Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

Page 10

T

Folúntas SnaG

á folúntas do Bhainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus tá go dtí 12.00in Dé hAoine, 27 Aibreán 2012, ag iarrthóirí le cur isteach ar an bpost. Beidh an Bainisteoir freagrach as plean na Seachtaine a réiteach, a chur os comhair Bhord Sheachtain na Gaeilge, agus é a chur i bhfeidhm. Beidh an Bainisteoir i gceannas ar bhuiséad na Seachtaine, ar fhorbairt na féile, ar acmhainní daonna agus ar chúraimí eile eagraíochta. Dá réir, ní mór go mbeadh taithí bhainistíochta 3

T

Gradaim Chumarsáide 2012

á Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2012 ag ceiliúradh 40 bliain de Raidió na Gaeltachta agus 50 bliain de theilifís RTÉ. Cuirfidh Aengus Mac Grianna, léiritheoir nuachta RTÉ, na gradaim i láthair in Óstán Bhá na Gaillimhe oíche Aoine, 18 Bealtaine 2012. Tá an tsraith ghrinn Rásaí na Gaillimhe in iomaíocht le 7 Lá, Ros na Rún agus Scéal na Gaeilge don ghradam Sraith Theilifíse na Bliana. Tá Páidí Ó Lionáird ainmnithe don ghradam Pearsa Teilifíse na Bliana mar aon le Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Alan Titley, agus Dara Ó Cinnéide. Tá dhá ainmniúchán faighte ag Raidió Rí-Rá agus rachaidh Fuaim Eile in iomaíocht le Splanc (Newstalk), Bosca 106 (Raidió na Life), Iris Aniar agus Adhmhaidin (Raidió na Gaeltachta), agus Comhluadar na Leabhar

10

bliana; taithí airgeadais; cáilíocht tríú leibhéal atá in oiriúint don phost, nó a chomhionann; agus scileanna ríomhaireachta - le bogearraí cuntais agus bunachar sonraí go háirithe - ag iarrthóirí. Is gá go mbeadh iarrthóirí in ann cumarsáid mhaith a dhéanamh le daoine agus iad eolach faoi shaol na Gaeilge. Tá ardchaighdeán Gaeilge, idir scríobh agus labhairt, riachtanach freisin. Tuilleadh eolais: post@cnag.ie

do ghradam Clár / Sraith Raidió na Bliana. Is í Síne Nic an Ailí ó Raidió Rí-Rá an t-aon bhean atá ainmnithe sa rannóg Craoltóir Raidió na Bliana agus í in iomaíocht le Cian Mac Cárthaigh; Cormac Ó hEadhra; Rónán Ó Muithile; agus Gearóid Mac Donnacha do ghradam na bliana seo. Tá na colúnaithe Conall Ó Moráin, Eoghan Ó Néill agus Concubhar Ó Liatháin ó Gaelscéal in adharca a chéile sa rannóg Colúnaí na Bliana i dteannta Phóil Uí Mhuirí, Mhichíl Uí Chonaola agus Evanne Ní Chulainn. Bronnfar buaicghradam saoil, Aisteoir na Bliana agus Cló Iriseoir na Bliana ar an oíche chomh maith. Tá na gradaim uile urraithe ag Údarás na Gaeltachta arís i mbliana. Gach eolas: www.antoireachtas.ie

Cuir n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 09 B e a lt ai n e 2012


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.