Marino Institute of Education Prospectus 2016–17 (Irish)

Page 1

RÉAMHEOLAIRE

2016–17


Clár An Saol in Institiúid Oideachais Marino

1

Focal ó na Mic Léinn

2

Baitsiléir san Oideachas

4

Baitsiléir san Eolaíocht (Léann an Oideachais)

6

Baitsiléir san Eolaíocht (An tOideachas Luath-Óige )

8

Áiseanna agus Seirbhísí na Mac Léinn

10

Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)

12

Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas)

14

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Idirchultúrtha)

16

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luath-Óige )

18

Máistreacht sna hEalaíona (Ceannaireacht Chríostaí san Oideachas) 20

2

Léarscáil

22

Déan teagmháil linn

23

Déan iarratas

24


IN INSTITIÚID OIDEACHAIS MARINO IS FÉIDIR LEAT...

FOGHLAIM a

dhéanamh le béim faoi leith ar an oideachas

ACLAÍOCHT a dhéanamh

CÉIM a fháil ó Choláiste na

sa ghiomnáisiam nó sa seomra aclaíochta

Tríonóide – an ollscoil is mó aithne fud fad an domhain

STAIDÉAR a dhéanamh sa leabharlann agus sa seomra acmhainne spesialaithe

PÁIRT A GHLACADH

i ranganna beaga

CÓNAÍ sa lóistín TAITHÍ A FHÁIL ar a

nua-aimseartha ar champas

bheith páirteach i bpobal

MACHNAMH a

dhéanamh ar chreideamh, luachanna agus sheirbhís

AIRE A THABHAIRT DUIT féin trí na Seirbhísí

DO SCÍTH A LIGEAN ar an gcampas álainn suaimhneach

Comhairleoireachta, Míchumais agus Leighis

GAEILGE A LABHAIRT nuair is toil leat é

TAITNEAMH

a bhaint as an timpeallacht bheomhar chairdiúil

TUMADH i saol

an chultúir agus na n-ealaíon

1


FOCAL Ó NA MIC LÉINN MAIDIR LE hINSTITIÚID OIDEACHAIS MARINO Ba í Institiúid Oideachais Marino mo chéad rogha gan dabht. Thit mé i ngrá leis an áit ag an lá oscailte agus dhéanfainn an cinneadh ceannan céanna arís i bpreab na súl.

Toisc gur tháinig mé féin go Marino i m’aonar, baineadh siar asam píosa ar dtús ach socraíonn tú isteach sa saol go tapa, agus déanann tú cairde nua i measc na foirne agus na na mac léinn araon. Ní fada go mbraithfidh tú go bhfuil tú sa bhaile!

Taitneoidh gach uile ghné den saol anseo leat idir thimpeallacht, chúrsaí agus phobal Institiúid Oideachais Marino.

Is cúrsa spreagúil é an B.Oid. ar gach leibhéal le meabhruithe beaga rialta faoin méid a bheidh á bhaint amach ag an deireadh. Is féidir teacht ar na léachtóirí go han-éasca agus tá idir thaithí agus shaineolas acu ar na réimsí lena bhfuil siad ag obair; tabharfar moladh agus cothú duit ar gach céim den aistear.

Is cúrsa iontach é an B.Eol. i Léann an Oideachais ina bhfoghlaimíonn mic léinn faoi gach gné den oideachas agus ina bhfaighidh siad socrúchán difriúil oibre gach bliain. Tugann sé bunús maith duit maidir le go leor deiseanna gairmiúla san oideachas.

2

You’ll always feel there’s somebody there for you should you need them, which is why the friendly communal aspect of MIE is so special. I couldn’t recommend MIE highly enough.

Ceapfaidh tú go bhfuil duine éigin i gcónaí ar fáil duit nuair is gá, agus is é sin an fáth go bhfuil an ghné chairdiúil phobail in Institiúid Oideachais Marino chomh speisialta sin. Molaim Institiúid Oideachais Marino go hard na spéire.

Tá éirithe go han-mhaith leis na foirne spóirt le blianta beaga anuas. Tá cluichí ceannais na hÉireann buaite acu agus dea-cháil bainte amach don choláiste.


Ar an iomlán is coláiste iontach é Institiúid Oideachais Marino toisc go bhfuil líon beag mac léinn ann agus is cinnte go gcuirfidh tú aithne ar gach uile dhuine sula i bhfad.

Ba í an rogha cheart dom an cháilíocht iarchéime sa Bhunmhúinteoireacht a dhéanamh in Institiúid Oideachais Marino toisc gur institiúid bheag í, rud a chiallaíonn nach amháin gur uimhir thú. Cuireann gach uile dhuine fáilte Uí Cheallaigh romhat agus cuireann tú an-aithne ar gach aon duine.

Bhain mé barrthaitneamh as an “taithí sa choláiste” ar bhonn acadúil agus sóisialta. Tá braistint láidir phobail laistigh d’Institiúid Oideachais Marino agus feictear í seo sa leibhéal ard idirghníomhaíochta idir mhic léinn agus sna cairdis bhuana a dhéanann na mic léinn eatarthu féin.

Le linn dom an cúrsa iarchéime a dhéanamh, bhí an t-ádh liom go raibh tacaíocht an choláiste mar aon le tacaíocht mo mhuintire agam. Tá mé thar a bheith buíoch as an treoir agus an tacaíocht a thug léachtóirí dúinn, léachtóirí a chuir aithne phearsanta orainn uilig; bhí mé in ann bualadh isteach ar aon léachtóir agus bhí siad toilteanach aghaidh a thabhairt ar aon cheist a bhí agam.

Ba dhúshlánach agus ilchineálach an t-ualach oibre é, ach d’éirigh go geal linn a bhuí leis an tacaíocht a tugadh dúinn.

Bhí na ranganna an-idirghníomhach agus bhain mé idir thaitneamh agus thairbhe astu dá bharr. Ba thaithí luachmhar na socrúcháin mhúinteoirachta éagsúla a rinne mé mar gheall ar an tacaíocht a cuireadh ar fáil dúinn.

Ar an iomlán, bhí am an-dearfach go deo agam i Marino, ina raibh atmaisféar oscailte croíúil moltach. Bhí an cúrsa lán le héispéiris agus dúshláin nua, rud a chabhraigh liom mo bhrionglóid a bhaint amach.

3


BAITSILÉIR SAN OIDEACHAS (B.OID.) Cód CAO: CM001/CM002

Céard é an Baitisléir san Oideachas?

Socrúchán Scoile

Ceann de na gairmeacha as a mbaineann tú an méid is mó taitnimh agus tairbhe ná nuair a bhíonn tú ag cabhrú leis an aos óg foghlaim. Tríd an gcúrsa Baitsiléara san Oideachas a roghnú, tá tú ag tosú amach ar chúrsa ceithre bliana ina n-ullmhófar thú le hobair a dhéanamh i mbunscoileanna na hÉireann. Gheobhaidh tú amach faoi na bealaí a bhfoghlaimíonn páistí conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh; foghlaimeoidh tú conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.

I gcaitheamh na gceithre bliana den chlar B.Oid., beidh réimse de thaithí socrúcháin agat. Beidh deiseanna agat socrúcháin a dhéanamh i scoileanna uirbeacha agus tuaithe, scoileanna aonghnéis agus scoileanna comhoideachais, suíomhanna ilghrádacha agus aonghrádacha, scoileanna le stádas faoi mhíbhuntáiste agus scoileanna lán-Ghaeilge nó Scoileanna Gaeltachta. Tabharfaidh tú faoi shocrúchán Oideachais Speisialta sa dara bliain den chlár freisin. Tugann sé seo seans duit taithí a fhail ar shaol na scoile i gcomhthéacsanna éagsúla.

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar? Le linn na gceithre bliana den chúrsa, foghlaimeoidh tú conas páistí idir 4 agus 12 bliana a mhúineadh. Sna modúil bhonnstaidéir, foghlaimeoidh tú conas a fhoghlaimíonn páistí, na toscaí a imríonn tionchar ar a bhfoghlaim agus an chaoi ar tháinig athrú ar ár dtuiscint air sin seo thar am. Faigh eolas breise ar na hábhair churaclaim agus foghlaim modhanna beachta maidir le hábhair uile na bunscoile a mhúineadh. Faigh taithí ar na dúshláin agus an sásamh a bhaineann leis an múinteoireacht tríd an socrúchán a dhéanamh i dtimpeallacht thacúil. Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint a amach le tú a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phatrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Ta deis ann chomh maith staidéar a dhéanamh chun teastas a fháil sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

4

An Ghaeltacht Mar chuid den chlár B.Oid., ní mór duit am a chaitheamh, de ghnáth dhá choicís, sa Ghaeltacht chun eolas níos fearr a fháil ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach. Íocann mic léinn an táille seo caoldíreach leis an gColáiste Gaeltachta.

Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom? Faigheann formhór na gcéimithe ón gclár B.Oid. post mar bhunmhúinteoirí i bPoblacht na hÉireann. Imíonn roinnt díobh thar lear le Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise nó le múineadh i mbunscoil in áit eile. Ó am go chéile, oibríonn céimithe i réimsí nach mbaineann le cúrsaí oideachais, mar shampla sna meáin nó déanann siad taighde.

Céard iad na roghanna eile atá ar fáil dom? Tar éis tamaill, tugann roinnt céimithe faoi staidear breise ag leibhéal dioplóma, máistreachta nó dochtúireachta. Leis an gcáilíocht bhreise seo, tá féidearthachtaí garimiúla eile ann a bheith i do cheannaire curaclaim i scoil, i do phríomhoide, i d’oideachasóir múinteoirí, i do shíceolaí oideachais nó i do chigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.


LIOSTA NA MODÚL BLIAIN 1

BLIAIN 2

BLIAIN 3

BLIAIN 4

SOCRÚCHÁN SCOILE AGUS LÉANN AN tSOCRÚCHÁN SCOILE

Meánranganna

Ranganna Sinsearacha

Oideachas Luath-Óige

An Tionscadal Taighde

BONNSTAIDÉAR

• Tuiscintí Fealsúnacha agus Stairiúla ar an Oideachas 1 • An tSíceolaíocht san Oideachas

• Léann na Teanga • Socheolaíocht/ Síceolaíocht san Oideachas • Oideachas Uileghabhálach

• Oideachas Luath-Óige • Curaclam agus Measúnú/ Socheolaíocht

• Tuiscintí Fealsúnacha agus Stairiúla ar an Oideachas 2 • Oideachas Uileghabhálach/ Síceolaíocht/Oideachas Luath-Óige • Léann Litríocht na nÓg

LÉANN AN CHUR ACL AIM/MODHEOL AÍOCHT

• Múineadh an Bhéarla/ Múineadh na Gaeilge • Múineadh na Matamaitice/ Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) • Corpoideachas • Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) • Oideachas na nEalaíon (Na hAmhracealaíona) • Oideachas Reiligiúnach

• Múineadh an Bhéarla/ Múineadh na Gaeilge • Corpoideachas • Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) • Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE)/Múineadh na Matamaitice • Oideachas na nEalaíon (Drámaíocht)

• Múineadh an Bhéarla/ Múineadh na Gaeilge • Múineadh na Matamaitice • Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) • Oideachas na nEalaíon (Ceol)

LÉANN GAIRMIÚIL /CLEACHTAS MÚINTEOIREACHTA

• Teagasc & Foghlaim 1 (Garchleachtas) • Cumarsáid, Eagrúchán agus Bainisteoireacht an tSeomra Ranga

• Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha • Comhtháthú, Samhlaíocht agus Nuálaíocht an Churaclaim

• Teagasc & Foghlaim • Cumas Cumarsáideach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla don Scoil agus do Phobal na Scoile

• An Múinteoir mar dhuine den lucht gairmiúil eolasach (Matamaitic)

EOL AS AN ÁBHAIR/SPEISIAL ACHAS MAIDIR LE CUMAS IN EOL AS ÁBHAIR

• Teanga, Litearthacht agus Litríocht an Bhéarla/na Gaeilge

• Teanga, Litearthacht agus Litríocht an Bhéarla/ na Gaeilge

EOLAS GINEARÁLTA

ÍOSRIACHTANAIS IONTRÁLA

Cód CAO: CM001/CM002

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Fad an Chúrsa: 4 bliana lánaimseartha

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 3

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata

Íosmhéid ábhair ghnáthleibhéil: 3

Náisiúnta Cáillíochtaí

Íosghráid: Matamaitic gnáthleibhéal – D3

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna

Béarla gnáthleibhéal – C3

(ECTS): 240 creidmheas

Gaeilge ardleibhéal – C3

• Matamaitic

• Speisialachas Taighde agus Miontráchtas

Foras cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

5


BAITSILÉIR SAN EOLAÍOCHT (LÉANN AN OIDEACHAIS) Cód CAO: CM010

Céard é an B.Eol. i Léann an Oideachais?

Socrúchán Oibre

Tarlaíonn an t-oideachas i réimse leathan áiteanna agus le linn ár saoil go léir – ní hamháin sna foirgnimh scoile agus ní hamháin agus muid óg. Má roghnaíonn tú an B.Eol. i Léann an Oideachais, foghlaimeoidh tú faoin iliomad bealaí, amanna agus áiteanna ina bhfoghlaimíonn daoine, maille leis an gcaoi ar tháinig athrú ar na rudaí seo i gcaitheamh na haimsire. Gheobhaidh tú léirthuiscint ar an mbealach a gcuireann an t-oideachas le saol an duine agus faoin mbealach a gcabhraíonn cuir chuige éagsúla le daoine éagsúla ag tréimhsí éagsúla ina saol, ag brath ar an méid atá le foghlaim acu. Foghlaim faoi na deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla atá ar fáil do dhaoine, is cuma más é seo an chéad uair nó an dara huair dóibh taithí a fháil ar thairbhe an oideachais.

Is cuid lárnach de gach bliain é an socrúchán oibre. Is féidir leis an socrúchán seo a bheith ar siúl in ionaid oideachais, in eagrais neamhrialtasacha, in eagraíochtaí na n-ealaíon/ cultúir agus na meán, i gcláir um oideachas pobail, i gcláir atá á reáchtáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar aon le bheith in institiúidí foirmiúla oideachais idir an réamhscolaíocht, an tríú leibhéal agus an breisoideachas. Tugann gach mac léinn faoi intéirneacht sa bhliain dheireanach den chlár ina rogha suíomh oideachais.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar? Le linn an chláir, foghlaimeoidh tú faoi oideachas daoine fásta, oideachas na ndéag agus faoin oideachas luath-óige trí fhreastal ar ranganna, tríd an bhfoghlaim theagmhach, tríd an léitheoireacht agus trí fhorbairt scileanna. Cuimsíonn na modúil a dhéantar ar an gclár téamaí an oideachais fadsaoil, cúrsaí eitice agus ceartas sóisialta, oideachas agus cultúr, ina theannta le polasaithe agus cleachtais oideachais. Clúdaíonn na modúil an teicneolaíocht, na healaíona, ceapadh curaclaim agus cláir, anailís pholasaí agus i bhfad eile. Chomh maith leis na croímhodúil, roghnóidh tú modúl speisialachais, i réimse a gcuireann tú spéis ann, agus tabharfaidh tú aghaidh air sin sna trí bliana den chlár. Roghnóidh tú modúl roghnach gach uile bhliain.

6

Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom? Tugann an chéim sa B.Eol. i Léann an Oideachais scileanna agus cumais duit a bheidh úsáideach i réimse leathan gairmeacha. Tá go leor deiseanna ar fáil i réimse an oideachais agus oiliúna. Ar chríochnú an chláir duit, is féidir a bheith ag obair mar theagascóir do dhaoine fásta, mar dhearthóir teagascach, mar oifigeach oideachais, nó mar chomhairleoir oideachais.

Cé na deiseanna gairmiúla eile atá ar fáil dom? Mar gheall ar nadúr dibhéirseach an chláir, ar chríochnú an chláir seo atá ar leibhéal 8, is féidir le mic léinn breis staidéir a dhéanamh i réimsí oiliúna, forbartha agus oideachais. Is féidir leo freisin iarratas a chur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) in Institiúid Oideachais Marino nó in áiteanna eile.


