
23 minute read
Aonad 7 An Ghaeilge agus Cultúir Eile (MRB 2
Aonad 7 7
An Ghaeilge agus Cultúir Eile (MRB 2)
Scríobh: Is minic a fheictear fógraí sna seomraí ranga ag léiriú cuid de na seanfhocail is
minic a úsáidtear. An aithníonn tú an ceann seo? Athscríobh i do chuid focal féin é.
Meaitseáil: Déan iarracht an seanfhocal a chur leis an bpictiúr cuí. Cuir an
litir cheart sa ghreille. Tá an chéad cheann déanta duit mar shampla. A B C D E
1 Aithníonn ciaróg ciaróg eile. 2 An rud a scríobhann an púca, léann sé féin é. 3 Cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa phota é. 4 Is binn béal ina thost. 5 Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.
1 C 2 3 4 5 Tasc ealaíne: Cuardaigh ‘Seanfhocail – Eir’ ar Iíne chun liosta seanfhocal a fháil. Roghnaigh trí sheanfhocal a thaitníonn leat. Scríobh síos iad. Ansin tarraing pictiúr a léiríonn brí na seanfhocal sin. Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Ní hé lá na báistí lá na bpáistí ©The Educational Company of Ireland
Léamh: Léigh an t-alt seo agus freagair na
ceisteanna a bhaineann leis.
Alt tógtha ó ‘Gearrscannán – ‘An Teanga Rúnda’, Tuairisc.ie.
Cuardaigh ‘An Teanga Rúnda’ ar vimeo.com chun féachaint ar an ngearrscannán seo.
A n G h a e i lge
a gu s C u l t ú i r E i l e ( M R B 2 ) Gearrscannán é seo faoin gcaidreamh1 idir buachaill óg agus a athair. Faraor tá Michael, an t-athair, gafa leis2 an ólachán agus is buachaill soineanta3 é James, an mac, agus creideann sé gach rud a deir a athair leis. Bíonn na scoláirí eile ar scoil ag piocadh air. Mar shampla, cuireann siad ina luí air go mbeadh sé in ann eitilt dá rithfeadh sé tapa go leor agus na lámha a ghreadadh4 ag an am céanna. Titeann sé agus cailleann sé cúpla fiacail mar thoradh5 air seo. Labhraíonn James agus a athair Gaeilge lena chéile, rud a dhéanann an gaol eatarthu a neartú. Tá sé ar nós go mbíonn an bheirt in ann cumarsáid a dhéanamh go rúnda. Cabhraíonn seo le cur i gcéill an athar agus bíonn sé go minic ag insint scéalta áiféiseacha. Tá an-samhlaíocht ag James agus na scéalta seo á chloisteáil aige tá sé ar nós go bhfuil sé ansin taobh lena athair agus na himeachtaí seo ag dul ar aghaidh. Tá teannas6 le n-aireachtáil7 idir an t-athair agus an mháthair mar gheall ar an ólachán. Is léir go bhfuil sí cineál dúnta amach óna bhfuil ag dul ar aghaidh i saol a céile freisin toisc an bac teanga atá ann mar gheall ar a easpa Gaeilge. Feictear go n-athraíonn seo áfach de bharr eachtra a tharlaíonn don teaghlach. © Tuairisc.ie 1 Cé mhéad duine atá sa teaghlach seo? 2 Conas a chailleann James cúpla fiacail? 3 Cad a neartaíonn an caidreamh idir an t-athair agus an mac? Cén fáth, meas tú? 4 Níl samhlaíocht ró-iontach ag James. Fíor Bréagach 5 I do thuairim, tar éis duit an scannán seo a fheiceáil, an scannán maith atá ann? Cén fáth a gceapann tú seo?©The Educational Company of Ireland
Súil siar ar an bhfilíocht (Téacsleabhar lch 244)
Téarmaí litríochta: Mínigh na téarmaí seo thíos i d’fhocail féin.
Téarma Míniú Sampla
Codarsnacht An difríocht idir rudaí Iad a chur i gcomparáid le chéile.
Lá agus oíche Rím Meafar Íomhá Scríobh: Aimsigh samplaí de na téarmaí san amhrán seo agus líon isteach sa ghreille iad (lch 119). ‘Is Leatsa Í’ Thaistil mise soir is siar ag tóraíocht na gréine; ag maireachtáil faoi spéartha nach bhfaca scamall riamh. Is le linn dom bheith ag taisteal liom sna tíortha sin i gcéin, bhíos ag éisteacht leo ó dhubh go dubh ag labhairt a dteanga féin! Tá Fraincis ag na Francaigh. Tá Gréigis ann sa Ghréig. Tá Iodáilis ag na hIodálaigh. Bíodh Gaeilge ag na Gaeil. ‘S bí ag caint, bí ag spraoi mar is leatsa í mar Ghaeilge, Ach ní mhairfidh sí má thugann tú do chúl léi. Bí ag caint. Bí ag spraoi. Déan áit don teanga i do chroí. Déan spás don teanga i do chroí is mairfidh sí beo. Is leatsa í. Is leatsa í. Is leatsa í. É,Ó,Ó,Ó Is leatsa í. Is leatsa í. Is leatsa í. É,Ó,Ó,Ó Táimid bródúil as an oileán seo. Ní féidir é a shéanadh. Ar áilleacht is ar thraidisiún tógann sí an chraobh. Is muidne síol na gCeilteach groí. Is muidne síol na dtréan. Ach cad is fiú bheith Ceilteach gan do theanga Cheilteach féin? ‘S bí ag caint, bí ag spraoi mar is leatsa í mar Ghaeilge, Ach ní mhairfidh sí má thugann tú do chúl léi.©The Educational Company of Ireland

Téarma Sampla
Codarsnacht
A n G h a e i lge
a gu s C u l t ú i r E i l e ( M R B 2 ) Rím Meafar Íomhá Cúinne na gramadaí: Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1 Aimsigh dhá shampla de bhriathar san aimsir chaite san amhrán ‘Is Leatsa í’. Sampla: Thaistil 2 Aimsigh briathar rialta san aimsir láithreach. 3 Aimsigh an fhoirm dhiúltach de bhriathar san aimsir fháistineach. 4 Cén aimsir nó módh atá in úsáid sna línte seo den dán? ’S bí ag caint, bí ag spraoi mar is leatsa í mar Ghaeilge, Bí ag caint. Bí ag spraoi. Déan áit don teanga i do chroí. Léirthuiscint: Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1 Cén teachtaireacht atá ann san amhrán seo, dar leat? Tabhair dhá phíosa eolais ón amhrán seo a thacaíonn le do thuairim. 2 An aontaíonn tú nó an easaontaíonn tú le tuairim an chumadóra (composer)? Tabhair dhá chúis le do thuairim.©The Educational Company of Ireland
Gaeilgeoirí (Téacsleabhar lch 246)
Tasc foclóra: Léigh an píosa seo. Bain úsáid as foclóir, tearma.ie nó teanglann.ie chun na
focail agus nathanna atá sa chló trom a aistriú. Cóilín Ó Floinn, an Gael-Mheiriceánach Croíúil ar léachtóir le Gaeilge é.
Is as Nua-Eabhrac i Meiriceá ó dhúchas é an Dr Cóilín Ó Floinn. Bhí an stair agus an Léann Éireannach aige mar phríomhábhair ina Chéim Baitsiléara, a bhain sé amach ó Ollscoil Nua-Eabhrac sa bhliain 2000. Rinne sé an tArd-Dioplóma san Oideachas sa bhliain acadúil 2004–2005 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, bhain sé Céim Máistir (2009) agus Dochtúireacht (2014) amach ó Choláiste na Tríonóide i réimse na Teangeolaíochta Feidhmí. D’oibrigh Cóilín le Gaelchultúr Teoranta (2005–2010) ag dearadh curaclam, ag forbairt áiseanna agus ag eagrú pleananna ceachta do chúrsaí Gaeilge. Theagasc sé an Ghaeilge agus cúrsaí teangeolaíochta i gColáiste na Tríonóide le linn dó a bheith ina mhac léinn dochtúireachta, agus bhí Cóilín ina chomhalta taighde iar-dhochtúireachta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, sa bhliain acadúil 2014–15. Tá an Dr Ó Floinn ina léachtóir le Gaeilge agus leis an Teangeolaíocht Fheidhmeach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ó bhí 2015 ann. Tá tréimhsí caite aige ag léachtóireacht agus ag teagasc cúrsaí teanga i gColáiste na Tríonóide, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus in Ollscoil São Paulo sa Bhrasaíl. Tá a chuid taighde dírithe ar ghnéithe éagsúla den dátheangachas agus d’fhoghlaim an dara teanga. 1 a bhain sé amach = 2 ag forbairt = 3 ag eagrú 4 ag teagasc = 5 taighde = Scríobh: Cruthaigh do chuid abairtí féin anois leis na focail ón tasc foclóra. a bhain sé amach: Bhí Colm an-sásta leis na torthaí a bhain sé amach sa Teastas Sóisearach — go háirithe sa Ghaeilge. ag forbairt: ag eagrú: ag teagasc:

= taighde: ©The Educational Company of Ireland
Ceisteanna: Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1 Tá an stair agus an tíreolaíocht aige mar phríomhábhair ina chéim. Fíor Bréagach 2 Cad a bhain sé amach sa bhliain 2005?
3 Cé dóibh ar eagraigh sé na curaclaim?
A n G h a e i lge
a gu s C u l t ú i r E i l e ( M R B 2 ) 4 Cad air ar dhírigh sé le linn a chuid staidéir le haghaidh a PhD? 5 Tabhair focal eile Gaeilge a chiallaíonn an rud céanna (beagnach) leis an téarma ‘ag teagasc’. 6 Cá bhfuil sé ag obair anois? Taighde: An raibh a fhios agat go raibh a lán daoine cáiliúla amuigh ansin a raibh Gaeilge líofa acu? Daoine ar nós an réalta Cillian Murphy, a bhí i scannáin ar nósBatman agus Dunkirk. Mura gcreideann tú seo, ní gá ach breathnú ar an ngearrscannán Filleann an feall ar an bhFeallaire atá ar fáil ar YouTube. An raibh a fhios agat gur thosaigh Sharon Ní Bheoláin amach mar mhúinteoir Gaeilge agus gur oibrigh sí le Raidió na Life sula raibh sí ar Nuacht RTÉ? Agus an t-aisteoir cáiliúil Brendan Gleeson, nó Mad Eye Moody ó Harry Potter, a bhí ina mhúinteoir freisin? Déan píosa taighde ar dhuine cáiliúil a bhfuil Gaeilge aige/aici, nó suim aige/aici sa Ghaeilge. An duine a roghnaigh tú: Píosa eolais faoi/fúithi: Cár úsáid sé/sí an Ghaeilge? ©The Educational Company of Ireland
Súil siar ar na haimsirí (Téacsleabhar lch 248)
Roimh thús a chur leis na ceisteanna seo, féach ar an tábla seo thíos.
