Buaicphointí 2013 Chuir OOP tacaíocht ar fáil i bpleanáil, in ullmhú agus i seachadadh tacaíocht lóistíochta do Ranna agus Gníomhaireachtaí éagsúla i rith thréimhse Uachtaránachta na hÉireann ar an AE, ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2013. Bhí 281 imeacht ar fad ar siúl le linn thréimhse na hUachtaránachta. Rinne muid laghdú suntasach ar an lorg iomlán maoine agus sa chaiteachas cíosa trí straitéis chuíchóirithe a bhí spriocdhírithe ar mhaoin, a tioscnaíodh taréis na géarchéime eacnamaiochta i ndeireadh na bliana 2008, a chur I bhfeidhm. Tá céatadán na maoine ar léas laghdaithe ó 54% in 2008 go 40% in 2013. Laghdaíodh bille cíosa bliantúil na Státseirbhíse go €97 ón mbuaic de €130m in 2009.
Cheadaigh an Rialtas an Plean dar teideal “Ag Freastal ar na hAthruithe-An Rath á Thomhas ” chun go gcuirfí athchóirithe maoine i bhfeidhm, agus seoladh é ar an 30 Iúil 2013.
D’fhostaigh muid saineolaithe seachtracha chun dul i gceann Athbhreithnithe Acmhainne agus Cumais ar Fheidhmiú na Bainistíochta Punann Eastát (seachas Oidhreacht) agus a cuid beartas i leith gealltanais athchóirithe bainistíochta sóchmhainní readmhaoine ar fud na seirbhíse poiblí. Críochnaíodh oibreacha i mí Meitheamh 2013 ar áiseanna taispeántais agus cuartaíochta nua a chosain €1.5m ag Gáirdín Cuimhneacháin & Crannlann J F Kennedy, áitreabh dúchasach na gCinnéideach, chun cuairt 50 bliain an Chinnéidigh ar Loch Garman a chomóradh. Thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialaí, críochnaíodh oifigí poiblí nua Intreo in: Acailll, Baile Átha Luain, Béal an Átha, Baile Formaid, Béal an Mhuirthead, Baile Bhlainséir, Bré, Cathair Saidhbhín, Ceatharlach, Cora Droma Rúisc, An Cábhán, An Clochán, Cluain Meala, Cóbh, Droichead Átha, Dún Laoghaire, Dún Fionnachaidh, An Clochán Liath, Inis, Neidín, Cill bharrog, Cill Chainnigh, Luimneach, Lios Tuathail, An Longfort, Baile Locha Riach, Cluainín Uí Ruairc, Bóthar na hUaimhe, An Caisleán Nua Thiar, Trá Lí, An Tulach Mhór, Port Láirge agus Loch Garman. Seoladh an suíomh idirlín, www.waterlevel.ie, go hoifigiúil in Aibreán 2013. Bíonn ar chumas úsáideoirí sonraí leibhéil uisce réad-ama a fháil agus cuireann sé tacaíocht riachtanach ar fáil d’Údaráis Áitiúla nuair a bhíonn siad ag bainistiú agus ag dul i ngleic le tuilte. D’aistrigh an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair go hOifig um Sholáthar Rialtais ón 1 Eanáir 2014. Rinneadh ullmhúcháin don trasdul seo i rith 2013. Tosaíodh ag cur i bhfeidhm Tionscadal na Seirbhísí Comhroinnte Acmhainní Daonna (People Point) i mí Meán Fómhair 2013, chun cinn ar an dáta atá sceidealaithe don trasdul, ar an 17 Feabhra 2014. Tá seirbhísí baincéireachta OOP aistrithe i gceart go dtí córas imréitigh SEPA. Rinneadh uasghrádú ar Chóras Bainistíochta Airgeadais Integra lena chur in oiriúint do chóras SEPA in 2013.
5