Gael Cholaiste Chill Dara School Prospectus-Irish

Page 1

Gael-Choláiste Chill Dara

Réamheolaire

2 0 2 2


Fáilte an Phríomhoide Is meánscoil chaitliceach lán-Ghaeilge, saor ó tháillí é Gael-Choláiste Dara, atá mar chuid lárnach de phobal na Gaeilge i gCill Dara. Trí churaclam cuimsitheach a chur ar fáil, soláthraímid oideachas den scoth ina spreagtar daltaí a gcuid buanna aonair a aithint agus a fhorbairt agus barr a gcumas a bhaint amach. Cuirtear cultúr fáilteach agus comhbhách chun cinn i nGaelColáiste Chill Dara. Tá a fhios againn gurb iad na daltaí féin an acmhainn is mó atá againn agus tá gach páiste ina bhall luachmhar de phobal na scoile. Is daoine fíor-thiomanta iad ár múinteoirí agus déanann siad a ndícheall cumais nádúrtha agus féinchreideamh na ndaltaí a fhorbairt ionas go bhfuil an teacht aniar acu chun cásanna éagsúla a láimhseáil agus chun aghaidh a thabhairt le muinín ar a bhfuil rompu. Tá cáil den scoth bainte amach ag ár scoil sa ghnóthachtáil acadúil agus inár ngníomhaíochtaí seach-churaclaim freisin. Creidimid go n-eascraíonn cuid mhaith dár rath as an spiorad iontach comhoibrithe atá ann idir múinteoirí agus baill foirne, tuismitheoirí, caomhnóirí agus na daltaí féin. Tá sé mar aidhm againn feasacht agus meas ar an timpeallacht a chothú agus a chur chun cinn i measc na ndaltaí agus meas a chothú dá gcultúr agus dá n-oidhreacht féin. Is mian linn go mbeadh meas ag daltaí ar chultúir eile agus ar éagsúlacht daoine ar fud an domhain. Tá an-áthas orm fáilte a chur romhaibh féachaint ar an réamheolaire seo agus ar an bhfíseán a ghabhann leis ionas go bhfeicfidh sibh daoibh féin gach a bhfuil le tairiscint ag Gael-Choláiste Dara.

Conor Ó Mathúna Príomhoide Gníomhach



Gaeloideachas Is scoil Lán-Ghaeilge í Gael-Choláiste Chill Dara. Déantar gach obair scoile agus na scrúdaithe trí mheán na Gaeilge, seachas an Bhéarla. Uaireannta, ceaptar go mbeidh sé seo deacair. Ach, feictear ó na daltaí atá tar éis dul tríd an chóras seo gur féidir é a dhéanamh, cibé cumas acadúlachta atá acu. Baineann na daltaí tairbhe as marcanna breise sna scrúduithe stáit trí fhreagairt as Gaeilge, rud a chiallaíonn grád níos airde go minic. Bíonn an Ghaeilge ag na daltaí go nádúrtha anseo agus baintear an-leas aisti. De réir taighde ar oideachas dátheangach, léirigh staidéir go ndéanann na daltaí a théann tríd an gcóras seo níos fearr go hacadúil, go mbíonn sé níos éasca orthu an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim agus go ngnóthaíonn siad marcanna níos airde sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic. Chomh maith le leas acadúil a bhaint as a gcuid oideachais dara leibhéal a dhéanamh trí Ghaeilge, tá an-bhród ag ár gcuid daltaí as a gcumas an teanga a labhairt, a léamh agus a scríobh go líofa. Baineann siad an-taitneamh freisin as imeachtaí a eagrú agus páirt a ghlacadh iontu, a chuireann an Ghaeilge chun cinn, cosúil le Ghaeilge 24, Gaelfactor agus Seachtain na Gaeilge,



An tSraith Shóisearach Déanfaidh gach dalta staidéar ar Ghaeilge, Béarla, Matamaitic, Stair, Tíreolaíocht, Eolaíocht, OSSP, OSPS, Oideachas Reiligiúnach, Corpoideachas agus Folláine. Is gá don dalta Teanga Eorpach amháin a roghnú le staidéar a dhéanamh uirthi, Fraincis nó Spáinnis. Roghnóidh siad dhá ábhar roghnacha eile freisin. Déantar suirbhé ar dhaltaí ar a rogha ábhar agus déantar gach iarracht a chinntiú go sásaítear a gcuid tosaíochtaí.

