28 tl tomhas

Page 1

of

Aonad 4: An Domhan Fisiceach 266 278 287 300 316 336 350 372

Pro

28 Tomhas: fad, achar, toirt, am, mais agus teocht 29 Dlús 30 Luas, díláithriú, treoluas agus luasghéarú 31 Fórsaí 32 Fuinneamh: Foinsí fuinnimh 33 Teas, fuinneamh, aistriú fuinnimh 34 Sruthleictreachas: ciorcaid shimplí leictreacha a chur le céile 35 Feidhm teicneolaíoch fisice


of

28

Tomhas: fad, achar, toirt, am, mais agus teocht

Domhan Fisiceach – Bloic Thógála

Aidhmeanna:

Focail thábhachtacha sa chaibidil seo:

• Cabhrú le daltaí tuiscint a bhaint amach ar conas am, teocht, fad, achar, toirt agus mais a thomhas.

Cailpéar

Meinisceas

• Cabhrú le daltaí uirlisí oiriúnacha a roghnú chun am, teocht, fad, achar, toirt agus mais a thomhas.

Opasaiméadar Roth tomhais

Canna forsceitheadh

Achar

Mais

Toirt

Teocht

Pro

Sorcóir grádaithe

28.1 Réamhrá

Tá sé an-tábhachtach san fhisic rudaí a thomhas go cruinn le huirlisí oiriúnacha. Chomh maith leis sin, caithfear aonaid a úsáid a thuigfidh gach duine. Cén fáth go bhfuil toisí tábhachtach do na daoine seo?

Léaráid 28.1 Tá toisí cruinne an-tábhachtach.

28.2 Fad

Ní féidir le heolaithe braith ar a gcuid céadfaí amháin chun rudaí a thomhas. Úsdáideann siad uirlisí tomhais. Tá an-chuid uirlisí ann chun fad a thomhas. B’fhéidir go bhfuil rialóir i do mhála agat. Is féidir téip thomhais, méadarshlat agus logálaí sonraí a úsáid freisin.

266

EOLAÍOCHT RIACHTANACH


TOMHAS: FAD, ACHAR, TOIRT, AM, MAIS AGUS TEOCHT

Is é an méadar an t-aonad faid. Is féidir an méadar a roinnt ina chodanna níos lú; an ceintiméadar agus an milliméadar.

(a)

(a)

(b)

(b)

28

Aonad 1/100 m = 0.01 m

Milliméadar

1/1000 m = 0.001 m

Ciliméadar

1000 m

Léaráid 28.2 Tabhair buille faoi thuairim cé acu an líne is faide sna léaráidí? Ansin tomhas fad gach líne.

of

Ceintiméadar

Tábla 28.1 Aonaid faid

(a)

(b)

(c)

(d)

Léaráid 28.3 Roinnt uirlisí chun fad a thomhas: (a) rialóir, (b) téip thomhais, (c) méadarshlat, (d) logálaí sonraí

28.3 Fad a thomhas

Pro

Is é an rialóir nó an mhéadarshlat an uirlis thomhais is simplí chun fad a thomhas. Is é an méadar an t-aonad faid.

Cuimhnigh ar na pointí seo nuair a bhíonn méadarshlat á úsáid agat. Ní ag a náid a thosaíonn gach méadarshlat nó gach rialóir. Mura dtugtar é seo faoi deara, is féidir earráid a bheith sa tomhas. Tugtar an earráid nialasach ar seo. Tarlaíonn sé seo nuair nach dtosaíonn an uirlis thomhais ag a náid. Nuair a bhíonn tú ag léamh na méadarshlaite tá sé tábhachtach go mbeadh do cheann díreach os cionn an tomhais atá á léamh agat. Mura mbíonn, beidh an tomhas míchruinn. Earráid an tsaobhdhiallais a thugtar ar seo. Tarlaíonn sé seo nuair nach bhfuil an tomhas á léamh go hingearach. 0 cm 1

2

Léaráid 28.4

0 cm 1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

Ní thosaíonn an mhéadarshlat ar a náid.

