8
Máirtín Mac Gabhann Oifigeach Tionscadal Pobal, Glór na Móna Príomhbhuaiteoir Chomórtas Ghlór na nGael 2017
Ag Cothú an Phobail in Am an Ghátair Onóir mhór a bhí ann do chách i nGlór na Móna, nuair a bhain muid duais an Timire amach ag oíche mhór Ghlór na nGael ar na mallaibh, de thairbhe na hoibre carthanachta a thit amach linn le bliain anuas. I measc na dtionscadal carthanachta a chuir muid le chéile le breis agus bliain anuas bhí Bricfeasta Pobail Saor & Gaelach mar aon le Dinnéar Nollag Saor & Gaelach. Ghlac muid na céimeanna beaga seo le deoch agus le bricfeasta te a thabhairt amach do dhuine ar bith a bhí á n-iarraidh. Mothaíonn muid go gcruthaíonn seo dearfacht agus dlúthpháirtíocht i measc an phobail, a léiríonn nach bhfuil cead de dhíth le bheith flaithiúil. Ba mhian linn dóchas, bród agus muinín a chothú inár bpobal le Bricfeasta Pobail Saor agus Gaelach. Bíonn muid amuigh ar na sráideanna ar an Aoine dheireanach de gach mí agus buaileann muid le chéile idir 7:45 agus 9:15 agus cuireann muid fáilte roimh aon chuidiú agus tacaíocht. Tá súil againn go dtabharfaidh seo misneach do dhaoine eile togra bricfeasta saor a dhéanamh ag an am chéanna lenár gceann féin, thart fá Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin. Déanann daoine áitiúla plé linn agus iad ag baint taitnimh as tae/caife agus bricfeasta ag barr na Carraige Báine.
Timire Summer 2018.indd 8
Is léir ó dhearfacht agus ó bhuíochas an phobail gur togra fiúntach é seo a théann i bhfeidhm ar dhaoine. Fuarthas an spreagadh chun seo a dhéanamh agus duine óg dár gcuid a bhí ag léamh leabhar faoi na Pantair Dhubha agus a gcumainn bhricfeasta cháiliúla (an togra ba mhó a chuir Slándáil Náisiúnta Mheiriceá i mbaol, de réir J. Edgar Hoover); agus thug sin misneach dúinn. Cuireadh iontas nach beag orainn nuair a fuair muid amach go bhfuil 13 bhanc bia ann i mBéal Feirste i mbliana, i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste na dífhostaíochta. Is drochléiriú é seo ar an tsochaí agus orthusan atá i gcumhacht. Fuair muid amach go bhfuil pionós airgid á ghearradh ar na mílte atá tinn, faoi mhíchumas, agus dífhostaithe ag oifigí slándála sóisialta gach mí, cé go bhfuil poist gann de bhrí teipe ar pholasaí an rialtais. Is ionsaí iad na pionóis airgid ar mhuintir iarthar Bhéal Feirste atá ag cruthú náire forleathan agus cultúr ciúnais. Tá gnáthdhaoine i gcruachás, san fhaopach agus leo féin. Chuaigh muid céim amháin níos faide arís i ndiaidh dúinn rath an tionscadail seo a mheas agus chinn muid Dinnéar Nollag Saor agus Gaelach a dhéanamh ar 25 Nollaig 2017. Chuir muid plean le chéile an dinnéar a dhéanamh i nGael-Ionad
25/04/2018 15:21