Ábhair Éigeantacha Gaeilge Béarla Mata Stair Tíreolaíocht Eolaíocht Fraincis nó Spáinnis OSSP (gan scrúdú) OSPS (gan scrúdú) Oideachas Reiligiúnach (gan scrúdú) Corpoideachas (gan scrúdú) Folláine (gan scrúdú)

Ábhair Roghnacha Staidéar Gnó Ceol Ealaín Eacnamaíocht Bhaile Teicneolaíocht Adhmaid

Tá ocht scil lárnacha mar bhonn agus taca leis an tSraith Shóisearach

‘Tús maith leath na hoibre’


An tSraith Shinsearach Leanfaidh daltaí sinsearacha clár dhá bhliain ag críochnú le Scrúdú na hArdteistiméireachta. Déanfaidh gach dalta staidéar ar Ghaeilge, Béarla, Matamaitic agus Fraincis nó Spáinnis. Ansin roghnóidh siad trí ábhar roghnacha eile.

Ábhair Éigeantacha Gaeilge Béarla Mata Fraincis nó Spáinnis Gairmthreoir (gan scrúdú) OSPS (gan scrúdú) Oideachas Reiligiúnach (gan scrúdú) Corpoideachas (gan scrúdú)

Ábhair Roghnacha Gnó Ceol Ealaín Eacnamaíocht Bhaile Adhmadóireacht Cuntasaíocht Bitheolas Fisic Ceimic Stair Tíreolaíocht

‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’


An Idirbhliain Ceann de na blianta is taitneamhaí i saol oideachais an dalta is ea an Idirbhliain. Tugaimid fúithi le flosc agus le fonn i nGael-Choláiste Chill Dara. Ó choinneáil cearc go cleachtadh tiomána, agus ó gharchabhair ar scoil go foghlaim na staire i mBéal Feirste, foghlaimíonn daltaí na hidirbhliana faoi gach uile rud trí gach uile mhodh. Foghlaimíonn siad, ní amháin ón fhoireann múinteoirí, ach ó aíonna, ó thurais, óna chéile agus uathu féin is iad ag triail rudaí nua. Chomh maith leis na croí-ábhair, faigheann na daltaí blaiseadh deas de na hábhair ar fad a bheidh mar roghanna acu don Ardteist. Bíonn rogha ansin acu idir na modúil seo a leanas: an Adhmadóireacht, Ceannairí Cumann Lúthchleas Gael, an Drámaíocht, Junk Kouture, Fiontraithe Sóisialta Óga agus Mionchomhlacht. Tugaimid faoin tSínis san Idirbhliain in GCCD, chomh maith le cócaireacht, ríomhaireacht agus gairmthreoir. Ceann de na modhanna forbartha is mó dár ndalta, áfach, ná an Taithí Oibre a dhéanann siad i dtrí shuíomh dhifriúla i rith na bliana, rud a thugann tuiscint mhaith dóibh ar ionchais fostóirí chomh maith leis an gcaoi a n-oibríonn an saol oibre. Thar aon ní, bíonn deis ag daltaí na hIdirbhliana forbairt ar bhealach neamhacadúil, agus an scoil á gcumhachtú chun tionscnaimh lárnacha i bhféilire na scoile a rith, ar nós an Gaelfactor, Gaeilge 24, ár bhfoirne spóirt agus coiste na Ghaelbhrataí. Bíonn siad gníomhach sa scoil agus sa phobal, agus cuidíonn na daltaí Idirbhliana le GCCD nasc láidir a chothú leis na ranganna sinsearacha sna Gaelscoileanna áitiúla d’fhonn an t-athrú ón mbunscoil go dtí an mheánscoil a éascú. Ar fhágáil na scoile don dalta, tagann cuid mhaith de na cuimhní is mothúchánaí agus is greannmhaire ón Idirbhliain agus leanfaimid á forbairt mar phobal agus mar scoil bliain ar bhliain.

