear faoin gceannteideal seo, tá na suimeanna seo a leanas atá dlite i dtaca le cáin agus le hárachas sóisialach pá-choibhneasa: 2004 2003 € 000 € 000 ÍMAT and Á.S.P.C. Cáin Bhreisluacha Cáin Thionscal na Foirgníochta Cáin Shiarchoinneálach

2,460 134 88 33 2,715

1,711 2,195 9 70 3,985

Cuirtear san áireamh in iomlán na gCreidiúnaithe suim €449,508 (2003 – €358,574), a sheasann do d’earlaisí gearrthéarmacha euro atá á gcoinneáil ar feitheamh le seachadach ar fhochoncraitheoirí i dtíortha eile de chuid an AE i dtaca le hobair thaighde faoi chonradh.

18.

IONCAM IARCHURTHA

Déantar taighde, maoinithe ag an bpobal, de réir conarthaí le hInstitiúidí eile Stáit, go háirithe an Roinn Talmhaóiochta agus Bia. Faoi na conarthaí seo, ní chuirtear airleacain, a fhaightear ag tús tionscnamh, san áireamh mar ioncam go dtí go mbíonn na tionscnaimh curtha i gcrích. Ar 31ú Nollaig 2004 ba mar seo leanas a bhí foinse agus suim an ioncaim iarchurtha sin: 2004 2003 € 000 € 000 Plean Forbartha Náisiúnta: Earnáil Tháirgeach Clár Oibriúcháin 2000-2006 0 197 An Roinn Talmhaíochta agus Bia – airleacan d’anailísí 145 168 Fondúireacht Eolaíoch na hEorpa – Bolscaireacht um Shábháilteach Bia 716 0 861 365

19.

LÉASANNA AIRGEADAIS

(a) B’é €8,825 an tsuim mhuirir airgeadais a tabhaíodh le linn na bliana faoi léasanna airgeadais. B’é iomlán na dtáillí airgeadais a bhí againn faoi léasanna airgead le linn na bliana ná €8,825 (2003 – € 24,115). (b) Tá oibleagáidí faoi léasanna airgeadais amach anseo dlite mar seo a leanas: € 000 Taobh istigh de bhliain 38 Taobh istigh de idir dhá bhliain agus cúig bliana 4 42 (c) Ar 31ú Nollaig 2004 ní raibh ceangaltas ar bith ar Teagasc tabhairt faoi léasanna airgeadais ar bith eile i dtaca le gléasra agus le fearas (2003 – € Náid).

82


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí do na Ráitis Airgeadais Don Bhliain dár Chríoch 31ú Nollaig 2004 (d)

Bhí gluaiseacht oibleagáidi léasanna airgeadais mar seo a leanas:

Oibleagáidí ar 1ú Eanáir Léasanna nua airgeadais Gné chaipitiúil íocaíochtaí léasanna airgeadais Oibleagáidí ar 31ú Nollaig 20.

2004 € 000

2003 € 000

148 0 (106) 42

331 21 (204) 148

CEANGALTAIS CHAIPITIÚLA

B’é €3,682,455 (2003 – €1,002,675) suim na gCeangaltas caipitiúil gan íoc ar 31ú Nollaig 2004 21.

LÉASANNA OIBRIÚCHÁIN

Ar 31ú Nollaig 2004 bhí ceangaltais bhliantúla ar Teagasc faoi léasanna oibriúcháin neamhincheallaithe faoi mar atá leagtha amach anseo thíos: Folamh agus Foirgnimh Gléasra agus Gunealra € 000 € 000 Léasanna a thagann chun cinn - taobh istigh de bhliain - idir dhá bhliain agus cúig bliana - tar éis cúig bliana

22.

0 124 119 243

3 58 0 61

Umlán € 000 3 182 119 304

ANAILÍS AR ATHRUITHE I NGLANCHISTÍ LE LINN NA BLIANA Ar 1st Freabhodh Ar 31ú Eanáir 2004 airgid thirim Nollaig 2004 € 000 € 000 € 000

Airgead sa Bhanc agus idir lámha Rótharraingt Bhainc Éarlaisí gearrthéarmacha

23.

19,132 (493) 359 18,998

(6,948) (1,419) 90 (8,277)

12,184 (1,912) 449 10,721

BAILL ÚDARÁIS – FAISNÉISIÚ BEART

Ghlac an tÚdarás le gnásanna de réir treoirlínte a d’eisigh an Roinn Airgeadais i dtaca le nochtadh úis ag baill Údaráis agus chloigh an tÚdarás leis na gnásanna sin. Ní dhearnadh bearta ar bith le linn na bliana i dtaca le gníomhaíochtaí an Údaráis, a raibh baint ag baill an bhoird leo.

83


Teagasc: Tuarascáil Bhliantúil 04

Nótaí

84


Údarás um Fhorbairt Talmhaíochta agus Bhia

Páirc na Darach, Ceatharlaca. Teil: 059 917 0200. Facs: 059 9182097 ríomhpost: info@hq.teagasc.ie www.teagasc.ie


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.