An aimsir chaite (an chéad phearsa) An aimsir láithreach (an chéad phearsa) An aimsir fháistineach (an chéad phearsa)
Uimhir uatha Uimhir iolra Uatha + id = iolra Uimhir uatha Uimhir iolra Is briathra caola ón gcéad réimniú iad seo
chuir mé chuireamar cuirimid cuirfidh mé cuirfimid rith mé ritheamar rithimid rithfidh mé rithfimid shroich mé shroicheamar sroichimid sroichfidh mé sroichfimid tiomáin mé thiomáineamar tiomáinimid tiomáinfidh mé tiomáinfimid phléigh mé phléamar pléimid pléifidh mé pléfimid d’éist mé d’éisteamar éistimid éistfidh mé éistfimid sheinn mé sheinneamar seinnimid seinnfidh mé seinnfimid
Is briathra leathana ón gcéad réimniú iad seo
scríobh mé scríobhamar scríobhaimid scríobhfaidh mé scríobhfaimid glan mé ghlanamar glanaimid glanfaidh mé glanfaimid féach mé d’fhéachamar féachaimid féachfaidh mé féachfaimid scuab mé scuabamar scuabaimid scuabfaidh mé scuabfaimid chlogáil mé chlogálamar clogálaimid clogálfaidh mé clogálfaimid
Is briathra caola ón dara réimniú iad seo
shuimigh mé shuimíomar suimímid suimeoidh mé suimeoimid réitigh mé réitíomar réitímid réiteoidh mé réiteoimid d’fhoghlaim mé d’fhoghlaimíomar foghlaimímid foghlaimeoidh mé foghlaimeoimid d’imir mé d’imríomar imrímid imreoidh mé imreoimid
Is briathra leathana ón dara réimniú iad seo
d’ullmhaigh mé d’ullmhaíomar ullmhaímid ullmhóidh mé ullmhóimid thosaigh mé thosaíomar tosaímid tosóidh mé tosóimid chríochnaigh mé chríochnaíomar críochnaímid críochnóidh mé críochnóimid d’oscail mé d’osclaíomar osclaímid osclóidh mé osclóimid d’fhreagair mé d’fhreagraíomar freagraímid freagróidh mé freagróimid
Nótaí éagsúla faoi na liostaí difriúla
Ní athraíonn aon rud ag an deireadh Críochnaíonn gach ceann le -mar Má tá an briathar fada cuireann tú fada ar an i Imrímid Críochnaíonn gach ceann le -idh ai = i (fuaim chaol) ó = eo (fuaim fhada) Críochnaíonn gach ceann le -imid
An fhoirm dhiúltach = Níor + séimhiú
An fhoirm cheisteach = Ar + seimhiú
An fhoirm dhiúltach = Ní + seimhiú An fhoirm cheisteach = An + urú, m.sh. An dtuigeann tú é seo? Nuair atá síneadh fada ar an dara siolla (tiomáin, clogáil) cuireann tú an briathar sa chéad réimniú. Tógann tú an i amach ó -áil nuair atá tú ag athrú an bhriathair in aimsirí éagsúla, m.sh. Clogálaimid. ©The Educational Company of Ireland
Scríobh
1 Scríobh amach dialann Shíofra san aimsir láithreach.
A n
Dhúisigh mé measartha luath ar an Satharn agus d’éirigh mé go gairid ina dhiaidh sin. Ghlac mé cith agus ghléas mé mé féin. D’ith mé bricfeasta beag agus amach an doras liom. Thug mé cuairt ar na siopaí thart ar Shráid an Chaisleáin. Ní chreidfeá cé a chonaic mé ansin. An cuimhin leat na rapálaithe KneeCap? A rinne an t-amhrán CEARTA? Iadsan. Bhí siad lasmuigh de Thigh G h a e i lge a gu s C u l t ú i r E i l e ( M R B 2 ) Cheallaigh, ar ardán lasmuigh, ag déanamh seit faoin aer saor in aisce, mar chuid de Fhleadh Feirste. Thaitin siad go mór liom. Labhair siad leis an lucht féachana idir na hamhráin. Is léir go raibh lucht tacaithe ansin leo agus na hamhráin ar fad á gcanadh acu. Bhain mé an-sult as an iontas beag sin. Dúisím measartha luath ar an Satharn agus éirím go gairid ina dhiaidh sin. 2 Scríobh amach dialann Shíofra san aimsir fháistineach. Dúiseoidh mé measartha luath ar an Satharn agus éireoidh mé go gairid ina dhiaidh sin. ©The Educational Company of Ireland
Cur síos: Déanann an t-amhrán ‘Bí ann/Leanfaidh Mé’ de chuid Kila an-phlé ar na
haidiachtaí. Ag baint úsáid as cuid de na haidiachtaí sin, agus níos mó más féidir, déan cur síos ar na daoine sna pictiúir seo thíos. Déan iarracht trí aidiacht éagsúla an duine a úsáid.


Brian Ó Beaglaoich
Imreoir peile d’fhoireann Chiarraí agus an Ghaeltacht Cad iad na haidiachtaí is fearr chun cur síos a dhéanamh ar Bhrian Ó Beaglaoich?