LIOSTA NA MODÚL BLIAIN 1

BLIAIN 2

• • • • • • • •

• • • • • • • •

An chaoi a bhfoghlaimíonn daoine Céard is oideachas ann? Oideachas Daoine Fásta An tOideachas agus na hEalaíona 1 Cumarsáid don Oideachas An Teicneolaíocht don Mhúineadh agus don Fhoghlaim Speisialtóireacht* Modúl Roghnach**

Ceisteanna Reatha agus Conspóidí san Oideachas Forbairt agus Ceapadh Curaclaim agus Cláir Déagoideachas An tOideachas agus na hEalaíona 1 Oideachas Forbartha Oideachas Idirchultúrtha Speisialtóireacht * Modúl Roghnach**

BLIAIN 3

BLIAIN 4

• • • • • • • •

• • • •

Polasaí agus Cleachtas Oideachas na hÉireann a Thuiscint Staidéar ar an Múinteoireacht An Óige An Fhianaise san Oideachas Measúnú agus Meastóireacht An tOideachas mar Shaoradh nó mar Dhaoradh Speisialtóireacht * Modúl Roghnach**

** Modúil Roghnacha sa Speisialtóireacht (Roghnaigh ceann do na blianta 1–3) • Gaeilge • An tOideachas don Chlaochlú • Oideachas Luath-Óige

** • • • • • • • • •

Scileanna Eagrúcháin agus Foghlama Intéirneacht Modhanna Taighde Tráchtas

Modúil Roghnacha (Roghnaigh ceann gach bliain) Oideachas trí mhéan na Gaeilge Teanga an oideachais An dlí agus an t-oideachas Constaicí i leith an oideachais Eagraíochtaí oideachais a thuiscint Léann na luath-óige Bainisteoireacht airgeadais san oideachas Dearadh teagascach Féinchúram agus folláine san ionad oibre

TABHAIR FAOI DEARA: Ní bhíonn gach rogha ar fáil gach bliain

EOL AS GINEAR ÁLTA

ÍOSRIACHTANAIS IONTRÁLA

RIACHTANAIS FETAC

UASIONTR ÁIL

Cód CAO code: CM010

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Mórghradam iomlán Leibhéal 5 i

Má tá bliain nó dhó bainte amach ag

Fad: 4 bliana lánaimseartha

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 2

gceann de na réimsí seo a leanas,

mac léinn i gcúrsa lánaimseartha cosúil

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata

Íosmhéid ábhair ghnáthleibhéil: 4

le céad onóracha i 5 mhodúl ar a

leis seo ag leibhéal céime, is féidir

Náisiúnta Cáillíochtaí

Íosghráid: Matamaitic gnáthleibheal – D3

laghad: Ealaín, Ceardaíocht agus

leis/ léi iarratas a chur isteach don

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna

Béarla gnáthleibhéal – D3

Dearadh; Ceardaíocht Chruthaitheach;

uasiontráil ar an gclár B.Eol. i Léann an

(ECTS): 240 creidmheas

Teanga gnáthleibhéal – D3

Dearadh; Dearadh Grafach; Riarachán;

Oideachais. Tá líon teoranta áiteanna

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na

Íosriachtanas Pointí CAO: 310

Riarachán Oifige; Staidéar Sóisialta

ann agus ní mór d’iarratasóirí na

Feidhmeach; Léiriú Ilmheánach;

híosriachtanais go léir a shásamh mar

Staidéar Gnó; Oideachas agus Oiliúnt;

aon le hagallamh a dhéanamh. Déan

Proiseáil Eolais; Léann Cultúrtha agus

teagmháil le admissions@mie.ie chun

Oidhreachta; Teanga agus an Léann

eolas a fháil faoi.

Tríonóide, Baile Átha Cliath

Eorpach; Staidéar Ginearálta; Cúram agus Oideachas Luath-Óige; Cúram Pobail; Scileanna Seirbhís Sláinte; Iriseoireacht; Ceol.

7


BAITSILÉIR SAN EOLAÍOCHT (OIDEACHAS LUATH-ÓIGE) Cód CAO: CM020

Cad é an B.Eol. san Oideachas Luath-Óige?

Cén chaoi a ndéanfaidh mé staidéar?

Tá tionchar ollmhór ag an gcaighdeán oideachais agus cúraim a fhaigheann páistí i luathbhlianta an tsaoil ar an oideachas agus áthas a leanann é. Ar mhaithe le cur leis an soláthar cúrsaí d’oiliúnú cleachtóirí luath-óige, is cúis áthais d’Institiúid Oideachais Marino an chéim nua leibhéal 8 a chur ar fáil, céim a dtugann Coláiste na Tríonóide creidiúnú dó. Reachtáiltear an cúrsa ar bhonn solúbtha, rud a mheallfaidh daoine ar mhaith leo obair sa ghort seo agus daoine a bhfuil fostaíocht acu ann cheana féin ann.

Is cuid lárnach den chéim í solúbthacht an tsoláthair. Cé go gcuirtear gach bliain ar fáil ar bhonn lánaimseartha, cuirfear ranga – ar líne agus sa seomra ranga – ar fáil ag amanna cuí chun freastal a dhéanamh ar réimse leathan mac léinn. I measc na mac léinn seo beidh daoine a bhfuil an Ardteistiméireacht nó cáilíochtaí FETAC bainte amach acu, agus daoine atá ar fostaíocht san earnáil luathoideachais faoi láthair.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar? Déanfaidh mic léinn staidéar ar réimse cúrsaí le cabhrú leo éirí ina gcleachtóirí eolasacha, tiomnaithe luath-óige . I measc na gcúrsaí seo tá, síceolaíocht an linbh, spraoi, an teanga agus litearthacht, foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán, cúram agus cosaint leanaí, na healaíona agus na luathbhlianta. Foghlaimeoidh tú faoi oideachasóirí a raibh tionchar acu ar pháistí óga, amhail Montessori, Froebel agus Vygotsky. Foghlaimeoidh tú faoin gclár Aistear agus tabharfaidh tú faoi shocrúcháin i réimse socrúcháin luath-óige.

8

Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom? Beidh na scileanna agus an cumas ag céimithe an chláir seo obair i réimse socrúcháin luath-óige.

Cad iad na roghanna eile atá agam? Is féidir le céimithe an chláir ag leibhéal 8 leanúint ar aghaidh agus tuilleadh staidéir a dhéanamh ag leibhéal máistreachta san oideachas nó san oideachas luath-óige. Is féidir leo freisin iarratas a chur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), in Institiúid Oideachais Marino nó in áit eile.


LIOSTA NA MODÚL

* • • • • • •

BLIAIN 1

BLIAIN 2

• Síceolaíocht agus Forás an Linbh • Peirsciptíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Dearcthaí agus Spraoi • An Cleachtas is fearr ar bhonn idirnáisiúnta san Oideachas Luath-Óige • Scileanna Gluaiseachta a Fhorbairt trí Ghníomhaíochtaí agus Spraoi • Na Céadfaí á Múscailt: Cruthaitheacht agus na hAmharcealaíona • Bonnstaidéar sna riachtanais Oideachas Speisialta san Oideachas Luath-Óige • Litearthachtaí sna Luathbhlianta: Sealbhú Teanga • Modúl Roghnach*

• An Óige a Thuiscint i gComhthéacs • Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Múnlaí Curaclaim agus Measúnachta • Oideachas Luath-Óige: Polasaí agus Cleachtas in Éirinn • Folláine agus Oideachas Sláinte sa Luath-Óige • Foghlaim bunaithe ar Fhiosrúchán agus Cúram Imshaoil • Aghaidh a Thabhairt ar Mhíchothrom san Oideachas Luath-Óige • Luathfheasacht Matamaitice • Modúl Roghnach*

BLIAIN 3

BLIAIN 4

• Constráidí na hÓige • Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Idirghníomhuithe agus Caidrimh • An Comhthéacs Dlíthiúil don Oideachas Luath-Óige • Tírdhreach Inmheánach an Pháiste • Ceol, Drámaíocht agus na hEalaíona Comhtháite • Éagsúlacht Chultúrtha agus an Timpeallacht Luathbhlianta • Luathlitearthachtaí • Modúl Roghnach*

