5 minute read

Aonad 5

Next Article
Aonad 3

Aonad 3

Rianta 5.03–04

Ceist 1 Aonad 5: Poist agus Cúrsaí Oibre

Cluastuiscint: Cloisfidh tú beirt déagóirí ag caint faoina bpostanna páirtaimseartha

anseo. Éist leis an mbeirt déagóirí agus freagair na ceisteanna. Cloisfidh tú gach píosa cainte faoi dhó. Beidh sos ann leis na freagraí a scríobh tar éis na chéad éisteachta agus tar éis an dara héisteacht. Líon na sonraí más gá.

An chéad chainteoir 1 Cén lá sa tseachtain a oibríonn Mike? 2 An ndéanann sé obair sa chistin? Déanann. Ní dhéanann. 3 Cé mhéad euro a fhaigheann sé gach seachtain? €8 €18 €80 4 Ainmnigh rud amháin a dhéanann Mike tar éis na hoibre. An dara cainteoir 1 Cén lá sa tseachtain a oibríonn Simone? 2 Cá bhfuil sí ag obair? 3 Ainmnigh rud amháin a ólann Simone agus cairde léi sa bhialann. 4 Conas atá an aimsir nuair a shiúlann Simone abhaile? ©The Educational Company of Ireland

Rianta 5.05–06

Ceist 2

Cluastuiscint: Éist leis na fógraí seo a bhíonn le cloisteáil ar an raidió áitiúil agus líon

na bearnaí. Cloisfidh tú na fógraí faoi dhó. Beidh sos ann leis na bearnaí a líonadh tar éis na chéad éisteachta agus tar éis an dara héisteacht.

Fógra 1 Múinteoir Gaeilge á Lorg Táimid sa chlub peile ag iarraidh (1) _______________ Gaeilge a thosú más féidir linn. Tá seachtar nó ochtar ball ag iarraidh freastal ar na ranganna. Ach leis seo a dhéanamh beidh orainn (2)_______________ a fháil. Má tá suim agat sa Ghaeilge, ba bhreá linn cloisteáil uait. Beidh cruinniú sa chlub ar an gCéadaoin chun an tuairim seo a phlé. Beidh an cruinniú ag tosú ag a (3)_______________ a chlog. Más féidir linn, déanaimid na ranganna seo ar líne mar beidh sin níos éasca ar dhaoine le linn an gheimhridh. Agus seo an scéal. Má tá Gaeilge réasúnta maith agat agus má tá scileanna (4)_______________ agat, seo seans duit tacaíocht a thabhairt don chlub. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón gCoiste Gaeilge. Is féidir (5)_______________ a chur ar Catharine aon tráthnóna idir a seacht agus a naoi a chlog. Gabhaim buíochas roimh ré as aon tacaíocht leis an togra seo. Fógra 2 Folúntas Poist Tá an Cumann Gaelach sa scoil ag lorg rúnaí nua. Mar is eol daoibh, bíonn cruinniú againn gach Máirt ag am lóin sa (1)_______________ ar an dara hurlár sa scoil. Déanann an cumann gach iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn ar scoil agus tá go leor tuairimí againn leis seo a dhéanamh. Beidh ar an rúnaí nótaí a scríobh ag gach cruinniú agus beidh air/uirthi na nótaí seo a chur ar an leathanach Instagram atá againn. Mar aon leis seo, beidh cúpla (2)_______________ againn gach téarma ach beidh ar an rúnaí fógraí a dhéanamh faoi na comórtais seo agus iad a chrochadh suas sna seomraí timpeall na scoile. Má tá suim agat sa ról, is féidir (3)_______________ a sheoladh go dtí cnag@anscoilbheag.ie agus gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ról. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom (4)_______________ ó chroí a ghabháil le Máiréad as an obair a rinne sí le linn na bliana mar rúnaí an choiste. Tá ardmholadh tuillte aici.©The Educational Company of Ireland

Rianta 5.07–08

Ceist 3

Cluastuiscint: Cloisfidh tú beirt ag caint sa chomhrá seo. Cloisfidh tú an comhrá

faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú ina dhá mhír é. Beidh sos ann leis na ceisteanna a fhreagairt tar éis gach míre. Cuir ciorcal timpeall an fhreagra chirt nó cuir tic leis an bhfreagra ceart más gá.

Mír 1

1 Cé mhéad duine nua atá ag teastáil? 2 Cá mbeidh na daoine ag obair? Cuir tic sa bhosca ceart. Beidh duine amháin ag obair ag an gcuntar agus beirt eile ar an urlár. Beidh duine amháin ag obair ag an gcuntar agus beirt eile sa seomra stórais. 3 Cén fáth a mbeadh Clodagh oiriúnach don phost seo? 4 An fearr léi a bheith ag obair léi féin nó le foireann? Cuir tic sa bhosca ceart. Is maith léi a bheith ag obair léi féin agus sin amháin. Is maith léi an dá rud a dhéanamh. Mír 2 1 Ainmnigh na tréithe pearsanta atá ag Clodagh. 2 An mbeidh an bainisteoir ag labhairt léi arís? Cuir tic sa bhosca ceart. Beidh. Ní bheidh. 3 Cad é an ráta pá? Cuir tic sa bhosca ceart. €10 san uair €10 gach lá €8 san uair ©The Educational Company of Ireland

Rianta 5.09–12

Ceist 4

Cluastuiscint: Éist leis na daoine ag labhairt faoi na poist éagsúla atá acu agus líon

na greillí thíos. Cloisfidh tú gach píosa cainte faoi dhó. Beidh sos ann leis na greillí a líonadh tar éis na chéad éisteachta agus tar éis an dara héisteacht. Cuir tic leis an bhfreagra ceart más gá.

An chéad chainteoir

Ainm

Aois

Post

Modh taistil chuig an obair An dara cainteoir

Ainm C

Aois

Post

Modh taistil chuig an obair An tríú cainteoir

Ainm S -H

Aois

Post

Modh taistil chuig an obair

M ©The Educational Company of Ireland

Ainm Aois Post Modh taistil chuig an obair

V

C l u a s t u i s c i n t

Ceist 5

Cluastuiscint: Cloisfidh tú píosa nuachta anseo. Cloisfidh tú an píosa nuachta faoi

dhó. Beidh sos ann leis na freagraí a scríobh tar éis na chéad éisteachta agus tar éis an dara héisteacht. Cuir ciorcal timpeall an fhreagra chirt, líon na bearnaí nó cuir tic leis an bhfreagra ceart más gá.

1 Cé mhéad post nua atá ar fáil? Cuir tic sa bhosca ceart. 3 phost 13 phost 30 post 2 Cé mhéad freastalaí atá ag teastáil? 3 Conas is féidir le hiarrthóirí cur isteach ar an bpost? Cuir tic sa bhosca ceart. CV a sheoladh chuig an mbainisteoir ríomhphost a sheoladh chuig an mbainisteoir litir chumhdaigh a sheoladh chuig an mbainisteoir 4 Ainmnigh an post eile a luadh sa phíosa nuachta.

5 Líon na bearnaí in uimhir an fháiltithe: 0 __ 1-1 __

1 __ 12

This article is from: