Feasta | Bealtaine 2013

Page 46

Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa • Gradam Ceilteach do Raidió na Life Bronnadh Gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ar Raidió na Life ag na ‘Celtic Media Awards’ in Abertawe (Swansea) na Breataine Bige, deireadh seachtaine 27 Aibreán, ag searmanas a chuir clabhsúr le Féile na Meán Ceilteach 2013. Bíonn mórchraoltóirí as Éirinn, Albain, An Bhreatain Bheag, Sasana agus an Fhrainc – leithéidí RTÉ, BBC & TG4 go háirithe – san iomaíocht sa bhféile seo le cláir & ábhair i nGaeilge, Gàidhlig na hAlban, Coirnis, Breatnais, Briotáinis, Manannais, Fraincis agus i mBéarla. ‘Tá ríméad orainn,’ arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life: ‘Seo an chéad uair gur éirigh le stáisiún raidió pobail an gradam a ghnóthú, cé go bhfuil an fhéile ann le 34 bliain. Ábhar dochreidte bróid dúinn é.’ Foireann bheag de thriúr lánaimseartha atá ag Raidió na Life: bainisteoir, teicneoir & clár reachtaire, mar aon le maor deireadh seachtaine páirtaimseartha. Glacann suas le 150 craoltóirí deonacha páirt sa stáisiún Gradam do Raidió gach seachtain; soláthraíonn na Life siad sceideal beo bríomhar lán d’fhuinneamh, éagsúlacht agus samhlaíocht; clúdaíonn siad gach ábhar faoin spéir agus seinneann siad gach stíl cheoil dá bhfuil ann’, ar seisean. ‘Cuireann Raidió na Life seirbhís raidió chomhaimseartha trí Ghaeilge ar fáil do mhórcheantar Átha Cliath, agus tríd an mbeoshruthú idirlín agus aip úrnua an stáisiúin freisin,’ arsa Muiris. ‘Táimid 20 Bliain Beo! Go mba fada buan Cuisle na Cathrach!’ • Fuaimeanna na Gaeilge Cur síos ar fhoghraíocht agus ar fhóineolaíocht i gcomhthéacs na Gaeilge: tá córas fuaimeanna na Gaeilge leagtha amach, fóinéim ar fhóinéim i gcomhthéacs na bpríomhchanúintí, in Fuaimeanna na Gaeilge (Cois Life, 2013) le Brian Ó Raghallaigh. Dlúthchuid den tionscadal an suíomh www.fuaimeanna.ie, áit a bhfuil catalóg na bhfuaimeanna agus na dtaifead samplach mar thaca do lucht léite. Áine Ní Bhreisleáin, Dara Ó Cinnéide agus Maolra Mac Donnchadha a chloistear ar an suíomh. • Bliain na Gaeilge i Maigh Eo Tá togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge ag eagrú seimineáir ar ’Todhchaí na Gaeilge i gCo. Mhaigh Eo’ san Breaffy House Resort, Caisleán an Bharraigh, Satharn, 25 Bealtaine @ 10.00 a.m. I measc na gcainteoirí: Gearóid Denvir, OÉG, Éamonn Ó hArgáin, Foras na Gaeilge, Róisín Ní Dhonnacha, Gradam Sheos-