• Forbairt Ghairmiúiil: An Teoiric a chur i bhfeidhm ar an gCleachtas • Socrúchán sa Réimse • Modhanna Taighde agus Miontráchtas

Roghnaítear modúil roghnacha amháin ón liosta thíos: Cumarsáid don Oideachas Bainisteroireacht Airgeadais san Oideachas Oideachas Luath-Óige trí mheán na Gaeilge Ceannaireacht: Teoiric agus Cleachtas Cothú agus Bia Sláintiúil Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha san Oideachas Luath-Óige

TABHAIR FAOI DEARA: Ní chuirtear gach modúl roghnach ar fáil gach bliain

EOL AS GINEAR ÁLTA

ÍOSRIACHTANAIS IONTRÁLA

RIACHTANAIS FETAC

UASIONTRÁIL

Cód CAO: CM020

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Mórghradam iomlán Leibhéal 5 i gceann

Má tá bliain nó dhó bainte amach

Fad: 4 bliana lánaimseartha

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 2

de na réimsí seo a leanas, le céad

ag mac léinn i gcúrsa lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata

Íosmhéid ábhair ghnáthleibhéil: 4

onóracha i 5 mhodúl ar a laghad: Ealaín,

cosúil leis seo ag leibhéal céime, is

Náisiúnta Cáillíochtaí

Íosghráid: Matamaitic gnáthleibheal – D3 Ceardaíocht agus Dearadh; Ceardaíocht

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna

Béarla gnáthleibhéal – D3

Chruthaitheach; Dearadh; Dearadh

don uasiontráil ar an gclár B.Eol. i

(ECTS): 240 creidmheas

Teanga Gnáthleibhéal – D3

Grafach; Riarachán; Riarachán Oifige;

Léann an Oideachais. Tá líon teoranta

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Íosriachtanas Pointí CAO: 310

Staidéar Sóisialta Feidhmeach; Léiriú

áiteanna ann agus ní mór d’iarratasóirí

Baile Átha Cliath

Ilmheánach; Staidéar Gnó; Oideachas

na híosriachtanais go léir a shásamh

agus Oiliúnt; Proiseáil Eolais; Léann

mar aon le hagallamh a dhéanamh.

Cultúrtha agus Oidhreachta; Teanga

Déan teagmháil le admissions@mie.ie

agus an Léann Eorpach; Staidéar

chun eolas a fháil faoi.

féidir leis/ léi iarratas a chur isteach

Ginearálta; Cúram agus Oideachas Luath-Óige; Cúram Pobail; Scileanna Seirbhís Sláinte; Iriseoireacht; Ceol.

9


S CÚ R

ÍN T S I AS P LÓ M HA C R A

NA N A B NN CLU CU M A I S AGU

10

I LG E A G

E

A

IR Ó P ÍS

T H C O AÍ TAC M AIS HU M ÍC

AR H T Á SOL Á N ACH E IL M H

T


NA S A T AON ÉINN L M AC

ÓIR C S GA TA A E T AN S R PE A

HTA C S A Í BH IR E R O I E E S IR L A H CO M

E, D I Ó ÍON R T N A TH E T ÁIS LIA COL ÁTHA C E BAIL

TA H C A ÍO L C A A Á IS I A M R M SEO GIOMN S AGU

NÍ N I A MH N C N A A A L MR AR SEO L E A BH S AGU 11


MÁISTREACHT GHAIRMIÚIL SAN OIDEACHAS (BUNMHÚINTEOIREACHT) Céard í an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)? Ullmhaíonn an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) céimithe le dul isteach i ngairm na múinteoireachta. Ar thosú an chláir dóibh, tá mic léinn ag tosú amach ar chlár ina bhfuil ullmhúchán garimiúil agus oiliúnt taighde ar fáil. Cuireann an clár béim ar shealbhú príomhchleachtais mhúinteoireachta agus táthar ag súil leis go bhforbróidh na mic léinn réimse leathan scileanna praiticiúla múinteoireachta fad is atá siad in Institiúid Oideachais Marino agus nuair atá siad ar shocrúchán scoile. Ina theannta seo, tá gné shuntasach acadúil ag baint leis an gcúrsa; agus is gá do mhic léinn cumas a fhorbairt sa taighde oideachais agus tráchtas a dhéanamh ar thaighde gaolmhar i réimse a roghnaíonn siad féin. Is clár dhá bhliain lánaimseartha í an Mháistreacht Gharimiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a shásaíonn na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le riail a dó (bunmhúinteoireacht) de chuid Rialachacháin na Comhairle Múinteoireachta.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar? Mar chuid den chúrsa seo tá Bonnstaidéar, ina ndéantar comhthathú ar an léann teanga, stair an oideachais, fealsúnacht an oideachais, socheolaíocht an oideachais, síceolaíocht an oideachais agus curaclam agus measúnú. Chomh maith leis sin, tabharfaidh tú faoi mhodúil san eolas ábhair agus sna modheolaíochtaí comhtháite do gach ábhar i gcuraclam na bunscoile. Tabharfaidh tú faoi thaighde i réimse spéise amháin. Déantar an teoiric agus an cleachtas a dhlúthnascadh trí réimse de mhúineadh traschuraclaim, agus trí chuir chuige foghlama agus measúnaithe. Beidh an deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas a bhaint amach san Oideachas Reiligiún Caitliceach, teastas a ullmhóidh tú le múineadh i scoileanna faoi phatrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Tá an rogha ar fáil duit freisin an teastas a bhaint amach sna Curaclaim Ilchreideamha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

12

Cé air a ndírítear an clár? Tá an clár ar fáil do chéimithe a bhfuil céim leibhéal 8 nó níos airde acu cheana féin. Is féidir le roinnt mac léinn teacht díreach chuig an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas ó chlár fochéime. In amanna bíonn am caite ag na mic léinn seo am ag taisteal, nó ag múineadh i réimse eile sula ndearna siad an cinneadh dul leis an mbunmhúinteoireacht.

Socrúchán Scoile Tugann mic léinn faoi shocrúchán scoile níos faide i rith an dá bhliain den chúrsa. Bíonn gach socrúchán ar siúl thar thréimhse ceithre seachtaine ar a laghad agus caithfidh siad réamhfheitheoireacht a dhéanamh ar pháistí, cabhrú leis an múinteoir ranga, agus ullmhúchán a dhéanamh maidir le múineadh na n-ábhar uile. Ní mór do mhic léinn socrúchán amháin a dhéanamh i suíomh oideachais speisialta.

An Ghaeltacht Mar chuid den Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas, ní mór do mhic léinn am a chaitheamh, de ghnáth dhá choicís, sa Ghaeltacht. Íocann mic léinn an táille seo caoldíreach leis an gColáiste Gaeltachta.

Céard iad na roghanna gairme atá ar fáil dom? Faigheann formhór na gcéimithe ón gclár Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas post mar bhunmhúinteoirí i bPoblacht na hÉireann. Imíonn roinnt díobh thar lear le Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise nó le múineadh i mbunscoil in áit eile.

Céard iad na roghanna eile atá ar fáil dom? Tar éis tamaill, tugann roinnt céimithe faoi staidear breise ag leibhéal dioplóma, máistreachta nó dochtúireachta. Leis na cáilíochtaí breise seo tá féidearthachtaí gairmiúla eile ann a bheith i do cheannaire curaclaim i scoil, i do phríomhoide, i d’oideachasóir múinteoirí, i do shíceolaí oideachais nó i do chigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.


