Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meán Fómhair 2011

Page 12

Is Leor Beirt

Níl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a reáchtáil i

d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Ar Ais Ar Scoil

• Nach bhfuil an trácht go dona arís ar maidin?! • An dtugann tú síob chun na scoile d'aon duine? • Cén t-ábhar ab fhearr leat ar an gcoláiste? • An raibh / An bhfuil dúil agat sna teangacha? • Ar chóir an curaclam don Teastas Sóisearach a athrú? • Cad iad na hábhair scoile a rinne tú staidéar orthu don Ardteist? • An gceapann tú go bhfuil sé éasca 600 pointe a fháil san Ardteist? • Ar thaitin do mhúinteoir Gaeilge / staire / eolaíochta leat ar scoil? • An bhfuair aon duine sa chlann torthaí scrúduithe an samhradh seo? • An raibh ort éide scoile a chaitheamh ar an mbunscoil / ar an meánscoil? • An bhfuil mac / iníon / gaol / comharsa leat ag déanamh scrúduithe i mbliana? • Cad é do bharúil / Cad é do mheas / Cén tuairim atá agat i dtaca le héide scoile? Scrúduithe: Ardteist, Teastas Sóisearach, faoi bhrú, ag staidéar, ag foghlaim (de ghlanmheabhair), nótaí, iar-phaipéar, scrúdú cainte, scrúdú scríofa, cluastuiscint, léamhtuiscint, ceisteanna, freagraí Oideachas: seomra ranga, léachtaí, léachtlann, príomhoide, múinteoir, dalta, scoláire, mac léinn, bunscoil, meánscoil, ollscoil, coláiste tríú leibhéal, institiúid teicneolaíochta

12

Cuir na scéalta chugainn roimh 10 Deireadh Fómhair 2011


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meán Fómhair 2011 by Conradh na Gaeilge - Issuu