3

4

5

Suíomhanna difriúla na súile

6

7

8

9

10

Suíomh ceart na súile

Léaráid 28.5 Tá sé tábhachtach go mbeadh do cheann díreach os cionn an léimh chun earráid an tsaobhdhiallais a sheachaint.

Léaráid 28.6 Is féidir trastomhas rudaí ciorclacha a thomhas le cailpéar.

AN DOMHAN FISICEACH

267


28

TOMHAS: FAD, ACHAR, TOMHAS: TOIRT, FAD,AM, ACHAR, MAISTOIRT, AGUSAM, TEOCHT MAIS AGUS TEOCHT

Is féidir cailpéir dhigiteach a úsáid chun fad ghairid a thomhas agus chun trastomhas rudaí ciorclacha a thomhas.

Úsáidtear na gialla íochtaracha chun trastomhas seachtrach ruda a thomhas.

Úsáidtear na gialla uachtaracha chun trastomhas inmheánach ruda a thomhas.

of

28.4 Fad cuarlíne a thomhas

Úsáidtear méadarshlat chun fad líne dhírí a thomhas. Conas is féidir fad cuarlíne a thomhas? Roth ar scriú is ea opasaiméadar, gur féidir é a rothlú ar chuarlíne. Ansin cuirtear an roth in aice le náid ar an méadarshlat agus rothlaítear é fad na méadarshlata go dtí go sroicheann an roth an beangán biorach.

Gníomhaíocht an dalta 28.1

Léaráid 28.7 Úsáidtear opasaiméadar chun fad cuarlíne a thomhas. Anseo tá sé á úsáid chun fad bóthair ar léarscáil a thomhas.

Fad cuarlíne a thomhas

Pro

Réamhrá

Sa ghníomhaíocht seo tomhasfaidh tú fad cuarlínte le hopasaiméadar.

Príomh chéimeanna sa mhodha oibre •

Cas an roth chuig an beangán biorach ar an taobh. Ná teanntaigh an scriú.

uir an biorán ar phointe tosaithe na cuarlíne. Rothlaigh an roth go cúramach ó thús C na líne go dtí go sroicheann tú an deireadh.

uir an biorán ar a náid ag tús na méadarshlata. Rothlaigh an opasaiméadar siar go C dtí go sroicheann an roth an taobh biorach arís.

Ag seachaint earráid an tsaobhdhiallais duit, léigh an fad ón méadarshlat.

Conclúid

Is féidir fad cuarlíne a thomhas le opasaiméadar agus méadarshlat.

28.5 Fad mór a thomhas.

Is féidir téip thomhais a úsáid chun faid níos mó a thomhas, ach is fearr an roth tomhais. Gach rothlú iomlán a dhéanann an roth tomhais, ritheann sé aon mhéadar amháin. Is féidir áiritheoir a chur ar an roth tomhais chun an méid imrothlú a chomhaireamh agus an fad a fháil uaidh sin Úsáidtear an roth tomhais chun fad raon reatha nó fad bóthair a thomhas.

268

EOLAÍOCHT EOLAÍOCHT RIACHTANACH


TOMHAS: FAD, ACHAR, TOIRT, AM, MAIS AGUS TEOCHT

28

Déan an mhata! Tiontaigh ina méadair… (a) 25 cm (b) 50 mm (c) 170 mm (d) 2 km

Freagraí

Cuimhnigh!

of

25 = 0.25 m 100 50 (b) 50 mm = = 0.05 m 1000 170 (c) 170 mm = = 0.17 m 1000

(a) 25 cm =

Is codáin de mhéadar iad an ceintiméadar agus an milliméadar.

(d) 2 km = 2 × 1000 = 2000 m

Tiontaigh ina gceintiméadair…

Léaráid 28.8 Is féidir fad bóthair a thomhas le roth tomhais.

(a) 0.35 m  (b) 3.2 m  (c) 0.07 m

Freagraí

(a) 0.35 m = 0.35 × 100 = 35 cm (b) 3.2 m = 3.2 × 100 = 320 cm (c) 0.07 = 0.07 × 100 = 7 cm

Pro

Féinmheasúnú: Bain triail as ceisteanna 28.1–28.4 and W28.1–W28.2.

28.6 Achar

Tá achar crutha cothrom le méid an dromchla atá laistigh dá imlíne.

Sa léaráid taispeántar cruth neamhrialta tarraingthe ar pháipéar speisialta: grafpháipéar. Tá gach cearnóg 1 cm ar fad agus ar leithead, sin aon cheintiméadar cearnaithe (1 cm2) ar an ngrafpháipéar. Comhraimid 13 chearnóg laistigh den imlíne. Mar sin, sé méid an dromchla laistigh den imlíne ná 13 cheintiméadar cearnaithe. Deirimid go bhfuil achar 13 cm2 ag an gcruth.

Tugtar achar ruda ar an dromchla laistigh dá imlíne.

1 cm

1cm

Léaráid 28.9 Tá achar 13 cm2 ag an gruth.

Ag ríomh achar cearnóige

I Léaráid 28.10, tá 25 ceintiméadar cearnaithe laistigh den chearnóg ghlas. Mar sin, tá achar 25 cm2 ag an gcearnóg. Is féidir achar na cearnóige a ríomh freisin, in ionad líon na gcearnóg a chomhaireamh.

AN DOMHAN FISICEACH

269


28

TOMHAS: FAD, ACHAR, TOIRT, AM, MAIS AGUS TEOCHT

Achar na cearnóige = Fad × Leithead = 5 cm × 5 cm = 25 cm2

1cm

5cm

5cm

of

1cm

1cm

5cm

1cm

7cm

Léaráid 28.10 Is féidir achar cearnóige a ríomh.

Léaráid 28.11 Ag ríomh achar cearnóige

Achar dronuilleoige a ríomh

Pro

Tá sé soiléir ó Léaráid 28.11 go bhfuil achar 35 cm2 ag an dronuilleog. Níl aon ghá le grafpháipéar chun achar na dronuilleoige a ríomh. Is féidir líon iomlán na gcearnóg a ríomh mar seo: Achar = Fad × Leithead = 5 cm × 7 cm = 35 cm2

Gníomhaíocht an dhalta 28.2

Meastachán ar achar crutha neamhrialta Réamhrá

Bainfidh tú úsáid as páipéar cearnógach chun achar crutha neamhrialta a thomhas.

Príomh chéimeanna sa mhodha oibre •

arraing imlíne chrutha neamhrialta ar ghrafpháipéar ar a bhfuil cearnóga le fad T sleasa 1 cm.

Comhairigh líon na gcearnóg laistigh d’imlíne an chrutha. Cuir tic i ngach cearnóg tar éis duit é a chomhaireamh.

Ná comhairigh cearnóg atá níos lú ná leath an achair laistigh dá imlíne.

Comhairigh cearnóg má tá níos mó ná leath an achair laistigh dá imlíne.

Má tá leath cearnóige, go díreach, laistigh den imlíne, comhairigh leath cearnóige.

I Léaráid 28.12, meastar gurb é 37 cm2 achar an chrutha.

Conclúid

Is féidir achar crutha neamhrialta a thomhas le páipéar cearnógach.

270

EOLAÍOCHT RIACHTANACH


TOMHAS: FAD, ACHAR, TOMHAS: TOIRT, FAD,AM, ACHAR, MAISTOIRT, AGUS AM, TEOCHT MAIS AGUS TEOCHT

Foghlaimeoidh tú conas achar cruthanna eile a ríomh ag baint úsáide as foirmlí matamaitice i rith ranganna matamaitice. Ní chaithfidh tú na foirmlí sin a fhoghlaim. Tá siad ar fáil sa leabhrán Foirmlí agus Táblaí a bheidh ar fáil duit i rith scrúdaithe matamaitice agus eolaíochta.

28.7 Toirt

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

11

12

13

14

15

16

17

18

19

20

23

24

25

26

27

28

29

30

31

32

33

34

35

36

37

21

of

22

28

D’úsáidfeá crúiscín tomhais dá n-iarrfaí ort 300 cm3 bainne a thomhas. Is í toirt an bhainne an spás a ghlacann sé sa chrúiscín.

