TuarascĂĄil BhliantĂșil 2020

Page 102

102

OIFIG FIONTAIR ÁITIÚIL TĂĄ Comhairle Contae Shligigh ag obair i gcomhar le Contae DhĂșn na nGall agus Contae Mhaigh Eo chun StraitĂ©is MargaĂ­ochta IdirnĂĄisiĂșnta a fhorbairt don Iarthuaisceart. DĂ­reoidh an StraitĂ©is ar chuairteoirĂ­ Ăł Éirinn agus Ăł thar lear a mhealladh chuig rĂ©igiĂșn an Iarthuaiscirt. TĂĄ cistiĂș faighte Ăł Chiste Comhair Leader chun staidĂ©ar fĂ©idearthachta a dhĂ©anamh, agus tĂĄ dul chun cinn ĂĄ dhĂ©anamh ar phleananna chun an t‑iarratas foriomlĂĄn a chrĂ­ochnĂș. Is Ă© an Oifig Fiontair ÁitiĂșil (OFÁ) an chĂ©ad ĂĄit do na fiontraithe sin a bhfuil gnĂłthas beag ĂĄ chur ar bun acu nĂł a bhfuil gnĂłthas ĂĄ fhairsingiĂș acu. Cuireann an Oifig seirbhĂ­s tacaĂ­ochta chomhthĂĄite ar fĂĄil ina ndĂ­rĂ­tear ar riachtanais gnĂłthas beag Ăł oifigĂ­ na Comhairle i Halla na Cathrach. Ó thĂĄinig Covid‑19 ar an bhfĂłd, leantar de na tacaĂ­ochtaĂ­ oiliĂșna a sheachadadh ar lĂ­ne do chliaint. Ar an gcaoi chĂ©anna, is ar lĂ­ne a reĂĄchtĂĄladh formhĂłr na gcruinnithe idir bhaill foirne na hOifige agus na gcliant. Beidh an solĂĄthar ar lĂ­ne ina ghnĂ© thĂĄbhachtach den chaoi a ndĂ©anfar gnĂł na hOifige amach anseo (agus bhĂ­ dul chun cinn ĂĄ dhĂ©anamh ag an Oifig maidir leis an gcur chuige sin sular thĂĄinig Covid‑19 ar an bhfĂłd). Cuimseofar oiliĂșint duine le duine agus rannphĂĄirtĂ­ocht eile ĂłnĂĄr nOifigĂ­ agus Ăłnar seomraĂ­ oiliĂșna i Halla na Cathrach mar chuid den tairiscint freisin, mar gheall ar na buntĂĄistĂ­ a bhaineann leis i dtĂ©armaĂ­ na foghlama a fhaightear Ăł lĂ­onrĂș i measc chliaint na hOifige sa saol iarbhĂ­r. I measc na dtacaĂ­ochtaĂ­ a chuirtear ar fĂĄil, ĂĄirĂ­tear oiliĂșint, meantĂłireacht, cĂșnamh airgeadais, comhairle, comhairleoireacht, agus cultĂșr fiontraĂ­ochta a chur chun cinn (lena n‑áirĂ­tear trĂ­ chlĂĄir a reĂĄchtĂĄiltear i scoileanna). Ina theannta sin, cuireann an Oifig cliaint ar aghaidh chuig seirbhĂ­sĂ­ eile na Comhairle a bhaineann le cĂșrsaĂ­ gnĂł agus chuig seirbhĂ­sĂ­ a bhaineann le cĂșrsaĂ­ gnĂł a bhĂ­onn ĂĄ gcur ar fĂĄil ag gnĂ­omhaireachtaĂ­ eile. Cuireadh tĂșs le roinnt tacaĂ­ochtaĂ­ breise Ăłn Rialtas le haghaidh gnĂłthais bheaga mar thoradh ar Covid‑19. Go hĂĄirithe, cuireadh DearbhĂĄin LeanĂșnachais GnĂł ar fĂĄil chun sainchomhairleoireacht a thabhairt do bhainisteoirĂ­ agus d’ĂșinĂ©irĂ­ gnĂł maidir lena ngnĂł a choimeĂĄd ag imeacht i rith na paindĂ©ime. Fuarthas 282 iarratas agus ceadaĂ­odh 207 iarratas dĂ­obh sin faoin scĂ©im, agus cuireadh cineĂĄlacha eile tacaĂ­ochta ar fĂĄil do na hiarratais eile. Mar iarracht chun cabhrĂș le gnĂłthais tosĂș ar an trĂĄdĂĄil ar lĂ­ne nĂł cur lena ndĂ­olann siad ar lĂ­ne faoi lĂĄthair, cheadaigh an Oifig 273 DearbhĂĄn TrĂĄdĂĄla ar LĂ­ne agus cuireadh rĂ©imse clĂĄir oiliĂșna agus mheantĂłireachta saor in aisce ar fĂĄil maidir le gnĂł a dhĂ©anamh ar lĂ­ne. Anuas ar Covid‑19, cuireadh tĂșs le roinnt clĂĄir bhreise de chuid na hOifige in 2020 chun cabhrĂș le gnĂłthais dĂ©ileĂĄil leis an mBreatimeacht agus na torthaĂ­ a d’fhĂ©adfadh a bheith air. ReĂĄchtĂĄladh ceardlanna ar thopaicĂ­ amhail doicimĂ©id chustaim, slabhra an tsolĂĄthair, impleachtaĂ­ fĂ©ideartha ar chostas ĂĄbhar, earraĂ­ a onnmhairiĂș chun na Breataine tar Ă©is Covid, agus mar sin de. BĂ­odh is gur thĂĄinig an tAontas Eorpach agus an Bhreatain ar chomhaontĂș chun Breatimeacht crua – an toradh ba mheasa do ghnĂłthais – a sheachaint, beidh tacaĂ­ochtaĂ­ eile Ăłn Oifig ag teastĂĄil amach uainn in 2021 mar thoradh ar impleachtaĂ­ an Bhreatimeachta. CabhraĂ­onn an Oifig le forbairt gheilleagrach nĂ­os forleithne, mar shampla trĂ­ cur cinn na turasĂłireachta, an ionaid oibre, agus gnĂ­omhaĂ­ochtaĂ­ forbartha lĂĄr na cathrach. Ina dtaobh sin, bhĂ­ baint mhĂłr aige leis an nGnĂ­omhaireacht Forbartha Tionscail agus an InstitiĂșid TeicneolaĂ­ochta, Sligeach, chun an Timpeallacht Oibre ComhoibrĂ­che a fhorbairt ina bhfuil spĂĄs oifige nua-aoiseach le haghaidh gnĂłthais dhĂșchasacha agus gnĂłthais sheachtracha a bhfuil fonn orthu lonnĂș i Sligeach. BhĂ­ rĂłl mĂłr ag an Oifig, i gcomhar leis an InstitiĂșid TeicneolaĂ­ochta, Sligeach, chun cistiĂș a fhĂĄil le haghaidh saorĂĄid Thionscal 4.0 a bheidh lonnaithe ar ĂĄitreabh na Comhairle i gClĂłs an Mhargaidh. TĂĄ Ionad

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
TuarascĂĄil BhliantĂșil 2020 by Sligo County Council - Issuu