Na Croí-ábhair Gaeilge Mata Fraincis nó Spáinnis Ríomhairí Gairmthreoir Corpoideachas Forbairt

Módúil Ceimic Bitheolas Fisic Staidéar Oidhreachta Cócaireacht Fuaim agus Taifeadadh Staidéar Timpeallachta Teicneolaíocht Cuntasaíocht Gnó Ealaín Sínis

Ábhair Roghnacha Adhmadóireacht Drámaíocht Fiontraithe Sóisialta Óga Ceannairí Chumann Lúthchleas Gael Junk Kouture Mionchomhlacht





Gníomhaíochtaí Seach-Churaclaim Tá gníomhaíochtaí seach-churaclaim mar chuid lárnach d’fhealsúnacht na scoile. Spreagtar daltaí páirt a ghlacadh sna clubanna, cór na scoile, drámaíocht, spórt agus rudaí breise a bhíonn ar bun sa scoil.

Cór na Scoile

Buaileann cór na scoile le chéile go rialta agus chan siad ag seónna scoile, ag margaidh Nollag agus ag ócáidí tiomsaithe airgid.

Drámaíocht

Tá traidisiún láidir drámaíochta againn anseo i nGael-Choláiste Chill Dara. Bíonn deis ag na daltaí páirt a ghlacadh i gcomórtais éagsúla ar nós Scléip, agus bíonn an-spraoi acu ag ullmhú dá leithid. Le blianta beaga anuas bhí an t-ádh orainn roinnt gradaim a bhuachan dár ndrámaí.

Clubanna

Tá go leor clubanna ar fáil sa scoil agus tugann sé seo deis do dhaltaí cairdeas a dhéanamh le daoine eile agus le scileanna breise a fhorbairt. I measc na gclubanna tá club fichille, an club obair bhaile, ciorcal comhrá, club léitheoireachta agus an club trad.


Spóirt

Tá an-bhéim leagtha ar an spórt i nGael-Choláiste Chill Dara agus tá bród an domhain orainn go bhfuil réimse leathan de spórt curtha ar fáil le freastal ar shuimeanna éagsúla na ndaltaí. Cruthaíonn an spórt eispéireas scoile níos saibhre do na daltaí agus cothaíonn sé spiorad láidir laistigh den scoil. Foghlaimíonn na scoláirí scileanna tábhachtacha saoil ar nós obair foirne, meas, freagracht, scileanna sóisialta agus cuidíonn sé go mór le folláine an dalta. Tá an spórt ag dul ó neart go neart gach bliain agus táimid muiníneach go ndéanfaimid níos mó dul chun cinn de réir mar a fhásann an scoil a bhuí le himreoirí, le bainisteoirí agus le pobal na scoile. Is iad na spóirt atá ar fáil sa scoil faoi láthair: • • • • •

Peil Ghaelach Iománaíocht agus Camógaíocht Sacar Cispheil Lúthchleasaíocht





Ceannaireacht Daltaí Cinnirí

Is grúpa daltaí ón gcúigiú agus ón séú bliain iad na cinnirí agus is eiseamláirí agus ceannairí iad don scoil uilig. Déanann na cinnirí meantóireacht ar an gcéad bhliain agus cabhraíonn siad leo socrú isteach sa scoil. Buaileann siad lena rang go rialta agus mar gheall air seo, cruthaíonn siad caidreamh cairdiúil agus tacúil leo. Freastalaíonn siad ar ócáidí tábhachtacha scoile mar shampla oíche ionduchtaithe na chéad bhliana agus an oíche oscailte. Bíonn siad ar fáil chun tacú le himeachtaí scoile mar shampla Ócáid dheireadh na bliana, Bronnadh na nDuaiseanna.

Comhairle na nDaltaí

Tugann Comhairle na nDaltaí guth do na daltaí maidir le ceisteanna scoile a bhaineann leo siúd. Oibríonn Comhairle na nDaltaí i gcomhpháirt leis an mBord Bainistíochta, le foireann agus tuismitheoirí na scoile ar son leas phobal na scoile.Tá ionadaí ó gach rang ar an gComhairle agus buaileann siad go rialta chun plé a dhéanamh ar ardcheisteanna scoile a bhaineann le gach bliainghrúpa sa scoil. Cuireann an Chomhairle na ceisteanna seo faoi bhráid bhainistíocht na scoile agus déantar tuilleadh plé orthu. Chomh maith leis sin, tugann an Chomhairle faoi dhá imeacht charthanachta a eagrú i rith na scoilbhliana. Tugann an Chomhairle deis iontach do na baill a scileanna ceannaireachta a fheabhsú agus a fhorbairt.

