Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2012

Page 58

58

Na Comhpháirtithe Forbartha atá Againn

Eagraíochtaí Iltaobhacha Téann níos mó ná aon trian de chúnamh forbartha oifigiúil na hÉireann trí eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós na Náisiún Aontaithe, An tAontas Eorpach agus An Banc Domhanda. Tá ról lárnach ag na heagraíochtaí seo ag cruthú comhdhearcadh idirnáisiúnta maidir le dúshláin forbartha ríthábhachtacha. Cuireann siad tacaíocht ar fáil freisin chun dul i ngleic le bochtaineacht, chun tacú le cearta daonna agus chun teacht i gcabhair ar chásanna éigeandála i mbeagnach gach ceann de na tíortha atá i mbéal forbartha, iad siúd nach bhfuil clár á fheidhmiú ag Cúnamh Éireann iontu san áireamh.

Na Náisiúin Aontaithe

Ocras a Laghdú, Teacht Aniar a Neartú

Leithdháileadh ciste forbartha na hÉireann chuig Na Náisiúin Aontaithe in 2012 (iarscríbhinn 11) go príomha ar ár bpríomhghníomhaireachtaí comhpháirtíochta: Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, UNICEF, Ard-Choimisiún na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, Ciste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Cuireadh maoiniú ar fáil chomh maith d’Oifig Ard- Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus do Mhná NA a dhéileálann le gach ceist a bhaineann le comhionannas inscne agus le cumhachtú na mban. Tá soláthar ciste dá bpríomhoibríochtaí ríthábhachtach chun a chur ar chumas ár ngníomhaireachtaí comhpháirtíochta sna NA a gcuid gealltanas a chomhlíonadh agus chun cabhair a sholáthar go pras i gcásanna géarchéime daonnúla, ar nós na ngéarchéimeanna athfhillteacha bia a tharla le gairid i réigiún Sahel agus i gCorn na hAfraice.

An tAontas Eorpach Is é an tAE, lena bhallstáit, an soláthraí cúnaimh forbartha is mó ar domhan agus tacaíonn sé le réimse clár sna tíortha atá i mbéal forbartha chun córais rialtas daonlathach agus institiúidí poiblí éifeachtacha atá freagrach dá saoránaigh a bhunú iontu. In 2012, ba €70.4 milliún sciar na hÉireann de bhuiséad cúnaimh forbartha an AE. Tá Clár Téamach um Shábháilteacht Bhia an tAE, maoinithe trí bhuiséad cúnaimh forbartha an AE. Féachann an clár le sábháilteacht bia agus chothaithe a fheabhsú do na daoine is boichte agus is mó atá i mbaol agus le cuidiú chun céad Sprioc Fhorbartha na Mílaoise, sin deireadh a chur le bochtaineacht agus ocras, a bhaint amach. Tacaíonn an clár le taighde, aistriú teicneolaíochta agus le nuálaíocht chun sábháilteacht bia a fheabhsú, chomh maith le tionscnaimh a thugann aghaidh ar neamhchinnteacht bia i measc daonraí leochaileacha agus a láidríonn teacht aniar na bpobal i leith géarchéimeanna, cibé ar de dhéantús an duine nó go nádúrtha a tharlaíonn siad.

An Banc Domhanda Tacaíonn An Banc Domhanda le tíortha atá i mbéal forbartha ina gcomhrac leis an mbochtaineacht trí sholáthar a dhéanamh ar an gcúnamh airgeadais agus

teicniúil atá riachtanach chun trádáil agus infheistíocht a chothú. Cuidíonn an Banc chomh maith le tíortha chun tabhairt faoi shábháilteacht bia agus chothaithe trí bhearta éagsúla, ina measc infheistíocht bhreise i dtalmhaíocht agus i réimsí a bhaineann le talmhaíocht, comhairle i leith polasaí agus ag soláthar mear-chórais mhaoinithe. In 2012, thiomáin an Banc US$9.3 billiún do thalmhaíocht agus d’earnálacha atá bainteach léi. Tacaíonn Cúnamh Éireann leis An Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta, an chuid den Bhanc a dhéileálann leis an earnáil phríobháideach agus leis an tionscnamh a fheidhmíonn sí Conflict Affected States in Africa , a chuidigh in 2012 le hocht dtír san Afraic, Sierra Leone agus Liberia ina measc chun a dtimpeallacht ghnó a thabhairt chun cinn.

Uachtaránacht na Éireann ar an AE Tharla pleanáil d’ Uachtaránacht Chomhairle an AE 2013 le linn 2012. Lorg an tAire Stáit Costello agus a chuid oifigeach comhairle go forleathan maidir le forbairt cláir Uachtaránachta na hÉireann, ón gCoimisiún Eorpach, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ó Pharlaimint na hEorpa. Tar éis an phróisis comhairliúcháin, aontaíodh go ndíreodh an clár comhair um fhorbairt Uachtaránachta na hÉireann go príomha ar thrí réimse: ›› Múnlú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais Eorpaigh d’Ócáid Speisialta na Náisiún Aontaithe ar Spriocanna Forbartha na Mílaoise i Meán Fómhair 2013 ag a ndéanfar cíoradh chomh maith ar an gcreat oibre d’fhorbairt dhomhanda agus mar a bheidh sé tar éis 2015. ›› Aghaidh a thabhairt ar na naisc atá idir na mór-cheisteanna téamacha forbartha ar nós ocras, cothú agus cearta aeráide. ›› Iarrachtaí a chur chun cinn chun ceangal a dhéanamh idir fóirithint, téarnamh agus forbairt trí naisc níos láidre a chruthú idir cláir forbartha agus cláir daonnúla an AE.


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.