LIOSTA NA MODÚL BLIAIN 1 MÚINEADH/FOGHLAIM

BLIAIN 2 TEOIRIC/CLEACHTAS SOCRÚCHÁN SCOILE/LÉANN GAIRMIÚIL

• Socrúchán Scoile (Staidéar ar an Socrúchán Scoile mar chuid de seo) • Múineadh agus Foghlaim (Garchleachtas)

• Ardsocrúchán Scoile (Staidéar ar Ardsocrúchán Scoile mar chuid de seo) • Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha don Mhúineadh agus don Fhoghlaim

BONNSTAIDÉAR

• Síceolaíocht/Oideachas Luath-Óige • Oideachas Uileghabhálach (ina measc Oideachas Speisialta, Oideachas faoi Mhíbhuntáiste & Oideachas Idirchultúrtha)

• Teoiric agus Cleachtas Oideachais (Stair an Oideachais/ Fealsúnacht/Síceolaíocht/Socheolaíocht, An Múinteoir mar Thaighdeoir/ Chleachtóir Machnamhach mar chuid de seo) • Tráchtas

STAIDÉAR CUR ACL AIM/CUMAS SAN ÁBHAR/SPEISIAL ACHAS

• • • • • • •

Múineadh an Bhéarla/Cumas sa Bhéarla Múineadh na Gaeilge/Cumas sa Ghaeilge Múineadh na Matamaitice/Cumas sa Mhatamaitic Corpoideachas/Oideachas Sóisialta, Peasanta agus Sláinte Oideachas Reiligiúnach Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta Oideachas na nEalaíon (Na hAmharcealaíona, Drámaíocht)

EOL AS GINEAR ÁLTA

ÍOSRIACHTANAIS IONTR ÁL A

Fad: 2 bhliain lánaimseartha

Céim onóracha (leibhéal 8 le honóracha

Leibhéal Gradaim: 9 de réir an Chreata

II.2 nó níos airde) nó mórghradam

Náisiúnta Cáillíochtaí

ag leibhéal 9 nó 10 agus na Gráid

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna

Ardteisiméireachta seo a leanas

(ECTS): 120 creidmheas

(nó a mhacasamhail)

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide,

Matamaitic gnáthleibhéal – D3

Baile Átha Cliath

Béarla gnáthleibhéal – D3

• Oideachas na nEalaíon (Ceol agus na hEalaíona Comhtháite) • Litearthacht agus Litríocht • Ag múineadh i gcomhthéacsanna lán-Ghaeilge

Gaeilge ardleibhéal – C3

13


DIOPLÓMA GAIRMIÚIL SAN OIDEACHAS (BREISOIDEACHAS) Céard é an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas)? Is éard atá i gceist leis an gclár páirtaimseartha seo ná réimse eolais agus scileanna a bhaineann leis an ngairm mhúinteoireachta i suíomhanna Breisoideachais agus Oiliúna a thabhairt do na mic léinn. Beidh foghlaim chumaisc agus socrúcháin oideachais mar chuid de seo. Bíonn na ranganna aghaidh ar aghaidh ar siúl ar oíche Dé hAoine agus ar an Satharn ar champas Institiúid Oideachais Marino. Sásaíonn an Dioplóma Gairimiúil san Oideachas (Breisoideachas) na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le cúrsaí clárúcháin, mar atá leagtha síos ag an gComhairle Mhúinteoireachta de réir Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta 2011. Tugann Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath creidiúnú don Dioplóma Gairmiúil agus is ionann an gradam seo agus Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáillíochtaí. Is féidir tabhairt faoin gcúrsa ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse bliana nó dhá bhliain agus is ionann an cúrsa agus 60 creidmheas.

Cé dó an clár seo? Sásaíonn an clár seo na riachtanais acadúla agus ghairmiúla do mhúinteoirí atá ag obair sa Bhreidoideachas agus san Oiliúint Bhreise. Ceapadh an clár le bheith tarraingteach do dhaoine atá ag obair san earnáil Bhreisoideachais cheana féin, nó dóibh siúd a bhfuil sé ar intinn acu dul isteach san earnáil.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar? Mar chuid den churaclam seo tá Bonnstaidéar, Staidéar Gairmiúil agus Clár Praiticiúil Múinteoireachta. Cuirtear san áireamh sa chlár múinteoireachta, dhá shocrúchán oideachais éagsúla ina bhfuil idir fheitheoireacht agus sé seachtaine de chleachtadh múinteoireachta a ndéantar measúnú air.

14

Cad iad aidhmeanna an chláir? • Mic léinn a ullmhú a n-eolas, scileanna, a gcumais agus a dtuiscint a fhorbairt le go mbeidh siad in ann múineadh i suíomh Breisoideachais agus Oiliúna • Bunús a thabhairt maidir leis na teoiricí agus na cleachtais a bhaineann leis an bhfoghlaim fadsaoil, ina measc cur chuige aindreolaíoch i leith múinteoireachta agus foghlama • Stíl múinteoireachta agus modheolaíochtaí a fhorbairt atá oiriúnach do réimse leathan foghlaimeoirí agus comhthéacsanna • Tuiscint theoiriciúil agus scileanna praiticiúla a fhorbairt chun measúnú a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, measúnú atá oiriúnach do theastas náisiúnta • Taithí thacúil phraiticiúil, a ndéantar feitheoireacht uirthi, a chur ar fáil i bhfíorshuíomhanna Breisoideachais

Conas a dhéantar measúnú ar an gclár? Baintear úsáid as réimse de mhodhanna measúnaithe ar an gclár, mar shampla, dialanna machnamhacha, cuir i láthair, tionscadail thaighde agus punainn, scrúduithe scríofa agus tionscnaimh.

Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom? Sásaíonn an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas) na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le riail 5 (bresoideachas) de réir Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta. Is féidir le céimithe cur isteach ar phoist mhúinteoireachta laistigh de na hearnálacha IarArdteistiméireachta (PLC) nó Breisoideachais. Beidh cailíocht ag na céimithe freisin múineadh sna hionaid oiliúna SOLAS, Youthreach, agus Cláir d’Oideachas Daoine Fásta agus Oideachas Pobail.


LIOSTA NA MODÚL BLIAIN 1

BLIAIN 2

• • • • •

• • • • •

Tuiscintí Stairiúla agus Fealsúnacha i leith an Oideachais An chaoi a bhFoghlaimíonn Déagóirí agus Daoine Fásta Cuir chuige don Teagasc, Fhoghlaim agus Mheasúnú Cumarsáid agus Teicneolaíocht san Oideachas Socrúchán Oideachais I

EOL AS GINEAR ÁLTA

ÍOSRIACHTANAIS IONTR ÁL A

Fad: Bliain amháin nó dhá

Céim onóracha (leibhéal 8) NÓ céim

bhliain páirtaimseartha

ghnáthleibhéil (leibhéal 7) mar aon

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an

le cáilíocht bhreise chuí nó creidiúnú

Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

teastaithe ar réamhfhoghlaim bunaithe

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna

ar íosmhéid 3 bliana de thaithí i

(ECTS): 60 creidmheas

suíomh a bhaineann le cáilíochtaí an

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na

iarratasóra. Mar chuid den phróiseas

Tríonóide, Baile Átha Cliath

roghnúcháin, beidh ar an iarratasóir

Bainisteroireacht Ghrúpa agus Eagrúchán don Fhoghlaim Ceisteanna Reatha san Oideachas Ceapadh agus Meastóireacht ar Mhodúil agus ar Chláir Seasamh Machnamhach i Réimse Speisialaithe a Fhorbairt Socrúchán Oideachais II

freastal ar agallamh.

15


MÁISTREACHT I LÉANN AN OIDEACHAIS (OIDEACHAS IDIRCHULTÚRTHA) Cad í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Idirchultúrtha)?

Is d’oideachasóirí an clár seo, oideachasóirí ar mhaith leo tuiscint níos fearr a fháil ar ról an oideachais i sochaí dhíbhéirseach. Tá fréamhacha na Máistreachta i Léann an Oideachais i bprionsabail an cheartais shóisialta agus chomhionannais, agus tá sé oiriúnach do gach oideachasóir.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Conas a dhéantar measúnú ar an gcúrsa?

Déanfaidh mic léinn ar an gclár seo ceithre mhodúl éagsúla sa chéad bhliain; scoileanna agus éagsúlacht, uileghbhálachas agus oideachas idirchultúrtha; Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise; éagsúlacht reiligiúin agus oideachas idirchultúrtha; cearta daonna, oideachas cearta daonna, agus an t-idirchultúrachas. Sa dara bliain, tá deis ag mic léinn díriú ar cheann amháin de na réimsí seo ar bhealach níos doimhne. Forbróidh siad scileanna taighde agus ullmhóidh siad tráchtas 20,000 focal ar thopaic a bhaineann leis an oideachas idirchultúrtha.