Léaráid 28.12 Measadh achair crutha

neamhrialta

Toirt: Tugtar toirt ar an spás a ghlacann corp.

28.8 Toirt leachta a thomhas

Caithfear a bheith níos cruinne sa tsaotharlann. Úsáidimid crúiscín an-chruinn — an sorcóir grádaithe. Chun an tomhas a bheith cruinn caithfimid roinnt réamhchúramaí a ghlacadh.

(a)

(b)

Pro

Má bhreathnaíonn tú ar dhromchla uisce i sorcóir grádaithe, dealraíonn sé go bhfuil an t-uisce ag iarraidh ballaí na gloine a dhreapadh agus bíonn barr an uisce cuartha. Tugtar an meinisceas ar seo. Ba choir breathnú ar bhun an mheiniscis chun luach cruinn a fháil. Is ceart earráid an tsaobhdhiallais a sheachaint freisin, mar a luadh thuas, agus an luach a léamh ó leibhéal na súile.

á toirt 56 cm3 ag an leacht sa sorcóir T grádaithe.

Tá an toirt chéanna aige is atá ag 56 ciúb le fad sleasa 1 cm.

Bun an mheiniscis ar leibhéal na súile

60

50

Léaráid 28.13 (a) Sorcóir grádaithe (b) Chun an luach a léamh go cruinn ba chóir go mbeadh bun an mheiniscis ar leibhéal na súile.

Nóta mata: An ceintiméadar ciúbaithe 100 cm3 = 100 ml

San am atá caite, giorraíodh ceintiméadar ciúbaithe go ‘cc’. Seans go gcloisfeá ‘cc’ á úsáid i gcúrsaí leighis.

Toirt chiúb nó toirt bhloic dronuilleogach a ríomh

Is féidir toirt an chiúib seo a ríomh ach é a bhriseadh ina chiúbanna dar slios 1 cm. Seans AN DOMHAN DOMAHANFISICEACH FISICEACH

271


28

TOMHAS: FAD, ACHAR, TOIRT, AM, MAIS AGUS TEOCHT

gur féidir leat a dhéanamh amach go bhfuil 8 gciúb bheaga sa chiúb seo. 2cm

2cm

3cm

2cm

2cm 2cm 2cm

2cm

of

2cm

Léaráid 28.14 Is féidir toirt chiúib a ríomh.

Léaráid 28.15 Is féidir an toirt atá ag cruth dronuilleogach a ríomh.

Is mar seo a ríomhtar é:

toirt = fad × leithead × airde = 2 cm × 2 cm × 2 cm = 8 cm3

Is féidir an toirt atá ag an mbloc dronuilleogach i Léaráid 28.15 a ríomh ach é a bhriseadh ina chiúbanna dar slios 1 cm. B’fhéidir go bhfeiceann tú go bhfuil 12 chiúb atá sa bhloc sin.

Is mar seo a ríomhtar é:

Pro

toirt = fad × leithead × airde = 3 cm × 2 cm × 2 cm = 12 cm3

Sa rang matamaitice foghlaimeoidh tú conas achar cruthanna eile a ríomh ag baint úsáide as foirmlí matamaitice. Níl aon ghá na foirmlí sin a fhoghlaim. Tá siad ar fáil sa leabhrán Foirmlí agus Táblaí a bheidh ar fáil duit i rith scrúdaithe matamaitice agus eolaíochta.

Toirt choirp neamhrialta a thomhas. I s féidir an toirt atá ag cruth neamhrialta níos mó a thomhas ach toirt an leachta a shileann ón gcanna forsceitheadh isteach sa sorcóír grádaithe a thomhas. Úsáidfidh tú modhanna níos cruinne sa cheimic chun toirt leachtanna a thomhas le huirlisí eile, mar shampla an pípéad agus buiréad (Caibidil 22).

Canna forsceitheadh

Sorcóir grádaithe

Doirteal

Léaráid 28.16 Is féidir canna forsceitheadh a úsáid chun an toirt atá ag corp neamhrialta a thomhas.

