An Timire - Samhradh 2017

Page 8

8

LorcĂĄn Mac Gabhann, CeannasaĂ­ GhlĂłr na nGael

DÚSHLÁIN IDIR ANAM AGUS CHORP NĂ­ dĂłigh liom go raibh iomlĂĄn na fĂ­rinne ĂĄ insint ag an taistealaĂ­ clĂșiteach Edmund Hillary nuair a thug sĂ© le fios gur dhreap sĂ© Chomolungma (nĂł Everest) toisc ‘go raibh sĂ­ ann’. NĂ­ brĂ©ag a d’inis sĂ©, tĂĄ mĂ© cinnte, ach nĂ­l aon amhras orm ach go raibh sĂ© ag seachaint na ceiste. B’fhĂ©idir nach raibh na focail aige le cur sĂ­os a dhĂ©anamh ar na cĂșiseanna a bhrĂșigh Ă© le tabhairt faoin sliabh is airde ar domhan nĂł nĂ­or theastaigh uaidh a anam a nochtadh go poiblĂ­ le freagra macĂĄnta a thabhairt ar cĂ©n fĂĄdh go dtabharfadh duine ar bith faoin bpian agus faoin fhulaingt a bhaineann le sliabh atĂĄ 8,848m ar airde a dhreapadh. CĂ© nach dĂșshlĂĄn an Chomolungma a thugann mise agus mo chairde faoi, tĂĄ ĂĄr gChomolungma fĂ©in curtha romhainn bliain i ndiaidh a chĂ©ile le deich mbliana anuas. Thosaigh an spĂ©is sna ‘dĂșshlĂĄin’ nuair a shiĂșlamar Ăł lĂĄr Bhaile Átha Cliath go dtĂ­ an Fhaiche MhĂłr i lĂĄr chathair na Gaillimhe. Aistear cois canĂĄlach chomh fada le Droichead na Sionnaine i gCo. UĂ­bh FhailĂ­, trasna an phortaigh chomh fada le hEachroim in Oirthear na Gaillimhe, ar chĂșlbhoithre uaidh sin go Baile Átha an RĂ­ agus ar deireadh, siĂșlĂłid bheag isteach go Gaillimh. Cad a bhĂ­

Timire Summer 2017.indd 8

ionainn le muid a mhealladh le siĂșlĂłid 240km+ a dhĂ©anamh thar 6 lĂĄ? BhĂ­ na cosa agus na matĂĄin tuirseach, agus uaireanta nimhneach, roimh dĂșinn tĂșs a chur le siĂșlĂłid 40km+ gach lĂĄ. CĂ©n fĂĄth nĂĄr stopamar ar lĂĄ 4 agus iompĂș ar an mbaile? CĂ©n fĂĄth gur cheapamar raibh seachtain ‘saoire’ mar seo ‘normĂĄlta’? CĂ© go raibh ĂĄr gcoirp trĂĄmaithe tar Ă©is dhĂșshlĂĄn na Gaillimhe, nĂł ‘The Great March’ mar a thugaimid air anois, lean na dĂșshlĂĄin fhisiciĂșla Ăł shin. CĂ© go bhfuil an t-ilchineĂĄl dĂșslĂĄn dĂ©anta againn fud fad na tĂ­re is iad na trĂ­ cinn is mĂł a sheasann amach dom nĂĄ DĂșshlĂĄn Airt UĂ­ NĂ©ill (www.artoneillchallenge.ie), DĂșshlĂĄn an Lug (www.theramblers.ie/lug-walk/) agus rĂ­ na ndĂșshlĂĄn – DĂșshlĂĄn na MĂĄm Tuirc (http://nuigmc.com/maamturks/). CĂ© go bhfuil DĂșshlĂĄn an Lug nĂ­os deacra nĂĄ DĂșshlĂĄn Art UĂ­ NĂ©ill agus DĂșshlĂĄn na MĂĄm Tuirc nĂ­os deacra nĂĄ an dĂĄ cheann eile, tĂĄ na nithe seo comĂłnta eatarthu – deacair, dĂșshlĂĄnach, pianmhar, fisiciĂșil, uaigneach, pearsanta agus spioradĂĄlta. NĂ­or mhaith liom leadrĂĄn an lĂ©itheora a chothĂș, ach bhĂ­ pian faoi leith ag baint le DĂșshlĂĄn na MĂĄm Tuirc. Ach, mar sin fĂ©in, a luaithe is a bhĂ­ sĂ© curtha dĂ­om an chĂ©ad uair bhĂ­ cinneadh tĂłgtha agam Ă© a

08/05/2017 12:45


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.