www.feasta.ie

Bronnadh a duais le deireanas ar Maeve Walsh ó Ard-Scoil Loreto, Beaufort, i mBaile Átha Cliath, buaiteoir Éireannach Juvenes Translatores, comórtas bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh d’aistritheoirí óga. Bhí Maeve i measc an 27 buaiteoir a thriail ar an mBruiséil chun a ngradaim a ghlacadh ó Androulla Vassiliou, An Coimisinéir Eorpach um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige. Ghlac breis agus 3,000 dalta 17 bl. d’aois, ó 750 scoil sna 27 Ballstát páirt sa chomórtas. Roghnaíodh buaiteoir amháin as gach tír. Bhí dhá uair an chloig acu le leathanach amháin de théacs a aistriú ó theanga dá rogha féin de theangacha oifigiúla an AE isteach i dteanga eile. Roghnaigh Maeve sliocht a aistriú ó Ghaeilge go Béarla agus roghnaíodh a haistriúchán ar a fheabhas as na hiarratais a fuarthas ón 12 scoil Éireannach a bhí páirteach. Aidhm an chomórtais foghlaim teangacha a chur chun cinn sna scoileanna agus blas a thabhairt do dhaoine óga ar shaol an aistritheora. Bhí na téacsanna dírithe ar chomhbhá idir na glúine, téama Eorpach na bliana in 2012, agus bhí réimse leathan ábhair iontu. Is iad aistritheoirí an Choimisiúin a rinne an mholtóireacht; thug siad a gcuid tuairimí uathu san fhíseán seo: http://youtu.be/2dvKyuXRvNw. Roghnaíodh buaiteoir amháin do gach Ballstát.◊ aimh Uí Ógartaigh (Gaillimh le Gaeilge) agus Oonagh Ní Chéilleachair, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Co. Mhaigh Eo. Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán an Chonartha a bheidh mar Chathaoirleach. Plé oscailte, fáilte roimh chách. Eolas: Togra Mhaigh Eo @ 094 9022444 nó 087 9781166. R-phost: eolas@conradhmhaigheo.ie • RITH TEO – Tionscnamh pobail D’fhógair Rith Teo ar an 29 Aibreán gur cuireadh €15,000 ar fáil do ghrúpaí pobail atá ag eagrú tionscnaimh Ghaeilge. Scaipeadh an ciste ar 34 coiste in 15 contae. Seo brabús 2012 curtha chun leasa. Mheall RITH 27,000 le páirt a ghlacadh in ollrith sealaíochta, 8-17 Márta 2012, thar chúrsa 700km, ó Gaoth Dobhair go hInis Mór, Árainn. Tá Lorcán Mac Gabhann dóchasach go mbeidh RITH 2014 in ann níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’imeachtaí pobail. Eolas: www.rith.ie • Anam na Teanga – glac gearrscéalta Seolfaidh an Dr. Fionntán de Brún cnuasach gearrscéalta, Anam na Teanga, in eagar ag Seán Mac Labhraí i nGaeláras Mhic Ardghaill, Iúr Chinn Trá, ar an 2 Bealtaine, 2013. Tá na mór-údair ann – Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais, agus scríbhneoirí nach iad. Saothar léirmheastóireachta atá anseo ina bhfuil 12 ghearrscéal agus neart nótaí ag dul leo. Chomh maith leis an ngnáthléitheoir, tá an leabhar seo úsáideach do mhic léinn Ardteistiméireachta agus 3ú leibhéil: Anam na Teanga, Eag., Seán Mac Labhraí. CIC. Bog. 305 lch. €15 • Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Clárúchán ar siúl anois do 14ú Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, 22- 28 Iúil. Foirm ar fáil ó eolas@mhicreachtain.com. Áiteanna teoranta. I mbliana, beidh an cúrsa i gCólaiste Naomh Maolmhaodhóg, 36 Bóthar Aontroma, Béal Feirste. • Seimineár Óstaí an Rí faoin AE Labhair Lucinda Creighton, Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, ag Seimineár Scoil Dlí Óstaí an Rí, 26 Aibreán, ar na deiseanna fostaíochta le hInstitiúidí an AE do chéimithe le

46

Gaeilge líofa. Cathaoirleach na hócáide an tOnórach Gerard Hogan, Breitheamh den Ardchúirt. Tá maolú sealadach ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den AE. Tá an leibhéal fostaíochta sna haonaid Ghaeilge níos ísle ná mar atá sna haonaid teanga eile, in ainneoin go labhraítear níos mó Gaeilge ná Máltais nó Eastóinis, mar shampla, i bParlaimint na hEorpa. Tá comórtas d’aistritheoirí Gaeilge faoi lán seoil. Reáchtálfar comórtais do dhlítheangeolaithe Gaeilge agus do dhlítheangeolaithe Béarla níos déanaí i mbliana. Cuireann ard-dioplómaí Óstaí an Rí oiliúint ar dhlítheangeolaithe Gaeilge agus ar aistritheoirí Gaeilge. Gan an maolú meastar go gcruthófaí suas le 200 folúntas breise. Tá an maolú seo le breithniú ag deireadh 2015. • ABAIR.IE Sheol an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich Glórthaí Sintéise don Ghaeilge de chuid ABAIR i gColáiste na Tríonóide, BÁC, ar an 16 Aibreán, agus Lá Domhanda an Ghlóir á cheiliúradh. • Comhdháil ar Litríocht na nÓg Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9, 20-21 Meán Fómhair 2013: iarrtar ar dhaoine ar spéis leo caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal agus achoimre a sheoladh ag – litriochtnanog13@gmail.com faoin 14 Meitheamh. E: litriochtnanog.blogspot.com • NA MACALLAÍ Beidh campaí samhraidh Gaeilge ar siúl ag na Macallaí i mí Iúil ag ‘An Tobar’, Baile Loch Garman, le haghaidh daltaí bunscoile agus méanscoile. Béim ar Ghaeilge labhartha sna campaí. Neart imeachtaí spóirt, cluichí agus ceoil! Tuilleadh eolais 087 913 5271 nó campa@lochgarman.ie • Nua Eabhrac Chím go bhfuiltear ag ceiliúradh na Bealtaine as Gaeilge le hamhránaíocht, scéalaíocht agus filíocht san Wilbur Arts Building, Coláiste Uí Mhaolmhuaidh / Molloy College, Rockville Centre, Long Island, Nua Eabhrac.◊

Feasta, Bealtaine 2013


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.