Bláthnaid Tracey
Láithreoir agus ceirneoir ar 2FM Tionchaire freisin Cad iad na haidiachtaí is fearr chun cur síos a dhéanamh ar Bhláthnaid Tracey?
Hector Ó hEochagáin
Craoltóir teilifíse agus raidió ar RTÉ agus TG4 Cad iad na haidiachtaí is fearr chun cur síos a dhéanamh ar Hector Ó hEochagáin?
Scríobh: Déan iarracht do chuid abairtí féin a chruthú ag
baint úsáid as aidiachtaí a dhéanann codarsnacht lena chéile chun cur síos a dhéanamh ar dhuine. 1 3
4 Tá Kellie Harrington cróga; 5 níl sí eaglach. Cúinne na gramadaí: Líon isteach an tábla thíos.
An aidiacht An bhreischéim An tsárchéim
éadrom is éadroime níos gasta is gasta cróga níos cróga grámhar is grámhaire
2
Sampla: ©The Educational Company of Ireland

Píosa filíochta ó bhéal: ‘Siúcra’ (Téacsleabhar lch 256)
Éist leis an bpíosa filíochta ó bhéal ar YouTube. Déanaigí plé air sa rang tar éis éisteacht leis chun tuairimí na scoláirí sa rang a fháil.
A n G h a e i lge
a gu s C u l t ú i r E i l e ( M R B 2 ) Scríobh: Tar éis duit breathnú ar an bhfíseán seo sa rang, agus plé a dhéanamh air, déan léirmheas ar do leathanach Straois-Leabhair, ar a ndúirt Roxanna. Critéir ratha Luaigh na pointí seo a leanas: • ar shíl tú den scannán féin • do thuairim faoin méid a bhí le rá aici faoi thábhacht na Gaeilge • luaigh aon seanfhocal nó nath nua a d’fhoghlaim tú • cad is féidir linn, mar fhoghlaimeoirí Gaeilge, a dhéanamh ar son na teanga Mo thuairimí i leith an phíosa filíochta ó bhéal ‘Siúcra’ ©The Educational Company of Ireland
Seanfhocail (Téacsleabhar lch 257)
Scríobh: D’fhiafraigh an múinteoir d’Eoghan cúig seanfhocal
a scríobh go tapa, ach toisc go raibh sé faoi bhrú níor scríobh sé amach mar is ceart iad. Seo thíos a scríobh sé. An féidir leat na botúin a aimsiú agus a cheartú?
1 Nuair a bhíonn an luch amuigh bíonn an cat ag féachaint ar an teilifís. 2 Is fearr sparán sa chúirt ná punt ag cara. 3 Is an t-ocras maith an t-anlann. 4 Tá trí thinteán mar do theach féin. 5 Tá aithne ag cearc ar chiaróg. Cúrsaí Gaeltachta sa ré dhigiteach (Téacsleabhar lch 261) Léamh: Léigh an t-alt seo agus déan an tasc a bhaineann leis. Fáilte go Gaeltacht X – an t-eispéireas Gaelach ar líne á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge. I rith an tsamhraidh beidh muid ag cur ábhar siamsúil agus spraíúil ar fáil do dhaoine óga leis an nGaeilge a choinneáil lárnach sa saol agus sa domhan mór leis na hathruithe ar fad atá thart orainn. Tá Gaeltacht X dírithe ar dhéagóirí ar mhaith leo an Ghaeilge a fheiceáil is a úsáid ar na meáin shóisialta an samhradh seo. Tá Gaeltacht X ann chun freastal ar dhaoine ar as an nGaeltacht agus as an nGalltacht iad a bhfuil suim acu sa teanga i gcoitinne. Tá Gaeltacht X ann le freastal ar dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid, ní hamháin ina saol laethúil analógach, ach ina saol digiteach ar líne freisin. Tá sé mar aidhm ag Gaeltacht X spiorad spraíúil na gcoláistí samhraidh a choinneáil, agus eipéireas Gaeilge dearfach a chothú, a féidir leat páirt a ghlacadh ann ó áit ar bith faoin spéir. Beidh cluichí, comórtais agus ábhar sultmhar de gach chineál pleanáilte againn don samhradh do gach éinne. Beidh Gaeltacht X ag roinnt eolais le déagóirí faoina gcuid cearta teanga, áiteanna leis an nGaeilge a úsáid, agus bealaí leis an nGaeilge a dhéanamh níos nádúrtha i measc cairde agus teaghlach. Tá ochtar foirne ag Gaeltacht X chun na himeachtaí, agallaimh, comórtais agus eile a eagrú dóibh siúd ar mhaith leo a bheidh mar chuid dár bpobal. Beidh siad le feiceáil mar aghaidh an chuntais ar ár scéalta gach seachtain, ag tabhairt léargas ar a bhfuil ar siúl go laethúil ag Gaeltacht X. Tá Gaeltacht X á reáchtáil againn ar Instagram agus ar TikTok – lean muid ag©The Educational Company of Ireland https://www.tiktok.com/@gaeltachtx

Meaitseáil: Meaitseáil an Ghaeilge leis an mBéarla. Tá an chéad cheann déanta duit
mar shampla.