272

EOLAÍOCHT RIACHTANACH


TOMHAS: FAD, ACHAR, TOIRT, AM, MAIS AGUS TEOCHT

28

Gníomhaíocht an dalta 28.3 An toirt atá ag corp neamhrialta a thomhas. Réamhrá

of

Sa turgnaimh seo, gheobhaidh tú an toirt atá ag cloch mhór ag baint úsáide as canna forsceitheadh agus sorcóir grádaithe.

Príomh chéimeanna an mhodha oibre •

Líon canna forsceitheadh le huisce agus lig dó sileadh óna ghob go dtí go stopann sé.

Cuir sorcóir grádaithe faoi ghob an channa forsceitheadh.

Cuir an chloch isteach sa channa forsceitheadh go réidh, ag baint úsáide as sreang.

Léigh toirt an leachta a sileann isteach sa sorcóir grádaithe ó bhun an mheiniscis ag leibhéal na súile.

Sonrú •

De réir mar a íslítear an chloch isteach san uisce, sileann an t-uisce amach as an ngob isteach sa channa forsceitheadh.

Míniú

á toirt na cloiche ag cur le toirt an uisce. Ardaíonn sé seo leibhéal an uisce agus T sileann sé isteach sa sorcóir grádaithe.

Pro

• •

Tá toirt na cloiche cothrom le toirt an uisce sa sorcóir grádaithe.

Conclúid •

I s féidir canna forsceitheadh agus sorcóir grádaithe a úsáid chun an toirt atá ag cloch mhór neamhrialta a thomhas.

Nóta: Is féidir an toirt atá ag cloch bheag a thomhas ach í a chur go réidh isteach i sorcóir grádaithe nach bhfuil ach leath lán le huisce. Tá méadú na toirte sa sorcóir grádaithe cothrom le toirt na cloiche.

Toirt ruda a shnámhann ar uisce a thomhas • • • • •

Biorán

Líon sorcóir grádaithe leath lán d’uisce.

Léigh toirt an uisce (bun an mheiniscis ag leibhéal na súile).

Leibhéal 2 Leibhéal 1

Cur corc sa sorcóir.

Brúigh an corc síos faoi leibhéal an uisce le biorán.

Corc

Tá toirt an choirc cothrom le méadú na toirte sa sorcóir.

Féinmheasúnú: Bain triail as ceisteanna 28.5–28.7 agus W28.3–W28.5.

AN DOMHAN FISICEACH

Léaráid 28.17 Conas toirt ruda a shnámhann ar uisce a thomhas

273


28

TOMHAS: FAD, ACHAR, TOMHAS: TOIRT, FAD,AM, ACHAR, MAISTOIRT, AGUSAM, TEOCHT MAIS AGUS TEOCHT

28.9 Am a thomhas Ní aon iontas é go n-úsáidtear amadóir chun am a thomhas. Seans go bhfuil amadóir anchruinn agat ar d’fhón. Is é an soicind an t-aonad ama.

of

Ach is féidir l’amadóir a bheith míchruinn má thomhaiseann tú tréimhse ama níos lú ná 5 shoicind. Mar shampla, ag fiosrú duit cé mhéad ama a thógann sé ort análú isteach agus amach tar éis duit gníomhaíocht bheag a dhéanamh, bheadh míchruinneas ag baint le cathain go díreach a thosófá agus cathain a chríochnófá an tomhas.

Chun an earráid a laghdú, tá sé níos cruinne an tréimhse ama a thógann sé ort análú isteach agus amach 20 uair a thomhas. Baintear úsáid as an modh oibre seo san fhisic chun cainníochtaí beaga a thomhas níos cruinne.

Déan an mhata!

Iarrtar ar dhalta an méid ama a thógann sé ar luascadán luascadh sall agus anall a thomhas. Ar mhaithe le cruinneas, tomhaiseann an dalta tréimhse ama 20 luascadh. Tógann sé seo 30 soicind. Cén t-am meánach atá ag aon luascadh amháin?