Baineann an measúnú le nádúr modúlach an chláir. Mar chuid de seo tá tionscnaimh, cás-staidéir, fóram plé agus léirmheas litríochta sa chéad bhliain. Ina dhiaidh sin sa dara bliain, cuirfidh mic léinn togra taighde agus isteach agus déanfaidh siad tráchtas.

Is cúrsa ceannródaíoch Í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Idirchultúrtha), ina bhfuil meascán de chuir chuige mar shampla, foghlaim aghaidh ar aghaidh agus foghlaim ar líne. Tá sé ar fáil d’iarratasóirí le taithí bhunscoile agus iarbhunscoile. Baineann sé ach go háirithe le daoine a bhfuil spéis faoi leith acu sa cheartas sóisialta, sa chomhionannas agus san éagsúlacht.

Cé dó an clár seo?

16

Cad iad aidhmeanna an chláir? • Cumas na mac léinn a fhorbairt san eolas agus sna scileanna agus dearcthaí riachtanacha a bhaineann leis an idirchultúrachas • Cur ar chumas na mac léinn, eolas mar aon le scileanna agus dearcthaí riachtanacha a bhaineann le hoideachas a chur ar pháistí agus ar dhaoine óga i réimse suíomhanna, mar shampla an bhunscoil, an iarbhunscoil, an tríú leibhéal, agus an earnáil neamhfhoirmiúil, maidir leis an oideachas idirchultúrtha • Ardchaighdeán tuiscint theoiriciúil agus feasacht chriticiúil a chur ar chumas na mac léinn maidir le príomhcheisteanna an oideachais idirchultúrtha • Cumas na mac léinn a fhorbairt maidir le “oideolaíocht chuí chultúrtha” • Cur ar chumas na mac léinn taighde úrnua a dhéanamh i réimse an oideachais idirchultúrtha

Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom? Beidh céimithe an chláir ullmhaithe ar bhealach cuimsitheach do róil cheannaireachta agus bhainisteoireachta i scoileanna, amhail an phríomhoideacht. Bheadh seasamh an-mhaith ag céimithe maidir le forbairt gharimiúil a sholáthar do mhúinteoirí nó obair le hábhair oidí ar thopaic an oideachais idirchultúrtha. Faoi dheireadh, is féidir le céimithe cur le léann an oideachais idirchultúrtha trí pháipéir a chur i láthair ag comhdhálacha agus trí ailt a scríobh do thréimhseacháin.


LIOSTA NA MODÚL BLIAIN 1

MODÚL 1 Scoileanna agus an éagsúlacht, uileghabhálachas agus oideachas idirchultúrtha • Gnéithe de chultúr agus cúlraí cultúrtha aonair • Cuir chuige maidir leis an éagsúlacht a thuiscint sa tsochaí agus san oideachas • Polasaí, reachtaíocht agus litríocht a bhfuil tionchar aige ar an oideachas • Straitéisí éifeachtacha múinteoireachta agus foghlama don seomra ranga díbhéirseach • An scoil uileghabhálach: comhbhraistint phobail a thógáil

MODÚL 2 An Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise: cur chuige idirchultúrtha • Éagsúlacht teanga i gcomhthéacs an oideachais idirchultúrtha • Ról na teanga ó bhéal i bhforbairt cumais sa Bhéarla • Litearthacht: tacú le cumas sa Bhéarla a fhorbairt • Cur chuige uile-scoile agus pobail a fhorbairt do mhúineadh an Bhéarla mar theanga bhreise • Measúnú agus meastóireacht

MODÚL 3 Éagsúlacht reiligiún agus oideachas idirchultúrtha • Éagsúlacht reiligiún i gcomhthéács an oideachais idirchultúrtha • Príomhphrionsabail oideolaíocha atá mar bhonn taca de ghné reiligiúnach an oideachais idirchultúrtha • Eachtraí leis an ‘Eile’; ag dul i mbun dialóg idirchreidmheach • Foghlaim ó thaithí daoine eile • Cur chuige uile-ranga agus uile-scoile maidir le héagsúlacht reiligiún agus idirchultúrtha

MODÚL 4 Cearta daonna, oideachas cearta daonna agus an t-idirchultúrachas • Réamhrá do chearta daonna agus don oideachas cearta daonna • Oideachas cearta daonna i scoileanna • Cearta daonna agus an t-ilchultúrachas • Cearta daonna agus an t-idirchultúrachas • Cearta daonna ar fud na cruinne agus an seomra ranga idirchultúrtha

BLIAIN 2

MODÚL 5 Modheolaíocht Taighde • Modheolaíochtaí taighe agus eiticí taighde • Próiseas cheapadh an taighde

EOL AS GINEAR ÁLTA

ÍOSRIACHTANAIS IONTR ÁL A

Fad: 2 bhliain páirtaimseartha

Céim onóracha (leibhéal 8) le dara

Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata

honóracha nó os a choinn, agus

Náisiúnta Cáillíochtaí

trí bhliana ar a laghad de thaithí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna

mhúinteoireachta nó a mhacasamhail

(ECTS): 90 creidmheas

de thaithí.

MODÚL 6 • Togra taighde agus tráchtas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

17


MÁISTREACHT I LÉANN AN OIDEACHAIS (OIDEACHAS LUATH-ÓIGE) Céard í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luath-Óige)? Cuireann an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luath-Óige) taithí uathúil foghlama ar fáil atá bunaithe ar fhorbairt na tuisceana teoiriciúla agus na feasachta criticiúla i measc na rannpháirtithe maidir le príomhcheisteanna an oideachais luath-óige, go háirithe maidir le tábhacht timpeallacht ghníomhach bunaithe ar spraoi.

Cé dó/di an cúrsa? Tá an clár oscailte do bhunmhúinteoirí, do chleachtóirí luath-óige agus dóibh siúd atá ag obairt le páistí óga i réimse na habhcóideachta.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar? Molfar do na rannpháirithe ar an gcúrsa Máistreachta seo smaoineamh ar bhonn criticiúil agus machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas. Déanfaidh siad an taighde a imscrúdú, taighde a bhaineann leis an spraoi, teanga agus réimsí eile d’fhoghlaim an pháiste, agus roinnfidh siad a dtuairimí agus forbróidh siad tuiscintí roinnte le mic léinn eile trí na fóraim ar líne. Iniúchfaidh siad smaointeoirí éagsúla a bhíonn ag plé leis an oideachas luath-óige agus déanfaidh siad meastóireacht chriticiúil orthu. Tabharfaidh siad faoi thionscadal taighde ar réimse an spraoi. Beidh deis ann obair ar thionscadail thaighde agus cuir i láthair ó bhéal agus i scríbhinn a dhéanamh. Déanfar éascaíocht ar fhoghlaim na mac léinn sna suíomhanna aghaidh ar aghaidh agus ar líne. Leis an gcur chuige seo, táthar ag súil leis go gcuirfidh an cúrsa cleachtóirí machnamhacha criticiúla ardcháilithe ar fáil a agus ardscileanna acu, agus a bhfuil gá leo chun cleachtas éifeachtach a chur i bhfeidhm.

18

Céard iad aidhmeanna an chláir? • Domhaintuiscintí teoiriciúla mar aon le feasacht chriticiúil a sholáthar do mhic léinn maidir le príomhcheisteanna san Oideachas Luath-Óige • Éascaíocht a thabhairt do mhic léinn critíc a dhéanamh ar a n-eolas, a scileanna agus a ndearcthaí maidir leis an Oideachas Luath-Óige • Cur ar chumas na mac léinn cur le foras saineolais ina gcleachtas gairmiúil ar ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta san Oideachas Luath-Óige • Mic léinn a chumasú tús a chur le tionscadail thaighde ar bhonn neamhspleách

Conas a dhéantar measúnú ar an gclár? Tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir. Déanfar tionscadail, cás-staidéir, agus léirmheas litríochta i mBliain 1. Ina dhiaidh sin, beidh togra taighde agus tráchtas le déanamh i mBliain 2.

