An Timire - Geimhreadh 2017

Page 19

19

Sarah Devane Saoririseoir

An Saol Bog TĂĄ an t-aos Ăłg anois nĂ­os boige i gcomparĂĄid lenĂĄr gcomhghleacaithe den aos cĂ©anna, trĂ­ocha bliain Ăł shin. Deir go leor daoine go bhfuil na ‘millennials’ nĂ­os laige. Millennial: duine a saolaĂ­odh sna hochĂłidĂ­ agus a d’fhĂĄs suas agus an TĂ­ogar Ceilteach ag bĂșirĂ­. Is millennial mĂ©. N’fhacamar lĂĄ cruaigh riamh Ăł thaobh eacnamaĂ­ocht na tĂ­re de. D’fhĂĄsamar suas i rith ama sa tĂ­r seo go raibh airgead go flĂșirseach, flaithiĂșil ag gach Ă©inne. Ansan bĂ­onn saghas ionadh ar na millennials agus iad ag ceapadh gur mar sin a bheidh an saol: deas, Ă©asca agus bog. Le dĂ©anaĂ­ sna nuachtĂĄin, bhĂ­ sĂ© rĂĄite gur ceart do na millennials seo a gcrios a theannadh isteach Ăł thaobh airgid de. Ansan b’fhĂ©idir go mbeidĂ­s ĂĄbalta a dteach fĂ©in a cheannach. Go bunĂșsach bhĂ­ na millennials ag gearĂĄn go raibh sĂ© deacair teach a cheannach fad is a bhĂ­ tĂłsta abhacĂĄd i lĂĄimh amhĂĄin acu agus chai cinnamon lattĂ© sa lĂĄimh eile. Cloisim iad anois: ‘nĂ­l teach agam AGUS tĂĄ mo chai cinnamon lattĂ© imithe fuar. *osna!*’ NĂ­l mĂłrĂĄn dĂșile agam in abhacĂĄid. Caithfidh mĂ© admhĂĄil ĂĄfach, tĂĄim ceanĂșil ar chai lattĂ© nĂł flat white anois agus arĂ­s. Ach sin na millennials duit, tĂĄ taithĂ­ a mianta ĂĄ fĂĄil acu agus gan aon obair ĂĄ cur isteach ann.

Timire Winter 2017.indd 19

Aon duine idir fiche agus trĂ­ocha cĂșig bliain d’aois, nĂ­ post dian fisiciĂșil atĂĄ siad ag lorg, ach gairm de shaghas Ă©igint. TĂĄ laethanta na hoibre dĂ©ine, fisiciĂșla san imithe, b’fhĂ©idir. An ceart dĂșinn braistint ciontach, nach sluasaid atĂĄ inĂĄr lĂĄmh ach chai lattĂ©? NĂ­ fios. Chuir Heaney sĂ­os ar choimhlint cosĂșil leis seo sa dĂĄn ‘Digging’: ‘But I’ve no spade to follow men like them. Between my ïŹnger and my thumb The squat pen rests. I’ll dig with it.’ Sna lĂ­nte seo, tĂĄ brĂłn agus cĂ©iliĂșradh ciĂșin le braistint. Is file Ă© Heaney, fad is atĂĄ post fisiciĂșil ag a athair. TĂĄ Heaney ag plĂ© leis an bpĂĄipĂ©ar, nĂ­ amuigh sa ghort cosĂșil lena athair. TĂĄ lĂĄmha Heaney bog, fad is a bhĂ­ lĂĄmha a athar crua Ăłn aer agus Ăłn aimsir. San lĂĄ atĂĄ inniu ann is ealaĂ­n de shaghas Ă­ an leisciĂșlacht. TĂłgtar dĂ­omhaointeas go leibhĂ©al nua. BĂ­onn daoine brĂłdĂșil as na slite difriĂșla gur fĂ©idir leo faic a dhĂ©anamh. TĂĄimid ag maireachtaint in aois ina bhfuil ‘Netflix and chill’ mar chuid den ghnĂĄthfhoclĂłir laethĂșil. Anois glactar le briseadh bliana Ăłn gcolĂĄiste nĂł ‘gap year’. TĂĄ an aois ina socraĂ­onn daoine sĂ­os

10/11/2017 15:11


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.