1 eispéireas 2 siamsúil 3 analógach 4 digiteach A digital B enjoyable C language rights D experience
A n G h a e i lge
a gu s C u l t ú i r E i l e ( M R B 2 ) 5 sultmhar E insight 6 cearta teanga F analogue 7 léargas G entertaining 1 2 3 4 5 6 7 Scríobh: Ba mhaith leat freastal ar Ghaeltacht X ach níor éirigh leat teacht ar an eolas a bhí uait. Seol ghearrtheachtaireacht chuig foireann Ghaeltacht X de chuid Conradh na Gaeilge ag lorg roinnt soiléirithe. Fiosraigh faoi na rudaí seo ar leith: • An mbeidh cúrsaí Zúm á reáchtáil acu nó an é go mbeidh siad díreach ag postáil ar áiseanna úsáideacha? • Chun a bheith páirteach i nGaeltacht X an gá duit clárú leo? • Beidh tú féin ag tabhairt faoi na scrúduithe go luath agus ba bhreá leat cúnamh a fháil. Cén treoir is féidir leo a thabhairt duit? • An seirbhís saor in aisce atá ann nó a bhfuil ort táille a íoc? Gearrtheachtaireacht Straois-Leabhair @ Straois-Leabhair - GaeltachtX D Conas atá sibh, a chairde? Bhí mé díreach ar leathanach TikTok Gaeltacht X agus chun an fhírinne a rá táim an-tógtha leis an méid a chonaic mé. Ba bhreá liom a bheith páirteach sa togra ach tá cúpla ceist agam le cur oraibh. ©The Educational Company of Ireland
Reic/An pobal aiteach (Téacsleabhar lch 263)
Tasc foclóra: Cad is brí leis na focail seo? Líon an ghreille.
As Gaeilge
1 dátheangach bilingual
As Béarla
2 scéalaíocht 3 sraith 4 comharghrúpa 5 fuaimrian 6 tacaíocht 7 oiriúnach Cuardach focal: Aimsigh na focail Ghaeilge thuas sa chuardach focal. S B S C P T H C O Í A C A T É H C I G O W I C G R U Z G V C S É É S R I X G A T P J I V T A Ó B A E D Á T H E A N G A C H O B L L T S P Á C G I S R P N Ó I I Í A É I C H P M B Ú P Ú N M R G R Í S O J É C P O P T R N E I N É O Ó R S C Í F B Ú H H I L Ú H G C H C A M R U S L E G A Ú N O A H O É I P I A Ó É Y R M K A S H T U Á T D V I P W S A A G C G T C Ú O P R G M G I H H E P H E I P C L A D A R H Á P M F S M H A Í S M B S F I S L N O Ó I D P R R Á J L D A A C I Á C O Ú F M S É P E C M H N G W Í R É B N Á Ó©The Educational Company of Ireland
Earraí Gaeilge agus Gaelacha le fáil ón Spailpín Fánach
(Téacsleabhar lch 265)
Léamh: Léigh an t-alt seo agus freagair na ceisteanna a bhaineann leis.