Bronnadh na nDuaiseanna

Déantar ceiliúradh ar éachtaí agus iarrachtaí na ndaltaí ag ócáid deireadh bliana, Bronnadh na nDuaiseanna. Tugtar aitheantas d’éachtaí spóirt agus cultúrtha mar shampla ceol, ealaín agus drámaíocht, taobh istigh agus taobh amuigh den scoil. Tugtar aitheantas speisialta do dhaltaí a léiríonn scileanna ceannaireachta ar scoil trí ghradaim scoile a bhronnadh mar shampla Gradam na hIdirbhliana, Dalta Sóisearach na Bliana, Gradam Gaeilge na Scoile agus Corn Uí Cheanainn.


Beyond Ár Rath & the Iar-Dhaltaí Curriculum

500

400 Le 4 bliana anuas ghnóthaigh 65% dár ndaltaí breis is 400 pointe

Le 4 bliana anuas ghnóthaigh 25% dár ndaltaí breis is 500 pointe

Táim ag tabhairt faoi chéim sa Dlí agus san Eolaíocht Pholaitiúil i gColáiste na Tríonóide faoi láthair, agus caithfidh mé a rá nach mbeinn anseo murach an t-am a chaith mé in GCCD . Ar dtús, níor thuig mé cé chomh speisialta agus a bhí an scoil ach níor thóg sé i bhfad orm é seo a fheiceáil. Is é an t-atmaisféar an rud is mó a sheasann amach domsa. Ní gnáthscoil í ar chor ar bith. Bhí caidreamh iontach idir na múinteoirí agus na daltaí, caidreamh slán agus tacúil. Bhí a fhios againn go bhféadfaimis labhairt leis na múinteoirí faoi rud ar bith a bhí ag cur isteach orainn. Chabhraigh an scoil seo liom barr mo chumais a bhaint amach toisc go raibh cultúr cóimheasa bunaithe ag na múinteoirí. Bhrúigh na múinteoirí go léir mé sa treo ceart. Ina theannta sin, bhí an chomrádaíocht idir daltaí dochreidte agus, dar liom, ní fhéadfaí a mhacasamhlú in áiteanna eile. Táim anbhuíoch as mo chuid ama in GCCD agus fanfaidh na cuimhní liom go deo. Conor Laarhoven Rang 2021, Mac Léinn Dlí agus Eolaíocht Pholaitiúil


Bhí eispéireas an-taitneamhach agam i nGael-Choláiste Chill Dara. Tugadh gach deis dom mo chruthaitheacht a fhiosrú agus creidim gur chuidigh na deiseanna sin liom san áit a bhfuil mé inniu mar ghruagaire agus úinéir ar mo ghnó féin.Bhí an deis againn blaiseadh a fháil den saol oibre le linn na Idirbhliana, rud a bhí thar a bheith luachmhar dom. Bhí mo mhúinteoirí cabhrach, bhí na caidrimh eadarainn ar fad ar fheabhas agus bhraith mé go raibh siad ar mhaitheas gach uile dalta i gcónaí. Tá disléicse agam agus fuair mé a lán tacaíochta i gcónaí agus táim an-bhuíoch as an eispéireas dearfach a bhí agam ar scoil. Aislinn Caomhánach Rang 2016, Gruagaire agus Úinéir Gnó

Bhain mé an-taitneamh as m’am i nGael-Choláiste Chill Dara. Tháinig mé ó bhunscoil Bhéarla agus tuigim anois go raibh an t-ádh orm an Ghaeilge a fhoghlaim ar bhealach éasca, orgánach agus nádúrtha in GCCD. Thaithin an tsaoirseacht acadúil agus réasúntacht sa scoil go mór liom agus ceapaim gurbh ullmhúchán den scoth é don oideachas tríú leibhéal. I dteannta leis sin bhí deiseanna iontacha agam a bheith páirteach i spórt, ceol, turais agus go leor gníomhaíochtaí eile agus mé sa scoil. Eoin Ó Briain Rang 2017, Mac Léinn Leighis

