AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

Page 17

An Chéad Chéim Eile

Apps Fóin Android & iPhone Ní bheidh ardán AbairLeat! críochnaithe go mbeidh Apps fóin ag dul leis. Is dúshlán sách mór é na critéir teanga a bhaineann leis an leagan web a chur i bhfeidm ar apps fóin. Tá cur chuige cliste aimsithe againn leis seo a dhéanamh agus tá muid ag súil go mbeidh na apps seo tógtha faoi Mheán Fómhair 2012.

Ríomhchainteoir Tá ríomchainteoir den scoth forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Le caoinchead Scoil na nEolaíochta, Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide tá sé i gceist go mbeadh nasc le Abair.ie intógtha ar chomhéadan postála AbairLeat! Fágfaidh seo go mbeidh sintéis fuaime i gcanúintí éagsúla ar fáil d’úsáideoirí AbairLeat.

Foclóir & Thesaurus Tá muid ag súil le nascanna chuig Focal.ie agus PotaFocal a shníomh leis an gcomhéadan postála chomh maith.


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.