A n
G h a e i lge a gu s C u l t ú i r E i l e ( M R B 2 ) Thosaigh An Spailpín Fánach in 1979 mar thionscnamh beag chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa nua-aois trí shuaitheantais, greamaitheoirí agus T-léinte Gaeilge a dhearadh agus a chur ar fáil. Ar feadh na mblianta chaitheamar míonna an tsamhraidh ag taisteal ó cheann ceann na tíre ‘ag díol is ag reic ár sláinte’ ar nós na spailpíní fadó. Thugamar cuairt ar na Coláistí Samhraidh sna ceantracha Gaeltachta ar fad agus chasamar le neart cairde nua. D’fhoghlaimíomar go leor chomh maith. Ó 1985 i leith tá muid lonnaithe i gCeardlann an Spidéil, ionad breá tarraingteach, áit a n-oibríonn grúpa lámhcheardaithe i dteannta a chéile, i suíomh álainn ar bhruach na mara. Síodchló an phríomhcheard a bhíonn ar siúl againn féin. Déanaimid féin an dearadh agus cuirtear na léinte agus earraí eile i gcló ar an láthair. Tagaimid suas le smaointe agus dearadh nua ar bhonn rialta. Bunaímid ár gcuid dearaí ar an dúchas, ar an tseandálaíocht, ar sheanfhocail agus roinnt cartún freisin. Is maith linn a cheapadh go bhfuil rud againn do gach duine. Chomh maith le T-léinte agus geansaithe tá cártaí beannachtaí, leabhair, cluichí do pháistí agus do dhaoine fásta, dlúthdhioscaí, cúrsaí Gaeilge, clúdaigh cúisíní síoda, scairfeanna Ceilteacha agus níos mó ar díol againn, ar líne agus inár siopa. ’Sé an aidhm atá againn ná freastal ar lucht na Gaeilge agus orthu siúd ar mian leo an Ghaeilge a shníomh isteach ina saol laethúil. Sa samhradh fáiltímid roimh na mílte duine ó thíortha eile agus is breá linn an dúchas Gaeltachta a roinnt leo. Sa samhradh bíonn cúnamh breise againn ó dhaoine óga cumasacha sa cheantar chun an dea-scéal a scaipeadh. Mar a deir an seanfhocail ‘i scáth a chéile a mhaireann na daoine’. 1 Cathain a thosaigh an Spailpín Fánach ag trádáil? 2 Cad a rinne siad gach samhradh le blianta? 3 Tabhair dhá phíosa eolais faoi Cheardlann an Spidéil. 4 Bunaíonn siad a gcuid dearaí ar an dúchas, ar an tseandálaíocht agus ar na seanfhocail. Fíor Bréagach 5 Liostaigh trí rud ar leith, éadaí ina measc, atá ar díol ag an Spailpín Fánach. 6 Cé orthu a bhfuil an Spailpín Fánach ag iarraidh freastal?©The Educational Company of Ireland 7 An bhfaigheann siad cúnamh ó éinne sa samhradh?
Scríobh: Beidh tú féin sa Spidéal i rith an tsamhraidh agus ba bhreá leat post
páirtaimseartha a fháil leis an Spailpín Fánach. Seol gearrtheachtaireacht chuig Gearóid, an bainisteoir, ag fiosrú faoi dheiseanna fostaíochta. Critéir ratha
Luaigh na pointí seo a leanas: • cé thú féin • cén aois atá agat • cathain a bheidh tú sa Spidéal • céard iad na hábhair spéise/caithimh aimsire atá agat • cad iad na hábhair scoile a bhfuil tú go maith acu • cén cineál oibre a mhaith leat a dhéanamh, mar shampla, ag cur na héadaí amach, ag díol earraí, ag glanadh agus araile A Ghearóid, a chara, Beatha agus sláinte chugat. Beidh mé ag fanacht sa Spidéal ar feadh píosa sa samhradh agus ba bhreá liom a bheith ag obair libh agus mé ansin. ©The Educational Company of Ireland
Scéal Oisín agus Niamh i dTír na nÓg (Téacsleabhar lch 270)
Amhrán: Éist leis an amhrán ‘Tír na nÓg’ le Colm Mac Séalaigh, Gearóid Ó Murchú agus
Na Fíréin ar YouTube. Éist leis an amhrán arís agus líon na bearnaí sa churfá agus sa chéad véarsa.