Freagra:

30 = 1.5 soicind 20

28.10 Mais a thomhas

Pro

Tomhaistear mais le meá leictreonach. Is é an cileagram (kg) an t-aonad maise. Ach baintear úsáid as an ngram (g) níos minice sa tsaotharlann.

1. Cuir an mheá ar siúl 2. Cinntigh go léann an mheá a náid.

Tá 1000 gram in aon chileagram.

Léaráid 28.18 Mais a thomhas

3. Cuir an t-ábhar ar an bpanna.

4. Breac síos an mhais.

Léaráid 28.19 Tá mais 12.0 g mais ag 10 mbonn. Cén mhais atá ag aon bhonn amháin?

Ní hionann mais agus meáchan. Is botún coitianta é seo. Tomhaistear an meáchan ina niútain (N). Nuair a sheasann tú ar scálaí tomhais, ní do mheáchan ach do mhais atá a thomhas agat. Tá sé mícheart freisin, nuair a deirtear ‘meáigh 20 g plúir’! Pléifear an difríocht idir mhais agus meáchan i gCaibidil 31 Fórsaí. Nuair a bhíonn meá leictreonach a úsáid agat, brúigh náid (nó ‘Tare’) sula gcuireann tú an t-ábhar ar an bpanna.

28.11 Teocht a thomhas

Tomhas ar cé chomh te is atá corp is ea teocht. Úsáidtear teirmiméadar chun teocht ruda a thomhas. Úsáidtear cineálacha difriúla teirmiméadar i gcomhair tascanna difriúla. Tá roinnt de na tascanna sin le feiceáil sna léaráidí. Is í an chéim Celsius an t-aonad teochta. Aimsigh ar an idirlíon, nó ar shlí eile, cérbh é Anders Celsius, cén fáth gur tugadh ceinteagrád ar a scála teochta ar dtús agus cad í an difríocht idir an scála a chum sé agus an scála mar atá againn inniu.

274

EOLAÍOCHT EOLAÍOCHT RIACHTANACH


TOMHAS: FAD, ACHAR, TOIRT, AM, MAIS AGUS TEOCHT (a)

(c)

(d)

of

(b)

28

Léaráid 28.20 (a) Teirmiméadar digiteach, (b) teirmiméadar datha (teirmeachrómach), (c) teirmiméadar saotharlainne agus (e) teirmiméadar neamh-theagmháil (gan tadhall)

28.12 Aonaid

Aontaíonn eolaithe i ngach tír, beagnach, gur gá na haonaid tomhais chéanna a úsáid. Sa tábla thíos tá cuid de na haonaid bhunúsacha. Cainníocht fhisiciúil

Ainm an aonaid

Giorrúcháin

Mais

cileagram

kg

méadar

m

soicind

s

aimpéar

A

Fad Am

Pro

Sruth leictreach

Tábla 28.2 Roinnt aonaid atá ar an gcúrsa. Tá liosta díobh ar leathanach 44 den leabhrán Foirmlí agus Táblaí atá ar fáil duit i rith scrúduithe.

Anois agus arís caithfear méid níos mó nó níos lú de na haonaid sin a úsáid. Tá giorrúcháin ag eolaithe chun iad san a scríobh. Tá breis samplaí díobh seo ar fáil ar leathanach 45 den leabhrán Foirmlí agus Táblaí. Réimír

Míniú

Siombail

Sampla

cili-

Aon mhíle

k

ciliméadar (km)

ceinti-

Aon chéadú

c

ceintiméadar (cm)

milli-

Aon mhíliú

m

milliméadar (mm)

Tábla 28.3

Réimíreanna agus a mínithe

Féinmheasúnú: Bain triail as ceisteanna 28.8-28.10 agus W28.6–W28.10.

AN DOMHAN FISICEACH

275


28

TOMHAS: FAD, ACHAR, TOIRT, AM, MAIS AGUS TEOCHT

Achoimre: Ba cheart go mbeadh an méid seo foghlamtha agat I s féidir rialóir, méadarshlat, logálaí sonraí nó téip thomhais a úsáid chun fad a thomhas.

Úsáidtear cailpéir digiteach, opasaiméadar nó roth tomhais chun fad a thomhas.