Beidh cuimhne ar na blianta a chaith mé i nGael-Choláiste Chill Dara liom go deo gan dabht. Tá fíor-bhród orm go raibh an deis annamh agam oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge. Bhí mé spreagtha chuile lá ar scoil ár dteanga dúchais a labhairt agus a chur chun cinn. Tá GCCD éagsúil ó scoileanna eile, tá na múinteoirí agus na daltaí ar chomhchéim lena chéile, rud a chruthaigh atmaisféar cairdiúil agus réchúiseach i bpasáistí na scoile. Faoi dheiridh, thar aon ní eile, tá cairde don saol agam anois sna daoine a bhuail leo i nGael-Choláiste Chill Dara. Ní theastódh uaim freastal ar aon scoil eile. Gráinne Ní Mhaolfhabháil Rang 2021– Mac Léinn Innealtóireachta



Bhain mé an-taitneamh as an tréimhse a chaith mé i nGaelCholáiste Chill Dara. Tá sé chomh luachmhar a bheith in ann Gaeilge a labhairt go líofa agus is cúis bhróid dom é. Mar gheall gur fhoghlaim muid trí Ghaeilge gach lá, bhí an Ghaeilge mar ábhar éasca go leor dúinn ar fad. Chomh maith leis sin, faigheann tú marcanna breise má dhéanann tú na scrúduithe stáit trí Ghaeilge, rud a chabhraíonn go mór. Tá múinteoirí den scoth sa scoil a dhéanann a ndícheall chun cabhrú leis na daltaí. De bharr go raibh an scoil beag, bhí caidreamh iontach ag na daltaí leis na múinteoirí. Freisin, tugadh a lán deiseanna dúinn dul ar thurais éagsúla leis an scoil. Chuaigh muid chuig Bucharest san idirbhliain chun obair dheonach a dhéanamh, rud a raibh an-fhiúntas ag baint leis. Ar an iomlán, bhí m’am sa scoil an-luachmhar dom agus tá mé anbhuíoch gur fhreastal mé ar Ghael-Choláiste Chill Dara. Kate de Prionnbhóil Rang 2020 – Mac Léinn Leighis Nuair a bhí mé i mo dhalta in GCCD bhí atmaisféar an-chairdiúil agus tacúil ann i gcónaí. Bhí sé an-éasca labhairt leis na múinteoirí agus labhairt leo faoi aon fhadhb. Nuair a dúirt mé gur theastaigh uaim a bheith i m’oifigeach in Óglaigh na hÉireann léirigh na múinteoirí a lán suime agus chabhraigh said liom tús a chur leis an bpróiseas sin. Seán Ó Ciorra Rang 2018, Óglaigh na hÉireann Bhí na laethanta a chaith mé i nGael-Choláiste Cill Dara ar na laethanta ba thairbhiúla, spraoíúla agus ba thaitneamhaí de mo shaol go dtí seo. Chuir atmaisféar sona na scoile agus an fhoireann chomhoibríoch go mór le m’eispéireas scoile. Mhothaigh mé slán sábháilte agus sona sásta i dtimpeallacht na scoile de bharr an chaidrimh chothrom agus chairdiúil a bhí idir daltaí, múinteoirí agus an pobal scoile ar fad. D’fhorbair mé grá agus meas don Ghaeilge ní amháin mar ábhar foghlama ach mar theanga beo bríomhar taobh amuigh den suíomh scoile freisin. Is mar thoradh ar dhearcadh fadbhreathnaíoch, Gaelach agus fáilteach G.C.C.D go bhfuil mé ag tabhairt faoi mháistreacht san oideachas. D’fhág an seal gur chaith mé i nGael Choláiste Chill Dara lorg láidir orm agus tá mé fíorbhuíoch di. Ella Archbold Rang 2017, Ábhar Oide


eolas@gccd.ie 045 898294 www.gccd.ie @GCCD_Nas


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.