A n
G h a e i lge a gu s C u l t ú i r E i l e ( M R B 2 ) ‘Tír na nÓg’ le Colm Mac Séalaigh Fadó fadó in Éirinn, roimh (1)_______________ don nua-aois, Bhí (2)_______________ ann ar an bhFiann, Fionn ’s a mhac Oisín Is iomaí (3)_______________ a bhain leo siúd, Is iomaí casadh croí, Ach ní dhéanfar dearmad ar an lá A bhuail (4)_______________ le Niamh. Niamh Chinn Ór, as Tír na nÓg, B’í an bhean ab áille gné a (5)_______________ ar Oisín Óg Mheall sí é le breáthacht, (6)_______________ sí é le póg, Mheall sí é gan aon (7)_______________ Go Tír na nÓg Banc focal theacht, conaí, eachtra, Oisín, chas, Mheall, agó ©The Educational Company of Ireland

Scríobh: Sna boscaí seo thíos, cruthaigh scéalchlár don scéal/amhrán de réir na véarsaí.
Bhí Oisín, lá breá gréine,
Ag siúl le ciumhais na habhann ’Measc bláthanna buí, is luachra, Taibhsíodh dó an tsamhail, Spéirbhean ghléigeal álainn A d’fhag croí an laoich sin fann, Thug cuireadh dó go Tír na nÓg Go síoraí cónaí ann. Tír álainn, tír na hóige, Tír dhiamhair aislingí Trí chéad bliain chaith Oisín ann I ngrá mór le Niamh Ach fonn nár fhág é choíche, Is nach bhféadfadh sé a chloí, Dul thar n-ais go hÉirinn, Go bhfeicfeadh sé í arís. ‘Ná fág an áit seo,’ arsa Niamh ‘Ná himigh uaim, a chroí Ma fhágann tusa Tír na nÓg, Nó fhillfidh tú arís.’ Ach d’fhill Oisín ar Éirinn, Mar bhí fiabhras ina chroí Is fuair sé bás ós comhair an Naoimh B’shin deireadh lena thriall. Tír na nÓg, ó Tír na nÓg, Tír uasal na draíochta a bhí ann fadó, Féach thiar ansin í Thiar ar fhíor na spéire San áit go mba mhaith liom bheith, Sin Tír na nÓg.©The Educational Company of Ireland

Mionteangacha (Téacsleabhar lch 272)
Scríobh: Anseo thíos tá cúpla nath úsáideach i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge
na hAlban. Roghnaigh tusa mionteanga eile atá ar eolas agat, nó déan taighde ar mhionteanga ar leith, agus tabhair na nathanna céanna sa teanga sin.
Gaeilge na hÉireann Gaeilge na hAlban Do rogha teanga:
A n G h a e i lge
a gu s C u l t ú i r E i l e ( M R B 2 ) Maidin mhaith. Madainn mhath. Cad é mar atá tú? Ciamar a tha thu? Tá mé go maith. Tha mi gu math. Go raibh maith agat. Tapadh leat. Tá brón orm. Tha mi duilich. Slán go fóill. Tìoraidh an-dràsta. Is éard is mionteanga ann ná teanga a labhraíonn mionlach na tíre. Síltear go bhfuil thart ar aon chéad nócha trí náisiún ar dhromchla na cruinne agus go bhfuil idir cúig agus seacht míle teanga labhartha ag muintir an domhain seo. Fórmhór na dteangacha sin is mionteangacha atá iontu. Teanga atá éagsúil ón teanga a labhraíonn tromlach na tíre, ach uaireanta is féidir leis na teangacha seo a bheith mar theanga oifigiúil na tíre, mar atá an Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann, mar shampla. Uaireanta, áfach, bíonn na teangacha seo i mbaol toisc go bhfuil líon na gcainteoirí ag titim nó go bhfuil easpa tacaíochta á fáil ag na teangacha seo ón stát. ©The Educational Company of Ireland