Tugtar achar ruda ar an dromchla laistigh dá himlíne. Is féidir achar a ríomh nó a mheas le grafpháipéar.

Tugtar toirt ar an spás a ghlacann corp. Is féidir toirt leachta a thomhas le sorcóir grádaithe. Is féidir toirt chiúib agus an toirt atá ag bloc dronuilleogach a ríomh. Is féidir toirt choirp neamhrialta a thomhas ach é a chur faoi uisce agus an méadú sa toirt a thomhas.

Tugtar mais ar an méid ábhair atá i rud. Is é an cileagram an t-aonad maise agus úsáidtear meá leictreonach chun mais a thomhas.

Tomhas ar cé chomh te is atá corp is ea teocht. Is í an chéim Celsius an t-aonad teochta agus úsáidtear teirmiméadar chun é a thomhas.

of

Torthaí foghlama

Pro

Ag deireadh na caibidle seo, ba chóir go mbeifeá in ann: fad rudaí éagsúla a thomhas go cruinn.

achar cearnóige agus dronuilleoige a ríomh agus achar chrutha neamhrialta a mheas.

toirt leachta a thomhas.

teocht substainte a thomhas.

toirt chiúib nó toirt bhloic dronuilleogach a ríomh.

u irlis chuí a roghnú, a ainmniú agus a úsáid chun fad, achar, toirt, am, teocht agus mais a thomhas. aonaid chuí a roghnú dóibh seo: fad, achar, toirt, am, teocht agus mais.

Ceisteanna

28.1

Cén uirlis is fearr chun tomhas a dhéanamh ar:

276

(a) Trastomhas inmheánach phíopa

(d) Trastomhas liathróide

(b) Fad ascaille nó fad chosáin a thomhas

(e) Leithead leabhair

(c) Airde dhalta

(f) Fad agus leithead seomra

EOLAÍOCHT RIACHTANACH


TOMHAS: FAD, ACHAR, TOIRT, AM, MAIS AGUS TEOCHT

28

28.2 Déan cur síos ar conas tiús leathanaigh amháin a thomhas. Leid: Faigh tiús roinnt mhaith leathnach ar dtús.

28.3

Tomhaiseann sé 6 cm go díreach!

28.4

of

Sa léaráid taispeántar droch iarracht ar fhad pinn luaidhe a thomhas le rialóir. Tabhair dhá earráid ar an tomhas sa léaráid.

Aistrigh na toisí seo chuig haonaid a thugtar: (a) 1 m

(cm)

(d) 120 mm (cm)

(b) 1 m

(mm)

(e) 1 m

(cm)

(c) 0.65 m

(cm)

(d) 12 cm

(m)

28.5

Léaráid 28.21 Ní hí seo an tslí is fearr chun fad pinn luaidhe a thomhas!

Ríomh toirt chiúib dar slios 10 cm.

28.6

Cad í toirt na cloiche sa léaráid?

50 cm3

40 cm3

40 cm3

Pro

Ainmnigh an uirlis sa léaráid.

50 cm3

28.7

Aimsigh toirt bhosca dronuilleogach dár toisí 20 cm faoi 10 cm faoi 15 cm.

28.8

Cén t-aonad is fearr, an dóigh leat, chun iad seo a thomhas:

30 cm3

30 cm3

20 cm3

20 cm3

10 cm3

10 cm3

0 cm3

0 cm3

Léaráid 28.22

(a) Fad boird

(b) Leithead an tseomra ranga

(c) An fad idir an Domhan agus an Ghealach

28.9

Tugtar bosca céad biorán duit. Déanann tú iarracht mais aon bhiorán amháin a thomhas ar mheá leictreonach, ach níl an mheá cruinn go leor. Déan cur síos ar cad a dhéanfá chun mais aon bhioráin amháin a thomhas.

28.10

Athraigh na toisí seo go dtí na haonaid a thugtar. (a) 1 kg

(g)

(d) 1 000 000 m

(km)

(b) 1 km

(m)

(e) 10 nóiméad

(s)

(c) 100 g

(kg)

AN DOMHAN FISICEACH

277


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.