Leadership+ Issue 131 - February 2024

Page 9

February 2024

Riachtanais Speisialta Oideachais i Scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

DR. SINÉAD NIC AINDRIÚ AGUS AN TOLLAMH PÁDRAIG Ó DUIBHIR, SCOIL NA TEANGA, NA LITEARTHACHTA AGUS AN OIDEACHAIS LUATH-ÓIGE, OLLSCOIL CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH

Meastar go bhfuil diagnóis oifigiúil de riachtanais speisialta oideachais (RSO) ag 9.4% de dhaltaí bunscoile a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht . Mar chuid den taighde atá déanta againn, rinneamar imscrúdú ar na tacaíochtaí breise a theastaíonn ó dhaltaí a bhfuil RSO acu i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Mar chuid de shonraí an tsuirbhé agus na n-agallamh, ba léir go bhfuil go leor cleachtais dhearfacha agus chuimsitheacha i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais na daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, mar shampla, teagasc foirne, foghlaim chomhoibritheach, agus úsáid theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC). Mar sin féin, ba léir freisin go bhfuil réimsí dúshlánacha ann do mhúinteoirí agus do dhaltaí, mar shampla, rochtain a fháil ar mheasúnuithe, acmhainní, agus seirbhísí gairmiúla oideachais trí Ghaeilge (m.sh., teiripeoirí urlabhra

agus teanga/síceolaithe oideachais). De bharr seo, thosaíomar ag fiosrú na slite ina bhféadfadh múinteoirí na dúshláin atá rompu a shárú agus conas cuidiú leo freastal ar riachtanais na ndaltaí ar fad sa rang. Ó thorthaí an taighde, ba léir gurb é cultúr scoile dearfach agus ionchuimsitheach an fachtóir is mó a raibh tionchar aige ar chuimsiú na ndaltaí uile. Nuair a chuirtear fáilte roimh gach scoláire sa scoil agus nuair a chuirtear san áireamh iad i ngníomhaíochtaí uile na scoile bíonn rath orthu. Tá sé tábhachtach do scoileanna machnamh a dhéanamh ar riachtanais gach dalta agus iad ag eagrú gníomhaíochtaí agus imeachtaí. Sa suíomh tumoideachais, is minic nach n-aithnítear daltaí a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu go dtí go mbíonn tús curtha acu le litearthacht an Bhéarla. Sin ceann de na ndúshlán a d’aithin múinteoirí de bharr easpa trialacha luathlitearthachta i nGaeilge. Mar sin, chun léargas cruinn a fháil ar chumas

na ndaltaí sna luathbhlianta, moltar go n-úsáidfeadh múinteoirí measúnú foirmiúil agus neamhfhoirmiúil chun próifíl iomlánaíoch na daltaí a chruthú. Mar chuid den phróifíl seo, moltar go ndéanfadh múinteoirí measúnú ar úsáid agus ar inniúlacht teanga an dalta ag baint úsáide as samplaí teanga/urlabhra agus scéalaíocht. Ní mór do mhúinteoirí obair i gcomhpháirt le tuismitheoirí chun forbairt teanga agus litearthacht na daltaí a mheas, trí chomhrá, plé agus seicliostaí. Ní mór do mhúinteoirí measúnú a dhéanamh sna teangacha ar fad atá ag an dalta, ach go háirithe an Ghaeilge agus an Béarla. Is fiú dóibh inniúlacht an dalta i ngnéithe urlabhra agus litearthachta sa chéad agus dara teanga a chlárú i scríbhinn. Is fiú chomh maith dhá mheasúnú a dhéanamh den ghné chéanna (m.sh., teanga ó bhéal, léitheoireacht, scríbhneoireacht) más féidir agus iad a chur i gcomparáid lena chéile. Sampla de seo is ea measúnú a dhéanamh ag baint úsáide as scrúdú litrithe caighdeánach agus sampla saorscríbhneoireachta na ndaltaí a mheas. Taispeánfaidh sé seo duit cad iad na focail atá an dalta in ann a litriú (scrúdú) agus cad iad na scileanna díchódaithe agus litrithe atá acu (sampla scríbhneoireachta). Tá go leor gníomhaíochtaí eile ann freisin gur féidir le múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge tabhairt fúthu chun tacú le daltaí a bhfuil RSO acu. Tá níos mó eolais, straitéisí measúnuithe agus teagaisc ar fáil sa lámhleabhar, ‘Ag tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachas acu is scoileanna lán-Ghaeilge’ (www.cogg. ie). Táimid go mór faoi chomaoin ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, a mhaoinigh an taighde reatha. LINK

sinead.andrews@dcu.ie Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Sinéad maidir leis an bpíosa seo, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuici ag sinead.andrews@dcu.ie. 7


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.