Cad iad an roghanna gairmiúla atá ar fáil dom? Beidh ullmhúchán maith ag céimithe an chláir maidir le róil cheannaireahta, mheastóireachta agus bhainisteoireachta san oideachas luath-óige. I measc na ról seo, tá príomhoideacht scoile nó bainisteoir i suíomh oideachais luath-óige. Bheadh an-bhunús ag céimithe forbairt ghairmiúil a chur ar fáil do chleachtóirí atá ag obair i mbunscoileanna agus i suíomhanna oideachais luath-óige. Bheadh céimithe in ann plé le hobair polasaí nó cur isteach ar phoist i gCigearacht na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tagann deiseanna chun cinn ó am go chéile maidir le fostaíocht in eagraíochtaí gairmiúla luathóige amhail Early Childhood Ireland.


LIOSTA NA MODÚL BLIAIN 1

MODÚL 1 Oideachas Luath-Óige: Polasaí agus Cleachtas • An cleachtas is fearr ar bhonn idirnáisiúnta san oideachas luath-óige • Polasaí agus cleachtas an oideachais luath-óige in Éirinn • Teoiric agus cleachtas spraoi san oideachas luath-óige • Critíc a dhéanamh ar Aistear mar chreat bunaithe ar spraoi • Ról an chleachtóra i bhforbairt an fhoghlaimeora

MODÚL 2 Síceolaíocht na Luath-óige • Príomhchoincheapa agus díospóireachtaí i síceolaíocht na luath-óige • Teoiricí foghlama: Conas a fhoghlaimíonn páistí? • Forbairt mhothúcánach agus iompraíochta sa luath-óige • An luath-óige i gcomhthéacs • Measúnú & meastóireacht

MODÚL 3 Teanga agus Litearthacht in Oideachas na Luath-óige • Litearthacht mar chleachtas sóisialta • Litearthacht éiritheach • Forbairt teanga ó bhéal • Scileanna litearthachta foirmiúla agus neamhfhoirmiúla • Ról an scéil in oideachas na luath-óige

MODÚL 4 Foghlaim bunaithe ar Fhiosracht • Príomhbhunúis fhealsúnacha agus stair na foghlama bunaithe ar fhiosrúchán • Príomhphrionsabail oideolaíocha atá mar bhonn taca do mhúnlaí oideolaíocha bunaithe ar fhiosrúchán • Timpeallacht bunaithe ar fhiosrúchán a chruthú agus áiseanna a fháil di • Measúnú i bhfoghlaim bunaithe ar fhiosrúchán • Eiseamláir den fhoghlaim bunaithe ar fhiosrúchan sa mhatamaitic agus san eolaíocht

BLIAIN 2

MODÚL 5 Modheolaíocht Taighde • Modheolaíochtaí taighde agus eiticí taighde • Proiséas cheapadh an taighde

EOL AS GINEAR ÁLTA

ÍOSRIACHTANAIS IONTR ÁL A

Fad: 2 bhliain páirtaimseartha

Céim onóracha (leibhéal 8) le céim

Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata

dara honóracha nó os a chionn,

Náisiúnta Cáillíochtaí (NFQ)

agus ar a laghad trí bliana de

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna

thaithí mhúinteoireachta nó a

(ECTS): 90 creidmheas

mhacasamhail de thaithí ghairmiúil. I

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide,

gcásanna eisceachtúla, smaoineofar

Baile Átha Cliath

ar áit a thabhairt do mhic léinn

MODÚL 6 • Togra taighde agus tráchtas

ar an gclár, mic léinn a shásaíonn riachtanas na céime onóracha ach nach bhfuil an taithí riachtanach acu.

19


MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA (CEANNAIREACHT CHRÍOSTAÍ SAN OIDEACHAS) Céard í an Mháistreacht Ealaíon i gCeannaireacht Chríostaí san Oideachas? Is clár ceannródaíoch é an Mháistreacht Ealaíon i gCeannaireacht san Oideachas ina mbainfidh rannpháirtithe cáilíocht ghairmiúil amach. Bhunaigh Roinn Diagachta agus Léann Reiligiúnach Choláiste Mhuire gan Smál, an clár agus is í Ollscoil Luimnigh an foras cáiliúcháin. Cuirtear an clár ar siúl ar dhá champas: ag Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus ag Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.

Cé dó nó di an clár? Ceapadh an mháistreacht ealaíon mar chlár speisialaithe iarchéime le cur le forbairt cumas ceannaireachta in earnáil oideachais bhunléibhéil agus dara leibhéal. Tá sé oscailte do phríomhoidí, do leasphríomhoidí agus do mhúinteoirí ar mhaith leo róil cheannaireachta nó bhainisteoireachta san oideachas a bhaint amach. Baineann an clár freisin le daoine a oibríonn chun tacaíocht a thabhairt don oideachas bunaithe ar chreideamh.

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar? Tógann an clár ar cheithre cholún: Diagacht, Spioradáltacht, Síceolaíocht agus Ceannaireacht Oideachais. Tá dhá mhodúl déag múinte sa chlár. Cuirfear na modúil ar fáil trí mhodh aghaidh ar aghaidh agus ar líne. Beifear ag súil leis freisin go mbeidh mic léinn i socrúchán (de ghnáth sa scoil ina bhfuil siad ag obair faoi láthair) chun miontráchtas a dhéanamh. Déanfar measúnú ar na modúil mhúinte trí mheascán den mheasúnú leanúnach: aistí, tionscadail agus obair dhialainne.

Céard iad aidhmeanna an chláir? Ar éirí leis an mac léinn an clár seo a bhaint amach, beidh sé/ sí in ann: • Tuiscint chriticiúil a léiriú ar ról cheannaireacht Chríostaí maidir le héascaíocht a thabhairt don mhúineadh, don fhoghlaim agus don athrú oideachais • Prionsabail na ceannaireachta oideachais a nascadh le fís dhiagach ar an duine, ar an tsochaí agus ar an bhfiontraíocht oideachais • Cumais chuí a fhorbairt chun ceannaireacht a dhéanamh i scoil bunaithe ar chreideamh • Pleanáil do sholáthar oideachais, agus meastóireacht a dhéanamh ar an oideachas sin atá bunaithe ar fhís iomlánaíoch an duine dhaonna, ina measc plean scoile agus polasaithe scoile a cheapadh, a chur i bhfeidhm agus athmhachnamh a dhéanamh orthu • Creat a chruthú le machnamh a dhéanamh ar a bhforbairtí pearsanta, spioradálta agus gairmiúla mar cheannairí oideachais i dtimpeallacht bunaithe ar chreideamh • A léiriú go bhfuil taithí acu ar reachtaíocht reatha a bhaineann le ceannaireacht thimpeallacht na scoile uile, agus a léiriú go bhfuil na scileanna acu í a chur i bhfeidhm • Meastóireacht a dhéanamh ar an gcleachtas is fearr agus é a chur i bhfeidhm i dtógáil timpeallacht dhearfach mhúinteoireachta agus foghlama bunaithe ar phrionsabail Chríostaí, agus soláthar oideachas riachtanais speisialta san áireamh • Léirithuiscint ar nádúr éiteas Chríostaí na scoile ina bhfuil siad agus éascaíocht a dhéanamh maidir le forbairt na scoile agus tacú léi

Conas a dhéantar measúnú ar an gclár? Tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir. Tá tionscadail bunaithe ar na modúil i mBliain 1, agus ina dhiaidh sin tá togra taighde agus tráchtas i mBliain 2.

