Teach an Phiarsaigh Téacs le Cillian de Grás
I
mbliana, beidh comóradh á dhéanamh ar chéad bhliain ó Éirí Amach 1916, agus basú an cinire is cáilíula Pádraic Mac Piarais. Seo é an ról ar a bhfuil an cáil is mó ar an bPiarsach; 'théis dó bheith ceapaidh mar Uachtarán na Poblacht, léigh sé Forógra na Poblachta ó póirse Ard Oifig an Phoist ar Shr. Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Céard a chuir an múinteor scoile, 37 bliain d'aois, ar an bealach seo? Sin é an scéal a insítear ag Teach an Phiarsaigh, an teach trí-sheomra traidisiúnta ar thóg an Piarsach dó fhéin ar teach samhradh, i Ros Muc, Conamara, i 1909.
Tháinig Pádraic Mac Piarais chun siúil ar dtús mar gníomhaí teanga. Óna óige bhí dúil aige sa Ghaeilge. Chláraigh sé le Conradh na Gaeilge, a bhí ag obair ar son caomhnú na teanga sna háiteanna a bhí sé fós beo, agus a h-athbheochan in áiteanna eile. De réir a chéile fuair an Piarsach céim in airde san eagraíocht. Ceapeadh é ar an Coiste Gnó in 1898, agus i 1903 agus é in aois a 23, ceapadh é ina eagarthóir ar phaipéir nuachta an Chonradh, An Claidheamh Soluis. I 1900 ba é Conamara ceann de na Gaeltachtaí is láidre sa tír. Ar an dtaobh eile de, bhí se mar cheann de na ceantracha is boichte sa tír, agus chuir leithéidí an iris Punch stiogma ar muintir na háite mar phobail bocht, aineolach agus dáinséarach. Thug múinteoir scoile áitiúl cuireadh don Piarsach cuairt a thabhairt ar Ros Muc don chéad uair i 1903. Bhí craobh den Chonradh bunaithe aige sa cheantar agus bhí léamh 20 www.heritageireland.ie