An Timire - Samhradh 2018

Page 10

10

+Fiontán Ó Monacháin Easpag Chill Dalua

Ag Guí ar son Sagart Is maith leis an bPápa Proinsias sagairt a spreagadh. Is minic leis freisin, cosúil le hAthair Spioradálta ar bith, dúshlán a chaitheamh amach len iad a ghríosadh le saothrú níos déine i bhfíonghort an Tiarna. An t-am seo bliana leis an samhradh linn tá sé de nós ag go leor sagart dul ar chúrsaí spioradálta ag iarraidh dlúthchaidreamh leis an Tiarna a threisiú agus cairdeas lena gcomhshagairt a athnuachan agus a dhaingniú. Cuimhníonn muid orthu ar fad inár bpaidreacha! Go bhfaighe siad faoiseamh, compord, misneach agus sásamh ón Tiarna leanacht lena gcuid oibre. Is dúshlán mór i saol agus atmaisféar an lae inniu in Éirinn gairmeacha úra a mhealladh isteach sna sagairt nó sa bheatha rialta. Tá rabharta de thaoide inár n-aghaidh ach tá sé tábhachtach gan misneach a chailliúint agus a bheith foighdeach. Scríobh cara liom, múinteoir Gaeilge i gColáiste Iarfhlatha i dTuaim dán roinnt blianta ó shin a chuireann feoil ar na smaointe seo: Meileann muilte Dé go mall ach Meileann siad go mion. Mílaois is mílaois aríst a mheil muilte Dé Teachtairí groíúla le hanamacha spreagúla.

Timire Summer 2018.indd 10

Casadh an rotha is scaipeadh scéil Chríost Creideamh a ghaois i gcéin is i gcóngar. Tá meitheal de dhíth do rothaí an mhuilinn, Tríú mílaois, maidí an rotha ceal cúnaimh. Sín chugam Do lámha is glac leis an uain Muilte Dé a chasadh is d’anam a shásamh. Meileann muidne na muilte go mall ach go mion Meil linn, a chara cléibh. An chéad bhliain a labhair an Pápa nua ar Dheardaoin Mhandála, lá speisialta do shagairt, mhol sé do shagairt go mbeadh ‘boladh (thréadach) na gcaorach uathu’! Ina chéad thréadlitir nó Aitheasc Aspalta ‘Gairdeas an tSoiscéil – Evangelli Gaudium’ mhol sé do shagairt a bheith amuigh i measc na ndaoine, a bheith gealgháireach, guí dháiríre a dhéanamh, an Soiscéal a chraobhscaoileadh le dúthracht agus díograis, gan a bheith ag sodar i ndiaidh shaibhreas agus ardmholadh an tsaoil seo agus sonas agus sólás an tSoiscéil a roinnt le chuile dhuine faoina chúram. Caighdeán ard aige! Caighdeán Íosa, na nAspal agus na gcéad deisceabail. Is iomaí dúshlán agus deacracht a bhíonn ag sagairt sa saol atá inniu ann,

25/04/2018 15:22


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.