20


LIOSTA NA MODÚL BLIAIN 1 MODÚL 1 Críosteolaíocht – Íosa sa Tiomna Nua

MODÚL 2 Cumais Mhothúchánacha agus Chaidrimh a Fhorbairt

MODÚL 3 Reachtaíocht Oideachais agus Rialachais

MODÚL 4 Spioradáltacht Chríostaí agus Éiteas

MODÚL 5 Síceolaíocht Cheannaireachta

MODÚL 6 Grúpdhinimicí

MODÚL 7 Fís Chríostaí don Chine Daonna sa Chultúr Comhaimseartha

MODÚL 8 Diagacht na Ceannaireachta

MODÚL 9 Eiticí agus Ceartas Sóisialta

MODÚL 10 Sacraimintí agus Liotúirgeacht

MODÚL 11 Ceannaireacht ar Scoil Chaitliceach in Éirinn an Lae Inniu

MODÚL 12 Ceannaireacht ar Fhoghlaim Churaclaim i gComhthéacs Scoile

MODÚL 13 An Seimineár ar Chomhtháthú

BLIAIN 2

MODÚL 1 Modheolaíocht Taighde & Ceapadh Togra

EOL AS GINEAR ÁLTA

ÍOSRIACHTANAIS IONTR ÁL A

Fad: 2 bhliain páirtaimseartha

Céim onóracha (leibhéal 8) le torthaí II.2

Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata

onóracha nó os a chionn. Smaoineofar

Náisiúnta Cáillíochtaí (NFQ)

ar iarrthóirí le cáilíochtaí comhchosúla

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna

nó le taithí shuntasach bhainteach.

MODÚL 2 Tráchtas

(ECTS): 90 creidmheas Foras Cáiliúcháin: Ollscoil Luimnigh

21


rás a nG irc n

n Do

r

in

Táimid anseo

hua

Phib

Dhr

1

2

Bó Ri ch

an

h aid hu áT Tr na

ar th Bó

6

Stáisiún Uí Chonghaile

7

Sráid Sráid

Dáma

th

á Tr

oic

ai Bh an ar th

ns id A Srá

9

Uí Ch

onail

l

mie

olt

r

Sráid an Teampaill

h

oi

id B

tS

aid

Th

Srá

an

hr

rt

C

c no

am

oi

on

Srá

id

Do

idh

hua

rse

t

Cnoc an

ar T

Ph

id

ell

4

an

homáis

hóth

n Srái ea e d an ch áist i Phia Fa ol rsai h gh C 8 Srái Stáisiún d Na na bPiarsach ssau

5

3

500m

22

Éad

Stáisiún Traenach Chluain Tarbh

ar

Srá

n Par

irc

th

Sráid T

uarb

dha

Bh

le

chta Bhunrea

An C

Stáisiún Shráid na Teamhrach

C é n a gCe annaithe mas

e

12 10

nra

inn

Séa

ain Lif

d

an id S

r Chlu

on

Srá

15

m

Bótha

on Fhi

Bh

ar

11

Stáisiún Heuston

ar

th

Stáisiún Dhroim Conrach

ht

Bót

har

Bha

Ascaill

tha

Bhaile

har Bót

ile P

hib

leá

ar C

fa

Cha

13

hoi

<Ó n r M mót a hu lla rbhe ch Íde alac hM 50

hrío

Uí C

ont

rach

14

Uí G

Con

S

aill

aill

rlem

Asc

E

oim

W

Bóth

N

Phá

a

har

hríof

Bót

l Uí G

<Ó nm ó Bó tarb he tha ala rS ch ho M5 ird 0

Ascail

Asc

1. Institiúid Oideachais Marino

7. Teach an Chustaim

13. Coláiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

2. Stad an Bhus 123

8. Coláiste na Tríonóide

14. Reilig Ghlas Naíon

3. An Nascbhóthar Thoir

9. An Túr Solais

15. Stáisiún Heuston

4. Stáisiún Traenach (DART) Chluain Tarbh

10. Ospidéal an Mater Misericordiae

Líne Traenach/ DART

5. An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta (IFSC)

11. Stáisiún Dhroim Conrach

6. Stáisiún Uí Chonghaile

12. Páirc an Chrócaigh

Bealach Bhus 123

Déan scannadh le hInstitiúid Oideachais Marino nó Coláiste na Tríonóide a fheiceáil ar Léarscáileanna Google

air


TABHAIR CUAIRT ORAINN Ar an mbus Déanann bus 123 nasc idir Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste na Tríonóide agus Sráid Uí Chonaill i lár na cathrach. Téann an bus 123 gar do Stáisiún Heuston freisin (siúlóid 8 nóiméad).

Sa charr Tá Institiúid Oideachais Marino suite ar Ascaill Uí Ghríofa idir Bóthar Dhroim Conrach agus Bóthar Mhullach Íde, agus is féidir teacht go héasca ar an M50 ón áit.

Ar an DART Is é an stáisiún DART is gaire ná Bóthar Chluain Tarbh atá 15 nóimead de shiúl ón Institiúid.

DÉAN TEAGMHÁIL LINN Oifig Iontrála: 01 805 7752 | admissions@mie.ie Oifig Rochtana: 01 805 7744 | access@mie.ie

DÉAN NASC LINN Meáin shóisialta marinoinstituteofeducation MarinoInstitute marino-institute-of-education

Suíomhanna idirlín www.tcd.ie www.mie.ie

Lóistín ar Champas 01 905 6361 | info@collegeliving.ie | www.collegeliving.ie

23


CONAS CUR ISTEACH AR INSTITIÚID OIDEACHAIS CAO

Táillí

Caithfidh iarrthóirí don chlár fochéime iarratas a chur isteach tríd an gcóras CAO faoi 1 Feabhra.

Clúdaíonn tionscnamh Táillí Saor in Aisce na táillí a bhaineann leis an mBaitsiléir san Oideachas, rud a chiallaíonn nach n-íocfaidh formhór na mac léinn ach an Ranníocaíocht bhliantúil do Mhic Léinn. Ní chlúdaíonn an Roinnn Oideachais agus Scileanna táillí múinte na mac léinn ar an mBailtisléir san Eolaíocht agus mar sin, leagtar na táillí múinte caoldíreach ar na mic léinn. Tá Institiúid Oideachais Marino tiomnaithe do tháillí a bhaineann le clár an Bhaitsiléara san Eolaíocht a choinneáil ar an leibhéal céanna le Ranníocaíocht na Mac Léinn atá i bhfeidhm ar chláir a ndéantar maoiniú poiblí orthu. D’fhéadfadh deontas nó faoiseamh cánach a bheith i gceist maidir leis na táillí a íoctar.

Mic Léinn Lánfhásta Is féidir le hiarrthóirí atá 23 bliain nó os a chionn, ar 1 Eanáir sa bhliain ina bhfuil siad ag teacht chuig an Institiúid, iarratas a chur isteach ar chlár an Bhaitsiléara Oideachais nó an Bhaitsiléara Eolaíochta ar bhonn aibíochta. Cuireann iarrthóirí lánfhásta iarratas isteach tríd an gcóras CAO faoi 1 Feabhra.

Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas Ceadaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna an clár seo agus tá sonraí an chláir sna nuachtáin náisiúnta. Déan teagmáil le admissions@mie.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

Cláir Mháistreachta Eile Cuireann iarrthóirí ar an Máistreacht i Léann an Oideachais nó ar an Máistreacht sna hEalaíona i gCeannaireacht Chríostaí san Oideachas iarratas isteach caoldíreach chuig an institiúid. Déan teagmháil le admissions@mie.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas) Cuireann iarrthóirí ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachais iarratas isteach caoldíreach chuig an institiúid. Faigh sonraí an iarratais uainn trí theagmháil a dhéanamh le admissions@mie.ie.

24

Déan teagmháil chaoldíreach leis an Institiúid chun sonraí na dtáillí a fháil maidir le cláir eile a bheidh ar siúl i 2016–2017.

HEAR/DARE Glacann Institiúid Oideachais Marino páirt sa dá chlár Bealach Rochtana ar an ArdOideachas (HEAR) agus Bealach Rochtana ar an Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE). Cuirtear áiteanna in áirithe gach bliain do mhic léinn atá faoi mhíchumas ar an gclár B.Oid. agus an B.Eol. atá i dteideal HEAR nó DARE. Tugtar tacaíocht do gach mac léinn atá faoi mhíchumas tríd an tSeirbhís Míchumais i gColáiste na Tríonóide. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an Oifigeach Rochtana ag access@mie.ie. Cuireann Institiúid Oideachais Marino suas le 15% d’áiteanna in áirithe ar na cláir fochéime d’iarrthóirí Bealach Rochtana ar an ArdOideachas HEAR, DARE agus iarrthóirí Lánfásta.


DE SIGN: ainecassidydesign.com



Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.