CCoI AR 2012 (Irish)

Page 24

22

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2012 AN CCoI

Ceardlann do Leanaí sa Sráidbhaile Ceardaíochta Éireannaí ag Bloom 2012

teaghlaigh a bhí bunaithe ar dhearadh gléasanna le sreang agus le meáin mheasctha. Lean sé ar feadh na seachtaine mar cheardlann bhuail isteach. Cuireadh ceardlanna éagsúla ar bun do leanaí i rith na dtrí lá i gClos an Chaisleáin le ceathrar ceardaithe - Victoria Cody, Caroline Ryan, Aideen Lynch agus Ciara O’Sullivan agus ceardlanna cré, teicstílí, priontála agus tógála acu. Leis sin d’éascaigh Caroline Ryan ceardlann sa Dealbhóireacht Bhog do dhaoine fásta a chomhlánaigh an taispeántas UTENSIL. Ghlac breis is 650 duine páirt i gceardlanna ceardaíochta i gcaitheamh seachtain na féile.

Ceardlanna Ceardaíochta ag Imeachtaí Poiblí Chomhordaigh an fhoireann Oideachais & For-rochtana sraith ceardlanna éagsúla mealltacha, dírithe ar pháistí agus ar dhaoine fásta, ag imeachtaí móra poiblí. I measc na mór-imeachtaí a reáchtáladh bhí: Bloom, mí an Mheithimh: Cuir CCoI spás oideachais i bhfeidhm i gcroílár Sárthaispeántas um Cheardaíocht na hÉireann, agus reáchtáladh ceardlanna saor in aisce ar gach ceann den chúig lá, le téama garraíodóireachta difriúil acu go léir, lena n-áirítear; Funky Twists: Déantóireacht Suaitheantais agus Muince do bhuachaillí agus do chailíní le Vivienne Martin; GROW Priontáil Teicstíle le Lorraine Bowen; An Garraí Cré Rúnda le Shona Flood; Patrúin an Nádúir: Ceirmeacht le Frances Kilcommins agus Suaitheantais Fheithide Theicstíle le Aideen Lynch. Chomh maith leis sin, bhí deis ag cuairteoirí comhrá a dhéanamh le comhaltaí na gcuallachtaí ceardaíochta agus iad ag tabhairt taispeáintí beo, agus deis a bhí ann freisin níos mó a fhoghlaim faoi scileanna agus faoin gceardaíocht. Féile Ealaíon Chill Chainnigh, Mí Lúnasa: Mar gheall ar an mbéim ar fad a leagadh ar rannpháirtíocht phoiblí, bhí Clós an Chaisleáin dubh le daoine i mí Lúnasa i rith Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh. Bhí Enya Moore, duine de na healaíontóirí le taispeántas aici i UTENSIL, i láthair ar feadh dhá lá den fhéile, í ag dul i mbun ceardlanna

Savour Kilkenny, Deireadh Fómhair: I rith na seachtaine deireanaí de Dheireadh Fómhair tháinig slua mór chuig an gcathair don fhéile bhliantúil Savour Kilkenny. Reáchtáil an fhoireann Oideachais agus Forrochtana imeacht ilchéadfach ‘Dáta Déanach’ [Late Date] in éineacht le Designgoat, chomh maith le lá de cheardlanna teaghlaigh sa Ghailearaí Náisiúnta Ceardaíochta agus ceardlann teicstíle um maisiú cáca ollmhóir le Carrie Lynam. Comhpháirtíochtaí Cláreagraithe Lena chois sin, d’eagraigh an fhoireann Oideachais agus For-rochtana roinnt comhpháirtíochtaí cláreagraithe le heagraíochtaí náisiúnta cultúrtha eile mar chuid de straitéis leanúnach fho-rochtana an Ghailearaí Náisiúnta Ceardaíochta chun féachaint le forbairt a dhéanamh ar an lucht féachana. TradFest, Eanáir: Thacaigh CCoI le ceardlanna ceardaíochta traidisiúnta éagsúla mar chuid de TradFest ag an Ark, Lárionad Cultúrtha do Leanaí i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Chuir déantóirí ceardaíochta Sarah Malin, Aideen Lynch, Caroline Ryan agus Cathy Hayden ceardlanna feidhmiúla ar siúl ar fhíodóireacht sailí, ar theicstílí agus ar cheardaíocht pháipéir ar feadh an deireadh seachtaine, dá spreagadh ag oidhreacht cheoil agus scéalaíochta na hÉireann. Oíche Chultúrtha, Meán Fómhair: Don tríú bliain, ghlac an Gailearaí Náisiúnta Ceardaíochta páirt i dtionscnamh náisiúnta Oíche Chultúrtha, i gcomhpháirt le hOifig Ealaíon Chill Chainnigh agus Taisce Chultúrtha Bharra an Teampaill. Ag an imeacht seo


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.