TuarascĂĄil BhliantĂșil 2020

Page 158

158

CÉANNA, CALAFOIRT AGUS COSAINT AN CHÓSTA Calafort Shligigh TĂĄ Calafort Shligigh ar an aon chalafort amhĂĄin i mbun oibre idir Gaillimh agus Doire. Is iad sleaic, adhmad (lomĂĄin agus laĂ­on) agus min Ă©isc prĂ­omhlasta an chalafoirt. Meastar go mbeidh thart ar 20 long tar Ă©is teacht i dtĂ­r ag Calafort Shligigh faoi dheireadh 2020 agus dealraĂ­onn sĂ© go dtiocfaidh mĂ©adĂș ar an lĂ­on long in 2021.

Lomåin å lódåil ag an gcé dhomhain

Áiseanna loingseoireachta TĂĄ Comhairle Contae Shligigh freagrach as a chinntiĂș go bhfuil na hĂĄiseanna loingseoireachta go lĂ©ir sa chainĂ©al isteach go Calafort Shligigh i riocht oibre i gcĂłnaĂ­. ÁirĂ­tear ina measc:  29 ĂĄis loingseoireachta a bhfuil solas orthu  7 gcuaille gan solas sa chainĂ©al fĂ©in Mar chuid den chonradh bliantĂșil, dĂ©anann Triur Construction Ltd. monatĂłireacht agus cothabhĂĄil ar na hĂĄiseanna loingseoireachta go lĂ©ir thar ceann Chomhairle Contae Shligigh. BhĂ­ go leor de na hĂĄiseanna loingseoireachta sin breis is 15 bliana d’aois agus nĂ­ raibh cuid acu iontaofa a thuilleadh. Ar an ĂĄbhar sin, thug Triur Construction Ltd. faoi chlĂĄr iomlĂĄn athsholĂĄthair i dtreo dheireadh na bliana 2020. TĂĄ na soilse sin go lĂ©ir iontaofa go hiomlĂĄn anois agus rinne CoimisinĂ©irĂ­ Soilse na hÉireann cigireacht orthu go lĂ©ir.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
TuarascĂĄil BhliantĂșil 2020 by Sligo County Council - Issuu